EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021L2118

Treoir (AE) 2021/2118 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2009/103/CE maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/60/2021/REV/1

IO L 430, 2.12.2021, p. 1–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/2118/oj

2.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 430/1


TREOIR (AE) 2021/2118 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2021

lena leasaítear Treoir 2009/103/CE maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá tábhacht ar leith ag baint le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí (“mótarárachas”) do shaoránaigh na hEorpa, cibé acu is sealbhóirí polasaí iad nó daoine a d’fhéadfadh a bheith ina ndaoine díobhálaithe mar thoradh ar thionóisc. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach den mhargadh árachais “neamhshaoil” san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar suntasach ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí agus, dá bhrí sin, ar an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais an margadh inmheánach sa réimse sin a dhaingniú agus a chomhdhlúthú.

(2)

In 2017, rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus ní gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse a mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí ina leith: cúiteamh do dhaoine díobhálaithe mar thoradh ar thionóiscí i gcás ina bhfuil an gnóthas árachais lena mbaineann dócmhainneach, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí. I dteannta na gceithre réimse sin, sainaithníodh na réimsí seo a leanas, eadhon feithiclí seolta, tionóiscí lena mbaineann leantóir arna tharraingt ag feithicil, uirlisí neamhspleácha comparáide praghsanna mótarárachais, agus ionaid faisnéise agus faisnéis do dhaoine díobhálaithe, mar réimsí a mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí ina leith. Thairis sin, ba cheart soiléireacht Threoir 2009/103/CE a fheabhsú tríd an téarma “duine díobhálaithe” nó “duine a ndearnadh díobháil dó nó di” a chur in ionad an téarma “íospartach”, a úsáidtear sa Treoir sin mar chomhchiall le “duine díobhálaithe”, de réir mar is iomchuí, trí leasuithe iomchuí. Tá sé de chuspóir eisiach ag na leasuithe sin comhchuibhiú a dhéanamh ar an téarmaíocht a úsáidtear sa Treoir sin agus ní hionann iad agus athrú substainte.

(3)

Ó tháinig Treoir 2009/103/CE i bhfeidhm, tá go leor cineálacha nua feithiclí atá á gcumhachtú le mótar tagtha ar an margadh. Tá cuid acu á gcumhachtú le mótar leictreach amháin, agus tá cuid acu á gcumhachtú le trealamh cúnta. Ba cheart feithiclí den sórt sin a chur san áireamh agus an bhrí atá le “feithicil” á shainmhíniú. Ba cheart an sainmhíniú sin a bheith bunaithe ar shaintréithe ginearálta feithiclí den sórt sin, go háirithe a n-uasluas dearaidh agus a nglanmheáchain, agus ba cheart go bhforálfaí leis nach gcumhdaítear ach feithiclí a thiomáintear le cumhacht mheicniúil amháin. Ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú sin go neamhspleách ar an líon rothaí atá ag an bhfeithicil. Níor cheart cathaoireacha rothaí atá beartaithe lena n-úsáid ag daoine atá faoi mhíchumas fisiceach a chur san áireamh sa sainmhíniú.

(4)

Ba cheart feithiclí leictreacha éadroma nach dtagann faoin sainmhíniú ar “fheithicil” a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh aon ní sa Treoir sin bac ar Bhallstáit, faoina ndlí náisiúnta, mótarárachas a éileamh, faoi réir coinníollacha a leagfaidh siad síos, i ndáil le haon mhótarthrealamh a úsáidtear ar thalamh nach dtagann faoin sainmhíniú ar “fheithicil” a leagtar síos sa Treoir sin, agus nach gceanglaítear, dá bhrí sin, leis an Treoir sin árachas den sórt sin a fháil ina leith. Níor cheart ach oiread go gcuirfeadh an Treoir sin bac ar na Ballstáit foráil a dhéanamh, ina ndlíthe náisiúnta, d’íospartaigh tionóiscí a tharlaíonn mar thoradh ar threalamh mótair eile rochtain a bheith acu ar chomhlacht cúitimh an Bhallstáit mar a chinntear i gCaibidil 4. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin, i gcás ina ndéantar díobháil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu ina gcríoch i dtionóisc arb é mótarthrealamh eile den sórt sin is cúis léi i mBallstát eile nach n-éilíonn mótarárachas don mhótarthrealamh sin, go mbeidh rochtain ag na cónaitheoirí sin ar an gcomhlacht cúitimh mar a chinntear i gCaibidil 4 sa Bhallstát ina bhfuil siad ina gcónaí. Ba cheart an deis a bheith ag comhlachtaí cúitimh na mBallstát comhaontú frithpháirteach a dhéanamh faoi na bealaí ina gcomhoibreoidh siad i gcás den sórt sin.

(5)

I mbreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí, eadhon ina breithiúnais i gcásanna Vnuk (4), Rodrigues de Andrade (5) agus Torreiro (6), shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais ciall an choincheapa “úsáid feithiclí”. Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais go háirithe go bhfuil mótarfheithiclí ceaptha lena n-úsáid mar mhodh taistil de ghnáth, beag beann ar thréithe na bhfeithiclí sin, agus go gcumhdaítear faoi úsáid na bhfeithiclí sin aon úsáid feithicle atá comhsheasmhach lena gnáthfheidhmiú mar mhodh taistil, beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht. Níl feidhm ag Treoir 2009/103/CE más rud é, tráth na tionóisce, gurb í “úsáid seachas mar mhodh iompair” gnáthfheidhm feithicle den sórt sin. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh mura n-úsáidtear an fheithicil de réir Airteagal 3, an chéad mhír, den Treoir sin, toisc gurb í an ghnáthfheidhm atá aici, mar shampla, “úsáid mar fhoinse cumhachta tionsclaíche nó talmhaíochta”. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí léiriú a thabhairt ar an gcásdlí sin i dTreoir 2009/103/CE trí shainmhíniú ar “úsáid feithicle” a thabhairt isteach.

(6)

Tá roinnt mótarfheithiclí níos lú agus dá bhrí sin, is lú is dóichí go ndéanfaidís díobháil shuntasach phearsanta nó damáiste suntasach do mhaoin ná mótarfheithiclí eile. Bheadh sé díréireach agus ní bheadh sé in ann seasamh i bhfad na haimsire iad a áireamh i raon feidhme Threoir 2009/103/CE. Dá gcuirfí san áireamh iad, bhainfí an bonn de ghlacadh le feithiclí nua, amhail rothair leictreacha, nach dtiomáintear le cumhacht mheicniúil amháin, agus dhíspreagfaí nuálaíocht. Thairis sin, níl dóthain fianaise ann go bhféadfadh feithiclí níos lú den sórt sin a bheith ina gcúis le tionóiscí a mbeadh daoine díobhálaithe mar thoradh orthu ar an scála céanna le feithiclí eile amhail gluaisteáin nó trucailí. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, níor cheart go gcumhdódh ceanglais ar leibhéal an Aontais, dá bhrí sin, ach na feithiclí sin a shainmhínítear amhlaidh i dTreoir 2009/103/CE.

(7)

Mar phrionsabal, le mótarárachas, ba cheart go gcumhdófaí tionóiscí i ngach áit sna Ballstáit. Mar sin féin, tá forálacha ag Ballstáit áirithe lena rialaítear feithiclí a úsáidtear go heisiach i limistéir shonracha a bhfuil rochtain theoranta orthu. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sin maoluithe teoranta a dhéanamh ar Airteagal 3 de Threoir 2009/103/CE i ndáil le limistéir shrianta nár cheart do dhaoine neamhúdaraithe dul isteach iontu, amhail limistéir a bhaineann go sonrach le suíomh agus limistéir ina bhfuil trealamh ag calafoirt agus ag aerfoirt. Aon Bhallstát a chinneann maoluithe den sórt sin a dhéanamh, ba cheart dó bearta iomchuí a dhéanamh freisin chun a áirithiú go n-íocfar cúiteamh i leith aon chaillteanais nó díobhála arb iad feithicil den sórt sin is cúis leo.

(8)

Ba cheart freisin go bhféadfadh Ballstát gan mótarárachas éigeantach a éileamh d’fheithiclí nach gceadaítear a úsáid ar bhóithre poiblí i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit sin bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go n-íocfar cúiteamh i leith aon chaillteanais nó díobhála arb iad feithicil den sórt sin is cúis leo, ach amháin i gcás ina gcinneann an Ballstát freisin maolú ar Airteagal 10 de Threoir 2009/103/CE i ndáil le cúiteamh i leith damáiste de dheasca feithiclí den sórt sin i limistéir nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu de bharr sriain dhlíthiúil nó fhisiciúil ar rochtain ar na limistéir sin, mar a shainmhínítear lena dhlíthe náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag maolú den sórt sin ar Airteagal 10 maidir le feithiclí ar chinn Ballstát maolú ar an oibleagáid árachais ina leith toisc nach gceadaítear na feithiclí sin a úsáid ar bhóithre poiblí i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, fiú más rud é go bhféadfadh an oibleagáid árachais do na feithiclí sin tairbhe a bhaint as maolú eile freisin, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Threoir 2009/103/CE.

