EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú maidir le haeriompar idir AE agus an Eilvéis

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilvéis maidir le haeriompar

Cinneadh 2002/309/CE, Euratom maidir le seacht gcomhaontú a chur i gcrích le Cónaidhm na hEilvéise

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Maidir leis an gcomhaontú:

  • déantar an Eilvéis a chomhtháthú le margadh eitlíochta inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE) leis mar chuid de phacáiste comhaontuithe ina gcumhdaítear seacht earnáil éagsúla de ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh;
  • síntear leis cur i bhfeidhm reachtaíocht eitlíochta AE chuig an Eilvéis — liostaítear san iarscríbhinn leis an gcomhaontú reachtaíocht uile AE a chuireann an Eilvéis i bhfeidhm, lena n–áirítear coigeartuithe is infheidhme.

Faomhtar leis an gcinneadh an comhaontú thar ceann thíortha AE (an Comhphobal Eorpach).

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialacha eacnamaíocha

Leis an gcomhaontú idir AE agus an Eilvéis deonaítear na cearta seo a leanas:

  • laistigh de raon feidhme na heitlíochta sibhialta, ceart bunaíochta ag cuideachtaí AE san Eilvéis, agus ag cuideachtaí na hEilvéise in AE;
  • cearta neamhtheoranta d’iompróirí na hEilvéise chun eitilt idir pointe ar bith san Eilvéis agus pointe ar bith in AE, agus idir pointí i mBallstáit éagsúla AE;
  • cearta neamhtheoranta d’iompróirí AE chun eitilt idir pointe ar bith in AE agus pointe ar bith san Eilvéis.

Beartaítear leis an gcomhaontú chomh maith go ndéanfaidh na páirtithe idirbheartaíocht amach anseo maidir leis an gceart d’iompróirí AE chun eitilt idir pointí laistigh den Eilvéis, agus d’iompróirí na hEilvéise chun eitilt idir pointí laistigh de Bhallstáit AE a dheonú.

Ailíniú rialála

  • Faoi mar atá leagtha síos san iarscríbhinn leis, síntear leis an gcomhaontú cur i bhfeidhm chreat rialála AE maidir leis an eitlíocht shibhialta — lena n–áirítear na réimsí maidir le rialáil margaidh, iomaíocht, sábháilteacht eitlíochta, slándáil eitlíochta, bainistíocht aerthráchta, an comhshaol agus torann, cosaint tomhaltóirí agus cánacha ar bhreoslaí — chuig an Eilvéis.
  • Foráiltear sa chomhaontú go mbeidh an ról céanna ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa san Eilvéis agus atá aici san Aontas Eorpach.
  • Tá rialacha sa chomhaontú chomh maith maidir le hiomaíocht chóir, lena n–áirítear toirmeasc ar cleachtais chomhbheartaithe agus ar mhí–úsáid ceannsachta, chomh maith le rialacha dochta maidir le Státchabhair. Laistigh dá raon feidhme, cuirtear cosc ar idirdhealú ar bith a bhunaítear ar náisiúntacht.

Rialacha institiúideacha

  • Tá gach páirtí freagrach as forfheidhmiú an chomhaontaithe ina gcríocha faoi seach, ach tá an oibleagáid orthu faisnéis a chomhroinnt gus cúnamh a thabhairt dá chéile maidir le sáruithe a d’fhéadfadh tarlú.
  • comhchoiste ar a bhfuil ionadaithe ón dá pháirtí, agus a thagann le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, freagrach as an gcomhaontú a riar agus as a chur chun feidhme i gceart. Laistigh de chomhthéacs an choiste, déanann na páirtithe faisnéis a chomhroinnt, comhairliúcháin a thionól, agus cinntí a ghlacadh, go sonrach maidir le leasú ar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú i ndáil le reachtaíocht eitlíochta AE. Téann na páirtithe i gcomhairle lena chéile chomh maith chun gníomh comhordaithe laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus i gcomhair tíortha eile lasmuigh de raon feidhme an chomhaontaithe seo a bhreithniú.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh 2002.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (IO L 114, 30.4.2002, lgh. 73-90)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gComhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2002/309/CE, Euratom ón gComhairle, agus ón gCoimisiún i dtaca leis an gComhaontú maidir le Comhar Eolaíoch agus Teicneolaíochta, an 4 Aibreán 2002 maidir le seacht gComhaontú a thabhairt i gcrích le Cónaidhm na hEilvéise (IO L 114, 30.4.2002, lgh. 1-5)

Nuashonraithe 01.01.2023

Top