Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1143

    Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    PE/72/2023/REV/1

    IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1143

    23.4.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1143 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 11 Aibreán 2024

    maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus an chéad mhír d’Airteagal 118 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thar na blianta, tá scéimeanna cáilíochta bunaithe ag an Aontas le haghaidh táirgí a bhfuil saintréithe sonracha inaitheanta acu lena gcumhdaítear tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia.

    (2)

    Cuimsítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip, arna thabhairt isteach ag an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019, dearadh le haghaidh córas bia cóir, inbhuanaithe, níos sláintiúla, níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus atá inrochtana do chách (‘ón bhfeirm go dtí an forc’) i measc na mbeartas chun geilleagar an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe.

    (3)

    Féadfaidh ról tábhachtach a bheith ag tásca geografacha ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, lena n-áirítear sa gheilleagar ciorclach, agus feabhas a chur ar a luach oidhreachta dá réir agus ar an gcaoi sin a ról a neartú faoi chuimsiú na mbeartas náisiúnta agus réigiúnach d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh.

    (4)

    Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy – for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], iarradh go mbeadh aistriú ann chuig córais bhia inbhuanaithe, iarradh léi freisin go láidreofaí an creat reachtach maidir le tásca geografacha agus go gcuirfí critéir shonracha inbhuanaitheachta san áireamh. Sa teachtaireacht sin, gheall an Coimisiún seasamh táirgeoirí táirgí lena ngabhann tásca geografacha, a gcomharchumann agus eagraíochtaí táirgeoirí i slabhra an tsoláthair bia agus gníomhaithe eile nach iad a láidriú. Ba cheart aird a dhíriú ar tháirgeoirí beaga, go háirithe orthu sin is mó a chaomhnaíonn scileanna traidisiúnta agus oilteacht.

    (5)

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience’ [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálach an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais], ghabh an Coimisiún air féin féachaint ar bhealaí chun tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta, fíona agus deochanna biotáilleacha a láidriú, a nuachóiriú, a chuíchóiriú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

    (6)

    Tá an cháilíocht agus an éagsúlacht a bhaineann le fíon, le deochanna biotáilleacha agus le táirgeadh talmhaíochta agus bia an Aontais ar cheann de na buanna is tábhachtaí atá aige, mar is leo a thugtar buntáiste iomaíoch do tháirgeoirí an Aontais agus a chuirtear go mór le hoidhreacht chultúrtha agus ghastranómach an Aontais atá fós ar marthain. Is de bharr scileanna agus dhiongbháilteacht tháirgeoirí an Aontais atá an buntáiste sin acu óir choimeád siad na traidisiúin agus éagsúlacht na bhféiniúlachtaí cultúrtha beo mar chuid d’oidhreacht an Aontais le linn dóibh an fhorbairt ar mhodhanna nua táirgthe agus ar ábhair nua a chur san áireamh, rud a fhágann gur siombail den cháilíocht iad táirgí traidisiúnta an Aontais.

    (7)

    Is minice ná riamh anois a éilíonn saoránaigh agus tomhaltóirí san Aontas táirgí atá ar ardchaighdeán, traidisiúnta agus inrochtana a bhfuil cáilíochtaí agus saintréithe sonracha acu atá inchurtha i leith a dtionscnaimh agus a modh táirgthe araon. Is cúram dóibh freisin éagsúlacht agus slándáil soláthair tháirgeadh talmhaíochta agus bia an Aontais a choinneáil ar bun. Cruthaíonn an méid sin éileamh ar fhíon, ar dheochanna biotáilleacha agus ar tháirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia, lena ngabhann saintréithe sonracha inaitheanta, go háirithe saintréithe a bhaineann lena dtionscnamh geografach. Tá feasacht níos mó ag saoránaigh agus ag tomhaltóirí i gcónaí faoi na dálaí táirgthe a mhúnlaigh clú agus céannacht na dtáirgí sin.

    (8)

    Tá táirgí cáilíochta ar cheann de na sócmhainní is mó atá ag an Aontas, dá gheilleagar agus dá fhéiniúlacht chultúrtha araon. Is iad na táirgí sin an léiriú is láidre ar an mbranda ‘déanta san Aontas’, branda atá inaitheanta ar fud an domhain ar fad, a ghineann fás agus a chaomhnaíonn oidhreacht an Aontais. Is sócmhainní Aontais iad fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia nach mór a neartú agus a chosaint a thuilleadh.

    (9)

    Bíonn saoránaigh agus tomhaltóirí ag súil go mbeadh córas láidre fíorúcháin agus rialaithe mar thaca le haon scéim tásc geografach agus scéim cáilíochta, gan beann ar cibé acu an de thionscnamh an Aontais nó tríú tír iad na táirgí.

    (10)

    Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar síos rialacha chun daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus i ndáil le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha. Róil an Choimisiúin agus na mBallstát i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith, ní mór na róil sin a shainmhíniú go soiléir chun ardleibhéal cosanta a áirithiú.

    (11)

    Mar phrionsabal ginearálta agus d’fhonn nochtadh sonraí pearsanta a íoslaghdú, níor cheart sonraí pearsanta a bheith sna doiciméid atá le cur isteach le linn na nósanna imeachta ábhartha. I gcás nach féidir cloí leis sin, ba cheart faisnéis a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith inti, amhail sonraí teagmhála daoine nádúrtha, a chur isteach i ndoiciméid shonracha ar leithligh.

    (12)

    Chun críoch an Rialacháin seo, d’fhéadfadh céadainmneacha agus sloinnte daoine nádúrtha agus sonraí teagmhála gaolmhara a bheith sna doiciméid arna bpróiseáil ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta a leagtar amach leis an Rialachán seo. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith le feiceáil, cé gurb annamh a bheadh sin amhlaidh, sna nósanna imeachta maidir le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, a leasú nó a chealú. D’fhéadfadh sin tarlú ar leibhéal an Bhallstáit agus ar leibhéal an Choimisiúin araon, i gcás ina bhfuil ainm duine nádúrtha in ainm an ghrúpa táirgeoirí lena mbaineann, nó ainm an fhreasúra. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith mar chuid d’ainmneacha grúpaí táirgeoirí aitheanta freisin. Déantar sonraí den sórt sin a phróiseáil maidir le hainmniú na ngrúpaí sin agus maidir lena n-ainmneacha a áireamh i gclár an Aontais um thásca geografacha. Is féidir sonraí pearsanta a bheith mar chuid freisin d’ainmneacha na gcomhlachtaí tarmligthe agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí agus na ndaoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu. Déantar sonraí den sórt sin a phróiseáil i gcomhthéacs na nósanna imeachta rialaithe le haghaidh tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Choimisiúin araon. Ar an taobh eile, is mó seans go mbeidh sonraí pearsanta mar chuid d’ainmneacha na n-oibreoirí ar deonaíodh idirthréimhse dóibh i bpróiseas clárúcháin nó leasaithe táisc gheografaigh nó sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Choimisiúin araon. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith le feiceáil freisin mar chuid d’ainmneacha na dtáirgeoirí a áirítear ar liosta na n-oibreoirí agus san uirlis lena soláthraítear fianú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, arna bpróiseáil ag na Ballstáit i nósanna imeachta rialaithe le haghaidh tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta, go háirithe ainmneacha daoine nádúrtha agus a sonraí teagmhála gaolmhara.

    (13)

    Aon uair a mheasann an Coimisiún agus na Ballstáit gur gá sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo, tá bonn cirt leis an bpróiseáil sin mar gheall ar leas an phobail. Is gá nósanna imeachta a dhéanamh go cuí chun tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, a leasú nó a chealú faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 (6) agus (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar mhaithe le feidhmiú ceart an chórais maidir le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint. Is de chineál poiblí iad na nósanna imeachta sin. Tá gá le faisnéis faoi na heintitis lena mbaineann chun a bhfreagrachtaí sna nósanna imeachta a shainaithint agus chun iomaíocht chóir agus cothrom iomaíochta idir na hoibreoirí a áirithiú. Thairis sin, i gcásanna áirithe, ní mór dóibh ainmneacha táirgeoirí agus grúpaí táirgeoirí a phróiseáil chun a leasanna a shaothrú nó leas a bhaint as a gcearta. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil i ndáil le hidirthréimhse a dheonú, ag na Ballstáit nó ag an gCoimisiún, le linn nós imeachta maidir le tásc geografach nó sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú nó a leasú, maidir le hainmniú grúpaí táirgeoirí aitheanta agus maidir lena n-ainmneacha a áireamh i gclár an Aontais um thásca geografacha, maidir le tiomsú liosta na dtáirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach arna choimeád ag na Ballstáit agus maidir le socrú agus feidhmiú an chórais lena soláthraítear fianú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. Sna cásanna sin go léir, déantar sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail agus, i gcásanna áirithe, ar mhaithe le leas an ábhair sonraí freisin.

    (14)

    Go ginearálta, i gcomhréir leis an Rialachán seo, déantar faisnéis a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith inti a phróiseáil de ghnáth i bhfoirm doiciméad digiteach nó páipéir a fhéadfar a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún nó idir na Ballstáit agus na táirgeoirí nó na daoine lena mbaineann, nó a chuirtear sa chartlann. Ní nochtar an fhaisnéis sin do thríú páirtithe ná ní fhoilsítear í. I gcás nósanna imeachta freasúra, áfach, chun an t-iarratasóir agus an freasúra a chur i dteagmháil le chéile d’fhonn tús a chur le comhairliúcháin agus teacht ar chomhaontú, seolann an Coimisiún sonraí teagmhála a chéile chucu. I gcás ina ndéantar an t-iarratasóir nó an freasúróir a shainaithint trí ainm ina bhfuil ainm duine nádúrtha, is sonraí pearsanta iad an t-ainm agus na sonraí teagmhála nach mór a chur in iúl do thríú páirtí. Ina theannta sin, chun cuspóirí an nós imeachta freasúra a bhaint amach i gceart, ba cheart an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis uile arna seoladh ag an bhfreasúróir chun údar a thabhairt lena fhreasúra i gcoinne an chlárúcháin, an leasaithe nó an chealaithe. Ina theannta sin, déantar ainmneacha na n-iarratasóirí ar leasú, na ndaoine a iarrann cealú, na ngrúpaí táirgeoirí, na dtáirgeoirí aonair agus thairbhithe na hidirthréimhse a fhoilsiú nó a phoibliú. Má tharlaíonn go bhfuil sonraí pearsanta mar chuid de na hainmneacha sin, ba cheart na sonraí pearsanta sin a fhoilsiú freisin. I gcás nósanna imeachta maidir le leasú Aontais a fhormheas, tá ainm an iarratasóra le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ionas go mbeidh an freasúróir féideartha in ann agóid a dhéanamh i gcoinne a leasa iarratas a dhéanamh ar leasú Aontais. I gcás nósanna imeachta um chealú, i gcás ina n-iarrann duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír an cealú, tá ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a iarrann an cealú le foilsiú chun na daoine a shainaithint a bhfuil an nós imeachta maidir le cealú gníomhachtaithe acu agus chun gur féidir le freasúróir féideartha agóid a dhéanamh i gcoinne a leasa dhlisteanaigh maidir le cealú a iarraidh. I gcás nósanna imeachta le haghaidh leasú caighdeánach, i gcás ina gcuireann duine nádúrtha nó dlítheanach nó atá bunaithe a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír an leasú caighdeánach in iúl, ní mór ainm an duine sin a fhoilsiú nó a phoibliú. Agus an fhaisnéis á cur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha, ba cheart ainm an ghrúpa táirgeoirí aitheanta a phoibliú sa chlár sin ar chúiseanna trédhearcachta agus chun go mbeidh an grúpa sin in ann a stádas mar an grúpa táirgeoirí aitheanta don tásc geografach lena mbaineann a léiriú. I gcás ina bhfoilseoidh na Ballstáit ainmneacha na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí oifigiúla i ndáil le rialú chucu i ndáil le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ar de thionscnamh a gcríche iad, agus i gcás ina bhfoilseoidh an Coimisiún ainmneacha na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí i ndáil le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht de thionscnamh tríú tíortha, déanfar na hainmneacha sin a phoibliú ionas go mbeidh trédhearcacht iomlán ó thaobh na nósanna imeachta rialaithe de. I gcás Rialacháin ón gCoimisiún nó gnímh náisiúnta lena ndeonaítear idirthréimhse do tháirgeoir chun úsáid táisc gheografaigh nó sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a cheadú, ba cheart tagairt a dhéanamh d’ainm an táirgeora sin sa Rialachán sin ón gCoimisiún nó sa ghníomh náisiúnta sin agus ba cheart é a phoibliú chun a chur ar chumas an táirgeora sin na cearta a deonaíodh dó a fheidhmiú agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Faoi chuimsiú an chreata sin, agus chun go gcuirfear na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun feidhme go cuí agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún na sonraí pearsanta sin a nochtadh do thríú páirtithe nó iad a fhoilsiú.

    (15)

    Ba cheart doiciméadacht a bhaineann le tásc geografach agus sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, i bhfoirm dhigiteach nó pháipéir, a choinneáil go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an clárú a chur ar ceal, chun a áirithiú go gcoinneofar faisnéis stairiúil agus chun gur féidir comparáid a dhéanamh le hiarratais a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin a bhaineann leis na hainmneacha céanna nó le hainmneacha comhchosúla. Má tá sonraí pearsanta mar chuid den doiciméadacht sin, ba cheart na sonraí pearsanta sin a choinneáil freisin.

    (16)

    Chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, is é an Coimisiún an t-údarás lenar féidir leis an ábhar sonraí na cearta gaolmhara a fheidhmiú, trí bharúlacha a chur ar aghaidh, ceisteanna a chur nó ábhair imní chur in iúl nó gearán a chur isteach maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, go meastar an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil sé inniúil ina leith faoin Rialachán seo, faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus na Rialachán sin. Agus clár an Aontais um thásca geografacha á choinneáil ar bun agus á choinneáil cothrom le dáta, ba cheart d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘EUIPO’) gníomhú mar phróiseálaí. Níor cheart aon rogha a bheith ag EUIPO difear a dhéanamh do chuspóir ná de ghnéithe riachtanacha na próiseála sonraí pearsanta.

    (17)

    Chun Rialachán (AE) 2016/679 a chur i bhfeidhm, is iad údaráis inniúla na mBallstát na húdaráis lenar féidir leis an ábhar sonraí na cearta gaolmhara a fheidhmiú, trí bharúlacha a chur ar aghaidh, ceisteanna a chur nó ábhair imní a chur in iúl nó gearán a chur isteach maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, go meastar na Ballstáit a bheith ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith faoin Rialachán seo, faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2019/787 agus faoi na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus na Rialachán sin.

    (18)

    Maidir le haitheantas agus cosaint aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh na gceart maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha atá faoi chosaint san Aontas, is tosaíocht é nach féidir a bhaint amach go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais. Ní mór foráil a dhéanamh, dá bhrí sin i ndlí an Aontais do chóras aonadach uileghabhálach tásc geografach. Is ceart comhchoiteann iad tásca geografacha a shealbhaíonn na táirgeoirí incháilithe uile i limistéar ainmnithe atá toilteanach cloí le sonraíocht táirge.

    (19)

    Bíonn níos mó cumhachtaí ag táirgeoirí a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomparáid le táirgeoirí aonair agus glacann siad freagrachtaí comhchoiteanna orthu féin chun a dtásca geografacha a bhainistiú, lena n-áirítear freagairt d’éilimh ón tsochaí ar tháirgí a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe. Ar an gcaoi chéanna, is fearr is féidir le comheagrú táirgeoirí táirge arna ainmniú le tásc geografach dáileadh cothrom an bhreisluacha a áirithiú i measc na ngníomhaithe sa slabhra soláthair, chun ioncam cothrom a chur ar fáil do tháirgeoirí, a chumhdaíonn a gcostais agus a ligeann dóibh tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcáilíocht agus inbhuanaitheacht a dtáirgí. Trí thásca geografacha a úsáid, cúitítear go cóir le táirgeoirí a n-iarrachtaí réimse éagsúil táirgí ardchaighdeáin a tháirgeadh. San am céanna, d’fhéadfadh sin dul chun tairbhe don gheilleagar tuaithe, rud a bhíonn amhlaidh go háirithe i gceantair atá faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta sonracha eile, amhail ceantair shléibhe agus réigiúin iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, áiteanna inar cuid thábhachtach den gheilleagar í earnáil na feirmeoireachta agus ina mbíonn costais arda táirgthe. Sa tslí sin, leis na scéimeanna cáilíochta táthar in ann rannchuidiú leis an mbeartas forbartha tuaithe agus leis an mbeartas margaidh agus leis an mbeartas tacaíochta ioncaim atá sa chomhbheartas talmhaíochta (‘CBT’) agus na beartais sin a chomhlánú. D’fhéadfadh na scéimeanna rannchuidiú go sonrach le forbairtí in earnáil na feirmeoireachta, agus go háirithe le ceantair faoi mhíbhuntáiste. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘A long-term vision for the EU’s Rural Area – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’ [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais – I dtreo limistéir thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040], aithnítear ról lárnach na dtásc geografach i measc na dtionscnamh suaitheanta lena gcuirtear ceantair thuaithe chun cinn, i bhfianaise an mhéid a rannchuidíonn siad le rathúnas, le héagsúlú eacnamaíoch agus le forbairt ceantar tuaithe agus leis an gceangal láidir idir táirge agus a thionscnamh críochach. Le creat Aontais lena gcosnaítear tásca geografacha trí fhoráil a dhéanamh maidir lena gcuimsiú ar chlár ar leibhéal an Aontais, éascaítear forbairt na hearnála talmhaíochta, ós rud é go n-áirithítear leis an gcur chuige níos aonfhoirmí a bheidh ann dá thoradh sin go mbeidh iomaíocht chóir ann idir táirgeoirí táirgí a ngabhann tásca den sórt sin leo agus go dtiocfaidh méadú ar chreidiúnacht na dtáirgí ó thaobh na dtomhaltóirí de. Is é is aidhm don chóras tásc geografach é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna ceannaigh níos eolaí a dhéanamh agus trí bhíthin lipéadú nó fógraíochta, cabhrú leo a dtáirgí a shainaithint mar is ceart ar an margadh.

    (20)

    Le córas aonadach uileghabhálach de thásca geografacha, ba cheart go gcuirfí go mór le feasacht, aitheantas agus tuiscint tomhaltóirí a mhéadú, san Aontas agus i dtríú tíortha araon, a mhéid a bhaineann leis na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena léirítear rannpháirtíocht i scéimeanna cáilíochta de chuid an Aontais agus a mbreisluach. Leis an gcóras sin, d’fhéadfaí cur chun cinn táirgí, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) arna n-ainmniú le tásca geografacha a neartú agus a éascú.

    (21)

    Le tásca geografacha, ar cineál cirt maoine intleachtúla iad, cabhraítear le hoibreoirí agus le cuideachtaí a sócmhainní doláimhsithe a luacháil. Ionas nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta agus ar mhaithe leis an margadh inmheánach a chothú, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe a úsáid agus táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha a mhargú ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chur chun feidhme, is gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe dlí, rialacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú agus na nósanna imeachta a chuíchóiriú.

    (22)

    Chun tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia a rialáil, is iomchuí na táirgí talmhaíochta agus na hearraí bia lena mbaineann a shainiú ar bhealach a gcuirfear san áireamh an creat rialála idirnáisiúnta, eadhon Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) ar Thalmhaíocht, agus raon feidhme na dtáirgí talmhaíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á urramú ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh don Ainmníocht Chomhcheangailte a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, ba cheart na táirgí a thagann faoi raon feidhme Chaibidlí 1 go 23 den Ainmníocht Chomhcheangailte, lena n-áirítear na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a áireamh sna táirgí talmhaíochta agus sna hearraí bia.

    (23)

    Ba cheart beartas cáilíochta an Aontais a bheith ina rannchuidiú chun an t-aistriú chuig córas bia inbhuanaithe a bhaint amach agus ba cheart leis freagairt d’éilimh shochaíocha ar mhodhanna táirgthe atá inbhuanaithe, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, lena n-áirithítear leas ainmhithe, atá tíosach ar acmhainní, freagrach go sóisialta agus go heiticiúil. Ba cheart táirgeoirí táirgí arna n-ainmniú ag tásca geografach a spreagadh chun cloí le cleachtais inbhuanaithe, lena gcuimsítear cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, a théann níos faide ná na caighdeáin éigeantacha. Ba cheart na cleachtais sin a leagan amach sa tsonraíocht táirge nó i dtionscnamh ar leithligh. Ba cheart baint a bheith ag na cleachtais inbhuanaitheachta a áirítear sa tsonraíocht táirge le ceann amháin ar a laghad de na trí phríomhchineál inbhuanaitheachta: is iad sin inbhuanaitheacht chomhshaoil, inbhuanaitheacht shóisialta agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch.

