EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0590

Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009

PE/61/2023/REV/1

IO L, 2024/590, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/590/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/590/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/590

20.2.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/590 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Feabhra 2024

maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, seoladh straitéis nua fáis don Aontas a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní. Athdhearbhaítear leis an gcomhaontú uaillmhian an Choimisiúin go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach agus saor ó thuailliú faoi 2050 agus tá sé d’aidhm aige sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ó rioscaí agus ó thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol, agus aistriú cuimsitheach, cothrom agus cóir á áirithiú, gan aon duine a fhágáil ar lár. Thairis sin, tá an tAontas tiomanta go n-áiritheofar cur chun feidhme iomlán Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus tá sé tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis.

(2)

Leis an gciseal ózóin, cosnaítear daoine agus neacha beo eile ó radaíocht ultraivialait (UV) dhíobhálach a thagann ón ngrian. Tá sé seanbhunaithe go heolaíoch go ndéantar damáiste mór don chiseal ózóin le hastaíochtaí leanúnacha substaintí ídithe ózóin, rud a mbíonn drochéifeachtaí móra ar shláinte an duine, ar éiceachórais agus ar an mbithsféar mar thoradh air agus rud as a dtiocfaidh mórimpleachtaí eacnamaíocha mura dtabharfar aghaidh ar an gceist.

(3)

De bhun Chinneadh 88/540/CEE ón gComhairle (5), tá an tAontas ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin (6) agus i bPrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (7) (‘an Prótacal’). Tacar beart rialaithe atá ceangailteach ar fud an domhain chun aghaidh a thabhairt ar ídiú an chisil ózóin atá sa Phrótacal agus i gcinntí a Pháirtithe ina dhiaidh sin.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) áirithítear, inter alia, go gcomhlíonann an tAontas an Prótacal. Ina mheastóireacht ar an Rialachán sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, go leanann na bearta rialaithe a bunaíodh faoin Rialachán sin de bheith oiriúnach dá bhfeidhm den chuid is mó, go bhfuil siad éifeachtach agus gur rannchuidigh siad go mór le haisghabháil an ózóin sa strataisféar agus le laghdú ar an téamh domhanda.

(5)

Tá fianaise fhollasach ann i leith laghdú ar ualach na substaintí ídithe ózóin san atmaisféar agus i leith aisghabháil ózóin sa strataisféar. Léirítear i measúnuithe a rinneadh le déanaí go bhfuil an aisghabháil sin den chiseal ózóin leochaileach i gcónaí agus ní mheastar go bhfillfear roimh lár an 21ú haois ar na leibhéil tiúchana a bhí ann roimh 1980. Dá bhrí sin, tá radaíocht mhéadaithe UV fós ina bagairt mhór ar shláinte agus ar an gcomhshaol. Maidir leis an mbaol go mbeadh tuilleadh moilleanna ar aisghabháil an chisil ózóin a sheachaint, tá sé sin fós ag brath ar a áirithiú go gcuirfear na hoibleagáidí atá ann cheana chun feidhme go hiomlán, go ndéanfar níos mó gníomhaíochta i leith na bhfoinsí astaíochta atá fós ann chun astaíochtaí a laghdú, agus go bhfuil na bearta is gá i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt go pras agus go héifeachtach ar aon dúshlán a bheidh ann amach anseo.

(6)

Tá poitéinseal téimh dhomhanda (GWP) ag an gcuid is mó de shubstaintí ídithe ózóin agus is fachtóirí iad a chuireann leis an ardú ar theocht an phláinéid. I bhfianaise thorthaí suntasacha Thuarascáil Speisialta 2021 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go ndéanfar gach iarracht atá indéanta chun astaíochtaí substaintí ídithe ózóin a laghdú. Cuireann laghdú astaíochtaí le gnóthú chuspóir Chomhaontú Pháras, arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’) (9), is é sin méadú ar an teocht dhomhanda sa chéad seo a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus chun iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú tuilleadh go 1,5 °C.

(7)

Chun feasacht a ardú maidir le GWP substaintí ídithe ózóin, chomh maith le hacmhainneacht ídithe ózóin (ODP) na substaintí, ba cheart an GWP sin atá acu a liostú sa Rialachán seo.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 agus gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais roimhe sin, bunaíodh bearta rialaithe níos déine ná mar a cheanglaítear faoin bPrótacal, ina ndéantar foráil do rialacha níos sriantaí maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú.

(9)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009, rinneadh céimniú amach maidir le substaintí ídithe ózóin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh le haghaidh beagnach gach úsáid. Tá toirmeasc freisin ar tháirgí agus trealamh a chur ar an margadh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin seachas i gcásanna áirithe ina gceadaítear úsáid na substaintí sin go fóill. Fiú amháin tar éis chéimniú amach substaintí ídithe ózóin, faoi choinníollacha áirithe, is gá leanúint de dhíolúintí a cheadú le haghaidh úsáidí áirithe i gcás nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil go fóill.

(10)

Bhí táirgeacht substaintí ídithe ózóin an Aontais níos airde in 2021 ná mar a bhí le linn na 10 mbliana roimhe sin, agus tháinig méadú 27 % uirthi in 2021 i gcomparáid le 2020. De réir tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal Ozone-Depleting Substances 2022 [Substaintí Ídithe Ózóin 2022], is é úsáid bunábhair ba chúis le 90 % den mhéadú sin. Tháinig méadú 11 % ar úsáid bunábhair in 2021 i gcomparáid le 2020. Cé go bhfuil údar maith le maolú le haghaidh substaintí ídithe ózóin a úsáidtear mar bhunábhar i dtáirgeadh ceimiceach earraí áirithe, lena n-áirítear earraí cógaisíochta, i bhfianaise rátaí astaíochtaí ísle agus cheal roghanna malartacha indéanta, tá sé tábhachtach measúnú rialta a dhéanamh ar infhaighteacht roghanna malartacha agus ar leibhéil astaíochta iarbhír na n-úsáidí bunábhair atá ann cheana. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta de phróisis táirgthe ceimiceán a dhéanamh a bhfuil toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáid mar bhunábhar ina leith. Ba cheart go n-áireofaí sna gníomhartha tarmligthe infhaighteacht roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ar bhonn na measúnuithe teicniúla arna ndéanamh faoin bPrótacal, go háirithe tuarascálacha ráithiúla agus tuarascálacha teicniúla eile arna n-ullmhú ag na painéil mheasúnaithe faoin bPrótacal, lena n-áirítear measúnuithe ar roghanna malartacha atá ar fáil ar úsáidí bunábhair atá ann cheana agus ar leibhéil astaíochta na n-úsáidí bunábhair atá ann cheana, agus a sholáthraíonn bonn leordhóthanach chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh úsáidí sonracha bunábhair a thoirmeasc. I gcás nach bhfuil aon mheasúnuithe den sórt sin a rinneadh faoin bPrótacal ar fáil, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú féin a dhéanamh ar bhonn sonraí teicniúla maidir leis na húsáidí bunábhair atá ann cheana, na hastaíochtaí gaolmhara a bhaineann leo agus a dtionchar ar an gciseal ózóin agus ar an aeráid agus ar infhaighteacht roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus ba cheart dó, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn an mheasúnaithe sin, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun liosta a dhéanamh de na próisis táirgthe ceimiceán a bhfuil toirmeasc ar úsáid substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I mar bhunábhar ina leith. Féadfar an liosta a nuashonrú, i bhfianaise thorthaí na dtuarascálacha ráithiúla arna n-ullmhú ag na painéil mheasúnaithe faoin bPrótacal nó i bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin féin.

(11)

Agus na cainníochtaí beaga substaintí ídithe ózóin a úsáidtear go hiarbhír le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse á gcur san áireamh, tá gá le beart rialaithe comhréireach a bhunú i ndáil leis sin. Ba cheart ceanglas a chur in ionad na hoibleagáide maidir le clárúcháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009, arb é atá sa cheanglas sin taifid a choinneáil chun úsáid neamhdhleathach a chosc agus chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt roghanna malartacha.

(12)

Níor cheart cur ar an margadh agus úsáid halón a cheadú ach amháin le haghaidh úsáidí criticiúla, agus ba cheart na húsáidí sin a chinneadh agus infhaighteacht substaintí nó teicneolaíochtaí malartacha á cur san áireamh mar aon le forbairtí sna caighdeáin idirnáisiúnta.

(13)

Léirigh an Coiste Roghanna Teicniúla um Halóin, coiste a bunaíodh faoin bPrótacal, go bhféadfadh sé nach mbeadh na stoic halóin neamhíona leordhóthanach chun freastal ar na riachtanais ar an leibhéal domhanda ó 2030 ar aghaidh. Chun go seachnófaí an gá le halóin nua a tháirgeadh chun freastal ar riachtanais amach anseo, tá sé tábhachtach bearta a ghlacadh chun méadú a chur ar infhaighteacht, agus foráil a dhéanamh d’fhaireachán leormhaith, stoc halóin a aisghabhtar ó threalamh.

(14)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009, scoireadh den díolúine le haghaidh úsáidí criticiúla bróimíde meitile an 18 Márta 2011, lena n-áirítear chun críocha coraintín agus réamhloingsithe. Tá forálacha sa Phrótacal a rialaíonn úsáid éigeandála. Níor cuireadh na forálacha sin i bhfeidhm go fóill laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeadh gá ag aon ghníomhaí laistigh den Aontas úsáid a bhaint as na forálacha sin. Toisc nach féidir dálaí éigeandála amach anseo a chur as an áireamh, agus chun an Rialachán seo a ailíniú leis an bPrótacal, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann i gcónaí maolú a dheonú i ndálaí éigeandála, eadhon i gcás ráigeanna lotnaidí áirithe nó galair áirithe gan choinne, i gcás ina gceadaítear úsáid éigeandála den sórt sin faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1107/2009 (10) agus (AE) Uimh. 528/2012 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go sonrófaí na bearta a glacadh chun astaíochtaí a íoslaghdú, amhail úsáid a bhaint as scannáin atá ionann is neamhscagach i gcomhair cóireáil ithreach.

(15)

Tá méadú ag teacht ar an imní atá ann faoin tionchar atá ag cuid de na substaintí ídithe ózóin nach rialaítear faoin bPrótacal, a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar na hastaíochtaí domhanda, lena n-áirítear an méadú ar thiúchan atmaisféarach an déchlóireitéin a d’fhéadfadh moill a chur ar aisghabháil an chisil ózóin sa strataisféar. In 2021, bhí táirgeacht an Aontais, i dtonaí méadracha, de na substaintí ídithe ózóin sin thart ar cheithre huaire níos airde ná táirgeacht na substaintí a rialaítear faoin bPrótacal. Mar sin féin, nuair a sloinneadh i dtonaí ODP, bhí an táirgeadh thart ar cheithre huaire níos ísle ná na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I. Is gá tuilleadh beart imshrianta agus tá faireachán feabhsaithe tábhachtach, lena n-áirítear trí fhorálacha maidir le haisghabháil nó scriosadh, deisiú sceite agus scaoileadh neamhbheartaithe substaintí ídithe ózóin nach rialaítear faoin bPrótacal a sheachaint.

(16)

Ba cheart táirgí agus trealamh a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar shubstaintí ídithe ózóin a chumhdach freisin le srianta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí sin, chun imghabháil ar na srianta sin a chosc.

(17)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go gceadaítear substaintí ídithe ózóin a chur ar an margadh chun críocha mínghlanta san Aontas. Substaintí ídithe ózóin, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, ba cheart go gceadófaí na substaintí sin a chur ar an margadh chun críocha scriosta trí bhíthin teicneolaíocht atá formheasta ag na Páirtithe sa Phrótacal nó trí bhíthin teicneolaíocht nach bhfuil formheasta ag na Páirtithe sa Phrótacal ach a chomhlíonann dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta.

(18)

Ba cheart coimeádáin nach féidir a athlíonadh a thoirmeasc i gcás substaintí ídithe ózóin, nuair a fholmhaítear na coimeádáin sin, ó tá méid d’iarsmaí cuisneáin dosheachanta ann, a scaoiltear isteach san atmaisféar ansin. Leis an Rialachán seo, ba cheart toirmeasc a chur ar a n-onnmhairiú, a n-allmhairiú, a gcur ar an margadh, a soláthar ina dhiaidh sin nó a gcur ar fáil ar an margadh i, agus a n-úsáid, ach amháin chun úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse. Chun a áirithiú go ndéanfar coimeádáin is féidir a athlíonadh i gcás substaintí ídithe ózóin a athlíonadh agus nach ndíchuirfear iad, ba cheart a cheangal ar ghnóthais dearbhú comhréireachta a sholáthar a fholaíonn fianaise ar na socruithe chun coimeádáin is féidir a athlíonadh a chur ar ais chun iad a athlíonadh, agus iad á gcur ar an margadh.

(19)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), déantar foráil maidir le lipéadú substaintí a aicmítear mar shubstaintí ídithe ózóin agus lipéadú meascán ina bhfuil na substaintí sin. Ós rud é go gceadaítear substaintí ídithe ózóin, arna dtáirgeadh le haghaidh úsáidí bunábhar agus oibreán próisis agus le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse, a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht, ba cheart na substaintí sin a idirdhealú ó shubstaintí a tháirgtear le haghaidh úsáidí eile.

(20)

Ba cheart go bhféadfaí i gcásanna eisceachtúla onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin a cheadú i gcásanna ina bhféadfadh sé a bheith níos fearr a cheadú go gcuirfear deireadh le saolré nádúrtha na dtáirgí agus an trealaimh sin i dtríú tír seachas iad a díchoimisiúnú agus a dhiúscairt san Aontas.

(21)

Os rud é gur féidir é a bheith mar thoradh ar an bpróiseas táirgthe i gcás substaintí ídithe ózóin áirithe astaíocht an gháis ceaptha teasa fhluairínithe, trífhluaraimeatán, mar sheachtháirgí, ba cheart astaíochtaí seachtháirgthe den chineál sin a scriosadh nó a aisghabháil lena n-úsáid ina dhiaidh sin mar choinníoll a bhaineann leis an tsubstaint ídithe ózóin a chur ar an margadh. Ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí bearta maolaithe arna nglacadh chun astaíochtaí trífhluaraimeatáin a chosc le linn an phróisis táirgthe a dhoiciméadú agus fianaise a sholáthar ar scriosadh nó aisghabháil na n-astaíochtaí seachtháirgí sin lena n-úsáid ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil. Ba cheart dearbhú comhréireachta a sholáthar tráth a chuirfear substaint ídithe ózóin ar an margadh.

(22)

Chun rialuithe custaim a éascú, tá sé tábhachtach an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid na n-údarás custaim sna Ballstáit (‘na húdaráis chustaim’) a shonrú i gcás ina n-allmhairítear agus a n-onnmhairítear na substaintí ídithe ózóin, táirgí agus trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chomh maith leis na cúraimí le haghaidh na n-údarás custaim, agus, i gcás inarb ábhartha, na n-údarás um fhaireachas margaidh nuair a chuireann siad na toirmisc agus na srianta i bhfeidhm maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú na substaintí, na dtáirgí agus an trealaimh. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lena leagtar amach rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, maidir leis na substaintí, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a mhéid nach bhfuil aon fhoráil shonrach ann chun gnéithe ar leith den fhaireachas margaidh agus den fhorfheidhmiú a rialáil ar shlí níos sonraí. I gcás ina leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha, mar shampla maidir le rialuithe custaim, beidh forlámhas ag na forálacha níos sonraí sin, rud a chomhlánaíonn na rialacha a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2019/1020. Chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál substainte ídithe ózóin atá faoi réir an Rialacháin seo, lena n-áirítear ciandíolacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(23)

Chun trádáil neamhdhleathach substaintí, táirgí agus trealamh toirmiscthe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a sheachaint, maidir leis na toirmisc a bhunaítear ann chomh maith leis na ceanglais cheadúnúcháin maidir le trádáil, ba cheart go gcumhdófaí leo ní hamháin teacht isteach earraí i gcríoch chustaim an Aontais lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht, ach stóráil shealadach agus gach nós imeachta custaim eile a bunaíodh faoi dhlí custaim an Aontais freisin. Ba cheart éascuithe ceadúnúcháin a cheadú d’earraí atá á stóráil go sealadach, chun ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí agus ar údaráis chustaim a sheachaint.

