Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1304

Rialachán (AE) Uimh 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 . maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle

OJ L 347, 20.12.2013, p. 470–486 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1304/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

470


RIALACHÁN (AE) Uimh 1304/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013.

maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an creat gníomhaíochta do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus leagtar síos ann, go háirithe, na cuspóirí téamúla, na prionsabail agus na rialacha a bhaineann le clárú, faireachán agus meastóireacht, bainistíocht agus rialú. Ní mór mar sin misean agus raon feidhme CSE a shonrú, mar aon leis na tosaíochtaí infheistíochta bainteacha a ghabhann leis na cuspóirí téamúla, agus ní mór forálacha sonracha a leagan síos maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí a fhéadfaidh CSE a mhaoiniú.

(2)

Ba cheart do CSE deiseanna fostaíochta a fheabhsú, cuimsiú sóisialta a neartú, bochtaineacht a chomhrac, oideachas, scileanna agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus beartais ghníomhacha, chuimsitheacha agus inbhuanaithe cuimsithe a fhorbairt i gcomhréir leis na cúraimí arna leagan ar CSE le hAirteagal 162 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus sa dóigh sin rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE. i gcomhréir le hAirteagal 9 CFAE, ba cheart do CSE na riachtanais a chur san áireamh a bhaineann le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, leis an gcomhrac i gcoinne eisiaimh shóisialta, agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna, agus cosaint na sláinte daonna.

(3)

D'iarr an Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 go dtacódh na comhbheartais uile, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, le "Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach" ("Straitéis Eoraip 2020"). Chun a áirithiú go n-ailíneofar CSE go hiomlán le cuspóirí na straitéise seo, go háirithe maidir le fostaíocht, le hoideachas, le hoiliúint agus leis an gcomhrac i gcoinne an eisiaimh shóisialta, an bhochtanais agus an leithcheala, ba cheart do CSE tacú leis na Ballstáit agus na Treoirlínte Comhtháite agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus le hAirteagal 148(4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal náisiúnta, an clár náisiúnta um athchóiriú, atá tacaithe ag straitéisí fostaíochta náisiúnta, na tuarascálacha náisiúnta sóisialta, straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na romach agus straitéisí náisiúnta maidir le míchumas á gcur i gcuntas. Ba cheart do CSE rannchuidiú freisin le gnéithe ábhartha de chur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta, ag féachaint go speisialta don "Chlár Oibre do Scileanna agus do Phoist Nua", "An Óige ag Bogadh", agus don Chlár Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta",. Ba cheart dó tacú freisin le gníomhaíochtaí ábhartha sna tionscnaimh maidir leis an "gClár Oibre Digiteach" agus maidir le "hAontas Nuálaíochta".

(4)

Tá dúshláin struchtúracha os comhair an Aontais a eascraíonn as domhandú eacnamaíoch, as athrú na teicneolaíochta, as dul in aois an fhórsa saothair agus as an méadú atá ag teacht ar an easnamh atá ar scileanna agus ar lucht saothair in earnálacha agus i réigiúin áirithe. Tá na dúshláin níos measa de thoradh na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais le déanaí a bhfuil leibhéil níos airde dífhostaíochta ann dá barr, go háirithe i measc an aosa óig agus i measc daoine eile atá faoi mhíbhuntáiste, amhail imircigh agus mionlaigh.

(5)

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag CSE fostaíocht a chur chun cinn, rochtain ar an margadh saothair, agus aird faoi leith á tabhairt orthu siúd is faide ón margadh saothair agus tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht shaorálach lucht saothair. Ba cheart do CSE freisin tacaíocht a thabhairt don aosú gníomhach agus folláin, lena n-áirítear trí fhoirmeacha nuálacha eagraithe oibre, trí shláinte agus sábháilteacht ag an obair a chur chun cinn agus trí infhostaitheacht a mhéadú. Agus feidhmiú níos fearr na margaí saothair á chur chun cinn aige trí bhíthin soghluaisteacht thrasnáisiúnta oibrithe a fheabhsú, ba cheart do CSE tacú, go háirithe, le Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (gníomhaíochtaí EURES) maidir le hearcú agus na seirbhísí bainteacha faisnéise, comhairle agus treorach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann. Le hoibríochtaí arna maoiniú ag CSE, ba cheart go gcomhlíonfaí Airteagal 5(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ena bhforáiltear nach ndéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe nó éigeantach a dhéanamh.

(6)

Ba cheart do CSE cuimsiú sóisialta a chur chun cinn freisin agus bochtaineacht a chosc agus a chomhrac d'fhonn timthriall an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh, rud a chiallaíonn raon beartas a shlógadh a dhíreoidh ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, beag beann ar a n-aois lena n-áirítear leanaí, na daoine atá fós bocht in ainneoin obair a bheith acu agus mná scothaosta. Ba cheart aird a thabhairt ar rannpháirtíocht na ndaoine sin atá ag lorg tearmainn agus dídeanaithe. Ba cheart CSE a úsáid chun rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardchaighdeáin de leas ginearálta, go háirithe i réimsí an chúraim sláinte, na seirbhísí fostaíochta agus oiliúna, na seirbhísí do na daoine gan dídean, seirbhísí an chúraim lasmuigh den scoil, na seirbhísí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh. Féadfaidh na seirbhísí a bheidh á dtacú a bheith poiblí, príobháideach agus/nó pobalbhunaithe, a bheith seachadta ó chineálacha éagsúla soláthróirí eadhonriaracháin phoiblí, cuideachtaí príobháideacha, fiontair shóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha.

(7)

Ba cheart do CSE glacadh de chúram air féin dul i ngleic le luathfhágáil na scoile agus rochtain chothrom ar oideachas de chaighdeán maith a chur chun cinn, infheistíocht a dhéanamh i ngairmoideachas agus in oiliúint, ábharthacht córas oideachais agus oiliúna don mhargadh saothair a fheabhsú, lena n-áirítear bealaí foghlama foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus bealaí foghlama nach bhfuil foirmiúil.

(8)

I dteannta na dtosaíochtaí sin, sna réigiúin agus sna Ballstáit lagfhorbartha, d'fhonn fás eacnamaíoch agus deiseanna fostaíochta a mhéadú, ba cheart éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, chomh maith le cumas riaracháin phoiblí gníomhú ar mhodh rannpháirtíoch a fheabhsú. Ba cheart cumas institiúideach na ngeallsealbhóirí a, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann beartais fostaíochta, oideachais, oiliúna agus shóisialta i ngníomh, lena n-áirítear réimse an fhrith-idirdhealaithe, a neartú.

(9)

Leis an tacaíocht faoin tosaíocht infheistíochta "forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail" féadfar rannchuidiú leis na cuspóirí téamula go léir mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad. Ba cheart do straitéisí forbartha faoi stiúir an phobail arna dtacú ag CSE a bheith cuimsitheach maidir le daoine faoi mhíchumas atá i láthair ar an gcríoch, i dtéarmaí rialachas an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta agus i dtéarmaí inneachar na straitéise.

(10)

Ag an am céanna, tá sé sár-riachtanach tacú le forbairt agus iomaíochas mhicrifhiontair, fhiontair, bheaga agus mheánmhéide an Aontais agus a áirithiú go bhféadfaidh daoine, trí bhíthin scileanna cuí agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, iad féin a oiriúnú do dhúshláin nua amhail an t-athrú chuig geilleagar bunaithe ar fhaisnéis, an clár oibre digiteach, an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin agus go geilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Ba cheart do CSE tabhairt faoi na dúshláin seo trí bhíthin a phríomhchuspóirí téamúla a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do CSE tacú le haistriú an lucht saothair ó oideachas go fostaíocht i dtreo scileanna agus post atá níos glaise, agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh scileanna, lena n-áirítear iad siúd in earnálacha na héifeachtúlachta fuinnimh, an fhuinnimh in-athnuaite agus an iompair inbhuanaithe. Ba cheart do CSE rannchuidiú freisin le scileanna cultúrtha agus cruthaitheacha. Tá na hearnálacha soch-chultúrtha, cruthaitheacha agus cultúrtha tábhachtach in aghaidh a thabhairt go hindíreach ar aidhmeanna CSE; ba cheart a n-acmhainneacht a chomhtháthú níos fearr i dtionscadail agus i gcláreagrú CSE.