    (24)

    Ba cheart na cleachtais inbhuanaitheachta a bheith ina rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha. Ba cheart a áireamh ar na cuspóirí comhshaoil maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, caomhnú agus úsáid inbhuanaithe ithreach, tírdhreach, uisce agus acmhainní nádúrtha, caomhnú na bithéagsúlachta, caomhnú síolta neamhchoitianta, pórtha agus cineálacha plandaí áitiúla, cur chun cinn slabhraí soláthair gairide agus bainistiú agus cur chun cinn leasa ainmhithe. Ba cheart a áireamh ar na cuspóirí sóisialta feabhas a chur ar dhálaí oibre agus fostaíochta, chomh maith le cómhargáil, cosaint shóisialta agus caighdeáin sábháilteachta, idir tháirgeoirí óga agus tháirgeoirí nua de tháirgí arna n-ainmniú le tásc geografach a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun athnuachan ó ghlúin go glúin a éascú agus chun dlúthpháirtíocht agus tarchur eolais ó ghlúin go glúin a éascú. Ba cheart a áireamh ar na cuspóirí eacnamaíocha, ioncam cobhsaí agus cóir agus seasamh láidir a dhaingniú feadh an tslabhra luacha do tháirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach, feabhas a chur ar luach eacnamaíoch na dtáirgí a ainmnítear le tásc geografach agus athdháileadh an bhreisluacha feadh an tslabhra luacha, ag cur le héagsúlú an gheilleagair tuaithe agus leis an bhforbairt áitiúil, lena n-áirítear fostaíocht talmhaíochta, agus limistéir thuaithe a chaomhnú.

    (25)

    Chun infheictheacht a thabhairt d’iarrachtaí tháirgeoirí na dtáirgí a ainmnítear le tásca geografacha i ndáil le hinbhuanaitheacht, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó grúpaí táirgeoirí aitheanta tuarascálacha inbhuanaitheachta a ullmhú ina gcuireann siad in iúl na cleachtais inbhuanaithe a chuirtear i bhfeidhm i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún na tuarascálacha sin a phoibliú.

    (26)

    Le tamall anuas, tá an tAontas ag féachaint le creat rialála CBT a shimpliú. Tá na nósanna imeachta maidir le leasú a dhéanamh ar shonraíochtaí táirgí le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach simplithe cheana féin agus tá siad níos éifeachtúla maidir le táirgí fíona agus agraibhia mar chuid den athbhreithniú ar CBT, go háirithe tríd an gcóras ‘leasuithe caighdeánacha’, a bhí infheidhme roimhe sin in earnáil an fhíona agus na ndeochanna biotáilleacha, a leathnú chuig earnáil na dtáirgí talmhaíochta. Laghdaítear leis sin na céimeanna chun leasuithe a fhormheas nach mbaineann le gnéithe riachtanacha den tsonraíocht táirge ná nach mbíonn tionchar acu ar leasanna tríú páirtithe atá bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit seachas Ballstát tionscnaimh an táisc gheografaigh lena mbaineann. Chun na nósanna imeachta fadálacha um chlárúchán, leasú ar leibhéal an Aontais agus clárú a chur ar ceal a shimpliú a thuilleadh, ba cheart rialacha comhchuibhithe nós imeachta maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a leagan síos in aon ionstraim dlí amháin, agus na forálacha sonracha táirge le haghaidh fíona i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le haghaidh deochanna biotáilleacha i Rialachán (AE) 2019/787 agus le haghaidh táirgí talmhaíochta sa Rialachán seo á gcoinneáil ar bun. Na nósanna imeachta um chlárú, um leasuithe Aontais ar an tsonraíocht táirge agus um an gclárú a chur ar ceal i leith tásca geografacha arna dtionscnamh san Aontas, lena n-áirítear nósanna imeachta freasúra, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iad a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith freagrach as céimeanna ar leithligh de gach nós imeachta. Maidir le leasuithe caighdeánacha a fhormheas, áfach, ba cheart gurb iad na Ballstáit amháin a bheadh freagrach as an nós imeachta a bhainistiú agus as an gcinneadh críochnaitheach a ghlacadh. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim den nós imeachta, arb é atá inti an t-iarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, measúnú a dhéanamh air, lena n-áirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas sa dara céim den nós imeachta, lena n--áirítear nós imeachta freasúra domhanda a reáchtáil, agus as cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint a dheonú don tásc geografach nó gan í a dheonú. Ba cheart spriocdhátaí a leagan síos maidir le freasúra a chur isteach d’fhonn feidhmiú iomlán chirt freasúra a áirithiú gan moill a chur ar an bpróiseas clárúcháin. Ba cheart don fhreasúróir a bheith in ann sonraí breise a chur leis na forais a leagtar amach sa fhreasúra le linn na gcomhairliúchán leis an iarratasóir. Níor cheart tásca geografacha a chlárú ach ar leibhéal an Aontais. Le héifeacht ó dháta an iarratais chuig an gCoimisiún chun clárú ar leibhéal an Aontais, áfach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cosaint idirthréimhseach a dheonú ar an leibhéal náisiúnta gan difear a dhéanamh don mhargadh inmheánach ná don trádáil idirnáisiúnta. Ba cheart an chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tráth an chlárúcháin a bheith ar fáil gan idirdhealú do thásca geografacha tríú tíortha, ar tásca iad a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta comhfhreagracha um thásca geografacha táirgí de thionscnamh tríú tíortha a chur i gcrích.

    (27)

    Chun go mbeidh Ballstáit, tríú tíortha agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír in ann aon earráid nó aon fhaisnéis bhreise maidir le hiarratas ar chlárú a thabhairt ar aird an Choimisiúin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht fógra faoi bharúlacha a chur isteach.

    (28)

    Chun cinnteoireacht chomhleanúnach éifeachtúil a áirithiú a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint agus le hagóidí breithiúnacha, arna gcur isteach sa nós imeachta náisiúnta, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas ar mhodh rialta tráthúil, i gcás ina dtionscnaítear nósanna imeachta os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí eile, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratas ar chlárú arna chur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún agus ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí deiridh na nósanna imeachta sin. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina measann Ballstát gur dócha go neamhbhaileofar cinneadh náisiúnta ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint bunaithe mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha náisiúnta, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoin measúnú sin. Má iarrann an Ballstát go gcuirfí scrúdú iarratais ar leibhéal an Aontais ar fionraí, ba cheart an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid a bhunaítear sa Rialachán seo maidir leis an sprioc-am le haghaidh an scrúdaithe a chomhlíonadh. Chun an t-iarratasóir a chosaint ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla cráiteacha agus chun ceart an iarrthóra a chaomhnú chun cosaint ainm a fháil laistigh de thréimhse réasúnta, ba cheart an díolúine a theorannú do chásanna inar neamhbhailíodh an t-iarratas ar chosaint ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin cinneadh breithiúnach atá infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach, nó do chásanna ina measann an Ballstát go bhfuil an ghníomhaíocht chun bailíocht an iarratais a cheistiú bunaithe ar fhorais bhailí.

    (29)

    Maidir le hoibreoirí a ndéantar difear dá leasanna trí ainm a chlárú, chun go mbeidh siad in ann leanúint den ainm sin a úsáid ar feadh tréimhse theoranta, cé go sáraítear leis an ainm sin an córas cosanta a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart maoluithe sonracha maidir le húsáid na n-ainmneacha a dheonú i bhfoirm idirthréimhsí. Ba cheart na tréimhsí sin a cheadú freisin chun deacrachtaí sealadacha a shárú agus é ina aidhm fhadtéarmach leo a áirithiú go gcomhlíonann na táirgeoirí uile an tsonraíocht táirge.

    (30)

    Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá clár leictreonach amháin um thásca geografacha a bhunú san Aontas, ar tásca geografacha iad atá cláraithe mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint. Leis an gclár a thugtar cothrom le dáta go rialta, ba cheart faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le trádáil maidir le gach cineál tásc geografach a chuirtear isteach sa chlár sin. Ba cheart an clár a bheith ina bhunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal. Ba cheart do EUIPO, agus leas á bhaint aige as an taithí atá aige maidir le cláir eile um chearta maoine intleachtúla a bhainistiú, clár an Aontais a choimeád agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le tásca geografacha a chlárú, a leasú agus a chealú.

    (31)

    Déanann an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear na comhaontuithe lena gcuirtear feabhas ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh agus tásc geografach, trí chaibidlíocht lena chomhpháirtithe trádála. Maidir le soláthar na faisnéise faoi na hainmneacha don phobal, ar ainmneacha iad a chosnaítear leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin, agus chun cosaint agus rialú úsáid na n-ainmneacha sin a áirithiú, chun an soláthar sin a éascú féadfar na hainmneacha sin a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha. Mura n-aithnítear iad go sonrach mar ainmniúcháin tionscnaimh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin, ba cheart na hainmneacha a chur isteach sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint.

    (32)

    Ar mhaithe le feidhmiú barrmhaith an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach gur féidir le táirgeoirí agus le hoibreoirí eile lena mbaineann, le húdaráis agus le tomhaltóirí rochtain a fháil go tapa agus go héasca ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint atá cláraithe. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis faoi chéannacht an ghrúpa táirgeoirí a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta.

    (33)

    Ba cheart cosaint a dheonú d’ainmneacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha agus é a bheith d’aidhm aige a áirithiú go mbainfear úsáid astu ar bhealach cóir agus chun cosc a chur ar chleachtais lena bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú. Chun cosaint tásc geografach a neartú agus chun sáruithe a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag cosaint ainmniúchán tionscnaimh agus tásc geografach maidir le gach ainm fearainn atá inrochtana san Aontas, gan beann ar áit bhunaíochta na gclárlann ábhartha.

    (34)

    Chun a chinneadh cibé atá nó nach bhfuil na táirgí inchomparáide leis na táirgí atá ainmnithe le tásc geografach, ba cheart na tosca ábhartha uile a chur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú sna tosca sin cibé atá nó nach bhfuil saintréithe oibiachtúla comhchoiteanna ag na táirgí, amhail modh táirgthe, cuma fhisiceach nó úsáid an amhábhair chéanna; na himthosca faoina n-úsáidtear na táirgí ó thaobh an phobail ábhartha de; cibé a dháiltear nó nach ndáiltear trí na bealaí céanna iad; agus cibé atá nó nach bhfuil siad faoi réir rialacha comhchosúla margaíochta.

    (35)

    Ag tógáil ar chásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfadh sé tarlú go dtabharfaí tásc geografach chun cuimhne, go háirithe, i gcás ina bhfuil nasc leis an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach cláraithe, lena n-áirítear le tagairt do théarma, do chomhartha, nó d’fheiste lipéadaithe nó pacáistithe eile, i gcuimhne an ghnáth-thomhaltóra Eorpaigh atá réasúnta eolach, géarchúiseach agus cúramach.

    (36)

    I bhfianaise cleachtais tráchtála agus chásdlí an Aontais, tá gá le soiléireacht maidir le húsáid táisc gheografaigh in ainm díolacháin táirge phróiseáilte a bhfuil an táirge a ainmnítear leis an tásc geografach ina chomhábhar ann. Ba cheart a áirithiú go bhfuil an úsáid sin i gcomhréir le cleachtais chóra tráchtála agus nach laghdaítear ná nach maolaítear cáil an táirge lena ngabhann an tásc geografach agus nach mbíonn an táirge thíos leis an úsáid sin. Chuige sin, ba cheart coinníollacha le haghaidh na gcáilíochtaí a bhaineann leis an tásc geografach mar chomhábhar a chur leis an mbia próiseáilte. Thairis sin, ba cheart do tháirgeoirí bia réamhphacáilte fógra a thabhairt don ghrúpa táirgeoirí aitheanta, i gcás inarb ann do ghrúpa den sórt sin, sula dtosóidh siad ar an tásc geografach a úsáid in ainm an bhia réamhphacáilte. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis na cuspóirí cosaint na dtásc geografach a neartú agus ról na ngrúpaí táirgeoirí aitheanta a fheabhsú. D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann rialacha nós imeachta náisiúnta breise a choimeád nó a thabhairt isteach is infheidhme maidir le cásanna inmheánacha ina bhfuil táirgeoir bia réamhphacáilte agus an grúpa táirgeoirí aitheanta bunaithe ar chríoch an Bhallstáit sin, i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gcásdlí, agus gan cur isteach ar shaorghluaiseacht earraí ná ar shaoirse bhunaíochta. Ina theannta sin, agus prionsabal na saoirse conarthaí á urramú, féadfaidh an grúpa táirgeoirí aitheanta agus táirgeoir an bhia réamhphacáilte comhaontú a thabhairt i gcrích eatarthu féin maidir le gnéithe teicniúla agus amhairc sonracha de chur i láthair thásc geografach an chomhábhair in ainm an bhia réamhphacáilte.

    (37)

    Ba cheart na rialacha a bhaineann le húsáid leanúnach téarmaí cineálacha a shoiléiriú ionas go ndéanfadh téarmaí cineálacha atá cosúil le hainm nó le téarma atá faoi chosaint nó atá ina chuid den ainm nó den téarma sin a stádas cineálach a choinneáil.

    (38)

    Ba cheart raon feidhme na cosanta a dheonaítear faoin Rialachán seo a shoiléiriú, go háirithe maidir leis na teorainneacha sin i dtaca le clárú trádmharcanna nua a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ar theorainneacha iad nach luíonn le clárúchán tásc geografach. Tá gá leis an soiléiriú sin maidir le sealbhóirí réamhcheart maoine intleachtúla, go háirithe réamhchearta a bhaineann le trádmharcanna agus le hainmneacha comhainmneacha arna gclárú mar thásca geografacha.

    (39)

    Ba cheart an gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha a shoiléiriú maidir leis na critéir chun iarratais ar thrádmharc a dhiúltú, trádmharcanna a neamhbhailíochtú agus cómhaireachtáil idir trádmharcanna agus tásca geografacha.

    (40)

    Is féidir tásca geografacha a chlárú mar thrádmharcanna freisin i gcásanna nach sáraíonn an Rialachán seo. Chuige sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear do rialacha náisiúnta a mhéid a bhaineann le luacháil chuntasaíochta na dtrádmharcanna sin agus lena n-áireamh i gclár comhardaithe bliantúil na dtáirgeoirí agus na ngrúpaí táirgeoirí.

    (41)

    Bíonn ról fíor-riachtanach ag grúpaí táirgeoirí sa phróiseas iarratais um thásca geografacha a chlárú agus i mbainistiú a dtásc geografach. Féadfaidh páirtithe leasmhara, amhail údaráis réigiúnacha agus áitiúla cúnamh a thabhairt do ghrúpaí táirgeoirí a n-iarratas a ullmhú. Ba cheart a chur ar chumas grúpaí táirgeoirí saintréithe sonracha a dtáirgí a shainaithint agus a mhargú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, ba cheart ról an ghrúpa táirgeoirí a shoiléiriú.

    (42)

    Toisc gur fiontair bheaga agus mheánmhéide iad fiontair fhormhór na dtáirgeoirí táirgí lena ngabhann tásca geografacha, bíonn siad in iomaíocht le hoibreoirí eile feadh shlabhra an tsoláthair bia, rud a d’fhéadfadh iomaíocht éagórach a chothú idir táirgeoirí áitiúla agus táirgeoirí a oibríonn ar scála níos mó. Sa chomhthéacs sin, agus ar mhaithe leis na táirgeoirí uile lena mbaineann, is gá a chur ar a chumas do ghrúpa táirgeoirí aonair gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh thar ceann na dtáirgeoirí uile. Chun na críche sin, ba cheart catagóir an ghrúpa táirgeoirí aitheanta a bhunú. In éineacht leis na rialacha ginearálta maidir le grúpaí táirgeoirí, rud ba cheart a bheith i bhfeidhm chomh maith i leith grúpaí táirgeoirí aitheanta, ní mór na critéir is gá a chomhlíonadh chun cáiliú mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta agus na cearta breise sonracha lena mbaineann a shainiú, go háirithe chun na huirlisí cearta a sholáthar do ghrúpaí táirgeoirí aitheanta chun a gcearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr in aghaidh cleachtais éagóracha agus cleachtais lena ndéantar díluacháil. I ndáil leis sin, ba cheart na grúpaí táirgeoirí aitheanta a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh do tháirgeoirí uile na dtáirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha lena mbaineann agus gníomhú thar a gceann. Ba cheart é a chur de chúram orthu freisin cúraimí sonracha áirithe a liostaítear sa Rialachán seo a fheidhmiú, go háirithe toisc go mbaineann éifeacht nó scála na gcúraimí sin leis na táirgeoirí sin go léir. Chuige sin, tuigtear an deighilt idir an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil i gcomhréir le struchtúr bunreachtúil agus dlí náisiúnta na mBallstát. Tá na forálacha maidir le grúpaí táirgeoirí aitheanta bunaithe ar na córais sheanbhunaithe i roinnt Ballstát. Léiríonn na córais sin atá ann cheana gur ionstraim luachmhar é an grúpa táirgeoirí aitheanta chun feabhas a chur ar chomhbhainistiú agus ar chosaint tásc geografach, ar cheart iad a choinneáil. Dá réir sin, ba cheart na huirlisí rialála is gá a thabhairt leis an Rialachán seo do na Ballstáit ar mian leo córais den sórt sin a bhunú tráth ar bith.

    (43)

    Ba cheart grúpa táirgeoirí aonair a aithint freisin, ar chomhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann, i gcás tásca geografacha a gcuimsítear breis is Ballstát amháin ina limistéar geografach. I bhfianaise an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (13), ba cheart an méid céanna a bheith i bhfeidhm nuair a bhíonn críoch Thuaisceart Éireann i gceist.

    (44)

    I bhfianaise rannchuidiú luachmhar agus leanúnach na gcomhlachas grúpaí táirgeoirí chun córas na dtásc geografach a chur chun cinn agus a chur chun cinn, ba cheart ról agus feidhmeanna na gcomhlachas sin a leagan síos.

    (45)

    D’fhonn feabhas a chur ar fhorfheidhmiú tásc geografach sa mhargadh, ba cheart an gaol idir ainmneacha fearainn idirlín agus cosaint tásc geografach a shoiléiriú a mhéid a bhaineann le raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart leighis, aitheantas tásc geografach i réiteach díospóidí, agus úsáid chóir ainmneacha fearainn. Le córais mhalartacha um réiteach díospóidí de chlárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil cód tíre ar fud an Aontais, ba cheart tásca geografacha a aithint mar cheart is féidir a agairt le linn na ndíospóidí sin.

    (46)

    Ionas nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart aon oibreoir, lena n-áirítear oibreoir tríú tír, a bheith in ann tásc geografach cláraithe a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta táirge ábhartha. Ba cheart a áirithiú freisin leis an gcóras a bhunóidh na Ballstáit go mbeidh oibreoirí a chomhlíonann na rialacha i dteideal a bheith faoi chumhdach an fhíoraithe ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge.

    (47)

    Na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena sainaithnítear tásc geografach cláraithe, agus na cearta atá ann a bhaineann leis an Aontas, ba cheart iad a chosaint san Aontas agus i dtríú tíortha chun a áirithiú go n-úsáidtear ar fhíortháirgí iad agus nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir le cáilíochtaí na dtáirgí.

    (48)

    Ba cheart lipéadú deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus go háirithe na forálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú.

    (49)

    Maidir le húsáid shiombailí an Aontais ar phacáistiú (lipéadú agus ábhar fógraíochta) táirgí talmhaíochta arna n-ainmniú le tásc geografach, ba cheart an úsáid sin a bheith éigeantach chun go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí ar an gcatagóir sin táirgí, agus ar na ráthaíochtaí a ghabhann leo, agus chun go mbeidh sé níos éasca na táirgí sin a shainaithint ar an margadh agus ar an gcaoi sin, seiceálacha a éascú. I bhfianaise a gcineáil shonraigh, ba cheart forálacha speisialta a bhaineann le lipéadú a choinneáil i gcás deochanna biotáilleacha. Ba cheart úsáid siombailí nó tásc de chuid an Aontais a bheith deonach go fóill i gcás na dtásc geografach agus ainmniúchán tionscnaimh tríú tír do tháirgí talmhaíochta. Ba cheart rialacha lipéadaithe a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint (‘ATFC’) agus tásca geografacha faoi chosaint (‘TGFC’) in earnáil an fhíona a choinneáil i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus a shoiléiriú gur féidir na giorrúcháin ‘ATFC’ agus ‘TGFC’ a chur ar an lipéad freisin.

    (50)

    Chun go mbeidh infheictheacht ag baint le táirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha, ba cheart é a bheith éigeantach ainm an táirgeora nó, i gcás táirgí talmhaíochta, ainm an oibreora a léiriú ar an lipéad.