(24)

Is ceanglas riachtanach é an córas ceadúnúcháin ar allmhairiú agus onnmhairiú substaintí ídithe ózóin faoin bPrótacal chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil agus chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc i ndáil leis an méid sin. Ba cheart teorainn ama a bheith le ceadúnais chun a áirithiú go ndéanann gnóthais measúnú ar úsáid roghanna malartacha go tráthrialta. Chun rialuithe custaim uathoibríocha a áirithiú i bhfíor-am, ar leibhéal lastais, chomh maith le malartú leictreonach agus stóráil na faisnéise ar gach lastas substaintí, táirgí agus trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a thíolactar d’údaráis chustaim, is gá an córas ceadúnúcháin leictreonach i gcomhair substaintí ídithe ózóin a idirnascadh le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim (‘Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim’) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). I bhfianaise an idirnaisc sin le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim, bheadh sé díréireach foráil a dhéanamh maidir le córas ceadúnúcháin loingsithe san Aontas.

(25)

Chun a áirithiú nach dtiocfaidh substaintí, táirgí agus trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a allmhairíodh go neamhdhleathach i margadh an Aontais isteach sa mhargadh arís, ba cheart d’údaráis inniúla sna Ballstáit na substaintí, táirgí agus trealamh sin a choigistiú nó a urghabháil lena ndiúscairt. Ba cheart toirmeasc a chur ar shubstaintí, táirgí agus trealamh nach gcomhlíonann an Rialachán seo a athonnmhairiú in aon chás.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hacmhainní agus an t-eolas iomchuí ag pearsanra na n-oifigí custaim nó daoine údaraithe eile i gcomhréir le rialacha náisiúnta a dhéanann rialuithe faoin Rialachán seo, mar shampla trí oiliúint a chuirtear ar fáil dóibh, agus go bhfuil siad feistithe go dóthanach chun aghaidh a thabhairt ar chásanna de thrádáil neamhdhleathach na substaintí ídithe ózóin agus na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit na hoifigí custaim nó áiteanna eile a chomhallann na coinníollacha sin a ainmniú agus sainordú a thabhairt dóibh, dá bhrí sin, chun rialuithe custaim a dhéanamh ar allmhairí, ar onnmhairí agus i gcásanna idirthurais.

(27)

Tá comhar agus malartú na faisnéise is gá idir údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo, eadhon údaráis chustaim, údarás um fhaireachas margaidh, údaráis chomhshaoil agus aon údarás inniúil eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta aige, i measc na mBallstát agus leis an gCoimisiún, ríthábhachtach chun dul i ngleic le sáruithe ar an Rialachán seo, go háirithe trádáil neamhdhleathach. De bharr chineál rúnda mhalartú na faisnéise custaim a bhaineann le riosca, ba cheart an Córas Bainistíochta Riosca Custaim a úsáid chun na críche sin.

(28)

Le linn don Choimisiún na cúraimí arna sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus d’fhonn comhar agus malartú faisnéise leordhóthanach a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún i gcás seiceálacha comhlíontachta agus trádála neamhdhleathach substaintí ídithe ózóin, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) arna bunú le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (15). Ba cheart rochtain a bheith ag OLAF ar an bhfaisnéis go léir is gá chun comhlíonadh a chúraimí a éascú.

(29)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Prótacal, ba cheart toirmeasc a chur ar shubstaintí ídithe ózóin a allmhairiú ó Stát nach páirtí sa Phrótacal é agus a onnmhairiú go dtí Stát nach páirt sa Phrótacal é de, agus le hallmhairiú agus onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin.

(30)

Is sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo scaoileadh substaintí ídithe ózóin isteach san atmaisféar d’aon ghnó, i gcás ina bhfuil an scaoileadh sin neamhdhleathach, agus ba cheart toirmeasc sainráite a chur ar an sárú sin. Ba cheart do ghnóthais gach beart indéanta a ghlacadh chun scaoileadh neamhbheartaithe substaintí ídithe ózóin isteach san atmaisféar a laghdú agus an GWP atá acu á cur san áireamh freisin. Dá bhrí sin, is gá forálacha a leagan síos maidir le substaintí ídithe ózóin úsáidte a aisghabháil ó tháirgí agus ó threalamh agus maidir le sceitheadh na substaintí sin a chosc. Ba cheart oibleagáidí aisghabhála a leathnú chuig úinéirí agus conraitheoirí foirgníochta nuair atá cúir áirithe á mbaint ó fhoirgnimh, chun laghduithe astaíochtaí a uasmhéadú.

(31)

Mar thoradh ar an gceanglas substaintí ídithe ózóin a aisghabháil ó chúir in ábhar tógála, d’fhéadfaí borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin taighde agus forbairt i réimse na dteicneolaíochtaí scartála, mínghlanta agus athchúrsála agus d’fhéadfaí dea-thionchar a imirt ar an bhfostaíocht i ngeall ar an méid oibre a bhaineann leis an bpróiseas díchoimisiúnaithe agus ar an ngá atá le toilleadh cóireála níos mó le haghaidh na gcineálacha dramhaíola sin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cláir oiliúna iomchuí a chur ar fáil a chomhfhreagraíonn don ghá go ndéanfaidh daoine nádúrtha atá oilte go hiomchuí na substaintí ídithe ózóin atá sna cúir a aisghabháil.

(32)

Is gá rialacha nua a leagan síos maidir le substaintí ídithe ózóin nach rialaítear faoin bPrótacal, a liostaítear in Iarscríbhinn II, i bhfianaise na gcainníochtaí a tháirgtear agus a úsáidtear san Aontas chomh maith leis an tionchar ar ózón sa strataisféar mar gheall ar astaíochtaí na substaintí sin. Tá saincheisteanna aitheanta eile a dhéanann difear d’aisghabháil an chisil ózóin in earnálacha atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ina measc tá ocsaíd nítriúil atá, bunaithe ar astaíochtaí ODP-ualaithe, ar cheann de na substaintí ídithe ózóin is suntasaí atá fós ann. Is í an ocsaíd nítriúil atá i dtromlach na n-astaíochtaí antrapaigineacha a eascraíonn as gníomhaíochtaí talmhaíochta, réimse a bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún díriú air i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol]. Saincheist eile is ea falscaithe diana, rud atá tábhachtach a chosc, ós rud é gur féidir leo an t-aerasól sa strataisféar a mhéadú go suntasach agus, dá bhrí sin, go bhféadfaidís cur as don ózón strataisféarach.

(33)

Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le cásanna trádála neamhdhleathaí arna mbrath ag na húdaráis inniúla, lena n-áirítear maidir leis na pionóis arna bhforchur.

(34)

Níor cheart úsáid halón a cheadú ach amháin le haghaidh úsáidí criticiúla a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chainníochtaí halón a shuitear, a úsáidtear, nó a stóráiltear le haghaidh úsáidí criticiúla, agus ar bhearta imshrianta chun astaíochtaí na substaintí sin a laghdú agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le roghanna malartacha a shainaithint. Teastaíonn an fhaisnéis sin chun a bheith ar an eolas faoi na cainníochtaí halóin atá ar fáil san Aontas go fóill le haghaidh úsáidí criticiúla, agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch sa réimse sin chun a chinneadh cén uair nach mbeidh gá le halón a thuilleadh le haghaidh úsáidí áirithe.

(35)

Ceanglaítear sa Phrótacal go ndéanfar tuairisciú ar thrádáil substaintí ídithe ózóin. Dá bhrí sin, ba cheart do tháirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí substaintí ídithe ózóin tuairisciú a dhéanamh ar bhonn bliantúil maidir le trádáil substaintí ídithe ózóin. Ba cheart trádáil na substaintí ídithe ózóin nach rialaítear faoin an bPrótacal, a liostaítear in Iarscríbhinn II, a thuairisciú freisin chun a bheith in ann a mheas an gá roinnt beart nó na bearta go léir is infheidhme maidir leis na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a leathnú chun na substaintí sin a chumhdach freisin.

(36)

Thar ceann an Aontais, tuairiscíonn an Coimisiún go bliantúil chuig an Rúnaíocht Ózóin i dtaobh allmhairiú agus onnmhairiú substaintí ídithe ózóin a rialaítear faoin bPrótacal. Cé go bhfuil na Ballstáit freagrach as táirgeadh agus scriosadh substaintí den sórt sin a thuairisciú, ba cheart don Choimisiún dréachtsonraí a sholáthar ar na gníomhaíochtaí sin chun ríomh luath thomhaltas an Aontais ag Rúnaíocht an Ózóin a éascú. In éagmais fógraí lena leathnaítear clásal na heagraíochta réigiúnaí um chomhtháthú eacnamaíochta, ba cheart don Choimisiún leanúint de chleachtas na dtuarascálacha bliantúla sin agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirtear dóthain ama ar fáil do na Ballstáit chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtsonraí a sholáthraíonn an Coimisiún chun neamhréireachtaí a sheachaint.

(37)

Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis chomhshaoil, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim, seiceálacha a dhéanamh, ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha uile an Rialacháin seo. Is gá cur chuige den sórt sin a ghlacadh chun go ndíreofar ar na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann an riosca is mó maidir le trádáil neamhdhleathach, nó maidir le scaoileadh neamhdhleathach substaintí ídithe ózóin a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart do ‘údaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh nuair atá fianaise nó faisnéis ábhartha eile acu maidir le cásanna féideartha neamhchomhlíontachta. I gcás inarb ábhartha, agus a mhéid agus is féidir, ba cheart an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis chustaim chun go ndéanfar anailís riosca sula gcuirfear rialuithe i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). I gcásanna ina bhfuil sé deimhnithe ag údaráis inniúla gur rinneadh sárú ar an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go gcuirfí in iúl do na húdaráis inniúla atá freagrach as an obair leantach maidir le pionóis a fhorchur, chun a bheith in ann an pionós iomchuí a fhorchur nuair is gá sin.

(38)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sáruithe a dhéanfaidh gnóthais ar an Rialachán seo faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a leagan síos maidir le pionóis choiriúla nó pionóis riaracháin nó iad araon i leith an tsáraithe chéanna. I gcás ina bhforchuireann na Ballstáit pionóis choiriúla agus riaracháin araon i leith an tsáraithe chéanna, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar na pionóis sin, go ndéanfaí sárú ar an gceart nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem), de réir mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é.

(40)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

liosta gnóthas a bhunú, ar gnóthais iad ar féidir leo substaintí ídithe ózóin a úsáid mar oibreáin phróisis chomh maith leis na cainníochtaí uasta a fhéadfar a úsáid le haghaidh comhdhéanaimh nó le caitheamh, agus na huasleibhéil astaíochtaí i gcomhair gach gnóthais;

úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse a gceadaítear táirgeadh agus allmhairiú ina leith laistigh de thréimhse áirithe agus sonrú na n-úsáideoirí údaraithe a chinneadh;

deonú maoluithe ó na dátaí deiridh agus na scoithdhátaí arna mbunú maidir le húsáidí criticiúla halón;

an t-údarú chun bróimíd mheitile a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a sholáthar ina dhiaidh sin agus a úsáid go sealadach i gcásanna éigeandála;

an t-údarú i leith táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin a onnmhairiú;

na socruithe mionsonraithe maidir leis an dearbhú comhréireachta le haghaidh trealamh réamhluchtaithe agus fíoraithe;

an fhianaise atá le soláthar maidir le scriosadh nó aisghabháil trífhluaraimeatáin le húsáid ina dhiaidh sin, arna tháirgeadh mar sheachtháirgeadh le linn substaintí ídithe ózóin a tháirgeadh;

foirm agus inneachar na gceanglas lipéadaithe;

an t-údarú i leith trádáil a dhéanamh le heintitis nach gcumhdaítear leis an bPrótacal;

an fhormáid a bhaineann le faisnéis a chuireann na Ballstáit isteach maidir le húsáidí criticiúla halón agus trádáil neamhdhleathach; agus

an fhormáid agus na modhanna a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag na gnóthais, go háirithe maidir le táirgeadh, allmhairiú, onnmhairiú, úsáidí bunábhair agus scriosadh.

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(41)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

na próisis lenar féidir substaintí ídithe ózóin a úsáid mar oibreáin phróisis, agus an t-uasmhéid a cheadaítear le haghaidh na n-úsáidí sin lena n-áirítear a n-astaíochtaí san Aontas;

na coinníollacha maidir le substaintí ídithe ózóin a chur ar an margadh agus a dháileadh tuilleadh le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse;

na hamscálaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh úsáidí criticiúla halón;

feidhmiú an chórais ceadúnúcháin i gcomhair substaintí ídithe ózóin;

bearta breise lena sonrófar na nithe is gá d’údaráis inniúla na mBallstát a chur san áireamh le linn dóibh seiceálacha a dhéanamh agus bearta breise maidir le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí, ar tháirgí agus trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chuirtear faoi nósanna imeachta um stóráil shealadach agus faoi nósanna imeachta eile custaim;

na rialacha is infheidhme maidir le táirgí agus trealamh a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas, ar táirgí agus trealamh iad a allmhairítear ó aon eintiteas nach gcumhdaítear leis an bPrótacal nó a onnmhairítear ón eintiteas sin;

bunú liosta táirgí agus trealaimh ar ina leith a bhfuil aisghabháil substaintí ídithe ózóin agus a scriosadh indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus sonraíocht na teicneolaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm;

leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II;

GWP agus ODP na substaintí ídithe ózóin a thabhairt cothrom le dáta;

na ceanglais tuairiscithe do na Ballstáit maidir le húsáidí criticiúla halón agus trádáil neamhdhleathach; agus

na ceanglais tuairiscithe le haghaidh gnóthais, go háirithe maidir le táirgeadh, allmhairiú, onnmhairiú, úsáidí bunábhair agus scriosadh.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(42)

Maidir le cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit, rialaítear an méid sin le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún, rialaítear an méid sin le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le rúndacht agus slándáil próiseála, aistriú sonraí pearsanta ón gCoimisiún go dtí na Ballstáit, dlíthiúlacht na próiseála, agus cearta na ndaoine a bhfuil sonraí ann ina leith chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta agus chun a sonraí pearsanta a cheartú.

(43)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 20 Bealtaine 2022.

(44)

De réir chásdlí socraithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoi chúirteanna na mBallstát cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, ceanglaítear le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Ina leith sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag an bpobal, lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar cheartas i gcomhréir leis na hoibleagáidí ar aontaigh na Ballstát leo faoin gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (21) (‘Coinbhinsiún Aarhus’).