(9)

I mBallstáit áirithe, tá forálacha ann maidir le húsáid feithiclí mar mhodh lena ndéantar díobháil phearsanta nó damáiste do mhaoin d’aon turas. I gcás inarb infheidhme, maidir leis na cionta is tromchúisí, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit leanúint dá gcleachtas dlí damáiste den sórt sin a eisiamh ó mhótarárachas éigeantach nó méid an chúitimh árachais a íoctar leis na daoine díobhálaithe a éileamh ar ais ó na daoine ba chúis leis an díobháil sin nó an damáiste sin. Mar sin féin, ionas nach ndéanfar an chosaint a thugtar le Treoir 2009/103/CE a laghdú, níor cheart cleachtais dlí den sórt sin a cheadú ach amháin má áirithíonn Ballstát i gcásanna den sórt sin go ndéantar na daoine díobhálaithe a chúiteamh as an damáiste sin ar bhealach atá chomh gar agus is féidir don chaoi a gcúiteofaí iad faoi Threoir 2009/103/CE. Ach amháin má tá foráil déanta ag an mBallstát do shásra nó ráthaíocht um chúiteamh den sórt sin chun cúiteamh a áirithiú do dhaoine díobhálaithe as damáiste den sórt sin ar bhealach atá chomh gar agus is féidir don chaoi a gcúiteofaí iad faoi Threoir 2009/103/CE, ba cheart damáiste den sórt sin a chumhdach i gcomhréir leis an Treoir sin.

(10)

Níor cheart do na Ballstáit Treoir 2009/103/CE a chur i bhfeidhm maidir le húsáid feithiclí in imeachtaí agus i ngníomhaíochtaí mótarspóirt, lena n-áirítear rásaí agus comórtais, chomh maith le hoiliúint, tástáil agus taispeántais lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le luas, iontaofacht nó scileanna, a cheadaítear i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Ba cheart gníomhaíochtaí díolmhaithe den sórt sin a dhéanamh i limistéar atá srianta agus sainithe ar bhealach a áiritheoidh nach bhfuil an gnáththrácht, daoine den phobal agus aon pháirtithe nach mbaineann leis an ngníomhaíocht in ann an bealach atá á úsáid a roinnt go hiarbhír nó go féideartha. Áirítear ar ghníomhaíochtaí den sórt sin de ghnáth gníomhaíochtaí atá ar rianta nó ar bhealaí mótarspóirt ainmnithe agus na limistéir gharchomharsanachta, amhail limistéir slándála, limistéir stoptha sloic agus garáistí, áiteanna ina bhfuil an baol tionóisce i bhfad níos airde i gcomparáid le gnáthbhóithre agus nár cheart do dhaoine neamhúdaraithe dul isteach iontu.

(11)

Níor cheart feidhm a bheith ag díolúine den sórt sin maidir le himeachtaí agus gníomhaíochtaí mótarspóirt ach amháin i gcás ina n-áirithíonn an Ballstát go bhfuil polasaí árachais nó ráthaíochta eile tógtha amach ag eagraí an imeachta nó na gníomhaíochta, nó ag aon pháirtí eile, lena gcumhdaítear an damáiste d’aon tríú páirtí, lena n-áirítear lucht féachana agus daoine eile ar an láthair, ach ní gá go mbeadh an damáiste do thiománaithe rannpháirteacha agus dá bhfeithiclí cumhdaithe. Ach amháin má thógann na heagraithe nó páirtithe eile árachas nó polasaí ráthaíochta eile amach, mar choinníoll leis an díolúine sin, ba cheart an damáiste a bheith cumhdaithe, ach amháin, b’fhéidir, i gcás damáiste do na tiománaithe rannpháirteacha agus dá bhfeithiclí, i gcomhréir le Treoir 2009/103/CE.

(12)

Ionas nach laghdófar an chosaint a thugtar le Treoir 2009/103/CE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, sna himeachtaí agus gníomhaíochtaí mótarspóirt a cheadaítear i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus atá incháilithe don díolúine sin, go ndéantar na daoine díobhálaithe a chúiteamh as damáiste den sórt sin ar bhealach atá chomh gar agus is féidir don chaoi a gcúiteofaí iad faoi Threoir 2009/103/CE.

(13)

Nuair atá feithiclí á monarú agus á n-iompar, níl feidhmeanna iompair acu agus ní mheastar iad a bheith in úsáid de réir bhrí Airteagal 3, an chéad mhír, de Threoir 2009/103/CE. Mar sin féin, má roghnaíonn Ballstát gan an ceanglas mótarárachas a bheith acu i ndáil le feithiclí den sórt sin a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 28(1) de Threoir 2009/103/CE, ba cheart árachas dliteanais ghnóthais a bheith ann chun an damáiste a d’fhéadfadh na feithiclí sin a bheith ina gcúis leis a chumhdach.

(14)

Faoi láthair, le dlíthe náisiúnta go leor Ballstát, déantar nasc idir an oibleagáid árachais agus úsáid feithicle de réir bhrí Airteagal 3, an chéad mhír, de Threoir 2009/103/CE. I mBallstáit den sórt sin, ní cheadaítear feithicil a úsáid ach amháin nuair atá an fheithicil cláraithe. Sonraítear i ndlíthe na mBallstát sin go bhfuil an fheithicil le cumhdach ag mótarárachas le linn chlárú agus úsáid ghníomhach na feithicle de réir bhrí Airteagal 3, an chéad mhír, de Threoir 2009/103/CE. Dá bhrí sin, ní éilíonn na Ballstáit sin cumhdach árachais d’úsáid feithiclí atá díchláraithe go buan nó go sealadach toisc go bhfuil siad, mar shampla, i músaem, go bhfuil athchóiriú á dhéanamh orthu nó nár úsáideadh iad ar feadh tréimhse fhada ama ar chúis eile, amhail úsáid shéasúrach. Ní mór do na Ballstáit sin bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar cúiteamh i gcomhréir leis an gcúiteamh atá ar fáil faoi Threoir 2009/103/CE i leith aon chaillteanais nó díobhála a tharlaíonn ina gcríoch agus ar chríoch Bhallstát eile ag feithiclí mar a shainmhínítear iad sa Treoir sin agus a úsáidtear de réir bhrí Airteagal 3, an chéad mhír, den Treoir sin.

(15)

Faoi láthair, maidir le roinnt Ballstát nach ndéanann nasc idir an oibleagáid chun árachú i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithicle agus clárú feithicle, roghnaíonn siad gan mótarárachas éigeantach a éileamh d’fheithiclí a tarraingíodh siar óna n-úsáid go foirmiúil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Áirítear ar shamplaí de tharraingt siar fhoirmiúil ó úsáid den sórt sin fógra a chur chuig an údarás inniúil nó chuig páirtithe ainmnithe eile a bhfuil feidhm an údaráis inniúil á comhlíonadh acu nó trí bhearta fisiceacha infhíoraithe eile a dhéanamh. Ní mór do na Ballstáit sin bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar cúiteamh i gcomhréir leis an gcúiteamh atá ar fáil faoi Threoir 2009/103/CE i leith aon chaillteanais nó díobhála a dhéanfaidh feithiclí den sórt sin ar a gcríoch agus ar chríoch na mBallstát eile.

(16)

Faoi láthair, tá Ballstáit le staonadh ó sheiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ar a gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, amhail teicneolaíocht lena gceadaítear aitheanta uimhirphlátaí uathoibríoch, beifear in ann árachas feithiclí a sheiceáil gan iad a stopadh agus, dá réir sin, gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ach ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad, ar sheiceálacha iad sin a dhéantar freisin i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch an Bhallstáit a dhéanann na seiceálacha, agus nach gá an fheithicil a stopadh.

(17)

Maidir leis na Ballstáit sin a chinneann córas a chur ar bun lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith roinnte le Ballstáit eile ina dhiaidh sin, amhail sonraí ó theicneolaíocht aitheanta uimhirphlátaí, ní mór dóibh reachtaíocht a rith lenar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil chun an tiomáint neamhárachaithe a chomhrac agus, san am céanna, ní mór dóibh bearta iomchuí a bhunú chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí a choimirciú. Tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun an tiomáint neamhárachaithe a chomhrac. I reachtaíocht na mBallstát, ba cheart go háirithe an chríoch shonrach a shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála ábhartha a chomhlíonadh agus na prionsabail maidir le riachtanas, comhréireacht agus “teorannú de réir cuspóra” a urramú, agus tréimhse coinneála sonraí chomhréireach a leagan síos. Lena chois sin, ba cheart na prionsabail maidir le “cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh” agus “cosaint sonraí pearsanta mar réamhshocrú” a chur i bhfeidhm i ngach córas próiseála sonraí a fhorbrófar agus a úsáidfear laistigh de chreat reachtaíochta na mBallstát.

(18)

I gcomhréir leis na prionsabail sin, níor cheart go gcoimeádfadh Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáiltear go heisiach chun críche seiceáil árachais a láimhseáil ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a theastaíonn lena fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil cumhdach árachais bhailí ag feithicil. Nuair a fhaightear go bhfuil feithicil cumhdaithe, ba cheart na sonraí ar fad a bhaineann leis an bhfíorú sin a scriosadh. I gcás nach bhfuil córas fíoraithe in ann a chinneadh an bhfuil feithicil árachaithe, níor cheart na sonraí sin a choimeád ach ar feadh tréimhse teoranta, nach faide ná líon na laethanta is gá chun a chinneadh an ann don chumhdach árachais. Maidir leis na feithiclí ar ina leith a fuarthas nach bhfuil siad cumhdaithe ag polasaí árachais bhailí, tá sé réasúnach a éileamh go gcoimeádfaí sonraí den chineál sin go dtí go mbeidh aon phróisis riaracháin nó bhreithiúnacha curtha i gcrích agus go dtí go mbeidh an fheithicil cumhdaithe ag polasaí árachais bhailí.

(19)

Le Treoir 2009/103/CE, leagtar síos faoi láthair dátaí tagartha éagsúla le haghaidh athríomh tréimhsiúil a dhéanamh ar na híosmhéideanna cumhdaigh i mBallstáit éagsúla, as a n-eascraíonn íosmhéideanna cumhdaigh éagsúla, ag brath ar an mBallstát. Chun íoschosaint chomhionann do dhaoine díobhálaithe ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart na híosmhéideanna sin a chomhchuibhiú, agus clásal athbhreithnithe aonfhoirmeach a thabhairt isteach, agus an t-innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat á úsáid mar thagarmharc, mar aon le rialacha nós imeachta lena rialaítear athbhreithniú den sórt sin agus lena leagtar amach tráthchlár aonfhoirmeach.