    (51)

    Is ar mhuinín na dtomhaltóirí a bhunaítear breisluach na dtásc geografach. Braitheann an córas tásc geografach go mór ar fhéinrialú, ar dhícheall cuí agus ar fhreagracht aonair táirgeoirí ach is é ról údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid ainmneacha táirgí a chosc nó a stopadh i gcás ina sáraítear na rialacha lena rialaítear tásca geografacha. Is é ról an Choimisiúin iniúchadh a dhéanamh ar na Ballstáit bunaithe ar anailís riosca. Ba cheart tásca geografacha a bheith faoi réir an chórais rialuithe oifigiúla, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), córas lenar cheart córas rialuithe a áireamh le haghaidh gach céime den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Ba cheart gach oibreoir a bheith faoi réir córas rialaithe lena bhfíoraítear comhlíonadh na sonraíochta táirge. Agus é á chur san áireamh go bhfuil fíon faoi réir rialuithe sonracha a leagtar síos in Rialachán (AE) 1308/2013, ba cheart rialuithe a leagan síos leis an Rialachán seo le haghaidh deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta amháin.

    (52)

    Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla neamhchlaonta agus éifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmnítear chun an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a dhéanamh, ba cheart dóibh roinnt critéir oibríochtúla a chomhlíonadh. Ba cheart forálacha a bhaineann le cúraimí rialaithe oifigiúla áirithe a tharmligean chuig comhlachtaí tarmligthe agus deimhniúcháin táirgí agus chuig daoine nádúrtha a bheartú chun cúram na n-údarás rialaithe a éascú agus chun an córas a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba cheart faisnéis faoi na húdaráis inniúla agus faoi na comhlachtaí tarmligthe agus deimhnithe táirgí agus faoi dhaoine nádúrtha a phoibliú chun an trédhearcacht a áirithiú agus chun gur féidir le páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leo.

    (53)

    Ba cheart caighdeáin Eorpacha arna bhforbairt ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán a úsáid chun comhlachtaí tarmligthe agus deimhnithe táirgí a chreidiúnú agus ba cheart do na comhlachtaí sin na caighdeáin a úsáid le haghaidh a n-oibríochtaí. Ba cheart na comhlachtaí sin a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

    (54)

    Tá tábhacht le forfheidhmiú tásc geografach sa mhargadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 chun cosc a chur ar chleachtais chalaoiseacha mheabhlacha agus chun gur féidir góchumadh a chomhrac go héifeachtach agus ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí go gcúiteofaí go cuí le táirgeoirí breisluach a dtáirgí lena ngabhann tásc geografach agus go gcuirfí cosc ar úsáideoirí neamhdhleathacha na dtásc geografach sin a dtáirgí a dhíol. Ba cheart rialuithe ar an margadh a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú riosca nó ar fhógraí ó oibreoirí nó ó údaráis inniúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tsonraíocht táirge nó doiciméad aonair nó doiciméad atá coibhéiseach leis sin, mar shampla, an achoimre ar an tsonraíocht táirge. Ba cheart bearta éifeachtacha comhréireacha riaracháin agus breithiúnacha iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar úsáid ainmneacha ar tháirgí nó ar sheirbhísí a mhainníonn na tásca geografacha faoi chosaint a urramú nó a sháraíonn na tásca geografacha sin.

    (55)

    Thairis sin, i bhfianaise úsáid mhéadaithe seirbhísí idirghabhálacha ar líne, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhorfheidhmiú chosaint na dtásc geografach ar ainmneacha fearainn a sháraíonn an chosaint sin. Is gá na huirlisí a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla chun freagairt mar is ceart ar shárú, arna bhunú faoin Rialachán seo, ar chosaint táisc gheografaigh, le hainm fearainn cláraithe. Dá bhrí sin, agus a gcúraimí rialaithe oifigiúil á bhfeidhmiú acu, ba cheart na húdaráis sin a bheith in ann céimeanna iomchuí a ghlacadh d’fhonn rochtain a dhíchumasú ó chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ar ainmneacha fearainn atá cláraithe de shárú ar chosaint tásc geografach, agus prionsabal na comhréireachta agus cearta agus leasanna na bpáirtithe dá ndéantar difear á gcur san áireamh. Ba cheart na céimeanna sin a bheith i gcomhréir le dlí ábhartha eile an Aontais, mar shampla, Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

    (56)

    Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe ardáin ar líne, chun táirgí a dhíol, lena n-áirítear na cinn sin atá ainmnithe le tásca geografacha, agus i gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeidís ina spás tábhachtach a mhéid a bhaineann le calaois a chosc. Faisnéis a bhaineann le fógraíocht, cur chun cinn agus díol earraí a sháraíonn cosaint tásc geografach, ba cheart a mheas gur ábhar neamhdhleathach í faoi Rialachán (AE) 2022/2065. I ndáil leis sin, déantar foráil sa Rialachán seo maidir le hábhar neamhdhleathach den sórt sin a shainaithint agus maidir le bearta a d’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta a dhéanamh.

    (57)

    Agus é á chur san áireamh go bhféadfaí táirge arna ainmniú le tásc geografach agus arna tháirgeadh i mBallstát amháin a dhíol i mBallstát eile, ba cheart cúnamh riaracháin idir na Ballstáit a áirithiú chun go mbeidh rialuithe éifeachtacha ann agus ba cheart gnéithe maidir le praiticiúlacht an chúnaimh riaracháin sin a leagan síos.

    (58)

    Ar mhaithe le feidhmiú barrmhaith an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach go léireodh táirgeoirí go tapa agus go héasca i roinnt comhthéacsanna go bhfuil siad údaraithe chun ainm faoi chosaint a úsáid, amhail le linn rialuithe custaim nó le linn cigireachtaí margaidh nó arna iarraidh sin d’oibreoirí trádála. Chun na críche sin, ba cheart fianú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a chur ar fáil don oibreoir.

    (59)

    I bhfianaise an chleachtais atá ann faoi láthair, ba cheart an dá ionstraim éagsúla lena sainaithnítear an nasc idir an táirge agus a thionscnamh geografach, eadhon an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus an tásc geografach faoi chosaint, a choinneáil ar bun. Ba cheart rialacha maidir le cineálacha plandaí agus pórtha ainmnithe agus sainmhínithe ar chineálacha plandaí agus ar phórtha ainmnithe a shoiléiriú chun gur fearr a thuigfí, i gcás coinbhleachta, an caidreamh atá acu le tásca geografacha. Ba cheart na rialacha maidir le foinsiú beatha agus amhábhar a fhágáil gan athrú.

    (60)

    I gcás ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, bíonn roinnt gnéithe de ghnáth sa nasc idir an timpeallacht gheografach agus cáilíocht nó saintréithe sonracha an táirge atá inchurtha go bunúsach nó go heisiach i leith na timpeallachta sin. Níor cheart leasuithe sealadacha a ghlacadh lena gcuirtear ar fionraí ar feadh tréimhse teoranta an ceanglas maidir leis an íostairseach 50 % d’ábhar beatha a fhoinsiú laistigh den limistéar geografach, ach amháin i gcás nach ndéanann siad difear don nasc ina iomláine, toisc go gcuirfeadh sin ar neamhní é agus go bhféadfaí táirgí a mhargú, faoin ainm faoi chosaint, ar táirgí iad a bhfuil an cháilíocht shonrach nó na saintréithe sonracha a bhaineann leis an limistéar geografach bainte díobh go hiomlán.

    (61)

    Ba cheart do tháirge a ngabhann tásc geografach leis coinníollacha áirithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge a chomhlíonadh. Chun gurb éasca a d’fhéadfadh páirtithe leasmhara freisin an fhaisnéis sin a thuiscint, ba cheart an tsonraíocht táirge a achoimriú i ndoiciméad aonair.

    (62)

    Is é is cuspóir sonrach don scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi airíonna breisluacha a dtáirge. Ionas nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe.

    (63)

    In éagmais aon oibleagáid idirnáisiúnta ghinearálta aitheantas a thabhairt do scéimeanna um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann i dtríú tíortha, agus ós rud é go bhfuil an Rialachán seo infheidhme laistigh den Aontas amháin, ba cheart a thuiscint go dtagraíonn na cleachtais thraidisiúnta a bhaineann leis an modh táirgthe, próiseála nó comhdhéanaimh agus le húsáidí traidisiúnta amhábhar nó comhábhar táirge a ainmnítear le hainm atá incháilithe lena chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht do chleachtais nó d’úsáidí den sórt sin laistigh den Aontas. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le hiarratais a thionscnaítear i dtríú tíortha.

    (64)

    Ós rud é nach bhfuil ach líon beag ainmneacha cláraithe go fóill, theip ar an scéim reatha um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht acmhainn na scéime a réadú. Ba cheart na forálacha atá ann faoi láthair a fheabhsú, a shoiléiriú agus a fhaobhrú, dá bhrí sin, chun go mbeidh an scéim níos sothuigthe, níos feidhmiúla agus níos tarraingtí d’iarratasóirí ionchasacha. Chun a áirithiú go gcláraítear ainmneacha fíortháirgí traidisiúnta, ba cheart na critéir agus na coinníollacha maidir le hainm a chlárú a oiriúnú, go háirithe trí dheireadh a chur leis an gcoinníoll nach mór saintréith shonrach a bheith ag sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

    (65)

    Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na sonraíochtaí a ghabhann leo, agus go mbeidh siad comhsheasmhach, ba cheart do tháirgeoirí atá eagraithe ina ngrúpaí sainmhíniú a thabhairt ar an táirge i bhfoirm sonraíochta. Ba cheart an rogha chun ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith ar fáil do tháirgeoirí tríú tír.

    (66)

    Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a iontráil i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

    (67)

    I gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear laistigh den Aontas, ba cheart siombail an Aontais a léiriú ar an lipéadú agus ba cheart a bheith in ann an bhaint idir é agus an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ a dhéanamh amach. Ba cheart úsáid na n-ainmneacha, shiombail an Aontais agus an táisc a rialáil dá réir chun cur chuige aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

    (68)

    Ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint go héifeachtach ar an margadh ionas go gcúiteofar a mbreisluach go cuí leis na táirgeoirí agus go gcuirfear cosc ar úsáideoirí neamhdhleathacha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a dtáirgí a dhíol.

    (69)

    Ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid nó ar aon aithris, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur amú. Chun an chuspóra chéanna, ba cheart rialacha a leagan síos le haghaidh úsáidí sonracha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid téarmaí atá cineálach san Aontas, lipéadú ar a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí nó lipéadú arb é atá ann ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí agus trádmharcanna.

    (70)

    Na nósanna imeachta um chlárú, um leasuithe ar an tsonraíocht táirge agus um an gclárú a chur ar ceal i leith sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht arna dtionscnamh san Aontas, lena n-áirítear nósanna imeachta freasúra, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iad a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith freagrach as céimeanna ar leithligh de gach nós imeachta. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim den nós imeachta, arb é atá inti an t-iarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, measúnú a dhéanamh air, lena n-áirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, an t-iarratas ar chlárú a chur faoi bhráid an Choimisiúin ag céim an Aontais. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, lena n-áirítear nós imeachta freasúra domhanda a reáchtáil, agus as cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a dheonú nó gan an chosaint a dheonú. Ba cheart an chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tráth an chlárúcháin a bheith ar fáil gan idirdhealú do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht tríú tíortha, ar sainearraí iad a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta comhfhreagracha um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht de thionscnamh tríú tíortha a chur i gcrích chomh maith.

    (71)

    Tugadh isteach an scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tagraíonn sí do shaintréithe sonracha cothrománacha a bhaineann le catagóir amháin nó níos mó de tháirgí, de mhodhanna feirmeoireachta nó d’airíonna próiseála a bhfuil feidhm acu i limistéir shonracha. Leis an téarma roghnach cáilíochta ‘táirge sléibhe’, comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta agus bunaíodh leis an Rialachán sin é. Leis an téarma sin, soláthraíodh uirlis éifeachtach do tháirgeoirí sléibhe chun margú níos fearr a dhéanamh ar a dtáirge agus chun an baol iarmhír go mbeadh mearbhall ar an tomhaltóir maidir le bunáitíocht sléibhe táirgí atá ar an margadh a laghdú. An fhéidearthacht atá ann do tháirgeoirí téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid, ba cheart an fhéidearthacht sin a choinneáil ar bun ós rud é nach bhfuil a lánacmhainneacht bainte amach ag an scéim go fóill sna Ballstáit.

    (72)

    Na forálacha a bhaineann le tásca geografacha le haghaidh fíona a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus le haghaidh deochanna biotáilleacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/787, is gá iad a leasú chun iad a chur i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna maidir le clárú, leasú, freasúra, cealú, cosaint agus forfheidhmiú na dtásc geografach agus, i gcás deochanna biotáilleacha, maidir le rialuithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (73)

    I gcás fíona, is gá athruithe breise a dhéanamh ar an sainmhíniú ar thásca geografacha faoi chosaint chun é a chur i gcomhréir le Comhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), nach sainmhíníonn mar chás eisceachtúil tásc geografach le limistéar geografach a chomhfhreagraíonn do chríoch iomlán tíre. Cé nach gá a thuilleadh údar a thabhairt mar chás eisceachtúil le tásc geografach faoi chosaint in earnáil an fhíona lena gcumhdaítear limistéar iomlán tíre, is fiú a leithéid d’ainmniúchán, mar sin féin, a scrúdú go cúramach i bhfianaise na gcoinníollacha clárúcháin, go háirithe maidir le limistéir an-mhór. Níor cheart clárú ainmneacha samhlaíocha nó samhailteacha in earnáil an fhíona a bheith mar thoradh ar an ailíniú leis an sainmhíniú ar thásc geografach in TRIPS. Ba cheart a mheas go bhfuil ainm incháilithe lena chlárú más rud é, cé nach bhfuil aon téarma geografach san áireamh ann, go léirítear leis go hintuigthe an áit, an réigiún nó an tír óna dtagann an táirge.

    (74)

    Is gá Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), maidir le cur chun feidhme Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (‘Ionstraim na Ginéive’) a leasú chun feabhas a chur ar ról an ghrúpa táirgeoirí aitheanta sa nós imeachta maidir le tásca geografacha an Aontais a chlárú sa chlár idirnáisiúnta faoi Ionstraim na Ginéive. Ba cheart Rialachán (AE) 2019/1753 a oiriúnú freisin chun go bhféadfar ainmniúcháin tionscnaimh na seacht mBallstát, ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin, a chlárú faoi Ionstraim na Ginéive, ar ainmniúcháin iad a bhaineann le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (75)

    Chun gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE i ndáil leis an méid a leanas: nósanna imeachta agus spriocdhátaí mionsonraithe a chur ar fáil don nós imeachta freasúra; forálacha a leagan amach maidir le leasuithe Aontais ar shonraíochtaí táirge tásc geografach nár foilsíodh aon doiciméad aonair ina leith, maidir le hinghlacthacht iarratas ar leasuithe Aontais, maidir leis an ngaol idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha, agus maidir le leasuithe caighdeánacha; lena leagtar síos rialacha breise maidir le tásca geografacha a úsáid in ainm táirgí próiseáilte agus tagairt á déanamh d’úsáid comhábhar inchomparáide agus na critéir maidir le saintréithe a thabhairt do na táirgí próiseáilte; a chur de chúram ar EUIPO córas faisnéise agus rabhaidh ainmneacha fearainn a bhunú agus a bhainistiú; srianta agus maoluithe a leagan síos maidir le marú ainmhithe beo nó maidir leis an bhfoinsiú amhábhar; rialacha a leagan síos chun úsáid ainmníochta cineáil planda nó póir ainmhí a chinneadh; rialacha a leagan síos lena dteorannaítear an fhaisnéis a chuimsítear sa tsonraíocht táirge le haghaidh tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; sonraí breise a leagan síos maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; na rialacha maidir leis an nós imeachta freasúra um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chomhlánú chun nósanna imeachta agus sprioc-amanna mionsonraithe a leagan síos; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar leasú i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; lena bhforlíontar na rialacha maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid in ainm táirgí próiseáilte trí thagairt a dhéanamh d’úsáid comhábhar inchomparáide agus na critéir maidir le saintréithe a thabhairt do na táirgí próiseáilte; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na critéir le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta; téarma roghnach breise cáilíochta a fhorchoimeád, agus coinníollacha a úsáide a leagan síos; maoluithe a leagan síos le haghaidh úsáid an téarma ‘táirge sléibhe’ agus na modhanna táirgeachta agus critéir eile atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an téarma roghnaigh cáilíochta sin a leagan síos, go háirithe na coinníollacha a leagan síos faoina gceadaítear amhábhair nó beatha ainmhithe teacht ó áiteanna lasmuigh de na limistéir shléibhe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (19). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (76)

    Chun na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chur chun feidhme, ba cheart coiste a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, ar coiste é ar a bhfuil toscairí na mBallstát.

    (77)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas:

    a mhéid a bhaineann le tásca geografacha: cur i láthair teicniúil aicmiú na dtáirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte, agus rochtain ar líne orthu, a shonrú; formáid agus cur i láthair na ndoiciméad tionlacain ar líne a shonrú agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais, lena n-áirítear iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin; formáid agus cur i láthair na bhfreasúraí a shonrú agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú; formáid agus cur i láthair na bhfógraí maidir le barúlacha a shonrú; idirthréimhse a shonrú chun úsáid ainm chláraithe a cheadú in éineacht le hainmneacha eile a sháródh ainm cláraithe murach sin agus síneadh a chur leis an idirthréimhse sin; an t-iarratas a dhiúltú; cinneadh a dhéanamh maidir le tásc geografach a chlárú murar thángthas ar chomhaontú; tásca geografacha a chlárú, ar thásca iad a bhaineann le táirgí tríú tíortha atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach; ábhar agus cur i láthair chlár an Aontais um thásca geografacha a shonrú; formáid agus cur i láthair na sleachta ó chlár an Aontais um thásca geografacha ar líne a shonrú agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratas ar leasú Aontais agus maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur in iúl leasaithe chaighdeánaigh don Choimisiún; clárú táisc gheografaigh a chur ar ceal; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta agus maidir leis an bhfoirm um chlárú a chur ar ceal agus maidir le cur i láthair na n-iarrataí ar chur ar ceal; aon tásca geografacha a chláraítear de shárú ar na forálacha maidir le hainmneacha comhainmneacha a bhaint de chlár an Aontais; saintréithe teicniúla shiombailí agus an Aontais chomh maith le rialacha teicniúla maidir lena n-úsáid agus úsáid na dtásc agus na ngiorrúchán ar tháirgí arna margú faoi thásc geografach cláraithe a shonrú, lena n-áirítear leaganacha teanga; an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na tríú tíortha leis an gCoimisiún a shonrú; na socruithe chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a chumhdaítear leis an tsonraíocht táirge; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cineál agus saghas na faisnéise atá le malartú agus ar na modhanna chun faisnéis a mhalartú faoin gcúnamh frithpháirteach chun críche rialuithe agus forfheidhmithe; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le foirm agus ábhar an fhianaithe ar chomhlíonadh agus maidir le liostú, leis na foirmeacha ina bhfuil siad le cur ar fáil ag na hoibreoirí nó na trádálaithe le haghaidh rialaithe nó le linn gnó, agus maidir leis na himthosca faoina n-éilítear fianú coibhéiseach i gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha; rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge le haghaidh tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta; formáid agus cur i láthair an doiciméid aonair de thásca geografacha i ndáil táirgí talmhaíochta ar líne a shonrú agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú;

    a mhéid a bhaineann le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht: rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge; ábhar agus cur i láthair chlár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a shonrú; saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais a shonrú chomh maith leis na rialacha teicniúla maidir lena n-úsáid agus maidir le húsáid an táisc agus an ghiorrúcháin ar tháirgí a mhargaítear faoi shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear leaganacha teanga; ceanglais nós imeachta a leagan síos chun sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar chlárú ar líne, lena n-áirítear iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratas ar leasuithe ar shonraíocht táirge agus iarrataí ar chlárú a chur ar ceal; formáid agus cur i láthair na bhfreasúraí a shonrú agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú; idirthréimhsí a dheonú le haghaidh úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; iarratas ar chlárú a dhiúltú; cinneadh a dhéanamh maidir le clárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht, murar thángthas ar chomhaontú; clárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chur ar ceal; an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na tríú tíortha leis an gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí atá freagrach as rialuithe a shonrú; cineál agus saghas na faisnéise atá le malartú i measc na mBallstát agus na modhanna chun an fhaisnéis sin a mhalartú chun críche rialuithe agus forfheidhmithe a leagan síos; agus lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus ábhar an fhianaithe ar chomhlíonadh agus maidir le liostú, agus maidir leis na himthosca faoina bhfuil, agus na foirmeacha ina bhfuil, siad le cur ar fáil ag na hoibreoirí nó trádálaithe haghaidh rialaithe nó le linn gnó, lena n-áirítear i gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha do théarmaí roghnacha cáilíochta agus scéimeanna;

    a mhéid a bhaineann le mionsonraí teicniúla a leagan síos ar mionsonraí iad is gá chun fógra a thabhairt faoi théarmaí roghnacha cáilíochta agus scéimeanna; agus rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha, nósanna imeachta agus sonraí teicniúla eile is gá maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid;

    a mhéid a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha in earnáil an fhíona, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013: foirm na sonraíochta táirge, an sainmhíniú ar fhormáid agus cur i láthair ar líne an doiciméid aonair agus eisiamh nó anaithnidiú sonraí pearsanta; an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún, na rialacha lena rialaítear an t-údarás atá freagrach as fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh sonraíochtaí táirge a bhaineann le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír, agus na seiceálacha chun comhlíonadh na sonraíochta táirge atá le déanamh ag na Ballstáit a fhíorú, lena n-áirítear tástáil;

    a mhéid a bhaineann le téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013: an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na tríú tíortha leis an gCoimisiún, na rialacha lena rialaítear an t-údarás atá freagrach as fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh an tsainmhínithe arna sholáthar do na téarmaí traidisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, coinníollacha úsáide téarmaí traidisiúnta, na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, agus na seiceálacha le haghaidh fíorú ar chomhlíonadh atá le déanamh ag na Ballstáit; dearbhú neamhbhailíochta agus baint den chlár um théarmaí traidisiúnta faoi chosaint aon téarmaí traidisiúnta a cláraíodh de shárú ar an Rialachán seo;

    a mhéid a bhaineann le deochanna biotáilleacha faoi Rialachán (AE) 2019/787: foirm na sonraíochta táirge, an sainmhíniú ar fhormáid agus cur i láthair ar líne an doiciméid aonair agus eisiamh nó anaithnidiú sonraí pearsanta;

    a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Ionstraim na Ginéive san Aontas faoi Rialachán (AE) 2019/1753: an t-údarú do Bhallstát is páirtí i gComhaontú Liospóin a bheith toilteanach a ainmniúcháin tionscnaimh a chlárú faoi Ionstraim na Ginéive chun foráil a dhéanamh do na modhnuithe is gá agus chun fógra a thabhairt do Bhiúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (‘an Biúró Idirnáisiúnta’) faoi.

    Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

    (78)

    Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm i leith na nithe seo a leanas: ainm a chlárú mura bhfuil aon fhreasúra inghlactha ann nó i gcás ina bhfuil freasúra inghlactha ann, má thángthas ar chomhaontú maidir le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus más gá an fhaisnéis fhoilsithe a leasú, ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad na leasuithe sin; clár leictreonach de na tásca geografacha agus clár leictreonach de na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a bhunú agus a choinneáil ar bun; idirthréimhse a dheonú chun tásca geografacha a úsáid tar éis freasúra a cuireadh isteach sa nós imeachta náisiúnta; agus an modh trína bhfuil ainm agus seoladh na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí tarmligthe le poibliú i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a shonrú.

    (79)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 a leasú dá réir sin, agus ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a aisghairm.

    (80)

    Na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, na tásca geografacha faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus na tásca geografacha atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart leanúint dá gcosaint faoin Rialachán seo agus ba cheart iad a chuimsiú sa chlár lena mbaineann go huathoibríoch.

    (81)

    Ba cheart foráil a dhéanamh do shásra iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear deireadh rianúil leis an gcosaint náisiúnta ar thásca geografacha nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ag an am céanna, ba cheart clárú na dtásc geografach sin faoin Rialachán seo a éascú trína ndíolmhú ó chéim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin. Is gá a áirithiú freisin, i gcás ina gclárófar na tásca geografacha sin faoi Chomhaontú Liospóin, go bhféadfar iad a chlárú faoi Ionstraim na Ginéive gan a gcearta tosaíochta a chailliúint.

    (82)

    Ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe iomchuí chun aistriú rianúil ó na rialacha a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2019/787 chuig na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú.

    (83)

    Is iomchuí forálacha a leagan síos chun aistriú rianúil a áirithiú ón gcóras a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 go dtí an córas a bhunaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Is é is aidhm do na forálacha sin deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ionas go mbeidh údaráis na mBallstát, na táirgeoirí agus na grúpaí táirgeoirí, agus daoine nó eintitis eile lena mbaineann, in ann a fháil amach go huile agus go hiomlán cé na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu agus céimeanna a ghlacadh dá réir sin.

    (84)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint aonfhoirmeach ar thásca geografacha a chruthú, chomh maith le córas cosanta do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (85)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 18 Iúil 2022,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir leis na scéimeanna cáilíochta seo a leanas:

    (a)

    ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh fíona agus ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c), agus tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha;

    (b)

    sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta, mar a leagtar amach i dTeideal III, Caibidlí 2 agus 3 faoi seach, le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 51.

    Chun críoch Theidil I, II agus V, cé is moite de Chaibidil 5 de Theideal II, cumhdaítear leis an téarma ‘tásca geografacha’ ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh fíona, ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c), agus tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘fíon’ na táirgí a chumhdaítear le hAirteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

    (b)

    ciallaíonn ‘deoch bhiotáilleach’ deoch bhiotáilleach de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/787;

    (c)

    ciallaíonn ‘lipéadú’, i leith na dtáirgí uile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lipéadú mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(2), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

    (d)

    ciallaíonn ‘céim tháirgthe’ aon chéim den táirgeadh, lena n-áirítear amhábhar a tháirgeadh, nó próiseáil, ullmhú nó aosú, go dtí an pointe ag a mbíonn an táirge réidh le cur ar an margadh;

    (e)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí faoi réir oibleagáid amháin nó níos mó dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge;

    (f)

    ciallaíonn ‘táirge próiseáilte’ táirge próiseáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (o), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

    (g)

    ciallaíonn ‘comhlacht tarmligthe’ comhlacht tarmligthe, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/625, a dheimhníonn go gcomhlíontar an tsonraíocht táirge le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha nó le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;

    (h)

    ciallaíonn ‘téarma cineálach’ ainm táirge, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar cuireadh ar an margadh an táirge i dtosach, arb é an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois é;

    (i)

    ciallaíonn ‘ainmníocht cineáil planda’ ainmniúchán cineáil shonraigh, atá in úsáid go coitianta nó a nglactar leis go hoifigiúil i gcatalóg náisiúnta nó Aontais i gcomhréir le Treoracha 2002/53/CE (22), 2002/55/CE (23), 2008/90/CE (24) ón gComhairle nó Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle (25), sa teanga nó sna teangacha ina n-úsáidtear nó ina liostaítear é, ar dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann;

    (j)

    ciallaíonn ‘ainmníocht póir ainmhí’ ainm póir a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) a liostaítear i bpórleabhair nó i rollaí pórúcháin. I gcás speiceas nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin, ciallaíonn sé ainm póir a liostaítear i bpórleabhair nó i rollaí pórúcháin faoin dlí náisiúnta. Beidh ainm den sórt sin sa teanga nó sna teangacha ina liostaítear é ar dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann;

    (k)

    ciallaíonn ‘Ainmníocht Chomhcheangailte’ an ainmníocht earraí a bhunaítear le hAirteagal 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

    2.   Chun críocha Theideal II, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘sonraíocht táirge’ an doiciméad dá dtagraítear in:

    (i)

    Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíon;

    (ii)

    Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/787 maidir le deochanna biotáilleacha;

    (iii)

    Airteagal 49 den Rialachán seo maidir le táirgí talmhaíochta;

    (b)

    ciallaíonn ‘doiciméad aonair’ doiciméad ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge agus dá dtagraítear in:

    (i)

    Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíon;

    (ii)

    Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/787 maidir le deochanna biotáilleacha;

    (iii)

    Airteagal 50 den Rialachán seo maidir le táirgí talmhaíochta.

    3.   Chun críoch Theideal III, Caibidil 2, ciallaíonn ‘traidisiúnta’ go bhfuil cruthúnas ann gur bhain táirgeoirí úsáid as an ainm i bpobal ar feadh tréimhse a bhféadtar an úsáid sin a tharchur ó ghlúin go glúin lena linn. 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin agus féadfar a chuimsiú le húsáid den sórt sin modhnuithe ar ghá iad a dhéanamh de bharr athruithe ar na cleachtais sláinteachais, sábháilteachta agus cleachtais ábhartha eile.

    Airteagal 3

    Cosaint sonraí

    1.   Maidir leis na sonraí pearsanta a fhaightear le linn na nósanna imeachta um chlárú, formheas leasuithe, cealú, freasúra, deonú idirthréimhse agus rialú de bhun an Rialacháin seo, Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2019/787, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iad a phróiseáil agus a phoibliú i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2016/679.

    2.   Beidh an Coimisiún ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sa nós imeachta a bhfuil sé inniúil ina leith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/787 agus (AE) Uimh. 1308/2013 agus an Rialachán seo.

    3.   Beidh údaráis inniúla na mBallstát ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/787 agus (AE) Uimh. 1308/2013 agus an Rialachán seo.

    4.   Beidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ina ‘próiseálaí’ de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le clár an Aontais um thásca geografacha.

    TEIDEAL II

    TÁSCA GEOGRAFACHA

    CAIBIDIL 1

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 4

    Cuspóirí

    Leis an Teideal seo foráiltear do chóras aonadach uileghabhálach tásc geografach lena gcosnaítear ainmneacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó airíonna acu, nó clú orthu, a bhfuil nasc eatarthu agus a láthair táirgthe, agus ar an gcaoi sin:

    (a)

    áirithítear go mbeidh an chumhacht agus na freagrachtaí is gá ag táirgeoirí, ag gníomhú dóibh le chéile, an tásc geografach lena mbaineann a bhainistiú, lena n-áirítear chun freagairt d’éilimh shochaíocha, amhail éilimh shochaíocha ar shláinte agus leas ainmhithe, le haghaidh táirgí a thagann as táirgeacht inbhuanaithe sna trí réimse, luach eacnamaíoch, luach comhshaoil agus luach sóisialta agus oibriú agus a bheith iomaíoch sa mhargadh;

    (b)

    rannchuidítear le hiomaíocht chóir agus breisluach a ghiniúint agus é mar aidhm an breisluach sin a chomhroinnt ar fud an tslabhra margaíochta, chun a áirithiú go mbeidh toradh cothrom ann do tháirgeoirí agus go mbeidh an acmhainneacht acu infheistíocht a dhéanamh i gcáilíocht, i gcáil agus in inbhuanaitheacht a dtáirgí, agus rannchuidítear le cuspóirí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála, fios gnó a chaomhnú agus táirgí cáilíochta sonracha a chur chun cinn mar gheall ar an limistéar geografach ina dtáirgtear iad;

    (c)

    áirithítear go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis iontaofa agus an ráthaíocht is gá maidir le tionscnamh, barántúlacht, cáilíocht, clú agus saintréithe eile a bhaineann le tionscnamh geografach nó timpeallacht gheografach na dtáirgí sin agus gur féidir leo iad a shainaithint go héasca sa mhargadh, lena n-áirítear i dtráchtáil leictreonach;

    (d)

    áirithítear clárú éifeachtúil agus so-úsáidte na dtásc geografach agus cosaint iomchuí na gceart maoine intleachtúla á cur san áireamh;

    (e)

    áirithítear rialuithe, forfheidhmiú agus cur ar an margadh éifeachtach ar fud an Aontais, lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil, agus leis sin, áirithítear sláine an mhargaidh inmheánaigh; agus

    (f)

    rannchuidítear le cosaint éifeachtach na gceart maoine intleachtúla a bhaineann leis na táirgí sin i margaí tríú tíortha.

    Airteagal 5

    Raon feidhme

    1.   Leis an Teideal seo cumhdaítear an méid seo a leanas:

    (a)

    fíon, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a);

    (b)

    deochanna biotáilleacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b); agus

    (c)

    táirgí talmhaíochta.

    Chun críocha an Teidil seo, cumhdaítear leis an téarma ‘táirgí talmhaíochta’ táirgí talmhaíochta lena n-áirítear earraí bia agus táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, a liostaítear faoi Chaibidlí 1 go 23 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach i gCuid a dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, agus na táirgí talmhaíochta faoi cheannteidil na hAinmníochta Comhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas fíon agus deochanna biotáilleacha.

    2.   Tá clárú agus cosaint na dtásc geografach gan dochar don oibleagáid atá ar tháirgeoirí rialacha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta, comheagraíocht na margaí, na rialacha iomaíochta agus faisnéis faoi bhia a sholáthar do na tomhaltóirí.

    3.   Ní bheidh feidhm ag Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) maidir le córas na dtasc geografach a leagtar síos sa Rialachán seo.

    Airteagal 6

    Aicmiú

    1.   Maidir le táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha, déanfar iad a aicmiú i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte ar leibhéal dhá dhigit, ceithre dhigit, sé dhigit, nó i gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh, leibhéal ocht ndigit. I gcás ina gcumhdaítear táirgí de chuid níos mó ná aon chatagóir amháin le tásc geografach, déanfar gach iontráil a shonrú. Is chun críoch clárúcháin, staidrimh agus coinneála taifid, agus chuig an méid sin amháin a bhainfear úsáid as an aicmiú táirgí, go háirithe le haghaidh údaráis chustaim. Ní bhainfear úsáid as an aicmiú sin chun táirgí inchomparáide a chinneadh chun críoch cosanta ar an úsáid tráchtála díreach agus neamhdhíreach dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (a).

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí mheán gníomhartha cur chun feidhme, cur i láthair teicniúil an aicmithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus an rochtain ar líne air, a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 7

    Inbhuanaitheacht

    1.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí, nó grúpa táirgeoirí aitheanta i gcás inarb ann do ghrúpa den sórt sin, teacht ar chomhaontú maidir le cleachtais inbhuanaithe ar cheart cloí leo agus an táirge arna ainmniú le tásc geografach á tháirgeadh nó nuair a bhíonn gníomhaíochtaí eile á ndéanamh faoi réir oibleagáid amháin nó níos mó dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge. Beidh sé d’aidhm ag na cleachtais sin caighdeáin inbhuanaitheachta atá níos airde ná na caighdeáin a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm ó thaobh inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta nó eacnamaíoch nó leas ainmhithe de.

    2.   Chun críoch mhír 1, ciallaíonn ‘cleachtas inbhuanaithe’ cleachtas a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíoch amháin nó níos mó, amhail:

    (a)

    maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, úsáid agus cosaint inbhuanaithe tírdhreach, uisce agus ithreach, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear cur amú bia a laghdú, cosc agus rialú ar thruailliú, agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú;

    (b)

    táirgeadh na dtáirgí talmhaíochta ar bhealaí lena laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus lena mbainistítear rioscaí a eascraíonn as an úsáid sin, nó lena laghdaítear an baol a bhaineann le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach i dtáirgeadh talmhaíochta;

    (c)

    leas ainmhithe;

    (d)

    ioncam cóir do tháirgeoirí, éagsúlú gníomhaíochtaí, cur chun cinn na táirgeachta talmhaíochta áitiúla, agus luachshocrú an chreatlaigh tuaithe agus na forbartha áitiúla;

    (e)

    fostaíocht talmhaíochta a chaomhnú trí tháirgeoirí óga agus táirgeoirí nua táirgí a thairbhíonn de thásc geografach a mhealladh agus a chothú;

    (f)

    feabhas a chur ar dhálaí oibre agus sábháilteachta i ngníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála.

    3.   I gcás ina gcinnfidh an grúpa táirgeoirí, nó an grúpa táirgeoirí aitheanta i gcás inarb ann do ghrúpa den sórt sin, go bhfuil na cleachtais inbhuanaithe dá dtagraítear i mír 1 éigeantach do tháirgeoirí uile an táirge lena mbaineann, áireofar na cleachtais sin sa tsonraíocht táirge i gcomhréir leis an nós imeachta clárúcháin nó leasúcháin.

    Airteagal 8

    Tuarascáil inbhuanaitheachta

    1.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí, nó grúpa táirgeoirí aitheanta más ann dá leithéid, tuarascáil inbhuanaitheachta a ullmhú agus a nuashonrú go rialta bunaithe ar fhaisnéis infhíoraithe, ina mbeidh tuairisc ar chleachtais inbhuanaithe atá ann cheana arna gcur chun feidhme i dtáirgeadh an táirge, tuairisc ar an gcaoi a n-imríonn an modh trína bhfaightear an táirge tionchar ar an inbhuanaitheacht, ó thaobh gealltanais chomhshaoil, shóisialta, eacnamaíocha nó leasa ainmhithe de, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann an inbhuanaitheacht difear d’fhorbairt, d’fheidhmíocht agus do staid an táirge.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil inbhuanaitheachta ar fáil don phobal.

    CAIBIDIL 2

    Tásca geografacha a chlárú

    Airteagal 9

    Iarratasóir sa chéim náisiúnta den nós imeachta clárúcháin

    1.   Is grúpa táirgeoirí iarrthach amháin a dhéanfaidh iarratas ar chlárú táisc gheografaigh. Is é a bheidh i ngrúpa táirgeoirí iarrthach comhlachas, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, ina mbeidh táirgeoirí an táirge chéanna a bhfuil sé á bheartú ainm an táirge sin a chlárú. Féadfaidh comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara eile cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.

    2.   Chun críocha an Teidil seo, féadfar a mheas gur grúpa táirgeoirí iarrthach é údarás arna ainmniú ag Ballstát, maidir le tásca geografacha dí biotáillí, más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomh geografach nó a saintréithe eagrúcháin. I gcás den sórt sin, sonrófar na cúiseanna sin san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    3.   Chun críocha an Teidil seo, féadfar a mheas gur grúpa táirgeoirí iarrthach é táirgeoir aonair, i gcás ina léirítear go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is é an táirgeoir an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach ar chlárú táisc gheografaigh;

    (b)

    sainmhínítear an limistéar geografach lena mbaineann ar bhonn an naisc dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (f), den Rialachán seo, in Airteagal 94(1), pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in Airteagal 22(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2019/787 agus ní ar bhonn teorainneacha maoine; agus

    (c)

    tá saintréithe ag an limistéar geografach lena mbaineann atá éagsúil go suntasach le saintréithe na limistéar comharsanachta sin nó tá saintréithe an táirge éagsúil le saintréithe na dtáirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta nó, maidir le tásca geografacha dí biotáillí, i gcás ina bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith ar leith ag an deoch bhiotáilleach atá inchurtha go soiléir i leith a tionscnaimh gheografaigh.

    4.   I gcás tásc geografach ina sonraítear limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt grúpaí táirgeoirí iarrthacha as Ballstáit éagsúla nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú táisc gheografaigh a chur isteach. Díreofar an t-iarratas comhpháirteach sin chuig na Ballstáit uile lena mbaineann.

    Airteagal 10

    An chéim náisiúnta den nós imeachta clárúcháin

    1.   Is chuig údaráis inniúla Bhallstát tionscnaimh an táirge a sheolfar iarratas ar chlárú táisc gheografaigh lena mbaineann táirge de thionscnamh an Aontais.

    2.   San iarratas dá dtagraítear i mír 1 beidh:

    (a)

    an tsonraíocht táirge;

    (b)

    an doiciméad aonair; agus

    (c)

    an doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

    3.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann scrúdú ar an iarratas ar chlárú chun a sheiceáil go gcomhlíonann sé na coinníollacha clárúcháin arna leagan síos sna forálacha ar leith maidir le fíon, deochanna biotáilleacha nó táirgí talmhaíochta de réir mar is iomchuí.

    4.   Mar chuid den scrúdú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann nós imeachta náisiúnta freasúra ar bun. Leis an nós imeachta freasúra náisiúnta áiritheofar go bhfoilseofar an t-iarratas ar chlárú cé is moite de na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointí (b) agus (c), agus go bhforálfar maidir le tréimhse 1 mhí amháin ar a laghad ó dháta an fhoilsithe ar féidir, lena linn, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, ag a bhfuil leas dlisteanach aige nó atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát tionscnaimh an táirge lena mbaineann, gur féidir leis an duine sin freasúra a dhéanamh i gcoinne an iarratais ar chlárú sa Bhallstát sin.

    5.   Bunóidh an Ballstát lena mbaineann módúlachtaí an nós imeachta freasúra. Féadfar a chur san áireamh sna módúlachtaí sin critéir maidir le hinghlacthacht freasúra, tréimhse chomhairliúcháin idir an grúpa táirgeoirí iarrthach agus gach freasúróir, agus cur isteach tuarascála ón ngrúpa táirgeoirí iarrthach maidir le toradh na gcomhairliúchán lena n-áirítear aon athrú atá déanta ag an ngrúpa táirgeoirí iarrthach ar an iarratas ar chlárú.

    6.   Más rud é, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chlárú agus an mheasúnaithe ar thorthaí aon fhreasúra a fuarthas agus aon athrú ar an iarratas a comhaontaíodh leis an ngrúpa táirgeoirí iarrthach, go measann an Ballstát lena mbaineann go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus iarratas ar chlárú a chur isteach ag céim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13.

    7.   Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go mbeidh deis ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici achomharc a thaisceadh. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann freisin go bhfoilseofar cinneadh fabhrach agus an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach, agus soláthróidh sé rochtain leictreonach ar an tsonraíocht táirge.

    8.   I gcás iarratas comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 9(4), díreofar an t-iarratas chuig na Ballstáit uile lena mbaineann agus déanfar na nósanna imeachta náisiúnta gaolmhara, lena n-áirítear céim an fhreasúra, sna Ballstáit sin uile.