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar ídiú an chisil ózóin, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le haisghabháil ózóin sa strataisféar, le laghdú ar an téamh domhanda agus le comhlíonadh an Phrótacail a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr chineál trasteorann na faidhbe comhshaoil a dtugtar aghaidh uirthi leis an Rialachán seo agus éifeachtaí an Rialacháin seo ar an trádáil laistigh den Aontas agus an trádáil sheachtrach, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú leis an Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le substaintí ídithe ózóin a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh, a stóráil agus a sholáthar ina dhiaidh sin, chomh maith lena n-úsáid, a n-aisghabháil, a n-athchúrsáil, a mínghlanadh agus a scriosadh, agus maidir le tuairisciú faisnéise a bhaineann leis na substaintí sin agus maidir le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh, a sholáthar ina dhiaidh sin agus a úsáid.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus a n-isiméirí, cibé acu ina n-aonar nó i meascáin; agus

(b)

táirgí agus trealamh, agus codanna díobh, ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘bunábhar’ aon substaint ídithe ózóin a chuirtear faoi thrasfhoirmiú ceimiceach i bpróiseas ina dtiontaítear í go hiomlán óna comhshuíomh bunaidh agus nach mbaineann ach leibhéal fíoríseal astaíochtaí léi;

(2)

ciallaíonn ‘oibreáin phróisis’ aon substaintí ídithe ózóin a úsáidtear mar oibreáin phróisis cheimicigh sna feidhmeanna a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(3)

ciallaíonn ‘allmhairiú’ teacht isteach substaintí, táirgí agus trealaimh i gcríoch chustaim an Aontais, a mhéid a chumhdaítear an chríoch le daingniú Phrótacal Montréal 1987 maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (‘an Prótacal’), agus lena n-áirítear stóráil shealadach agus na nósanna imeachta custaim dá dtagraítear in Airteagail 201 agus 210 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(4)

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ dul amach substaintí, táirgí agus trealaimh as críoch chustaim an Aontais, a mhéid a chumhdaítear an chríoch le daingniú an Phrótacail;

(5)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ scaoileadh custaim le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas nó soláthar nó cur ar fáil do dhuine eile laistigh den Aontas, den chéad uair, ar íocaíocht nó saor in aisce, nó úsáid substaintí a tháirgtear, nó táirgí nó trealaimh a mhonaraítear, chun críche úsáide dílse;

(6)

ciallaíonn ‘úsáid’, i ndáil le substaintí ídithe ózóin, a n-úsáid i dtáirgeadh, i gcothabháil nó i seirbhísiú, lena n-áirítear athlíonadh, táirgí agus trealaimh, nó i ngníomhaíochtaí eile agus próisis eile dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(7)

ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a tháirgeann substaintí ídithe ózóin san Aontas;

(8)

ciallaíonn ‘aisghabháil’ bailiú agus stóráil substaintí ídithe ózóin ó choimeádáin, ó tháirgí, agus ó threalamh le linn cothabhála nó seirbhísithe nó roimh dhiúscairt na gcoimeádán, na dtáirgí nó an trealaimh;

(9)

ciallaíonn ‘athchúrsáil’ substaint ídithe ózóin aisghafa a athúsáid tar éis próiseas glanta bunúsach, lena n-áirítear scagadh agus triomú;

(10)

ciallaíonn ‘mínghlanadh’ athphróiseáil substainte ídithe ózóin aisghafa chun feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht substainte íne, agus an úsáid atá beartaithe di á cur san áireamh, i saoráidí mínghlanta údaraithe a bhfuil an trealamh agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun mínghlanadh substaintí den sórt sin a chumasú agus leibhéal na cáilíochta riachtanaí a fhianú;

(11)

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann gníomhaíocht dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(12)

ciallaíonn ‘coimeádán’ gabhdán a ceapadh go príomha le substaintí ídithe ózóin a iompar nó a stóráil;

(13)

ciallaíonn ‘táirgí agus trealamh’ na táirgí agus an trealamh uile, lena n-áirítear codanna díobh, cé is moite de choimeádáin, a úsáidtear chun substaintí ídithe ózóin a iompar nó a stóráil;

(14)

ciallaíonn ‘substaint íon’ substaint nár úsáideadh roimhe sin;

(15)

ciallaíonn ‘díchoimisiúnú’ táirge nó trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin a chur as feidhm nó ó úsáid go buan, lena n-áirítear dúnadh deiridh saoráide;

(16)

ciallaíonn ‘scriosadh’ an próiseas ina dtrasfhoirmítear nó ina ndianscaoiltear go buan, a iomláine is féidir, substaint ídithe ózóin ina substaint chobhsaí nó ina substaintí cobhsaí nach substaintí ídithe ózóin iad;

(17)

ciallaíonn ‘bunaíocht laistigh den Aontas’, i ndáil le duine nádúrtha, go bhfuil gnáthchónaí ar an duine nádúrtha sin san Aontas agus, i ndáil le duine dlítheanach, go bhfuil buanbhunaíocht gnó dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (32) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ag an duine dlítheanach sin san Aontas;

(18)

ciallaíonn ‘painéal cúir’ struchtúr déanta de shraitheanna ina bhfuil cúr agus ábhar righin, amhail adhmad nó miotal, fáiscthe le taobh amháin nó leis an dá thaobh;

(19)

ciallaíonn ‘clár lannaithe’ clár cúir atá cumhdaithe le sraith thanaí d’ábhar neamhrighin, amhail plaisteach.

CAIBIDIL II

Toirmisc

Airteagal 4

Toirmisc a bhaineann le substaintí ídithe ózóin

1.   Cuirfear toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce, agus ar a n-úsáid.

2.   Cuirfear toirmeasc ar na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairiú nó a onnmhairiú.

Airteagal 5

Toirmisc a bhaineann le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin

1.   Cuirfear toirmeasc ar tháirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó aon táirgí nó trealamh a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a chur ar an margadh, agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce.

2.   Cuirfear toirmeasc ar tháirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a allmhairiú nó a onnmhairiú. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin maidir le sealúchas pearsanta.

CAIBIDIL III

Díolúintí ó thoirmisc

Airteagal 6

Bunábhar

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, a chur ar an margadh, agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce chun iad a úsáid mar bhunábhar.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta de phróisis táirgthe ceimiceán a bhunú ina mbeidh toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáid mar bhunábhar ar bhonn na measúnuithe teicniúla a dhéantar faoin bPrótacal, go háirithe na tuarascálacha ráithiúla arna n-ullmhú ag na painéil measúnaithe faoin bPrótacal, lena n-áirítear measúnuithe ar roghanna malartacha atá ar fáil ar úsáidí bunábhair atá ann cheana agus ar leibhéil astaíochta na n-úsáidí bunábhair atá ann cheana.

3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach bhfuil aon mheasúnuithe teicniúla ar na roghanna malartacha atá ar fáil ar na húsáidí bunábhair atá ann cheana agus ar leibhéil astaíochta na n-úsáidí bunábhair atá ann cheana agus a rinneadh faoin bPrótacal ar fáil, ar measúnuithe iad a thabharfaidh bonn leordhóthanach chun cinneadh a dhéanamh maidir le toirmeasc a chur ar úsáid bunábhair, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2027, a mheasúnú féin ar bhonn moltaí eolaíocha maidir leis na húsáidí bunábhair atá ann cheana, ar na tionchair ó thaobh acmhainn ídithe ózóin (ODP) de agus ar infhaighteacht sonraí níos beaichte maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhunábhar, forbairtí teicneolaíochta a mbeidh infhaighteacht roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil mar thoradh orthu, agus úsáid fuinnimh, éifeachtúlacht, indéantacht eacnamaíoch agus costas na roghanna malartacha sin, agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn an mheasúnaithe sin, na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2.

4.   Féadfar an liosta arna bhunú de bhun mhír 2 a nuashonrú, i gcás inar gá, i bhfianaise thorthaí na dtuarascálacha ráithiúla arna n-ullmhú ag na painéil mheasúnaithe faoin bPrótacal nó i bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin féin.

Airteagal 7

Oibreáin phróisis

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, a chur ar an margadh, agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce chun iad a úsáid mar oibreáin phróisis sna próisis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III. Ní úsáidfear na substaintí sin ach amháin mar oibreáin phróisis faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Ní dhéanfar substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach mar oibreáin phróisis i suiteálacha a bhí ann an 1 Meán Fómhair 1997, ar choinníoll go bhfuil leibhéal fíoríseal astaíochtaí i gceist leis na substaintí ídithe ózóin ó na suiteálacha sin, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos de bhun mhír 3.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta gnóthas a bhunú a cheadaítear úsáid substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ina leith, mar oibreáin phróisis sna próisis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III sna suiteálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena leagtar síos na cainníochtaí uasta a fhéadfar a úsáid le haghaidh comhdhéanamh nó le caitheamh mar oibreáin phróisis agus na huasleibhéil astaíochtaí le haghaidh gach ceann de na gnóthais lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn III a leasú i gcás inar gá sin mar gheall ar fhorbairtí teicniúla nó cinntí arna ndéanamh ag na Páirtithe sa Phrótacal.

Airteagal 8

Úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, a chur ar an margadh, agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce chun iad a úsáid le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, aon úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá bhféadfar táirgeadh agus allmhairiú substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a cheadú san Aontas, an tréimhse a mbeidh an díolúine bailí lena linn agus na húsáideoirí sin a fhéadfaidh leas a bhaint as na húsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse sin a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

3.   Gnóthas a chuireann substaintí ídithe ózóin ar an margadh agus a sholáthraíonn nó a chuireann ar fáil ina dhiaidh sin iad do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear i mír 1, coinneoidh sé taifid ar an bhfaisnéis seo a leanas do gach substaint:

(a)

ainm;

(b)

an chainníocht a chuirtear ar an margadh nó a sholáthraítear;

(c)

cuspóir na húsáide;

(d)

liosta na gceannaitheoirí agus na soláthróirí.

4.   Gnóthas a úsáideann substaintí ídithe ózóin le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear i mír 1, coinneoidh sé taifid ar an bhfaisnéis seo a leanas do gach substaint:

(a)

ainm;

(b)

an chainníocht a sholáthraítear nó a úsáidtear;

(c)

cuspóir na húsáide;

(d)

liosta na soláthróirí.

5.   Coinneofar na taifid dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nó don Choimisiún.

6.   Ní chuirfear substaintí ídithe ózóin le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh agus ní sholáthrófar iad nó ní chuirfear ar fáil iad ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar gá sin mar gheall ar fhorbairtí teicniúla nó cinntí arna ndéanamh ag na Páirtithe sa Phrótacal.

Airteagal 9

Úsáidí criticiúla halón

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfar halóin a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh úsáidí criticiúla i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Gnóthais arna n-údarú ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun halóin a stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla, ní fhéadfaidh ach na gnóthais sin halóin a chur ar an margadh agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce.

2.   Déanfar córais cosanta dóiteáin agus múchtóirí dóiteáin ina bhfuil halóin a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh úsáidí criticiúla sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na halóin sin, a dhíchoimisiúnú faoi na dátaí deiridh a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Déanfar na halóin atá i gcórais cosanta dóiteáin agus i múchtóirí dóiteáin a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 20(5).

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn V a leasú, i gcás nach bhfuil roghanna malartacha nó teicneolaíocht atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch ar fáil le haghaidh na n-úsáidí criticiúla a liostaítear san Iarscríbhinn sin laistigh de na hamscálaí a leagtar amach inti nó i gcás nach bhfuil siad inghlactha mar gheall ar a n-éifeachtaí ar an gcomhshaol nó ar an tsláinte, nó i gcás inar gá sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a bhaineann le húsáidí criticiúla halón, a bhunaítear go háirithe faoin bPrótacal, ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis iarraidh ar tugadh bunús leis a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, maoluithe atá teoranta ó thaobh ama de a dheonú ó na dátaí deiridh nó ó na scoithdhátaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh cás sonrach ina léirítear san iarraidh ar mhaolú nach bhfuil rogha mhalartach atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch ar fáil don fheidhm áirithe sin. Áireoidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú sna gníomhartha cur chun feidhme sin agus ceanglóidh sé go gcuirfí fianaise thacaíochta isteach, ar fianaise í atá riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar úsáid an mhaolaithe, lena n-airítear fianaise maidir le cainníochtaí na halón a aisghabhadh i gcomhair athchúrsála nó mínghlanadh, torthaí seiceálacha sceite agus cainníochtaí halón nár úsáideadh i stoic. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Airteagal 10

Úsáid éigeandála bróimíde meitile

1.   I gcás éigeandála, más gá é i ngeall ar ráigeanna lotnaidí áirithe nó galair áirithe gan choinne, féadfaidh an Coimisiún a údarú, arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis dó fógra a thabhairt don Rúnaíocht Ózóin i gcomhréir le Cinneadh IX/7 ó na Páirtithe sa Phrótacal, go ndéanfaí bróimíd mheitile a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid go sealadach, ar choinníoll go gceadaítear, faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1107/2009 agus (AE) Uimh. 528/2012 faoi seach, bróimíd mheitile a chur ar an margadh agus a úsáid. Scriosfar aon chainníochtaí bróimíde meitile nár úsáideadh.

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sonrófar na bearta atá le déanamh chun astaíochtaí bróimíde meitile a laghdú le linn úsáide agus beidh feidhm acu ar feadh tréimhse nach faide ná 120 lá agus beidh feidhm acu maidir le cainníocht nach mó ná 20 tona méadrach de bhróimíd mheitile. Áireoidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú a chuimsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin agus déanfaidh sé a éileamh go gcuirfí fianaise thacaíochta isteach, ar fianaise í atá riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar úsáid bróimíde meitile, lena n-airítear fianaise a bhaineann leis an tsubstaint a scriosadh tar éis dheireadh an mhaolaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Airteagal 11

Díolúintí a bhaineann le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin

1.   De mhaolú ar Airteagal 5(1), maidir leis na táirgí agus an trealamh sin dá gceadaítear úsáid na substaintí ídithe ózóin sin i gcomhréir le hAirteagal 8 nó 9, féadfar na táirgí agus an trealamh sin a chur ar an margadh, a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce.

2.   Cé is moite de na húsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1), cuirfear toirmeasc ar chórais cosanta dóiteáin agus múchtóirí dóiteáin a bhfuil halóin iontu agus déanfar iad a dhíchoimisiúnú.

3.   Déanfar táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin a dhíchoimisiúnú nuair a shroichfear deireadh a saolré.

Airteagal 12

Scriosadh agus mínghlanadh

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1), féadfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a chur ar an margadh, a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce, lena scriosadh laistigh den Aontas de bhun Airteagal 20(6). Ina theannta sin, féadfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur ar an margadh lena mínghlanadh laistigh den Aontas.

Airteagal 13

Allmhairí

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(2), ceadaítear na hallmhairí seo a leanas:

(a)

substaintí ídithe ózóin atá le húsáid mar bhunábhar i gcomhréir le hAirteagal 6;

(b)

substaintí ídithe ózóin atá le húsáid mar oibreáin phróisis i gcomhréir le hAirteagal 7;

(c)

substaintí ídithe ózóin atá le húsáid le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse i gcomhréir le hAirteagal 8;

(d)

substaintí ídithe ózóin atá le scriosadh trí na teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 20(6);

(e)

substaintí ídithe ózóin atá le mínghlanadh dá dtagraítear in Airteagal 12;

(f)

bróimíd mheitile le haghaidh úsáid éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 10;

(g)

halóin aisghafa, athchúrsáilte nó mhínghlanta, faoin gcoinníoll nach n-allmhairítear iad ach le haghaidh na n-úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus gur gnóthais arna n-údarú ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun halóin a stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla a dhéanann an t-allmhairiú;

(h)

táirgí agus trealamh ina bhfuil halóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar halóin chun críocha na n-úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1);

(i)

táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin lena scriosadh le teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 20(6), i gcás inarb infheidhme sin;

(j)

táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin chun críocha na n-úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Na hallmhairí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir ceadúnas bailí arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16 a chur faoi bhráid údaráis custaim, ach amháin i gcás stóráil shealadach.