(11)

Ós léir go bhfuil riachtanas leantach ann iarracht a dhéanamh dul i ngleic le dífhostaíocht an aosa óig sna réigiúin is mó atá faoina tionchar san Aontas, ba cheart Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO) a chruthú. Leis an tionscnamh sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt sna réigiún sin don aos nach bhfuil fostaithe ná in oideachas ná in oiliúint (NEET), atá dífhostaithe nó neamhghníomhach, lena ndaingneofar agus lena gcuirfear dlús le seachadadh gníomhaíochtaí a dtacaíonn cistiú CSE leo. Ba cheart cistí breise a shannadh go sonrach do TFAO agus ba cheart iad a bheith comhionann le cistiú ó CSE sna réigiúin is mó atá thíos leis. Trí dhíriú ar dhaoine aonair de rogha ar struchtúir, ba cheart iarracht a dhéanamh le TFAO oibríochtaí cistithe eile de chuid CSE agus gníomhaíochtaí náisiúnta atá dírithe ar dhaoine óga nach bhfuil in oideachas ná in oiliúint agus atá neamhghníomhach nó dífhostaithe a chomhlánú, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle (4) an 22 Aibreán 2013 madir le Ráthaíocht don Aos Óg a Bhunú, lena bhforáiltear gur gá do dhaoine óga tairiscint ar chaighdeán maith le haghaidh fostaíochta, oideachais leantaigh, printíseachta nó tréimhse oiliúna a fháil laistigh de thréimhse ceithre mhí i ndiaidh dóibh éirí dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Féadfaidh TFAO freisin tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun dul i ngleic le luathfhágáil na scoile. Níor cheart rochtain ar shochair leasa shóisialta don duine óg ná dá theaghlach nó dá chleithiúnaigh/dá teaghlach nó dá cleithiúnaigh a bheith coinníollach ar rannpháirtíocht an duine óig i TFAO.

(12)

Ba cheart TFAO a chomhtháthú go hiomlán i gcláreagrú CSE, ach, i gcás inarb iomchuí, ba cheart foráil a dhéanamh d'fhorálacha sonracha a bhaineann le TFAO d'fhonn a chuspóirí a bhaint amach. Is gá, go háirithe cur chun feidhme TFAO a shimpliú agus a éascú, go sonrach maidir le forálacha i dtaobh bainistiú airgeadais agus socruithe i dtaobh díriú téamach. Chun a áirithiú go ndéanfar torthaí TFAO a thaispeáint agus a chur in iúl go soiléir, ba cheart forálacha a bheartú maidir le faireachán sonrach agus meastóireacht shonrach, chomh maith le socruithe faisnéise agus poiblíochta. Ba cheart eagraíochtaí don ógra a bheith rannpháirteach i bpléití na gcoistí faireacháin maidir le hullmhú agus cur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le meastóireacht, TFAO.

(13)

Ba cheart do CSE rannchuidiú leis an Straitéis Eoraip 2020, lena áirithiú go ndíreofar tacaíocht CSE níos mó ar thosaíochtaí an Aontais. Déantar íosmhéid an chistithe um bheartas comhtháthaithe do CSE a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 84(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013./2013. Ba cheart do CSE, go háirithe, tacaíocht níos mó a thabhairt don chomhrac i gcoinne eisiaimh shóisialta agus bochtaineachta, trí leithdháileadh íosta imfhálaithe 20 % d'acmhainní uile CSE gach Ballstáit. Ba cheart teorainn a chur freisin ar rogha agus ar líon na dtosaíochtaí infheistíochta i gcomhair tacaíocht CSE, i gcomhréir le leibhéal forbartha na réigiún dá dtugtar tacaíocht.

(14)

Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán níos grinne agus measúnú níos fearr ar thorthaí na ngníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais lena dtacaíonn CSE, ba cheart comhshraith táscairí aschuir agus toraidh a chur ar bun sa Rialachán seo. Ba cheart go gcomhfhreagródh táscairí den sórt sin don tosaíocht infheistíochta agus don chineál gníomhaíochta a thacaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo chomh maith le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ba cheart na táscairí a chomhlánú i gcás inar gá sin le táscairí toraidh clár-shonracha agus/nó le táscairí aschuir clár-shonracha.

(15)

Spreagtar Ballstáit chun éifeacht infheistíochtaí CSE ar chomhionannas deiseanna, ar rochtain chomhionann agus ar lánpháirtiú na ngrúpaí imeallaithe a scrúdú agus a thuairisciú maidir leis na cláir oibríochtúla go léir.

(16)

Agus na ceanglais um chosaint sonraí a bhaineann le sonraí íogaire i ndáil le rannpháirtithe á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh go rialta ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar thacaíocht CSE chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas amhail na Romaigh. Spreagtar na Ballstáit tionscnaimh atá cistitithe ag CSE a thuairisciú ina dTuarascálacha Náisiúnta Sóisialta a ghabhann leis na Cláir Athchóirithe Náisiúnta, go háirithe maidir le pobail imeallaithe, amhail na Romaigh agus imircigh.

(17)

Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhairí críochacha agus socheacnamaíocha ar fad is ábhartha, agus iad siúd a ghníomhaíonn ar na leibhéil réigiúnacha agus áitiúla, go háirithe na scátheagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta eagraithe, na compháirtithe eacnamaíocha agus go háirithe comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, á gcur i gcuntas. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-áiritheodh Ballstáit rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha i rialachas straitéiseach CSE, ó mhúnlú tosaíochtaí do chláir oibríochtúla go dtí torthaí CSE a chur chun feidhme agus a mheasúnú.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go gcuirfidh cur chun feidhme na dtosaíochtaí arna maoiniú ag CSE le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná i gcomhréir le hAirteagal 8 CFAE. Léirigh meastóireachtaí a thábhachtaí atá sé na cuspóirí ghné an chomhionannais inscne a chur i gcuntas sna toisí agus sna céimeanna go léir d'ullmhú, d'fhaireachán, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht na gclár oibríochtúil, ar bhealach tráthúil agus comhsheasmhach agus é á áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí sonracha chun comhionannas inscne a chur chun cinn, neamhspleáchas eacnamaíoch na mban, oideachas uasghrádú scileanna agus ath-lánpháirtiú íospartach baineann foréigin sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 10 CFAE, ba cheart rannchuidiú trí chur chun feidhme na dtosaíochtaí arna maoiniú ag CSE chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach trí aird ar leith a thabhairt orthu siúd a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar idirdhealuithe iomadúla; ba cheart idirdhealú ar bhonn gnéis a léirmhíniú sa chiall leathan ionas go gcumhdófar gnéithe eile a bhaineann le hinscne i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go rannchuideodh cur chun feidhme na dtosaíochta arna maoiniú ag CSE le cur chun cinn comhdheiseanna. Ba cheart do CSE tacú le comhlíonadh oibleagáid an Aontais faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas maidir le hoideachas, le hobair agus le fostaíocht agus inrochtaineacht inter alia. Ba cheart do CSE an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram pobalbhunaithe a chur chun cinn freisin. Níor cheart do CSE tacaíocht a thabhairt d'aon ghníomhaíocht a chuireann le deighilt nó le heisiamh sóisialta.

(20)

Trí thacú leis an nuálaíocht shóisialta, rannchuidítear leis na beartais a bheith ag freagairt níos fearr don athrú sóisialta. Ba cheart go ndéanfadh CSE fiontair shóisialta nuálacha agus fiontraithe chomh maith le tionscadail nuálacha a ghlac eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gníomhaithe eile ar láimh laistigh den gheilleagar sóisialta a spreagadh agus a thacú. Go háirithe, trí réitigh nuálacha a thriail agus a mheasúnú sula gcuirfear i bhfeidhm ar scála níos mó iad, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht na mbeartas agus ar an gcaoi sin tugtar údar le tacaíocht shonrach ó CSE. Ar choinníoll go gcruthaítear iad a bheith éifeachtach, d'fhéadfadh forbairt na méadrachta sóisialta (amhail lipéadú sóisialta, mar shampla) a bheith i measc na réiteach nuálach.

(21)

Tá breisluach suntasach ag baint le comhar trasnáisiúnta agus ba cheart do na Ballstáit uile tacú leis, dá bhrí sin, seachas i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, agus prionsabal na comhréireachta á chur i gcuntas. Tá sé riachtanach freisin ról an Choimisiún a athneartú maidir le malartuithe taithí a éascú agus cur chun feidhme tionscnamh ábhartha a chomhordú.

(22)

D'fhonn cur chuige comhtháite agus iomlánaíoch a chothú i dtéarmaí fostaíochta agus cuimsiú sóisialta, ba cheart do CSE tacú le comhpháirtíochtaí trasearnála agus críochach-bhunaithe.

(23)

Ba cheart do na geallsealbhóirí réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun gnímh chun an straitéis Eoraip 2020 agus a príomhspriocanna a chur i gcrích. Féadfar comhaontuithe críochacha, tionscnaimh áitiúla le haghaidh fostaíochta agus le haghaidh cuimsiú sóisialta, straitéisí forbartha faoi stiúir an phobail, ar straitéisí iad atá inbhuanaithe agus cuimsitheach, i gceantair uirbeacha agus tuaithe agus straitéisí forbartha inbhuanaithe uirbí a úsáid agus féadfar tacú leo ionas go mbeidh páirt níos gníomhaí ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, cathracha, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha le linn na cláir oibríochtúla a ullmhú agus a chur chun feidhme.

(24)

Foráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 go ndéanfar rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, maille le heisceachtaí áirithe ar gá forálacha sonracha a leagan síos ina leith i ndáil le CSE.

