7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/191


Airteagal 333

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1.   Nuair a leagfar síos le foráil de na Conarthaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal 330, cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos mar choinníoll go ngníomhóidh sí trí thromlach cáilithe.

2.   Nuair a leagtar síos le foráil de na Conarthaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha faoi nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal 330, cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos go ngníomhóidh sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na cinntí a mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu.