EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Limistéar an euro

Cuimsítear i limistéar an euro na 20 dtír de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlac an euro mar a n–airgeadra.

Is iad a leanas na tíortha atá i gceist: An Bheilg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn.

Toisc go bhfuil an t–airgeadra céanna in úsáid sna tíortha sin, ní mór dóibh a gcuid beartas eacnamaíoch a chomhordú go dlúth lena gcobhsaíocht a áirithiú agus lena dtairbhí iomlána a réadú. Déantar é sin ar bhonn leantach, agus trí bhíthin cruinnithe míosúla Ghrúpa an Euro i gcás go ndéantar ceisteanna leasa choitinn maidir le bainistíocht limistéar an euro a phlé agus go ngníomhaítear dá réir.

Is é an euro airgeadra roinnt tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chomh maith:

  • Andóra
  • An Chosaiv*
  • Monacó
  • Montainéagró
  • San Mairíne agus
  • Cathair na Vatacáine.

FÉACH FREISIN


* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 (1999) agus Tuairim CBI faoi dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Top