EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0812

Rialachán (AE) 2015/812 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle

OJ L 133, 29.5.2015, p. 1–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/812/oj

29.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 133/1


RIALACHÁN (AE) 2015/812 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2015

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá bunaithe mar cheann amháin de chuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ábhair mhuirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile trí oibleagáid a thabhairt isteach chun gabhálacha a thabhairt i dtír i dtaca le gabhálacha de speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála agus specis atá faoi réir íosmhéideanna sa Mheánmhuir. Tá forálacha áirithe de rialacháin atá ann cheana lena mbunaítear bearta teicniúla agus rialaithe bréagnaitheach maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus cuireann siad iallach ar iascairí éisc a aischur. Chun deireadh a chur leis an neamhluí idir na rialacháin sin agus an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar bhonn oibríochtúil, ba cheart na forálacha sin a leasú nó a aisghairm.

(2)

Go háirithe, chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (4) a leasú trína cheangal maidir le gach gabháil neamhbheartaithe d'orgánaigh mhuirí de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar gabhadh í de bhreis ar theorainneacha maidir le comhdhéanamh gabhála, go dtabharfaí í i dtír agus go gcomhairfí í i gcoinne cuótaí; trí íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a chur in ionad íosmhéideanna an éisc is féidir a thabhairt i dtír i gcás orgánaigh mhuirí atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; trína cheangal go gcaithfear gach gabháil neamhbheartaithe d'orgánaigh mhuirí de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar gabhadh í de bhreis ar theorainneacha seachghabhálacha i limistéir áirithe, ag amanna áirithe agus le haghaidh trealamh de chineál sonraithe, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí; agus trína dhéanamh soiléir nach mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar roghnaíocht ar son luacha i gcás ina dtabharfar díolúintí isteach faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(3)

Ina theannta sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le dúnadh limistéir chun cadóga óga i roinn ICES VIb a chosaint.

(4)

Chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (5) a leasú trína cheangal go ndéantar gach gabháil neamhbheartaithe d'orgánaigh mhuirí de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i Muir Bhailt agus ar gabhadh í de bhreis ar a gceadaítear le teorainneacha maidir le comhdhéanamh gabhála, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí; trí íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a chur in ionad íosmhéideanna an éisc is féidir a thabhairt i dtír i gcás orgánaigh mhuirí de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus trí thoirmeasc a chur ar ghabháil bradán agus breac geal ag amanna áirithe agus i limistéir áirithe seachas le líonta gaiste.

(5)

Chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (6) a leasú trí íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a chur in ionad íosmhéideanna d'orgánaigh mhuirí de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, gan an bonn a bhaint de choincheap agus de chur chun feidhme na n-íosmhéideanna gabhála atá ann cheana.

(6)

Chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (7) a leasú trína cheangal go ndéantar gach gabháil neamhbheartaithe trosc a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí nuair atáthar ag iascaireacht le línte aistreacha, le líonta geolbhaí, le líonta fostúcháin agus le líonta traimle i limistéir shonraithe agus ag amanna sonraithe.

(7)

I gcomhréir le comhairle eolaíoch a chuireann an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) ar fáil, ar dá réir nach bhfuil sé de cheangal ar an riail maidir le teorannú iarrachta sa phlean bainistithe atá ann cheana maidir le troisc i Muir Bhailt cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe a chomhlíonadh i leith na stoc atá faoi réir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart deireadh a chur le teorainneacha ar an iarracht iascaireachta i gcás stoc trosc i Muir Bhailt.

(8)

Chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 ón gComhairle (8) a leasú trína cheangal, san iascach tráil i gcomhair cluaisíní, gur cheart gach gabháil neamhbheartaithe d'orgánaigh mhuirí de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar gabhadh í de bhreis ar na teorainneacha seachghabhála a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí.

(9)

Chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (9) a leasú trína cheangal go gcaithfear gach gabháil neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí.

(10)

D'fhonn a áirithiú go ndéantar faireachán ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus go ndéantar í a fhorfheidhmiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (10) a leasú trína cheangal go ndéantar sonraí maidir le gabhálacha faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a thaifeadadh go leithleach, trína cheangal go ndéantar gabhálacha a stuáil ar leithligh agus trí fhorálacha a chur isteach maidir le gabhálacha atá faoi bhun íosmhéide tagartha caomhnaithe a mhargú agus maidir le breathnóirí rialaithe a úsáid.

(11)

Ós rud é gur diomailt shuntasach atá in ábhair mhuirí aischurtha agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar shaothrú inbhuanaithe ar orgánaigh mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí, agus ós rud é go bhfuil sé riachtanach go ndéanann oibreoirí an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chomhlíonadh ionas go n-éireoidh léi, ba cheart sáruithe ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a aicmiú mar sháruithe tromchúiseacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Is athrú bunúsach d'oibreoirí atá san oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Is iomchuí, dá réir sin, cur i bhfeidhm na rialacha maidir le sáruithe tromchúiseacha a chur siar ar feadh dhá bhliain sa mhéid a bhaineann le sáruithe den chineál sin.

(12)

Mar thoradh ar thabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír maille le rialacha nua ar leith maidir le solúbthacht idir-bhliantúil cuóta, is gá na rialacha maidir le hasbhaint cuótaí agus maidir le hiarracht iascaireachta a choigeartú.

(13)

Ba cheart cosc a chur ar ghníomhaíochtaí comhthreomhara a fhéachann go sonrach le horgánaigh mhuirí atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe d'úsáidí seachas úsáidí chun a gcaite ag an duine a fhorbairt, agus ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a leasú chun an prionsabal sin a léiriú.