Airteagal 14

Onnmhairiú

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(2), ceadaítear onnmhairiú na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí ídithe ózóin atá le húsáid le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b)

substaintí ídithe ózóin atá le húsáid mar bhunábhar i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

substaintí ídithe ózóin atá le húsáid mar oibreáin phróisis i gcomhréir le hAirteagal 7;

(d)

hidreaclórafluaracarbóin íona nó mínghlanta, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), ach amháin scriosadh;

(e)

halóin aisghafa, athchúrsáilte nó mhínghlanta arna stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ag gnóthais arna n-údarú ag údarás inniúil Ballstáit lena mbaineann chun halóin a stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla;

(f)

táirgí agus trealamh ina bhfuil halóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar halóin, chun críocha na n-úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1);

(g)

táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin a allmhairítear faoi Airteagal 13(1), pointe (j), nó táirgí agus trealamh a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 5(2), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis d’údarás inniúil de chuid Ballstáit é a iarraidh, onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin a údarú, i gcás ina léirítear, i bhfianaise luach eacnamaíoch an earra áirithe agus an mhéid dá shaolré a mheastar atá fágtha, go gcuirfeadh toirmeasc ar onnmhairiú ualach díréireach ar an onnmhaireoir, agus go bhfuil an t-onnmhairiú sin i gcomhréir leis an reachtaíocht intíre na tíre cinn scríbe. Sula n-údaróidh sé an iarraidh ar onnmhairiú, deimhneoidh an Coimisiún go n-áiritheofar le reachtaíocht intíre na tíre cinn scríbe go láimhseálfar na táirgí agus an trealamh sin, tar éis dheireadh a saolré, ar bhealach iomchuí d’fhonn scaoileadh substaintí ídithe ózóin a íoslaghdú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Sula ndéanfar an t-onnmhairiú sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith don tír cinn scríbe.

3.   Na hallmhairí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir ceadúnú bailí arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16 a chur faoi bhráid údaráis chustaim, ach amháin i gcás ath-onnmhairithe i ndiaidh stóráil shealadach.

Airteagal 15

Coinníollacha maidir le díolúintí

1.   Cuirfear toirmeasc ar choimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin, bíodh siad folamh nó lán, go páirteach nó go hiomlán, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a úsáid, nó a onnmhairiú agus cuirfear toirmeasc ar aon soláthar coimeádán den sórt sin ina dhiaidh sin nó ar choimeádáin den sórt sin a chur ar fáil do dhuine eile laistigh den Aontas, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce„ seachas le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8. Ní fhéadfar na coimeádáin sin a stóráil nó a iompar ach amháin chun iad a dhiúscairt ina dhiaidh sin.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le coimeádáin nach féidir a athlíonadh, eadhon:

(a)

coimeádáin nach féidir a athlíonadh gan iad a oiriúnú chun na críche sin; agus

(b)

coimeádáin a d’fhéadfaí a athlíonadh ach a allmhairítear nó a chuirtear ar an margadh gan foráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais iad le haghaidh athlíonadh.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim nó na húdaráis um fhaireachas margaidh aon choimeádán nach féidir a athlíonadh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a urghabháil, a choigistiú, a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh lena dhiúscairt trí scriosadh. Maidir leis na coimeádáin nach féidir a athlíonadh a bhfuil toirmeasc orthu de bhun mhír 1, cuirfear toirmeasc ar a n-athonnmhairiú.

3.   Gnóthais a chuireann coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin ar an margadh, soláthróidh siad dearbhú comhréireachta ina mbeidh fianaise lena ndeimhnítear go bhfuil socruithe ceangailteacha i bhfeidhm chun na coimeádáin sin a thabhairt ar ais chun críche athlíonta, go háirithe na gníomhaithe ábhartha, a ngealltanais éigeantacha agus na socruithe lóistíochta ábhartha a shainaithint. Beidh na socruithe sin ina gceangal ar dháileoirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin chuig an úsáideoir deiridh.

Coinneoidh na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin ar an margadh den chéad uair agus cuirfear an dearbhú sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Coinneoidh soláthróirí na gcoimeadán is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin d’úsáideoirí deiridh fianaise ar chomhlíonadh na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón tráth a sholáthraítear iad don úsáideoir deiridh agus cuirfear an fhianaise sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais a chinneadh maidir leis na heilimintí atá bunriachtanach do na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa dearbhú comhréireachta. Glacfar na gníomhartha sin cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in le hAirteagal 28(2).

4.   Cuirfear toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a chur ar an margadh mura gcuirfidh táirgeoirí nó allmhaireoirí fianaise ar fáil d’údarás inniúil Ballstáit tráth a chuirtear na substaintí sin ar an margadh, gur scriosadh nó gur aisghabhadh le húsáid arís aon trífhluaraimeatán arna tháirgeadh ina sheachtháirge mar chuid de phróiseas táirgthe na substaintí ídithe ózóin, lena n-áirítear le linn tháirgeadh na mbunábhar chun na substaintí sin a tháirgeadh, lena n-úsáidtear na teicnící is fearr atá ar fáil.

Chun an fhianaise sin a sholáthar, déanfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú comhréireachta a tharraingt suas, a mbeidh doiciméadacht tacaíochta ag gabháil leis:

(a)

tionscnamh na substaintí ídithe ózóin atá le cur ar an margadh a bhunú;

(b)

saoráid táirgthe tionscnaimh na substaintí ídithe ózóin atá le cur ar an margadh a shainaithint, lena n-áirítear sainaithint na saoráidí sin d’aon substaintí réamhtheachtacha a bhaineann le clóradéfhluaraimeatán (R-22) a ghiniúint mar chuid den phróiseas táirgthe chun na substaintí ídithe ózóin atá le cur ar an margadh a tháirgeadh;

(c)

cruthúnas a thabhairt maidir le hinfhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta laghdaithe ag na saoráidí tionscnaimh atá coibhéiseach le modheolaíocht bhonnlíne AM0001 arna formheas ag UNFCCC chun sruthanna dramhaíola trífhluaraimeatáin a loscadh nó lena gcruthaítear an mhodheolaíocht gabhála agus scriosta lena n-áirithítear go scriostar astaíochtaí trífhluaraimeatáin i gcomhréir leis na ceanglais faoin bPrótacal;

(d)

maidir le haon fhaisnéis bhreise lena n-éascaítear rianú na substaintí ídithe ózóin roimh allmhairiú.

Coinneoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear ar an margadh iad agus cuirfear ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

5.   Substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh mar bhunábhar, mar oibreáin phróisis, nó le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse, nó lena scriosadh, nó lena mínghlanadh, dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 8 agus 12, faoi seach, ní fhéadfar na substaintí sin a úsáid ach amháin chun na gcríoch sin.

Coimeádáin ina bhfuil na substaintí ídithe ózóin atá beartaithe le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 8 agus 12 den Rialachán seo, déanfar na coimeádáin sin a lipéadú ar bhealach ina dtugtar léiriú soiléir á rá nach féidir an tsubstaint a úsáid ach amháin chun na críche is infheidhme. I gcás ina bhfuil na substaintí sin faoi réir na gceanglas lipéadaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, beidh an léiriú sin ar na lipéid dá dtagraítear sa Rialachán sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an léiriú atá le húsáid ar na lipéid dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

6.   Gnóthais a dhéanann substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheartaítear a úsáid mar bhunábhar, mar oibreáin phróisis, nó a bheartaítear a scriosadh nó a mhínghlanadh chomh maith le gnóthais a scriosann nó a mhínghlanann na substaintí sin nó a úsáideann na substaintí sin mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis, lena n-áirítear mar sheachtháirgeadh nó mar thaobhtháirgeadh, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a sholáthar do dhuine eile san Aontas nó a fháil ó dhuine eile san Aontas, coimeádfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir le gach substaint ídithe ózóin, de réir mar is infheidhme:

(a)

ainm na substainte ídithe ózóin nó an mheascáin ina bhfuil substaint den sórt sin;

(b)

an chainníocht a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh, a mínghlanadh nó a scriosadh le linn na bliana féilire áirithe;

(c)

an chainníocht a soláthraíodh agus a fuarthas le linn na bliana féilire áirithe, in aghaidh an tsoláthraí nó an ghlacadóra aonair;

(d)

ainmneacha agus sonraí teagmhála na soláthróirí nó na nglacadóirí;

(e)

an chainníocht a úsáideadh le linn na bliana féilire áirithe agus lena sonraítear an úsáid iarbhír; agus

(f)

an chainníocht a stóráladh an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig sa bhliain féilire áirithe.

Coimeádfaidh na gnóthais na taifid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis an táirgthe, an chur ar an margadh, an tsoláthair nó na fála, agus cuirfidh siad ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá sna taifid sin.

CAIBIDIL IV

Trádáil

Airteagal 16

Córas ceadúnúcháin

1.   Bunóidh an Coimisiún córas ceadúnúcháin leictreonach i gcomhair substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus i gcomhair táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin (‘an córas ceadúnúcháin’), agus áiritheoidh an Coimisiún go n-oibreoidh an córas.

2.   Na gnóthais ar mian leo na ceadúnais a fháil a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(2) nó Airteagal 14(3), cuirfidh siad iarratas isteach tríd an gcóras ceadúnúcháin a úsáid. Sular gcuirfear an t-iarratas sin isteach, beidh clárúchán bailí sa chóras ceadúnúcháin ag na gnóthais. Áiritheoidh na gnóthais freisin go bhfuil clárúchán bailí acu sa chóras ceadúnúcháin sula ndéanfaidh siad tuairisciú de bhun Airteagal 24.

Déanfar iarratais ar cheadúnais a phróiseáil laistigh de 30 lá. Eiseofar ceadúnais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

3.   Féadfar ceadúnais a eisiúint do ghnóthais a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas acu agus do ghnóthais a bhfuil bunaíocht lasmuigh den Aontas acu.

Gnóthais a bhfuil bunaíocht lasmuigh den Aontas acu, ceapfaidh na gnóthais sin ionadaí aonair a bhfuil bunaíocht aige laistigh den Aontas a bheidh freagrach go hiomlán as comhlíonadh an Rialacháin seo. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí a cheaptar de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

4.   Beidh teorainn ama ar na ceadúnais. Beidh siad bailí go dtí go rachaidh siad in éag, go gcuirfear ar fionraí iad nó go gcúlghairfidh an Coimisiún iad de bhun an Airteagail seo, nó go dtarraingeoidh an gnóthas siar iad. I gcás allmhairí nó onnmhairí halóin aisghafa, athchúrsáilte nó mhínghlanta a stóráiltear le haghaidh úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ní rachaidh an teorainn ama thar an dáta deiridh le haghaidh na húsáide criticiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

5.   Gach gnóthas a bhfuil ceadúnas aige, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún gan moill mhíchuí, le linn thréimhse bhailíochta an cheadúnais, faoi aon athrú a d’fhéadfadh a bheith ann le linn thréimhse bhailíochta an cheadúnais maidir leis an bhfaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

6.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh i gcás ina mbeidh gá leis sin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna soláthar ag na gnóthais a dheimhniú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

7.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear na húdaráis chustaim, nó an Coimisiún, deimhniú a éileamh ina bhfianófar cineál nó comhdhéanamh na substaintí atá le hallmhairiú nó le honnmhairiú, agus féadfaidh siad cóip den cheadúnas arna eisiúint ag an tír a ndéantar an t-allmhairiú uaithi nó a ndéantar an t-onnmhairiú chuici a iarraidh.

8.   Féadfaidh an Coimisiún na sonraí a chuirfear isteach sa chóras ceadúnúcháin a roinnt a mhéid is gá i gcásanna áirithe le húdaráis inniúla na bPáirtithe sa Phrótacal lena mbaineann.

9.   Cuirfear ceadúnas ar fionraí i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann nach bhfuil oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo á comhlíonadh. Cúlghairfear ceadúnas i gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo á comhlíonadh. Diúltófar don iarratas ar cheadúnas freisin nó cúlghairfear an ceadúnas i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil dlí custaim an Aontais nó dlí comhshaoil an Aontais á shárú go tromchúiseach nó arís agus arís eile ag an ngnóthas, ar sáruithe iad a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais sin faoin Rialachán seo.

Cuirfear gnóthais ar an eolas, a luaithe is féidir, maidir le haon iarratas ar cheadúnas a ndiúltófar dó nó maidir le haon cheadúnas a chuirfear ar fionraí nó a chúlghairtear, agus sonrófar an fáth leis an diúltú, leis an bhfionraíocht nó leis an gcúlghairm. Cuirfear na Ballstáit ar an eolas maidir leis na cásanna sin freisin.

10.   Déanfaidh gnóthais na bearta uile is gá chun na rudaí seo a leanas a áirithiú maidir le honnmhairiú substaintí ídithe ózóin:

(a)

nach trádáil neamhdhleathach a bheidh in onnmhairiú substaintí ídithe ózóin;

(b)

nach mbeidh drochthionchar ag onnmhairiú substaintí ídithe ózóin ar chur chun feidhme beart rialaithe arna nglacadh ag an tír cinn scríbe chun a hoibleagáidí faoin bPrótacal a chomhlíonadh;

(c)

nach mbeidh farasbarr sna teorainneacha cainníochtúla a leagtar síos faoin bPrótacal i leith na tíre dá dtagraítear i bpointe (b) mar thoradh air.

11.   Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear na húdaráis chustaim, ar an gcóras ceadúnúcháin chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Áiritheofar go mbeidh rochtain ag na húdaráis chustaim ar an gcóras ceadúnúcháin trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim (‘Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim’) dá dtagraítear i míreanna 14 agus 15.

12.   Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise a áirítear sa chóras ceadúnúcháin.

13.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn VII a leasú i gcás inar gá sin chun feidhmiú rianúil an chórais ceadúnúcháin a áirithiú, chun forfheidhmiú rialacha custaim a éascú, nó i gcás inar gá sin chun an Prótacal a chomhlíonadh.

14.   Áiritheoidh an Coimisiún go nascfar an córas ceadúnúcháin le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim trí Chóras Malartaithe Deimhnithe Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.

15.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a dtimpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custaim a idirnascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim chun faisnéis a mhalartú leis an gcóras ceadúnúcháin.

Airteagal 17

Rialuithe trádála

1.   Déanfaidh údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh na toirmisc agus na srianta eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hallmhairí agus onnmhairí a fhorfheidhmiú.

2.   Chun críche allmhairithe, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas aige de bhun Airteagal 13(2) den Rialachán seo an t-onnmhaireoir. I gcás nach mbeidh an t-allmhaireoir ar fáil, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas sin aige a bheidh ina dhearbhóir a léirítear sa dearbhú custaim ar sealbhóir an údaraithe é le haghaidh nós imeachta speisialta nach nós imeachta idirthurais é, ach amháin má aistrítear cearta agus oibleagáidí de bhun Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun ligean do dhuine eile a bheith ina dhearbhóir. I gcás nós imeachta idirthurais, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas aige a bheidh ina shealbhóir ar an nós imeachta.

Chun críoch onnmhairithe, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas aige de bhun Airteagal 14(3) an t-onnmhaireoir a léirítear sa dearbhú custaim.

3.   I gcásanna ina n-allmhairítear substaintí ídithe ózóin, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na substaintí sin, is é an t-allmhaireoir nó, i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir ar fáil, an dearbhóir, a luaitear sa dearbhú custaim nó sa dearbhú stórais shealadaigh, agus i gcásanna onnmhairithe, is é an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custaim, a chuirfidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’údaráis chustaim, i gcás inarb ábhartha, sa dearbhú custaim:

(a)

uimhir aitheantais chláraithe an chórais ceadúnúcháin agus uimhir an cheadúnais de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3);

(b)

an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);

(c)

glanmhais substainte ídithe ózóin nó substaintí ídithe ózóin, agus nuair a áirítear i dtáirgí agus i dtrealamh iad;

(d)

glanmhais arna iolrú faoi ODP na substainte ídithe ózóin nó na substaintí ídithe ózóin, agus nuair a áirítear i dtáirgí agus i dtrealamh iad;

(e)

an cód tráchtearra faoina aicmítear na hearraí.

4.   Déanfaidh na húdaráis chustaim a fhíorú go háirithe an bhfuil ceadúnas bailí de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3) ag an allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custaim nó, i gcás nach bhfuil sé ar fáil, ag an dearbhóir, agus i gcásanna onnmhairithe ag an onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custaim.

