Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Fuinneamh

energy

Mar gheall ar an bhfianaise atá ag méadú ar an athrú aeráide agus ar an méadú atá ag fás ar spleáchas ar fhuinneamh, treisíodh diongbháilteacht an Aontais Eorpaigh (AE) bheith ar an gcéad mhór–roinn agus ar an gcéad gheilleagar aeráidneodrach ar domhan agus a áirithiú go mbeidh an fuinneamh a ídeofar slán, sábháilte, iomaíoch agus inbhuanaithe agus go dtáirgfear go háitiúil é.

Tá sé mar aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus cánachais AE a dhearadh chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990, agus é mar sprioc aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar atá leagtha amach mar oibleagáid cheangailteach sa Dlí Aeráide Eorpach. Tá na cuspóirí fuinnimh cinntitheach: fuinneamh níos glaine a tháirgeadh a bhuí le taighde agus nuálaíocht theicneolaíoch, agus infheistiú i bhfoirgnimh athchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh.

Tá na cuspóirí sin bunaithe ar an straitéis don aontas fuinnimh (2015) lena sainítear, mar aon le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le rialachas an aontais fuinnimh, gnéithe bheartas fuinnimh AE.

  • Foinsí fuinnimh AE a éagsúlú, idir bhreoslaí iontaise, chumhacht núicléach, agus fhuinneamh inathnuaite (fuinneamh gréine, gaoithe, bithmhaise, geoiteirmeach, hidrileictreach agus taoide) chun slándáil fuinnimh a áirithiú.
  • Margadh inmheánach fuinnimh lán–chomhtháite agus éifeachtach a réadú gan aon bhacainní teicniúla nó rialála ann.
  • Feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar idirnasc líonraí fuinnimh, agus astaíochtaí a ghearradh siar.
  • Bogadh i dtreo geilleagar ísealcharbóin i gcomhréir leis na gealltanais atá leagtha amach i gComhaontú Pháras.
  • Taighde a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin agus fuinnimh ghlain, agus tús áite a thabhairt do thaighde agus do nuálaíocht chun an t–aistriú fuinnimh a chur chun cinn agus iomaíochas a fheabhsú.

Le hAirteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tugtar isteach bunús dlí ar leith le haghaidh réimse an fhuinnimh atá bunaithe ar inniúlachtaí roinnte idir AE agus Ballstáit AE, rud a threoróidh i dtreo comhbheartas fuinnimh iad.