EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2176

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2176 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388 a mhéid a bhaineann le soláthraí an ábhair thagartha (tugadh fógra faoi le doiciméad C(2023) 6734)

C/2023/6734

IO L, 2023/2176, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2176/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2176/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2176

17.10.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2176 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388 a mhéid a bhaineann le soláthraí an ábhair thagartha

(tugadh fógra faoi le doiciméad C(2023) 6734)

(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é Corteva Agriscience LLC, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, sealbhóir an údaraithe maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe ina bhfuil teagmhas thrasfhoirmithe aonair MIR 162 (aitheantóir uathúil SYN-IR162-4), a chumhdaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388 ón gCoimisiún (2), a chur ar an margadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388 sonraítear soláthraí na n-ábhar tagartha agus an nasc chuig an leathanach gréasáin ar a bhfuil an t-ábhar tagartha le haghaidh an mhodha braite le fáil.

(3)

I litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2022, chuir Corteva Agriscience Belgium BV, thar ceann Corteva Agriscience LLC, an Coimisiún ar an eolas maidir le hathrú ar sholáthraí an ábhair thagartha le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388 a leasú chun an sonrú a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann leis an nasc chuig an suíomh gréasáin lena bhfaightear rochtain ar an ábhar tagartha deimhnithe.

(4)

Ba cheart an t-athrú ar sholáthraí an ábhair thagartha maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 a iontráil i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(5)

Is leasuithe riaracháin amháin iad na leasuithe a mholtar ar an údarú agus níl measúnú nua i gceist ar na táirgí lena mbaineann mar gheall orthu.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388

San Iarscríbhinn, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(3):

‘(3)

Ábhar Tagartha: Tá ERM®-BF418 (do DAS-Ø15Ø7), ERM®-BF413 (do MON-ØØ81Ø-6), ERM®-BF415 (do MON-ØØ6Ø3-6) agus ERM®-BF446 (do SYN-IR162-4) ar fáil tríd an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/.’

Airteagal 2

Seolaí

Dírítear an Cinneadh seo chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 An Bhruiséil, an Bheilg.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1388 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2021 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe 1507 × MIR162 × MON810 × NK603, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina gcomhcheanglaítear dhá cheann nó trí cinn de na teagmhais thrasfhoirmithe aonair 1507, MIR162, MON810 agus NK603, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 300, 24.8.2021, lch. 22)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2176/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top