    Airteagal 11

    Cosaint náisiúnta idirthréimhseach

    1.   Féadfaidh Ballstát, ar bhonn sealadach, cosaint idirthréimhseach a bhronnadh ar ainm ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a thaisctear iarratas ar chlárú ag céim an Aontais leis an gCoimisiún.

    2.   Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an gcosaint náisiúnta sin ón dáta a thiocfaidh i bhfeidhm an gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an iarratas ar chlárú, arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21, é sin nó nuair a tharraingítear siar an t-iarratas ar chlárú.

    3.   I gcás nach bhfuil ainm cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí na cosanta idirthréimhsí náisiúnta.

    4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo agus ní bheidh aon éifeacht acu ar an margadh inmheánach ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

    Airteagal 12

    Doiciméadacht tionlacain

    1.   Is é a bheidh sa doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas ar chlárú:

    (a)

    i gcás inarb ábhartha, faisnéis lena mínítear aon srianta atá beartaithe ar úsáid nó ar chosaint an táisc gheografaigh, agus aon bhearta idirthréimhseacha arna moladh ag an ngrúpa táirgeoirí iarrthach;

    (b)

    ainm agus sonraí teagmhála an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh;

    (c)

    ainm agus sonraí teagmhála ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla, de na comhlachtaí tarmligthe nó de na comhlachtaí deimhnithe táirgí nó de na daoine nádúrtha a fhíoraíonn comhlíonadh na sonraíochta táirge i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    Airteagal 116a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíon;

    (ii)

    Airteagal 39 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta;

    (d)

    aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát lena mbaineann nó an grúpa táirgeoirí iarrthach i gcás inarb infheidhme, a bheith iomchuí.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus cur i láthair ar líne na doiciméadachta tionlacain dá bhforáiltear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo a leagan síos san iarratas ar chlárú ag céim an Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 13, agus déanfaidh sé foráil maidir le sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 13

    Iarratas ar chlárú ag céim an Aontais

    1.   Maidir le tásca geografacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh an Aontais, is é a bheidh san iarratas:

    (a)

    an doiciméad aonair;

    (b)

    na doiciméid tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointí (a), (b) agus (c);

    (c)

    dearbhú ón mBallstát ar cuireadh an t-iarratas chuige ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta clárúcháin, ina ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha maidir le clárú;

    (d)

    aon idirthréimhse a dheonaíonn nó a mholann na húdaráis náisiúnta tar éis an nós imeachta náisiúnta scrúdúcháin agus freasúra chomh maith le faisnéis maidir leis na freasúraí inghlactha gaolmhara; agus

    (e)

    an tagairt leictreonach foilseacháin don tsonraíocht táirge atá cothrom le dáta.

    2.   Maidir le tásca geografacha lena mbaineann táirgí nach de thionscnamh an Aontais iad, is é a bheidh san iarratas ar chlárú ag céim an Aontais:

    (a)

    an tsonraíocht táirge mar aon lena tagairt foilseacháin;

    (b)

    an doiciméad aonair;

    (c)

    an doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 12(1) pointí, (a), (b) agus (c);

    (d)

    cruthúnas dlíthiúil ar chosaint an táisc gheografaigh i dtír a thionscnaimh; agus

    (e)

    cumhacht aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht don iarratasóir.

    3.   Áireofar san iarratas comhpháirteach ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), de bhreis ar an doiciméad aonair, de réir mar is ábhartha, na doiciméid a liostaítear i mír 1, pointí (b) go (e), nó mír 2, pointí (c), (d) agus (e), den Airteagal seo ó na Ballstáit uile nó ó na tríú tíortha uile lena mbaineann.

    4.   Déanfar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

    5.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais, lena n-áirítear iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 14

    Iarratas ar chlárú ag céim an Aontais a chur isteach

    1.   Cuirfear iarratas ar thásc geografach a chlárú ag céim an Aontais faoi bhráid an Choimisiúin, go leictreonach, trí chóras digiteach.

    Ar iarraidh a fháil ó Bhallstát amháin nó níos mó, déanfaidh an Coimisiún an córas digiteach a oiriúnú chun go mbeidh sé oiriúnach lena úsáid ag aon Bhallstát is mian leis sa chuid náisiúnta den nós imeachta maidir le tásc geografach a chlárú.

    2.   I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chlárú le limistéar geografach lasmuigh den Aontas, cuirfidh iarratasóir an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach, eadhon grúpa táirgeoirí nó táirgeoir aonair, nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

    Comhlíonfaidh táirgeoir aonair tríú tír na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(3). Is éard a bheidh i ngrúpa táirgeoirí tríú tír grúpa táirgeoirí a oibríonn le táirge a bhfuil sé á bheartú ainm an táirge sin a chlárú.

    3.   Maidir le hiarratas comhpháirteach ar chlárú, dá dtagraítear in Airteagal 9(4), is ceann acu seo a leanas a chuirfidh isteach é:

    (a)

    ceann de na Ballstáit lena mbaineann; nó

    (b)

    iarratasóir ó thríú tír, is é sin grúpa táirgeoirí nó táirgeoir aonair, go díreach nó trí údaráis an tríú tír sin.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún na hainmneacha ar cuireadh isteach iarratais ar chlárú ina leith ag céim an Aontais a phoibliú tríd an gcóras digiteach dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 15

    Scrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

    1.   Scrúdóidh an Coimisiún iarratais ar chlárú arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14(1), (2) agus (3). Déanfaidh sé a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach sna hiarratais agus nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu, agus toradh an nós imeachta náisiúnta scrúdúcháin agus freasúra a rinne an Ballstát lena mbaineann á chur san áireamh aige.

    2.   Ní bheidh an scrúdú níos faide ná 6 mhí ón lá a fhaightear an t-iarratas. Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise is gá nó aon mhodhnú ar an iarratas a iarraidh ar an iarratasóir. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún iarrataí den sórt sin faoi bhráid an iarratasóra, ní rachaidh an tréimhse scrúdúcháin thar thréimhse 5 mhí ón lá a gheobhaidh an Coimisiún freagra an iarratasóra.

    3.   I gcás nach gcuirfidh an Coimisiún an scrúdú dá dtagraítear i mír 2 i gcrích laistigh de na sprioc-amanna forordaithe, cuirfidh sé na cúiseanna leis an moill in iúl i scríbhinn don iarratasóir, agus sonróidh sé an t-am a mheastar a bheidh riachtanach chun an scrúdú a thabhairt i gcrích, ar tréimhse í nach rachaidh thar mhí amháin.

    4.   I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 28, 29, 30, 31, 46 agus 47, Airteagal 48(1) agus (2) agus Airteagal 50 den Rialachán seo, in Airteagail 93 agus 95 agus Airteagal 100(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus in Airteagal 3(4), Airteagal 23 agus Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2019/787, de réir mar is iomchuí, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.

    Airteagal 16

    Agóid náisiúnta a dhéanamh in aghaidh iarratas ar chlárú

    1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon nós imeachta náisiúnta riaracháin nó breithiúnach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chlárú táisc gheografaigh.

    2.   Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis na spriocdhátaí don scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ón mBallstát sin, maidir le hiarratas ar chlárú gcomhréir le hAirteagal 10(6), ar teachtaireacht í:

    (a)

    lena gcuirtear in iúl don Choimisiún go ndearnadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10(6) a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh riaracháin ná breithiúnach críochnaitheach é; nó

    (b)

    lena n-iarrtar ar an gCoimisiún an scrúdú a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí náisiúnta breithiúnacha nó riaracháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus toisc go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

    3.   Beidh éifeacht ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 2 go dtí go gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.

    4.   Más rud é go ndearnadh cinneadh fabhrach Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 10(6) a neamhbhailíochtú go hiomlán nó go páirteach le cinneadh críochnaitheach arna dhéanamh ag cúirt náisiúnta, déanfaidh an Ballstát sin gníomhaíocht iomchuí a mheas amhail an t-iarratas ar chlárú a tharraingt siar nó a mhodhnú ag céim an Aontais, de réir mar is gá.

    Airteagal 17

    Nós imeachta freasúra an Aontais

    1.   Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus na tagartha don tsonraíocht táirge i gcomhréir le hAirteagal 15(4) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún.

    2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát seachas an Ballstát inar cuireadh isteach an t-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais, féadfaidh sé nó sí freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air nó uirthi, laistigh de theorainn ama lena gceadaítear don Bhallstát sin an freasúra sin a scrúdú agus a chinneadh an dtaiscfidh sé leis an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 é. Féadfaidh na Ballstáit an teorainn ama sin a shonrú ina ndlí náisiúnta.

    3.   Cuirfidh freasúra in iúl go bhfuil sé i gcoinne tásc geografach a chlárú. Mura mbeidh an ráiteas sin sa fhreasúra, beidh an freasúra ar neamhní.

    4.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh scrúdú ar inghlacthacht an fhreasúra. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil an freasúra inghlactha, iarrfaidh sé, laistigh de chúig mhí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear in Airteagal 15(4), ar an bhfreasúróir agus ar an iarratasóir dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná 3 mhí. Tarchuirfidh an Coimisiún an freasúra agus na doiciméid uile arna soláthar ag an bhfreasúróir chuig an iarratasóir. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur, aon uair amháin, leis an sprioc-am le haghaidh na gcomhairliúchán.

    5.   Cuirfidh an freasúróir agus an t-iarratasóir tús le comhairliúcháin iomchuí gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheas an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ceanglais an Rialacháin seo, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Rialachán (AE) 2019/787, de réir mar is iomchuí.

    6.   Laistigh de 1 mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 4, tabharfaidh an t-iarratasóir fógra don Choimisiún maidir le toradh na gcomhairliúchán, lena n-áirítear an fhaisnéis go léir a malartaíodh, cé acu a thángthas nó nár thángthas ar chomhaontú le freasúróir amháin nó leis na freasúróirí go léir, agus faoi aon athruithe ar an iarratas ar chlárú arna n-eascairt as sin. Féadfaidh an freasúróir fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoina seasamh ag deireadh na gcomhairliúchán.

    7.   I gcás, tar éis deireadh a bheith curtha leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, ina modhnaítear na sonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(4), déanfaidh an Coimisiún scrúdú athuair ar an iarratas ar chlárú arna mhodhnú. I gcás ina modhnaítear an t-iarratas ar chlárú ar bhealach substaintiúil, agus más é breith an Choimisiúin go gcomhlíonann an t-iarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé arís an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge i gcomhréir le hAirteagal 15(4).

    8.   Déanfar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

    9.   Agus aon iarraidh ar idirthréimhsí, toradh an nós imeachta freasúra, agus aon ábhar eile a thagann as a scrúdú agus a bhféadfadh athrú ar an doiciméad aonair a bheith i gceist leis á gcur san áireamh aige, cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú ar an iarratas ar chlárú ag céim an Aontais.

    10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí nósanna imeachta mionsonraithe agus spriocdhátaí a leagan síos le haghaidh an nós imeachta freasúra.

    11.   Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos formáid agus cur i láthair freasúraí agus déanfaidh sé foráil d'eisiamh nó d'anaithnidiú sonraí pearsanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 18

    Fógra faoi bharúlacha

    1.   Laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus na tagartha don tsonraíocht táirge de bhun Airteagal 15(4), féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír freasúra nó fógra faoi bharúlacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    2.   Tabharfar aon earráid le fios i bhfógra faoi bharúlacha nó beidh faisnéis bhreise ann maidir leis an iarratas ar chlárú, lena n-áirítear sáruithe féideartha ar dhlí an Aontais. Ní thabharfar, le fógra faoi bharúlacha, aon chearta do na húdaráis ná do na daoine dá dtagraítear i mír 1 ná ní dhéanfar nós imeachta freasúra a thionscnamh dá bharr.

    3.   Más rud é, tar éis fógra faoi bharúlacha a chur isteach, gur modhnaíodh na sonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(4) ar bhealach substaintiúil, foilseoidh an Coimisiún arís an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge i gcomhréir leis an mír sin.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus cur i láthair fógraí faoi bharúlacha a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 19

    Forais le freasúra

    1.   Maidir le freasúra a thaisctear i gcomhréir le hAirteagal 17, ní bheidh sé inghlactha ach amháin i gcás ina léiríonn an freasúróir an méid seo a leanas:

    (a)

    ní chomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe sainmhíniú an táisc gheografaigh ná na ceanglais dá dtagraítear sa Rialachán seo, Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal II de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Airteagal 3(4) agus Caibidil 3 de Rialachán (AE) 2019/787 de réir mar is infheidhme;

    (b)

    chuirfí cosc le clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 28, Airteagal 29, Airteagal 30 nó Airteagal 48(1); nó

    (c)

    dhéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe na faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 15(4).

    2.   Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfaidh an Coimisiún inghlacthacht freasúra a mheas.

    Airteagal 20

    Idirthréimhse maidir le tásca geografacha a úsáid

    1.   I gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír ag a bhfuil ainmniúchán arb é atá ann ainm a sháraíonn Airteagal 26(1) nó a bhfuil ainm san ainmniúchán a sháraíonn Airteagal 26(1), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, idirthréimhse suas le 5 bliana a dheonú chun gur féidir leanúint den ainmniúchán sin a úsáid, faoinar margaíodh na táirgí sin, ar choinníoll go léiríonn freasúra inghlactha, faoi Airteagal 10(4) nó Airteagal 17, i gcoinne an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh a bhfuil a chosaint sáraithe an méid a leanas:

    (a)

    le clárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, go gcuirfí i mbaol beithsine ainm atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt san ainmniúchán táirge; nó

    (b)

    go ndearnadh na táirgí sin a mhargú go dleathach faoin ainm atá san ainmniúchán táirge sa chríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an bhfoilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 15(4).

    2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2) ach amháin i gcásanna ina dtaiscfear freasúra inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 10(4), agus déanfar iad sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin sin a chur i bhfeidhm.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an idirthréimhse a dheonaítear faoi mhír 1 a shíneadh suas le tréimhse iomlán 15 bliana nó idirthréimhse suas le 15 bliana a dheonú go díreach ar choinníoll go léirítear an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    go raibh an t-ainm san ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, faoi bhráid an Choimisiúin;

    (b)

    nárbh é ba chuspóir, ag am ar bith, d’úsáid an ainm san ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as cáil ainm an táirge arna chlárú mar thásc geografach; agus

    (c)

    nár cuireadh an tomhaltóir amú ná ní fhéadfaí é a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

    4.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2) ach amháin sna cásanna ina dtaisctear freasúra inghlactha faoi Airteagal 10(4), agus glacfar iad sin gan an nós imeachta scrúdúcháin sin a chur i bhfeidhm.

    5.   Agus ainmniúchán dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 á úsáid, beidh tásc na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéadú agus i gcás inarb infheidhme, ar an tuairisc ar an táirge nuair a chuirtear ar an margadh é ar líne.

    6.   Maidir le hiarratais ar thásca geografacha a chlárú agus leasuithe Aontais, chun deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí táirge uile arna ainmniú faoi thásc geografach i gceantar lena mbaineann sonraíocht táirge gaolmhar, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana le haghaidh comhlíonadh a dheonú, le héifeacht ón dáta a taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh an táirge á mhargú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus an t-ainm sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 10(4).

    7.   I gcás inar faide ná cúig bliana an tréimhse idir an t-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais agus clárú an ainm lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát síneadh suas le cúig bliana a chur leis an idirthréimhse. Déanfar an cinneadh síneadh a chur leis an idirthréimhse a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún agus foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    8.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 6 maidir le tásc geografach lena dtagraítear do limistéar geografach i dtríú tír, ach is eisceacht air sin an nós imeachta freasúra.

    Airteagal 21

    Cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an iarratas ar chlárú

    1.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón scrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 15, go measann an Coimisiún nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal sin, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas ar chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    2.   In éagmais freasúra inghlactha, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chur i bhfeidhm, an tásc geografach a chlárú. Na fógraí maidir le barúlacha, féadfaidh an Coimisiún iad a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 18.

    3.   Tar éis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a bheith curtha i gcrích, agus na torthaí air á gcur san áireamh, i gcás ina bhfaighidh an Coimisiún freasúra inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcláraítear an tásc geografach gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chur i bhfeidhm, más rud é go dtagtar ar chomhaontú, tar éis a sheiceáil go gcomhlíontar dlí an Aontais leis an gcomhaontú sin agus, más gá, leasuithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhoilsítear de bhun Airteagal 15(4) ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad na leasuithe sin; nó

    (b)

    gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar chlárú, mura dtagtar ar chomhaontú; déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    4.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme maidir le tásc geografach a chlárú, déanfar foráil maidir le haon choinníollacha is infheidhme maidir leis an gclárú agus maidir le hathfhoilsiú faisnéis an doiciméid aonair arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) agus arna mhodhnú de réir an nós imeachta freasúra i gcás modhnuithe seachas na modhnuithe sin dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus in Airteagal 18(3).

    5.   Déanfar rialacháin cur chun feidhme ón gCoimisiún agus cinntí cur chun feidhme maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.

    Airteagal 22

    Clár an Aontais um thásca geografacha

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chur i bhfeidhm, clár de chuid an Aontais um thásca geografacha, a bheidh ar fáil go poiblí, a bhunú agus a choinneáil ar bun. Trí chuid a bheidh sa chlár sin a chomhfhreagraíonn do thásca geografacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta faoi seach. Is i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh na comhaid a chuirfear isteach sa chlár sin tar éis an 13 Bealtaine 2024 (28).

    2.   Déanfaidh EUIPO clár an Aontais a chothabháil agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le clárú agus cealuithe tásc geografach agus leasuithe orthu.

    3.   Déanfar gach tásc geografach fíona agus táirgí talmhaíochta a shainaithint i gclár an Aontais um thásca geografacha mar ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’, de réir mar a bheidh, agus déanfar gach tásc geografach ar dheochanna biotáilleacha a shainaithint mar ‘thásc geografach’.

    4.   Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tásca geografacha den sórt sin a chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    A mhéid a bhaineann le fíon agus táirgí talmhaíochta, déanfar ainmneacha na dtáirgí sin, mura sainaithnítear go sonrach iad sna comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha mar thásca geografacha faoi chosaint.

    5.   Déanfar ainm gach táisc gheografaigh a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha ina script bhunaidh. I gcás nach i litreacha Laidineacha a bheidh an script bhunaidh, déanfar an tásc geografach a thras-scríobh nó a thraslitriú i litreacha Laidineacha agus cuirfear an dá leagan den tásc geografach isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha agus beidh siad ar chomhstádas.

    6.   Poibleoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 4 agus liosta na dtásc geografach a bheidh á gcosaint faoi na comhaontuithe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é go tráthrialta.

    7.   Coimeádfaidh an Coimisiún doiciméadacht a bhaineann le clárú táisc gheografaigh i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir. I gcás ina gcealaítear an clárú, coimeádfaidh an Coimisiún an doiciméadacht go ceann 10 mbliana ina dhiaidh sin.

    8.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ábhar agus cur i láthair chlár an Aontais um thásca geografacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 23

    Sleachta as clár an Aontais um thásca geografacha

    1.   Maidir le sliocht oifigiúil as clár an Aontais um thásca geografacha lena dtugtar cruthúnas ar chlárú an táisc gheografaigh, agus ar shonraí ábhartha eile, lena n-áirítear dáta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh nó aon dáta tosaíochta eile, féadfaidh aon duine an sliocht oifigiúil sin a íoslódáil go héasca agus saor in aisce. Is i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 a bheidh an sliocht oifigiúil clárúcháin a chuirfear isteach sa chlár sin tar éis an 13 Bealtaine 2024. Féadfar an sliocht oifigiúil sin a úsáid mar dheimhniú barántúil in imeachtaí dlí, breithiúnacha, riaracháin nó in imeachtaí comhchosúla.

    2.   I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta aitheantas do ghrúpa táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 33, sainaithneofar gurb é atá sa ghrúpa sin ionadaí do tháirgeoirí táirge arna ainmniú le tásc geografach i gclár an Aontais um thásca geografacha agus sa sliocht oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus cur i láthair ar líne sleachta as clár an Aontais um thásca geografacha a shonrú agus foráil a dhéanamh d'eisiamh nó d'anaithnidiú sonraí pearsanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 24

    Leasuithe ar shonraíocht táirge

    1.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach iarratas a dhéanamh chun leasú ar an tsonraíocht táirge a fhormheas. I gcás inarb ann do ghrúpa táirgeoirí aitheanta, is é an grúpa sin an t-aon ghrúpa amháin a bheidh i dteideal iarratas a dhéanamh.

    2.   Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir:

    (a)

    leasuithe Aontais lena n-éilítear nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais; agus

    (b)

    leasuithe caighdeánacha a gcaithfear déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír.

