EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos le Treoir 94/62/CE rialacha an AEmaidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht a bhainistiú.

Is é is aidhm le Treoir 94/62/CE:

  • bearta náisiúnta maidir le bainistiú pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht a chomhchuibhiú; agus
  • feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil trí thionchar pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú.

Is é Treoir (AE) 2018/852 an leasú deireanach de Threoir 94/62/CE agus tá bearta nuashonraithe ann atá ceaptha chun:

  • cosc a chur ar tháirgeadh na dramhaíola ó phacáistíocht, agus
  • athúsáid, athchúrsáil agus cineálacha eile aisghabhála dramhaíola ó phacáistíocht a chur chun cinn, in ionad dhiúscairt dheiridh na dramhaíola ó phacáistíocht, agus ar an gcaoi sin cuirfear leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach*.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an treoir an phacáistíocht go léir a chuirtear ar mhargadh na hEorpa agus an dramhaíl ó phacáistíocht go léir, cibé acu a úsáidtear nó a scaoiltear é ar leibhéal tionsclaíochta, tráchtála, oifige, siopa, seirbhíse, tí nó ar aon leibhéal eile, beag beann ar an ábhar a úsáidtear.

Bearta

Ceanglaítear leis an treoir arna leasú ar thíortha AE bearta a ghlacadh, amhail cláir náisiúnta, dreasachtaí trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus ionstraimí eacnamaíocha eile, chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag pacáistíocht.

Ba cheart go spreagfadh tíortha AE an méadú ar sciar na pacáistíochta in-athúsáidte* a chuirtear ar an margadh agus na córais chun pacáistíocht a athúsáid i mbealach neamhdhíobhálach don chomhshaol gan sábháilteacht bia nó sábháilteacht tomhaltóirí a chur i mbaol. D’fhéadfadh an méid a leanas a bheith san áireamh leis sin:

  • scéimeanna ina n–aisíoctar éarlais ar thabhairt ar ais a úsáid
  • spriocanna
  • dreasachtaí eacnamaíocha
  • céatadáin íosta pacáistíochta in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh maidir le gach cineál pacáistíochta, etc.

Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a ghlacadh freisin chun spriocanna athchúrsála a chomhlíonadh a bhíonn éagsúil ag brath ar an ábhar pacáistíochta. Chun na críche sin, ní mór dóibh na rialacha nua ríomha a chur i bhfeidhm chun tuairisciú a dhéanamh ar na spriocanna nua athchúrsála atá le baint amach faoi 2025 agus 2030.

Spriocanna

Faoin 31 Nollaig 2025, ní mór 65% ar a laghad de réir meáchain den dramhaíl ó phacáistíocht go léir a athchúrsáil. Is iad a leanas na spriocanna athchúrsála de réir ábhair:

  • 50% de phlaisteach
  • 25% d’adhmad
  • 70% de mhiotail neamhfheiriúla
  • 50% d’alúmanam
  • 70% de ghloine, agus
  • 75% de pháipéar agus de chairtchlár.

Faoin 31 Nollaig 2030, ní mór 70% ar a laghad de réir meáchain den dramhaíl ó phacáistíocht go léir a athchúrsáil. Áirítear leis sin:

  • 55% de phlaisteach
  • 30% d’adhmad
  • 80% de mhiotail neamhfheiriúla
  • 60% d’alúmanam
  • 75% de ghloine agus
  • 85% de pháipéar agus de chairtchlár.

Ceanglais riachtanacha

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcomhlíonann an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh na ceanglais riachtanacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn II na treorach:

  • meáchan agus méid na pacáistíochta a theorannú go méid íosta réasúnta chun an leibhéal riachtanach sábháilteachta, sláinteachais agus inghlacthachta a chomhlíonadh fós don táirgeadh pacáilte agus do na tomhaltóirí;
  • ábhar na substaintí guaiseacha agus na n–ábhar guaiseach a íoslaghdú san ábhar pacáistíochta agus ina chomhpháirteanna;
  • pacáistíocht in-athúsáidte nó in-aisghabhála a dhearadh, a bhféadfadh dearadh d’ábhar nó d’athchúrsáil orgánach mar aon le haisghabháil fuinnimh a bheith san áireamh ann.