5.   I gcás inarb ábhartha, cuirfidh údaráis chustaim faisnéis maidir le himréiteach custaim na n-earraí don chóras ceadúnúcháin trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam.

6.   Allmhaireoirí substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcoimeádáin is féidir a athlíonadh, cuirfidh siad ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, dearbhú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3), lena n-áirítear fianaise lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le filleadh an choimeádáin chun é a athlíonadh.

7.   Allmhaireoirí halón i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (g), agus onnmhaireoirí halón i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (e), cuirfidh siad deimhniú ar fáil do na húdaráis chustaim lena ndeimhnítear cineál na substaintí mar a liostaítear in Airteagal 13(1), pointe (g), agus Airteagal 14(1), pointe (e), agus déanfar é sin tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó leis an onnmhairiú.

8.   Cuirfidh allmhaireoirí substaintí ídithe ózóin ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, an fhianaise dá dtagraítear in Airteagal 15(4).

9.   Déanfaidh údaráis chustaim comhlíonadh na rialacha maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú agus na rialuithe bunaithe ar anailís riosca á ndéanamh acu i gcomhthéacs an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim agus i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Cuirfear i gcuntas leis an anailís riosca sin, go háirithe, aon fhaisnéis atá ar fáil faoin dóchúlacht gurb ann do thrádáil neamhdhleathach i substaintí ídithe ózóin, agus stair chomhlíontachta an ghnóthais lena mbaineann.

10.   Bunaithe ar anailís riosca, agus rialuithe custaim fisiciúla á ndéanamh acu ar na substaintí ídithe ózóin, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh an t-údarás custaim, go háirithe, na nithe seo a leanas a fhíorú maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe:

(a)

go gcomhfhreagraíonn na hearraí a chuirtear i láthair do na hearraí sin ar a dtugtar tuairisc sa cheadúnú agus sa dearbhú custaim;

(b)

go ndéantar na hearraí a lipéadú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 15(4) sula scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht.

An t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir, cuirfidh sé a cheadúnas ar fáil d’údaráis chustaim le linn na rialuithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

11.   Déanfaidh údaráis chustaim na substaintí, na tairgí agus an trealamh ídithe ózóin a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a choigistiú nó a urghabháil nó cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas chun a áirithiú go ndéanfar substaintí, táirgí agus trealamh den sórt sin a choigistiú agus a urghabháil lena ndiúscairt a áirithiú. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin substaintí, tairgí agus trealamh den sórt sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020.

Cuirfear toirmeasc ar shubstaintí, táirgí agus trealamh ídithe ózóin a chumhdaítear leis an Rialachán seo nach gcomhlíonann an Rialachán seo a athonnmhairiú.

12.   Déanfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh na bearta uile is gá chun cosc a chur ar iarrachtaí na substaintí, na táirgí agus an trealamh ídithe ózóin a chumhdaítear leis an Rialachán seo a allmhairiú nó a onnmhairiú, ar substaintí, táirgí agus trealamh iad a raibh cosc cheana orthu a bheith ag dul isteach sa chríoch nó ag imeacht aisti.

13.   Ainmneoidh nó formheasfaidh Ballstáit oifigí custaim nó áiteanna eile agus sonróidh siad an bealach chuig na hoifigí nó na háiteanna sin, i gcomhréir le hAirteagail 135 agus 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chun substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin a chur faoi bhráid údaráis chustaim nuair atá na substaintí sin ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ag imeacht aisti. Is pearsanra oifige custaim nó daoine údaraithe eile a dhéanfaidh rialuithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta, ar pearsanra nó daoine iad a bheidh eolach faoi chúrsaí a bhaineann le cosc a chur ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a mbeidh rochtain acu ar threalamh oiriúnach chun na rialuithe fisiceacha ábhartha a dhéanamh bunaithe ar anailís riosca.

Ní údarófar ach na hoifigí custaim nó áiteanna eile ainmnithe nó formheasta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun tús nó deireadh a chur le nós imeachta idirthurais maidir le substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin.

Airteagal 18

Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach

1.   Ar bhonn faireachán rialta ar thrádáil substaintí ídithe ózóin agus measúnú ar na rioscaí féideartha maidir le trádáil neamhdhleathach a bhaineann le gluaiseachtaí substaintí, agus táirgí agus trealaimh ídithe ózóin ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú a bheidh le cur san áireamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha á ndéanamh acu, i gcomhréir le hAirteagal 26, chun a shuí an bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag gnóthais;

(b)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú a bheidh le seiceáil agus faireachán á dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 17, ar shubstaintí, agus ar tháirgí agus ar threalamh ídithe ózóin ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custaim, lena n-áirítear nós imeachta stórasaithe custaim nó an nós imeachta saorchreasa nó atá ar idirthuras trí chríoch chustaim an Aontais;

(c)

an Rialachán seo a leasú trí mhodheolaíochtaí rianaithe a chur leis i gcomhair gás ceaptha teasa fluairínithe a chuirtear ar an margadh chun faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14, ar allmhairí agus onnmhairí gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custaim.

2.   Agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige faoi mhír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sochair chomhshaoil agus tionchair shocheacnamaíocha na modheolaíochta atá le bunú faoi phointí (a), (b) agus (c) den mhír sin.

Airteagal 19

Trádáil le Stáit nó le heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch agus críocha nach gcumhdaítear leis an bPrótacal

1.   Allmhairiú agus onnmhairiú substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na substaintí sin, ó aon Stát nó chuige nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch nár chomhaontaigh chun bheith faoi cheangal ag forálacha an Phrótacail is infheidhme maidir le substaint áirithe a rialaítear faoin bPrótacal, cuirfear toirmeasc orthu sin.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is infheidhme a bhunú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíochta agus maidir le hallmhairiú táirgí agus trealaimh a onnmhairítear ó aon Stát nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, nó a allmhairítear chuig aon stát nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, de réir bhrí mhír 1, ar táirgí agus trealamh iad a táirgeadh trí úsáid a bhaint as substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I ach nach bhfuil substaintí iontu is féidir a shainaithint mar shubstaintí ídithe ózóin a liostaítear san Iarscríbhinn sin, chomh maith le rialacha a bhunú maidir le sainaithint táirgí agus trealaimh den sórt sin. Agus na gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún na cinntí ábhartha a rinne na Páirtithe sa Phrótacal agus, a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le sainaithint táirgí agus trealaimh den sórt sin, aon chomhairle thréimhsiúil theicniúil a tugadh do na Páirtithe sa Phrótacal a chur san áireamh.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún trádáil le haon Stát nó eagraíocht réigiúnach chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1, ar trádáil í i substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus i dtáirgí agus i dtrealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a fheidhmiú ag brath ar na substaintí sin nó a tháirgtear trí úsáid a bhaint as substaint amháin nó níos mó den sórt sin, a údarú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a mhéid a chinntear ag cruinniú de na Páirtithe sa Phrótacal de bhun Airteagal 4(8) den Phrótacal go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh go hiomlán ag an Stát nó ag an eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch agus go bhfuil sonraí tugtha aige chuige sin, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

4.   Faoi réir aon chinnidh arna dhéanamh ag na Páirtithe sa Phrótacal, dá dtagraítear i mír 2, beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chríoch nach gcumhdaítear leis an bPrótacal ar an gcaoi chéanna a bhfuil feidhm aici maidir le haon Stát nó le haon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1.

5.   Más rud é go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh ina iomláine ag údaráis críche nach gcumhdaítear leis an bPrótacal agus más rud é go bhfuil sonraí chuige sin curtha isteach acu, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nach mbeidh feidhm ag forálacha uile mhír 1 den Airteagal seo nó ag cuid díobh maidir leis an gcríoch sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

CAIBIDIL V

Astaíochtaí a rialú

Airteagal 20

Substaintí ídithe ózóin úsáidte a aisghabháil agus a scriosadh

1.   Maidir le haon substaintí ídithe ózóin atá i gcuisniúchán, agus i dtrealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil, i dtrealamh ina bhfuil tuaslagóirí nó i gcórais cosanta dóiteáin agus i múchtóirí dóiteáin, déanfar, le linn trealamh a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó roimh dhíchóimeáil nó roimh dhiúscairt trealaimh, iad a aisghabháil lena scriosadh, lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh, ach amháin má rialaítear aisghabháil den sórt sin faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais.

2.   Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar astaíochtaí, a mhéid is féidir, i ngníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint painéal cúir ina bhfuil cúir a bhfuil substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu trí na cúir nó na substaintí atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na substaintí sin. I gcás aisghabháil na substaintí sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.

3.   Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint cúr i gcláir lannaithe atá suiteáilte i gcuasa nó i struchtúir thógtha ina bhfuil substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu trí na cúir nó na substaintí atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na substaintí sin. I gcás aisghabháil na substaintí sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.

I gcás nach bhfuil baint na gcúr dá dtagraítear sa chéad fhomhír indéanta go teicniúil, cuirfidh úinéir an fhoirgnimh nó an conraitheoir doiciméadacht le chéile ina dtugtar fianaise go bhfuil an baint dodhéanta sa chás sonrach sin. Coinneofar an doiciméadacht sin ar feadh 5 bliana agus cuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

4.   Maidir le halóin atá i gcórais chosanta dóiteáin agus i múchtóirí dóiteáin, déanfar, le linn trealamh a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó roimh dhíchóimeáil nó roimh dhiúscairt trealaimh, iad a aisghabháil lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh.

Cuirfear toirmeasc ar halóin a scriosadh mura bhfuil fianaise dhoiciméadaithe ann lena léirítear nach gceadaítear go teicniúil an tsubstaint aisghafa nó athchúrsáilte a mhínghlanadh nó a athúsáid ina dhiaidh sin mar gheall ar an íonacht atá aici. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh gnóthais a scriosann halóin an doiciméadacht sin ar feadh 5 bliana ar a laghad. Cuirfear an doiciméadacht sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.

5.   Déanfar substaint ídithe ózóin atá i dtáirgí agus i dtrealamh seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, má tá sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, a aisghabháil lena scriosadh, lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh, nó scriosfar iad gan iad a aisghabháil roimh ré, mura rud é go rialaítear aisghabháil den sórt sin faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais.

6.   Ní scriosfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin ach amháin trí theicneolaíocht scriosta atá formheasta ag na Páirtithe sa Phrótacal.

Ní dhéanfar substaintí ídithe ózóin eile nach bhfuil an teicneolaíocht scriosta formheasta ina leith a scriosadh, ach amháin trí theicneolaíocht scriosta lena gcomhlíontar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl agus i gcás ina gcomhlíonfar ceanglais bhreise faoin dlí sin.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta táirgí agus trealaimh a meastar ina leith go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch substaintí ídithe ózóin a aisghabháil nó táirgí agus trealamh a scriosadh gan substaintí ídithe ózóin a aisghabháil roimh ré, agus sonrófar, más iomchuí sin, an teicneolaíocht a bheidh le cur i bhfeidhm.

8.   Glacfaidh na Ballstáit bearta chun aisghabháil, athchúrsáil, mínghlanadh agus scriosadh substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun cinn, agus bunóidh siad na ceanglais íosta maidir le cáilíochtaí na foirne a bheidh i gceist.

Airteagal 21

Scaoileadh substaintí ídithe ózóin agus seiceálacha sceite

1.   Cuirfear toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a scaoileadh isteach d’aon ghnó san atmaisféar, lena n-airítear nuair atá na substaintí sin i dtáirgí agus i dtrealamh, i gcás nach bhfuil gá leis an scaoileadh go teicniúil do na húsáidí atá beartaithe a cheadaítear faoin Rialachán seo.

2.   Déanfaidh gnóthais na bearta is gá chun scaoileadh neamhbheartaithe substaintí ídithe ózóin a sheachaint agus a íoslaghdú le linn táirgeadh, lena n-áirítear scaoileadh a tháirgtear trí thimpiste le linn ceimiceáin eile atháirgeadh, le linn an phróisis mhonaraithe trealaimh, le linn úsáide, stórála agus aistriú ó choimeádán amháin go coimeádán eile nó ó chóras amháin go córas eile nó le linn iompair.

3.   Maidir le hoibreoirí cuisniúcháin agus trealaimh aerchóiriúcháin nó teaschaidéil, nó córais cosanta dóiteáin, lena n-áirítear a gciorcaid, ar nithe iad ina bhfuil substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, áiritheoidh siad an méid seo a leanas maidir leis an trealamh do-aistrithe sin nó na córais:

(a)

i gcás lucht sreabháin 3 kg nó níos mó ach níos lú ná 30 kg de shubstaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith acu, go ndéantar iad a sheiceáil ar a laghad uair amháin gach 12 mhí chun féachaint an bhfuil aon sceitheadh iontu; cé is moite de threalamh ina bhfuil córais atá séalaithe go heirméiteach agus atá lipéadaithe amhlaidh agus ina bhfuil níos lú ná 6 kg de na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

i gcás lucht sreabháin 30 kg nó níos mó ach níos lú ná 300 kg de na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith acu, go ndéantar iad a sheiceáil uair amháin ar a laghad gach sé mhí chun féachaint an bhfuil aon sceitheadh iontu;

(c)

i gcás lucht sreabháin 300 kg nó níos mó de na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith acu, go ndéantar iad a sheiceáil uair amháin ar gach trí mhí chun féachaint an bhfuil aon sceitheadh iontu.

4.   Áiritheoidh oibreoirí trealaimh nó córas ina bhfuil substaintí ídithe ózóin go ndeiseofar aon sceitheadh a bhraitear gan moill mhíchuí, gan dochar don toirmeasc ar na substaintí ídithe ózóin sin a úsáid, ach amháin má rialaítear aisghabháil den sórt sin faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais.

5.   Coinneoidh oibreoirí dá dtagraítear i mír 4 taifid ar an gcainníocht agus ar an gcineál halón a chuirtear isteach agus ar na substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a aisghabhtar le linn chothabháil nó sheirbhísiú agus dhiúscairt dheireanach an trealaimh nó na gcóras dá dtagraítear sa mhír sin. Coinneoidh siad taifid freisin ar fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear sonraí aitheantais an ghnóthais a rinne seiceálacha sceite, an chothabháil nó an seirbhísiú, chomh maith le dátaí agus torthaí na seiceálacha sceite arna ndéanamh chun féachaint an raibh sceitheadh ann. Coinneofar na taifid sin ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil iad, arna iarraidh sin, don údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

6.   Bunóidh na Ballstáit na ceanglais íosta maidir le cáilíochtaí na foirne a ghabhann do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 agus 4.

CAIBIDIL VI

Liosta substaintí ídithe ózóin agus tuairisciú

Airteagal 22

Leasuithe ar liostaí na substaintí ídithe ózóin

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn II a leasú chun aon substaint nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo a chur san Iarscríbhinn sin, más substaintí iad a bhfuair an Painéal um Measúnú Eolaíoch (PME) amach ina leith, painéal a bunaíodh faoin bPrótacal, nó a bhfuair údarás aitheanta eile a bhfuil an stádas céanna aige amach ina leith go bhfuil ODP mór ag na substaintí sin.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn I a leasú chun go gcuirfear san áireamh san Iarscríbhinn sin aon substaint lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, agus a onnmhairítear, a allmhairítear, a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh i gcainníochtaí móra agus, más iomchuí, chun díolúintí féideartha ó na srianta a leagtar amach i gCaibidil II nó i gCaibidil IV a chinneadh.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú a mhéid a bhaineann le GWP agus ODP na substaintí sin, i gcás ina mbeidh gá leis sin i bhfianaise na dtuarascálacha measúnachta nua ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide nó na dtuarascálacha nua ó PME, agus GWP na substaintí sin thar amscála 20 bliain a chur leis na hIarscríbhinní sin, i gcás ina mbeidh fáil uirthi.

