EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach chun borradh a chur faoi thaighde agus nuálaíocht in iarnróid

Comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach is ea an Comhghnóthas Shift2Rail (S2R JU) a cruthaíodh chun taighde agus nuálaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) san earnáil iarnróid a chomhordú agus a bhainistiú. Bunaithe sa Bhruiséil, féachtar ann le Deiseanna Nua 2020 clár um thaighde agus um nuálaíocht AE a chur i bhfeidhm chun ceannaireacht AE i dteicneolaíochtaí iarnróid a fhorbairt.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Shift2Rail.

ACHOIMRE

Comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach is ea an Comhghnóthas Shift2Rail (S2R JU) a cruthaíodh chun taighde agus nuálaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) san earnáil iarnróid a chomhordú agus a bhainistiú. Bunaithe sa Bhruiséil, féachtar ann le Deiseanna Nua 2020 clár um thaighde agus um nuálaíocht AE a chur i bhfeidhm chun ceannaireacht AE i dteicneolaíochtaí iarnróid a fhorbairt.

CAD A DHÉANTAR LEIS AN RIALACHÁN SEO?

Bunaítear an Comhghnóthas Shift2Rail leis ar feadh tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2024. Déantar cur síos ann ar chuspóirí agus ar thascanna an Chomhghnóthais, ar a struchtúr agus a eagrúchán, chomh maith lena mhaoiniú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is comhpháirt theicniúil de chuid an Limistéir Eorpaigh Iarnróid Aonair é. Féachtar ann le córas iompair AE níos iomaíche agus níos éifeachtaí ó thaobh acmhainní de a bhaint amach agus dul i ngleic le héileamh tráchta atá ag méadú, brú tráchta, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus an t-athrú aeráide.

Cuspóirí

Déileáiltear in S2R leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíocht iarnróid ar fad arna gcómhaoiniú ag AE de réir na gcuspóirí ginearálta seo a leanas a chuireann le:

cur i bhfeidhm Deiseanna Nua 2020, go háirithe cuid den dúshlán um iompar cliste, glas agus comtháite;

an limistéar Eorpach iarnróid aonair a bhaint amach;

aistriú níos gaiste agus níos saoire chuig córas iarnróid níos mealltaí, níos áisiúla d’úsáideoirí (lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas luaineachta), níos iomaíche, níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe;

forbairt córas iarnróid a bheidh láidir agus iomaíoch ar fud an domhain.

Imríonn sé ról suntasach i dtaighde agus nuálaíocht a bhaineann le hiarnróid. Déanann sé gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta uile AE a bhaineann le hiarnróid a bhainistiú chomh maith.

Máistirphlean

Déantar máistirphlean straitéiseach ina dtugtar aghaidh ar chúig théama a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm faoi S2R:

traenacha costéifeachtacha agus iontaofa, lena n-áirítear traenacha ardluais agus ardchumais;

ardchórais bhainistíochta agus rialaithe tráchta;

bonneagar ardchumais costéifeachtach agus iontaofa;

Réitigh TF le haghaidh seirbhísí mealltacha iarnróid; agus

teicneolaíochtaí do lasta Eorpach inbhuanaithe agus mealltach.

Déantar pleananna oibre bliantúla den Phlean seo atá dírithe ar thorthaí lena ngabhann pleananna infheistíochta mionsonraithe.

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

Tacaíonn an comhghnóthas le taighde agus nuálaíocht trí dheontais dá chomhaltaí agus do rannpháirtithe eile go príomha trí sholáthar nó dhámhachtain deontas i ndiaidh glao ar thograí.

Baineann rialacha um rannpháirtíocht agus scaipeadh an chláir deiseanna nua 2020 le Comhghnóthas S2R.

Eagrúchán agus oibriú

Cuimsítear an Coimisiún Eorpach agus Alstom, Ansaldo STS, Bombardier, Construcciones y Auxiliar de Ferrocarriles (CAF), Network rail, Siemens agus Thales & Trafikverket sa chomhpháirtíocht. Foirm aonáin dhlíthiúil is ea an comhghnóthas a cruthaíodh chun críche Airteagal 187 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuimsítear an méid seo a leanas sa chomhghnóthas:

bord rialaithe, atá i gceannas ar chinnteoireacht straitéiseach agus

stiúrthóir feidhmiúcháin, atá freagrach as bainistíocht lá go lá.

Tá vótaí comhionanna ag an gCoimisiún Eorpach agus ag comhaltaí tionsclaíocha an chomhghnóthais sa bhord rialaithe. Tá 2 chomhlacht chomhairleacha ann chomh maith: Coiste Eolaíoch agus grúpa ionadaithe stáit.

Spreagann an Comhghnóthas S2R bainteacht déantóirí trealamh iarnróid, bainisteoirí bonneagair, cuideachtaí iarnróid, oibreoirí an mheitreo, tramanna agus iarnróid éadroim, comhlachtaí measúnaithe comhréireachta, cumainn foirne gairmiúla, cumainn úsáideoirí, chomh maith le bainteacht institiúidí eolaíocha ábhartha agus fiontar beag agus meánmhéide (FBManna).

Tugann an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA) comhairle don chomhghnóthas agus cuireann sí saineolas maidir le saincheisteanna idir-inoibritheachta agus sábháilteachta ar fáil.

Buiséad

Is ionann ranníocaíocht airgeadais AE leis an gComhghnóthas S2R agus EUR 450 milliún ar a mhéad ó Dheiseanna Nua 2020. Chun an maoiniú sin a rochtain, ní mór don tionscal iarnróid ranníocaíocht EUR 470 milliún ar a laghad a thabhairt, ionas go mbeidh EUR 920 milliún ar a laghad i mbuiséad measta iomlán an S2R don tréimhse 2014-20.

D’fhéadfaí cistí breise a leithroinnt ó ionstraimí AE eile, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun tacú le gníomhartha d’úsáid táirgí a d’fhorbair an Comhghnóthas S2R agus a léiríonn torthaí maithe.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM LEIS AN RIALACHÁN SEO?

Beidh feidhm leis an rialachán seo ón 7 Iúil 2014.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta do thrasuíomh sna tíortha AE.

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 642/2014

7.7.2014

-

IO L 177, 17.6.2014, lgh 9-33.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (EU) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Deiseanna Nua 2020 - an Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE. (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 an 20 Nollaig 2013, lgh 104-173).

Cinneadh (AE) 2015/214 ón gComhairle an 10 Feabhra 2015 lena bhformhuinítear Máistirphlean Shift2Rail (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 36 an 12 Feabhra 2015, lgh 7-7).

Nuashonrú is déanaí: 17.02.2015

Top