EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0847R(03)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015)

OJ L 243, 18.9.2015, p. 15–19 (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/847/corrigendum/2015-09-18/oj

18.9.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 243/15


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 141 Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Meitheamh 2015 )

Leathanach 1, an cúigiú lua

In ionad:

“Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,”;

Léitear:

“Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Leathanach 1, an séú lua:

In ionad:

“Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

Léitear:

“Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

Leathanach 2, Aithris (4)

In ionad:

“(4)

D'fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart d'aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, eadhon na Moltaí leasaithe de chuid FATF.”;

Léitear:

“(4)

D'fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart d'aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, eadhon Moltaí athbhreithnithe FATF.”.

Leathanach 2, Aithris (7), an chéad abairt

In ionad:

“Taispeánadh i Straitéis Leasaithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta, an 17 Iúil 2008 (‘An Straitéis Athbhreithnithe’), nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus chun rialú a dhéanamh ar sceimhlitheoirí amhrasta d'úsáid a gcuid acmhainní féin.”;

Léitear:

“Taispeánadh i Straitéis Athbhreithnithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta, an 17 Iúil 2008 (‘An Straitéis Athbhreithnithe’), nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus chun rialú a dhéanamh ar sceimhlitheoirí amhrasta d'úsáid a gcuid acmhainní féin.”.

Leathanach 2, Aithris (7), an tríú habairt

In ionad:

“Tugtar dá n-aire i Straitéis Athbhreithnithe FATF Athbhreithnithe go ndéanann gach ball de FATF agus gach ball d'eagrais réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF measúnú ar bhonn rialta ar chur chun feidhme na Moltaí Athbhreithnithe, agus go bhfuil cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme tábhachtach dá bhrí sin.”;

Léitear:

“Tugtar dá n-aire sa Straitéis Athbhreithnithe go ndéanann gach ball de FATF agus gach ball de chomhlachtaí réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF measúnú ar bhonn rialta ar chur chun feidhme Mholtaí athbhreithnithe FATF, agus go bhfuil sé tábhachtach dá bhrí sin go mbeadh cur chuige coiteann ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme.”.

Leathanach 2, Aithris (9), an chéad abairt

In ionad:

“Is féidir inrianaitheacht iomlán i ndáil le haistrithe cistí a bheith ina huirlis an-tábhachtach agus an-luachmhar chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath…”;

Léitear:

“Is féidir inrianaitheacht iomlán i ndáil le haistrithe cistí a bheith ina huirlis an-tábhachtach agus an-luachmhar chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath…”.

Leathanach 3, Aithris (16)

In ionad:

“… i gcás aistrithe cistí nach ndearnadh a fhíorú, ach amháin i gcás aistrithe aonair cistí os cionn EUR 1 000, ach ba cheart an oibleagáid maidir le cruinneas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a sheiceáil a fhorchur, mura rud é go ndealraíonn sé go bhfuil an t-aistriú nasctha le haistrithe cistí eile a bheadh os cionn EUR 1 000 lena chéile, i gcás ina bhfuarthas na cistí nó inar íocadh amach iad in airgead tirim nó in airgead leictreonach gan ainm, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith i ndrochamhras gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta”;

Léitear:

“… i gcás aistrithe cistí nach ndearnadh a fhíorú fós, ach amháin i dtaca le haistrithe aonair cistí os cionn EUR 1 000, mura rud é go ndealraíonn sé go bhfuil an t-aistriú nasctha le haistrithe cistí eile a bheadh os cionn EUR 1 000 lena chéile, mura rud é go bhfuarthas na cistí nó gur íocadh amach iad in airgead tirim nó in airgead leictreonach gan ainm, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith i ndrochamhras gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.”.

Leathanach 4, Aithris (21):

In ionad:

“(21)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cistí ó íocóir aonair chuig roinnt íocaithe a bheidh le cur i mbaisc chomhaid ina mbeidh aistrithe aonair ón Aontas go lasmuigh den Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh chun nach mbeidh ach uimhir chuntais íocaíochta an íocaí nó an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ar aistrithe aonair den sórt sin, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán maidir leis an íocaí, ar an gcoinníoll go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí sa bhaisc chomhaid a fhíorófar le haghaidh cruinnis agus go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí iomlán inrianaithe.”;

Léitear:

“(21)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cistí ó íocóir aonair chuig roinnt íocaithe a bheidh le cur i mbaisc-chomhaid ina mbeidh aistrithe aonair ón Aontas amach as an Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh chun nach mbeidh ach uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ar aistrithe aonair den sórt sin, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán maidir leis an íocaí, ar an gcoinníoll go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocóir sa bhaisc-chomhad a fhíorófar le haghaidh cruinnis agus go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí iomlán inrianaithe.”.

Leathanach 4, Aithris (23), an tríú habairt

In ionad:

“Dá réir sin, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha agus riosca-bhunaithe ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach a bhfuil feidhm acu…”;

Léitear:

“Dá réir sin, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha agus riosca-bhunaithe ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach a bhfuil feidhm acu…”.

