Bainistíocht na sreibhe aerthráchta
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 - rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Féachtar leis bearta a leagan síos maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta (ATFM) chun an acmhainn atá ar fáil in úsáid an aerspáis a bharrfheabhsú agus próisis ATFM a threisiú.
- Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha laistigh den aerspás Eorpach Aonair ríthábhachtach chun úsáid optamach an uaslín rialaithe aerthráchta a bhaint amach, trí bhainistíocht agus oibriú éifeachtach fheidhm ATFM.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an rialachán:
- laistigh den aerspás Eorpach Aonair arna leagan amach i Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 maidir le bainistíocht aerthráchta agus baineann sé le
- gach eitilt atá beartaithe lena hoibriú nó a oibríonn mar aerthrácht ginearálta agus i gcomhréir leis na rialacha um eitilt de réir uirlisí*
- bainistíocht aerthráchta;
- do na páirtithe a leanas atá bainteach leis na próisis ATFM
- oibreoirí aerárthaigh
- aonaid seirbhíse aerthráchta
- seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta
- eintitis a bhfuil baint acu le bainistíocht an aerspáis
- comhlachtaí bainistíochta aerfort
- láraonad do ATFM
- aonaid áitiúla ATFM
- comhordaitheoirí sliotán aerfort comhordaithe*.
Ní foláir go mbeidh pleanáil, comhordú agus comhlíonadh na mbeart ATFM arna ndéanamh ag an liosta páirtithe thuas i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).
Ní mór do thíortha AE an méid a leanas a áirithiú:
- go mbeidh an fheidhm ATFM ar fáil i gcónaí don liosta páirtithe thuas a bhfuil baint acu le próisis ATFM;
- go gcloíonn sainmhíniú agus cur chun feidhme na mbeart ATFM le ceanglais náisiúnta slándála agus cosanta thíortha aonair an Aontais.
Oibleagáidí ginearálta aonad seirbhísí aerthráchta (ATS)
- Ní mór do na haonaid ATS oibriú - tríd an aonad áitiúil ATFM - i gcomhar leis an láraonad do ATFM agus beart ATFM á chur i bhfeidhm acu, lena áirithiú go ndéanfar barrfheabhsú ar fheidhmíocht fhoriomlán an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (EATMN)* leis an mbeart roghnaithe.
- Ní mór do na haonaid ATS an láraonad do ATFM ar chur ar an eolas maidir le gach imeacht a d’fhéadfadh dul i gcion ar an uaslíon rialaithe aerthráchta nó ar an éileamh aerthráchta.
- Ní mór d’aonaid ATS chomh maith faisnéis éagsúil agus nuashonruithe ina dhiaidh sin, a chur ar fáil don láraonad do ATFM, lena n–áirítear, i measc nithe eile:
- infhaighteacht an aerspáis agus struchtúir na mbealaí;
- acmhainní an limistéir rialaithe aerthráchta agus aerfort;
- infhaighteacht na mbealaí;
- athrú ar phleananna eitilte;
- infhaighteacht an aerspáis.
- Ní mór an liosta iomlán sonraí a chur ar fáil don liosta páirtithe thuas a bhfuil baint acu leis na próisis ATFM agus é a chur ar fáil saor in aisce don láraonad do ATFM agus ag an láraonad do ATFM.
Oibleagáidí ginearálta na n–oibreoirí
- Ní mór aon bhearta ábhartha ATFM agus aon athruithe ar phleananna eitilte comhdaithe a chuimsiú san oibríocht eitilte atá beartaithe agus iad a chur in iúl don phíolóta. I gcás go gcuirfear plean eitilte ar fionraí toisc nach féidir freastal ar an sliotán imeachta ATFM, ní mór don oibreoir lena mbaineann a eagrú go ndéanfar an plean eitilte a nuashonrú nó a chur ar ceal.
Comhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt
- Ní mór do thíortha AE a áirithiú, ar iarratas ó chomhordaitheoir sliotán aerfoirt nó ó chomhlacht aerfoirt chomhordaithe, go soláthróidh an láraonad do ATFM nó an t–aonad áitiúla ATFM plean comhaontaithe eitilte maidir le heitilt a oibrítear ag an aerfort sin a sholáthar dóibh, roimh an eitilt.
Imeachtaí criticiúla
- Ní mór do thíortha AE cruthú agus foilsiú nósanna imeachta ATFM maidir le bainistíocht imeachtaí criticiúla a áirithiú chun cur isteach ar EATMN a íoslaghdú.
- Chun ullmhú d’imeachtaí criticiúla, comhordóidh na haonaid ATS agus na comhlachtaí bainistíochta aerfort na nósanna imeachta teagmhasacha leis na hoibreoirí a dtéann na himeachtaí sin i gcion orthu.
Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ATFM
- Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcloífidh na haerfoirt le sliotáin imeachta ATFM. I gcás go bhfuil an cloí 80% nó níos lú le linn bliana, ní mór do na haonaid ATS ag an aerfort lena mbaineann sonraí a thabhairt faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh chun cloí amach anseo a áirithiú.
- Tá an t–aonad ATS ag aerfort freagrach chomh maith as an bhfaisnéis chuí a sholáthar maidir le mainneachtain ar bith cloí le diúltú nó fionraí plean eitilte ag an aerfort sin agus as sonraí a thabhairt faoin na gníomhaíochtaí a rinneadh chun comhlíonadh amach anseo a áirithiú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 26 Meán Fómhair 2011.
CÚLRA
Féach chomh maith:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Rialacha um eitilt de réir uirlisí: rialacha lena gceadaítear d’aerárthaí a bheidh feistithe i gceart eitilt faoi staid mheitéareolaíoch eitilte le huirlis (mionsonraithe in ICAO Iarscríbhinn 2: Rialacha an Aeir, Caibidil 5: Rialacha um Eitilt de réir Uirlisí).
Aerfort comhordaithe: aerfort ina bhfuil ardleibhéal brú tráchta i gcás go sáraíonn an t-éileamh an acmhainn le linn na tréimhse ábhartha agus i gcás, chun tuirlingt nó éirí de thalamh, go bhfuil gá go ndéanfaidh comhordaitheoir sliotán a leithroinnt ar aeriompróir.
An Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta: bailiúchán córas lenar féidir seirbhísí aerloingseoireachta san Aontas Eorpach a sholáthar, lena n–áirítear na comhéadain ag teorainneacha seachtracha an Aontais.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta (IO L 80, 26.3.2010, lgh. 10-16)
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (IO, L 96, 31.3.2004, lgh. 20-25)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 15.05.2020