Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

Agus í i mbun a cuid dualgas, faigheann an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (AI) cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh (AE). Tacaíonn an SEGS le hAI a sainordú maidir le cur i bhfeidhm chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eor[aigh a chomhlíonadh, ina cáil mar Uachtarán ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, agus ina cáil mar Leas-Uachtarán an Choimisiúin maidir le comhlíonadh, laistigh den Choimisiún, na bhfreagrachtaí atá air i gcúrsaí caidrimh eachtraigh. Tugann SEGS tacaíocht freisin d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, d’Uachtarán na Comhairle agus do bhaill an Choimisiúin agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna faoi seach i réimse an chaidrimh eachtraigh.

Tá oifigigh agus gníomhairí eile as AE in SEGS, lena n-áirítear pearsanra ó sheirbhísí taidhleoireachta thíortha AE.

Is cuid den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí freisin iad toscaireachtaí agus struchtúir bainistíochta géarchéime AE laistigh d’Ardrúnaíocht na Comhairle, cosúil leis an Stiúrthóireacht um Bainistíocht Géarchéime agus um Pleanáil (CMPD), an Cumas Sibhialtach Pleanála agus Iompair (CPCC) agus Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS).

FÉACH FOSTA

Top