(14)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 bunaíodh coincheap na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe d'fhonn cosaint na n-óg-orgánach muirí a áirithiú. Maidir leis na speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ní fhéadfar éisc atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe den sórt sin a úsáid chun a gcaite go díreach ag an duine. Déantar foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 go ndéanfar comhchaighdeáin mhargaíochta a ghlacadh, lena n-áirítear íosmhéideanna margaíochta. Chun nach ndéanfar dochar do chríoch na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, ba cheart go mbeadh íosmhéideanna margaíochta den sórt sin i gcomhréir leis na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe don speiceas atá i gceist. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, na híosmhéideanna margaíochta a ailíniú leis na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(15)

Ba cheart go gceadófaí go sainráite le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 bearta teicniúla a áireamh i bpleananna maidir le hábhar muirí aischurtha, a bhfuil dlúthbhaint acu le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus a bhfuil sé mar aidhm leo roghnaíocht a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, a mhéid is féidir.

(16)

Éisc a ndearna creachadóirí amhail mamaigh farraige a itheann éisc, éisc nó éin chreachóireacha damáiste dóibh, is féidir leo an duine, peataí agus éisc eile a chur i mbaol de bhua pataiginí agus baictéir a d'fhéadfadh creachadóirí den sórt sin a tharchur. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le gabhálacha d'éisc dhamáistithe den sórt sin, agus ba cheart go ndéanfaí iad a dhiúscairt ar muir láithreach.

(17)

Ba cheart da bhrí sin Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, mar aon le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir.

(18)

Ós rud é nach ábhartha a thuilleadh na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhála agus na srianta gaolmhara maidir le scadáin a úsáid, atá i Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle (12), faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, toisc go bhfuil gach scadán atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le tabhairt i dtír agus a le comhaireamh i gcoinne cuótaí agus go bhfuil aon scadán atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe le húsáid chun críocha eile seachas chun críocha a gcaite go díreach ag an duine, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm.

(19)

Ba cheart an focal “Comhphobal” arna úsáid i dtéarmaí achtacháin Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 a athrú chun teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, an 1 Nollaig 2009, a chur san áireamh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 850/98

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 mar a leanas:

(1)

i bpointe (c) d'Airteagal 4(2), i bpointe (b) d'Airteagal 46(1) agus in Iarscríbhinn I, fonóta (5), cuirtear “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

(2)

scriostar Airteagal 1a;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(i)

ciallóidh ‘gabhálacha neamhbheartaithe’ gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí nach mór, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc go sáraíonn siad na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

;

(4)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Toirmiscfear iascaireacht ar aon speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V ag baint úsáid as méid mogaill níos lú ná an raon a shonraítear don spriocspeiceas a liostaítear sna hIarscríbhinní sin.”

(b)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Ní bheidh feidhm ag pointe (a) ná pointe (b) den chéad fhomhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

;

(5)

in Airteagal 7(5), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe crústach den ghéineas Pandalus atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar i dtír na gabhálacha neamhbheartaithe sin agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar na crústaigh den ghéineas Pandalus agus úsáid á baint as líonta ag a bhfuil méid mogaill sa réimse 32 mhilliméadar go 54 mhilliméadar gan an trealamh atá sonraithe sa chéad fhomhír.”

;

(6)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad mhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

;

(7)

in Airteagal 11(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

1.   I gcás ina ndéantar orgánaigh mhuirí de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a ghabháil de bhreis ar na céatadáin cheadaithe nó na cainníochtaí a shonraítear in Airteagail 20(2), 21(2), 22(2)(b), 27(2), 29(4)(b), 29b(2), 29b(4), 29d(5)(d), 29d(6)(d), 29d(7)(c), 29f(1), 34b(2)(c) agus 34b(10) den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VII, Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis seo, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

2.   Maidir le horgánaigh mhuirí de speiceas nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013 a ghabhtar de bhreis ar na céatadáin cheadaithe a shonraítear in Airteagail 20(2), 21(2), 22(2)(b), 27(2), 29(4)(b), 29b(2), 29b(4), 29d(5)(d), 29d(6)(d), 29d(7)(c), 29f(1), 34b(2)(c) agus 34b(10), den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VII, Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis seo, ní thabharfar i dtír iad ach caithfear ar ais san fharraige láithreach bonn iad.”

;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Tá orgánach muirí róbheag má tá a thoisí faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn XII agus in Iarscríbhinn XIIa le haghaidh an speicis ábhartha agus an limistéir gheografaigh ábhartha, nó íosmhéide tagartha caomhnaithe a shocraítear ar shlí eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Seachas i gcás ina bhfuil íosmhéideanna tagartha caomhnaithe bunaithe i ngníomh a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bunaíodh in Iarscríbhinn XII agus in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann leis an Rialachán seo.”

;

(10)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

Nós imeachta chun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe i gcomhthéacs pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a bhunú

Cumhachtófar don Choimisiún, chun críche na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh agus go ceann na tréimhse sin, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú do speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán sin. Bunófar méideanna den sórt sin trí bhíthin gníomh tarmligthe a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 48a den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 d'fhonn cosaint na n-óg-orgánach muirí a áirithiú, agus féadfar a mhaolú, i gcás inarb iomchuí, ó na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunaítear in Iarscríbhinn XII agus in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann leis an Rialachán seo.”

