Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011L0064

    Dleacht mháil ar thobac monaraithe

    Dleacht mháil ar thobac monaraithe

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir 2011/64/AE ón gComhairle — struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Leagtar síos inti prionsabail ghinearálta agus rátaí íosta dleachta máil ar thobac monaraithe (i.e. toitíní, todóga agus todóigíní, tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh agus tobac eile) ar fud AE.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Rialacha a bhaineann le toitíní

    • Ní mór do thíortha AE íosdleachtanna máil a chur i bhfeidhm ar thoitíní cibé an ndearnadh in AE nó an bhfuil siad allmhairithe. Áirítear ar an gcáin sin:
      • ad valorem* dleacht mháil a ríomhtar ar an uasphraghas miondíola, lena n–áirítear dleachtanna custaim (Féadfaidh tíortha AE, áfach, dleachtanna custaim a eisiamh ó ríomh dleachta máil ad valorem ar thoitíní ) agus ón gcáin bhreisluacha a thoibhítear meánphraghas ualaithe miondíola*;
      • dleacht mháil sainiúil a ríomhtar in aghaidh aonad an táirge.
    • Ní mór do ráta na dleachta máil ad valorem agus méid na dleachta máil sainiúil a bheith mar an gcéanna do na toitíní ar fad.
    • Ón 1 Eanáir 2014:
      • ní mór do chomhpháirt shainiúil na dleachta máil a bheith idir 7.5 % agus 76.5 %.
      • ní mór gurb ionann an dleacht mháil foriomlán ar thoitíní agus 60 % ar a laghad de mheánphraghas ualaithe miondíola na dtoitíní a scaoiltear lean dtomhailt. Ní bheidh an dleacht mháil níos lú ná €90 in aghaidh 1 000 toitín beag beann ar an meánphraghas ualaithe miondíola. Ní cheanglaítear ar thíortha AE a ghearrann dleacht mháil de €115 ar a laghad in aghaidh 1 000 toitín cloí leis an gcoinníoll 60 %. Ceadaíodh idirthréimhse do thíortha áirithe (an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an Chróit) go dtí an 31 Nollaig 2017 chun na coinníollacha sin a oiriúnú.
    • I gcás go méadaíonn tír AE an ráta CBL ar thoitíní, féadfaidh sí an dleacht mháil foriomlán a laghdú suas go dtí méid atá comhionann leis an méadú ar an ráta CBL, léirithe mar chéatadán de mheánphraghas ualaithe miondíola an ráta CBL. Caithfidh an tír lena mbaineann, áfach, an dleacht mháil a mhéadú arís chun an bunleibhéal ar a laghad a shroicheadh faoin 1 Eanáir den dara bliain ina ndearnadh an méadú.

    Rialacha a bhaineann le tobac monaraithe seachas toitíní

    • Cuirfidh tíortha AE dleacht mháil i bhfeidhm ar thobac monaraithe seachas toitíní, a bhféadfadh an méid seo a leanas bheith i gceist leis:
      • Dleacht ad valorem a ríomhtar ar bhonn uasphraghas miondíola gach táirge;
      • dleacht sainiúil léirithe mar mhéid in aghaidh an chileagraim nó in aghaidh 1 000 píosa;
      • meascán de ghné ad valorem agus gné shainiúil.
    • Ní mór don dleacht mháil foriomlán a bheith comhionann ar a laghad leis na rátaí nó na méideanna íosta a bunaíodh le haghaidh:
      • todóga nó todóigíní: 5 % den phraghas miondíola nó €12 in aghaidh 1 000 earra nó in aghaidh an chileagraim;
      • tobac mínghearrtha atá beartaithe le haghaidh rolladh toitíní: 46 % den mheánphraghas ualaithe miondíola nó €54 in aghaidh an chileagraim; méadófar na híosrátaí sin de réir a chéile, faoi 2020, go 50 % nó €60;
      • tobac eile: 20 % den phraghas miondíola nó €22 in aghaidh an chileagraim.

    Uasphraghas miondíola

    Tá an ceart ag monaróirí, a n–ionadaithe nó gníomhairí údaraithe i dtíortha AE, agus allmhaireoirí tobac ó thíortha neamh-AE an t–uasphraghas miondíola a chinneadh do gach ceann dá dtáirgí do gach tír AE ina scaoilfear na táirgí lena mbaineann lena dtomhailt. Ní dhéanann sé sin difear do chur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta maidir le rialú praghsanna nó comhlíonadh praghsanna a gearradh, ar an gcoinníoll go dtagann siad le reachtaíocht AE.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá sí i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2011. Déanann Treoir 2011/64/AE códúchán 92/79/CEE, Treoir 92/80/CEE agus Treoir 95/59/CE (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuirtear Treoir 2011/64/AE ina n–ionad.

    CÚLRA

    Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

    PRÍOMHTHÉAMAÍ

    Ad valorem: dleacht a bhaineann le luach an táirge lena mbaineann.
    Meánphraghas ualaithe miondíola: ríomhtar é de réir luach iomlán na dtoitíní ar fad a scaoiltear lena dtomhailt, bunaithe ar an bpraghas miondíola lena n–áirítear na cánacha uile, roinnte faoi mhéid iomlán na dtoitíní a scaoileadh lena dtomhailt.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir 2011/64/AE an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (códúchán) (IO L 176, 5.7.2011, lgh. 24-36)

    Nuashonraithe 14.11.2017

    Barr