This document is an excerpt from the EUR-Lex website
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document PROPOSAL OF A REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on structural measures improving the resilience of EU credit institutions and the Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on reporting and transparency of securities financing transactions
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMHRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad TOGRA LE HAGHAIDH RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an AE a fheabhsú agus Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMHRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad TOGRA LE HAGHAIDH RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an AE a fheabhsú agus Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús
/* SWD/2014/031 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMHRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad TOGRA LE HAGHAIDH RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an AE a fheabhsú agus Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú agus trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús /* SWD/2014/031 final */
1. Réamhrá Thar roinnt mhaith blianta, tá borradh mór
tagtha ar mhéid chórais airgeadais an AE, borradh níos suntasaí ná an fás OTI.
Tá méadú mór tagtha ar institiúidí airgeadais an AE, ar na bainc go háirithe ó
thaobh scála, scóipe agus castachta de. Mar thoradh ar sin, tá 'ionaid uile
ghnó' mhóra airgeadais tagtha chun cinn ina soláthraítear tacar éagsúil
seirbhísí in aon eintiteas amháin. I ngeall ar an bpróiseas sin tá ar chumas na
mbanc raon níos leithne seirbhísí a sholáthar dá gcuid cliant chomh maith le
freastal ar riachtanais níos casta fós a gcliant domhanda. D'ainneoin na
mbuntáistí sin, leis an tacaíocht gan fasach ón stát do na bainc ar fud na
hearnála tar éis na géarchéime airgeadais léiríodh an tionchar diúltach ar an
gcobhsaíocht airgeadais a bhí mar thoradh ar chóras airgeadais níos domhanda
agus níos comhtháite agus soláthróirí níos mó seirbhísí airgeadais ann. Mar fhreagra ar an ngéarchéim airgeadais, tá
an tAontas Eorpach (an AE) agus a Bhallstáit ag gabháil d'ollchóiriú bunúsach
ar rialáil agus ar mhaoirseacht na mbanc. Sa réimse baincéireachta, tá an AE
tar éis athchóirithe a chur ar bun chun athléimneacht na mbanc a mhéadú agus
chun tionchar chliseadh na mbanc a laghdú. D'ainneoin an chláir leathain athchóirithe sin
is ábhar imní fós é go bhfuil roinnt banc fós ann atá rómhór agus róchasta chun
bainistiú, faireachán, nó maoirseacht a dhéanamh orthu sa gheilleagar socair
agus dúshlánach fós lena réiteach san aimsir ghéarchéime. Dá bhrí sin tá sé
beartaithe ag roinnt mhaith tíortha athchóiriú a dhéanamh ar struchtúr a gcuid
banc nó athchóirithe mar iad á meas acu. Tá an ról atá ag athchóirithe
struchtúracha dul i ngleic leis na bainc atá rómhór le teip[1] curtha i dtábhacht arís
ag Parlaimint na hEorpa agus ag institiúidí idirnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisinéir
Barnier Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil ar bun agus Erkki Liikanen, Gobharnóir
Bhanc na Fionlainne ina chathaoirleach air. Bhí sainordú ag an ngrúpa an gá le
hathchóiriú struchtúrach ar earnáil bhaincéireachta an AE a mheas. Mhol an
Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil é a bheith éigeantach an trádáil dílseánaigh
agus gníomhaíochtaí eile trádála ard-riosca a bheith deighilte amach in
eintiteas dlíthiúil ar leith laistigh den ghrúpa baincéireachta. Sa mheasúnú tionchair seo déantar measúnú ar
fhadhbanna a bhaineann le struchtúr corparáideach na mbanc atá rómhór le teip (Caibidil 2);
sainaithnítear ann na cuspóirí athchóirithe struchtúraigh (Caibidil 3);
sainaithnítear na roghanna atá ar fáil chun struchtúr na mbanc a athchóiriú (Caibidil 4)
agus déantar measúnú ar na sochair agus na costais don tsochaí a thiocfaidh as
gach ceann de na roghanna sin (Caibidil 5). Seo thíos achoimre ar na
príomhchinntí an mheasúnaithe tionchair. 2. Sainiú ar an bhFadhb Go traidisiúnta tá éagsúlacht i gcóras
baincéireachta an AE. Cuireann sé sin le neart an chórais. Mar sin féin, thar
am d'athraigh an margadh agus tháinig cúpla grúpa baincéireachta a bhí mór,
casta agus idirnasctha. De ghnáth bíonn gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola
agus tráchtála ar siúl acu mar aon le gníomhaíochtaí baincéireachta mórdhíola
agus infheistíochta in aon eintiteas corparáideach amháin nó i gcomhcheangal
entiteas dlúthnasctha a bhfuil srianta teoranta ar a gcuid idirbheart. Toisc
gur bainc iad a ghlacann taiscí, tá baol ollráchairte díobhálaí i gcónaí ann.