    3.   Measfar gur leasú Aontais a bheidh i leasú más é a bheidh i gceist leis athrú ar an doiciméad aonair nó a choibhéis agus:

    (a)

    má dhéantar athrú:

    (i)

    ar an ainm nó ar úsáid an ainm, i gcás táirgí talmhaíochta;

    (ii)

    ar an ainm nó ar úsáid an ainm, nó ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach i gcás fíona;

    (iii)

    athrú ar an ainm, nó ar aon chuid den ainm nó ar úsáid an ainm, nó ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí, arna n-ainmniú leis an tásc geografach, nó ar an ainm dlíthiúil, i gcás deochanna biotáilleacha; nó

    (b)

    má bhíonn baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní; nó

    (c)

    má ghabhann tuilleadh srianta leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

    Déanfaidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) a fhíorú.

    4.   Aon leasú eile ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe, nach leasú Aontais é i gcomhréir le mír 3, measfar gur leasú caighdeánach é.

    5.   Measfar gur leasú sealadach a bheidh i leasú caighdeánach má bhaineann sé le hathrú sealadach ar an sonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire nó suaitheadh suntasach ar an margadh de bharr imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear imeachtaí geopholaitiúla, a mbíonn tionchar acu ar sholáthar amhábhar, ar choinníoll go n-aithníonn na húdaráis inniúla go foirmiúil an tubaiste nádúrtha, dálaí díobhálacha aimsire nó suaitheadh suntasach ar an margadh.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 9 agus 10 agus in Airteagail 12 go 21.

    7.   Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais a thagann ó áiteanna lasmuigh den Aontas, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá á iarraidh, na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin.

    8.   Maidir le hiarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe, má chuimsítear ann freisin leasuithe caighdeánacha nó leasuithe sealadacha, ní dhéanfaidh an Coimisiún scrúdú ach ar an leasú Aontais amháin. Maidir le haon leasú caighdeánach nó leasú sealadach, measfar nár cuireadh isteach iad. Leis an scrúdú ar iarratais den sórt sin, beifear ag díriú ar na leasuithe atá molta ar leibhéal an Aontais. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann deis a thairiscint don iarratasóir gnéithe eile den tsonraíocht táirge a mhodhnú.

    9.   Is iad na Ballstáit nó na tríú tíortha ina bhfuil limistéar geografach an táirge lena mbaineann lonnaithe a dhéanfaidh measúnú ar leasuithe caighdeánacha, a fhormheasfaidh iad agus a chuirfidh in iúl don Choimisiún iad. Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe sin a phoibliú.

    10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí fhorálacha a leagan síos maidir le leasuithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ar shonraíochtaí táirge na dtásc geografach nár foilsíodh aon doiciméad aonair ina leith, maidir le hinghlacthacht iarratas ar leasuithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, maidir leis an ngaol idir leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha, agus maidir le leasuithe caighdeánacha, lena n-áirítear foilsiú na leasuithe sin.

    11.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú Aontais agus maidir le nósanna imeachta agus foirm na leasuithe caighdeánacha agus na leasuithe sin a chur in iúl don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 25

    An clárú a chur ar ceal

    1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas a bhfuil bunús cuí leis ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach ann agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, clárú táisc gheografaigh a chealú sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh; nó

    (b)

    i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh na 7 mbliana roimhe sin ar a laghad.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú a chealú arna iarraidh sin do tháirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe. I gcás inarb ann do ghrúpa táirgeoirí aitheanta, is é an grúpa táirgeoirí sin an t-aon ghrúpa amháin a bheidh i dteideal iarraidh den sórt sin a thaisceadh.

    3.   Toirmiscfear clárú an ainm mar cheart maoine intleachtúla seachas mar cheart geografach, go háirithe mar thrádmharc, ar feadh bliain amháin tar éis clárú an táisc gheografaigh a chealú, mura rud é go raibh an ceart maoine intleachtúla sin ann, nó go raibh an trádmharc sin cláraithe, sular cláraíodh an tásc geografach.

    4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 10, 13 go 17 agus 21 maidir le nós imeachta an chealaithe.

    Ní ghlacfar le freasúraí ach i gcás ina léirítear leo go bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach leasmhar ag brath go leanúnach ar an ainm cláraithe.

    5.   Sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit, le húdaráis an tríú tír nó, más féidir, leis an táirgeoir tríú trí a chuir iarratas isteach ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin mí amháin ar a laghad.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na n-iarrataí ar chlárú a chealú.

    7.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 6 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    CAIBIDIL 3

    Cosaint tásc geografach

    Airteagal 26

    Cosaint tásc geografach

    1.   Déanfar tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha a chosaint ar an méid seo:

    (a)

    aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as an tásc geografach maidir le táirgí nach gcumhdaítear leis an gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an táisc gheografaigh sin le haghaidh aon táirge nó aon seirbhíse i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin nó ina ndéantar dochar dá chlú, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

    (b)

    aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má léirítear fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má dhéantar an t-ainm faoi chosaint a aistriú, a thras-scríobh nó a thraslitriú nó má chuirtear slonn ar nós ‘stíl’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘faoi mar a tháirgtear i’, ‘aithris’ nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

    (c)

    aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, ar an ábhar fógraíochta nó sna doiciméid nó san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar chomhéadain ar líne a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;

    (d)

    aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

    2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le gach ainm fearainn a bhfuil rochtain air san Aontas.

    3.   Níor cheart mearbhall maidir le tásca geografacha cláraithe a bheith ina thoradh ar rialacha náisiúnta maidir le hainmneacha a úsáidtear le haghaidh táirgí talmhaíochta, fíonta agus deochanna biotáilleacha.

    4.   Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin;

    (b)

    earraí a dhíoltar trí bhíthin modhanna ciandíola, mar shampla, an ríomhthráchtáil; agus

    (c)

    earraí a bheartaítear a onnmhairiú go tríú tíortha.

    5.   Beidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 3(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) i dteideal iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás custaim chun cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh sa tsaorchúrsaíocht ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina ndéantar sárú ar mhír 1 den Airteagal seo leo.

    6.   Ní thiocfaidh tásca geografacha atá cláraithe faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas.

    7.   I gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm comhshuite ina bhfuil téarma a mheastar a bheith cineálach, ní hé a bheidh in úsáid an téarma sin, mar riail ghinearálta, an t-iompar dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b).

    Airteagal 27

    Tásca geografacha a úsáid lena n-ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar in ainm táirge phróiseáilte

    1.   Gan dochar d’Airteagal 26 agus Airteagal 37(7) den Rialachán seo ná d’Airteagail 7 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, féadfar an tásc geografach lena n-ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirge próiseáilte a úsáid in ainm an táirge phróiseáilte sin, nó sa lipéadú a bheidh air, nó san ábhar fógraíochta a ghabhann leis sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    níl aon táirge eile sa táirge próiseáilte atá inchomparáide leis an gcomhábhar arna ainmniú leis an tásc geografach;

    (b)

    úsáidtear an comhábhar arna ainmniú leis an tásc geografach i gcainníochtaí leordhóthanacha chun saintréith bhunúsacha a thabhairt don táirge próiseáilte lena mbaineann; agus

    (c)

    léirítear céatadán an chomhábhair arna ainmniú leis an tásc geografach sa táirge próiseáilte ar an lipéad.

    2.   Chomh maith le mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, tabharfaidh táirgeoirí bia réamhphacáilte, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ina bhfuil táirge arna ainmniú le tásc geografach mar chomhábhar, ar mian leo an tásc geografach sin a úsáid in ainm an bhia réamhphacáilte sin, lena n-áirítear in ábhar fógraíochta, fógra faoi sin i scríbhinn roimh ré don ghrúpa táirgeoirí aitheanta i gcás inarb ann do ghrúpa den sórt sin i gcás an táisc gheografaigh sin. Áireoidh na táirgeoirí sin san fhógra sin an fhaisnéis lena léirítear go bhfuil na coinníollacha a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh agus gníomhóidh siad dá réir. Admhóidh an grúpa táirgeoirí aitheanta i scríbhinn go bhfuarthas an fógra sin laistigh de 4 mhí. Féadfaidh táirgeoir bia réamhphacáilte an tásc geografach a úsáid in ainm an bhia réamhphacáilte tar éis an admháil sin a fháil nó tar éis don tréimhse ama sin dul in éag, cibé acu is túisce a tharlóidh. Féadfaidh an grúpa táirgeoirí aitheanta faisnéis neamhcheangailteach maidir le húsáid an táisc gheografaigh lena mbaineann a cheangal leis an admháil sin.

    Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na Conarthaí, foráil a dhéanamh do rialacha nós imeachta breise a bhaineann le táirgeoirí bia réamhphacáilte atá bunaithe ar a gcríoch.

    3.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an grúpa táirgeoirí aitheanta agus táirgeoir bia réamhphacáilte comhaontú conarthach a thabhairt i gcrích maidir leis na gnéithe teicniúla agus amhairc sonracha a bhaineann leis an gcaoi a gcuirtear tásc geografach an chomhábhair i láthair in ainm an bhia réamhphacáilte sa lipéadú, in áit eile seachas i liosta na gcomhábhar, nó in ábhar fógraíochta.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le deochanna biotáilleacha.

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha breise a leagan síos maidir le táirgí inchomparáide a úsáid mar chomhábhair agus maidir leis na critéir chun saintréithe bunúsacha a thabhairt do na táirgí próiseáilte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 28

    Téarmaí cineálacha

    1.   Ní chlárófar téarmaí cineálacha mar thásca geografacha.

    2.   Le cruthú go bhfuil ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil, ní mór na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, go háirithe:

    (a)

    an staid mar atá i limistéir tomhaltais;

    (b)

    na gníomhartha dlí náisiúnta ábhartha nó gníomhartha dlí ábhartha an Aontais.

    Airteagal 29

    Tásca geografacha comhainmneacha

    1.   Maidir le tasc geografach a ndearnadh iarratas air tar éis iarratas a bheith déanta ar thásc geografach atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach nó atá faoi chosaint san Aontas, ní dhéanfar an tásc geografach sin a chlárú mura bhfuil idirdhealú dóthanach ann i gcleachtas idir na coinníollacha maidir le húsáid áitiúil agus sheanbhunaithe agus cur i láthair an dá thásc atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach, ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirtear na tomhaltóirí ar míthreoir i dtaca le fíorchéannacht nó tásc geografach na dtáirgí.

    2.   Ní chlárófar tásc geografach atá comhainmneach go hiomlán ná go páirteach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm ar an gcríoch, an réigiún nó áit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí lena mbaineann, má tá an t-ainm sin cruinn.

    3.   Chun críocha an Airteagail seo, is don mhéid seo a leanas a dhéantar tagairt le tásc geografach atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach a ndearnadh iarratas air nó atá faoi chosaint san Aontas:

    (a)

    tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha;

    (b)

    tásca geografacha a ndearnadh iarratas orthu ar choinníoll go gcuirtear isteach iad i gclár an Aontais um thásca geografacha ina dhiaidh sin;

    (c)

    ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1753; agus

    (d)

    tásca geografacha, ainmneacha tionscnaimh agus téarmaí coibhéiseacha atá faoi chosaint de bhun comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó ná sin.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, aon tásc geografach a chláraítear de shárú ar mhíreanna 1 nó 2 a bhaint de chlár an Aontais. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 30

    Trádmharcanna

    Ní dhéanfar ainm a chlárú mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, agus an mhéid ama atá sé in úsáid, go bhféadfaí, le clárú an ainm atá beartaithe mar thásc geografach, an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

    Airteagal 31

    An caidreamh idir tásca geografacha agus trádmharcanna

    1.   Diúltófar iarratas ar chlárú trádmhairc a mbeadh a úsáid contrártha le hAirteagal 26 má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc sin tar éis an dáta a cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin.

    2.   Trádmharcanna de chuid an Aontais a chláraítear de shárú ar mhír 1, dearbhóidh EUIPO go bhfuil siad neamhbhailí agus trádmharcanna náisiúnta a chláraítear de shárú ar mhír 1, dearbhóidh na húdaráis náisiúnta inniúla go bhfuil siad neamhbhailí.

    3.   Maidir le trádmharc ar sárú a úsáid ar Airteagal 26, ach a ndearnadh iarratas air, a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin sa reachtaíocht ábhartha, roimh an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, féadtar leanúint dá úsáid agus é a nuashonrú d’ainneoin clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil forais ann i ndáil le neamhbhailíocht nó cúlghairm an trádmhairc faoi Threoir (AE) 2015/2436 ná Rialachán (AE) 2017/1001. Sna cásanna sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh, ach é a bheith cláraithe, agus úsáid an trádmhairc ábhartha.

    4.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 3, i gcás inar cláraíodh tásca geografacha san Aontas gan iarratas ar chlárú a chur isteach ag céim an Aontais, is é an dáta a cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin dáta an chéad lae cosanta.

    5.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, féadfar na marcanna ráthaíochta nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(4) de Threoir (AE) 2015/2436 agus na marcanna comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(3) den Treoir chéanna, chomh maith leis na marcanna comhchoiteanna dá dtagraítear i gCaibidil VIII de Rialachán (AE) 2017/1001 a úsáid ar lipéid in éineacht leis an tásc geografach.

    Airteagal 32

    Grúpaí táirgeoirí

    1.   Is comhlachas táirgeoirí a dhéanann an táirge nó na táirgí céanna a bheidh i ngrúpa táirgeoirí, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil. Comhlíonfar na critéir seo a leanas leis i ndáil leis an ngrúpa:

    (a)

    déanann sé cúraimí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cúram amháin ar a laghad a shonraítear i mír 3;

    (b)

    bunaítear é go deonach ar thionscnamh táirgeoirí, agus tá sé comhdhéanta de tháirgeoirí; agus

    (c)

    is iad a bhaill a dhéanann é a eagrú go daonlathach, a rialaíonn é agus a dhéanann scrúdú air.

    Comhlíonfaidh grúpaí táirgeoirí is iarratasóirí na critéir sin tráth nach déanaí ná dáta cláraithe an táisc gheografaigh lena mbaineann.

    Beidh sé de cheart ag táirgeoir táirge arna ainmniú le tásc geografach dul isteach i ngrúpa táirgeoirí. Féadfaidh na Ballstáit ballraíocht an ghrúpa táirgeoirí sin a shrianadh do chatagóirí áirithe táirgeoirí, agus cineál an táirge a chumhdaíonn an grúpa táirgeoirí lena mbaineann á chur san áireamh.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh oibreoirí agus ionadaithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le ceann de chéimeanna shlabhra soláthair na dtáirgí arna n-ainmniú le tásc geografach agus geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, go bhféadfaidh siad a bheith ina mbaill de ghrúpa táirgeoirí, má tá leas sonrach acu sna táirgí a chumhdaíonn an grúpa táirgeoirí. Ní rialóidh na baill sin an grúpa táirgeoirí.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha breise, go háirithe maidir le heagrú, reachtanna, feidhmiú agus cineál ballraíochta na ngrúpaí táirgeoirí agus ranníocaíochtaí airgeadais leo.

    4.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí na cúraimí seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:

    (a)

    an tsonraíocht táirge a fhorbairt, iarratas a dhéanamh ar chlárú, ar leasú agus ar chealú, agus gníomhaíochtaí a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt dá mbaill maidir lena gcórais féinrialaithe chun comhlíonadh na sonraíochta táirge lena mbaineann a fhíorú agus a áirithiú;

    (b)

    gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun cosaint a áirithiú don tásc geografach agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leis, lena n-áirítear caingne dlí agus iarratais ar ghníomhaíochtaí a dhéanamh le húdaráis chustaim i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 agus aon bhearta nó cleachtais mhargaíochta atá díobhálach do chlú nó do luach an táisc gheografaigh lena mbaineann a chosc nó a chomhrac;

    (c)

    ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball i líonraí forfheidhmithe maoine intleachtúla agus i ndáil le comhlachtaí i gcoinne góchumtha arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta;

    (d)

    na cleachtais inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 a chomhaontú, bíodh sin san áireamh sa tsonraíocht táirge nó mar thionscnamh ar leithligh nó ná bíodh, lena n-áirítear socruithe chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcleachtas sin agus poiblíocht leordhóthanach a áirithiú dóibh i gcóras faisnéise arna sholáthar ag an gCoimisiún;

    (e)

    gníomhaíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táisc gheografaigh, ó thaobh na hinbhuanaitheachta comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíche de, lena n-áirítear:

    (i)

    feachtais mhargaíochta agus fógraíochta chomhchoiteanna a fhorbairt, a eagrú agus a reáchtáil;

    (ii)

    gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a dhéanamh a bheidh dírithe ar airíonna an táirge arna ainmniú le tásc geografach a chur in iúl do thomhaltóirí, lena n-áirítear seirbhísí turasóireachta a fhorbairt sa limistéar geografach ábhartha;

    (iii)

    anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil, ar tháirgeadh, próifíl chothaitheach agus próifíl orgánaileipteach an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach;

    (iv)

    faisnéis a scaipeadh faoin tásc geografach, faoi shiombail ábhartha an Aontais agus faoin ngiorrúchán (ATFC nó TGFC); agus

    (v)

    comhairle agus oiliúint a chur ar na táirgeoirí atá ann cheana agus ar na táirgeoirí a bheidh ann amach anseo agus na treoirlínte dea-chleachtais a thabhairt dóibh, lena n-áirítear maidir le cleachtais inbhuanaithe, go háirithe na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 7, dul chun cinn eolaíoch-teicniúil, digitiú, príomhshruthú inscne agus comhionannas agus feasacht a mhúscailt i measc tomhaltóirí;

    (f)

    sáruithe agus úsáidí calaoiseacha amhrasta a chomhrac ar mhargaí na dtáirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha nach bhfuil i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, trí fhaireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an tásc geografach ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí tríú tíortha ina bhfuil na tásca geografacha faoi chosaint, agus é sin a fhíorú, lena n-áirítear ar chomhéadain ar líne, agus de réir mar is gá, na húdaráis forfheidhmithe a chur ar eolas trí úsáid a bhaint as na córais rúnda i gcás ina mbeidh siad ar fáil;

    (g)

    bearta a dhéanamh chun luach táirgí a fheabhsú agus, i gcás inar gá, céimeanna a ghlacadh chun aon bheart nó cleachtas tráchtála atá díobhálach d’íomhá agus luach na dtáirgí sin, nó a bhfuil an baol ann go mbeadh sé díobhálach dóibh, a chosc nó a chomhrac, lena n-áirítear cleachtais mhargaíochta a dhíluacháil agus praghsanna a laghdú.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit, laistigh dá gcríoch, cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí agus grúpaí táirgeoirí á gcruthú agus á bhfeidhmiú acu.

    6.   Murab ann d’aon ghrúpa táirgeoirí ann le haghaidh táirge arna ainmniú le tásc geografach, féadfaidh na Ballstáit na cúraimí dá dtagraítear i mír 4, pointí (b), (e) agus (f), a fheidhmiú. Idirghníomhóidh na Ballstáit le táirgeoirí agus cuideoidh siad leo d’fhonn grúpa táirgeoirí a bhunú.

    7.   Féadfaidh na Ballstáit clár poiblí de ghrúpaí táirgeoirí a chur ar bun le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríoch iad, lena n-áirítear na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus na táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 9(3). Beidh sa chlár sin, ar a laghad, ainm, foirm dhlíthiúil agus seoladh gach grúpa táirgeoirí agus na tásca geografacha uile a chumhdaíonn an grúpa táirgeoirí lena mbaineann.

    Airteagal 33

    Grúpaí táirgeoirí aitheanta

    1.   Chomh maith le hAirteagal 32, féadfaidh na Ballstáit córas aitheantais a chur i bhfeidhm maidir le grúpaí táirgeoirí. Féadfar an córas aitheantais a chur i bhfeidhm maidir le gach grúpa táirgeoirí a dtáirgeann a mbaill táirge arna ainmniú le tásc geografach nó maidir le grúpaí táirgeoirí a tháirgeann catagóirí sonraithe táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha. Ní fhéadfar aitheantas a thabhairt do ghrúpa táirgeoirí ach i gcás ina n-iarrtar sin. Faoi chuimsiú an chórais aitheantais, measfar gur grúpaí táirgeoirí aitheanta iad na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus na táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

    2.   Déanfaidh na Ballstáit a chuireann an córas dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm foráil do na critéir seo a leanas chun aitheantas a thabhairt do ghrúpa táirgeoirí:

    (a)

    foirm dhlíthiúil ar leith; agus

    (b)

    ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

    (i)

    sciar íosta de níos mó ná 50 % de tháirgeoirí an táirge a bheith mar bhaill ann; nó

    (ii)

    sciar íosta ball i measc tháirgeoirí an táirge agus sciar íosta de níos mó ná 50 % de líon nó de luach na táirgeachta indíolta.

    Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chritéir bhreise, amhail:

    (a)

    na ranníocaíochtaí airgeadais is gá óna chuid ball a bheith ar fáil dó;

    (b)

    rialacha maidir le baill a ligean isteach, maidir le ballraíocht a fhoirceannadh agus maidir le hoibleagáidí ballraíochta a shárú;

    (c)

    reachtanna i scríbhinn.

    Mura gcomhlíonann grúpa táirgeoirí na critéir aitheantais a thuilleadh, cuirfear an t-aitheantas ar fionraí nó déanfar é a chúlghairm.