(25)

D'fhonn úsáid CSE a shimpliú agus an riosca earráide a laghdú, agus maidir le sainiúlachtaí na n-oibríochtaí lena dtacaíonn CSE, is iomchuí forálacha a leagan síos lena gcomhlánaítear Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 maidir le hincháilitheacht caiteachais

(26)

Ba cheart, mar thoradh ar úsáid, scálaí caighdeánacha de chostais aonaid, cnapshuimeanna agus maoiniú ar ráta comhréidh, go mbeadh simpliú ann don tairbhí agus go n-ísleofaí ualach riaracháin chomhpháirtithe tionscadail uile CSE.

(27)

Tá sé tábhachtach bainistiú fónta airgeadais gach cláir oibríochta a áirithiú agus é a chur chun feidhme sa bhealach is éifeachtaí agus oiriúnaí is féidir don úsáideoir. Ba cheart do na Ballstáit staonadh ó rialacha a chur isteach a dhéanfaidh úsáid na gcistí níos casta don tairbhí.

(28)

Ba cheart na Ballstáit agus na réigiúin a spreagadh chun CSE a ghiaráil trí bhíthin ionstraimí airgeadais chun tacú, mar shampla, le mic léinn, cruthú post, soghluaisteacht oibrithe, cuimsiú sóisialta agus fiontraíocht shóisialta.

(29)

Ba cheart le CSE go gcomhlánófaí cláir eile Aontais agus ba cheart go ndéanfaí dlúthsheineirgíochtaí a fhorbairt idir CSE agus ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais.

(30)

Is í an infheistíocht i gcaipiteal daonna an príomhluamhán ar féidir leis an Aontas brath air chun a iomaíochas idirnáisiúnta agus téarnamh inbhuanaithe a gheilleagair a áirithiú. Ní féidir le haon chineál infheistíochta athchóirithe struchtúracha a sholáthar mura bhfuil straitéis chomhtháite maidir le caipiteal daonna a fhorbairt atá dírithe ar fhás ag gabháil leis. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go gceadaítear, sa chlárthréimhse 2014-2020 maidir leis na hacmhainní atá beartaithe chun scileanna a fheabhsú agus leibhéil fostaíochta a ardú, gníomhaíocht a dhéanamh ar scála leordhóthanach.

(31)

Ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun sainiú scálaí caighdeánacha a bhunú i gcomhair costas aonaid agus cnapshuimeanna agus a n-uasmhéideanna de réir cineálacha éagsúla oibríochtaí. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(32)

Ba cheart go mbeadh an Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 163 CFAE de chúnamh ag an gCoimisiún ina chúraimí.

(33)

Ós rud é go guirtear an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart an Rialachán sin a aisghairm dá bhrí sin. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh tionchar ag an Rialachán seo ar an gcúnamh arna fhormheas ag an gCoimisiún a mhodhnú ná leanúint leis ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 nó aon reachtaíocht eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ba cheart don Rialachán sin nó do reachtaíocht infheidhme eile leanúint d'feidhm a bheith acu dá bhrí sin maidir leis an gcúnamh sin nó na hoibríochtaí lena mbaineann tar éis an 31 Nollaig go dtí go ndúnfar iad. Ba cheart d'iarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 a bheith fós bailí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo misin an Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE, lena n-áirítear an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO), raon feidhme a thacaíochta, forálacha sonracha agus na cineálacha caiteachais atá incháilithe le haghaidh cúnaimh.

Airteagal 2

Misin

1.   Déanfaidh CSE ardleibhéil fostaíochta agus cáilíochta post a chur chun cinn, rochtain ar an margadh saothair a fheabhsú, tacóidh sé le soghluaisteacht ghairme agus gheografach oibrithe agus éascóidh sé d'oibrithe iad féin a oiriúnú d'athrú tionscail agus d'athruithe sa chóras táirgthe is gá d'fhorbairtí inbhuanaithe, spreagfaidh sé ardleibhéal oideachais agus oiliúna do chách agus tacóidh sé leis an aistriú idir oideachas agus fostaíocht do dhaoine óga, comhraicfidh sé an bhochtaineacht, feabhsóidh sé cuimsiú sóisialta, agus cuirfidh sé comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus comhdheiseanna chun cinn agus ar an dóigh sin cuirfidh sé le tosaíochtaí an Aontais maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

2.   Déanfaidh CSE a mhisin a leagtar a amach i mír 1 a chomhlánú trí chúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus tosaíochtaí agus príomhspriocanna na Straitéise Eoraip 2020 á gcur chun feidhme acu agus trí cheadú do Bhallstáit dul i ngleic lena ndúshain shonracha maidir le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020. Tacóidh CSE le ceapadh agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí i dtaca lena mhisin, agus na Treoirlínte Comhtháite ábhartha de chuid Eoraip 2020 á gcur san áireamh agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhreir le hAirteagal 121(2) agus leis na moltaí ábhartha ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, na gclár athchóirithe náisiúnta mar aon le straitéisí agus tuarascálacha eile ábhartha náisiúnta.

3.   Rachaidh CSE chun tairbhe daoine, lena n-áirítear daoine faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, imircigh, mionlaigh eitneacha, agus daoine ag gach aois atá bocht agus faoi eisiamh sóisialta. Cuirfidh CSE tacaíocht ar fáil d'fhiontair oibrithe, lena n-áirítear gníomhaithe sa gheilleagar sóisialta agus fiontraithe, agus do chórais agus do struchtúir d'fhonn cuidiú leo iad féin a oiriúnú do dhúshláin nua lena n-áirítear mí-oiriúnuithe scileanna a laghdú agus d'fhonn dea-rialachas, dul chun cinn sóisialta agus cur chun feidhme athchóirithe a chur chun cinn, go háirithe i réimsí na fostaíochta, an oideachais, na hoiliúna agus na mbeartas sóisialta.

Airteagal 3

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Faoi na cuspóirí téamúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10) agus (11) den chéad fhomhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a chomhfreagraíonn le pointí (a), (b), (c) agus (d) den mhír seo, agus i gcomhréir lena mhisin, tacóidh CSE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas:

(a)

Maidir leis an gcuspóir téamúil fostaíocht atá inbhuanaithe agus ar ardchaighdeáin a chur chun cinn agus soghluaiseacht lucht saothair a thacú:

(i)

trí rochtain ag cuardaitheoirí poist agus daoine neamhghníomhacha ar fhostaíocht, lena n-áirítear daoine dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine atá i bhfad ón margadh saothair, chomh maith le trí thionscnaimh áitiúla fostaíochta agus tacaíocht do shoghluaisteacht lucht saothair.

(ii)

Trí dhaoine óga go háirithe iad siúd nach bhfuil fostaithe ná in oideachas ná in oiliúint a chomhtháthú ar bhealach inbhuanaithe sa mhargadh saothair, lena n-áirítear daoine óga atá i mbaol an eisiaimh shóisialta agus daoine óga ó phobail imeallaithe,lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme.

(iii)

trí féinfhostaíocht, fhiontraíocht agus ghnóthais a chruthú lena n-áirítear mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide nuálacha.

(iv)

Trí chomhionannas idir fir agus mná i ngach réimse, lena n-áirítear rochtain ar fhostaíocht agus dul chun cinn gairme, réiteach idir saol na hoibre agus an saol príobháideach agus comhphá ar obair comhluacha;

(v)

Oibrithe, fiontair agus fiontraithe a oiriúnú d'athrú;

(vi)

Aosú gníomhach agus sláintiúil;

(vii)

Nua-aoisiú institiúidí an mhargaidh saothair, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, agus comhoiriúnú a fheabhsú maidir le riachtanais an mhargaidh saothair lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí a fheabhsóidh soghluaiseacht thrasnáisiúnta chomh maith le trí scéimeanna soghluaisteachta agus comhar níos fearr idir na hinstitiúidí agus na geallsealbhóirí ábhartha.

(b)

Don chuspóir téamach 'cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, bochtaineacht agus idirdhealú a chomhrac' trí na nithe seo a leanas:

(i)

Cuimsiú gníomhach lena n-áirítear d'fhonn comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn agus infhostaitheacht a fheabhsú;

(ii)

Comhtháthú socheacnamaíoch pobal imeallaithe amhail na Romaigh;

(iii)

Gach cineál idirdhealaithe a chomhrac agus comhdheiseanna a chur chun cinn;

(iv)

Rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta, lena n-áirítear cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta de leas ginearálta a fheabhsú;

(v)

Fiontraíocht shóisialta agus lánpháirtiú gairmiúil i bhfiontair shóisialta agus an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a chur chun cinn chun rochtain ar an bhfostaíocht a éascú;

(vi)

Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail;

(c)

Maidir leis an gcuspóir téamach, 'infheistiú san oideachas, san oiliúint agus sa ghairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlaim ar feadh an tsaoil' tríd an méid seo a leanas:

(i)

Líon na bpáistí a fhágann an scoil go luath a laghdú agus a chosc agus rochtain chothrom ar oideachas luath-óige, ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas de dhea-cháilíocht a chur chun cinn lena n-áirítear foirmeálta, neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúilconairí foghlama chun páirt a athghlacadh san oideachas agus san oiliúint;

(ii)