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

1.   I gcás gabhálacha d'orgánaigh mhuirí róbheaga de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   I gcás inar tugadh gabhálacha mar a thagraítear dóibh i mír 1 i dtír, beidh bearta i bhfeidhm sna Ballstáit chun gur fusa iad a stóráil nó asraonta a fháil dóibh, amhail tacaíocht le haghaidh infheistíochta le láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír agus fothanacha a thógáil agus a oiriúnú, nó tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh.

3.   Orgánaigh mhuirí róbheaga de speiceas nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní dhéanfar iad a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a thaispeáint ná a thairiscint le díol, ach caithfear ar ais san fharraige láithreach bonn iad.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 3 maidir le sairdíní, ainseabhaithe, scadáin, bolmáin agus ronnaigh, laistigh de theorainn 10 % de réir bheomheáchan na ngabhálacha iomlána de gach speiceas díobh siúd a choinneofar ar bord.

Ríomhfar céatadán na sairdíní róbheaga, na n-ainseabhaithe róbheaga, na scadán róbheag, na mbolmán róbheag nó na ronnach róbheag mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile ar bord tar éis iad a shortáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus athlastáil, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le sairdíní, ainseabhaithe, bolmáin agus ronnaigh róbheaga arna ngabháil le húsáid mar bhaoite beo, ar féidir iad a choinneáil ar bord, ar choinníoll go gcoinnítear beo iad.”

;

(12)

in Airteagal 19a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 maidir le gabhálacha ná le speicis atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.”

;

(13)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   I gcás ina bhfuil scadáin faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar scadáin laistigh de na limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 1 agus na nithe seo a leanas á n-úsáid:

(a)

trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mogaill aige ar lú é ná 55 mm;

(b)

peaslíonta saighní;

(c)

líonta geolbhaí, líonta fostúcháin, líonta traimle a bhfuil méid mogaill acu ar lú é ná 55mm; nó

(d)

sruthlíonta a bhfuil méid mogaill acu ar lú é ná 55 mm seachas i gcomhréir le mír 3.”

;

(14)

in Airteagal 20a, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil scadáin faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír den Airteagal seo. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe scadán agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar scadáin laistigh den limistéar geografach agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear sa chéad mhír agus na nithe seo a leanas á n-úsáid:

(a)

trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mogaill aige ar lú é ná 55 mm;

(b)

peaslíonta saighní; nó

(c)

líonta geolbhaí, líonta fostúcháin, líonta traimle agus sruthlíonta a bhfuil méid mogaill acu ar lú é ná 55mm.”

;

(15)

in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   I gcás ina bhfuil saláin faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar shaláin laistigh de na limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 1 agus na nithe seo a leanas á n-úsáid:

(a)

trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mogaill aige ar lú é ná 32 mm;

(b)

peaslíonta saighní; nó

(c)

líonta geolbhaí, líonta fostúcháin, líonta traimle agus sruthlíonta a bhfuil méid mogaill acu ar lú é ná 30 mm.”

;

(16)

in Airteagal 22(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil ronnaigh faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar ronnaigh laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina ndéanfar níos mó ná 15 % den ghabháil don speiceas sin a ghabháil trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:

(a)

trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mogaill aige ar lú é ná 70 mm; nó

(b)

peaslíonta saighní.”

;

(17)

in Airteagal 23(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil ainseabhaithe faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe ainseabhaithe agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar ainseabhaithe agus úsáid á baint as tráil pheiligeacha laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”

;

(18)

in Airteagal 27, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   I gcás ina bhfuil troisc Ioruacha faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar throisc Ioruacha laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear i mír 1 agus úsáid á baint as trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mogaill aige ar lú ná 32 mm é.”

;

(19)

i bpointe (b) d'Airteagal 29(4), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil corra gainimh agus/nó saláin agus leathóga agus/nó sóil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag mír (i), ag mír (ii) ná ag mír (iii) den phointe seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar chorra gainimh agus/nó ar shaláin agus ar leathóga agus/nó ar shóil ó shoithigh a mbeidh trealamh iascaireachta nach sonraítear sa phointe seo á úsáid acu.”

;

(20)

in Airteagal 29a(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil corra gainimh faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe de chorra gainimh agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar chorra gainimh agus úsáid á baint as trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mogaill aige ar lú ná 32 mm é laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear san fhomhír sin.”

(21)

leasaítear Airteagal 29b mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“I gcás ina bhfuil gliomaigh na hIorua faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar ghliomaigh na hIorua agus úsáid á baint as an trealamh iascaireachta agus laistigh de na limistéir gheografacha dá dtagraítear i mír 1.”

;

(b)

i mír 4, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“I gcás ina bhfuil gliomaigh na hIorua faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar ghliomaigh na hIorua laistigh de na limistéir gheografacha agus lasmuigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1.”

;

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29c:

“Airteagal 29c

Bosca na gcadóg rocal i bhfolimistéar ICES VI

Toirmiscfear gach iascaireacht, seachas le spiléir, sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

57°00′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 15°00′ I.”

;

(23)

leasaítear Airteagal 29d mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“Má ghabhtar na speicis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, chomh maith le speicis eile atá faoi réir teorainneacha gabhála, ag baint úsáid as an bhfearas iascaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír agus má tá na speicis sin faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den cheád fhomhír. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe de na speicis sin agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar na speicis nach liostaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír.”