Soiléiríodh leis an treoir leasaithe an difríocht idir phacáistíocht atá in-aisghafa i bhfoirm múirínithe agus dramhaíl in-bhithmhillte ó phacáistíocht agus sonraíodh nach ndéanfar pacáistíocht phlaisteach ocsó-díghrádaithe (pacáistíocht phlaisteach le breiseáin a chúisíonn an briseadh síos ina gráinníní micreascópacha agus a chuireann le láithreacht mhicreaphlaisteach sa chomhshaol) a mheas a bheith in-bhithmhillte.

Tá scrúdú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún Eorpach ar conas na ceanglais riachtanacha a threisiú d’fhonn dearadh pacáistíochta a fheabhsú chun athúsáide agus d’fhonn athchúrsáil d’ardchaighdeán a chur chun cinn, chomh maith le forfheidhmiú na gceanglas riachtanach a neartú.

Córais aisghabhála pacáistíochta

Ba cheart do thíortha AE a áirithiú go gcuirfear córais ar bun chun soláthar a dhéanamh maidir le filleadh agus/nó bailiú pacáistíochta agus/nó dramhaíl ó phacáistíocht a úsáidtear, chomh maith le hathúsáid nó aisghabháil lena n–áirítear athchúrsáil na pacáistíochta agus/nó an dramhaíl ó phacáistíocht a bhailítear.

Freagracht an táirgeora

  • Faoi dheireadh 2024, ba cheart do thíortha AE a áirithiú go gcuirfear scéimeanna freagrachta táirgeora* ar bun don phacáistíocht go léir. Soláthraíonn scéimeanna freagrachta táirgeora do mhaoiniú nó do mhaoiniú agus eagrú an phacáistíocht úsáidte agus/nó dramhaíl ó phacáistíocht a thabhairt ar ais agus/nó a bhailiú chun í a dhíriú ar an rogha bainistithe dramhaíola is oiriúnaí, chomh maith leis an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht a bhaileofar a athúsáid nó a athchúrsáil.
  • Caithfidh na scéimeanna sin ceanglais íosta a chomhlíonadh arna mbunú faoin gCreat-Treoir Dramhaíola 2008/98/CE (féach achoimre). Ba cheart go gcabhródh na scéimeanna chun pacáistíocht a spreagadh atá deartha, táirgthe agus tráchtálaithe ar bhealach a chuireann athúsáid phacáistíochta nó athchúrsáil ar ardcháilíocht agus a bhfuil an tionchar is lú ag an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht ar an gcomhshaol.