Caighdeán, éifeachtúlacht agus rochtain ar oideachais tríú leibhéil agus a choibhéise a fheabhsú d'fhonn rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a mhéadú go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste;

(iii)

Trí rochtain chothrom ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do gach grúpa i suíomhanna foirmeálta, neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil, trí fhaisnéis, scileanna agus inniúlachtaí an luchta saothair a uasghrádú agus conairí solúbtha foghlama a chur chun cinn lena n-áirítear trí ghairmthreoir agus bailíochtú inniúlachtaí faighte;

(iv)

Ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna maidir le margadh an tsaothair a fheabhsú, aistriú ó oideachas go hobair a éascú, agus córais gairmoideachais agus gairmoiliúna agus a gcaighdeán a neartú, lena n-áirítear trí shásraí d'oirchill scileanna, oiriúnú curaclaim agus bunú agus forbairt na gcóras foghlama bunaithe ar obair, lena n-áirítear déchórais foghlama agus scéimeanna printíseachta;

(d)

Maidir leis an gcuspóir téamach 'cumas institiúideach agus riarachán údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán éifeachtúil poiblí' tríd an méid seo a leanas:

(i)

Infheistíocht a dhéanamh i gcumas institiúideach agus in éifeachtúlacht riarachán poiblí agus seirbhísí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ar mhaithe le hathchóirithe, rialachán níos fearr agus dea-rialachas;

Níl an tosaíocht infheistíochta seo infheidhme ach amháin i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe nó i mBallstáit a bhfuil réigiún NUTS leibhéal 2 amháin nó níos mó acu amhail a shainítear in Airteagal 90(2)(a) de Rialachán AE Uimh. 1303/2013.

(ii)

Forbairt cumais do na geallsealbhóirí uile atá ag cur oideachais, foghlama ar feadh an tsaoil, oiliúna agus fostaíochta, agus beartas sóisialta i ngníomh lena n-áirítear trí chomhaontuithe earnála agus críche chun gníomh a spreagadh ar son athchóiriú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

2.   Trí na tosaíochtaí infheistíochta a liostaítear i mír 1, rannchuideoidh CSE leis na cuspóirí téamúla eile a liostaítear sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tríd an méid seo a leanas go príomha:

(a)

Tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin, atá láidir ó thaobh na haeráide de, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, trí chórais oideachais agus oiliúna a fheabhsú is gá chun scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, breisoiliúint a thabhairt don fhórsa saothair agus poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus le fuinneamh;

(b)

Rochtain, úsáid agus cáilíocht teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a fheabhsú, trí litearthacht dhigiteach agus ríomhfhoghlaim a fhorbairt, agus trí infheistíocht i ríomhchoimsiú, i ríomhscileanna agus i scileanna fiontraíochta gaolmhara;

(c)

Taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíochta a neartú, trí staidéir iarchéime agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt, trí oiliúint a chur ar thaighdeoirí, trí ghníomhaíochtaí líonraithe agus comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, lárionaid taighde agus teicneolaíochta agus fiontair;

(d)

Iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarma fiontar beag agus meánmhéide a fheabhsú, trí inoiriúnaitheacht fiontar, bainisteoirí agus oibrithe a chur chun cinn agus trí infheistiú méadaithe i gcaipiteal daonna agus i dtacaíocht do chomhlachtaí a sholáthraíonn cleachtas atá dírithe ar ghairmoideachas nó ar ghairmoiliúint.

Airteagal 4

Comhsheasmhacht agus díriú téamach

1.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh an straitéis agus na gníomhaíochtaí arna leagan amach sna Cláir Oibríochta comhsheasmhach leis, agus freagrach do, na dúshláin a shainaithnítear ina gcláir athchóirithe náisiúnta, chomh maith, i gcás inarb iomchuí, lena straitéisí náisiúnta eile a bhfuil sé mar aidhm acu troid i gcoinne dífhostaíochta, bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus sna moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, chun cur le baint amach phríomhspriocanna na straitéise Eoraip 2020 maidir le fostaíocht, le hoideachas agus le laghdú na bochtaineachta.

2.   Déanfar 20 % ar laghad d'acmhainní iomlána CSE i ngach Ballstát a leithdháileadh ar an gcuspóir téamúil "cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, bochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac" a leagtar amach I bpointe 9 den chéad fhomhír d'Airteagal 9de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Cuirfidh Ballstáit díriú téamúil i bhfeidhm de réir na rialacha mionsonraithe seo a leanas:

(a)

I gcás na réigiún atá níos forbartha, díreoidh Ballstáit 80 % ar a laghad de leithdháileadh CSE i gcomhair gach cláir oibríochta ar suas le cúig cinn de na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1).

(b)

I gcás réigiún atá ag athrú, díreoidh Ballstáit 70 % ar a laghad de leithdháileadh CSE i gcomhair gach cláir oibríochta ar suas le cúig cinn de na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1).

(c)

I gcás na réigiún lagfhorbartha, díreoidh Ballstáit 60 % ar a laghad de leithdháileadh CSE i gcomhair gach cláir oibríochta ar suas le cúig cinn de na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1).

4.   Déanfar na haiseanna tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(1) a eisiamh ó ríomh na gcéatadán a shonraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 5

Táscairí

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir agus táirgeachta amhail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, as táscairí atá sonrach do na cláir i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus le hAirteagal 96(2)(b)(ii) agus (iv) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Déanfar na comhtháscairí aschuir agus toraidh uile a thuairisciú do na Tosaíochtaí Infheistíochta uile. Déanfar na táscairí toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a thuairisciú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Aon uair is infheidhme, déanfar sonraí a mhiondealú de réir inscne.

Maidir le táscairí coiteanna agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. I gcás inarb ábhartha maidir le cineál na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht, déanfar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha a shocrú do na táscairí sin le haghaidh 2023. Déanfar na táscairí aschuir a shloinneadh mar dhearbh-uimhreacha.

Maidir leis na comhtháscairí toraidh agus na táscairí toraidh sin atá sonrach do na cláir a bhfuil spriocluach carnach cainníochtaithe 2023 curtha ar bun, déanfar bonnlínte a shocrú ag baint úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil nó foinsí oiriúnacha faisnéise eile. Féadfar táscairí toraidh clár-shonracha agus spriocanna gaolmhara a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

2.   I dteannta mhír 1, déanfar táscairí toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid sna hoibríochtaí uile lena dtacaítear faoin tosaíocht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a)(ii) chun TFAO a chur chun feidhme. Beidh spriocluach cainníochtaithe carnach do 2023 agus bonnlíne nasctha le gach táscaire a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Ag an am céanna leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, tarchuirfidh gach údarás bainistíochta sonraí leictreonacha maidir le gach tosaíocht infheistíochta. Cuirfear na sonraí isteach do na catagóirí idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 96(2)(b)(vi) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 agus na táscairí aschuir agus na táscairí toraidh. De mhaolú ar Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013, baineann sonraí a tharchuirfear do tháscairí aschuir agus toraidh le luachanna d'oibríochtaí arna gcur i bhfeidhm go páirteach nó go hiomlán.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA LE HAGHAIDH CLÁRÚCHÁIN AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 6

Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe

1.   Féadfaidh rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcur chun feidhme na gclár oibríochtúil, a bheith i bhfoirm deontas foriomlán mar a shainítear in Airteagal 123(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. I gcás den sórt sin, aithneofar sa chlár oibríochta an chuid sin den chlár lena mbaineann an deontas foriomlán, lena n-áirítear leithdháileadh táscach airgeadais chuige ó gach ais tosaíochta.

2.   Chun rannpháirtíocht leordhóthanach na gcomhpháirtithe sóisialta i ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE a spreagadh, déanfaidh na húdaráis bhainistíochta i réigiún a shainítear in Airteagal 90(2)(a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe, a áirithiú, de réir riachtanas, go leithdháilfear méid iomchuí acmhainní CSE ar ghníomhaíochtaí forbartha cumais, i bhfoirm oiliúna, beart líonraithe, agus tríd an gcomhphlé sóisialta a neartú agus ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag na comhpháirtithe sóisialta.

3.   Chun rannpháirtíocht leordhóthanach eagraíochtaí neamhrialtasacha a spreagadh i ngníomhaíochtaí arna dtacú ag CSE, agus rochtain leordhóthanach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha orthu freisin, go háirithe i réimsí an chuimsithe shóisialta, an chomhionannais inscne agus na gcomhdheiseanna, déanfaidh údaráis bhainistíochta cláir oibríochta i réigiún mar a shainítear in Airteagal 90(2)(a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe, a áirithiú go leithdháilfear suim iomchuí acmhainní CSE ar fhorbairt cumais i gcomhair eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Airteagal 7

Comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn

Spreagfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhionannas idir fir agus mná trí bhíthin príomhshruthú de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 trí na cláir oibríochtúla a ullmhú, a chur chun feidhme, maidir le faireachán a dhéanamh orthu, tuairisciú a dhéanamh agus iad a mheasúnú. Trí CSE, tacóidh na Ballstáit agus an Coimisiún freisin le gníomhaíochtaí sonracha spriocdhírithe laistigh d'aon cheann de na tosaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3, agus go áirithe Airteagal 3(1)(a)(iv) den Rialachán seo, agus é mar aidhm acu rannpháirtíocht inbhuanaithe agus dul chun cinn ban i bhfostaíocht a mhéadú, dá bhrí sin déantar baineannú na bochtaineachta a chomhrac, leithscaradh bunaithe ar inscne i margadh an tsaothair a laghdú agus steiréitíopaí inscne i margadh an tsaothair agus in oideachas agus in oiliúint a chomhrac agus réiteach idir saol na hoibre agus an saol príobháideach a chur chun cinn do chách chomh maith le comhroinnt na bhfreagrachtaí cúraim idir fir agus mná.

