Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le beartas réigiúnach, dírítear i 5 airteagal sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (AE) ar “chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus teorann” (Airteagail 174–178).
Le beartas réigiúnach comhtháthaithe AE, neartaítear an comhtháthú sóisialta agus críochach i mBallstáit agus i réigiúin AE trí thacú le cruthú post, iomaíochas, fás eacnamaíoch, cáilíocht beatha fheabhsaithe agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, tá tá EUR 392 bhilliún curtha ar leataobh ag an Aontas Eorpach, dá chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, arna sholáthar trí chistí ar leith don tréimhse 2021–2027.