EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Óige

Tá beartas na n–óige faoi fhreagracht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) go príomha. Faoi Airteagal 165(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), dírítear gníomhaíocht AE sa réimse sin ar “fhorbairt malairtí óige agus malairtí teagascóirí sochoideachasúla a spreagadh, agus rannpháirtíocht daoine óga i saol daonlathach san Eoraip a spreagadh”. Le hAirteagal 166 CFAE cuirtear de chúram ar an Aontas Eorpach rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus soghluaisteacht teagascóirí agus oiliúnaithe a spreagadh, go háirithe daoine óga.

Tá na Ballstáit ag comhoibriú i réimse na hóige ó 2002 i leith. Féachtar leis an gcreat reatha, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2027), rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach a chothú agus tacaíonn sé freisin le rannpháirtíocht shóisialta agus shibhialta d’ fhonn a áirithiú go mbeidh na hacmhainní riachtanacha ag gach duine óg chun páirt a ghlacadh sa tsochaí. Dírítear sa straitéis ar thrí phríomhréimse gníomhaíochta, bunaithe thart ar thrí fhocal — bí páirteach, ceangail, cumhachtaigh — agus obair á déanamh ar chur chun feidhme comhoibríoch ar fud na n–earnálacha. Tá 11 sprioc leis, lena sainaithnítear réimsí trasearnála a théann i gcion ar shaol daoine óga agus a bhaineann le dúshláin a d’ fhéadfadh a bheith os a gcomhair:

  • an tAontas Eorpach a cheangal leis an óige;
  • comhionannas gach inscne;
  • sochaithe cuimsitheacha;
  • faisnéis agus idirphlé cuiditheach;
  • meabhairshláinte agus folláine;
  • óige na tuaithe a chur ar aghaidh;
  • fostaíocht ardchaighdeáin do chách;
  • foghlaim ar ardchaighdeán;
  • spás agus rannpháirtíocht do chách;
  • Eoraip ghlas inbhuanaithe;
  • eagraíochtaí óige agus cláir Eorpacha.

Maoiníonn an tAontas Eorpach sraith clár lena gcuirtear deiseanna ar fáil do dhaoine óga, amhail Erasmus+ (lena n–áirítear DiscoverEU), an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus malartú fíorúil Erasmus+. Cabhraíonn siad sin le daoine óga léargas níos fearr a fháil ar an saol agus caidreamh a chothú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó Thairseach Eorpach na hÓige, a roinneann faisnéis agus deiseanna AE agus náisiúnta a bhfuil suim ag daoine óga iontu.

In 2013, sheol an tAontas Eorpaigh an ráthaíocht don aos óg — scéim lena áirithítear go bhfaighidh daoine óga tairiscint fostaíochta, breisoideachais nó oiliúna de dhea-chaighdeán laistigh de 4 mhí ó theacht chun bheith dífhostaithe nó ón oideachas foirmiúil a fhágáil. Rinneadh an ráthaíocht don aos óg a athnuachan in 2020 agus cuirtear taca fúithi le tionscnamh AE um fhostaíocht don aos óg, a mhairfidh go dtí 2023, nuair a bheidh an tionscnamh ina chuid de Chiste Sóisialta na hEorpa.

FÉACH FREISIN

Top