Airteagal 8

Comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn

Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhdheiseanna do gach duine a chur chun cinn, gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas, bunús ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach trí phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a phríomhshruthú, de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Trí CSE, tacóidh na Ballstáit agus an Coimisiún freisin le gníomhaíochtaí sonracha laistigh d'aon cheann de na tosaíochtaí infheistíochta mar a shainítear in Airteagal 3, agus go háirithe in Airteagal 3(1)(b)(iii) den Rialachán seo. Beidh sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí den sórt sin gach cineálleithcheala a chomhrac chomh maith le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú, chun lánpháirtiú i bhfostaíocht, in oideachas agus in oiliúint a fheabhsú, rud a chuirfidh leis an gcuimsiú sóisialta agus éagothroime i dtéarmaí gnóthachtála oideachais agus stádais sláinte a laghdú agus an t-aistriú ó sheirbhísí institiúideacha go seirbhísí pobal-bhunaithe a éascú, go háirithe dóibh siúd a thugann aghaidh ar il-idirdhealú.

Airteagal 9

An nuáil shóisialta

1.   Cuirfidh CSE nuálaíocht shóisialta chun cinn i ngach réimse a thig faoina raon feidhme, mar a shainítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, go háirithe agus é mar aidhm aige réitigh nuálacha a thriail, a mheasúnú agus a mhéadú, lena n-áirítear ar leibhéal áitiúil nó réigiúnach, chun dul i ngleic le riachtanais shóisialta, i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe ábhartha agus, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta.

2.   Déanfaidh Ballstáit a shainaithint, ina gcláir oibríochtúla nó ag céim níos déanaí le linn an chur chun feidhme, réimsí le haghaidh nuálaíochta sóisialta, ar réimsí iad a chomhfhreagróidh do riachtanais shonracha na mBallstát.

3.   Déanfaidh an Coimisiún forbairt cumais le haghaidh nuálaíochta sóisialta a éascú, go háirithe trí thacú le foghlaim fhrithpháirteach, le bunú líonraí agus le scaipeadh agus le cur chun cinn dea-chleachtas agus modheolaíochtaí.

Airteagal 10

Comhar trasnáisiúnta

1.   Tacóidh Ballstáit le comhar trasnáisiúnta agus é mar aidhm acu foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn agus sa dóigh sin éifeachtacht na mbeartas lena dtacaíonn CSE a mhéadú. Beidh comhpháirtithe ó dhá Bhallstát ar a laghad páirteach i gcomhar trasnáisiúnta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit le clár oibríochtúil amháin a fhaigheann tacaíocht ó CSE nó clár oibríochtúil ilchiste amháin a roghnú go heisceachtúil gan tacú le gníomhaíochtaí comhoibrithe trasnáisiúnta, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe iomchuí, téamaí le haghaidh comhair thrasnáisiúnta a roghnú ó liosta de chomh-mholtaí arna mholadh ag an gCoimisiún agus arna fhormhuiniú ag an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 25 nó téamaí eile a fhreagraíonn dá riachtanais shonracha a roghnú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún comhar trasnáisiúnta a éascú maidir leis na comhthéamaí an liosta dá dtagraítear i mír 3 agus i gcás inarb iomchuí téamaí eile a roghnóidh na Ballstáit trí fhoghlaim fhrithpháirteach nó trí ghníomhaíocht chomhordaithe nó chomhpháirteach. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, ardán ar leibhéal an AE a fheidhmiú chun comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a chur ar bun, malartú taithí, forbairt cumais agus líonrú a éascú, chomh maith le caipitliú ar na torthaí ábhartha agus iad a scaipeadh. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún creat chur chun feidhme comhordaithe a fhorbairt, lena n-áirítear comhchritéir incháilitheachta, cineálacha gníomhaíochtaí agus a n-amchlár, agus cur chuige coiteann modheolaíochta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, d'fhonn comhar trasnáisiúnta a éascú.

Airteagal 11

Forálacha atá sonrach do chistí maidir le cláir oibríochta

1.   De mhaolú ar Airteagal 96(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh cláir oibríochta aiseanna tosaíochta a leagan amach i gcomhair cur chun feidhme na nuálaíochta sóisialta agus comhair thrasnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 den Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 120(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfar an ráta cómhaoinithe i gcomhair aise tosaíochta a mhéadú faoi 10 bpointe céadadáin, ach ní rachaidh sé thar 100 %, áit a ndírítear an ais tosaíochta iomlán ar nuálaíocht shóisialta nó ar chomhar trasnáisiúnta, nó ar mheascán den dá rud.

3.   I dteannta na forála a dhéantar inAirteagal 96(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, leagfar amach freisin i gcláir oibríochta an rannchuidiú a thabharfaidh gníomhaíochtaí atá pleanáilte agus lena dtacaíonn CSE:

(a)

do na cuspóirí téamúla atá liostaithe faoi phointí (1) go (7) den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 de réir aise tosaíochta, de réir mar is iomchuí;

(b)

do nuálaíocht shóisialta agus do chomhar trasnáisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 den Rialachán seo, i gcás nach bhfuil siad cumhdaithe faoi ais tosaíochta tiomanta.

Airteagal 12

Forálacha sonracha maidir le gnéithe críche ar leith a láimhseáil

1.   Féadfaidh CSE tacú le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i gceantair uirbeacha agus tuaithe, dá dtagraítear in Airteagal 32, Airteagal 33 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, le comhaontuithe críche agus le tionscnaimh áitiúla le haghaidh fostaíochta, lena n-áirítear fostaíocht don aos óg, oideachais agus cuimsithe shóisialta, maille le hIonstraim chríche comhtháite (ICC) dá dtagraítear in exAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Mar chomhlánú idirghabhálacha Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), féadfaidh CSE tacú le forbairt inbhuanaithe uirbeach trí straitéisí lena leagtar amach gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta a dhéanann difear do na limistéir uirbeacha a shainaithin na Ballstáit ar bhonn na bpionsabal a shainítear ina chomhaontuithe comhpháirtíochta faoi seach.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS

Airteagal 13

Incháilitheacht an chaiteachais

1.   Tabharfaidh CSE tacaíocht le haghaidh caiteachais incháilithe, lena bhféadfar a áireamh, dá dtagraítear in Airteagal 120(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, aon acmhainní airgeadais arna dtabhairt ag fostaithe agus oibrithe.

2.   Féadfaidh CSE tacaíocht a thabhairt le haghaidh caiteachais arna thabhú i gcomhair oibríochtaí arna ndéanamh lasmuigh de limistéar an chláir, ach laistigh den Aontas, ar chuntar go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

gur chun leasa limistéar an chláir an oibríocht;

(b)

go bhfuil oibleagáidí údaráis an chláir oibríochtúla i ndáil le bainistíocht, rialú agus iniúchadh i dtaobh na hoibríochta arna gcomhlíonadh ag na húdaráis atá freagrach as an gclár oibríochtúla faoina dtacaítear leis an oibríocht sin nó go bhfuil comhaontuithe déanta acu le húdaráis sna Ballstáit ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme ar choinníoll go gcomhlíontar na hoibleagáidí i ndáil le bainistíocht, rialú agus iniúchadh i dtaobh na hoibríochta sa Bhallstát sin.

3.   Suas go dtí teorainn 3 % de bhuiséad chlár oibríochtúil CSE nó cuid CSE de chlár ilchiste oibríochtúil, beidh caiteachas arna thabhú lasmuigh den Aontas incháilithe le haghaidh rannchuidiú ó CSE ar choinníoll go mbaineann séleis na cuspóirí téamacha faoi Airteagal 3(1)(a) nó le hAirteagal 3(1)(c) agus ar choinníoll gur thug an coiste faireacháin ábhartha a chomhaontú le hoibriú nó cineálacha oibríochtaí lena mbaineann.

4.   Sa bhreis ar an gcaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 69(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ní bheidh ceannach bonneagair, talaimh ná eastáit réadaigh incháilithe le haghaidh rannchuidiú ó CSE.

