EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tionscnamh ó na saoránaigh

Cuirtear ceart tionscnaimh ó na saoránaigh ar bun le hAirteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais Eorpaigh (AE) a mhéadú. Déantar achoimre in Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar na prionsabail ghinearálta maidir le rialachán AE ina leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta praiticiúla a bhaineann leis an tionscnamh ó na saoránaigh.

Leis an tionscnamh ó na saoránaigh féadfaidh saoránaigh a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh in aon réimse ina bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhú.

Tá na nósanna imeachta agus na coinníollacha praiticiúla chun an ceart tionscnaimh sin a fheidhmiú leagtha síos i Rialachán (AE) 2019/788, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2020 agus a tháinig in ionad an chéad rialacháin maidir le tionscnamh ó na saoránaigh (Rialachán (AE) Uimh. 211/2011). Nuair a shroichfear 1 mhilliún síniú agus na tairseacha íosta le haghaidh tionscnaimh i seacht mBallstát de AE, cinnfidh an Coimisiún cén beart a dhéanfar, má dhéantar aon cheann. Tá íoslíon na sínitheoirí do gach Ballstát leagtha amach sa rialachán.

Chun tionscnamh ó na saoránaigh a sheoladh, ní mór grúpa eagraithe a chur ar bun, ina mbeidh seacht saoránach AE ar a laghad ó sheacht mBallstát éagsúla.

FÉACH FREISIN

Top