EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Comhar idirnáisiúnta sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh thoir thuaidh
Comhar idirnáisiúnta sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh thoir thuaidh
ACHOIMRE AR:
Coinbhinsiún maidir le comhoibriú in iascaigh an Atlantaigh thoir thuaidh
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Tá sé mar aidhm leis comhoibriú idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le caomhnú, rialú agus dea-bhainistíocht iascach i limistéar an Atlantaigh thoir thuaidh.
Achtaítear leis an Coinbhinsiún maidir le Comhoibriú Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh ina leagtar amach na rialacha um chomhar maidir le caomhnú agus bainistiú iascach.
Go sonrach, cuirtear chun feidhme leis an rialachán Scéim Rialúcháin agus Forfheidhmiúcháin an NEAFC lena ndéantar foráil i leith na nithe seo a leanas:
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an scéim cruthaítear córas nua rialaithe ag stát an chalafoirt lena ndúnfar calafoirt Eorpacha do thabhairt i dtír agus do trasloingsiú* iasc reoite nach bhfuil deimhnithe a bheith dlíthiúil.
Ní mór do thíortha AE:
Ní mór do mháistrí soithí:
Ní mór do mháistrí soithí a phróiseálann agus/nó a reonn a ngabháil an speiceas agus an cineál táirge a thaifeadadh agus táirgí éisc a stuáil ar bhealach ina bhféadfar suíomh gach speicis a shainaithint ó phlean stuála a choinnítear ar bord an tsoithigh iascaireachta. I ndiaidh iad a reo, ní mór na héisc go léir a shainaithint le lipéad nó le stampa a bheidh soiléir soléite.
Nuair atá níos mó ná 10 soitheach iascaireachta AE i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta* arna déanamh sa limistéar rialála, beidh soitheach cigireachta ansin.
Ní mór do gach tír AE cigireacht a dhéanamh ar 5 % ar a laghad de thabhairt i dtír nó loingsiú iasc úr agus 7.5 % ar a laghad d’éisc reoite ina gcalafoirt le linn gach bliana tuairiscithe.
Nuair a fhaigheann cigirí go raibh soitheach iascaireachta i mbun gníomhaíochta a thagann salach ar bhearta um chaomhnú agus um bainistiú an NEAFC, déanfaidh siad an sárú sin a thaifeadadh agus a thuairisciú.
Áirítear le sáruithe tromchúiseacha:
Ní mór do chigirí thíortha AE soithí neamhúdaraithe ar bith a thaifeadann siad a thuairisciú don Choimisiún.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2011.
CÚLRA
Tá an tAtlantach Thoir Thuaidh ar cheann de na limistéir iascaireachta is flúirsí ar domhan. Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Comhoibriú Iltaobhach in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh i bhfeidhm i mí na Samhna 1982. Is iad na páirtithe conarthachta sa Choinbhinsiún — AE, Cónaidhm na Rúise, an Ghraonlainn, an Iorua, an Íoslainn, agus Oileáin Fharó agus síneann an limistéar atá cumhdaithe ó cheann na Graonlainne, soir ó Mhuir Barents agus ó theas ón bPortaingéil.
In 2006, ghlac an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) moladh ina mbunaítear scéim rialúcháin agus forfheidhmiúcháin maidir le soithí iascaireachta a oibrítear sa limistéar atá cumhdaithe faoin gCoinbhinsiún.
Áiríodh leis chomh maith rialacha maidir le soithí a bhfuil bratach páirtí neamhchonarthachta ar foluain acu chun na bearta um chaomhnú agus um bainistiú arna nglacadh ag an NEAFC a urramú go hiomlán.
Mhol an NEAFC roinnt soithí a bhaint ar dearbhaíodh fúthu go raibh siad i mbun iascaireachta a bhí neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.
Tá roinnt rialacha comhchosúla i bhfeidhm chomh maith in uiscí AE faoin gcomhbheartas iascaigh.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú is infheidhme sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lgh. 17-33)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
Coinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh thoir thuaidh (IO L 227, 12.8.1981, lgh. 22-35)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2018/120 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 lena leagtar amach le haghaidh 2018 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic éisc agus le grúpaí stoc éisc áirithe, atá infheidhme in uiscí an Aontais agus, le haghaidh árthaí an Aontais, in uiscí áirithe neamh-Aontais, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/127 (IO L 27, 31.1.2018, lgh. 1-168)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Gné Sheachtrach den Chomhbheartas Iascaireachta (COM (2011) 424 críochnaitheach, 13.7.2011)
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a chinntiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1981 maidir le tabhairt chun críche an Choinbhinsiúin maidir le Comhoibriú Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 227, 12.8.1981, lch. 21)
Nuashonraithe 13.03.2018