Chun muinín an taisceora a áirithiú cruthaíodh líontáin sábhála fhollasacha don
phobal (amhail árachas taiscí) agus líontáin sábhála intuigthe (tarrthálacha) de
facto. I bhfianaise na líontán sábhála don phobal, áfach, déanann cuid
gníomhaíochtaí neamhshrianta na mbanc géarú ar roinnt fadhbanna, lena
n-áirítear (i) baic roimh réiteach ordúil agus
téarnamh; (ii) guais mhorálta, fás iomarcach sa chlár
comhardaithe agus trádáil iomarcach; (iii) coinbhleachtaí
leasa agus cultúr na mbanc a bheith dírithe ar idirbhearta; agus (iv) saobhadh iomaíochta. Tá roinnt athchóirithe déanta cheana féin ag
an AE chun athléimneacht na mbanc a mhéadú agus chun an dóchúlacht go
dteipfeadh ar an mbanc agus an tionchar a leanfadh sin a laghdú. Ar na
hathchóirithe sin áirítear bearta chun sócmhainneacht na mbanc a neartú (an
Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil/an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil IV); inréiteacht na mbanc a neartú (an Treoir maidir le Téarnamh agus
Réiteach na mBanc); bearta chun taiscí a ráthú níos fearr (an Treoir maidir le
Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí athbhreithnithe); díriú ar rioscaí na ndíorthach
agus bonneagair an mhargaidh a fheabhsú (Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh
Eorpach, agus athbhreithnithe gaolmhara ar an Treoir maidir le Margaí in
Ionstraimí Airgeadais). Ina theannta sin, chun an timthriall aiseolais
dhiúltaigh idir na bainc cheannasacha agus intíre a bhriseadh, tá an Coimisiún
Eorpach tar éis a iarraidh go bhforbrófar a thuilleadh an tAontas Baincéireachta,
lena n-áirítear rudaí amhail an leabhar rialacha aonair, an Sásra Aonair
Maoirseachta agus an Sásra Aonair Réitigh, a bheidh éigeantach do bhaill an
limistéir euro ach oscailte do rannpháirteachas Ballstát eile. D'ainneoin an chláir leathain athchóirithe sin
is ábhar imní fós é do go leor rialtóirí, maoirseoirí agus lucht léinn go
bhfuil roinnt na bainc is mó fós rómhór agus róchasta chun bainistiú,
faireachán, nó maoirseacht a dhéanamh orthu sa gheilleagar socair agus
dúshlánach fós lena réiteach san aimsir ghéarchéime. Dá bhrí sin tá
athchóirithe struchtúracha molta chun an tslí lena n-déileálfar leis na
fadhbanna sin a chomhlánú. Mar shampla, d'fhéadfadh athchóirithe struchtúracha
cur leis an gclár athchóirithe rialála atá ann faoi láthair. Trí bhíthin an
Rialacháin maidir le Ceanglais Caipitil/an Treoir maidir le Ceanglais Caipitil IV
agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc tabharfar cumhachtaí
do mhaoirseoirí/udaráis inniúla réitigh idirghabháil a dhéanamh chun
géarchéimeanna bainc arb é ábhair imní i leith stuamachta nó inréiteachta is
cúis leo a chosc, trí athstruchtúrú a dhéanamh ar an institiúid airgeadais/nó
trína réiteach. D'fhéadfadh athchóirithe struchtúracha na hathchóirithe rialála
sin a chomhlánú agus a n-éifeachtacht do na bainc rómhór agus róchasta a
mhéadú. Mar shampla, cuirfidh an t-athchóiriú struchtúrach leis na roghanna atá
ar fáil d'údaráis agus iad ag déileáil le grúpaí móra baincéireachta. Lena
chois sin, slí dhíreach is ea an t-athchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar
chastacht laistigh de ghrúpaí, ar fhóirdheontais laistigh de ghrúpaí, agus ar
dhreasachtaí chun rioscaí iomarcacha a thógáil. Ina theannta sin, leis na
hathchóirithe struchtúracha ceaptha dírítear ar thacar níos leithne cuspóirí a
bhaint amach, cuir i gcás féachaint chuige nach mbeidh bainc a ghlacann taiscí
faoi róthionchar ag cultúr trádala atá dírithe ar an ngearrthéarma agus atá
tugtha do choinbhleachtaí leasa chun aimhleas a gcustaiméirí. Dá bhrí sin
d'fhéadfadh na hathruithe atá intuigthe ag an athchóiriú struchtúrach arna
bhforchur ar an tacar teoranta sin banc atá rómhór le teip atá faoi bhreithniú
na cumhachtaí atá ann cheana féin a chomhlánú. 3. Anailís ar choimhdeacht Tá méadú ag teacht faoi láthair ar líon na
mBallstát atá ag tabhairt faoi athchóirithe struchtúracha banc ina ndlínse
féin. I bhfianaise na saoirsí bunúsacha atá leagtha amach sa Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an "CFAE") d'fhéadfadh sé go
gcuirfeadh difríochtaí sa dlí ó Bhallstát go chéile isteach ar ghluaiseacht
chaipitil agus cinntí maidir le bunú a bhaineann leis na rannpháirtithe sa
mhargadh agus go mbainfeadh sé an bonn de na hiarrachtaí atá ar bun leabhar
rialacha aonair a chur i gcrích a bheadh infheidhme ar fud an mhargaidh
inmheánaigh. D'fhéadfadh an reachtaíocht fadhbanna sonracha a chruthú freisin
maidir le maoirseacht, go háirithe do na bainc i dtíortha éagsúla. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal
na hEorpa. 4. Cuspóirí Is é is cuspóir ginearálta don athchóiriú
struchtúrach an riosca éagobhsaíochta sistéamaí a laghdú trí laghdú a dhéanamh
ar an riosca go dtiocfaidh bainc chun a bheith ina mbainc atá rómhór le teip,
róchasta le teip agus róthábhachtach le teip nó go mbeadh sé sin mar aidhm acu.
