Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Talmhaíocht

agriculture

Sna blianta tosaigh de lánpháirtiú na hEorpa, tháinig forbairt an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) as an gcomhfhonn táirgeadh bia a mhéadú agus talmhaíocht a athstruchtúrú. 60 mbliana ina dhiaidh sin, is é CBT an beartas is faide i bhfeidhm de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), lena gcuirtear tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d’fheirmeoirí, do cheantair thuaithe agus don chóras agraibhia ar fad ar fud an Aontais. Is ionann é agus 31% de bhuiséad iomlán an Aontais don tréimhse 2021-2027.

Glacadh comhaontú maidir leis an séú mór-athchóiriú ar CBT go foirmiúil i mí na Nollag 2021, agus tá an CBT nua le cur i bhfeidhm ó 2023 ar aghaidh. Féachfaidh sé le todhchaí inbhuanaithe a áirithiú d‘fheirmeoirí na hEorpa, tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeacha beaga, agus solúbthacht níos fearr a thabhairt do Bhallstáit an AE chun bearta a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla.

Réiteoidh sé sin an bealach do CBT atá níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe, rud a chuirfidh soláthar bia cobhsaí, sábháilte agus sláintiúil ar fáil do shaoránaigh an Aontais. Is gnéithe lárnacha den Chomhaontú Glas don Eoraip iad an talmhaíocht agus na ceantair thuaithe, agus beidh CBT nua ina uirlis lárnach chun uaillmhianta na straitéisí bithéagsúlachta agus feirm go forc agus a bhaint amach.