EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0405
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/405 of 30 January 2024 amending Regulation (EU) No 139/2014 as regards the use of signals in case of radio communication failure
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/405 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann le húsáid comharthaí i gcás teipe cumarsáide raidió
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/405 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann le húsáid comharthaí i gcás teipe cumarsáide raidió
C/2024/462
IO L, 2024/405, 11.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/405/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32014R0139 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe ADR.OPS.B.031 pointe (c) | 01/05/2025 | |
Modifies | 32014R0139 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe ADR.OPS.B.031 pointe (d) | 01/05/2025 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/405 |
11.4.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/405 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann le húsáid comharthaí i gcás teipe cumarsáide raidió
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 39(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim, ar a n-áirítear a mbainistiú, a n-oibriú, a ndeimhniú agus a bhformhaoirseacht. |
(2) |
Ní mór forbairtí áirithe a rinne an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) le déanaí a léiriú i rialacha an Aontais. Baineann cuid de na forbairtí sin is déanaí a leagtar síos in Iarscríbhinn 2 ‘Rialacha an Aeir’ de Chomhaontú Chicago leis na comharthaí atá le húsáid, gan beann ar na coinníollacha léargais, i gcás go dteipfeadh ar an gcumarsáid raidió idir an aonad seirbhísí aerthráchta agus feithiclí nó coisithe sa limistéar ainlithe eitilte in aeradróim. Dá bhrí sin, is gá leasú a dhéanamh ar chuid ADR.OPS.B.031 — Cumarsáid in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 dá réir sin. |
(3) |
Chun cur chun feidhme na mbeart arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo a áirithiú agus leibhéal ard aonfhoirmeach de shábháilteacht eitlíochta sibhialta san Aontas a áirithiú, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt don tionscal agus d’údaráis inniúla na mBallstát oiriúnú do na bearta arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo. Ar an mbonn sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 12 mhí tar éis teacht i bhfeidhm dó. |
(4) |
Thug Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa cúnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, agus chuir sí Tuairim Uimh. 02/2023 (3) lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin an 18 Lúnasa 2023, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I bpointe ADR.OPS.B.031 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014, cuirtear na pointí (c) agus (d) seo a leanas isteach:
‘(c) |
Má úsáidtear comharthaí i gcomhréir le pointe (b)(4), beidh an bhrí seo a leanas acu:
|
(d) |
I gcoinníollacha éigeandála nó i gcás nach leanfar na comharthaí i bpointe (c), úsáidfear an comhartha thíos ar rúidbhealaí nó bealaí innlithe a bhfuil córas soilsithe acu, agus beidh an bhrí seo a leanas leis:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/405/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)