Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Cuireann taighde agus nuálaíocht (T & N) go díreach lenár leibhéal rathúnais agus le folláine daoine aonair agus na sochaí i gcoitinne. Neartaíonn Conradh Liospóin gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) sa réimse taighde seo agus é mar chuspóir aige Limistéar Eorpach Taighde a chruthú.
Le buiséad €95.5 billiún, comharba Fís 2020, is é Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais le haghaidh T & N don tréimhse 2021-2027. Mar naoú creatchlár ilbhliantúil an AE le haghaidh T & N, ceapadh é chun tionchar T & N a éascú agus a neartú chun tacú le beartais an AE agus iad a chur chun feidhme, agus chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda ag an am céanna.
Cruthaíonn sé poist, cuireann sé borradh faoin bhfás eacnamaíoch, cuireann sé iomaíochas tionsclaíoch chun cinn agus cuireann sé barr feabhais ar an tionchar infheistíochta laistigh de limistéar taighde Eorpach neartaithe.