(20)

Chun cosaint éifeachtach agus éifeachtúil a thabhairt do dhaoine a ndearnadh díobháil dóibh mar thoradh ar thionóiscí tráchta, ní mór do na daoine díobhálaithe sin a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh ina mBallstáit chónaithe agus freagairt a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ama. Ceanglaítear leis freisin, i gcás ina bhfuil údar lena n-éilimh, go n-íoctar i gcónaí leis na daoine díobhálaithe sin na méideanna atá dlite as a ndíobhálacha pearsanta nó as aon damáiste dá maoin, is cuma má tá gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a chur ar bun nó a údarú chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá curtha ar bun nó údaraithe chun na críche céanna sin i mBallstát baile an ghnóthais árachais dhócmhainnigh a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. I gcás ina bhfuil socrú cúitimh ag Ballstát cheana, ba cheart go mbeadh an Ballstát in ann cead a thabhairt leanúint leis.

(21)

D’fhéadfadh gnóthas árachais éirí dócmhainneach ar bhealaí éagsúla, mar shampla, tar éis é a bheith dearbhaithe ina fhéimheach, tar éis dó mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh nuair a thréig sé a údarú ina Bhallstát baile nó tar éis dó a bheith faoi réir beart cúlghairme nó faoi réir cinnidh lena gcuirtear toirmeasc ar a ghníomhaíocht. Nuair a dhéantar ordú nó nuair a ghlactar cinneadh tús a chur leis na himeachtaí féimheachta nó foirceanta, ba cheart an t-ordú nó an cinneadh sin a phoibliú. Ba cheart don chomhlacht atá curtha ar bun nó údaraithe chun daoine díobhálaithe a chúiteamh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais i mBallstát baile an ghnóthais árachais an t-ordú nó an cinneadh sin a chur in iúl do chomhlachtaí den sórt sin i ngach Ballstát eile.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an comhlacht arna chur ar bun nó arna údarú chun daoine díobhálaithe a chúiteamh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais sa Bhallstát a bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe, ar a chríoch inniúil ag gach céim den nós imeachta chun faisnéis a iarraidh ó chomhlachtaí, údaráis agus geallsealbhóirí ábhartha eile san Aontas, chun iad a chur ar an eolas agus bheith curtha ar an eolas acu agus chun dul i gcomhar leo. Ba cheart gur leor an fhaisnéis sin le go mbeidh an faighteoir in ann ar a laghad tuiscint ghinearálta a fháil ar an gcás. Tá an fhaisnéis sin tábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an comhlacht a dhéanann an duine díobhálaithe a chúiteamh in ann, sula ndéantar an cúiteamh a íoc, a fháil amach, ina aonar nó in éineacht leis na páirtithe ábhartha uile de bhun na reachtaíochta náisiúnta, ar chúitigh an gnóthas árachais an t-éilitheoir cheana i ndáil lena éileamh nó lena héileamh. Féadfar fiú an t-éileamh a thíolactar don chomhlacht sin a aistriú chuig an ngnóthas árachais lena ghrinnscrúdú breise nó le haghaidh cinnidh, i gcás ina n-éilítear amhlaidh leis an dlí nós imeachta náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-iarrfaidh an comhlacht faisnéis níos mionsonraithe faoi éilimh shonracha agus go bhfaighidh sé an fhaisnéis sin.

(23)

Ba cheart an córas aisíocaíochta a bheith gan dochar don dlí is infheidhme maidir le leibhéil chumhdaigh na ndaoine díobhálaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail chéanna maidir le héilimh beag beann ar cibé an bhfuil an gnóthas árachais sócmhainneach nó dócmhainneach. Ba cheart do chomhlacht Bhallstát baile an ghnóthais árachais a d’eisigh polasaí an pháirtí faoi dhliteanas an íocaíocht a dhéanamh le comhlacht an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis do chomhlacht Bhallstát baile an ghnóthais árachais éileamh ar athchúiteamh a fháil maidir le híocaíocht a rinne comhlacht Bhallstát cónaithe an duine díobhálaithe leis an duine díobhálaithe.

(24)

Ag brath ar na céimeanna éagsúla de láimhseáil éileamh, maidir le híocaíochtaí a dhéantar leis na daoine díobhálaithe agus próisis aisíocaíochta i gcomhlachtaí éagsúla, d’fhéadfadh dliteanais a bheith gan íoc idir comhlachtaí arna gcur ar bun nó arna n-údarú chun daoine díobhálaithe a chúiteamh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais. Ba cheart an ceart seachaíochta a aistriú ón gcomhlacht a d’íoc cúiteamh le comhlacht an Bhallstáit eile an chéad uair de réir mar a théann aisíoc na gcomhlachtaí ar aghaidh. Dá bhrí sin, maidir leis an gcomhlacht, sa mhéid gur thug an comhlacht cúiteamh i leith an chaillteanais nó na díobhála a tharla agus nár aisíocadh é go fóill, a sheachú chuig cearta an duine díobhálaithe in aghaidh an duine ba chúis leis an tionóisc, nó in aghaidh a ghnóthais árachais nó a gnóthais árachais. Mar sin féin, níor cheart an comhlacht sin a sheachú chuig cearta an duine díobhálaithe i gcoinne an tsealbhóra polasaí nó in aghaidh duine árachaithe eile ba chúis leis an tionóisc a mhéid a bheadh dliteanas an tsealbhóra polasaí nó an duine árachaithe cumhdaithe ag an ngnóthas árachais dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar gach Ballstát an tseachaíocht seo dá bhforáiltear ag aon Bhallstát eile a aithint.

(25)

Chun cosaint éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú do dhaoine díobhálaithe i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, ní mór do na Ballstáit socruithe iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na cistí is gá chun daoine díobhálaithe a chúiteamh ar fáil nuair a bheidh íocaíochtaí cúitimh dlite. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart do na Ballstáit baile na socruithe sin a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na socruithe sin, áfach, a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe leis na prionsabail sin amhail lex specialis agus lex posterior. Ionas nach gcuirfear ualach díréireach gan údar ar árachóirí, má éilíonn Ballstát ranníocaíochtaí airgeadais ó ghnóthais árachais, níor cheart na ranníocaíochtaí sin a bhailiú ach ó ghnóthais árachais arna n-údarú ag an mBallstát sin. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar do chistiú aon fheidhmeanna eile a d’fhéadfaí a thabhairt do chomhlacht arna chur ar bun nó arna údarú chun daoine díobhálaithe a chúiteamh i gcás dhócmhainneacht gnóthais árachais.

(26)

Chun a áirithiú go ndéanfar na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le cúiteamh do dhaoine díobhálaithe i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart do na comhlachtaí ar cuireadh an cúram sin orthu a ndícheall a dhéanamh chun comhaontú a thabhairt i gcrích maidir lena bhfeidhmeanna agus lena n-oibleagáidí agus leis na nósanna imeachta le haghaidh aisíocaíochta. Mura dtagtar ar chomhaontú den sórt sin laistigh de 24 mhí ón dáta a dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le cúraimí agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí sin a shonrú a mhéid a bhaineann le haisíocaíocht.

(27)

I gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, ba cheart daoine díobhálaithe a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh ó chomhlacht ina mBallstát cónaithe, lena n-áirítear i gcás iad a bheith díobhálaithe mar thoradh ar thionóiscí a tharla i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an fheidhm chun daoine díobhálaithe den sórt sin a chúiteamh a shannadh do chomhlacht nua nó do chomhlacht atá ann cheana, lena n-áirítear don chomhlacht cúitimh arna chur ar bun nó arna fhormheas faoi Airteagal 24 de Threoir 2009/103/CE. I gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann freisin cúraimí cúitimh maidir le daoine díobhálaithe mar thoradh ar thionóiscí a tharla ina mBallstát cónaithe agus daoine díobhálaithe mar thoradh ar thionóiscí a tharla i mBallstáit seachas a mBallstát cónaithe a shannadh do chomhlacht amháin. I gcás daoine a ndearnadh díobháil dóibh i mBallstáit seachas a mBallstát cónaithe, tá sé tábhachtach freisin malartú faisnéise agus comhar leis na comhlachtaí cúitimh arna mbunú nó arna bhformheas faoi Airteagal 24 de Threoir 2009/103/CE a áirithiú i ngach Ballstát agus le hionadaithe éilimh.

(28)

Tá na Ballstáit in ann níos mó ná comhlacht cúitimh amháin a chur ar bun nó a údarú faoi Threoir 2009/103/CE, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh níos deacra do dhaoine díobhálaithe an comhlacht ar cheart dóibh a n-éilimh a chur isteach chuige a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a chuireann ar bun nó a údaraíonn níos mó ná comhlacht cúitimh amháin a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine díobhálaithe ar fhaisnéis bhunriachtanach maidir leis na bealaí féideartha chun cúiteamh a éileamh ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas an comhlacht ar cheart dóibh a n-éilimh a chur isteach chuige a shainaithint go héasca.

(29)

I gcás feithicle seolta, ba cheart go bhféadfadh an duine atá freagrach as cumhdach dliteanais tríú páirtí rogha a dhéanamh maidir le polasaí árachais a ghlacadh sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó, ar feadh thréimhse 30 lá ón dáta a nglacfaidh an ceannaitheoir leis an seachadadh, sa Bhallstát cinn scríbe, fiú murar cláraíodh an fheithicil go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe. Ba cheart go mbeadh lárionad faisnéise an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe agus, i gcás nach ionann iad, an Bhallstáit is ceann scríbe, chomh maith le lárionad faisnéise aon Bhallstáit ábhartha eile, amhail an Ballstát inar tharla tionóisc ar a chríoch, nó ina bhfuil cónaí ar dhuine díobhálaithe, comhoibriú lena chéile chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá maidir leis an bhfeithicil seolta atá acu i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2009/103/CE ar fáil.

