Bianna nua (núíosacha) — rialacha ó 2018 i leith
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le bianna núíosacha
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Leagtar síos ann rialacha maidir le bianna núíosacha* a chur ar an margadh san Aontas Eorpach (AE). Tá siad sin ceaptha chun ardleibhéal cosanta a chur ar fáil do shláinte an duine agus do leas tomhaltóirí.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do ghnólachtaí bia a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil an táirge ar mian leo a chur ar an margadh cumhdaithe faoin reachtaíocht. Mura bhfuil siad cinnte:
-
féadfaidh siad dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta an mhargaidh lena mbaineann tríd an bhfaisnéis uile a theastaíonn a chur ar fáil;
-
féadfaidh na húdaráis náisiúnta sin dul i gcomhairle le comhghleacaithe i dtíortha AE eile agus leis an gCoimisiún Eorpach.
-
Ní mór don Choimisiún liosta dearfach de bhianna núíosacha údaraithe a bhunú roimh an 1 Eanáir 2018 agus é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.
-
Ní mór nach ndéanfaidh táirge údaraithe:
-
sláinte an duine a chur i mbaol, ar bhonn fianaise eolaíche;
-
tomhaltóirí a chur ar míthreoir, go háirithe nuair atá sé beartaithe é a chur in ionad bia eile agus go bhfuil athrú suntasach ar na luach cothaitheach;
-
dul chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de sa chás go gcuirfí in ionad bia eile é faoi ghnáth-thomhaltas.
-
Féadfaidh iarratasóir (tír AE, tír neamh-AE í nó páirtí leasmhar) nó an Coimisiún an nós imeachta um údarú maidir le bia núíosach a chur ar an margadh a thionscain.
-
Ní mór sonraí a bheith san iarratas, amhail ainm an bhia núíosaigh agus cur síos air, a chomhdhéanamh mionsonraithe, próisis táirgthe agus fianaise eolaíoch, lena ndearbhaítear nach gcuireann sé sláinte an duine i gcontúirt.
-
Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia a thuairim a thabhairt maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh a thabhairt.
-
Cuireann an Coimisiún a thuairim dheiridh i láthair an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar cibé acu an n-údaróidh nó nach n-údaróidh sé bia núíosach. Tá sé riachtanach a aontú a fháil sular féidir an táirge nua a chur ar an liosta dearfach.
-
Tá rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le bianna traidisiúnta ó thíortha neamh-AE ar mian lena n-oibreoirí nó lena n-allmhaireoirí gnólachtaí bia iad a dhíol in AE.
-
Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir leo seo a leanas:
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉAMAÍ
Bia núíosach: bia nár úsáideadh mar bhia don duine go méid suntasach in AE roimh an 15 Bealtaine 1997. Cumhdaítear leis sin raon leathan táirgí, amhail bia le struchtúr móilíneach nua nó struchtúr móilíneach a ndearnadh modhnú air d’aon ghnó, bia lena n-úsáidtear próiseas táirgthe nua bia (e.g. arán cóireáilte le solas ultravialait chun an méid vitimín D ann a mhéadú) nó atá táirgthe as miocrorgánaigh, fungais nó algaí (e.g. úsáid as an miocralga Schizochytrium sp i mbianna amhail barraí gránaigh, saillte cócaireachta, etc. mar fhoinse eile d’aigéad Docaisiheicséanóch).
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lgh. 1-22)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2283 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíochta maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha de réir Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lgh. 55-63)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2017/2469 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíochta le haghaidh na n-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lgh. 64-71)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha de réir Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lgh. 72-201)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 27.03.2021