;

(b)

i mír 4, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“Má ghabhtar na speicis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, chomh maith le speicis eile atá faoi réir teorainneacha gabhála, ag baint úsáid as an bhfearas iascaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, agus má tá na speicis sin faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm sa chás sin ag pointe (b) den cheád fhomhír. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe de na speicis sin agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar na speicis nach liostaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír.”

;

(24)

in Airteagal 29e(2), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Má ghabhtar na speicis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, chomh maith le speicis eile atá faoi réir teorainneacha gabhála, ag baint úsáid as an bhfearas iascaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír agus má tá na speicis sin faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den cheád fhomhír. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe de na speicis sin agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar na speicis nach liostaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír seo.”

;

(25)

in Airteagal 29f, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   I gcás ina bhfuil langaí gorma faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.

Toirmiscfear iascaireacht ar langaí gorma le trealamh iascaireachta ar bith laistigh den tréimhse agus de na limistéir gheografacha dá dtagraítear i mír 1.”

;

(26)

scriostar Airteagal 35;

(27)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 47

Nós imeachta chun bearta teicniúla a ghlacadh i gcomhthéacs pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha

Cumhachtófar don Choimisiún, chun críche na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh agus go ceann na tréimhse sin, forálacha sonracha a ghlacadh maidir le hiascaigh nó speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, arb éard a bheidh iontu bearta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán sin. Glacfar na bearta sin trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus é mar aidhm leo roghnaíocht trealaimh a mhéadú nó gabhálacha de thaisme a laghdú nó, a mhéid is féidir, a dhíbirt agus féadfar, leis na bearta sin, i gcás inarb iomchuí, maolú ó na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.”

;

(28)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 48a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18a agus Airteagal 47 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Meitheamh 2015.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18a agus in Airteagal 47 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18a agus Airteagal 47 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

.

(29)

in Iarscríbhinn XII agus in Iarscríbhinn XIIa, cuirtear an téarma “Íosmhéid/íosmhéideanna tagartha caomhnaithe” in ionad an téarma “Íosmhéid/íosmhéideanna”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(p)

ciallaíonn ‘gabhálacha neamhbheartaithe’ gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí a chaithfear, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc go sáraítear leo na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Toirmiscfear iascaireacht ar aon speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III ina mbaintear úsáid as tráil, saighne Danmhairgeacha agus fairis chosúla, líonta geolbhaí, líonta fostúcháin, líonta traimle a bhfuil méid mogaill acu ar lú é ná an raon a shonraítear don speiceas arb é an sprioc é a liostaítear sna hIarscríbhinní sin.”

;

(b)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

;

(c)

i mír 6, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Na céatadáin ghabhála riachtanacha a bhaint amach

1.   I gcás ina ngabhtar orgánaaigh mhuirí de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír de bhreis ar na céatadáin cheadaithe atá sonraithe in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

2.   Orgánaigh mhuirí de speiceas nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a ghabhtar de bhreis ar na céatadáin cheadaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ní thabharfar i dtír iad ach caithfear ar ais san fharraige láithreach bonn iad.”

;

(4)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tá orgánach muirí róbheag má tá a thoisí faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn IV le haghaidh an speicis ábhartha agus an limistéir gheografaigh ábhartha nó íosmhéide tagartha caomhnaithe a shocraítear ar shlí eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Seachas i gcás ina bhfuil íosmhéideanna tagartha caomhnaithe bunaithe i ngníomh a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bunaíodh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.”

;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Nós imeachta chun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe i gcomhthéacs pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a bhunú

Cumhachtófar don Choimisiún, chun críche na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh agus go ceann na tréimhse sin, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú do speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán sin. Bunófar méideanna den sórt sin trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28b den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, d'fhonn cosaint na n-óg-orgánach muirí a áirithiú, agus féadfar a mhaolú, i gcás inarb iomchuí, ó na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.”

;

(6)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás gabhálacha d'orgánaigh mhuirí róbheaga de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

1a.   I gcás inar tugadh gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 i dtír, beidh bearta i bhfeidhm sna Ballstáit chun gur fusa iad a stóráil nó asraonta a fháil dóibh, amhail tacaíocht le haghaidh infheistíochta le láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír agus fothanacha a thógáil agus a oiriúnú, nó tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh.

1b.   Orgánaigh mhuirí róbheaga de speiceas nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní dhéanfar iad a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a thaispeáint ná a thairiscint le díol, ach caithfear ar ais san fharraige láithreach bonn iad.”

;

(7)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“I gcás ina bhfuil bradáin (Salmo salar) faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le gabhálacha bradán. I gcás ina bhfuil bric gheala (Salmo trutta) faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 í, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le gabhálacha breac geal. Tabharfar gabhálacha neamhbheartaithe bradán (Salmo salar) nó breac geal (Salmo trutta) i dtír agus, i gcás bradán, comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar bhradáin (Salmo salvar) agus ar bhric gheala (Salmo trutta) agus úsáid á baint as trealamh iascaireachta ar bith laistigh de na limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus mar a shonraítear i mír 2.”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar bradáin (Salmo salar) agus bric gheala (Salmo trutta) a iascach agus leas á bhaint as líonta gaiste.”