(30)

I gcás tionóiscí a bhaineann le leantóirí ar eisíodh árachas dliteanais tríú páirtí ar leithligh ón bhfeithicil tarraingthe ina leith, ba cheart go mbeadh an duine díobhálaithe in ann an t-éileamh a thabhairt i gcoinne árachóir an leantóra, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta. Arna iarraidh sin, ba cheart go mbeadh an duine díobhálaithe in ann faisnéis a fháil ó árachóir an leantóra maidir le céannacht árachóir na feithicle tarraingthe nó i gcás nach bhfuil árachóir an leantóra in ann árachóir na feithicle tarraingthe a shainaithint, in ainneoin iarrachtaí réasúnta a dhéanamh, faisnéis maidir leis an sásra cúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir 2009/103/CE.

(31)

Chun aithint stair na n-éileamh a éascú agus polasaí árachais nua á thabhairt i gcrích, ba cheart go mbeadh sé indéanta stair na n-éileamh roimhe sin de chuid sealbhóirí polasaí a fhíordheimhniú go héasca agus iad ag iarraidh conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh a n-ábhar agus a bhformáid mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Thairis sin, ba cheart go gcaithfeadh gnóthais árachais le ráiteas faoi stair na n-éileamh ó Bhallstát eile mar ráiteas atá comhionann le ráiteas intíre faoi stair na n-éileamh agus ba cheart go ndéanfaidís aon lascainí a bheadh ar fáil do chliant baile atá comhionann seachas sin a chur i bhfeidhm maidir le cliant ó Bhallstát eile, lena n-áirítear na lascainí sin a éilítear le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit, amhail lascainí bonus-malus. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir leis na córais bonus-malus, ós rud é gur de chineál náisiúnta iad na córais sin, agus gan aon ghné thrasteorann, agus, dá bhrí sin, faoi phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé i gcónaí cinntí a dhéanamh ina leith. Chun a chur ar chumas na mBallstát a fhíorú an gcaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh agus conas a chaitheann siad leo, ba cheart do ghnóthais árachais forléargas ginearálta ar a bpolasaithe a fhoilsiú i ndáil le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ní cheanglaítear ar ghnóthais árachais faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fhoilsiú, amhail mionsonraí faoi rialacha maidir le taraifí.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/103/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le formáid agus ábhar an ráitis faoi stair na n-éileamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(33)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann uirlisí a roghnú a chuireann ar chumas tomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir praghsanna, taraifí agus cumhdach idir soláthraithe mótarárachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2009/103/CE. Má dheimhnítear go cuí iad, d’fhéadfaí uirlisí den sórt sin a ainmniú mar “uirlisí neamhspleácha comparáide praghsanna mótarárachais”. Ba cheart Ballstáit a bheith in ann uirlisí poiblí comparáide praghsanna a bhunú freisin, agus iad á n-oibriú ag údarás poiblí.

(34)

Chun a áirithiú go láimhseálfar éilimh go rianúil nuair a cheanglaítear tuairisc ar thionóiscí faoin dlí náisiúnta lena n-áirithítear ceart an duine díobhálaithe cóip den tuairisc ar thionóisc a fháil ó na húdaráis inniúla, tá sé tábhachtach rochtain a bheith ag an duine díobhálaithe uirthi go tráthúil.

(35)

Chun a áirithiú nach ndéanfar íosmhéideanna cumhdaigh mótarárachais a chreimeadh le himeacht ama, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar na dálaí athraitheacha eacnamaíocha.

(36)

Ar ghlacadh gníomhartha tarmligthe faoi chumhachtuithe sa Treoir seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(37)

Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na ndaoine díobhálaithe, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh.

(38)

Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú ina ndéanfar meastóireacht ar fheidhmiú na gcomhlachtaí cúitimh„ agus ar an gcomhar eatarthu agus ar a gcistiú, ar comhlachtaí iad arna gcur ar bun agus arna n-údarú chun daoine díobhálaithe a chúiteamh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais. Más iomchuí, ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.

(39)

Chun a áirithiú go leanfaidh Treoir 2009/103/CE dá chuspóir a chomhlíonadh, arb ionann é agus daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ar thionóiscí a bhfuil baint ag mótarfheithiclí leo, ba cheart don Choimisiún faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, lena n-áirítear an méadú atá tagtha ar úsáid feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha. Ba cheart dó anailís a dhéanamh freisin ar an úsáid a bhaineann gnóthais árachais as córais ina mbíonn tionchar ag ráitis stair na n-éileamh ó na sealbhóirí polasaithe ar phréimheanna. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcóras malartaithe faisnéise a úsáidtear chun críche seiceálacha trasteorann ar árachas.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe i dtaca le cosaint íosta chomhionann a áirithiú do dhaoine díobhálaithe mar thoradh ar thionóiscí tráchta ar fud an Aontas, a gcosaint a áirithiú i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais agus a áirithiú go gcaithfidh árachóirí go cothrom le ráitis faoi stair na n-éileamh le haghaidh sealbhóirí polasaí féideartha a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(41)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(42)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/103/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2009/103/CE mar seo a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

ciallaíonn ‘feithicil’:

(a)

aon mhótarfheithicil a thiomáintear le cumhacht mheicniúil amháin ar talamh ach nach ritheann ar ráillí:

(i)

ag a bhfuil uasluas dearaidh níos mó ná 25 km/h; nó

(ii)

ag a bhfuil uas-ghlanmheáchan níos mó ná 25 kg agus uasluas dearaidh níos mó ná 14 km/h;

(b)

aon leantóir atá le húsáid le feithicil dá dtagraítear i bpointe (a), bíodh sé cúpláilte nó díchúpláilte.

Gan dochar do phointe (a) agus pointe (b), ní mheastar gur feithiclí dá dtagraítear sa Treoir seo iad cathaoireacha rothaí atá ceaptha lena n-úsáid ag daoine atá faoi mhíchumas fisiceach go heisiach;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“1a.

ciallaíonn ‘úsáid feithicle’ aon úsáid a bhaintear as feithicil atá comhsheasmhach le feidhmiú na feithicle mar mhodh taistil tráth na tionóisce beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

ciallaíonn ‘duine díobhálaithe’ agus ‘duine a ndearnadh díobháil dó nó di’ aon duine atá i dteideal cúitimh i leith aon chaillteanais nó díobhála arb iad feithiclí is cúis leis nó léi;”;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“8.

ciallaíonn ‘Ballstát baile’‘Ballstát baile’ mar a shainmhínítear é in Airteagal 13(8), pointe (a), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Déanfaidh gach Ballstát, faoi réir Airteagal 5, gach beart iomchuí chun a áirithiú go mbeidh dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid feithicle atá bunaithe ina chríoch de ghnáth cumhdaithe faoi árachas.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le feithicil a úsáid in imeachtaí agus gníomhaíochtaí mótarspóirt, lena n-áirítear rásaí, comórtais, oiliúint, tástáil agus taispeántais i limistéar atá srianta agus sainithe i mBallstát, i gcás ina n-áiritheoidh an Ballstát go bhfuil polasaí árachais nó ráthaíochta eile bainte amach ag eagraí na gníomhaíochta nó ag aon pháirtí eile lena gcumhdaítear an damáiste d’aon tríú páirtí, lena n-áirítear lucht féachana agus daoine eile ar an láthair ach ní gá go mbeadh an damáiste do na tiománaithe rannpháirteacha agus dá bhfeithiclí cumhdaithe.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Seiceálacha ar árachais

1.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ar a gcríoch ó chríoch Ballstáit eile.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, agus:

(a)

go ndéantar iad mar chuid de rialú nach bhfuil dírithe ar fhíorú árachais amháin; nó

(b)

go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha ar an gcríoch náisiúnta ar seiceálacha iad a dhéantar i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an tseiceáil á déanamh aige, agus nach gá an fheithicil a stopadh.

2.   Ar bhonn dhlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, is féidir sonraí pearsanta a phróiseáil nuair is gá chun tiomáint feithiclí gan árachas i mBallstáit seachas Ballstát na críche ina bhfuil siad bunaithe de ghnáth a chomhrac. Beidh an dlí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus leagfar síos leis bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú freisin.

Déanfaidh na bearta Ballstáit sin, go háirithe, an cuspóir sonrach atá le próiseáil na sonraí a shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála ábhartha a chomhlíonadh agus prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, agus an teorannaithe de réir cuspóra a urramú, agus déanfaidh siad tréimhse coinneála sonraí chomhréireach a leagan síos. Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Airteagail seo chun críche seiceáil árachais a láimhseáil amháin ach a fhad is gá chun na críche sin, agus a luaithe a bheidh sé sin bainte amach, scriosfar ina n-iomláine iad. I gcás ina léirítear i seiceáil árachais go bhfuil feithicil atá cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi Airteagal 3, déanfaidh an rialaitheoir na sonraí sin a scriosadh láithreach. Sa chás nach bhfuiltear in ann a chinneadh le seiceáil cé acu atá nó nach bhfuil feithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi Airteagal 3, ní choinneofar na sonraí ach ar feadh tréimhse teoranta, nach faide ná líon na laethanta is gá chun a chinneadh an ann don chumhdach árachais.