5.   Ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm liúntas nó tuarastal arna n-íoc ag tríú páirtí chun leasa rannpháirtithe oibríochta, féadfaidh siad a bheith incháilithe le haghaidh rannchuidiú ó CSE ar choinníoll go dtabhaítear na ranníocaíochtaí comhchineáil i gcomhréir le rialacha náisiúnta lena n-áirítear rialacha cuntasaíochta, agus nach sáraíonn siad an costas a bhí ar an tríú páirtí.,

Airteagal 14

Roghanna simplithe costais

1.   De bhreis ar na roghanna dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an Coimisiún caiteachas arna íoc ag Ballstáit a aisíoc ar bhonn scálaí caighdeánacha costas aonaid agus cnapshuimeanna arna sainiú ag an gCoimisiún. Measfar i leith na suimeanna arna ríomh ar an mbonn sin gur tacaíocht phoiblí arna híoc leis na tairbhithe iad agus gur caiteachas incháilithe chun críche Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chur i bhfeidhm iad.

Chun críche na chéad fhomhíre, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 i ndáil leis na cineálacha oibríochtaí atá cumhdaithe, le sainiú na scálaí caighdeánacha costas aonaid agus cnapshuimeanna agus a n-uasmhéideanna, sainiú is féidir a choigeartú de réir na modhanna comhaontaithe is infheidhme agus taithí a fuarthas le linn na tréimhse cláreagraithe roimhe seo á chur i gcuntas go cuí.

Beidh sé d'aidhm eisiach ag iniúchadh airgeadais a fhíorú go bhfuil na coinníollacha faoina ndéanfaidh an Coimisiún aisíocaíochtaí ar bhonn scálaí caighdeánacha costas aonaid agus cnapshuimeanna, arna gcomhlíonadh.

I gcás ina n-úsáidfear maoiniú ar bhonn scálaí caighdeánacha agus cnaipshuimeanna i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát a chleachtais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí tacaíochta. Chun críche an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ní bheidh cleachtais chuntasaíochta den sórt sin ná na suimeanna a thig astu faoi réir iniúchadh ag an údaráis iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 67(1)(d) agus (5)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013., féadfar ráta comhréidh de suas le 40 % de na costais foirne díreacha incháilithe a úsáid chun na costais eile incháilithe a bhaineann le hoibríochta a chumhdach gan ceanglas a chur ar an mBallstát ríomh ar bith a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a shocrú.

3.   Le cois na modhanna a shonraítear in Airteagal 67(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcás nach rachaidh an tacaíocht phoiblí do dheontais agus do chúnamh inaisíoctha thar EUR 100 000, féadfar na suimeanna dá dtagraítear in Airteagal 67(1)(b), (c) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a shuíomh cás ar chás trí thagairt don dréachtbhuiséad arna chomhaontú ex-ante ag an údarás bainistíochta.

4.   Gan dochar d'Airteagal 67(4) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013, deontais nach sáróidh an tacaíocht phoiblí ina leith EUR 50 000, déanfar iad i bhfoirm cnapshuimeanna nó scálaí caighdeánacha costas aonaid nó cnaipshuimeanna i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo nó le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó rátaí comhréidhe i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ach amháin i gcás oibríochtaí a bhfuil tacaíocht á fáil acu faoi chuimsiú scéime cabhrach stáit. I gcás ina n-úsáidfear maoiniú ar ráta comhréidh, déanfar na catagóirí costais, a úsáidtear chun an ráta a ríomh, a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 67(1) (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 15

Ionstraimí airgeadais

De bhun Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh CSE tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a thig faoina raon feidhme trí ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear micreachreidmheasanna agus cistí ráthaíochta.

CAIBIDIL IV

AN TIONSCNAMH UM FHOSTAÍOCHT DON AOS ÓG

Airteagal 16

An Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

Le TFAO, tabharfar tacaíocht don chomhrac i gcoinne dhífhostaíocht an aosa óig i réigiúin incháilithe an Aontais, trí bhíthin tacaíochta do bhearta faoi Airteagal 3(1)(a)(ii) den Rialachán seo. Beidh sé dírithe ar gach duine óg faoi 25 bliana d'aois nach bhfuil fostaithe ná in oideachas ná in oiliúint, atá neamhghníomhach nó dífhostaithe (iad siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach san áireamh), bíodh siad cláraithe mar dhaoine atá ag lorg oibre nó ná bíodh. Ar bhonn deonach féadfaidh Ballstáit a chinneadh an spriocghrúpa a shíneadh chun daoine óga faoi 30 bliain d'aois a áireamh.

Chun críche TFAO do 2014-2015, is iad "réigiúin incháilithe" na réigiúin leibhéal NUTS 2 sin a bhfuil rátaí dífhostaíochta óige acu do dhaoine óga ó 15 bliana go 24 bliain níos mó ná 25 % in 2012 agus, i gcás Bhallstáit inar mhéadaigh ráta dífhostaíochta an aosa óig níos mó ná 30 % in 2012, réigiúin leibhéal NUTS 2 ag a bhfuil rátaí dífhostaíochta óige níos mó ná 20 % in 2012.

Féadfar na hacmhainní i gcomhair TFAO a ardú do na blianta 2016 go 2020 i gcreat an nós imeachta bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013. Chun na réigiúin a chinneadh atá incháilithe do TFAO don tréimhse 2016-2020, déanfar an tagairt do 2012 sonraí sa dara fomhír a fhorléiriú mar thagairt do na sonraí bliantúla is déanaí atá ar fáil. Leanfaidh an miondealú de réir Ballstáit de na hacmhainní breise na céimeanna céanna leis an leithdháileadh sonrach tosaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Féadfaidh Ballstáit, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, cinneadh a dhéanamh méid teoranta nach mó ná 10 % de na cistí faoi TFAO a leithdháileadh ar dhaoine óga atá ina gcónaí i bhforéigiúin ina bhfuil ardleibhéil dífhostaíochta i measc an aosa óig agus atá lasmuigh de na réigiún incháilithe ar leibhéal NUTS 2.

Airteagal 17

Díriú téamach

Ní chuirfear an leithdháileadh sonrach do TFAO san áireamh agus an comhchruinniú téamúil dá dtagraítear in Airteagal 4 á ríomh.

Airteagal 18

Cláreagrú

Tá TFAO ina chuid dhílis de chláreagrú CSE faoi Airteagal 96 de Rialúchán (AE) Uimh. 1303/2013 Más iomchuí, leagfaidh na Ballstáit amach na socruithe clárúcháin do TFAO ina gComhaontuithe Comhpháirtíochta faoi seach agus sa chlár Oibríochtúil.

Is féidir na socruithe sin a bheith i gceann nó i roinnt de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

clár oibríochta tiomanta;

(b)

ais tosaíochta thiomanta laistigh de chlár oibríochta;

(c)

cuid d'ais tosaíochta amháin nó níos mó.

Beidh feidhm ag Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Rialachán seo freisin maidir le TFAO.

Airteagal 19

Faireachán agus meastóireacht

1.   I dteannta fheidhmeanna an choiste faireacháin a leagtar amach Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, scrúdóidh an coiste faireacháin cur chun feidhme TFAO uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcomhthéacs an chláir agus an dul chun cinn atá tá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.

2.   Beidh faisnéis maidir le cur chun feidhme TFAE sa Tuarascáil Bhliantúil Cur chun Feidhme agus sa tuarascáil dheireanach amhail dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa achoimre ar na tuarascála sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Freastalóidh an Coimisiún ar dhíospóireacht bhliantúil Pharlaimint na hEorpa maidir leis an achoimre ar na tuarascálacha sin.

3.   Amhail ó Aibreán 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin, agus ag an am céanna leis na tuarascála cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tarchuirfidh an t-údarás bainistíochta go leictreonach chuig an gCoimisiún sonraí struchtúrtha maidir le gach ais tosaíochta nó do gach cuid de a thacaíonn le TFAO.Bainfidh sonraí táscaire a tharchuirfear le luachanna do na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, le táscairí atá sonrach do na cláir. Bainfidh siad le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme go páirteach nó go hiomlán.

4.   Maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó, i gcás inarb infheidhme, an tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 111(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus an tuarascáil bhliantúil cur chun feidhme a cuireadh isteach i mBealtaine 2016, beidh na príomhthorthaí meastóireachta dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo iontu. Déanfaidh na tuarascálacha freisin caighdeán na dtairiscintí fostaíochta a fuair rannpháirtithe an TFAO a leagan amach agus a mheasúnú, lena n-áirítear daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, ó phobail imeallaithe nó a fhágann oideachas gan aon cháilíocht faighte acu. Déanfaidh na tuarascálacha a ndul chun cinn san oideachas leanúnach a leagan amach agus a mheasúnú freisin, poist inbhuanaithe agus chuibhiúla a fháil, nó maidir le gabháil do phrintíseacht nó d'oiliúnaí d'ardchaighdeán.

5.   Sna tuarascálacha ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 52 (AE) Uimh. 1303/2013, beidh faisnéis bhreise maidir le TFAO agus meastóireacht ar a chur chun feidhme. Tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa achoimre ar na tuarascála sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 53(2) den Rialachán sin agus freastalóidh sé ar dhíospóireacht Pharlaimint na hEorpa maidir leis na tuarascálacha sin.

6.   Déanfar meastóireacht dhá uair ar a laghad le linn na tréimhse clárúcháin ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar na tacaíochta comhpháirtí ó CSE ón leithdháileadh sonrach do TFAO, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg.