Príomhchuspóir den athchóiriú struchtúrach is ea féachaint chuig go mbeidh na
bainc a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha don fhíorgheilleagar níos
athléimní i gcás suaití inginiúla nó suaití eisginiúla agus níos inréitithe i
gcás teipe, agus déine na ngéarchéimeanna airgeadais amach anseo a laghdú dá
réir. Cuspóir eile is ea ilroinnt an mhargaidh aonair a laghdú. Roinnt mhaith
de na bainc a ndéanfaidh an reachtaíocht maidir le hathchóiriú struchtúrach
difear dóibh bíonn siad ag feidhmiú i dtíortha éagsúla agus féachann siad le
tairbhe a bhaint as na deiseanna atá cruthaithe ag an margadh airgeadais
aonair. Chuirfeadh creat comhchoiteann reachtaíochta ar athchóiriú struchtúrach
cosc le hilroinnt an Mhargaidh Inmhéanaigh agus mhéadódh sé éifeacht an tSásra
Aonair Maoirseachta agus an tSásra Aonair Réitigh amach anseo. Laistigh de na cuspóirí ginearálta sin, tá an
t-athchóiriú struchtúrach ceaptha na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint
amach: (1) réiteach agus téarnamh na mbanc a éascú; (2) bainistiú, faireachán
agus maoirseacht a éascú; (3) an ghuais mhorálta a laghdú (4) coinbhleachtaí
leasa a laghdú agus an cultúr bainc a fheabhsú; (5) mí-leithdháileadh caipitil
agus achmhainní a laghdú; agus (6) iomaíocht a fheabhsú. Chuirfeadh an tacar cuspóirí oibriúcháin
inchainníochtaithe seo bonn le meastóireachtaí amach anseo: (1) Laghdú ar an
méid atá i bhfóirdheontais phoiblí intuigthe (mar ba léir ó bhuntáiste na mbanc
atá rómhór le teip ó thaobh costas cistithe de); (2) Laghdú ar thrádáil
iomarcach na mbanc atá rómhór le teip (agus méadú ar an sciar coibhneasta i
ndáil le soláthar creidmheasa do chustaiméirí neamhairgeadais. 5. Roghanna Beartais Tá gá le cinneadh faoi na gníomhaíochtaí is
ceart a dheighilt ó chéile agus cé chomh domhain is ceart an deighilt sin a
bheith. Tá leagtha amach i gCuid 4 den tuarascáil
roinnt roghanna do gach réimse. Leanann roinnt athchóirithe na roghanna
comhcheangailte sin a ndéanfar measúnú orthu in aghaidh an cháis bhunlíne,
(i.e. nach mbeidh a thuilleadh de ghníomhaíocht beartais ar leibhéal an AE ann)
agus in aghaidh a chéile chomh maith. Gníomhaíochtaí Na gníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanann
grúpaí móra baincéireachta an AE sa lá atá inniu ann bíonn idir gníomhaíochtaí
baincéireachta miondíola agus tráchtála i gceist leo agus, gníomhaíochtaí
baincéireachta mórdhíola agus infheistíochta. I measc roinnt de na
gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola agus tráchtála tá, glacadh taiscí
árachaithe, iasachtaí a thabhairt do theaghlaigh agus do FBManna, agus
seirbhísí córas íocaíochta a sholáthar. I measc roinnt de na gníomhaíochtaí
baincéireachta mórdhíola agus infheistíochta tá, suibscríobh, cruthú margaidh,
seirbhísí bróicéireachta agus trádáil dílseánaigh. Tá leagtha amach sa
tuarascáil trí rogha théamacha maidir le gníomhaíochtaí a dheighilt: (1)
Eintiteas trádála “cúng” agus eintiteas taisce
“leathan”: Sa chéad chás seo, ní dhéantar ach líon
beag gníomhaíochtaí trádála a dheighilt ó eintiteas taisce mór, mar atá sna
cineálacha sin trádála ina bhfuil trádálaithe ag amhantrú ar na margaí agus iad
ag baint úsáid as caipiteal na mbanc nó airgead ar iasacht d'fhonn brabús a
dhéanamh agus gan aon bhaint aige le trádáil thar ceann custaiméirí (trádáil
dílseánaigh); (2)
Eintiteas trádála “meánach” agus eintiteas
taisce “meánach”: Sa rogha seo cuirtear cruthú
margaidh, díorthaigh chasta agus urrúsú casta leis na gníomhaíochtaí luaite
thuas; agus (3)
Eintiteas trádála “leathan” agus eintiteas
taisce “cúng”: Bheadh sé beartaithe leis an rogha seo
gach gníomhaíocht mórdhíola agus infheistíochta a dheighilt ó ghníomhaíochtaí
eile. Láidreacht Agus doimhne na deighilte á cinneadh, ní miste
tosú agus an trí chineál seo a mheas: (i) deighilt maidir le cuntasaíocht; (ii)
deighilt fheidhmiúil trí bhíthin fochuideachtú; agus (iii) trí dheighilt
úinéireachta nó toirmeasc a chur ar línte áirithe gnó. Léiríonn na cineálacha
seo deighilte leibhéil éagsúla déine sáiteachta i struchtúr gnó na mbanc. Deighilt maidir le cuntasaíocht (oibleagáid a