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

(4)

in Airteagal 5, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Féadfaidh Ballstát maolú ar Airteagal 3 i ndáil le feithiclí a tharraingítear siar go sealadach nó go buan agus a gcuirtear toirmeasc ar a n-úsáid, ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm nós imeachta riaracháin foirmiúil nó beart infhíoraithe eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áiritheoidh aon Bhallstát a mhaolaíonn amhlaidh go gcaithfear leis na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an gcaoi chéanna le feithiclí nár comhlíonadh an oibleagáid árachais dá dtagraítear in Airteagal 3 ina leith.

Beidh éileamh i gcoinne an chiste ráthaíochta sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil bunaithe de ghnáth ag ciste ráthaíochta an Bhallstáit inar tharla tionóisc.

4.   Féadfaidh Ballstát maolú ar Airteagal 3 i ndáil le feithiclí a úsáidtear go heisiach i limistéir a bhfuil rochtain theoranta orthu, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

Áiritheoidh aon Bhallstát a mhaolaíonn amhlaidh go gcaithfear leis na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an gcaoi chéanna le feithiclí nár comhlíonadh an oibleagáid árachais dá dtagraítear in Airteagal 3 ina leith.

Beidh éileamh i gcoinne an chiste ráthaíochta sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil bunaithe de ghnáth ag ciste ráthaíochta an Bhallstáit inar tharla tionóisc.

5.   Féadfaidh Ballstát maolú ar Airteagal 3 i ndáil le feithiclí nach gceadaítear a úsáid ar bhóithre poiblí i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

Áiritheoidh aon Bhallstát a mhaolaíonn ar Airteagal 3 i ndáil le feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go gcaithfear leis na feithiclí sin ar an gcaoi chéanna le feithiclí nár comhlíonadh an oibleagáid árachais dá dtagraítear in Airteagal 3 ina leith.

Beidh éileamh i gcoinne an chiste ráthaíochta sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil bunaithe de ghnáth ag ciste ráthaíochta an Bhallstáit inar tharla tionóisc.

6.   I gcás ina maolaíonn Ballstát, faoi mhír 5, ó Airteagal 3 i ndáil le feithiclí nach ligtear isteach lena n-úsáid ar bhóithre poiblí, féadfaidh an Ballstát sin maolú freisin ó Airteagal 10 i ndáil le cúiteamh i leith damáiste arb iad na feithiclí sin is cúis leis i limistéir nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu de bharr srian dlíthiúil nó fisiciúil ar rochtain ar na limistéir sin, mar a shainmhínítear lena dhlíthe náisiúnta.

7.   I ndáil le míreanna 3 go 6, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi úsáid an mhaolaithe agus faoi na socruithe ar leith a bhaineann lena chur chun feidhme. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na maoluithe sin.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Íosmhéideanna

1.   Gan dochar d’aon ráthaíochtaí arda a fhéadfaidh na Ballstáit a fhorordú, ceanglóidh gach Ballstáit go mbeidh an t-árachas dá dtagraítear in Airteagal 3 éigeantach i dtaca leis na híosmhéideanna seo a leanas:

(a)

i gcás díobhálacha pearsanta: EUR 6 450 000 in aghaidh na tionóisce, gan beann ar líon na ndaoine díobhálaithe, nó EUR 1 300 000 in aghaidh an duine dhíobhálaithe;

(b)

i gcás damáiste do mhaoin, EUR 1 300 000 in aghaidh na tionóisce, gan beann ar líon na ndaoine díobhálaithe.

I gcás Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu, comhshófar na híosmhéideanna ina n-airgeadra náisiúnta trí ráta malairte a chur i bhfeidhm an 22 Nollaig 2021 arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Gach 5 bliana ón 22 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28b maidir le hoiriúnú na méideanna sin do ICPT laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse 5 bliana.

I gcás Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu, comhshófar na méideanna ina n-airgeadra náisiúnta trí ráta malairte dháta ríofa na n-íosmhéideanna nua a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

(*3)  Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (IO L 135, 24.5.2016, lch. 11).”;"

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 4:

“CAIBIDIL 4

CÚITEAMH AS AN DAMÁISTE ARBH É BA CHÚIS LEIS NÁ FEITHICIL NEAMHAITHEANTA NÓ FEITHICIL AR INA LEITH NÁR COMHLÍONADH AN OIBLEAGÁID ÁRACHAIS DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 3 AGUS CÚITEAMH I gCÁS DÓCMHAINNEACHTA”;

(7)

leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh an chéad fhomhír gan dochar do cheart na mBallstát a mheas go bhfuil cúiteamh ag an gcomhlacht ina chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta agus don cheart chun foráil a dhéanamh maidir le socrú na n-éileamh idir an comhlacht agus an duine nó na daoine atá freagrach as an tionóisc agus árachóirí nó comhlachtaí slándála sóisialta eile a bhfuil ceangal orthu an duine díobhálaithe a chúiteamh i leith na tionóisce céanna. Ní fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú don chomhlacht, áfach, a chur de choinníoll ar íocaíocht an chúitimh go suífidh an duine díobhálaithe, ar aon bhealach, nach bhfuil an duine atá faoi dhliteanas in ann an cúiteamh a íoc nó go ndiúltaíonn an duine sin é a íoc.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Féadfaidh an duine díobhálaithe, ar aon chuma, iarratas a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht a mbeidh sé d’oibleagáid air, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an duine díobhálaithe arna iarraidh sin don chomhlacht, freagra réasúnaithe maidir le híocaíocht aon chúitimh a thabhairt dó nó di.”;

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás, áfach, inar íoc an comhlacht cúiteamh as díobhálacha pearsanta suntasacha le haon pháirtí a gortaíodh mar thoradh ar an tionóisc chéanna ina ndearnadh damáiste do mhaoin de bharr feithicil neamhaitheanta, ní fhéadfaidh na Ballstáit íoc cúitimh as damáiste do mhaoin a eisiamh ar an mbonn go bhfuil an fheithicil gan aithint. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh d’fharasbarr nach mó ná EUR 500 a bheidh le seasamh ag an duine díobhálaithe a ndéanfar damáiste den sórt sin dá mhaoin.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh gach Ballstát a dhlíthe, a rialacháin agus a fhorálacha riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le híocaíocht an chúitimh ag an gcomhlacht, gan dochar d’aon chleachtas eile atá níos fabhraí don duine díobhálaithe.”;

(8)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

Cosaint daoine díobhálaithe i ndáil le damáiste a eascraíonn ó thionóiscí a tharlaíonn ina mBallstát cónaithe i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais

1.   Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú a gcuirfear de chúram air cúiteamh a sholáthar do dhaoine díobhálaithe a bhfuil cónaí orthu laistigh dá chríoch, suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais ar a laghad, as damáiste do mhaoin nó as díobhálacha pearsanta arbh í feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais ba chúis leis, ón uair:

(a)

a bheidh an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta; nó

(b)

a bheidh an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (d), de Threoir 2009/138/CE.

2.   Déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 10 nuair a bhíonn íocaíochtaí cúitimh dlite i gcásanna dá bhforáiltear i mír 1, pointe (a) agus pointe (b). Féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh, ar choinníoll nach bhforchuirfear iad ach ar ghnóthais árachais a bheidh údaraithe ag an mBallstát a bheidh á bhforchur.

3.   Gan dochar d’aon oibleagáid faoi Airteagal 280 de Threoir 2009/138/CE, áiritheoidh gach Ballstát, aon uair a dhéanfaidh cúirt inniúil nó aon údarás inniúil eile ordú nó cinneadh chun tús a chur leis na himeachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó pointe (b), i ndáil le gnóthas árachais arb é an Ballstát baile an Ballstát sin, go bpoibleofar an t-ordú sin nó an cinneadh sin. Áiritheoidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 atá bunaithe i mBallstát baile an ghnóthais árachais go gcuirfear na comhlachtaí uile dá dtagraítear i mír 1 sna Ballstáit go léir ar an eolas go pras faoin ordú sin nó faoin gcinneadh sin.

4.   Féadfaidh an duine díobhálaithe éileamh a thíolacadh go díreach don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1.

5.   Ar an éileamh a fháil, cuirfidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 in iúl don chomhlacht coibhéiseach i mBallstát baile an ghnóthais árachais agus an ghnóthais árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, nó a riarthóir nó a leachtaitheoir, mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2009/138/CE, faoi seach, go bhfuil éileamh faighte aige ón duine díobhálaithe.

6.   Cuirfidh an gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, nó a riarthóir nó a leachtaitheoir, an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas nuair a dhéanfaidh sé dliteanas a chúiteamh nó a dhiúltú maidir le héileamh a bheidh faighte ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 freisin.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1, ar bhonn, inter alia, na faisnéise arna soláthar ag an duine díobhálaithe arna iarraidh sin dó, tairiscint réasúnaithe cúitimh nó freagra réasúnaithe amhail dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo a sholáthar don duine díobhálaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, laistigh de 3 mhí ón dáta a chuir an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh ar chúiteamh faoi bhráid an chomhlachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an comhlacht an méid seo a leanas:

(a)

tairiscint réasúnaithe cúitimh a dhéanamh, i gcás inar shuigh sé go bhfuil sé faoi dhliteanas cúiteamh a sholáthar de bhun mhír 1, pointe (a) nó pointe (b), nach bhfuil an t-éileamh á chonspóid agus go bhfuil na damáistí cainníochtaithe go páirteach nó go hiomlán;

(b)

freagra réasúnaithe a thabhairt ar na pointí a rinneadh san éileamh, i gcás inar shuigh sé nach bhfuil sé faoi dhliteanas cúiteamh a sholáthar de bhun mhír 1, pointe (a) nó (b), nó i gcás ina ndiúltaítear dliteanas nó nár cinneadh go soiléir é nó nach ndearnadh na damáistí a chainníochtú go hiomlán.

