|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/82 |
Airteagal 86
1. D'fhonn coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialacháin arna nglacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
Cheal aontoilíochta, féadfaidh grúpa a bheidh comhdhéanta de naoi mBallstát ar a laghad a iarraidh go ndéanfar an dréachtrialachán a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta sa Chomhairle a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle chun go nglacfaí é.
Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 329(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe.
2. Beidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freagrach, i gcuibhreann le Europol nuair is iomchuí, as lucht déanta cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar atá siad sainithe leis an rialachán dá bhforáiltear i mír 1, agus as a gcomhchoirithe sna coireanna sin, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Feidhmeoidh sí feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát i ndáil leis na cionta sin.
3. Cinnfear leis an rialachán dá dtagraítear i mír 1 na rialacha ginearálta a bheidh infheidhme maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, na coinníollacha lena rialófar comhlíonadh a feidhmeanna, na rialacha nós imeachta a bheidh infheidhme maidir lena gníomhaíochtaí chomh maith leis na rialacha lena rialófar inghlacthacht fianaise agus na rialacha a bheidh infheidhme maidir le hathbhreithiú breithiúnach ar bhearta nós imeachta arna nglacadh aici i gcomhlíonadh a feidhmeanna.
4. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, san am céanna nó dá éis sin, cinneadh a ghlacadh lena leasófar mír 1 d'fhonn cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun go n-áireofar orthu an choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi, agus lena leasófar dá réir sin mír 2 maidir le lucht déanta coireanna tromchúiseacha a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó agus maidir lena gcomhchoirithe sna coireanna sin. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.