chur ar bhainc tuilleadh faisnéise a fhoilsiú faoina réimsí éagsúla gnó), ní
dócha go mbainfear amach na cuspóirí leis agus dá bhrí sin tá sé curtha as an
áireamh. Chun deighilt fheidhmiúil a chur i gcrích trí bhíthin fochuideachtú
chaithfeadh grúpaí baincéireachta gníomhaíochtaí na n-aonad éagsúla gnó a
dheighilt ina bhfochuideachtaí ar leith ach d'fhéadfaidís leanúint orthu de
bheith ag soláthar tacar éagsúil seirbhísí baincéireachta dá gcliaint
(“baincéireacht uilíoch struchtúraithe”). Déantar dhá rogha i leith
fochuideachtú a mheas sa tuarascáil, bunaithe ar thacar de rialacha difriúla
dlíthiúla, eacnamaíocha agus rialaithe i leith fochuideachtú (fochuideachtú
teoranta v fochuideachtú níos déine). Chaithfeadh gnólachtaí nach bhfuil
cleamhnaithe leis an ngrúpa baincéireachta línte áirithe gnó a sholáthar chun
deighilt úinéireachta a dhéanamh. Ag seo na trí rogha go sonrach a ndéantar a
mheas sa tuarascáil: (1)
Fochuideachtú le srianta i gcomhréir leis na
rialacha reatha ar naisc laistigh de ghrúpaí: maidir
le deighilt dhlithiúil, leis an rogha seo bheadh eintiteas
dlíthiúil ar leith ag teastáil. Maidir le deighilt eacnamaíoch, ní
bheadh i gceist leis ach na ceanglais eacnamaíocha agus rialachais a ghabhann
leis an leibhéal seo de dheighilt dhlíthiúil; (2)
Fochuideachtú le srianta níos dochta ar naisc
laistigh de ghrúpaí: chun aghaidh a thabhairt ar
fhóirdheontais cistithe laistigh de ghrúpaí, ar bhonn níos éifeachtaí, leis an
rogha seo bheadh leibhéal níos suntasaí fochuideachtaithe ag teastáil ó
thaobh dlí, eacnamaíochta agus/nó rialachais de (amhail rialacha maidir le
húinéireacht agus teorainneacha ar neamhchosaint laistigh de ghrúpaí); nó (3)
Deighilt úinéireachta: de
réir an rogha seo, ní bheadh cead ag bainc gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh.
Dá réir sin bheadh orthu aon ghníomhaíochtaí den sórt sin a mbíonn siad ag
gabháil dóibh faoi láthair a dhífheistiú nó a fhoirceannadh. Roghanna i leith athchóiriú I bhfianaise a bhfuil ráite thuas, as
comhcheangal na gcineálacha éagsúla gníomhaíochtaí maidir leis na margaí
trádála agus na margaí caipitil atá le deighilt agus doimhne na deighilte,
tagann naoi gcinn de roghanna téamacha um athchóiriú chun cinn mar atá leagtha
amach i dTábla 1. A oiread is féidir é agus chun críocha léirithe amháin, tá
seirbhísí an Choimisiúin tar éis na tograí éagsúla maidir le hathchóiriú
struchtúrach agus/ nó na tionscnaimh reachtaíochta a leagan amach sa mhaitrís. Tábla 1:
Forléargas ar na roghanna Gníomhaíochtaí láidreacht || Deighilt fheidhmiúil 1 (Fochuideachtú) Ceanglais reatha || Deighilt fheidhmiúil 2 (Fochuideachtú +) Ceanglais níos déine || Deighilt úinéireachta Deighilt úinéireachta Eintiteas trádála cúng/ eintiteas taiscí leathan E.g Trádáil dílseánaigh + neamhchosaint ar Chistí Fhálaithe (TD) || Rogha A || Rogha B [≈ FR, DE bunlíne] || Rogha C [≈ US Volcker] Eintiteas trádála meánach/ eintiteas taiscí meánach E.g. TD+ cruthú margaidh || Rogha D || Rogha E [≈ HLEG;(Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil) ≈ FR, DE má dhéantar deighilt níos leithne] || Rogha F Eintiteas trádála leathan/ eintiteas taiscí cúng E.g. gach gníomhaíocht baincéireachta infheistíochta || Rogha G || Rogha H [≈ US BHC; ≈ UK] || Rogha I [≈ Glass-Steagall; ≈ UK le leictriú an chlaí] Saincheisteanna cur chun feidhme Sa Mheasúnú Tionchair déantar na sochair agus
na costais don tsochaí a thiocfaidh as gach ceann de na roghanna i dTábla 1 a
chur i gcomparáid in aghaidh a chéile agus in aghaidh an cháis “gan aon athrú
beartais”. Ina theannta sin, déantar trí shaincheist cur chun feidhme is
coiteann do gach rogha a mheas sa Mheasúnú Tionchair freisin: ·
Raon feidhme institiúideach: i bprionsabal, ba cheart do thionscnamh um athchóiriú struchtúrach
díriú ar bhainc atá rómhór le teip amháin agus dá réir sin ní bheadh feidhm
leis ach maidir le fo-thacar beag den bhreis is 8 000 banc atá
ionchorpraithe san AE. Dá bhrí sin, ní chuirfidh an t-athchóiriú isteach ar