8.   I gcás ina mbeidh cúiteamh dlite i gcomhréir le mír 7, an dara fomhír, pointe (a), íocfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an cúiteamh leis an duine díobhálaithe gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón uair a ghlacfaidh an duine díobhálaithe leis an tairiscint réasúnaithe cúitimh dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír, pointe (a).

I gcás nach mbeidh an damáiste cainníochtaithe ach i bpáirt, beidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le híocaíocht an chúitimh a leagtar amach sa chéad fhomhír i ndáil leis an damáiste sin atá cainníochtaithe i bpáirt, agus ón uair a ghlacfar leis an tairiscint réasúnaithe chomhfhreagrach cúitimh.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 na cumhachtaí agus na hinniúlachtaí uile is gá le bheith in ann comhoibriú in am trátha leis na comhlachtaí eile sin i mBallstáit eile, le comhlachtaí arna gcur ar bun nó arna n-údarú faoi Airteagal 25a sna Ballstáit uile agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, a riarthóir nó a leachtaitheoir, agus údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát, ag gach céim le linn na n-imeachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo. Áireofar ar an gcomhar sin faisnéis a iarraidh, a fháil agus a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis maidir le mionsonraí éileamh sonrach, i gcás inarb ábhartha.

10.   I gcás ina mbeidh Ballstát baile an ghnóthais árachais dá dtagraítear i mír 1 éagsúil leis an mBallstát ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe, beidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe a mbeidh an duine díobhálaithe cúitithe aige i gcomhréir le mír 8 i dteideal aisíocaíocht iomlán na suime arna híoc trí chúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát baile an ghnóthais árachais a éileamh.

Déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát baile an ghnóthais árachais an íocaíocht leis an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe a mbeidh an duine díobhálaithe cúitithe aige i gcomhréir le mír 8 in achar réasúnach ama nach faide ná 6 mhí, mura gcomhaontóidh na comhlachtaí sin a mhalairt i scríbhinn, tar éis dó éileamh ar an aisíocaíocht sin a fháil.

Déanfar an comhlacht a bhfuil cúiteamh soláthartha aige de bhun na chéad fhomhíre a sheachú chuig an duine dhíobhálaithe ina chearta nó ina cearta i gcoinne an duine ba chúis leis an tionóisc nó a ghnóthas árachais nó a gnóthas árachais, seachas i gcoinne an tsealbhóra polasaí nó i gcoinne an duine árachaithe eile ba chúis leis an tionóisc sa mhéid is go mbeadh dliteanas an tsealbhóra polasaí nó an duine árachaithe cumhdaithe ag an ngnóthas árachais dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Beidh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát an tseachaíocht sin dá bhforálfaidh aon Bhallstát eile a aithint.

11.   Beidh míreanna 1 go 10 gan dochar do cheart na mBallstát maidir le:

(a)

cúiteamh arna íoc ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 a mheas mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;

(b)

foráil a dhéanamh maidir le socrú na n-éileamh i dtaca leis an tionóisc chéanna idir:

(i)

an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;

(ii)

an duine nó na daoine atá freagrach as an tionóisc;

(iii)

gnóthais eile árachais nó comhlachtaí eile slándála sóisialta a bhfuil ceangal orthu an duine díobhálaithe a chúiteamh.

12.   Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon cheanglas seachas iad sin a leagtar síos sa Treoir seo. Go háirithe, ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir an cheanglais go suífeadh an duine díobhálaithe nach bhfuil an duine dlíthiúil nó nádúrtha atá faoi dhliteanas in ann an cúiteamh a íoc nó go ndiúltaíonn an duine sin an cúiteamh a íoc.

13.   Déanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 nó na heintitis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ndícheall chun comhaontú a thabhairt i gcrích faoin 23 Nollaig 2023 chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, maidir lena bhfeidhmeanna agus a n-oibleagáidí agus na nósanna imeachta maidir le haisíocaíocht de bhun an Airteagail seo.

Chun na críche sin, faoin 23 Meitheamh 2023 déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a chur ar bun nó a údarú agus déanfaidh sé é a chumhachtú chun an comhaontú sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích; nó

(b)

déanfaidh sé eintiteas a ainmniú ar shlí eile a mbeidh cumhachtaí aige an comhaontú sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, a mbeidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 ina pháirtí ann tráth a chuirfear é ar bun nó a údarófar é.

Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún faoin gcomhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás nach dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích faoin 23 Nollaig 2023, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b chun cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a shonrú a mhéid a bhaineann leis an aisíocaíocht.”;

(9)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“I gcás díospóid a bheith ann idir an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus an t-árachóir dliteanais shibhialta i dtaobh cé acu díobh nach mór an duine díobhálaithe a chúiteamh, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí ionas go n-ainmneofar ceann amháin de na páirtithe sin le bheith freagrach ar an gcéad ásc as cúiteamh a íoc leis an duine díobhálaithe gan mhoill.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 5:

“CAIBIDIL 5

CATAGÓIRÍ SPEISIALTA DE DHAOINE DÍOBHÁLAITHE, CLÁSAIL EISIAIMH, PRÉIMH AONAIR, FEITHICLÍ A SHEOLTAR Ó BHALLSTÁT AMHÁIN GO BALLSTÁT EILE”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal 12:

“Catagóirí speisialta de dhaoine díobhálaithe”;

(12)

leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh den chéad fhomhír:

“1.

Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí chun a áirithiú go measfar aon fhoráil reachtúil nó aon chlásal conarthach atá i bpolasaí árachais arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 3 a bheith ar neamhní i ndáil le héilimh ó thríú páirtithe a dhíobháiltear mar thoradh ar thionóisc i gcás ina n-eisiatar ó árachas, leis an bhforáil reachtúil nó an clásal conarthach sin, úsáid nó tiomáint feithiclí ag:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Beidh rogha ag na Ballstáit – i gcás tionóiscí a tharlaíonn ar a gcríoch – gan an fhoráil sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm má fhéadfaidh, agus a mhéid a fhéadfaidh, an duine díobhálaithe cúiteamh a fháil as an damáiste a bhain dó ó chomhlacht slándála sóisialta.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Na Ballstáit sin a dhéanann foráil, i gcás feithiclí a ghoidtear nó a fhaightear trí fhoréigean, go bhfuil an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 10(1) le cúiteamh a íoc, féadfaidh siad barrachas nach mó ná EUR 250, a bheidh le seasamh ag an duine díobhálaithe, a shocrú i leith damáiste do mhaoin.”;

(13)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 13, pointe (13)(b), de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, ag brath ar rogha an duine atá freagrach as cumhdach dliteanais tríú páirtí, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite an Ballstát clárúcháin nó, láithreach ar an gceannaitheoir a ghlacadh leis an seachadadh, an Ballstát cinn scríbe, go ceann tréimhse 30 lá, fiú murar cláraíodh an fheithicil go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh an lárionad faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 23 den Bhallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe, den Bhallstát cinn scríbe, i gcás nach ionann é, agus d’aon Bhallstát ábhartha eile, amhail an Ballstát inar tharla tionóisc, nó ina bhfuil cónaí ar dhuine díobhálaithe, i gcomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá maidir leis an bhfeithicil seolta atá acu i gcomhréir le hAirteagal 23 ar fáil.”;

(14)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

Cosaint daoine díobhálaithe i dtionóiscí a bhaineann le leantóir atá á tharraingt ag feithicil

1.   I gcás tionóisc arbh é ba chúis léi tacar feithiclí ina raibh feithicil a bhí ag tarraingt leantóra, i gcás ina bhfuil árachas dliteanais tríú páirtí ar leithligh ag an leantóir, féadfaidh an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh a dhéanamh go díreach in aghaidh an ghnóthais árachais a d’árachaigh an leantóir, i gcás:

(a)

inar féidir an leantóir a shainaithint, ach nach féidir an fheithicil a tharraing é a shainaithint; agus

(b)

ina ndéantar foráil, leis an dlí náisiúnta is infheidhme, maidir le hárachóir an leantóra cúiteamh a sholáthar.

Rachaidh gnóthas árachais a mbeidh an duine díobhálaithe cúitithe aige ar iontaoibh an ghnóthais a d’árachaigh an fheithicil tarraingthe, nó ar iontaoibh an chomhlachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), má fhoráiltear dó sin, agus a mhéid a fhoráiltear dó sin, faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

Beidh an mhír seo gan dochar don dlí náisiúnta is infheidhme lena bhforáiltear do rialacha atá níos fabhraí don duine díobhálaithe.

2.   I gcás tionóisc arbh é ba chúis léi tacar feithiclí ina raibh feithicil a bhí ag tarraingt leantóra, déanfaidh árachóir an leantóra, mura rud é go gceanglaíonn an dlí náisiúnta is infheidhme air cúiteamh iomlán a sholáthar, arna iarraidh sin don duine díobhálaithe, é nó í a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoin méid seo a leanas:

(a)

céannacht árachóir na feithicle tarraingthe; nó

(b)

i gcás nach féidir le hárachóir an leantóra árachóir na feithicle tarraingthe a shainaithint, an sásra cúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 10.”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Ráitis a bhaineann le héilimh dliteanais tríú páirtí

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de cheart ag an sealbhóir polasaí ráiteas a iarraidh aon tráth maidir leis na héilimh dliteanais tríú páirtí a bhaineann leis an bhfeithicil nó leis na feithiclí atá cumhdaithe ag an gconradh árachais le linn na 5 bliana roimhe sin ar a laghad den ghaol conarthach, nó maidir le heaspa éilimh den sórt sin a bheith ann (‘ráis faoi stair na n-éileamh’).