Airteagal 23

Tuairisciú ag na Ballstáit

1.   Faoin 30 Meitheamh 2024, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún i bhformáid leictreonach, maidir leis an mbliain féilire roimhe sin:

(a)

na cainníochtaí de halóin a suiteáladh, a úsáideadh agus a stóráladh le haghaidh úsáidí criticiúla, dá dtagraítear in Airteagal 9(1), na bearta a glacadh chun a n-astaíochtaí a laghdú agus meastachán ar na hastaíochtaí sin, agus an dul chun cinn maidir le meastóireacht ar roghanna malartacha leormhaithe agus maidir le roghanna malartacha leormhaithe a úsáid;

(b)

cásanna trádála neamhdhleathaí, go háirithe cásanna arna mbrath le linn na seiceálacha arna ndéanamh de bhun Airteagal 26, lena n-áirítear forchur na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 27, i gcás inarb infheidhme.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid a chinneadh chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun mír 1 den Airteagal seo a leasú, i gcás ina mbeidh gá leis sin i bhfianaise chinntí na bPáirtithe sa Phrótacal.

Airteagal 24

Tuairisciú ag gnóthais

1.   Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI maidir le gach substaint ídithe ózóin a thuairisciú don Choimisiún, trí uirlis tuairiscithe leictreonach, maidir leis an mbliain féilire roimhe sin.

Beidh rochtain ag na Ballstáit freisin ar uirlis tuairiscithe leictreonach na ngnóthas a thagann faoina ndlínse.

Sula ndéanfar an tuairisciú, cláróidh na gnóthais sa chóras ceadúnúcháin.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise a chuirtear chucu i gcomhréir leis an Airteagal seo a chosaint.

3.   I gcás inar gá, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún an fhormáid agus na modhanna a bhaineann leis an tuairisciú dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn VI a leasú, i gcás ina mbeidh gá leis sin i bhfianaise chinntí na bPáirtithe sa Phrótacal.

CAIBIDIL VII

Forfheidhmiú

Airteagal 25

Comhar agus malartú faisnéise

1.   I gcás ina gceanglaítear é chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, rachaidh údaráis inniúla gach Ballstáit, lena n-áirítear údaráis chustaim, údaráis um fhaireachas margaidh, údaráis chomhshaoil agus aon údaráis inniúla eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta acu, i gcomhar le chéile, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, leis an gCoimisiún, agus, más gá, le húdaráis riaracháin tríú tíortha.

I gcás ina bhfuil gá le comhar le húdaráis chustaim chun cur chun feidhme cuí an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim a áirithiú, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   I gcás ina mbraitheann na húdaráis chustaim, na húdaráis um fhaireachas margaidh nó aon údarás inniúil eile na mBallstát sárú ar an Rialachán seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra don údarás comhshaoil nó, murab ábhartha é, d’aon údarás eile atá freagrach as forfheidhmiú na bpionós i gcomhréir le hAirteagal 27.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a n-údaráis inniúla in ann rochtain a bheith acu go héifeachtúil ar aon fhaisnéis is gá le haghaidh fhorfheidhmiú an Rialacháin seo, agus gur féidir leo an fhaisnéis sin a mhalartú eatarthu go héifeachtúil. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin sonraí a bhaineann le custaim, faisnéis faoi úinéireacht agus stádas airgeadais, aon sárú ar dhlí an chomhshaoil, chomh maith le sonraí a thaifeadtar sa chóras ceadúnúcháin.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair is gá leis chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú.

4.   Déanfaidh údaráis inniúla údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad sárú ar an Rialachán seo ar féidir tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad táirge ábhartha ar an margadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo, chun gur féidir é a urghabháil, a choigistiú, a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh lena dhiúscairt.

Úsáidfear an Córas Bainistíochta Riosca Custaim chun faisnéis a bhaineann le riosca custaim a mhalartú.

Déanfaidh údaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le sáruithe ar an Rialachán seo a mhalartú freisin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (23) agus déanfaidh siad cúnamh a iarraidh ar na Ballstáit eile agus ar an gCoimisiún i gcás inar gá.

Airteagal 26

Oibleagáid chun seiceálacha a dhéanamh

1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha chun a shuí an gcomhlíonann gnóthais a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.   Déanfar na seiceálacha de réir cur chuige atá bunaithe ar riosca, ina gcuirtear san áireamh, go háirithe, stair chomhlíonta na ngnóthas, an riosca neamhchomhlíonta a bhaineann le táirge áirithe maidir leis an Rialachán seo, agus aon fhaisnéis ábhartha eile a fhaightear ón gCoimisiún, ó údaráis chustaim, ó údaráis um fhaireachas margaidh, ó údaráis chomhshaoil agus ó údaráis eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta na mBallstát acu, nó ó údaráis inniúla tríú tíortha.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha freisin nuair atá siad i seilbh fianaise nó faisnéise ábhartha eile, lena n-áirítear fianaise nó faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe nó ag an gCoimisiún, lena mbaineann neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo.

3.   Áireofar an méid seo a leanas ar na seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:

(a)

cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí a mhinice is iomchuí agus fíorú ar dhoiciméadacht agus ar threalamh ábhartha; agus

(b)

seiceálacha ar ardáin ar líne de bhun na míre seo.

Gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), i gcás ina gceadaítear le hardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil III, Roinn 4, den Rialachán sin, cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le gnóthais a thairgeann substaintí ídithe ózóin nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin, fíoróidh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann an gnóthas, na substaintí ídithe ózóin, na táirgí nó an trealamh a thairgtear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065 a chur ar an eolas agus oibreoidh siad i gcomhar leo chun comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú.

Déanfar seiceálacha gan rabhadh roimh ré a thabhairt don ghnóthas, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le fógra roimh ré d’fhonn éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun na húdaráis sin a chumasú chun na seiceálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhéanamh.

4.   Coimeádfaidh údaráis inniúla na mBallstát taifid ar na seiceálacha, a léireofar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, agus taifid ar na bearta a rinneadh i gcás neamhchomhlíonadh. Coimeádfar taifid ar na seiceálacha uile ar feadh 5 bliana ar a laghad.

5.   Ar iarraidh a fháil ó Bhallstát eile, féadfaidh Ballstát seiceálacha nó imscrúduithe foirmiúla eile a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil amhras ann fúthu go bhfuil siad ag gabháil do ghluaiseacht neamhdhleathach substaintí, táirgí nó trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus ar gnóthais iad a oibríonn ar chríoch an Bhallstáit sin. Cuirfear an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi thoradh na seiceála nó an imscrúdaithe.

6.   Le linn na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát agus ar ghnóthais. Nuair atá faisnéis á hiarraidh ar ghnóthas aige, déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip den iarraidh a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ar laistigh dá chríoch atá ceanncheathrú an ghnóthais suite.

7.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun go ndéanfar malartú faisnéise agus comhar leormhaith idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún a chur chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise arna fáil faoin Airteagal seo a chosaint.

CAIBIDIL VIII

Pionóis, an nós imeachta coiste agus an tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 27

Pionóis

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Roimh an 1 Eanáir 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cinnfear iad agus aird chuí á tabhairt ar na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

cineál agus tromchúis an tsáraithe;

(b)

an daonra daoine nó an timpeallacht a ndéanann an sárú difear dóibh, agus an gá atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á chur san áireamh;

(c)

aon sárú roimhe sin ar an Rialachán seo ag an gnóthas a mheastar a bheith freagrach as;

(d)

staid airgeadais an ghnóthais a mheastar a bheith freagrach as.

3.   Áireofar an méid seo a leanas ar na pionóis:

(a)

pionóis airgeadais riaracháin i gcomhréir le mír 4; áfach, féadfaidh na Ballstáit freisin, nó de rogha air sin, pionóis choiriúla a úsáid ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar bhealach atá coibhéiseach leis na pionóis airgeadais riaracháin;

(b)

earraí a fuarthas go neamhdhleathach a choigistiú nó a urghabháil, nó a tharraingt siar ón margadh nó a bhaint de, nó seilbh a bheith á glacadh orthu ag údaráis inniúla na mBallstát;

(c)

toirmeasc sealadach ar na substaintí ídithe ózóin, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath orthu a úsáid, a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, nó a chur ar an margadh, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.

4.   Beidh pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), comhréireach leis an damáiste don chomhshaol, i gcás inarb infheidhme, agus bainfear go héifeachtach de na daoine atá freagrach as na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as na sáruithe. Tiocfaidh méadú de réir a chéile ar leibhéal na bpionós airgeadais riaracháin i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.

I gcás substaintí ídithe ózóin, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin, a thairgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a úsáid go neamhdhleathach, is cúig oiread ar a laghad de luach margaidh na substaintí ídithe ózóin nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid an phionóis airgeadais riaracháin. I gcás ina ndéantar sáruithe den sórt sin arís agus arís eile laistigh de thréimhse 5 bliana, ocht n-uaire ar a laghad luach margaidh na substaintí ídithe ózóin nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid na bpionós airgeadais riaracháin.

Airteagal 28

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um shubstaintí ídithe ózóin cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(4), Airteagal 8(7), Airteagal 9(3), Airteagal 18(1), Airteagal 19(2), Airteagal 20(7), Airteagal 22, Airteagal 23(3) agus Airteagal 24(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 11 Márta 2024.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(13) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 3 Márta 2025.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(4), Airteagal 8(7), Airteagal 9(3), Airteagal 16(13), Airteagal 18(1), Airteagal 19(2), Airteagal 20(7), Airteagal 22, Airteagal 23(3) agus Airteagal 24(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2), Airteagal 7(4), Airteagal 8(7), Airteagal 9(3), Airteagal 16(13), Airteagal 18(1), Airteagal 19(2), Airteagal 20(7), Airteagal 22, Airteagal 23(3) agus Airteagal 24(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IX

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 30

Athbhreithniú

1.   Faoin 1 Eanáir 2030, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le éifeachtaí an Rialacháin seo. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar an bhfáil atá ar roghanna malartacha ar shubstaintí ídithe ózóin le haghaidh úsáidí a rialaítear faoi Airteagail 6 go 9.

2.   Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir le comhleanúnachas an Rialacháin seo le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras.

Airteagal 31

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009.

2.   Leanfaidh Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 de réir mar is infheidhme an 10 Márta 2024, d’fheidhm a bheith aige go dtí an 2 Márta 2025.

3.   Leanfaidh Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 de réir mar is infheidhme an 10 Márta 2024, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an tréimhse thuairiscithe ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

4.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 16(1), (2) agus (4) go (15), Airteagal 17(5) agus Iarscríbhinn VII, pointe2, den Rialachán seo ón 3 Márta 2025 maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus maidir leis na nósanna imeachta allmhairiúcháin eile uile agus maidir le honnmhairiú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 7 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 50.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(5)  Cinneadh 88/540/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1988 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Vín um chosaint an chisil ózóin agus Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 297, 31.10.1988, lch. 8).

(6)   IO L 297, 31.10.1988, lch. 10.

(7)   IO L 297, 31.10.1988, lch. 21.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

(9)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).

(15)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(21)   IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm mar is ceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(25)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

SUBSTAINTÍ ÍDITHE ÓZÓIN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (A)  (1)

Grúpa

Substaint

Acmhainn ídithe ózóin (ODP) (2)

Poitéinseal téimh dhomhanda (GWP) (3)

Grúpa I

CFCl3

CFC-11

Tríchlórafluaraimeatán

1,0

5 560

CF2Cl2

CFC-12

Déchlóraidhéfhluaraimeatán

1,0

11 200

C2F3Cl3

CFC-113

Tríchlóraithrífhluaireatán

0,8

6 520

C2F4Cl2

CFC-114

Déchlóraiteitreafluaireatán

1,0

9 430

C2F5Cl

CFC-115

Clóraipeinteafluaireatán

0,6

9 600

Grúpa II

CF3Cl

CFC-13

Clóraithrífhluaraimeatán

1,0

16 200

C2FCl5

CFC-111

Peinteaclórafluaireatán

1,0

 (*1)

C2F2Cl4

CFC-112

Teitreaclóraidhéfhluaireatán

1,0

4 620

C3FCl7

CFC-211

Heipteaclórafluaraprópán

1,0

 (*1)

C3F2Cl6

CFC-212

Heicseaclóraidhéfhluaraprópán

1,0

 (*1)

C3F3Cl5

CFC-213

Peinteaclóraithrífhluaraprópán

1,0

 (*1)

C3F4Cl4

CFC-214

Teitreaclóraiteitreafluaraprópán

1,0

 (*1)

C3F5Cl3

CFC-215

Tríchlóraipeinteafluaraprópán

1,0

 (*1)

C3F6Cl2

CFC-216

Déchlóraiheicseafluaraprópán

1,0

 (*1)

C3F7Cl

CFC-217

Clóraiheipteafluaraprópán

1,0

 (*1)

Grúpa III

CF2BrCl

halón-1211

Brómaclóraidhéfhluaraimeatán

3,0

1 930

CF3Br

halón-1301

Brómaithrífhluaraimeatán

10,0

7 200

C2F4Br2

halón-2402

Débhrómaiteitreafluaireatán

6,0

2 170

 

CBr2 F2

halón-1202

Débhrómaidhéfhluaraimeatán

1,25

216

Grúpa IV

CCl4

CTC

Teitreaclóraimeatán (teitreaclóiríd charbóin)

1,1

2 200

Grúpa V

C2H3Cl3  (4)

1,1,1-TCA

1,1,1-Tríchlóireatán (meitiolclóraform)

0,1

161

Grúpa VI

CH3Br

bróimíd mheitile

Brómaimeatán

0,6

2,43

Grúpa VII

CHFBr2

HBFC-21 B2

Débhrómafluaraimeatán

1,00

 (*1)

CHF2Br

HBFC-22 B1

Brómaidhéfhluaraimeatán

0,74

380

CH2FBr

HBFC-31 B1

Brómafluaraimeatán

0,73

 (*1)

C2HFBr4

HBFC-121 B4

Teitreabrómafluaireatán

0,8

 (*1)

C2HF2Br3

HBFC-122 B3

Tríbhrómaidhéfhluaireatán

1,8

 (*1)

C2HF3Br2

HBFC-123 B2

Débhrómaithrífhluaireatán

1,6

 (*1)

C2HF4Br

HBFC-124 B1

Brómaiteitreafluaireatán

1,2

201

C2H2FBr3

HBFC-131 B3

Tríbhrómafluaireatán

1,1

 (*1)

C2H2F2Br2

HBFC-132 B2

Débhrómaidhéfhluaireatán

1,5

 (*1)

C2H2F3Br

HBFC-133 B1

Brómaithrífhluaireatán

1,6

177

C2H3FBr2

HBFC-141 B2

Débhrómafluaireatán

1,7

 (*1)

C2H3F2Br

HBFC-142 B1

Brómaidhéfhluaireatán

1,1

 (*1)

C2H4FBr

HBFC-151 B1

Brómafluaireatán

0,1

 (*1)

C3HFBr6

HBFC-221 B6

Heicseabrómafluaraprópán

1,5

 (*1)

C3HF2Br5

HBFC-222 B5

Peinteabrómaidhéfhluaraprópán

1,9

 (*1)

C3HF3Br4

HBFC-223 B4

Teitreabrómaithrífhluaraprópán

1,8

 (*1)

C3HF4Br3

HBFC-224 B3

Tríbhrómaiteitreafluaraprópán

2,2

 (*1)

C3HF5Br2

HBFC-225 B2

Débhrómaipeinteafluaraprópán

2,0

 (*1)

C3HF6Br

HBFC-226 B1

Brómaiheicseafluaraprópán

3,3

 (*1)

C3H2FBr5

HBFC-231 B5

Peinteabrómafluaraprópán

1,9

 (*1)

C3H2F2Br4

HBFC-232 B4

Teitreabrómaidhéfhluaraprópán

2,1

 (*1)