bhainc bheaga chomhair agus do bhainc choigiltis a bhfuil ról tábhachtach acu
chun freastal ar riachtanais airgeadais na bpobal áitiúil agus na ngnóthas
áitiúil. Déantar measúnú sa tuarascáil ar chineálacha éagsúla cur chuige is
féidir a leanúint chun tairseacha iomchuí a shocrú. Baintear de thátal as gur
cheart tairseacha den sórt sin a bheith bunaithe ar mheadaracht sistéamach
riosca agus ar mhodheolaíocht cuntasaíocht-bhunaithe le chéile. Sa bhreis ar na
bainc Eorpacha uile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, bhainfeadh an
t-athchóiriú struchtúrach maidir le bainc a mbeadh a ngníomhaíochtaí trádála os
cionn dearbhthairsigh EUR 70 billiún acu agus tairseach coibhneasta 10% dá sócmhainní iomlána acu.
Ní bhainfeadh sé le bainc a raibh níos lú ná EUR 30 billiún de shócmhainní acu. Bunaithe ar shonraí stairiúla, is amhlaidh
go measann an Coimisiún go bhféadfadh 29 de na bainc Eorpacha is mó agus is
casta a bheith faoi réir deighilte struchtúraí; ·
Ról na maoirseoirí:
saincheist ar leith is ea ról na maoirseoirí agus athbhreithniú á dhéanamh acu
ar raon feidhme na n-institiúidí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a
d'fhéadfadh a bheith faoi réir deighilte. Maidir leis an raon feidhme
institiúideach, seans nach gcuimseofar i gcónaí na hinstitiúidí cearta go
foirfe faoi réir tairsí. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh deis chun breithiúnas
maoirseachta a thabhairt agus an scóip institiúide maidir le deighilt a leanann
cur i bhfeidhm na dtairseach á mheas, mar a leagadh amach thuas, lena áirithiú
go gcuimseofar na bainc chearta. Sa tslí chéanna, ba cheart go mbeadh deis chun
breithiúnas maoirseachta a thabhairt agus scóip na ngníomhaíochtaí atá le
deighilt i gcúinsí áirithe a fhágann gur cheart é a dhéanamh. Ní foláir
teorainneacha an bhreithiúnais maoirseachta a bheith leagtha amach go cruinn
agus é a bheith srianta ar chúiseanna polaitiúla, praiticiúla agus dlíthiúla.
Muna ndéanfaí amhlaidh, d'fhéadfadh torthaí neamh-chomhsheasmhacha a theacht
chun cinn ar fud an Mhargaidh inmheánaigh. Léirítear sa tuarascáil roinnt
prionsabal le go dtreorófaí an próiseas maoirseachta atá beartaithe faoin dá
rogha lena áirithiú nach leanann aon saobhadh sa mhargadh inmheánach é; agus ·
Amchlár cur chun feidhme: Beidh costais phríobháideacha ag baint le deighilt struchtúrach is
cuma mar a théann sé chun leasa na sochaí. Ina theannta sin, tógfaidh sé tamall
na sócmhainní agus dliteanais a aistriú go haon eintiteas dlíthiúil nua ar
leith a d'fhéadfadh a bheith ann. Ar deireadh, tá roinnt mhaith tionscnamh i
ndáil le réimsí gaolmhara glactha ag an AE nó ar shlí a nglactha, lena
n-áirítear Basel III, An Treoir maidir le Téarnamh
agus Réiteach na mBanc agus an Sásra Aonair Réitigh nach mbeidh infheidhme ina
n-iomlán go dtí 2018 nó 2019. Baintear de thátal as an tuarascáil gur cheart
foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse cosúil leis sin chun tionscnamh i
leith athchóiriú struchtúrach a chur chun feidhme amach anseo. 6. Tionchar na roghanna i leith
athchóiriú agus an chomparáid eatarthu I gCaibidil 5 den tuarascáil déantar na
roghanna éagsúla i leith athchóiriú atá luaite thuas a mheas agus a chur i
gcomparáid le chéile ó thaobh cáilíochtúla de. Cuirtear dhá chritéar i bhfeidhm
chun comparáid a dhéanamh idir na roghanna. Leis an gcéad chritéar –
éifeachtacht – déantar a mhéid a cuireadh cuspóirí an athchóirithe shonraigh i
gcrích a thomhas, e.g. inréiteacht a éascú . Leis an dara critéar –
éifeachtúlacht – déantar na costais don tsochaí a mheas agus na roghanna i
leith athchóiriú éagsúla á gcur chun feidhme (barainneachtaí scála agus scóip
nach mór déanamh dá n-uireasa den chuid is mó.) Leis an tríú critéar, –comhleanúnachas
– déantar a mhéid a luíonn rogha um athchóiriú le cuspóirí beartais ginearálta
an Choimisiúin agus a thacaíonn sé leis an gclár oibre um athchóiriú atá ann
faoi láthair. Ós rud é go bhfuil gach rogha comhleanúnach i gcoitinne leis na
cuspóirí sin, ní úsáidtear an critéar seo a thuilleadh chun roghanna a scóráil.