    3.   I gcás ina n-aithneofar grúpa táirgeoirí faoin gcóras dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, is é an grúpa táirgeoirí aitheanta an t-aon ghrúpa amháin a bheidh i dteideal an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 32 a fheidhmiú thar ceann na dtáirgeoirí uile a tháirgeann an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach lena mbaineann, gan dochar don cheart atá ag táirgeoirí aonair gníomhú chun a leasanna a chosaint;

    (b)

    fógra a fháil ó tháirgeoir bia réamhphacáilte faoi úsáid thásc geografach comhábhair in ainm bia réamhphacáilte dá dtagraítear in Airteagal 27(2);

    (c)

    rialacha ceangailteacha a iarraidh chun rialáil a dhéanamh ar sholáthar táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 166a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lena n-áirítear ar feadh tréimhse suas le 6 bliana i gcomhréir le hAirteagal 166a(4), pointe (c), den Rialachán sin;

    (d)

    clásail chaighdeánacha comhroinnte luacha a bhunú a fhéadfar a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

    (e)

    cleachtais inbhuanaithe a chomhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo;

    (f)

    iarratas a dhéanamh ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán seo;

    (g)

    iarraidh ar chealú a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 25(2) den Rialachán seo.

    4.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin gurb é an grúpa táirgeoirí aitheanta an t-aon ghrúpa táirgeoirí amháin a bheidh i dteideal cúraimí a fheidhmiú, ar cúraimí iad:

    (a)

    dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointí (a) agus (d) i gcás ina mbaineann éifeacht na gcúraimí sin le táirgeoirí uile an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach lena mbaineann;

    (b)

    dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointí (b), (e) agus (f) i gcás ina bhfeidhmítear na cúraimí sin ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta nó réigiúnach, gan dochar don fhéidearthacht atá ann do tháirgeoirí an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach lena mbaineann na cúraimí sin a fheidhmiú ar an leibhéal áitiúil.

    5.   Beidh grúpa táirgeoirí atá bunaithe i mBallstát nach bhfuil córas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á chur i bhfeidhm aige in ann na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointí (b), (c), (e), agus (f) a fheidhmiú i mBallstát a chuireann córas den sórt sin i bhfeidhm.

    6.   I gcás ina n-ainmnítear limistéar geografach trasteorann le tásc geografach, comhoibreoidh údaráis na mBallstát lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, údaráis na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, le chéile chun grúpa táirgeoirí aitheanta aonair a ainmniú. I gcás nach dtagann na Ballstáit lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, ar chomhaontú, nó i gcás nach gcuireann ceann de na Ballstáit lena mbaineann an córas dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, ní thabharfar aitheantas d’aon ghrúpa táirgeoirí i gcás an táisc gheografaigh sin.

    7.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-aithneofar grúpaí táirgeoirí a dtugtar aitheantas dóibh faoin dlí náisiúnta roimh an 13 Bealtaine 2024 i gcomhréir le mír 1.

    Mura gcomhlíonann grúpa táirgeoirí aitheanta den sórt sin na critéir a leagtar amach i mír 2, cuirfidh sé é féin in oiriúint do na rialacha ábhartha faoin 14 Bealtaine 2026. Mura gcomhlíonfar na critéir faoin dáta sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an sprioc-am sin a fhadú aon uair amháin ar feadh bliana ar a mhéad, nó déanfaidh sé an t-aitheantas a tharraingt siar.

    8.   Má chuireann Ballstát córas na ngrúpaí táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi trí chóras digiteach maidir le hainm agus seoladh an ghrúpa táirgeoirí aitheanta i gcás gach táisc gheografaigh chláraithe agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta nuair a dhéantar athrú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé clár an Aontais um thásca geografacha cothrom le dáta dá réir.

    Airteagal 34

    Comhlachais grúpaí táirgeoirí

    1.   Féadfar comhlachas grúpaí táirgeoirí a chur ar bun ar thionscnamh grúpaí táirgeoirí leasmhara.

    2.   Féadfaidh comhlachas grúpaí táirgeoirí na cúraimí seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:

    (a)

    a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí comhairleacha;

    (b)

    faisnéis a mhalartú le húdaráis phoiblí maidir le topaicí a bhaineann le beartais i réimse na dtásc geografach;

    (c)

    moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fhorbairt beartas um thásca geografacha, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht, leis an gcalaois agus an góchumadh a chomhrac, le cruthú luacha i measc oibreoirí, le rialacha iomaíochta agus le forbairt tuaithe;

    (d)

    dea-chleachtais a chur chun cinn agus a scaipeadh i measc táirgeoirí maidir le beartais um thásca geografacha;

    (e)

    páirt a ghlacadh i mbearta cur chun cinn de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014.

    Airteagal 35

    Tásca geografacha in ainmneacha fearainn a chosaint

    1.   Le clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil cód tíre atá bunaithe san Aontas, áiritheofar go n-aithneofar sna nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóide le haghaidh ainmneacha fearainn tásca geografacha cláraithe mar cheart is féidir a agairt sna nósanna imeachta sin.

    2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí fhorálacha a leagan síos lena sanntar do EUIPO córas faisnéise agus rabhaidh ainmneacha fearainn a chur ar bun agus a bhainistiú lena gcuirfí ar fáil don iarratasóir, ar iarratas ar thásc geografach a chur isteach dó, faisnéis maidir le hinfhaighteacht táisc gheografaigh mar ainm fearainn, agus, ar bhonn roghnach, maidir le clárú ainm fearainn arb ionann é agus a thásc geografach. Féadfar, le clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil cód tíre atá bunaithe san Aontas, an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha a sholáthar do EUIPO ar bhonn deonach.

    3.   Faoin 14 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a riachtanaí agus a indéanta atá an córas faisnéise agus rabhaidh dá dtagraítear i mír 2, agus feidhmiú sholáthar deonach na faisnéise agus na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin á chur san áireamh, agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh a phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

    Airteagal 36

    An ceart úsáide

    Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú táirge a chomhlíonann an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach úsáid a bhaint as tásc geografach cláraithe.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar oibreoirí leis an bhfíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo nó le hAirteagal 116a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, de réir mar is infheidhme.

    I gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm eastáit táirgeora aonair nó ina bhfuil ainm an eastáit ina chuid den tásc geografach sin, ní chuirfidh sin cosc ar oibreoirí eile úsáid a bhaint as an tásc geografach ar choinníoll go n-úsáidfear é chun táirge a ainmniú a chomhlíonann an tsonraíocht táirge.

    Airteagal 37

    Siombailí, tásca agus giorrúcháin de chuid an Aontais

    1.   Ní úsáidfear tásca, giorrúcháin agus siombailí lena dtagraítear do thásca geografacha ach amháin i dtaca le táirgí a tháirgtear i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge ábhartha. Féadfar iad a úsáid freisin chun críoch faisnéise agus oideachais, ar choinníoll nach dócha go gcuirfidh an úsáid sin an tomhaltóir amú.

    2.   Bunófar na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais a ceapadh chun tásca geografacha a mharcáil agus a phoibliú:

    (a)

    siombail lena sainaithnítear ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint i ndáil le táirgí talmhaíochta; agus

    (b)

    siombail lena sainaithnítear tásca geografacha faoi chosaint i ndáil le táirgí talmhaíochta. Féadfar an tsiombail sin a úsáid freisin le haghaidh tásca geografacha i ndáil le deochanna biotáilleacha.

    3.   I gcás táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi thásc geografach, beidh siombail an Aontais a bhaineann leis le feiceáil ar an lipéadú agus ar an ábhar fógraíochta. A mhéid a bhaineann leis an lipéadú, beidh an tásc geografach le feiceáil sa réimse céanna radhairc ina bhfuil siombail an Aontais.

    Na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir leis an tásc geografach.

    4.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 3, i gcás deochanna biotáilleacha, féadfar siombailí de chuid an Aontais a fhágáil ar lár.

    5.   I gcás ina n-ainmneofar táirgí talmhaíochta le tásc geografach, beidh tásc ar ainm an táirgeora nó an oibreora ar an lipéadú, le feiceáil sa réimse céanna radhairc leis an tásc geografach. Sa chás sin, tuigfear gurb é ainm an oibreora ainm an oibreora atá freagrach as an gcéim táirgthe ag a bhfuarthas an táirge atá le cumhdach leis an tásc geografach, nó atá freagrach as mórphróiseáil a dhéanamh ar an táirge sin.

    I gcás deochanna biotáilleacha arna n-ainmniú le tásc geografach, beidh tásc ar ainm an táirgeora le feiceáil ar an lipéadú, sa réimse céanna radhairc leis an tásc geografach.

    I gcás pacáistíochta nó coimeádáin ar a ndromchla is mó a thuairiscítear in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, is ar bhonn deonach a léireofar ainm an táirgeora nó an oibreora.

    Táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha a mhargaítear faoi thásc geografach agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 14 Bealtaine 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh gan an oibleagáid ainm an táirgeora nó an oibreora a léiriú sa réimse céanna radhairc leis an tásc geografach a chomhlíonadh, go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

    6.   I gcás ina n-ainmneofar táirgí talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha le tásc geografach, féadfaidh na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ a bheith le feiceáil ar lipéadú agus ábhar fógraíochta táirgí talmhaíochta agus féadfaidh an tásc ‘tásc geografach’ a bheith le feiceáil ar lipéadú agus ábhar fógraíochta deochanna biotáilleacha, faoi seach.

    Féadfaidh na giorrúcháin ‘ATFC’ nó ‘TGFC’, a chomhfhreagraíonn do na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ agus ‘tásc geografach faoi chosaint’, a bheith le feiceáil ar lipéadú agus ábhar fógraíochta táirgí talmhaíochta arna n-ainmniú le tásc geografach.

    7.   Is féidir úsáid a bhaint as tásca agus giorrúcháin in ábhar lipéadaithe agus fógraíochta táirgí próiseáilte nuair a dhéantar tagairt leis an tásc geografach do chomhábhar de chuid na dtáirgí sin. Sa chás sin, cuirfear an tásc nó an giorrúchán in aice le hainm an chomhábhair a shainaithnítear go soiléir mar chomhábhar. Ní chuirfear siombail an Aontais i gcomhar le hainm an bhia de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

    8.   Maidir le siombailí de chuid an Aontais lena gcuirtear in iúl an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint agus na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ agus ‘tásc geografach faoi chosaint’, agus na giorrúcháin ‘ATFC’ agus ‘TGFC’ de réir mar is ábhartha, ní fhéadfaidh siad a bheith le feiceáil ar an lipéadú ach amháin tar éis fhoilsiú ghníomh cláraithe an táisc gheografaigh sin.

    9.   Chomh maith leis sin, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar an lipéadú freisin:

    (a)

    léirithe ar an limistéar geografach tionscnaimh dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge; agus

    (b)

    téacs, grafaicí nó siombailí lena dtagraítear don Bhallstát agus don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh sin lonnaithe ar choinníoll nach gcuirfidh na tagairtí sin an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht nó fíorthionscnamh an táirge.

    10.   Maidir le siombailí de chuid an Aontais i dtaca le tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh tríú tíortha, féadfaidh siad a bheith le feiceáil ar an ábhar lipéadaithe táirge agus fógraíochta agus, sa chás sin, bainfear úsáid as na siombailí i gcomhréir le mír 3.

    11.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais le haghaidh tásca geografacha chomh maith leis na rialacha teicniúla maidir lena n-úsáid agus úsáid na dtásc agus na ngiorrúchán ar tháirgí a mhargaítear faoi thásc geografach cláraithe, lena n-áirítear rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    CAIBIDIL 4

    Rialuithe agus forfheidhmiú

    Airteagal 38

    Raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fíon, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.

    Mar sin féin, níl feidhm ag mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), mír 3 agus, a mhéid a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, mír 4 den Airteagal seo, agus Airteagail 39, 40, 41 agus 44 ach amháin maidir le deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.

    2.   Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn rialuithe:

    (a)

    a fhíorú gur táirgeadh táirge arna ainmniú le tásc geografach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach; agus

    (b)

    úsáid tásc geografach sa mhargadh, lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil, a fhíorú.

    Chun críocha na Caibidle seo, áirítear le forfheidhmiú aon ghníomhaíocht arb é is aidhm di a áirithiú go gcomhlíonfar Teideal II, Caibidil 3, den Rialachán seo.

    3.   Comhlíonfaidh údaráis inniúla, comhlachtaí tarmligthe agus daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625.

    4.   D’ainneoin Airteagal 116(1) de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh an Coimisiún na rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, ar thásca geografacha dá bhforáiltear i dTeideal VI, Caibidil I, de Rialachán (AE) 2017/625, bunaithe ar anailís riosca, de réir líon coibhneasta na dtásc geografach sa Bhallstát, líon na seiceálacha a rinneadh nó na neamhrialtachtaí a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh nó ar úsáid na dtásc geografach a leagtar amach i dtuarascáil bhliantúil an Bhallstáit a ullmhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 113 de Rialachán (AE) 2017/625. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(2) ná Airteagail 118 agus 120 go 124 de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, ar thásca geografacha.

    Airteagal 39

    Fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge

    1.   Chun críocha na Caibidle seo, gach oibreoir ar mian leis a bheith rannpháirteach in aon ghníomhaíocht a chumhdaítear le sonraíocht táirge táirge arna ainmniú le tásc geografach, tabharfaidh sé fógra faoi do na húdaráis inniúla, do na comhlachtaí tarmligthe nó do na daoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b). Déanfaidh na Ballstáit liosta oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta faoi réir ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá bhforáiltear i sonraíocht táirge de tháirge arna ainmniú le tásc geografach atá curtha isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche é.

    2.   Tá táirgeoirí freagrach as féinrialuithe lena n-áirithítear go bhfuil táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha i gcomhréir le sonraíocht táirge na dtáirgí sin sula gcuirtear an táirge ar an margadh.

    3.   De bhreis ar na féinrialuithe dá dtagraítear i mír 2, sula gcuirtear ar an margadh táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ar de thionscnamh an Aontais é, déanfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge:

    (a)

    ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 3, de Rialachán (AE) 2017/625; nó

    (b)

    comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó nó duine nádúrtha amháin nó níos mó ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu, dá dtagraítear i dTeideal II, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2017/625.

    4.   Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh tríú tír, sula gcuirfear an táirge lena mbaineann ar an margadh, déanfaidh ceann amháin díobh seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:

    (a)

    údarás inniúil amháin nó níos mó arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an tríú tír; nó

    (b)

    comhlacht amháin nó níos mó deimhnithe táirge.

    5.   I gcás ina ndéanfaidh oibreoir amháin nó níos mó gníomhaíocht atá cumhdaithe leis an tsonraíocht táirge i dtír nach tír thionscnaimh an táisc gheografaigh, leagfar amach forálacha maidir le fíorú ar chomhlíonadh na n-oibreoirí sin sa tsonraíocht táirge. Má tharlaíonn an oibríocht ábhartha san Aontas, tabharfaidh na hoibreoirí fógra faoi d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar an oibríocht agus beidh sí faoi réir fíoraithe.

    6.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát Airteagal 9(2), i bhfeidhm, déanfaidh údarás seachas údarás a mheastar a bheith ina ghrúpa táirgeoirí faoin mír sin an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a áirithiú.

    7.   Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. Féadfaidh Ballstáit táillí nó muirir a bhailiú chun costais rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a chumhdach go páirteach nó go hiomlán.

    8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    an chumarsáid a bheidh le déanamh ag tríú tíortha leis an gCoimisiún, lena n-áirítear maidir le hainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirge;

    (b)

    na socruithe maidir le faireachán agus fíorú a dhéanamh ar na hoibríochtaí dá bhforáiltear i mír 5.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 40

    Faisnéis phoiblí maidir le húdaráis inniúla, comhlachtaí tarmligthe agus comhlachtaí deimhnithe táirge agus daoine nádúrtha

    1.   Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(3) le haghaidh gach táirge arna ainmniú le tásc geografach, agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

    2.   Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 39(4), agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún tairseach dhigiteach a chur ar bun ina bpoibleofar ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirge agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

    Airteagal 41

    Creidiúnú comhlachtaí tarmligthe agus comhlachtaí deimhnithe táirge

    1.   Comhlíonfaidh na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 39(3), pointe (b), agus na comhlachtaí deimhnithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 39(4), pointe (b), ceachtar de na caighdeáin seo a leanas mar atá ábhartha do na cúraimí tarmligthe agus creidiúnófar iad i gcomhréir leis na caighdeáin sin:

    (a)

    Caighdeán EN ISO/IEC 17065 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’; nó

    (b)

    Caighdeán EN ISO/IEC 17020 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’.

    2.   Maidir leis an gcreidiúnú dá dtagraítear i mír 1, is comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar sínitheoir é le comhaontú iltaobhach faoi chuimsiú an Chomhair Eorpaigh don Chreidiúnú lena gclúdaítear na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1, nó comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas ar sínitheoir é le socrú aitheantais iltaobhach den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin nó socrú aitheantais iltaobhach den Chomhar Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne lena gclúdaítear na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfaidh an creidiúnú sin.

    Airteagal 42

    Fíorú ar úsáid tásc geografach sa mhargadh agus forfheidhmiú

    1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach agus as gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh ina leith tar éis don táirge arna ainmniú le tásc geografach a bheith curtha ar an margadh, lena n-áirítear oibríochtaí mar shampla stóráil, idirthuras, dáileadh nó tairiscint le díol, lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach. Féadfar gurb iad na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(3), pointe (a), den Rialachán seo agus in Airteagal 116a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a bheidh sna húdaráis sin.

    2.   Gníomhóidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, go tráthrialta agus a mhinice is iomchuí bunaithe ar anailís riosca agus ar fhógraí a gheofar, lena n-áirítear ó ghrúpaí táirgeoirí, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tsonraíocht táirge nó an doiciméad aonair nó a choibhéis leis an doiciméad aonair le haghaidh an táisc gheografaigh lena mbaineann, lena n-áirítear i gcur i láthair agus lipéadú ar líne.

    3.   Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí, lena n-áirítear trí chomhéadain ar líne, a tháirgtear, a sholáthraítear nó a mhargaítear ina gcríoch, nó a bheartaítear a onnmhairiú go dtí tríú tíortha, agus a sháraíonn Airteagail 26 agus 27, a chosc nó a stopadh.

    4.   Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun rochtain ar ainmneacha fearainn a sháraíonn Airteagal 26(2) a dhíchumasú ina gcríoch féin.

    5.   Éascóidh an t-údarás arna ainmniú nó na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 an malartú faisnéise idir na ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha, mar shampla póilíní, gníomhaireachtaí frith-ghóchumtha, custaim, oifigí maoine intleachtúla, údaráis dlí bia agus cigirí miondíola, chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú.

    Airteagal 43

    Oibleagáidí soláthraithe ar an margadh ar líne

    1.   Aon fhaisnéis a bhaineann le fógraíocht, cur chun cinn agus díol na dtáirgí atá inrochtana ag daoine atá bunaithe san Aontas agus a sháraíonn an chosaint tásc geografach dá bhforáiltear in Airteagail 26 agus 27 den Rialachán seo, measfar gur ábhar neamhdhleathach í de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/2065.

    2.   Féadfaidh údaráis ábhartha náisiúnta, bhreithiúnacha nó riaracháin na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065, ordú a eisiúint chun gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    3.   I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/2065, féadfaidh aon duine aonair nó eintiteas fógra a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le láithreacht ábhair shonraigh ar sárú ar Airteagail 26 agus 27 den Rialachán sin é.

    Airteagal 44

    Cúnamh frithpháirteach agus malartú faisnéise

    1.   Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun na rialuithe agus an forfheidhmiú dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a dhéanamh i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2017/625.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú i measc na mBallstát agus na modhanna chun an fhaisnéis sin a mhalartú, chun críche rialuithe agus forfheidhmithe faoin gCaibidil seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 45

    Fianú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge

    1.   Oibreoir a gcinntear faoina tháirge, tar éis an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo agus in Airteagal 116a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, go gcomhlíonann sé sonraíocht táirge táisc gheografaigh atá faoi chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo, arna iarraidh sin, agus ag brath ar an gcóras a chuirtear i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann, beidh sé i dteideal:

    (a)

    fianú, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha, a fhéadfaidh a bheith ina chóip dheimhnithe, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann a tháirgeadh an tsonraíocht táirge; nó

    (b)

    a bheith áirithe ar liosta oibreoirí formheasta arna bhunú ag an údarás inniúil, ar nós an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 39(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 116a de Rialachán Uimh. 1308/2013, de réir mar is infheidhme. Cuirfear sliocht ábhartha an liosta (‘liostú’) ar fáil ar líne do gach oibreoir formheasta.

    2.   Cuirfear an fianú ar chomhlíonadh agus an liostú dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) faoi seach, ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis forfheidhmithe, do chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach ar earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar an margadh inmheánach. Féadfaidh an t-oibreoir an fianú nó an liostú a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a fhéadfaidh cruthúnas ar chomhlíonadh a iarraidh le linn gnó. Déanfar an fianú agus an liostú sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta, bunaithe ar mheasúnú riosca.

