EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0331

Góchumadh ar an euro a chomhrac (Pericles 2020)

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Góchumadh ar an euro a chomhrac (Pericles IV)' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

Góchumadh ar an euro a chomhrac (Pericles 2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 331/2014 — clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tacaíonn Pericles 2020 le tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo eolas agus taithí a mhalartú a bhaineann le góchumadh ar nótaí bainc agus ar bhoinn euro agus le calaois ghaolmhar a shrianadh, réimse a ndírítear air i gcónaí mar chuid den choireacht idirnáisiúnta eagraithe.

Cuireann Pericles le hiarrachtaí náisiúnta trí ghné ildisciplíneach agus thrasnáisiúnta a thairiscint agus spreagann sé comhar idir tíortha trí thionscadail thrasnáisiúnta. Tacaíonn seo le dlúthchomhar reatha a fhorbairt agus le dea-chleachtais a mhalartú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cén dóigh an n-oibríonn Pericles?

Comhaontaítear clár oibre bliantúil agus leithdháiltear airgead ar thosaíochtaí aitheanta. Eisítear glaonna ar thograí ansin. Soláthraítear tacaíocht airgeadais i bhfoirm deontassoláthair phoiblí le haghaidh 3 chineál ghníomh:

  • 1.

    Malartú faisnéise: ceardlanna oiliúna agus cruinnithe a bhaineann go príomha le baill foirne sa riarachán náisiúnta atá freagrach as airgeadra góchumtha a aithint, le bainc cheannais agus thráchtála, leis na póilíní, le miontaí agus leis na breithiúna. Is féidir le speisialtóirí a bhfuil suim acu i gclóbhualadh, i greanadh agus in aimsiú nótaí agus bonn góchumtha, speisialtóirí faisnéise agus grúpa speisialtóirí eile ar bith lena mbaineann páirt a ghlacadh sna ceardlanna agus sna cruinnithe sin chomh maith.

  • 2.

    Tacaíocht theicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil a fhorbairt amhail acmhainní múinteoireachta (e.g. lámhleabhair, bunachair sonraí), feidhmchláir ríomhaire, staidéir thrasnáisiúnta agus forbairt nósanna imeachta teicniúla (e.g. modhanna braite).

  • 3.

    Trealamh a cheannach: lena úsáid ag údaráis fhrith-ghóchumtha mar chuid de straitéis níos ginearálta, e.g. oiliúint san áireamh.

Beidh feidhm le Pericles 2020 ó 2014 go 2020 agus tá buiséad EUR 7,344,000 leis don tréimhse seo. Cuireadh tús le clár Pericles in 2002 agus tugadh maoiniú as i leith beagnach 200 tionscadal agus cuireadh oiliúint ar thimpeall 6,000 saineolaí ó bheagnach 100 tír faoin gclár

Rinneadh éascaíocht ar an méid seo a leanas leis na tionscadail sin:

  • tuilleadh góchumthaí a aimsiú;
  • ceardlanna neamhdhlíthiúla a bhaint anuas;
  • smachtbhannaí a chur i gcrích agus tuilleadh góchumadóirí a ghabháil ar fud na hEorpa.

Pericles a leathnú chuig tíortha lasmuigh de limistéar an euro

Ar dtús, ba iad na tíortha a ghlac páirt i gclár Pericles 2020 tíortha a ghlac leis an euro mar airgeadra aonair (tíortha limistéar an euro).

Ón 1 Eanáir 2014 i leith, nuair a cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 2015/768 i bhfeidhm, cuireadh na bearta uile a glacadh leo faoi chlár Pericles i bhfeidhm ar na tíortha AE uile, i dtíortha limistéar an euro agus i dtíortha lasmuigh de limistéar an euro araon. Rinneadh é sin lena áirithiú go gcuirtear an clár chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud AE agus go dtugtar an leibhéal céanna cosanta don euro in AE ina iomláine.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle (IO L 103, 5.4.2014, lgh. 1-9)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gClár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (Clár “Pericles 2020”) (COM(2017) 0741 final, 6.12.2017)

Rialachán (AE) 2015/768 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2015 lena leathnaítear chuig na Ballstáit neamh-rannpháirteacha cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) (IO L 121, 14.5.2015, lgh. 1-2)

Nuashonraithe 23.07.2018

Barr