;

(8)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Nós imeachta chun bearta teicniúla a ghlacadh i gcomhthéacs pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha

Cumhachtófar don Choimisiún, chun críche na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh agus go ceann na tréimhse sin, forálacha sonracha a ghlacadh maidir le hiascaigh nó speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, atá comhdhéanta de na bearta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán sin. Glacfar bearta den sórt sin trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28b den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus é mar aidhm leo roghnaíocht trealaimh a mhéadú nó a laghdú nó, a mhéid is féidir, deireadh a chur le gabhálacha de thaisme agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar maolú leo ó na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 28b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14a agus in Airteagal 28a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Meitheamh 2015.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14a agus in Airteagal 28a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14a agus Airteagal 28a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

;

(9)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an téarma “Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe” in ionad an téarma “Íosmhéideanna an éisc is féidir a thabhairt i dtír” agus cuirtear an téarma “Íosmhéid tagartha caomhnaithe” in ionad an téarma “Íosmhéid”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar a leanas:

(1)

i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 1(1), i dteideal Airteagal 6, in Airteagal 7(1), in Airteagal 8(2), in Airteagal 16(2), i dteideal Airteagal 18, in Airteagal 26(1), in Airteagal 27(3) agus in Iarscríbhinn I, roinn B, mír 7, cuirtear “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“18.

ciallaíonn ‘gabhálacha neamhbheartaithe’ gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí a chaithfear, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a thabhairt i dtír toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Nós imeachta chun bearta teicniúla a ghlacadh i gcomhthéacs pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha

Cumhachtófar don Choimisiún, chun críche na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh agus go ceann na tréimhse sin, forálacha sonracha a ghlacadh maidir le hiascaigh nó speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, atá comhdhéanta de na bearta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán sin. Glacfar na bearta sin trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus é mar aidhm leo roghnaíocht trealaimh a mhéadú nó a laghdú nó, a mhéid is féidir, deireadh a chur le gabhálacha de thaisme agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar maolú leo ó na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.”

;

(4)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tá orgánach muirí róbheag má tá a thoisí faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn III le haghaidh an speicis ábhartha agus an limistéir gheografaigh ábhartha nó íosmhéide tagartha caomhnaithe a shocraítear ar shlí eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Seachas i gcás ina bhfuil íosmhéideanna tagartha caomhnaithe bunaithe i ngníomh a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bunaíodh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

1a.   I gcás gabhálacha d'orgánaigh mhuirí róbheaga de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

1b.   I gcás inar tugadh gabhálacha faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1a i dtír, beidh bearta i bhfeidhm sna Ballstáit chun gur fusa iad a stóráil nó asraonta a fháil dóibh, amhail tacaíocht le haghaidh infheistíochta le láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír agus fothanacha a thógáil agus a oiriúnú, nó tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh.

1c.   Orgánaigh mhuirí róbheaga de speiceas nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní dhéanfar iad a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a thaispeáint ná a thairiscint le díol, ach caithfear ar ais san fharraige láithreach bonn iad.”

;

(b)

i mír 3, cuirtear an frása “Mír 1a” in ionad an fhrása “Mír 1”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

Nós imeachta chun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe i gcomhthéacs pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a bhunú

Cumhachtófar don Choimisiún, chun críche na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh agus go ceann na tréimhse sin, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú do speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán sin. Bunófar na méideanna sin trí ghníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, d'fhonn cosaint na n-óg-orgánach muirí a áirithiú, agus féadfar a mhaolú, i gcás inarb iomchuí, ó na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.”

;

(6)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 15(1), féadfar orgánaigh mhuirí róbheaga a iascach, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a thaispeáint nó a thairiscint le díol chun críche athstocála dírí nó trasphlandú le cead agus faoi údarás an Bhallstáit ina bhfuil na gníomhachtaí sin ar bun.”

;

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 29a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14a agus in Airteagal 15a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Meitheamh 2015.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14a agus in Airteagal 15a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14a agus Airteagal 15a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

(8)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an téarma “Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe” in ionad an téarma “Íosmhéideanna orgánach muirí” agus cuirtear an téarma “Íosmhéid tagartha caomhnaithe” in ionad an téarma “Íosmhéid”.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2 agus Airteagal 10, in Airteagal 11(1), in Airteagal 16(2) agus in Airteagal 17(1), (2) agus (5), cuirtear “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;,

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(g)

ciallaíonn ‘gabhálacha neamhbheartaithe’ gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí a chaithfear, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc go sáraítear leo na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha.

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

“TRÉIMHSÍ IASCAIREACHTA”

;

(4)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Tréimhsí nuair nach gceadaítear iascaireacht le cineálacha áirithe trealaimh”

;

(b)

i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“I gcás ina bhfuil troisc faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe de throisc agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar throisc agus úsáid á baint as línte aistreacha laistigh de na limistéir agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 1.”

;

(c)

scriostar mír 3, mír 4 agus mír 5.

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do shoithí iascaireachta a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 12 mhéadar dul ag iascaireacht cúig lá ar a mhéad in aghaidh na míosa, roinnte i dtréimhsí ar a laghad dhá lá as a chéile le linn na dtréimhsí dúnta dá dtagraítear i mír 1. Le linn na laethanta sin, ní fhéadfaidh soithí iascaireachta a líonta a thumadh agus iasc a thabhairt i dtír ach ó 06.00 ar an Luan go 18.00 ar an Aoine an tseachtain chéanna.

Beidh feidhm ag Airteagal 16 maidir leis na soithí iascaireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo nach bhfuil ceadúnas acu le haghaidh iascaireacht a dhéanamh ar throisc.”

;

(e)

scriostar mír 7;

(5)

in Airteagal 9(3), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil troisc faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo. Tabharfar i dtír gabhálacha neamhbheartaithe de throisc agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

Toirmiscfear iascaireacht ar throisc agus úsáid á baint as na cineálacha trealaimh dá dtagraítear i mír 2 agus laistigh de na limistéir agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 1.”