Leathanach 4, Aithris (25)

In ionad:

“(25)

Ba cheart go mbeadh feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí a bhfuil faisnéis ina leith faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán gan dochar d'aon oibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha aon aistrithe cistí a fhionraí agus/nó a dhiúltú ar aistrithe iad a sháraíonnforáil de chuid an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.”;

Léitear:

“(25)

Tá feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí a bhfuil faisnéis ina leith faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán gan dochar d'aon oibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha aistrithe cistí a fhionraí agus/nó a dhiúltú, ar aistrithe iad a sháraíonn foráil de chuid an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.”.

Leathanach 5, Aithris (30), an dara habairt

In ionad:

“Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin, ag cur san áireamh a thábhachtaí is atá an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do Bhallstáit smachtbhannaí agus bearta a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.”;

Léitear:

“Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin agus, i bhfianaise a thábhachtaí is atá an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do Bhallstáit smachtbhannaí agus bearta a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.”.

Leathanach 7, Airteagal 2(4), pointe (a)

In ionad:

“(a)

aistrithe cistí lena ndéanann an t-íocóir airgead tirim a aistharraingt óna c(h)untas íocaíochta féin”;

Léitear:

“(a)

aistrithe cistí lena ndéanann an t-íocóir airgead tirim a aistharraingt ó chuntas íocaíochta an íocóra féin”.

Leathanach 7, Airteagal 2(5), na focail réamhráiteacha

In ionad:

“5.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aistrithe cistí laistigh dá chríoch chuig cuntas íocaíochta íocóra lena gceadófar íocaíocht go heisiach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:”;

Léitear:

“5.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aistrithe cistí laistigh dá chríoch chuig cuntas íocaíochta íocaí lena gceadófar íocaíocht go heisiach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:”.

Leathanach 7, Airteagal 3, pointe (1)

In ionad:

“(1)

ciallaíonn ‘maoiniú sceimhlitheoireachta’ maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(4) de Threoir (AE) 2015/849;”;

Léitear:

“(1)

ciallaíonn ‘maoiniú sceimhlitheoireachta’ maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(5) de Threoir (AE) 2015/849;”.

Leathanach 7, Airteagal 3, pointe (9)

In ionad:

“(9)

ciallaíonn ‘aistriú cistí’…, beag beann arb é an t-íocóir agus an t-íocaí an duine céanna agus beag beann arb é soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an duine céanna, lena n-áirítear: …”;

Léitear:

“(9)

ciallaíonn ‘aistriú cistí’…, beag beann arb é an t-íocóir agus an t-íocaí an duine céanna agus beag beann arb é soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an soláthraí céanna, lena n-áirítear: …”.

Leathanach 8, Airteagal 4(3):

In ionad:

“3.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1 agus phointe (b) de mhír 2, i gcás aistrithe nach ndéantar ó chuntas nó chuig cuntas íocaíochta, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí go bhfuil aitheantóir idirbhirt uathúil…”;

Léitear:

“3.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1 agus phointe (b) de mhír 2, i gcás aistrithe nach ndéantar ó chuntas nó chuig cuntas íocaíochta, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go bhfuil aitheantóir idirbhirt uathúil …”.

Leathanach 8, Airteagal 4(4)

In ionad:

“4.   Sula n-aistreoidh sé na cistí, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.”;

Léitear:

“4.   Sula n-aistreoidh sé na cistí, fíoróidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra cruinneas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméid, sonraí nó faisnéis a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.”.

Leathanach 10, Airteagal 8(1), an dara fomhír

In ionad:

“… diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí, sula ndéanfaidh sé na cistí a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, ar bhonn riosca-íogair.”;

Léitear:

“… diúltóidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí don aistriú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí, sula ndéanfaidh sé na cistí a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí, nó tar éis dó déanamh amhlaidh, nó sula ndéanfaidh sé na cistí a chur ar fáil don íocaí, nó tar éis dó déanamh amhlaidh, ar bhonn riosca-íogair.”.

Leathanach 10, teideal Roinn 2

In ionad:

“Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra”;

Léitear:

“Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí”.

Leathanach 11, teideal Airteagal 11

In ionad:

“Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath”;

Léitear:

“Faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath”.

Leathanach 15, Airteagal 23(2)

In ionad:

“2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

Léitear:

“2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.

Leathanach 16, Airteagal 24(7), an chéad mhír, an chead abairt

In ionad:

“Faoin 26 Márta 2017, na Ballstáit ar údaraíodh dóibh comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tír nó le críoch lena mbaineann de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/43/AE ón gCoimisiún (4), Chinneadh 2010/259/CÉ ón gCoimisiún (5), Chinneadh 2009/853/CE ón gCoimisiún (6) nó Chinneadh 2008/982/CE ón gCoimisiún (7), cuirfidh siad an fhaisnéis uasdhátaithe ar fáil don Choimisiún is gá chun breithmheas a dhéanamh faoi phointe (c) den dara fomhír de mhír 1.

Léitear:

“Faoin 26 Márta 2017, na Ballstáit ar údaraíodh dóibh comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tír nó le críoch lena mbaineann de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/43/AE ón gCoimisiún (8), Chinneadh 2010/259/CE ón gCoimisiún (9), Chinneadh 2009/853/CE ón gCoimisiún (10) nó Chinneadh 2008/982/CE ón gCoimisiún (11), cuirfidh siad an fhaisnéis uasdátaithe ar fáil don Choimisiún is gá chun breithmheas a dhéanamh faoi phointe (c) den dara fomhír de mhír 1.



Top