Measúnú ar na roghanna i leith athchóiriú
atá bunaithe ar fhochuideachtú de réir na rialacha atá ann faoi láthair Le rogha A, D agus G thiocfadh scaradh éigin
san eintiteas trádála, ach tá an baol ann nach mbeadh aon éifeacht leo chun na
cuspóirí sonracha a chur i gcrích, cuspóirí a bhaineann le hinréiteacht a éascú
agus faireachán, an ghuais mhorálta a laghdú, coinbhleachtaí leasa a laghdú, mí-leithdháileadh
caipitil agus achmhainní a laghdú, agus iomaíocht a fheabhsú, agus mar sin tá
siad curtha as an áireamh. Is amhlaidh atá toisc nach féidir le fochuideachtú
leis féin deireadh a chur go héifeachtach leis na naisc eacnamaíocha agus
oibríochtúla idir na fochuideachtaí trádála agus iadsan a ghlacann taiscí. Measúnú ar na roghanna i leith athchóiriú
bunaithe ar fhochuideachtú de réir rialacha níos déine Roghanna atá bunaithe ar fhochuideachtú maidir
le rialacha níos déine (B, E agus H) is roghanna um athchóiriú iad a thagann a
bheag nó a mhór leis na hathchóirithe atá á ndéanamh ag Ballstáit an AE nó a
mhol an Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil. Chuirfeadh na roghanna sin deireadh go
héifeachtach leis na naisc eacnamaíocha agus oibríochtúla idir na
fochuideachtaí trádála agus iadsan a ghlacann taiscí. Fós d'fhéadfadh grúpaí
baincéireachta dul i mbun raon leathan gníomhaíochtaí cé go gcaithfí roinnt
gníomhaíochtaí a aistriú go heintitis dlíthiúla ar leith laistigh den ghrúpa
(baincéireacht uilíoch struchtúraithe). As measc na trí rogha, tuigtear ón tuarascáil
gurb é cur chun feidhme rogha E um athchóiriú an rogha is fearr don AE amach
anseo ba mhór an dul chun cinn a léireodh sé seachas an rogha malartach i.e.
gan aon athrú beartais. Is mó iad na sochair a bhaineann le rogha E i
gcomparáid le rogha B um athchóiriú toisc raon feidhme níos cúinge a bheith ag
rogha B. Tá rogha E chun tosaigh ar rogha H um athchóiriú freisin, ní dócha go
mbeadh sochair mórán mór níos mó ag baint le gníomhaíochtaí breise ach bheadh
costais bhreise leo. Measúnú ar na roghanna i leith athchóiriú
bunaithe ar scaradh úinéireachta D'fhéadfadh sé gurb iad roghanna C, F agus I
le chéile an teaglaim roghanna is éifeachtaí chun na cuspóirí sonracha a bhaint
amach. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé gurb í an teaglaim roghanna leis na costais
shóisialta is airde ó thaobh barainneachtaí scóipe nach mór déanamh dá
h-uireasa. Baintear de thátal as an tuarascáil gur mó iad na sochair shóisialta
a bhaineann le rogha C ná na costais shóisialta, toisc go dtugann sé aghaidh ar
na rioscaí, an chastacht agus an idirnascthacht a bhaineann le trádáil
dílseánach (is de nádúr gníomhaíochta trádála rioscaí agus coinbhleachtaí leasa
a bheith inti), agus gan aon mhórchostais shóisialta a bheith ag baint leis (ós
rud é nach dtugann sé maoiniú don gheilleagar.) Is deacra cothromaíocht
dhearfach shuntasach a áiteamh i gcás sochar agus costas roghanna F agus I. De
réir a bhfuil ann de shaineolas agus d'fhianaise eacnamaíoch agus an
neamhchinnteacht a bhaineann leis, dealraítear gurb iomchuí aire a thabhairt maidir
leis an scóip i ndáil le scaradh úinéireachta i gcás tuilleadh gníomhaíochtaí
(seachas trádáil dílseánaigh). Sin an chúis gur baineadh de thátal as an
tuarascáil gur rogha C an t-aon rogha amháin a bhfuil gealladh fúithi. Comparáid idir na roghanna atá coimeádta Mar sin sa tuarascáil coimeádtar roghanna C
agus E le haghaidh tuilleadh comparáide ó thaobh sochar agus costas don
tsochaí. Ó thaobh sochar de meastar gan rogha C a bheith chomh héifeachtach le
rogha E ó thaobh na sochair a thiocfaidh aisti toisc na gníomhaíochtaí a
chuimsíonn sí a bheith níos cúinge. Mar sin féin, d'fhéadfadh costais níos
airde don tsochaí teacht as rogha E toisc scóip na ngníomhaíochtaí a chuimsíonn