Déanfaidh an gnóthas árachais, nó aon chomhlacht a d’fhéadfadh a bheith ceaptha ag Ballstát chun árachas éigeantach a sholáthar nó chun ráitis den sórt sin a sholáthar, an ráiteas faoi stair na n-éileamh a sholáthar don sealbhóir polasaí laistigh de 15 lá ón iarraidh. Déanfaidh siad amhlaidh trí úsáid a bhaint as foirm an ráitis faoi stair na n-éileamh.

Áiritheoidh na Ballstáit, agus ráitis faoi stair na n-éileamh arna n-eisiúint ag gnóthais eile árachais nó comhlachtaí eile amhail dá dtagraítear sa dara mír á gcur san áireamh acu, nach gcaithfidh gnóthais árachais le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh gnóthas árachais ráitis faoi stair na n-éileamh a chur san áireamh agus préimheanna á gcinneadh aige, go gcaithfidh sé leosan arna n-eisiúint i mBallstáit eile mar ráitis atá comhionann leosan arna n-eisiúint ag gnóthas árachais nó comhlachtaí amhail dá dtagraítear sa dara mír laistigh den Bhallstát céanna, lena n-áirítear agus aon lascainí á gcur i bhfeidhm aige.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais forléargas ginearálta ar a bpolasaithe i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as ráitis faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.

Glacfaidh an Coimisiún faoin 23 Iúil 2023 gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar, trí bhíthin teimpléid, cuma agus inneachar an ráiteas faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara mír. Sa teimpléad sin, beidh faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

céannacht an ghnóthais árachais nó an chomhlachta a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;

(b)

céannacht an tsealbhóra polasaí, lena n-áirítear a fhaisnéis teagmhála nó a faisnéis teagmhála;

(c)

an fheithicil árachaithe agus a huimhir aitheantais feithicle;

(d)

dáta tosaigh agus dáta deiridh chumhdach árachais na feithicle;

(e)

líon na n-éileamh dliteanais tríú páirtí a shocraítear faoi chonradh árachais an tsealbhóra polasaí le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an ráiteas faoi stair na n-éileamh, lena n-áirítear dáta gach éilimh;

(f)

faisnéis bhreise atá ábhartha faoi na rialacha nó na cleachtais is infheidhme sna Ballstáit.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile agus oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis na Ballstáit sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Glacfar na gníomhartha chur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28a(2).”;

(16)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

Uirlisí comparáide praghais mótarárachais

1.   Féadfaidh na Ballstáit a roghnú uirlisí a dheimhniú lena gcuirfear ar chumas tomhaltóirí praghsanna, taraifí agus cumhdach idir soláthraithe an árachais éigeantaigh dá dtagraítear in Airteagal 3 mar ‘uirlisí comparáide praghais neamhspleácha maidir le mótarárachas’ a chur i gcomparáid saor in aisce má chomhlíontar coinníollacha mhír 2.

2.   Maidir le huirlis chomparáide de réir bhrí mhír 1:

(a)

beidh sí neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe an árachais éigeantaigh dá dtagraítear in Airteagal 3 agus áiritheoidh sí go gcaithfear go cothrom le soláthraithe seirbhíse i dtorthaí cuardaigh;

(b)

nochtfaidh sí go soiléir céannacht úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;

(c)

leagfaidh sí amach na critéir shoiléire, oibiachtúla ar a bhfuil an chomparáid bunaithe;

(d)

úsáidfidh sí friotal atá soiléir agus gan débhrí;

(e)

soláthróidh sí faisnéis atá beacht agus atá cothrom le dáta agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;

(f)

beidh sí ar fáil d’aon soláthraí an árachais éigeantaigh dá dtagraítear in Airteagal 3, lena gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil, lena n-áireofar réimse leathan tairiscintí lena gcumhdófar cuid shuntasach de mhargadh an mhótarárachais agus, i gcás nach ionann an fhaisnéis a thíolacfar agus forléargas iomlán ar an margadh sin, lena soláthrófar ráiteas soiléir chun na críche sin don úsáideoir, sula dtaispeánfar torthaí;

(g)

soláthróidh sí nós imeachta éifeachtach chun faisnéis mhícheart a thuairisciú;

(h)

áireofar ráiteas inti ina míneofar go bhfuil praghsanna bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar agus nach bhfuil siad ceangailteach ar sholáthraithe árachais.”;

(17)

leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.

Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar ghnóthais árachais nó eintitis eile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), (ii) agus (iii), a sholáthar do na hionaid faisnéise agus iad a chur ar an eolas aon uair a thiocfaidh polasaí árachais chun bheith neamhbhailí nó nach gcumhdóidh sé a thuilleadh feithicil ag a bhfuil uimhir chlárúcháin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a eascróidh as míreanna 1 go 5a, déanfar í a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.”;

(18)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 25a

Cosaint daoine díobhálaithe i ndáil le damáiste a eascraíonn as tionóiscí a tharlaíonn i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais

1.   Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú a gcuirfear de chúram air cúiteamh a sholáthar do dhaoine díobhálaithe a bhfuil cónaí orthu laistigh dá chríoch, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(1), suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais ar a laghad, as damáiste do mhaoin nó as díobhálacha pearsanta arbh í feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais ba chúis leo, ón uair:

(a)

a bheidh an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta; nó

(b)

a bheidh an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (d), de Threoir 2009/138/CE.

2.   Déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 chun daoine díobhálaithe a chúiteamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 10 nuair a bhíonn íocaíochtaí cúitimh dlite i gcásanna dá bhforáiltear i mír 1, pointe (a) agus pointe (b). Féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh, ar choinníoll nach bhforchuirfear iad ach ar ghnóthais árachais a bheidh údaraithe ag an mBallstát a bheidh á bhforchur.

3.   Gan dochar d’aon oibleagáid faoi Airteagal 280 de Threoir 2009/138/CE, áiritheoidh gach Ballstát, aon uair a dhéanfaidh cúirt inniúil nó aon údarás inniúil eile ordú nó cinneadh chun tús a chur leis na himeachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó (b), i ndáil le gnóthas árachais arb é an Ballstát baile é an Ballstát sin, go bpoibleofar an t-ordú sin nó an cinneadh sin. Áiritheoidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 atá bunaithe i mBallstát baile an ghnóthais árachais go gcuirfear na comhlachtaí uile dá dtagraítear i mír 1 agus na comhlachtaí cúitimh uile dá dtagraítear in Airteagal 24 sna Ballstáit go léir ar an eolas go pras faoin ordú sin nó faoin gcinneadh sin.

4.   Féadfaidh an duine díobhálaithe éileamh a thíolacadh go díreach don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1.

5.   Ar é an t-éileamh a fháil, cuirfidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 in iúl don chomhlacht coibhéiseach i mBallstát baile an ghnóthais árachais, an comhlacht cúitimh faoi Airteagal 24 i mBallstát cónaithe an duine dhíobhálaithe agus an ghnóthais árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, nó a riarthóir nó a leachtaitheoir, mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2009/138/CE, faoi seach, go bhfuil éileamh faighte aige ón duine díobhálaithe.

6.   Cuirfidh an gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, nó a riarthóir nó a leachtaitheoir, an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas nuair a dhéanfaidh sé dliteanas a chúiteamh nó a dhiúltú maidir le héileamh a bheidh faighte ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 freisin.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1, ar bhonn, inter alia, na faisnéise arna soláthar ag an duine díobhálaithe arna iarraidh sin dó, tairiscint réasúnaithe cúitimh nó freagra réasúnaithe amhail dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo a sholáthar don duine díobhálaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, laistigh de 3 mhí ón dáta a chuir an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh ar chúiteamh faoi bhráid an chomhlachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an comhlacht an méid seo a leanas:

(a)

tairiscint réasúnaithe cúitimh a dhéanamh, i gcás inar shuigh sé go bhfuil sé faoi dhliteanas cúiteamh a sholáthar de bhun mhír 1, pointe (a) nó pointe (b), nach bhfuil an t-éileamh á chonspóid agus go bhfuil na damáistí cainníochtaithe go páirteach nó go hiomlán;

(b)

freagra réasúnaithe a thabhairt ar na pointí a rinneadh san éileamh, i gcás inar shuigh sé nach bhfuil sé faoi dhliteanas cúiteamh a sholáthar de bhun mhír 1, pointe (a) nó (b), nó i gcás ina ndiúltaítear dliteanas nó nár cinneadh go soiléir é nó nach ndearnadh na damáistí a chainníochtú go hiomlán.

8.   I gcás ina mbeidh cúiteamh dlite i gcomhréir le mír 7, an dara fomhír, pointe (a), íocfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an cúiteamh leis an duine díobhálaithe gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón uair a ghlacfaidh an duine díobhálaithe leis an tairiscint réasúnaithe cúitimh dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír, pointe (a).

I gcás nach mbeidh an damáiste cainníochtaithe ach i bpáirt, beidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le híocaíocht an chúitimh a leagtar amach sa chéad fhomhír i ndáil leis an damáiste sin atá cainníochtaithe i bpáirt, agus ón uair a ghlacfar leis an tairiscint réasúnaithe cúitimh a chomhfhreagraíonn don chainníochtú páirteach damáiste comhfhreagrach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 na cumhachtaí agus na hinniúlachtaí uile is gá le bheith in ann comhoibriú in am trátha leis na comhlachtaí eile sin i mBallstáit eile, le comhlachtaí arna gcur ar bun nó arna n-údarú faoi Airteagal 10a agus Airteagal 24 sna Ballstáit uile agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, a ionadaí éileamh nó a riarthóir nó a leachtaitheoir, agus údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát, ag gach céim le linn na n-imeachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo. Áireofar ar an gcomhar sin faisnéis a iarraidh, a fháil agus a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis maidir le mionsonraí éileamh sonrach, i gcás inarb ábhartha.