C3H2F3Br3

HBFC-233 B3

Tríbhrómaithrífhluaraprópán

5,6

 (*1)

C3H2F4Br2

HBFC-234 B2

Débhrómaiteitreafluaraprópán

7,5

 (*1)

C3H2F5Br

HBFC-235 B1

Brómaipeinteafluaraprópán

1,4

 (*1)

C3H3FBr4

HBFC-241 B4

Teitreabrómafluaraprópán

1,9

 (*1)

C3H3F2Br3

HBFC-242 B3

Tríbhrómaidhéfhluaraprópán

3,1

 (*1)

C3H3F3Br2

HBFC-243 B2

Débhrómaithrífhluaraprópán

2,5

 (*1)

C3H3F4Br

HBFC-244 B1

Brómaiteitreafluaraprópán

4,4

 (*1)

C3H4FBr3

HBFC-251 B1

Tríbhrómafluaraprópán

0,3

 (*1)

C3H4F2Br2

HBFC-252 B2

Débhrómaidhéfhluaraprópán

1,0

 (*1)

C3H4F3Br

HBFC-253 B1

Brómaithrífhluaraprópán

0,8

 (*1)

C3H5FBr2

HBFC-261 B2

Débhrómafluaraprópán

0,4

 (*1)

C3H5F2Br

HBFC-262 B1

Brómaidhéfhluaraprópán

0,8

 (*1)

C3H6FBr

HBFC-271 B1

Brómafluaraprópán

0,7

 (*1)

Grúpa VIII

CHFCl2

HCFC-21 (5)

Déchlórafluaraimeatán

0,040

160

CHF2Cl

HCFC-22 (4)

Clóraidhéfhluaraimeatán

0,055

1 960

CH2FCl

HCFC-31

Clórafluaraimeatán

0,020

79,4

C2HFCl4

HCFC-121

Teitreaclórafluaireatán

0,040

58,3

C2HF2Cl3

HCFC-122

Tríchlóraidhéfhluaireatán

0,080

56,4

C2HF3Cl2

HCFC-123 (4)

Déchlóraithrífhluaireatán

0,020

90,4

C2HF4Cl

HCFC-124 (4)

Clóraiteitreafluaireatán

0,022

597

C2H2FCl3

HCFC-131

Tríchlórafluaireatán

0,050

30  (6)

C2H2F2Cl2

HCFC-132

Déchlóraidhéfhluaireatán

0,050

122

C2H2F3Cl

HCFC-133

Clóraithrífhluaireatán

0,060

275  (5)

C2H3FCl2

HCFC-141

Déchlórafluaireatán

0,070

46,6

CH3CFCl2

HCFC-141b (4)

1,1-Déchlóra-1-fluaireatán

0,110

860

C2H3F2Cl

HCFC-142

Clóraidhéfhluaireatán

0,070

175  (5)

CH3CF2Cl

HCFC-142b (4)

1-Clóra–1,1 -défhluaireatán

0,065

2 300

C2H4FCl

HCFC-151

Clórafluaireatán

0,005

10  (5)

C3HFCl6

HCFC-221

Heicseaclórafluaraprópán

0,070

110  (5)

C3HF2Cl5

HCFC-222

Peinteaclóraidhéfhluaraprópán

0,090

500  (5)

C3HF3Cl4

HCFC-223

Teitreaclóraithrífhluaraprópán

0,080

695  (5)

C3HF4Cl3

HCFC-224

Tríchlóraiteitreafluaraprópán

0,090

1 090  (5)

C3HF5Cl2

HCFC-225

Déchlóraipeinteafluaraprópán

0,070

1 560  (5)

CF3CF2CHCl2

HCFC-225ca (4)

3,3-Déchlóra-1,1,1,2,2-peinteafluaraprópán

0,025

137

CF2ClCF2CHClF

HCFC-225cb (4)

1,3-Déchlóra-1,1,2,2,3-peinteafluaraprópán

0,033

568

C3HF6Cl

HCFC-226

Clóraiheicseafluaraprópán

0,100

2 455  (5)

C3H2FCl5

HCFC-231

Peinteaclórafluaraprópán

0,090

350  (5)

C3H2F2Cl4

HCFC-232

Teitreaclóraidhéfhluaraprópán

0,100

690  (5)

C3H2F3Cl3

HCFC-233

Tríchlóraithrífhluaraprópán

0,230

1 495  (5)

C3H2F4Cl2

HCFC-234

Déchlóraiteitreafluaraprópán

0,280

3 490  (5)

C3H2F5Cl

HCFC-235

Clóraipeinteafluaraprópán

0,520

5 320  (5)

C3H3FCl4

HCFC-241

Teitreaclórafluaraprópán

0,090

450  (5)

C3H3F2Cl3

HCFC-242

Tríchlóraidhéfhluaraprópán

0,130

1 025  (5)

C3H3F3Cl2

HCFC-243

Déchlóraithrífhluaraprópán

0,120

2 060  (5)

C3H3F4Cl

HCFC-244

Clóraiteitreafluaraprópán

0,140

3 360  (5)

C3H4FCl3

HCFC-251

Tríchlórafluaraprópán

0,010

70  (5)

C3H4F2Cl2

HCFC-252

Déchlóraidhéfhluaraprópán

0,040

275  (5)

C3H4F3Cl

HCFC-253

Clóraithrífhluaraprópán

0,030

665  (5)

C3H5FCl2

HCFC-261

Déchlórafluaraprópán

0,020

84  (5)

C3H5F2Cl

HCFC-262

Clóraidhéfhluaraprópán

0,020

227  (5)

C3H6FCl

HCFC-271

Clórafluaraprópán

0,030

340  (5)

Grúpa IX

CH2BrCl

BCM

Brómaclóraimeatán

0,12

4,74


(1)  Airítear san Iarscríbhinn seo na substaintí ídithe ózóin agus a n-isiméirí. De réir Airteagal 2, pointe (a), maidir le meascáin ina bhfuil na substaintí ídithe ózóin a liostaítear san Iarscríbhinn seo, meastar gur substaintí ídithe ózóin iad a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(2)  Maidir leis na figiúirí a bhaineann le ODP, is meastacháin iad atá bunaithe ar eolas atá ann cheana agus déanfar iad a athbhreithniú agus a athleasú go tréimhsiúil i bhfianaise na gcinntí a dhéanfaidh na Páirtithe.

(3)  Bunaithe ar an Séú Tuarascáil Mheasúnachta, Chapter 7: The Earth’s energy budget, climate feedbacks, and climate sensitivity – Supplementary Material [Caibidil 7: Buiséad fuinnimh an Domhain, aiseolas ar an aeráid, agus íogaireacht aeráide – Ábhar Forlíontach] arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(*1)  Luach réamhshocraithe, níl an GWP ar fáil fós.

(4)  Ní bhaineann an fhoirmle seo le 1,1,2-tríchlóireatán.

(5)  Sainaithníonn sé seo an tsubstaint is inmharthana ó thaobh na tráchtála de mar atá forordaithe sa Phrótacal.

(6)  Measúnú Eolaíoch ar Ídiú Ózóin: 2018; Appendix A Summary of Abundances, Lifetimes, Ozone Depletion Potentials (ODPs), Radiative Efficiencies (REs), Global Warming Potentials (GWPs), and Global Temperature change Potentials (GTPs) [Foscríbhinn A Achoimre ar Líonmhaireachtaí, Saolréanna, Acmhainneachtaí Ídithe Ózóin (ODPanna), Éifeachtúlachtaí Radantacha (REnna), Acmhainneachtaí Téimh Domhanda (GWPanna), agus Acmhainneachtaí Athruithe Teochta Domhanda (GTPanna)].


IARSCRÍBHINN II

SUBSTAINTÍ ÍDITHE ÓZÓIN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (A), NACH RIALAÍTEAR FAOIN BPRÓTACAL  (1)

Substaint

Acmhainn ídithe ózóin (ODP) (2)

Poitéinseal téimh dhomhanda (GWP) (3)

C3H7Br

1-Brómaprópán (bróimíd n-próipile)

0,02 — 0,10

0,052

C2H5Br

Bróimeatán (bróimíd eitile)

0,1 — 0,2

0,487

CF3I

Trífhluaraiadaimeatán (iaidíd thrífhluaraimeitile)

0,01 — 0,02

 (*1)

CH3Cl

Clóraimeatán (clóiríd mheitile)

0,02

5,54

C3H2BrF3

2-bróma-3,3,3-trífhluarapróp-1-éin (2-BTP)

< 0,05  (4)

 (*1)

CH2Cl2

Déchlóraimeatán (DCM)

neamhnialais (5)

11,2

C2Cl4

Teitreaclóireitéin (Sárchlóireitiléin PCE))

0,006 — 0,007  (4)

 (*1)


(1)  Airítear san Iarscríbhinn seo na substaintí ídithe ózóin agus a n-isiméirí. De réir Airteagal 2, pointe (a), maidir le meascáin ina bhfuil na substaintí ídithe ózóin a liostaítear san Iarscríbhinn seo, meastar gur substaintí ídithe ózóin iad a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(2)  Maidir leis na figiúirí a bhaineann le ODP, is meastacháin iad atá bunaithe ar eolas atá ann cheana agus déanfar iad a athbhreithniú agus a athleasú go tréimhsiúil i bhfianaise na gcinntí a dhéanfaidh na Páirtithe.

(3)  Bunaithe ar an Séú Tuarascáil Mheasúnachta, Chapter 7: The Earth’s energy budget, climate feedbacks, and climate sensitivity – Supplementary Material [Caibidil 7: Buiséad fuinnimh an Domhain, aiseolas ar an aeráid, agus íogaireacht aeráide – Ábhar Forlíontach] arna ghlacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(*1)  Luach réamhshocraithe, níl an GWP ar fáil fós.

(4)  Measúnú Eolaíoch ar Ídiú Ózóin: 2018; Appendix A Summary of Abundances, Lifetimes, Ozone Depletion Potentials (ODPs), Radiative Efficiencies (REs), Global Warming Potentials (GWPs), and Global Temperature change Potentials (GTPs) [Foscríbhinn A Achoimre ar Líonmhaireachtaí, Saolréanna, Acmhainní Ídithe Ózóin (ODPanna), Éifeachtúlachtaí Radantacha (REnna), Acmhainneachtaí Téimh Domhanda (GWPanna), agus Acmhainneachtaí Athruithe Teochta Domhanda (GTPanna)].

(5)  Substaintí nua ídithe ózóin atá tuairiscithe ag na Páirtithe: Cinntí XIII/5, X/8 agus IX/24 (a tugadh cothrom le dáta i mí na Bealtaine 2012). https://ozone.unep.org/resources?term_node_tid_depth%5B883%5D=883


IARSCRÍBHINN III

OIBREÁIN PHRÓISIS

Aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh sna próisis dá dtagraítear in Airteagal 7:

(a)

úsáid teitreaclóiríde carbóin chun tríchlóiríd nítrigine a dhíchur le linn clóirín agus sóid loiscneach a tháirgeadh;

(b)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn rubar clóirínithe a mhonarú;

(c)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn polai-feiniléin-téireaftalaimíd a mhonarú;

(d)

úsáid CFC-12 le linn sintéisiú fótaiceimiceach a dhéanamh ar réamhtheachtaithe pearfluarapoiléitearpoilasárocsaíde de chuid Z-pearfluarapoiléitear agus díorthach défheidhmiúil;

(e)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn cioglaidím a tháirgeadh.

Ní rachaidh an uaschainníocht substaintí ídithe ózóin a fhéadfar a úsáid mar oibreáin phróisis laistigh den Aontas thar 921 tona mhéadracha in aghaidh na bliana. Ní rachaidh an uaschainníocht substaintí ídithe ózóin a fhéadfar a scaoileadh as úsáidí oibreán próisis laistigh den Aontas thar 15 thona mhéadracha in aghaidh na bliana.


IARSCRÍBHINN IV

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE SUBSTAINTÍ ÍDITHE ÓZÓIN ATÁ CEAPTHA LE HAGHAIDH ÚSÁIDÍ BUNRIACHTANACHA SAOTHARLAINNE AGUS ANAILÍSE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(6) A CHUR AR AN MARGADH AGUS A SHOLÁTHAR NÓ A CHUR AR FÁIL INA DHIAIDH SIN

1.   

Beidh substaintí ídithe ózóin de réir na n-íonachtaí seo a leanas le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse:

Substaint

%

CTC (grád imoibrí)

99,5

1,1,1-tríchlóireatán

99,0

CFC 11

99,5

CFC 13

99,5

CFC 12

99,5

CFC 113

99,5

CFC 114

99,5

Substaintí eile ídithe ózóin a bhfuil fiuchphointe > 20 °C acu

99,5

Substaintí eile ídithe ózóin a bhfuil fiuchphointe < 20 °C acu

99,0

Féadfaidh táirgeoirí, gníomhairí, nó dáileoirí na substaintí ídithe ózóin sin a mheascadh ina dhiaidh sin le ceimiceáin eile atá faoi réir rialú faoin bPrótacal nó nach bhfuil de réir mar is gnách i gcás úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse.

2.   

Ní dhéanfar na substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear i bpointe 1 agus na meascáin ina bhfuil na substaintí sin a sholáthar ach amháin i gcoimeádáin in-athdhúnta nó i sorcóirí ardbhrú a bhfuil toilleadh níos lú ná 3 cm3 iontu nó in ampaill ghloine a bhfuil toilleadh 10 cm3 nó níos lú iontu agus marcálfar go soiléir orthu gur substaintí iad a ídíonn an ciseal ózóin, nach n-úsáidtear iad ach le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse agus sonrófar go bhfuil substaintí úsáidte nó farasbarr substaintí le bailiú agus le hathchúrsáil, más praiticiúil. Déanfar an t-ábhar a scriosadh más rud é nach bhfuil sé praiticiúil é a athchúrsáil.

3.   

Déanfar substaintí ídithe ózóin úsáidte nó farasbarr substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear i bpointe 1 agus meascáin ina bhfuil na substaintí sin a bhailiú agus a athchúrsáil, más praiticiúil. Déanfar na substaintí sin agus meascáin ina bhfuil na substaintí sin a scriosadh, más rud é nach bhfuil sé praiticiúil iad a athchúrsáil.


IARSCRÍBHINN V

ÚSÁIDÍ CRITICIÚLA HALÓN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9(1)

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘scoithdháta’ an dáta ar ina dhiaidh sin nach n-úsáidfear halóin le haghaidh múchtóirí dóiteáin ná córais cosanta dóiteáin i dtrealamh nua agus saoráidí nua don fheidhm lena mbaineann;

2.

ciallaíonn ‘trealamh nua’ trealamh nár tharla ceachtar de na heachtraí seo a leanas ina leith faoin scoithdháta:

(a)

síniú an chonartha soláthair nó forbartha ábhartha;

(b)

iarraidh ar chineálcheadú nó ar dheimhniúchán cineáil a chur faoi bhráid an údaráis rialála iomchuí; maidir le haerárthaigh, tagraíonn iarraidh ar dheimhniúchán cineáil a chur isteach d’iarraidh ar dheimhniúchán nua cineáil aerárthaigh a chur isteach;

3.

ciallaíonn ‘saoráidí nua’ saoráidí nár tharla ceachtar de na heachtraí seo a leanas ina leith faoin scoithdháta:

(a)

síniú an chonartha forbartha ábhartha;

(b)

iarraidh ar thoiliú pleanála a chur faoi bhráid an údaráis rialála iomchuí;

4.

ciallaíonn ‘dáta deiridh’ an dáta ar ina dhiaidh sin nach n-úsáidfear halóin don fheidhm lena mbaineann agus an dáta faoina ndéanfar na múchtóirí dóiteáin nó na córais cosanta dóiteáin ina bhfuil halóin a dhíchoimisiúnú;

5.

ciallaíonn ‘támhú’ tús an phróisis dócháin a chosc maidir le hatmaisféar inlasta nó pléascach trí bhíthin oibreán coisctheach nó caolaithe a chur leis;

6.

ciallaíonn ‘spás a bhíonn áitithe de ghnáth’ spás cosanta ina bhfuil sé riachtanach daoine a bheith ann an chuid is mó den am nó an t-am ar fad chun go bhfeidhmeoidh an trealamh nó an tsaoráid go héifeachtach; i gcás feidhmeanna míleata, tá feidhm ag stádas áitíochta an spáis cosanta le linn staid chomhraic;

7.

ciallaíonn ‘spás a bhíonn neamháitithe de ghnáth’ spás cosanta nach mbíonn áitithe ach ar feadh tréimhsí teoranta, go háirithe agus cothabháil á déanamh, agus spás nach bhfuil sé riachtanach daoine a bheith ann ar bhonn leanúnach chun go bhfeidhmeoidh an trealamh nó an tsaoráid go héifeachtach.

