EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Custaim

customs

Dúshraith riachtanach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) is ea an tAontas Custaim a cuireadh ar bun i 1968. Buíochas leis an Aontas Custaim níl teorainneacha ann idir na Ballstáit maidir le trádáil earraí (Airteagal 28 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)). Tá cosc ar dhleachta custaim idir Ballstáit, agus ar tháillí a bhfuil an éifeacht chéanna leo.

Ag teorainneacha seachtracha, cuirtear an Chomhtharaif Chustaim, mar aon leis an Taraif Chomhtháite (TARIC), i bhfeidhm ar earraí ó thíortha nach tíortha an AE iad. Earraí a ghluaiseann go neamhshrianta tríd an AE, caithfidh siad cloí le rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus le forálacha áirithe den Chomhbheartas Tráchtála. Lena chois sin, cinntíonn Cóid Chustaim an Chomhphobail agus an Aontais go gcuireann údaráis chustaim na mBallstát na rialacha i bhfeidhm go haonfhoirmeach.