sí a bheith níos leithne, lena mbeadh tionchar níos mó ar bharainneachtaí scóipe
nach mór déanamh dá n-uireasa. D'ainneoin sin, toisc scóip na ngníomhaíochtaí a
chuimsíonn rogha E a bheith níos leithne, is mó iad na sochair shóisialta a
bhaineann léi thar rogha C, i ngeall ar sin is féidir ara go bhfuil rogha C
níos éifeachtaí, ar chostas éifeachtachta breise beag. Mar sin féin, ceaptar sa tuarascáil go
bhféadfadh slite a bheith ann chun éifeachtacht teoranta rogha C a mhéadú, á
thabhairt níos gaire do rogha E. Mar shampla, d'fhéadfaí rogha C a chomhlánú
trí nós imeachta ex post (dréachtaithe) maidir le gníomhaíochtaí breise
a dheighilt, go háirithe cruthú margaidh, díorthaigh chasta agus urrúsú casta
(“rogha C+”). Ar an gcuma céanna, tá slite ann chun an costas ionchasach
éifeachtúlachta a bhaineann le rogha E a laghdú dá gceapfaí go raibh an costas
sin iomarcach (e.g. trí ghníomhaíochtaí áirithe a dhíolmhú ón gceanglas
deighilte i gcás ina mbeadh margaí atá ann cheana éadomhain/ nó neamhleachtach
trí bhíthin próisis maoirseachta dréachtaithe (“rogha E-”). Dá réir sin, tá slite ann chun go mbeidh na
roghanna inchomparáide go ginearálta lena chéile - níos mó slite ná mar a
sonraíodh thuas. Ní foláir aird a thabhairt ar ghnéithe de chineál níos
polaitiúla, áfach, ar nós comhlántacht le cuspóirí beartais eile, tráthchlár an
athchóirithe, fadhbanna cur chun feidhme, dearcaidh agus seasaimh a d'fhéadfadh
a bheith ag comhreachtóirí etc., sula ndéanfar rogha idir na roghanna
inghlactha agus inchosanta sin. Dá bhrí sin ní thugtar tosaíocht d'aon rogha sa
tuarascáil seo. Saincheisteanna cur chun feidhme Bheadh dúshláin oibríochtúla i gceist leis na
roghanna. Maidir le rogha C+ is ón deacracht a bheadh ann an trádáil
dílseánaigh a dheighilt ón gcruthú margaidh a thagann an dúshlán cur chun
feidhme is mó. Bheadh sé costasach dá dheasca sin an cur chun feidhme a
chomhlíonadh agus maoirseacht a dhéanamh air, go háirithe rogha C a bhfuil
dífheistiú iomlán riachtanach inti. Maidir le rogha E- baineann an dúshlán is
mó leis an rialú agus an faireachán a dhéanfar ar naisc teimhneacha laistigh de
ghrúpaí. Ag tacú leis an measúnú cáilíochtúil Rinneadh roinnt mhaith eilimintí tábhachtacha
den mheasúnú tionchair a chur faoi shamhaltú cainníochtúil agus faoi anailís
fhorleathan. Ar an gcéad dul síos san obair chainníochtúil rinneadh measúnú ar
leibhéal na bhfóirdheontas intuigthe. Measadh fóirdheontais intuigthe a bheith
suntasach agus a bheith ag brath ar mhéid an bhainc, ar an leibhéal
idirnascthachta le bainc eile, an leibhéal giarála chomh maith leis an rátáil
ceannasach sa tír ina bhfuil sé suite. Ar an dara dul síos, baineadh úsáid as
an obair ar ríomh na dtairseach chun na grúpaí baincéireachta Eorpacha ábhartha
a shainaithint. Ar an tríú dul síos, léirítear san anailís ar na dreasachtaí
eacnamaíocha coibhneasta infheistíochta i gcoinne na ngníomhaíochtaí tráchtála
baincéireachta go bhfuil dreasachtaí rialála ann do bhainc chun dul i mbun
gníomhaíochtaí trádála seachas gníomhaíochtaí glactha taiscí. Chun tacú leis an measúnú cáilíochtúil maidir
le roghanna um athchóiriú, tá iarracht déanta ag seirbhísí an Choimisiúin
roinnt de na costais agus na sochair a d'fhéadfadh teacht as deighilt
struchtúrach a cháinníochtú chomh fada agus is féidir. I bhfianaise na
castachta búnúsaí a bhaineann le baincéireacht agus nádúr dinimiciúil roinnt
mhaith de na sochair agus na costais, ní ann d'aon shamhail chainníochtúil lena
bhféadfaí na sochair shóisialta agus costais na dtograí um athchóiriú
struchtúrach a mheas ina iomláine. Géaraíonn easpa sonraí an fhadhb. Tá
iarracht déanta ag seirbhísí an Choimisiúin roinnt de na costais (costais