Críochnófar an chéad mheastóireacht faoin 31 Nollaig 2015 agus an dara meastóireacht faoin 31 Nollaig 2018.

Airteagal 20

Bearta faisnéise agus cumarsáide

1.   Áiritheoidh na tairbhithe go gcuirfear na daoine atá ag glacadh páirte san oibríocht ar an eolas faoin tacaíocht ón TFAO a sholáthrófar trí chistiú CSE agus ó leithdháileadh sonrach an TFAO.

2.   Aon doiciméad, a bhaineann le hoibríocht a chur chun feidhme a úsáidtear don phobal nó do rannpháirtithe, lena n-áirítear aon teastas tinrimh nó teastas eile, áireofar ann ráiteas go bhfuair an oibríocht tacaíocht faoin TFAO.

Airteagal 21

Cúnamh teicniúil

Féadfaidh na Ballstáit an leithdháileadh sonrach don TFAO a chur san áireamh i ríomh na teorann le méid iomlán cistí a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil gach Ballstáit.

Airteagal 22

Tacaíocht airgeadais

1.   Leis an gCinneadh ón gCoimisiún lena nglacfar clár oibríochtúil, socrófar an t-uasmhéid tacaíochta ón leithdháileadh don TFAO agus tacaíocht chomhfhreagrach CSE, mar mhéid uilíoch agus freisin de réir catagóire réigiún, do gach ais tosaíochta. Beidh an tacaíocht chomhfhreagrach ó CSE comhionann ar a laghad leis an leithdháileadh sonrach don TFAO do gach ais tosaíochta.

2.   Ar bhonn na méideanna dá dtagraítear i mír 1, socrófar leis an gCinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 an cóimheas idir na catagóirí réigiún do thacaíocht CSE do gach ais tosaíochta.

3.   I gcás ina gcuirtear an TFAO chun feidhme le hais tosaíochta shonrach lena gcumhdaítear réigiúin incháilithe as níos mó ná catagóir amháin, beidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe is airde maidir le leithdháileadh CSE.

Ní bheidh an leithdháileadh sonrach don TFAO faoi réir an cheanglais náisiúnta chómhaoinithe.

Cuirfear ráta cómhaoinithe CSE chomh maith leis an leithdháileadh ar leith don TFAO san áireamh agus ráta foriomlán cómhaoinithe na haise tosaíochta arna shocrú leis an gCinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 á ríomh.

Airteagal 23

Bainistíocht airgeadais

Chomh maith le hAirteagal 130 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcás ina n-aisíocfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha agus ina n-íocfaidh sé an t-iarmhéid deiridh do TFAO de réir aise tosaíochta, leithdháilfidh sé an aisíocaíocht ó bhuiséad an Aontais go comhionann idir CSE agus an leithdháileadh sonrach do TFAO. A luaithe a bheidh na hacmhainní go léir ón leithdháileadh sonrach don TFAO aisíoctha, déanfaidh an Coimisiún na haisíocaíochtaí a bheidh fanta a leithdháileadh ó bhuiséad an Aontais ar CSE.

Déanfaidh an Coimisiún an aisíocaíocht ó CSE a leithdháileadh idir catagóirí réigiún de réir an chóimheasa atá leagtha síos in Airteagal 22 (2).

CAIBIDIL V

TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(1) don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 14(1) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh ar feadh dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

Coiste faoi Airteagal 163 CFAE

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste ("Coiste CSE") a bhunaítear faoi Airteagal 163 CFAE.

2.   Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún a bheidh freagrach as a bheith mar chathaoirleach ar Choiste CSE an fhreagracht sin a tharmligean d'oifigeach sinsearach ón gCoimisiún. Is é an Coimisiún a chuirfidh Rúnaíocht ar fáil do Choiste CSE.

3.   Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ón rialtas, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na n-oibrithe, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaí malartach do gach comhalta ar feadh uastréimhse seacht mbliana. Mura mbeidh an comhalta i láthair, beidh sé de theideal ag an ionadaí malartach páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

4.   Áireofar sa Choiste CSE ionadaí amháin ó gach eagraíocht atá agus lena ndéantar ionadaíocht ar eagraíochtaí na n-oibrithe agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí ar leibhéal an Aontais

5.   Féadfaidh Coiste CSE cuireadh a thabhairt d'ionadaithe neamh-vótála an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta agus d'ionadaithe neamh-vótála eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta chuig a chruinnithe má éilítear le clár oibre an chruinnithe go mbeidh siad rannpháirteach.

6.   Maidir le Coiste CSE:

(a)

rachfar i gcomhairle leis maidir leis na dréachtchinntí ón gCoimisiún a bhaineann le cláir oibriúcháin agus le cláreagrú i gcás tacaíocht ó CSE;

(b)

rachfar i gcomhairle leis maidir le cúnamh teicniúil a úsáid, ar úsáid phleanáilte í, i gcás tacaíochta ó CSE agus maidir le saincheisteanna eile a mbeidh tionchar acu ar straitéisí a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i ábhartha do CSE;

(c)

tacóidh sé le liosta na dtéamaí comhchoiteanna do chomhar trasnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 10(3).

7.   Féadfaidh Coiste CSE tuairimí a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceisteanna maidir leis an ranníocaíocht ó CSE le cur chun feidhme straitéis Eoraip 2020;

(b)

ceisteanna maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 a bheidh ábhartha maidir leis an CSE;

(c)

ceisteanna maidir le CSE a chuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuige seachas na cinn dá dtagraítear i mír 6.

8.   Glacfar tuairimí Choiste CSE trí thromlach glan na vótaí a chaitear go bailí, agus cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa iad le haghaidh faisnéise. Déanfaidh an Coimisiún Coiste CSE a chur ar an eolas faoin gcaoi ar chuir sé tuairimí an Choiste san áireamh.

Airteagal 26

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh ná do mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013. Beidh feidhm fós dá bhrí sin ag an Rialachán sin nó ag reachtaíocht infheidhme eile den sórt sin tar éis an31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na tionscadail i dtrácht go dtí go dtiocfaidh an cúnamh nó na hoibríochtaí sin chun críche.

2.   Beidh iarratais ar chúnamh a fháil arna ndéanamh nó arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 roimh an 1 Eanáir 2014 fós bailí.

Airteagal 27

Aisghairm

Gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán seo, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 28

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020 i gcomhréir lehAirteagal 164 CFAE.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 82 agus IO C 271, 19.9.2013, lch. 101.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, Lch. 127.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  IO C 120 26.4.2013, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1784/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Comhtháscairí aschuir agus toraidh le haghaidh infheistíochtaí CSE

(1)   Comhtháscairí aschuir maidir le rannpháirtithe

Tagairt is ea "rannpháirtithe" (1) do dhaoine a fhaigheann tairbhe dhíreach ó idirghabháil CSE ar féidir iad a aithint agus faisnéis a iarraidh uathu faoina saintréithe, agus a bhfuil caiteachas sonrach curtha in áirithe dóibh. Ní dhéanfar daoine eile a áireamh mar rannpháirtithe. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.

Is iad na comhtháscairí aschuir do rannpháirtithe:

daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach*,

daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach*,

daoine neamhghníomhacha*,

daoine neamhghníomhacha, nach bhfuil páirteach in oideachas ná oiliúint*,

daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe*

daoine faoi bhun 25 bliana d'aois*,

daoine os cionn 54 bliana d'aois*,

daoine os cionn 54 bliana d'aois atá dífhostaithe, lena n-áirítear dífhostaithe go fadtéarmach, nó neamhghníomhach nach bhfuil san oideachas ná in oiliúint*,

daoine a bhfuil oideachas bunscoile (ISCED 1) nó meánscoile íochtaraí (ISCED 2) acu*,

daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu*,

daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu*,

rannpháirtithe a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh atá amuigh as obair,

rannpháirtithe a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu agus a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh atá amuigh as obair,

rannpháirtithe a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu agus a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh aonair do dhaoine fásta,

imircigh, daoine de chúlra iasachta, mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh)**,

daoine faoi mhíchumas**,

daoine eile faoi mhíbhuntáiste**.

Ríomhfar líon iomlán na rannpháirtithe go huathoibríoch ar bhonn na dtáscairí aschuir.

Déanfar na sonraí sin maidir le rannpháirtithe in oibríocht CSE sholáthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar a shonraítear in Airteagal 50(1) agus (2) agus in Airteagal 111(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

gan dídean nó dá ndéanann eisiamh tithíochta difear*,

ó limistéir thuaithe* (2);

Déanfar na sonraí maidir le rannpháirithe faoin dá táscaire thuas a sholáthar sna tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla amhail a shonraítear in Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) Uimh. 13032013. Baileofar na sonraí bunaithe ar shampla ionadaíoch de rannpháirtithe faoi chuimsiú gach tosaíochta infheistíochta. Déanfar bailíocht inmheánach an tsampla a áirithiú sa chaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal na tosaíochta infheistíochta.