ÚSÁIDÍ CRITICIÚLA HALÓN

Feidhm

Scoithdháta

(31 Nollaig den bhliain a luaitear)

Dáta deiridh

(31 Nollaig den bhliain a luaitear)

Catagóir an trealaimh nó na saoráide

Cuspóir

An cineál múchtóra

An cineál halóin

1.

Ar fheithiclí míleata talún

1.1.

Chun urranna innill a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2402

2010

2035

1.2.

Chun urranna criú a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2402

2011

2040

2.

Ar longa míleata dromchla

2.1.

Chun spásanna innealra a bhíonn áitithe de ghnáth a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2402

2010

2040

2.2.

Chun spásanna innill a bhíonn neamháitithe de ghnáth a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2402

2010

2035

2.3.

Chun urranna leictreacha a bhíonn neamháitithe de ghnáth a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2010

2030

 

2.4.

Chun ionaid cheannais a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2010

2030

2.5.

Chun seomraí caidéil breosla a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2010

2030

2.6.

Chun urranna stórála leachta inlasta a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2402

2010

2030

3.

Ar fhomhuireáin mhíleata

3.1.

Chun spásanna innealra a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2010

2040

3.2.

Chun ionaid cheannais a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2010

2040

3.3.

Chun spásanna gineadóra díosail a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2010

2040

3.4.

Chun urranna leictreacha a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2010

2040

4.

Ar aerárthaí

4.1.

Chun urranna lastais a bhíonn neamháitithe de ghnáth a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2402

2024

2040

4.2.

Chun cábáin agus urranna criú a chosaint

Múchtóir iniompartha

1211

2402

2014

2025

4.3.

Chun naoisilí innill agus aonaid chumhachta chúnta a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2402

2014

2040

4.4.

Chun umair bhreosla a thámhú

Córas fosaitheach

1301

2402

2011

2040

4.5.

Chun bánna tirime a chosaint

Córas fosaitheach

1301

1211

2402

2011

2040

5.

I saoráidí ceannais agus cumarsáide ar talamh atá bunriachtanach don tslándáil náisiúnta

Chun spásanna a bhíonn áitithe de ghnáth a chosaint

Córas fosaitheach

1301

2402

2010

2025


IARSCRÍBHINN VI

TUAIRISCIÚ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 24

1.   

Chun críche na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘táirgeacht’ an chainníocht substaintí ídithe ózóin a tháirgtear d’aon ghnó nó de thaisme, lena n-áirítear mar sheachtháirge mura rud é go scriostar an seachtháirge sin mar chuid den phróiseas táirgthe nó tar éis nós imeachta doiciméadaithe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl, ach gan na cainníochtaí a athchúrsáladh nó a mínghlanadh a áireamh.

2.   

Cuirfidh gach táirgeoir na sonraí seo a leanas in iúl ar leithligh i ndáil le gach substaint ídithe ózóin:

(a)

a tháirgeacht iomlán;

(b)

aon táirgeacht arna cur ar an margadh nó arna húsáid as a stuaim féin ag an táirgeoir laistigh den Aontas, agus táirgeacht le haghaidh úsáide mar bhunábhar, mar oibreáin phróisis agus le haghaidh úsáidí eile á sainaithint ar leithligh óna chéile;

(c)

aon táirgeacht chun críoch úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse san Aontas;

(d)

aon táirgeacht chun críoch úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse de chuid Páirtí eile sa Phrótacal;

(e)

aon chainníocht a athchúrsáladh, a mínghlanadh nó a scriosadh agus an teicneolaíocht a úsáideadh i gcomhair an scriosta, lena n-áirítear cainníochtaí arna dtáirgeadh agus arna scriosadh mar sheachtháirge dá dtagraítear i bpointe 1;

(f)

aon stoc a bhí ina sheilbh aige ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

(g)

aon cheannachán ó ghnóthais eile san Aontas agus aon díolachán leo;

(h)

aon astaíocht, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a bhaineann le táirgeadh, seachtháirgeadh, stóráil agus iompar, lena n-áirítear an t-aistriú ó choimeádán amháin go coimeádán eile.

3.   

Cuirfidh gach allmhaireoir na sonraí seo a leanas in iúl ar leithligh i ndáil le gach substaint ídithe ózóin:

(a)

aon chainníocht arna scaoileadh i saorchúrsaíochta, agus allmhairiú le haghaidh úsáid mar bhunábhar agus mar oibreán próisis, le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse agus le haghaidh scriosadh á sainaithint ar leithligh óna chéile; déanfaidh allmhaireoirí a d’allmhairigh substaintí ídithe ózóin lena scriosadh ceann scríbe nó cinn scríbe deiridh iarbhír gach ceann de na substaintí a chur in iúl freisin, agus déanfar cainníocht gach ceann de na substaintí agus ainm agus seoladh na saoráide scriosta ar seachadadh an tsubstaint chuici a sholáthar ar leithligh i gcás gach cinn scríbe;

(b)

aon chainníocht a allmhairíodh faoi nósanna imeachta eile custaim, agus an nós imeachta custaim agus na húsáidí ainmnithe á sainaithint ar leithligh óna chéile;

(c)

aon chainníocht de shubstaintí úsáidte a allmhairíodh lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh;

(d)

aon stoc a bhí ina sheilbh aige ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

(e)

aon cheannachán ó ghnóthais eile san Aontas agus aon díolachán leo;

(f)

an tír thionscnaimh.

4.   

Cuirfidh gach onnmhaireoir na sonraí seo a leanas in iúl ar leithligh i ndáil le gach substaint ídithe ózóin:

(a)

aon chainníocht de na substaintí sin a onnmhairíodh, agus na cainníochtaí a onnmhairíodh chuig gach tír cinn scríbe agus na cainníochtaí a onnmhairíodh le haghaidh úsáide mar bhunábhar agus mar oibreán próisis, le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse agus le haghaidh úsáidí criticiúla á sainaithint ar leithligh óna chéile;

(b)

aon stoc a bhí ina sheilbh aige ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

(c)

aon cheannachán ó ghnóthais eile san Aontas agus aon díolachán leo;

(d)

an tír cinn scríbe.

5.   

Déanfaidh gach gnóthas a scriosann substaintí ídithe ózóin agus nach gcumhdaítear le pointe 2(e) den Iarscríbhinn seo, na sonraí seo a leanas a chur in iúl ar leithligh, i ndáil le gach substaint:

(a)

aon chainníocht a scriosadh, agus cainníochtaí atá i dtáirgí nó i dtrealamh á sainaithint ar leithligh óna chéile, agus aon chainníocht a gineadh mar sheachtháirge agus a scriosadh ar bhonn faisnéise, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, arna soláthar ag táirgeoirí nó allmhaireoirí;

(b)

aon stoc, a bhí ina sheilbh aige ag tús agus deireadh na tréimhse tuairiscithe, a bhí le scriosadh, lena n-áirítear cainníochtaí atá i dtáirgí nó i dtrealamh;

(c)

an teicneolaíocht a úsáideadh chun an scriosadh a chur i gcrích;

(d)

aon astaíocht, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a bhaineann le scriosadh, iompar agus stóráil, lena n-áirítear an t-aistriú ó choimeádán amháin go coimeádán eile.

Déanfaidh gach gnóthas a scriosann substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I agus nach gcumhdaítear le pointe 2(e) den Iarscríbhinn seo, sonraí a chur in iúl freisin i ndáil le haon cheannachán ó ghnóthais eile san Aontas agus aon díolachán leo.

6.   

Déanfaidh gach gnóthas a úsáideann substaintí ídithe ózóin mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis na sonraí seo a leanas a chur in iúl ar leithligh, i ndáil le gach substaint:

(a)

aon chainníocht a úsáideadh mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis;

(b)

aon stoc a bhí ina sheilbh aige ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

(c)

na cineálacha úsáide a bhaintear as bunábhar agus na próisis agus aon astaíocht, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a bhaineann le hiompar agus stóráil, lena n-áirítear an t-aistriú ó choimeádán amháin go coimeádán eile.

Déanfaidh gach gnóthas a úsáideann substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis sonraí a chur in iúl freisin i ndáil le haon cheannachán ó ghnóthais eile san Aontas agus aon díolachán leo.


IARSCRÍBHINN VII

CÓRAS CEADÚNÚCHÁIN

1.   

Déanfaidh gnóthais an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún chun críoch clárúcháin sa chóras ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16:

(a)

sonraí teagmhála an ghnóthais, lena n-áirítear uimhir theileafóin, ainm an ghnóthais mar atá sé i ndoiciméid oifigiúla ábhartha agus seoladh iomlán an ghnóthais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sonraí teagmhála an ionadaí aonair dá dtagraítear in Airteagal 16(3), an dara fomhír;

(b)

Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);

(c)

ainm iomlán agus seoladh leictreonach theagmhálaí an ghnóthais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ainm iomlán agus seoladh leictreonach an ionadaí aonair dá dtagraítear in Airteagal 16(3), an dara fomhír;

(d)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnóthais, lena n-áirítear an allmhaireoir substaintí ídithe ózóin an gnóthas nó an onnmhaireoir na substaintí sin é;

(e)

deimhniú i scríbhinn go bhfuil sé de rún ag an ngnóthas clárú, lena ndeimhnítear go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar sa chóras ceadúnúcháin ceart agus cruinn, arna shíniú ag úinéir tairbhiúil nó ag fostaí de chuid an ghnóthais atá údaraithe ráitis atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh thar ceann an ghnóthais, agus, i gcás inarb infheidhme, arna shíniú freisin ag ionadaí aonair an ghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 16(3), an dara fomhír;

(f)

aon fhaisnéis eile is gá chun formáid dhlíthiúil nó airgeadais nó sonraíochtaí gnó an ghnóthais a shainaithint.

2.   

Déanfaidh gnóthais an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún chun cur isteach ar cheadúnas a cheanglaítear faoi Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3), trí bhíthin formáid leictreonach arna soláthar ag an gcóras ceadúnúcháin:

(a)

maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú substaintí ídithe ózóin, tuairisc ar gach ceann de na substaintí sin, lena n-áirítear:

(i)

ainm na substainte agus an úsáid atá beartaithe don tsubstaint;

(ii)

uimhir aicmiúcháin taraife na n-earraí i dTaraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC);

(iii)

i dtaobh an bhfuil an tsubstaint i meascán;

(b)

maidir le hallmhairiú nó le honnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin:

(i)

cineál na dtáirgí agus an trealaimh agus an úsáid atá beartaithe dóibh;

(ii)

ainm na substainte;

(iii)

uimhir aicmiúcháin taraife na n-earraí in TARIC;

(c)

maidir le hallmhairiú substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I nó táirgí agus trealaimh lena scriosadh, ainm agus seoladh na saoráide ina scriosfar iad;

(d)

aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú faoin Rialachán seo chun feidhme i gceart agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (14)

Iarscríbhinn VI, pointe (1)

Airteagal 3, pointe (15)

Airteagal 3, pointe (16)

Airteagal 3, pointe (17)

Airteagal 3, pointe (18)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 3, pointe (19)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 3, pointe (20)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 3, pointe 21

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (22)

Airteagal 3, pointe (23)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (24)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 3, pointe (25)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 3, pointe (26)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 3, pointe (27)

Airteagal 3, pointe (28)

Airteagal 3, pointe (29)

Airteagal 3, pointe (30)

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 3, pointe (31)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír

Airteagal 5(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 5(1) agus Airteagal 11(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 6

Airteagal 7(2)

Airteagal 15(5)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 15(5)

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(4), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Iarscríbhinn III

Airteagal 8(5)

Airteagal 7(4)

Airteagal 9

Airteagal 12

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 10(3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 15(5)

Airteagal 10(3), an tríú fomhír

Airteagal 8(6)

Airteagal 10(4) go (8)

Airteagal 11

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 13(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 14

Airteagal 15(1)

Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(2)

Airteagal 15(2), pointí (a) go (d)

Airteagal 13(1), pointí (a) go (d)

Airteagal 15(2), pointe (e)

Airteagal 15(2), pointe (f), an chéad fhrása

Airteagal 13(f)

Airteagal 15(2), pointe (f), an dara agus an tríú frása

Airteagal 15(2), pointe (g)

Airteagal 13(1), pointe (g)

Airteagal 15(2), pointe (h)

Airteagal 13(1), pointe (i)

Airteagal 15(2), pointe (i)

Airteagal 13(1), pointe (j)

Airteagal 15(2), pointe (j)

Airteagal 13(1), pointe (h)

Airteagal 15(2), pointe (k)

Airteagal 15(3)

Airteagal 13(2)

Airteagal 16

Airteagal 17(1)

Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(2)

Airteagal 17(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 14(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 17(2), pointe (d)

Airteagal 14(1), pointe (g)

Airteagal 17(2), pointe (e)

Airteagal 14(1), pointe (e)

Airteagal 17(2), pointe (f)

Airteagal 14(1), pointe (d)

Airteagal 17(2), pointí (g) agus (h)

Airteagal 17(3)

Airteagal 14(2)

Airteagal 17(4)

Airteagal 14(3)

Airteagal 18(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 18(3)

Iarscríbhinn VII, pointe 2

Airteagal 18(4)

Airteagal 16(5)

Airteagal 18(5)

Airteagal 16(7)

Airteagal 18(6), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 16(8)

Airteagal 18(6), pointí (a) agus (b)

Airteagal 18(7)

Airteagal 18(8)

Airteagal 18(9)

Airteagal 16(13)

Airteagal 19

Airteagal 18

Airteagal 20

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 22(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 20(6)

Airteagal 22(3)

Airteagal 22(4), an chéad fhomhír

Airteagal 20(5)

Airteagal 22(4), an dara fomhír

Airteagal 20(7)

Airteagal 22(5), an chéad fhomhír

Airteagal 20(8)

Airteagal 22(5), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 23(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 21(5)

Airteagal 23(4), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 21(6)

Airteagal 23(4), an chéad fhomhír, an dara habairt, agus an dara fomhír

Airteagal 23(5)

Airteagal 21(2)

Airteagal 23(6)

Airteagal 21(2)

Airteagal 23(7)

Airteagal 24(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 22(1)

Airteagal 25

Airteagal 28

Airteagal 26

Airteagal 23

Airteagal 27(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 27(2) go (6)

Iarscríbhinn VI

Airteagal 27(7)

Airteagal 27(8)

Airteagal 24(2)

Airteagal 27(9)

Airteagal 24(3)

Airteagal 27(10)

Airteagal 24(4)

Airteagal 28(1), an chéad abairt

Airteagal 26(1)

Airteagal 28(1), an dara habairt

Airteagal 26(2), an dara fomhír

Airteagal 28(2)

Airteagal 28(3)

Airteagal 25(6)

Airteagal 28(4)

Airteagal 26(7)

Airteagal 28(5)

Airteagal 26(5)

Airteagal 29

Airteagal 27(1)

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 31

Airteagal 32

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VIII


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/590/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top