.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 254/2002

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 1a

Ciallaíonn ‘gabhálacha neamhbheartaithe’ gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí, nach mór, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc gur mó iad ná na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

(2)

in Airteagal 3(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Nuair a bheidh úsáid á baint as an trealamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áfach, tabharfar i dtír agus déanfar a chomhaireamh i gcoinne cuótaí na gabhálacha neamhbheartaithe uile de na speicis atá faoi réir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.”

;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le gabhálacha neamhbheartaithe d'orgánaigh mhuirí atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

.

Airteagal 6

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1 agus in Airteagal 5, cuirtear “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

ciallaíonn ‘gabhálacha neamhbheartaithe’ gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí nach mór, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc gur mó iad ná na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

.

(3)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta nach bhfuil ceadúnas domhainiascaireachta acu iascaireacht a dhéanamh, in aghaidh gach turais farraige, ar speicis domhainfharraige ar de bhreis ar 100 kg an ghabháil. Speicis domhainfharraige ar de bhreis ar 100kg an ghabháil ag soithí den sórt sin, ní dhéanfar iad a choinneáil ar bord, a athlastáil ná a thabhairt i dtír.

Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír i gcás gabhálacha de thaisme de speicis domhainfharraige atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.”

.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, in Airteagal 2(1), in Airteagal 3, i bpointí 2, 7, 9, 10, 18 agus 24 d'Airteagal 4, in Airteagal 5(2), (6) agus (7), in Airteagal 6(1), in Airteagal 7(1), in Airteagal 9(4) go (7), in Airteagal 10(2), in Airteagal 12, in Airteagal 14(1) agus (4) go (8), in Airteagal 15(1) go (5), in Airteagal 17(1) agus (2), in Airteagal 18(1), in Airteagal 20(1) agus (3), in Airteagal 21(1), in Airteagal 22(1) go (3) agus (5), in Airteagal 23(1) agus (3), in Airteagal 24(1) go (5), in Airteagal 28(1), in Airteagal 33(2), (5) agus (8), in Airteagal 36(2), in Airteagal 37(1), in Airteagal 40(1), in Airteagal 43(2), in Airteagal 44(1) go (3), in Airteagal 48(1), (2) agus (5), in Airteagal 49(1), in Airteagal 50(1) agus (5), in Airteagal 55(1), in Airteagal 56(2), in Airteagal 58(2) agus (7), in Airteagal 62(5), in Airteagal 65(1), in Airteagal 68(1), in Airteagal 71(1), in Airteagal 73(1) agus (7), in Airteagal 74(2), in Airteagal 77, in Airteagal 79, in Airteagal 80(1) go (4), in Airteagal 81(1), in Airteagal 83(1) agus (2), in Airteagal 87, i bpointe (c) d'Airteagal 108(2), in Airteagal 112(1) agus (2) agus in Airteagal 113(2), (4) agus (5), cuirtear “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

(2)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d'fhorálacha sonracha atá i bpleananna ilbhliantúla, coinneoidh máistir gach soithigh iascaireachta de chuid an Aontais atá 10 méadar nó níos mó ar fad ar an iomlán logleabhar iascaireachta oibríochtaí, ina gcuirfear in iúl go sonrach maidir le gach turas iascaireachta na cainníochtaí go léir de gach speiceas arna ngabháil agus arna gcoinneáil ar bord ar os cionn 50kg de choibhéis bheomheáchain iad. Beidh feidhm ag an tairseach 50 kg a luaithe is a sháraíonn gabhálacha speicis 50 kg.”

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

na cainníochtaí measta de gach speiceas i gcileagraim bheomheáchain, nó, más iomchuí, líon na n-aonán, lena n-áirítear na cainníochtaí nó aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh;”

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais taifead ina gcuid logleabhar iascaireachta ar na hábhair mhuirí aischurtha uile measta os cionn 50 kg de choibhéis bheomheáchain de réir méid in aghaidh gach speicis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír.

Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais taifead ina gcuid logleabhar iascaireachta freisin ar aischur measta gach ábhair mhuirí aischurtha de réir méid in aghaidh gach speicis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15(4) agus Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).”"

;

(3)

in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):

“(e)

na cainníochtaí de gach speiceas arna thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta, lena n-áirítear iad siúd atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh;

(f)

na cainníochtaí de gach speiceas atá le tabhairt i dtír nó le hathlastáil, lena n-áirítear iad siúd atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh.”

;

(4)

in Airteagal 21(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

na cainníochtaí measta de gach speiceas i gcileagraim táirgemheáchain, arna miondealú de réir chineál chur i láthair an táirge, nó, más iomchuí, líon na n-aonán, lena n-áirítear na cainníochtaí nó na haonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh;”

;

(5)

in Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

na cainníochtaí de gach speiceas i gcileagraim táirgemheáchain, arna miondealú de réir chineál chur i láthair an táirge, nó, más iomchuí, líon na n-aonán, lena n-áirítear na cainníochtaí nó na haonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh;”

;

(6)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

i gcás na gcainníochtaí de gach stoc nó grúpa stoc atá faoi réir Gabhálacha Iomlána Incheadaithe nó na gcuótaí a tugadh i dtír le linn na míosa roimhe sin, lena n-áirítear iad siúd a bhí faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme; mar iontráil ar leithligh; agus”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Gabhálacha arna ngabháil faoi chuimsiú taighde eolaíochta agus a chuirtear ar an margadh agus a dhíoltar, lena n-áirítear, más iomchuí, iad siúd a bhíonn faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, comhairfear i gcoinne an chuóta is infheidhme don Bhallstát brataí iad sa mhéid gur mó iad ná 2 % de na cuótaí lena mbaineann. Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 (20), ní bheidh feidhm aige ar thurais taighde eolaíochta a ngabhtar gabhálacha den sórt sin lena linn.