phríobháideacha cistithe na mbanc) agus na sochair a mheas. D'ainneoin na
modheolaíochtaí agus na sonraí teoranta mar a luadh thuas, tá na torthaí
comhsheasmhach leis na tátail a baineadh ón anailís cháilíochtúil go dtiocfadh
sochair eacnamaíocha as gníomhaíochtaí trádala a dheighilt, amhail na
caillteanais iomlána arna nginiúint ag na bainc a laghdú. D'iarr seirbhísí an Choimisiúin ar bhainc an
AE freisin, i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí, tionchar
cineálacha éagsúla athchóirithe struchtúracha téamacha ar chlár comhardaithe an
ghrúpa, ar an gcuntas brabúis agus caillteanais agus ar athróga bainc
roghnaithe eile a shamhaltú agus a mheas. Níor thug ach líon beag de ghrúpaí
baincéireachta freagra air sin. Ina theannta sin, ba mhór an difear idir na
tionchair shamhailte ó na freagróirí agus ní raibh siad comhsheasmhach go
hinmheánach. Dearcthaí na ngeallsealbhóirí agus
tionchair ar na geallsealbhóirí Reáchtáil seirbhísí an Choimisiún
comhairliúchán poiblí do na geallsealbhóirí i rith earraigh 2013. Fuair
seirbhísí an Choimisiúin breis agus 500 freagra, líon substaintiúil freagraí ó
dhaoine aonair agus ó chomhlachais tomhaltóirí san áireamh. Tugann na freagraí
ón gcomhairliúchán chun solais an scoilt mhór idir na freagraí a tháinig ó na
bainc agus na freagraí a tháinig ó chustaiméirí agus ó dhaoine aonair. Tá
tromlach treascrach na mbanc i gcoinne deighilte go struchtúrach; Tríd is tríd
tá an grúpa deireanach acu sin ina fhabhar. Léiritear na héagsúlachtaí sin sna
freagraí maidir le cineál agus láidreacht na mbeart um athchóiriú agus na
gníomhaíochtaí sin ar ceart iad a dheighilt. Reáchtáil seirbhísí an Choimisiún
comhairliúchán poiblí i rith fhómhair 2012 faoi thuarascáil an Ghrúpa
Saineolaithe Ardleibhéil. 7. Faireachán agus
meastóireacht a dhéanamh Déanfar faireachán le linn na tréimhse
céimnithe isteach. Is tosaíocht don Choimisiún í an mheastóireacht ex-post
a dhéanamh ar gach beart reachtaíochta nua. Tá sé beartaithe go ndéanfar
meastóireachtaí timpeall ceithre bliana i ndiaidh an spriocdháta don chur chun
feidhme. A luaithe is a ghlacfar leis, bheadh an togra atá le teacht faoi réir
ag meastóireacht iomlán chun measúnú a dhéanamh, i measc rudaí eile, ar cé
chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil a bhí sé maidir leis cuspóirí a
cuireadh i láthair sa tuarascáil seo a bhaint amach agus chun a chinneadh an gá
bearta nó leasuithe nua. Ó thaobh foinsí faisnéise a d'fheadfaí a úsáid
le linn na meastóireachta tá na sonraí arna soláthar ag na bainc ceannais
náisiúnta, na riaileóirí náisiúnta, comhlachtaí Eorpacha amhail an BCE, an ÚBE
agus BERS, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Banc um Shocraíochtaí
Idirnáisiúnta, an ECFE, an CAI agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais. D'fhéadfadh
rannpháirtithe margaidh nó idirghabhálaithe ábhartha sonraí ábhartha a bhailiú
freisin. Ar na táscairí ábhartha a d'fhéadfaí a úsáid chun an togra a mheas tá
mar shampla, líon na mbanc atá faoi réir ceanglas deighilte struchtúraí agus a
sócmhainní comhiomlána; tomhais gníomhaíochta trádála agus iasachtaithe; agus,
meastacháin ar fhóirdheontais phoiblí intuigthe agus laghdú ar na buntáistí
costais cistithe saorga. [1] Tá 'rómhór le teip' ceaptha 'ró-idirnasctha le teip',
'róchasta le teip', agus 'róthábhachtach go sistéamach le teip' a chuimsiú.
Féach “Structural reform in the EU banking sector: Motivation, Scope and
Consequences” (“Athchóiriú struchtúrach in earnáil baincéireachta an AE:
Spreagadh, Raon Feidhme agus Iarmhairtí”) ó Choimisiún na hEorpa (2013), Caibidil 3
i dTuarascáil Eorpach um Chobhsaíocht agus um Chomhtháthú Airgeadais 2012, an
24 Aibreán, DIO (2013) 156 final.