Córais faisnéise agus tuairisciú

  • Leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme, Treoir 2005/270/CE na formáidí, mar aon leis na rialacha ríomha, fíoraithe agus tuairiscithe sonraí nach mór do na tíortha AE a chur ar fáil don Choimisiún gach bliain chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 94/62/CE.
  • Leasaítear Cinneadh 2005/270/CE le Cinneadh (AE) 2019/665 ag tabhairt isteach rialacha nua d’fhonn í a thabhairt i gcomhréir le rialacha nua Threoir 94/62/CE maidir le ríomh ghnóthachtáil na spriocanna athchúrsála a bhaineann le:
    • an fhéidearthacht — go huasmhéid 5% den sprioc athchúrsála — pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte (Airteagal 5(2)) a chur san áireamh,
    • an fhéidearthacht pacáistíocht adhmaid a dhéantar a dheisiú lena hathúsáid (in Airteagal 5(3)) a chur san áireamh,
    • an mhéid miotal i ndramhaíl ó phacáistíocht a dheighltear ó luaithreach íochtarach loiscthe tar éis loiscthe (Airteagal 6a) a ríomh,
    • pacáistíocht ilchodach, nár chóir a thuairisciú a thuilleadh de réir an ábhair cheannasaigh ach de réir ábhar na pacáistíochta, le maolú féideartha d’ábhair ar lú iad ná 5% de mhais iomlán an aonaid pacáistíochta.
  • Tá sé d’aidhm ag na rialacha nua ríomha a chinntiú go dtéann dramhaíl amháin isteach in oibríocht athchúrsála nó go n-úsáidtear dramhaíl lena bhfuil stádas nach dramhaíl a thuilleadh í chun an sprioc athchúrsála a ríomh agus, mar riail ghinearálta, go ndéanfar tomhas dramhaíola ag ionchur na hoibríochta athchúrsála.
  • foráiltear leis an gcinneadh do chóras feabhsaithe um rialú cáilíochta do shonraí tuairiscithe (sonraí díreach ó oibreoirí eacnamaíocha, úsáid clár leictreonach), lena n-áirithítear, mar sin, inrianaitheacht níos fearr na sonraí tuairiscithe, lena n-áirítear dramhaíl a onnmhairítear le haghaidh athchúrsála go tríú tíortha neamh-AE.
  • Tugtar isteach le Treoir (AE) 2019/665 chomh maith athruithe ar fhormáidí tuairiscithe faisnéise de bhun Airteagal 12 Threoir 94/62/CE. Ní mór do na formáidí an fhaisnéis maidir le pacáistíocht inathúsáidte a chuirtear ar an margadh den chéad uair agus ar uimhir na dtimthriallta a dhéanann an phacáistíocht sin in aghaidh na bliana a chur san áireamh — eolas atá riachtanach chun sciar na pacáistíochta inathúsáidte a aimsiú i gcomparáid le pacáistíocht aonúsáide. De réir mar a d’fhéadfadh pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte a chur san áireamh i gcomhthéacs spriocanna athchúrsála, caithfear idirdhealú a dhéanamh idir phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte agus pacáistíocht in-athúsáidte eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREORACHA?

  • Tá feidhm ag Treoir 94/62/CE ón 31 Nollaig 1994 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Meitheamh 1996.
  • Tá feidhm ag Treoir leasaitheach (AE) 2018/852 ón 4 Iúil 2018 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 5 Iúil 2020.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Geilleagar ciorclach: laghdaíonn geilleagar ciorclach ionchur acmhainne, dramhaíl, astaíochtaí agus sceitheadh fuinnimh. Is féidir é a bhaint amach trí dhearadh, cothabháil, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil fhadtéarmach. Tá sé i gcodarsnacht leis an ngeilleagar líneach a eastóscann acmhainní, a úsáideann iad, agus ansin a chaitheann ar shiúl iad.
Pacáistíocht in-athúsáidte: pacáistíocht atá ceaptha, deartha agus curtha ar an margadh chun cúrsaíochtaí iomadúla a bhaint amach le linn a saolré trína bheith athlíonta nó athúsáide chun na críche céanna a raibh sí ceaptha ina leith.
Scéimeanna freagrachta leathnaithe Táirgeora: córais curtha ar bun lena áirithiú go nglacfaidh táirgeoirí an fhreagracht airgeadais nó an fhreagracht airgeadais agus eagraíochtúil as céim dhramhaíola saolré táirge a bhainistiú. Trí mhodhnú na táillí iníoctha ag táirgeoirí chun pacáistíocht a chur ar an margadh, ligeann na scéimeanna SFL do tháirgeoirí agus do thíortha AE dearadh táirgí agus a gcomhpháirteanna atá níos measúla don chomhshaol a spreagadh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lgh. 10-23)

Tá leasuithe leanúnacha ar Threoir 94/62/CE ionchorpraithe sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lgh. 3-30)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2005/70/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí maidir le córas bunachair sonraí de bhun na Treorach 94/62//CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 86, 5.4.2005, lgh. 6-12)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.06.2020

Top