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).”"

;

(7)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 49a

Stuáil ar leithligh de ghabhálacha atá faoi bhun na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

1.   Cuirfear gach gabháil atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme a choinnítear ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais i mboscaí, in urranna nó i gcoimeádáin sa chaoi gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir iad siúd agus gabhálacha i mboscaí, urranna nó coimeádáin eile. Ní bheidh na gabhálacha sin measctha le haon táirgí iascaigh eile.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1:

(a)

má tá níos mó ná 80 % de cheann amháin nó níos mó de na speicis bheaga pheiligeacha nó de na speicis tionsclaíochta sna gabhálacha, mar a liostaítear iad i bpointe (a) d'Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

maidir le soithí iascaireachta atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad ar an iomlán i gcás inar ndearnadh gabhálacha faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a shortáil, a mheas agus a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar chomhdhéanamh na gabhála trí shamplaí a thógáil.

Airteagal 49b

An riail de minimis

Gabhálacha a thagann faoin díolúine de minimis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, áiritheoidh na Ballstáit nach sáraíonn siad céatadán na díolúine a bhunaítear sa bheart ábhartha de chuid an Aontais.

Airteagal 49c

Gabhálacha atá faoi bhun na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a thabhairt i dtír

I gcás ina dtugtar i dtír gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, déanfar na gabhálacha sin a stóráil leo féin agus pléifear leo sa chaoi go ndéanfar iad a idirdhealú ó tháirgí éisc atá beartaithe chun a gcaite go díreach ag an duine. Déanfaidh na Ballstáit rialú ar chomhlíonadh na hoibleagáide sin i gcomhréir le hAirteagal 5.”

;

(8)

leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh gach Ballstát freagrach as cur i bhfeidhm rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a rialú ina chríoch féin ag gach céim a bhaineann le margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ón gcéad díolachán go dtí an miondíolachán, iompar san áireamh. Táirgí iascaigh atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme agus atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, áiritheoidh na Ballstáit go háirithe go bhfuil a n-úsáid srianta do chríocha eile seachas do chríocha a gcaite go díreach ag an duine.”

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5.   Cainníochtaí de tháirgí iascaigh de roinnt speiceas, ina bhfuil aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme agus a thagann ón limistéar geografach ábhartha céanna agus ón soitheach iascaireachta céanna, nó ón ngrúpa soithí iascaireachta céanna, féadfar iad a chur i mbaisceanna roimh iad a dhíol den chéad uair.”

;

(9)

in Airteagal 58(5), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ea)

i gcásanna go bhfuil éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme mar chuid de na cainníochtaí dá dtagraítear i bpointe (e), faisnéis ar leith faoi chainníochtaí de gach speiceas arna sloinneadh i gcileagraim i nglanmheáchan, nó mar líon na n-aonán;”

;

(10)

in Airteagal 64(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

maidir le táirgí iascaigh agus i gcás inarb iomchuí, ceann scríbe táirgí ar tarraingíodh siar ón margadh iad le haghaidh stórála i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(ha)

i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí arna sloinneadh i gcileagraim i nglanmheáchan, nó mar líon na n-aonán atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, agus an ceann scríbe díobh;”

;

(11)

in Airteagal 66(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(h)

i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí, arna sloinneadh i gcileagraim i nglanmheáchan nó mar líon na n-aonán, atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme;”

;

(12)

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 68(5):

“(g)

i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí, arna sloinneadh i gcileagraim i nglanmheáchan nó mar líon na n-aonán, atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme;”

;

(13)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 73a

Breathnóirí rialaithe chun faireachán a dhéanamh ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Gan dochar d'Airteagal 73(1) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit breathnóirí rialaithe a úsáid ar bord soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu chun faireachán a dhéanamh ar iascach atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beidh feidhm ag Airteagal 73(2) go (9) den Rialachán seo maidir leis na breathnóirí rialaithe sin.”

;

(14)

in Airteagal 90(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

mainneachtain a dhéanamh i leith tabhairt agus coinneáil ar bord an tsoithigh iascaireachta, agus tabhairt i dtír, gabhálacha de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, mura rud é go mbeadh tabhairt agus coinneáil ar bord agus tabhairt i dtír na ngabhálacha sin contrártha d'oibleagáidí nó dá mbeidís faoi réir díolúintí dá bhforáiltear i rialacha an chomhbheartais iascaigh in iascach nó i limistéir iascaireachta a bhfuil feidhm ag na rialacha sin iontu.”

;

(15)

in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfidh na Ballstáit córas pointí i bhfeidhm i gcomhair sáruithe tromchúiseacha mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) d'Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus i gcomhair sáruithe ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 90(1) den Rialachán seo, agus is é ar an mbonn sin a shannfar don sealbhóir ceadúnais iascaireachta an líon pointí iomchuí mar thoradh ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a shárú.”

