Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Is é an tAontas Eorpach (AE) an t–onnmhaireoir is mó ar domhan. Le breis agus 446 mhilliún tomhaltóir ann, is ionann an margadh aonair seo, lena mbaineann comhrialacha, agus margadh onnmhairithe tarraingteach do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chomh maith. Tá cumhacht eisiach reachtaithe ag AE maidir le cúrsaí trádála agus comhaontuithe idirnáisiúnta trádála a chur i gcrích, bunaithe ar rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ar son na 27 mBallstát. Cumhdaítear i mbeartas AE trádáil earraí agus seirbhísí mar aon le cúrsaí amhail gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla agus na hinfheistíochta dírí eachtraí. Rinne an tAontas Eorpach ionstraimí cosanta trádála agus rochtana margaidh a achtú, chun gnólachtaí AE a chosaint ar bhacainní trádála go príomha. Mar chríoch, cuidíonn sé le tíortha i mbun forbartha páirt a ghlacadh i dtrádáil trí dhleachtanna níos ísle agus trí chláir thacaíochta.