EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an Cósta Eabhair

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

Cinneadh 2009/156/CE maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhaigh idir an Cósta Eabhair, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Cruthaítear leis an gcomhaontú an bonn tosaigh le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir AE agus an Cósta Eabhair.
  • Cuirtear in iúl leis an gcinneadh síniú an comhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a chur i bhfeidhm sealadach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Is iad na príomhchuspóirí leis an gcomhaontú eatramhach:

  • cead a thabhairt don Chósta Eabhair leas a bhaint as an rochtain ar an margadh saor ó dhleacht agus saor ó chuótaí arna soláthar ag an Aontas Eorpach i gcomhthéacs na hidirbheartaíochta maidir le CCE, agus gan cur isteach ar thrádáil idir an dá pháirtí i ndiaidh éag chóras trádála idirthréimhseach Chomhaontú Cotonou in 2007 (féach an achoimre), go dtí go gcuirfear CCE cuimsitheach i gcrích;
  • an bonn a leagan amach le haghaidh idirbheartaíocht CCE réigiúnach a chuideoidh leis an mbochtaineacht a laghdú mar aon leis an lánpháirtiú réigiúnach, leis an gcomhar eacnamaíoch agus leis an dea-rialachas a chur chun cinn san Afraic Thiar, chomh maith le feabhas a chur ar chumais na hAfraice Thiar i ndáil le beartas tráchtála agus ceisteanna a bhaineann le trádáil;
  • An caidreamh atá ann cheana idir na páirtithe a neartú ar bhonn dlúthpháirtíochta agus leas frithpháirteach;
  • comhaontú a chruthú a bheidh comhoiriúnach le hAirteagal XXIV de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil.

Raon feidhme

Cumhdaítear sa chomhaontú roinnt gnéithe polaitiúla agus eacnamaíocha, lena n–áirítear:

  • comhar um fhorbairt chun cuidiú leis an gCósta Eabhair spriocanna an CCE a bhaint amach, lena n–áirítear gnéithe airgeadais agus neamhairgeadais.
  • córas trádála le haghaidh earraí, lena n–áirítear rialacha maidir le dleachtanna custaim, éascú trádála agus bearta cosanta trádála amhail cosaintí lenar féidir le gach páirtí dleachtanna nó cuótaí a thabhairt ar ais ar allmhairí ón bpáirtí eile má dhéantar a gheilleagar a shaobhadh leo nó má tá an baol ann go ndéanfar dochar dá gheilleagar leo — tá cosaintí ann chomh maith le haghaidh slándáil bia agus chun tionscail nuabhunaithe a chosaint;
  • caibidil maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil agus bearta i dtaca le sláintíocht agus fíteashláintíocht chun cuidiú le honnmhaireoirí an Chósta Eabhair caighdeáin allmhairiúcháin AE a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr;
  • gealltanas go spreagfar glacadh CCE domhanda idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Thiar, lena n–áirítear trádáil i seirbhísí, infheistíocht, iomaíocht, maoin intleachtúil agus soláthar poiblí;
  • cosc agus réiteach díospóidí;
  • rialacha institiúideacha, lena n–áirítear coiste CCE a bhunú chun gach gné den chomhaontú a riar;
  • Prótacal 1, ina sainítear an coincheap um “tháirgí tionscnaimh” agus modhanna um chomhar riaracháin.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tá an comhaontú i bhfeidhm go sealadach ón 3 Meán Fómhair 2016.

CÚLRA

Tá caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh leis na tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) á rialú le Comhaontú Cotonou. Tá Comhaontú ACC-AE nua á chaibidliú faoi láthair. Bhí an comhaontú atá ann cheana le dul in éag in 2020 ach cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm a fhorálacha go dtí an 30 Samhain 2021.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile — Prótacal (IO L 59, 3.3.2009, lgh. 3-273)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2009/156/CE ón gComhairle an 21 Samhain 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhaigh idir an Cósta Eabhair, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 59, 3.3.2009, lch. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic (JOIN(2020) 4 final, 9.3.2020)

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhaigh idir an Cósta Eabhair, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 272, 7.10.2016, lch. 1)

Comhaontú comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 — Prótacail — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe (IO L 317, 15.12.2000, lgh. 3-353)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.01.2021

Top