10.   I gcás ina mbeidh Ballstát baile an ghnóthais árachais dá dtagraítear i mír 1 éagsúil leis an mBallstát ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe, beidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe a mbeidh an duine díobhálaithe cúitithe aige i gcomhréir le mír 8 i dteideal aisíocaíocht iomlán na suime arna híoc trí chúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát baile an ghnóthais árachais a éileamh.

Déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát baile an ghnóthais árachais an íocaíocht leis an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an duine díobhálaithe a mbeidh an duine díobhálaithe cúitithe aige i gcomhréir le mír 8 in achar réasúnach ama nach faide ná 6 mhí, mura gcomhaontóidh na comhlachtaí sin a mhalairt i scríbhinn, tar éis dó éileamh ar aisíocaíocht den sórt sin a fháil.

Déanfar an comhlacht a bhfuil cúiteamh soláthartha aige de bhun na chéad fhomhíre a sheachú chuig an duine díobhálaithe ina chearta nó ina cearta i gcoinne an duine ba chúis leis an tionóisc nó a ghnóthas árachais nó a gnóthas árachais, seachas i gcoinne an tsealbhóra polasaí nó i gcoinne duine árachaithe eile ba chúis leis an tionóisc sa mhéid is go mbeadh dliteanas an tsealbhóra polasaí nó an duine árachaithe cumhdaithe ag an ngnóthas árachais dócmhainneach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Beidh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát an tseachaíocht sin dá bhforálfaidh aon Bhallstát eile a aithint.

11.   Beidh míreanna 1 go 10 gan dochar do cheart na mBallstát maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

a mheas go bhfuil cúiteamh arna íoc ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 ina chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;

(b)

foráil a dhéanamh maidir le socrú na n-éileamh i dtaca leis an tionóisc chéanna idir:

(i)

an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;

(ii)

an duine nó na daoine atá freagrach as an tionóisc;

(iii)

gnóthais eile árachais nó comhlachtaí eile slándála sóisialta a bhfuil ceangal orthu an duine díobhálaithe a chúiteamh.

12.   Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon cheanglas seachas iad sin a leagtar síos sa Treoir seo. Go háirithe, ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir an cheanglais go suífeadh an duine díobhálaithe nach bhfuil an duine dlíthiúil nó nádúrtha atá faoi dhliteanas in ann an cúiteamh a íoc nó go ndiúltaíonn an duine sin an cúiteamh a íoc.

13.   Déanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 nó na heintitis dá dtagraítear sa dara fomhír a ndícheall chun comhaontú a thabhairt i gcrích faoin 23 Nollaig 2023 chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, maidir lena bhfeidhmeanna agus a n-oibleagáidí agus na nósanna imeachta maidir le haisíocaíocht de bhun an Airteagail seo.

Chun na críche sin, faoin 23 Meitheamh 2023 déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)

an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a chur ar bun nó a údarú agus a chumhachtú chun comhaontú den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích; nó

(b)

eintiteas a ainmniú agus a chumhachtú chun comhaontú den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, a mbeidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 ina pháirtí ann tráth a chuirfear ar bun nó a údarófar é.

Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún faoin gcomhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás nach dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích faoin 23 Nollaig 2023, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b chun cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a shonrú a mhéid a bhaineann le haisíocaíocht.”;

(19)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun éascaíocht a dhéanamh ar na sonraí bunúsacha is gá le haghaidh shocrú na n-éileamh a bheith á soláthar, ar bhealach tráthúil, do na daoine díobhálaithe, dá n-árachóirí nó dá n-ionadaithe dlíthiúla.”;

(20)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 26a

Faisnéis do dhaoine díobhálaithe

Áiritheoidh na Ballstáit a dhéanann comhlachtaí cúitimh éagsúla a chur ar bun nó a údarú faoi Airteagal 10(1), Airteagal 10a(1), Airteagal 24(1) agus Airteagal 25a(1) go mbeidh rochtain ag daoine díobhálaithe ar fhaisnéis bhunriachtanach maidir le bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hiarratas a dhéanamh ar chúiteamh.”;

(21)

in Airteagal 28(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go bhfaighfí mótarárachas lena gcomhlíontar ceanglais na Treorach seo d’aon mhótarthrealamh a úsáidtear ar thalamh nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar ‘fheithicil’ in Airteagal 1, pointe 1, agus nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3 maidir leis.”;

(22)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 28a

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme arna bhunú le Cinneadh 2004/9/CE ón gCoimisiún (*4)cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28b

Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 22 Nollaig 2021.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a(13), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 25a(13), an ceathrú fomhír, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ón 22 Nollaig 2021. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), Airteagal 10a(13), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 25a(13), an ceathrú fomhír, a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*6).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2), Airteagal 10a(13), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 25a(13), an ceathrú fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 28c

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dhátaí cur i bhfeidhm faoi seach Airteagal 10a agus Airteagal 25a amhail dá dtagraítear in Airteagal 30, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10a agus Airteagal 25a, ar an gcomhar idir na comhlachtaí sin, agus ar chistiú na gcomhlachtaí sin. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin. Maidir le cistiú na gcomhlachtaí sin, áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil sin:

(a)

measúnú ar acmhainneachtaí maoinithe agus riachtanais mhaoinithe na gcomhlachtaí cúitimh i ndáil lena ndliteanais ionchasacha, agus an riosca go dtiocfadh mótarárachóirí i margaí na mBallstát chun bheith dócmhainneach á chur san áireamh;

(b)

measúnú ar chomhchuibhiú chur chuige cistiúcháin na gcomhlachtaí cúitimh;

(c)

má tá togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, measúnú ar thionchar na ranníocaíochtaí ar phréimheanna conarthaí mótarárachais.

2.   Tráth nach déanaí ná an 24 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo, cé is moite de na gnéithe a mbaineann an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 leo, lena n-airítear i dtaca le:

(a)

cur chun feidhme na Treorach seo maidir le forbairtí teicneolaíocha, go háirithe maidir le feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha;

(b)

leormhaitheas raon feidhme na Treorach seo, i bhfianaise na rioscaí tionóisce a bhaineann le mótarfheithiclí éagsúla;

(c)

i bhfoirm athbhreithnithe, éifeachtacht na gcóras malartaithe faisnéise chun críoch seiceálacha ar árachas i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear, más gá, measúnú, i gcomhair na gcásanna sin, ar a indéanta atá sé córais malartaithe faisnéise atá ann cheana a úsáid, agus in aon chás, anailís ar chuspóirí na gcóras malartaithe faisnéise agus measúnú ar a gcostais; agus

(d)

córais ina bhfuil tionchar ag ráitis na sealbhóirí polasaí faoi stair na n-éileamh ar phréimheanna, inter alia, córais bonus-malus nó ‘bónas cheal éilimh’, a bheith á n-úsáid ag gnóthais árachais.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

(*4)  Cinneadh 2004/9/CE ón gCoimisiún an 5 Samhain 2003 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (IO L 3, 7.1.2004, lch. 34)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."

(*6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(23)

in Airteagal 30, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

 

“Beidh feidhm ag Airteagal 10a(1) go (12) ó dháta an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10a(13), an chéad fhomhír, nó ó dháta cur i bhfeidhm ghníomh tarmligthe an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 10a(13), an ceathrú fomhír.

 

Beidh feidhm ag Airteagal 25a(1) go (12) ó dháta an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 25a(13), an chéad fhomhír, nó ó dháta cur i bhfeidhm ghníomh tarmligthe an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 25a(13), an ceathrú fomhír.

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 10a(1) go (12) agus Airteagal 25a(1) go (12), áfach, roimh an 23 Nollaig 2023.

 

Beidh feidhm ag Airteagal 16, an dara mír, an dara habairt, agus an tríú mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír ón 23 Aibreán 2024 nó ó dháta cur i bhfeidhm ghníomh cur chun feidhme an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 16, an séú mír, cibé acu is déanaí.”.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Faoin 23 Nollaig 2023, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 23 Nollaig 2023.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoin 23 Meitheamh 2023, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na leasuithe a leagtar amach in Airteagal 1, pointe (8) agus pointe (18), den Treoir seo a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 10a(13), an dara fomhír, agus Airteagal 25a(13), an dara fomhír, faoi seach, de Threoir 2009/103/CE.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna maidir le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 85.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2021.

(3)  Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).

(4)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Nollaig 2014, Vnuk, C-162/13, ECLI:EU:C:2014:2146.

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 28 Samhain 2017, Rodrigues de Andrade, C-514/16, ECLI:EU:C:2017:908.

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Nollaig 2017, Torreiro, C-334/16, ECLI:EU:C:2017:1007.

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin trádála) i gcoinne a n-éadála, úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


Ráiteas ón gCoimisiún

Tá an Coimisiún fós tiomanta do chosaint a thabhairt d’ardleibhéal cosanta íospartach i gcomhthéacs na Treorach maidir le Mótarárachas. Is é an cuspóir atá againn a áirithiú go dtabharfar cúiteamh d’íospartaigh, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, chomh tapa agus is féidir agus nach mbeidh siad faoi réir ceanglais nós imeachta dhíréireacha a d’fhéadfadh bac a chur ar a rochtain ar chúiteamh. Braitheann éifeachtacht cúitimh go mór ar é a thabhairt in am tráthúil. I ndáil leis sin, cuirimid sonrú sna cúiseanna buartha atá curtha in iúl arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa maidir le héagsúlachtaí i measc na mBallstát i dtaca le tréimhsí teorann, i.e. an t-achar ama ábhartha ar féidir le duine díobhálaithe éileamh a dhéanamh lena linn. Déanfaidh an Coimisiún breithniú cúramach ar an tsaincheist sin agus fiosróidh sé leigheasanna féideartha ionas go neartófar cosaint na n-íospartach tuilleadh, dá léireofaí le fianaise go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.


Top