(2)   Is iad comhtháscairí aschuir i gcomhair eintiteas:

líon na dtionscadal arna gcur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt ag comhpháirtithe sóisialta nó ag eagraíochtaí neamhrialtasacha,

líon na dtionscadal atá tiomnaithe do rannpháirtíocht inbhuanaithe agus do dhul chun cinn na mban san fhostaíocht,

líon na dtionscadal arna ndíriú ar riaracháin phoiblí nó ar sheirbhísí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil,

líon na micreaghnóthas, na ngnóthas beag agus meánmhéide a bhfuil tacaíocht á fáil acu, (lena n-áirítear fiontair chomhair, fiontair an gheilleagair shóisialta).

Déanfar na sonraí sina sholáthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 50(1) agus (2) agus in Airteagal 111(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(3)   Is iad na comhtháscairí toraidh láithreacha do rannpháirtithe:

rannpháirtithe neamhghníomhacha atá ag lorg poist arís ar fhágáil dóibh

rannpháirtithe in oideachas/oiliúint ar fhágáil dóibh

rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh

rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh

rannpháirtithe faoi mhíbhuntáiste atá i mbun post a lorg, oideachais/oiliúna, cáilíocht a fháil, fostaíochta, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh**

Déanfar na sonraí sin a sholáthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 50(1) agus (2) agus in Airteagal 111(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.

(4)   Comhtháscairí fadtéarmacha toraidh do rannpháirtithe is iad:

rannpháirtithe féinfhostaithe, lena n-áirítear féinfhostaíocht, sé mhí tar éis dóibh fágáil,

rannpháirtithe i staid níos fearr i margadh an tsaothair sé mhí tar éis dóibh fágáil,

rannpháirtithe os cionn 54 bliana d'aois atá fostaithe, lena n-áirítear féinfhostaíocht, sé mhí tar éis dóibh fágáil*,

rannpháirtithe faoi mhíbhuntáiste atá fostaithe, lena n-áirítear féinfhostaíocht, 6 mhí tar éis dóibh fágáil**.

Déanfar na sonraí sin a sholáthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 1303/2013 Baileofar iad bunaithe ar shampla ionadaíoch de rannpháirtithe faoi chuimsiú gach tosaíochta infheistíochta. Déanfar bailíocht inmheánach an tsampla a áirithiú sa chaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal na tosaíochta infheistíochta. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.


(1)  Déanfaidh na húdaráis bhainistíochta córas a bhunú lena dtaiscfear agus lena stórálfar sonraí na rannpháirtithe aonaracha I bhfoirm leictreonach mar a leagtar amach in Airteagal 125(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Beidh socruithe próiseála sonraí na mBallstát a bheith i gcomhréir le forálacha Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31), go háirithe maidir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 den Treoir sin.

Is ionann sonraí pearsanta de réir Airteagal 7 de Threoir 95/46/CE agus sonraí arna dtuairisciú faoi na táscairí a bhfuil * marcáilte in aice leo. Tá sé riachtanach iad a phróiseáil chun an oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialtóir faoina réir a chomhlíonadh (Airteagal 7(c) de Threoir 95/46/CE). Chun sainmhíniú a fháil ar rialtóir féach Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE.

Is catagóir speisialta sonraí de réir Airteagal 8 de Threoir 95/46/CE iad sonraí arna dtuairisciú faoi na táscairí a bhfuil ** marcáilte ina aice leo. Faoi réir coimircí oiriúnacha a bheith tugtha, féadfaidh Ballstáit, ar mhaithe le leas poiblí substaintiúil, díolúintí a leagan síos i dteannta na cinn a leagadh síos in Airteagal 8(2) de Threoir 95/46/CE, trí bhíthin an dlí náisiúnta nó trí bhíthin cinnidh de chuid an údaráis mhaoirseachta (Airteagal 8(4) de Threoir 95/46/CE).

(2)  Baileofar na sonraí ar leibhéal aonaid riaracháin níos lú (aonaid riaracháin áitiúla), Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine maidir le rangú coiteann aonad críochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Táscairí toraidh do TFAO

Déanfar na sonraí sin a sholáthar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme mar atá sonraithe in Airteagal 50(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus sa tuarascáil atá le cur isteach in Aibreán 2015 mar a shonraítear in Airteagal 19(3) den Rialachán seo. Déanfar na sonraí ar fad a mhiondealú de réir inscne.

(1)   Comhtháscairí toraidh láithreacha do rannpháirtithe i

Tagairt is ea "rannpháirtithe" (1) do dhaoine a fhaigheann tairbhe dhíreach ó idirghabháil TFAO agus ar féidir iad a aithint agus faisnéis a fháil uathu faoina saintréithe, agus a bhfuil caiteachas sonrach curtha in áirithe dóibh.

Is iad na táscairí torthaí láithreacha:

Rannpháirtithe dífhostaithe a chríochnaíonn an idirghabháil lena dtacaíonn TFAO*,

Rannpháirtithe dífhostaithe a fhaigheann tairiscint fostaíochta, oideachais leantaigh nó printíseachta nó cúrsa oiliúna ar fhágáil dóibh*,

Rannpháirtithe dífhostaithe atá in oideachas/oiliúint, a ghnóthaíonn cáilíocht, nó i bhfostaíocht lena n-áirítear féinfhostaíocht ar fhágáil dóibh*,

Rannpháirtithe dífhostaithe fadtéarma a chríochnaíonn an idirghabháil lena dtacaíonn TFAO*,

Rannpháirtithe dífhostaithe fadtéarma a fhaigheann tairiscint fostaíochta, oideachais leantaigh nó printíseachta nó cúrsa oiliúna ar fhágáil dóibh*,

Rannpháirtithe dífhostaithe fadtéarma atá in oideachas/oiliúint, a ghnóthaíonn cáilíocht, nó atá i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht ar fhágáil dóibh*,

Rannpháirtithe neamhghníomhacha nach bhfuil in oideachas ná in oiliúint a chríochnaíonn an idirghabháil lena dtacaíonn CSE/an TFAO**,

Rannpháirtithe neamhghníomhacha nach bhfuil in oideachas ná in oiliúint a fhaigheann tairiscint fostaíochta, oideachais leantaigh nó printíseachta nó cúrsa oiliúna ar fhágáil dóibh*,

Rannpháirtithe neamhghníomhacha nach bhfuil in oideachas ná in oiliúint atá in oideachas/oiliúint, a ghnóthaíonn cáilíocht, nó i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh*.

(2)   Comhtháscairí toraidh fadtéarmacha do rannpháirtithe

Is iad na táscairí fadtéarmacha:

Rannpháirtithe in oideachas leantach, i gcúrsaí oiliúna a mbaintear cáilíocht amach ag a ndeireadh, i bprintíseacht nó i gcúrsa oiliúna sé mhí i ndiaidh dóibh imeacht*,

Rannpháirtithe i bhfostaíocht sé mhí tar éis dóibh fágáil*;

Rannpháirtithe féinfhostaithe sé mhí tar éis dóibh fágáil*.

Baileofar na sonraí maidir le táscairí toraidh is fadtéarmaí bunaithe ar shampla ionadaíoch de rannpháirtithe faoi chuimsiú gach tosaíochta infheistíochta. Ba cheart bailíocht inmheánach an tsampla a áirithiú sa chaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal na tosaíochta infheistíochta.


(1)  Déanfaidh na húdaráis bhainistíochta córas a bhunú lena dtaiscfear agus lena stórálfar sonraí na rannpháirtithe aonaracha I bhfoirm leictreonach mar a leagtar amach in Airteagal 125(2)(d) de Rialachán 1303/2013. Ní mór socruithe próiseála sonraí na mBallstát a bheith i gcomhréir le forálacha Threoir 95/46/CE, go háirithe maidir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 den Treoir sin.

Is ionann sonraí pearsanta de réir Airteagal 7 de Threoir 95/46 agus sonraí arna dtuairisciú faoi na táscairí a bhfuil * marcáilte in aice leo. Tá sé riachtanach iad a phróiseáil chun an oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialtóir faoina réir a chomhlíonadh (Airteagal 7(c) de Threoir 95/46). Chun sainmhíniú a fháil ar rialtóir féach Airteagal 2 de Threoir 95/46.

Is catagóir speisialta sonraí de réir Airteagal 8 de Threoir 95/46 iad sonraí arna dtuairisciú faoi na táscairí a bhfuil ** marcáilte ina aice leo. Faoi réir coimircí oiriúnacha a bheith tugtha, féadfaidh Ballstáit, ar mhaithe le leas poiblí substaintiúil, díolúintí a leagan síos i dteannta na cinn a leagadh síos in Airteagal 8(2) de Threoir 95/46, trí bhíthin an dlí náisiúnta nó trí bhíthin cinnidh de chuid an údaráis mhaoirseachta (Airteagal 8(4) de Threoir 95/46).


IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) No 1081/2006ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

 

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal6

Airteagal 6

Airteagal 7

 

Airteagal8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 10

 

Airteagal 11

 

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

 

Airteagal 14

 

Airteagal 15

 

Airteagal 16 go hAirteagal 23

 

Airteagal 24

 

Airteagal 25

Airteagal 12

Airteagal 26

Airteagal13

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal28

Airteagal 15

Airteagal29


Top