;

(16)

leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

“Méid na ró-iascaireachta i gcoibhneas le líon na ngabhálacha atá ceadaithe a thabhairt i dtír

Fachtóir iolraithe

Suas le 10 %

Ró-iascaireacht *1,0

Os cionn 10 % suas le 20 %

Ró-iascaireacht *1,2

Os cionn 20 % suas le 40 %

Ró-iascaireacht *1,4

Os cionn 40 % suas le 50 %

Ró-iascaireacht *1,8

Aon ró-iascaireacht eile níos mó ná 50 %

Ró-iascaireacht *2,0”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   De bhreis ar na fachtóirí iolraithe dá dtagraítear i mír 2 agus ar choinníoll gur mó ná 10 % méid na ró-iascaireachta i gcoibhneas le líon na ngabhálacha atá ceadaithe a thabhairt i dtír, cuirfear fachtóir iolraithe de 1,5 i bhfeidhm más rud é:

(a)

go ndeachaigh Ballstát thar a chuóta, a leithdháileadh nó a sciar den stoc nó grúpa stoc thar an dá bhliain roimhe sin arís agus arís eile, agus go raibh ró-iascaireacht den sórt sin faoi réir asbhaintí mar a thagraítear dóibh i mír 2;

(b)

go bhfuil sé léirithe leis an gcomhairle eolaíochta, theicniúil agus eacnamaíoch atá ar fáil agus go háirithe sna tuarascálacha arna ndéanamh ag STECF, gur bagairt thromchúiseach ar chaomhnú an stoic lena mbaineann atá sa ró-iascaireacht; nó

(c)

go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.”

;

(c)

scriostar mír 3a.

(17)

in Airteagal 106(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

“An méid farasbarr san iarracht iascaireachta atá ar fáil

Fachtóir iolraithe

Suas le 10 %

Farasbarr * 1,0

Os cionn 10 % suas le 20 %

Farasbarr * 1,2

Os cionn 20 % suas le 40 %

Farasbarr * 1,4

Os cionn 40 % suas le 50 %

Farasbarr * 1,8

Aon fharasbarr eile níos mó ná 50 %

Farasbarr * 2,0”

;

Airteagal 8

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 28, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   I gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 7(1), áiritheoidh eagraíochtaí táirgeoirí sna pleananna táirgthe agus margaíochta a chuireann siad isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo, nach dtosóidh gníomhaíochtaí atá dírithe go sonrach ar orgánaigh mhuirí atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a ghabháil mar thoradh ar na horgánaigh mhuirí sin a thabhairt i dtír.

Nuair a dhéanfaidh siad na seiceálacha a cheanglaítear le mír 7 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí táirgeoirí.”

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

“Airteagal 47

Rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta

1.   Gan dochar do mhír 2, leanfaidh rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta d'fheidhm a bheith acu, go háirithe iad siúd a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle (21), Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle (22) agus Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle (23), chomh maith le rialacha eile arna nglacadh chun comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm, amhail na cinn a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún (24).

2.   I gcás ina mbeidh íosmhéideanna tagartha caomhnaithe á mbunú, íosmhéideanna margaíochta a bheidh iontu.

(21)  Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe agus maidir le tuairiscí trádála le haghaidh sairdíní leasaithe agus táirgí de chineál sairdín (IO L 212, 22.7.1989, lch. 79)."

(22)  Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe (IO L 163, 17.6.1992, lch. 1)."

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle an 26 Samhain 1996 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le táirgí áirithe iascaigh (IO L 334, 23.12.1996, lch. 1)."

(24)  Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 1985 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm maidir le héisc áirithe atá úr nó fuaraithe (IO L 351, 28.12.1985, lch. 63).”"

.

Airteagal 9

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

Leasaítear Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

éisc a bhfuil an chuma orthu go bhfuil damáiste déanta dóibh ag creachadóirí.”

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

forálacha sonracha maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1, amhail na bearta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(2), atá dírithe ar roghnaíocht trealaimh a mhéadú nó gabhálacha de thaisme a laghdú nó, a mhéid is féidir, a dhíothú;”

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“14.   Faoin 31 Bealtaine 2016, agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2020, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ar bhonn faisnéis arna tarchur chuig an gCoimisiúin ag na Ballstáit, ag na Comhairlí Comhairleacha agus ag foinsí ábhartha eile.

Beidh an méid a leanas sna tuarascálacha bliantúla:

na céimeanna atá tugtha ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí táirgeoirí chun go gcomhlíonfaidh siad an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

na céimeanna atá déanta ag na Ballstáit maidir le rialú ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

faisnéis faoin tionchar socheacnamaíoch atá ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

faisnéis faoin éifeacht atá ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ar shábháilteacht ar bord soithí iascaireachta;

faisnéis faoi úsáid agus asraonta gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

faisnéis faoi bhonneagar calafoirt agus feistiú soithí maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

i gcás gach iascaigh lena mbaineann, faisnéis faoi na deacrachtaí a bhain le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus moltaí chun aghaidh a thabhairt orthu.”

.

Airteagal 10

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (14) agus ag pointe (15) d'Airteagal 7 ón 1 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Bealtaine 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 311, 12.9.2014, lch. 68.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Bealtaine 2015.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 349, 31.12.2005, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothróidh na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97 (IO L 248, 22.9.2007, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 ón gComhairle an 12 Feabhra 2002 lena mbunaítear bearta a bheidh infheidhme in 2002 maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (roinn ICES VIIa) (IO L 41, 13.2.2002, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic domhainfharraige a iascach (IO L 351, 28.12.2002, lch. 6).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 lena sonraítear coinníollacha faoinar féidir scadáin a thabhairt i dtír chun críocha tionsclaíocha seachas chun críocha a gcaite go díreach ag an duine (IO L 191, 7.7.1998, lch. 10).


Top