    3.   Maidir le hoibreoir nach dtugtar an fianú ar chomhlíonadh dó a thuilleadh nó a baineadh den liosta ní cheadófar dó leanúint den fhianú ar chomhlíonadh nó den liostú a thaispeáint ná a úsáid.

    4.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus ábhar an fhianaithe ar chomhlíonadh agus maidir le liostú, leis na foirmeacha ina bhfuil siad le cur ar fáil ag na hoibreoirí nó na trádálaithe le haghaidh rialaithe nó le linn gnó, agus maidir leis na himthosca faoina n-éilítear fianú coibhéiseach agus na foirmeacha ina n-éilítear fianú coibhéiseach i gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    CAIBIDIL 5

    Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

    Airteagal 46

    Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

    1.   Is é atá i gceist le ‘ainmniúchán tionscnaimh’ táirge talmhaíochta ainm lena sainaithnítear táirge:

    (a)

    de thionscnamh áite, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;

    (b)

    arb í timpeallacht gheografach ar leith agus a tosca dúchasacha nádúrtha agus daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus

    (c)

    a dtarlaíonn a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

    2.   Is é atá i gceist le ‘tásc geografach’ táirge talmhaíochta ainm lena sainaithnítear táirge:

    (a)

    de thionscnamh áite, réigiúin nó tíre ar leith;

    (b)

    a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

    (c)

    a dtarlaíonn ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

    3.   D’ainneoin mhír 1, clárófar ainmneacha áirithe mar ainmniúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil leis an limistéar sin, ar choinníoll:

    (a)

    gur sainíodh limistéar táirgthe na n-amhábhar;

    (b)

    go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar;

    (c)

    go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus

    (d)

    gur aithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh lena mbaineann mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

    Chun críocha na míre seo, ní fhéadfar ach ainmhithe beo, feoil agus bainne a mheas mar amhábhair.

    Airteagal 47

    Rialacha sonracha maidir le foinsiú beatha agus amhábhar, agus maidir le marú

    1.   Maidir le táirge de bhunadh ainmhíoch, a bhfuil a ainm cláraithe mar ainmniúchán tionscnaimh, déanfar beatha a fhoinsiú go hiomlán ó áiteanna laistigh den limistéar geografach sainithe.

    2.   A mhéid nach bhfuil sé indéanta foinsiú a dhéanamh go hiomlán ón taobh istigh den limistéar geografach sainithe, féadfar beatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar sin a chur leis, ar choinníoll nach ndéantar difear do cháilíocht an táirge ná do shaintréithe an táirge mar gheall go bunúsach ar an timpeallacht gheografach. Ní bheidh i méid na beatha arna foinsiú ó áiteanna lasmuigh den limistéar geografach sainithe níos mó ná 50 % d’ábhar tirim ar bhonn bliantúil.

    3.   Féadfaidh leasú sealadach, dá dtagraítear in Airteagal 24(5), maolú ar mhír 2 den Airteagal seo go dtí gur féidir an fhéidearthacht beatha a fhoinsiú ó áiteanna laistigh den limistéar geografach sainithe a athbhunú, ar choinníoll nach gcuirfear an nasc dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (f)(i), ar neamhní ina iomláine.

    4.   Aon srianta ar thionscnamh amhábhar a sholáthraítear i sonraíocht táirge i gcás táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach, tabharfar údar cuí leo i ndáil leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (f)(ii).

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaoluithe agus coinníollacha a leagan síos maidir le hainmhithe beo a mharú agus maidir le foinsiú amhábhar. Beidh na maoluithe agus na coinníollacha sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus cuirfear san áireamh leo leas ainmhithe, cáilíocht nó úsáid amhábhar agus fios gnó aitheanta nó tosca nádúrtha, lena n-áirítear srianta a bhfuil tionchar acu ar tháirgeadh talmhaíochta i limistéir áirithe.

    Airteagal 48

    Cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe

    1.   Ní fhéadfar ainm a chlárú mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht nó fíorthionscnamh an táirge arna ainmniú ag an tásc geografach nó a bheith ina chúis mhearbhaill idir táirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach agus an cineál planda nó pór ainmhí lena mbaineann.

    2.   Déanfar measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le húsáid iarbhír na n-ainmneacha a bhfuil easaontas ann fúthu, lena n-áirítear úsáid ainmníocht an chineáil phlanda nó an phóir ainmhí lasmuigh dá limistéar tionscnaimh agus úsáid ainmníochta cineáil planda.

    3.   Ní chuirfear cosc leis an Rialachán seo ar tháirge a chur ar an margadh, ar táirge é nach bhfuil i gcomhréir le sonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint, a n-áirítear lena lipéadú ainm nó cuid d’ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint sin, a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí ann nó arb é atá ann ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    gurb é atá sa táirge lena mbaineann an cineál planda nó an pór ainmhí a léirítear, nó gur díorthaíodh astu é;

    (b)

    nach gcuirtear tomhaltóirí amú;

    (c)

    gur iomaíocht chóir atá i gceist le húsáid ainmníocht an chineáil planda nó an phóir ainmhí;

    (d)

    nach mbaineann úsáid ainmníocht an chineáil planda nó an phóir ainmhí leas as clú an táisc gheografaigh chláraithe; agus

    (e)

    gur leath táirgeadh agus margú an táirge lena mbaineann amach thar a limistéar tionscnaimh roimh dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh.

    4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo, trí rialacha a leagan síos maidir le húsáid ainmníochtaí cineáil planda agus póir ainmhí a chinneadh.

    Airteagal 49

    Sonraíocht táirge

    1.   Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i sonraíocht táirge:

    (a)

    an t-ainm atá le clárú mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, mar a úsáidtear é sa trádáil nó sa ghnáthchaint chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe;

    (b)

    tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, na hamhábhair, na cineálacha plandaí agus na pórtha ainmhithe lena mbaineann, lena n-áirítear ainmníocht tráchtála an speicis agus an t-ainm eolaíoch atá air, chomh maith le príomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha an táirge;

    (c)

    an sainmhíniú ar an limistéar geografach teormharcáilte i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) den mhír seo, agus, i gcás inarb iomchuí, sonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 46(3);

    (d)

    fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe arna shonrú i gcomhréir le hAirteagal 46(1), pointe (c), nó le hAirteagal 46(2), pointe (c), é an táirge;

    (e)

    tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna áitiúla barántúla agus gan athrú; mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa táirgeoirí iarrthach amhlaidh agus má thugann sé cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe dlí an Aontais i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;

    (f)

    mionsonraí lena mbunaítear an méid seo a leanas:

    (i)

    a mhéid a bhaineann le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (b). I gcás inarb ábhartha, féadfar na mionsonraí a bhaineann le tosca daonna na timpeallachta geografaí sin a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le tosca nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear san fhoráil sin;

    (ii)

    a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht ar leith, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 46(2), pointe (b).

    2.   Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa tsonraíocht táirge freisin:

    (a)

    cleachtais inbhuanaithe mar a leagtar amach in Airteagal 7;

    (b)

    aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge lena mbaineann;

    (c)

    ceanglais eile is infheidhme i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó grúpa táirgeoirí foráil dóibh, más infheidhme, ag féachaint don fhíoras nach mór na ceanglais sin a bheith oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha a leagan síos lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 50

    Doiciméad aonair

    1.   Is é a bheidh sa doiciméad aonair an méid seo a leanas:

    (a)

    príomhphointí na sonraíochta táirge, is é sin an t-ainm atá le clárú mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;

    (b)

    tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 49(1), pointe (f), lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na gnéithe sonracha den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe atá ina n-údar leis an nasc sin.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus cur i láthair ar líne an doiciméid aonair dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos agus foráil a dhéanamh’d'eisiamh nó’d'anaithnidiú sonraí pearsanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    TEIDEAL III

    SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT AGUS TÉARMAÍ ROGHNACHA CÁILÍOCHTA

    CAIBIDIL 1

    Raon feidhme

    Airteagal 51

    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia.

    Chun críocha an Teidil seo, cumhdaítear leis an téarma ‘táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear earraí bia’ táirgí talmhaíochta atá ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE chomh maith le hearraí bia agus táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Ní bheidh feidhm ag an Teidil seo maidir le deochanna biotáilleacha ná le táirgí fíniúna a shainmhínítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhínéagair fíona.

    CAIBIDIL 2

    Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    Airteagal 52

    Cuspóirí

    1.   Bunaítear scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STRanna) chun modhanna traidisiúnta táirgthe agus oidis thraidisiúnta a chosaint trí chuidiú leis an méid seo a leanas:

    (a)

    táirgeoirí táirgí traidisiúnta, chun saintréithe breisluacha a n-oideas agus a dtáirgí traidisiúnta a mhargú agus a chur in iúl do thomhaltóirí;

    (b)

    breisluach a ghiniúint trí rannchuidiú le hiomaíocht chóir sa slabhra margaíochta agus ioncam cóir a áirithiú do tháirgeoirí, agus trí rannchuidiú le cuspóirí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach.

    2.   Tá clárú agus cosaint na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht gan dochar don oibleagáid atá ar tháirgeoirí rialacha eile an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe rialacha a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, le comheagraíocht aonair na margaí, agus le lipéadú bia.

    3.   Ní bheidh feidhm ag Treoir (AE) 2015/1535 maidir leis an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a leagtar síos sa Rialachán seo.

    Airteagal 53

    Critéir incháilitheachta

    1.   Beidh ainm incháilithe lena chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcás ina dtugtar tuairisc ar tháirge leis:

    (a)

    a eascraíonn as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin; nó

    (b)

    a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair a úsáidtear go traidisiúnta.

    2.   Chun ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, beidh sé ina ainm:

    (a)

    atá in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge; nó

    (b)

    lena sainaithnítear carachtar traidisiúnta an táirge.

    3.   I gcás ina léirítear, sa nós imeachta freasúra faoi Airteagal 61, go bhfuil an t-ainm in úsáid freisin i mBallstát eile nó i dtríú tír, chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí inchomparáide nó idir táirgí a bhfuil an t-ainm comhionann nó comhchosúil orthu, féadfar foráil a dhéanamh sa chinneadh maidir le clárú a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 64(3), pointe (b) go mbeidh an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún’ ag gabháil le hainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht agus go mbeidh ainm tíre nó réigiúin di ag teacht díreach ina dhiaidh.

    4.   Ní chlárófar ainm más rud é nach dtagraíonn sé ach amháin do mhaímh de nádúr ginearálta atá in úsáid maidir le sraith táirgí, nó do mhaímh dá bhforáiltear i reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais.

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha breise a leagan síos lena soiléirítear na critéir incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo.

    Airteagal 54

    Sonraíocht táirge

    1.   Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i sonraíocht táirge:

    (a)

    an t-ainm táirge a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;

    (b)

    tuairisc ar an táirge lena n-áirítear a phríomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha;

    (c)

    tuairisc ar an modh táirgthe nach mór do na táirgeoirí a leanúint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, nádúr agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar arna n-úsáid, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ainmníocht tráchtála an speicis lena mbaineann agus an t-ainm eolaíoch atá air, agus modh ullmhúcháin an táirge; agus

    (d)

    na príomhghnéithe lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge.

    Féadfar ceanglais lipéadaithe a áireamh sa tsonraíocht táirge freisin.

    2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialacháin seo trí rialacha a leagan síos lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht táirge, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 55

    Grúpaí táirgeoirí

    1.   Is é a bheidh i ngrúpa táirgeoirí aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, atá comhdhéanta de tháirgeoirí a tháirgeann an táirge céanna nó na táirgí céanna. Bunófar é ar thionscnamh na dtáirgeoirí de réir chineál an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann. Oibreoidh grúpa táirgeoirí ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach. Ina theannta sin, eagróidh, rialóidh agus scrúdóidh na baill go daonlathach é.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh oibreoirí, ionadaithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le ceann de chéimeanna shlabhra soláthair na dtáirgí arna n-ainmniú le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, go bhféadfaidh siad a bheith ina mbaill de ghrúpa táirgeoirí, má tá leas sonrach acu sna táirgí a chumhdaíonn an grúpa táirgeoirí. Ní rialóidh na baill sin an grúpa táirgeoirí.

    3.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí na cúraimí seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:

    (a)

    an tsonraíocht táirge a fhorbairt, iarratas a dhéanamh ar leasú agus ar chealú, rialú a bhall féin a bhainistiú;

    (b)

    beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;

    (c)

    gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna breisluacha an táirge a chur in iúl do thomhaltóirí;

    (d)

    bearta a dhéanamh chun luach táirgí a fheabhsú agus, i gcás inar gá, céimeanna a ghlacadh chun aon bheart atá díobhálach d’íomhá na dtáirgí sin a chosc nó a chomhrac.

    Airteagal 56

    An chéim náisiúnta den nós imeachta clárúcháin

    1.   Maidir le hiarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, ní fhéadfaidh ach grúpa táirgeoirí iarrthach iad a chur isteach. Is é a bheidh i ngrúpa táirgeoirí iarrthach comhlachas, beag beann ar a fhoirm dhlíthiúil, comhdhéanta de tháirgeoirí an táirge chéanna a bhfuil a ainm beartaithe lena chlárú, nó táirgeoir aonair i gcás inarb é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir amháin atá toilteanach iarratas a chur isteach. Féadfaidh roinnt grúpaí táirgeoirí iarrthacha ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thaisceadh. Féadfaidh comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara eile cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.

    2.   Is é a bheidh in iarratas ar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht:

    (a)

    ainm agus seoladh an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh;

    (b)

    an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 54.

    3.   I gcás ina n-ullmhóidh grúpa táirgeoirí atá bunaithe i mBallstát an t-iarratas, seolfar an t-iarratas chuig údaráis an Bhallstáit sin. Déanfaidh an Ballstát scrúdú ar an iarratas chun a áirithiú go gcomhlíonann sé coinníollacha na gcritéar incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 53. Mar chuid den scrúdú sin, cuirfidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra i gcrích. Más rud é go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais na Caibidle seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus iarratas ar chlárú a chur isteach ag céim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 58.

    4.   Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh an deis ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agóid a dhéanamh i gcoinne a chinnidh. Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar cinneadh fabhrach agus an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach, agus soláthróidh sé rochtain leictreonach ar an tsonraíocht táirge.

    Airteagal 57

    Iarratas ar chlárú ag céim an Aontais

    1.   Is éard a bheidh in iarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú ag céim an Aontais an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 54 agus:

    (a)

    i gcás iarratais ó Bhallstáit, dearbhú ón mBallstát ar ar díríodh an t-iarratas ag céim náisiúnta an nós imeachta clárúcháin, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha maidir le clárú agus faisnéis maidir le haon fhreasúra atá inghlactha ar an leibhéal náisiúnta tar éis an nós imeachta náisiúnta um scrúdúcháin agus an nós imeachta freasúra; nó

    (b)

    i gcás iarratais ó thríú tíortha ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht ar an iarratasóir, cumhacht aturnae.

    2.   Déanfar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

    3.   Áireofar in iarratas comhpháirteach an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 54 agus, más ábhartha, an dearbhú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo ó na Ballstáit nó ó na tríú tíortha uile lena mbaineann. Na nósanna imeachta náisiúnta gaolmhara, lena n-áirítear an chéim freasúra, déanfar iad sna Ballstáit uile lena mbaineann.

    4.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar chlárú, lena n-áirítear iarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, ar iarratais iad a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 58

    Iarratas ar chlárú a chur isteach ag céim an Aontais

    1.   Déanfar iarratas ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú ag céim an Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach, trí chóras digiteach. Tar éis dó iarraidh a fháil ó Bhallstát amháin ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún an córas digiteach a oiriúnú chun go mbeidh sé oiriúnach lena úsáid sa chuid náisiúnta den nós imeachta um shainearra traidisiúnta a chlárú ag aon Bhallstát ar mian leis déanamh amhlaidh.

    2.   I gcás ina n-ullmhóidh iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír an t-iarratas ar chlárú, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin; cuirfidh an t-iarratasóir isteach go díreach é, is é sin grúpa táirgeoirí nó táirgeoir aonair, nó cuirfear an t-iarratas isteach trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

    3.   Maidir le hiarratas comhpháirteach ar chlárú, dá dtagraítear in Airteagal 56(1), is ceann acu seo a leanas a chuirfidh isteach é:

    (a)

    Ballstát de na Ballstáit lena mbaineann; nó

    (b)

    iarratasóir ó thríú tír, eadhon grúpa táirgeoirí nó táirgeoir aonair, go díreach nó trí údaráis an tríú tír sin.

    4.   Poibleoidh an Coimisiún na hainmneacha ar cuireadh isteach iarratais ar chlárú ina leith ag céim an Aontais tríd an gcóras digiteach dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 59

    Scrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

    1.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar aon iarratas a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 58(1), (2) agus (3) chun a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ann agus nach bhfuil aon earráidí follasacha ann, agus toradh an nós imeachta scrúdúcháin agus freasúra arna dhéanamh ag an mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh. Leis an scrúdú sin, cuirfear san áireamh toradh na céime náisiúnta den nós imeachta arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann.

    2.   Ní bheidh an tréimhse scrúdúcháin níos faide ná 6 mhí ón lá a fhaightear an t-iarratas. Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis fhorlíontach nó aon mhodhnú is gá a iarraidh ar an iarratasóir. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún iarratas den sórt sin faoi bhráid an iarratasóra, ní rachaidh an tréimhse scrúdúcháin thar thréimhse 5 mhí ón lá a gheobhaidh an Coimisiún freagra an iarratasóra.

    3.   I gcás nach gcuirfidh an Coimisiún an scrúdú dá dtagraítear i mír 2 i gcrích laistigh de na sprioc-amanna forordaithe, cuirfidh sé na cúiseanna leis an moill in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus sonróidh sé an t-am a mheastar is gá chun é a thabhairt chun críche, ar tréimhse í nach rachaidh thar mhí amháin.

    4.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an scrúdú arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 53, 54, 56 agus 57, foilseoidh sé an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 60

    Agóid náisiúnta a dhéanamh in aghaidh iarratas ar chlárú

    1.   Coimeádfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon imeacht náisiúnta breithiúnach nó riaracháin a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht.

    2.   Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis na spriocdhátaí don scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 59(2) a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don Bhallstát, i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 56, ar teachtaireacht í:

    (a)

    lena gcuirtear in iúl don Choimisiún go ndearnadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 56(3) a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh riaracháin ná breithiúnach críochnaitheach é; nó

    (b)

    lena n-iarrtar ar an gCoimisiún an scrúdú a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí náisiúnta breithiúnacha nó riaracháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus toisc go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

    3.   Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.

    4.   Más rud é go ndearnadh cinneadh fabhrach Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 56(3) a neamhbhailíochtú go hiomlán nó go páirteach le cinneadh críochnaitheach arna dhéanamh ag cúirt náisiúnta, déanfaidh an Ballstát gníomhaíocht iomchuí a mheas mar shampla an t-iarratas ar chlárú a tharraingt siar nó a mhodhnú ag céim an Aontais, de réir mar is gá.

    Airteagal 61

    Nós imeachta freasúra an Aontais

    1.   Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe na sonraíochta táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 59(4), féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún.

    2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát seachas an Ballstát inar cuireadh isteach an t-iarratas ar chlárú ag céim an Aontais, féadfaidh sé nó sí freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe nó ina bhfuil cónaí air nó uirthi, laistigh de theorainn ama lena gceadaítear don Bhallstát sin an freasúra sin a scrúdú agus a chinneadh an dtaiscfidh sé leis an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 é. Féadfaidh na Ballstáit an teorainn ama sin a shainiú ina ndlí náisiúnta.

    3.   Cuirfidh freasúra in iúl go bhfuil sé i gcoinne sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú. Mura mbeidh an ráiteas sin sa fhreasúra, beidh an freasúra ar neamhní.

    4.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh inghlacthacht an ráitis freasúra sin a sheiceáil. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil an freasúra inghlactha, iarrfaidh sé ar an bhfreasúróir, laistigh de 5 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 59(4) a foilsíodh an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná trí mhí. Tarchuirfidh an Coimisiún an freasúra agus na doiciméid uile arna soláthar ag an bhfreasúróir chuig an iarratasóir. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur, aon uair amháin, leis an sprioc-am le haghaidh na gcomhairliúchán.

    5.   Cuirfidh an freasúróir agus an t-iarratasóir tús leis na comhairliúcháin gan moill mhíchuí. Soláthróidh siad an fhaisnéis ábhartha dá chéile chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú coinníollacha na Caibidle seo.

    6.   Laistigh de mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 4, tabharfaidh an t-iarratasóir fógra don Choimisiún faoi thoradh na gcomhairliúchán, lena n-áirítear an fhaisnéis go léir a malartaíodh, cé acu a thángthas nó nár thángthas ar chomhaontú le freasúróir amháin nó leis na freasúróirí go léir, agus faoi aon athruithe ar an iarratas arna n-eascairt as sin. Féadfaidh an freasúróir fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoina seasamh ag deireadh na gcomhairliúchán.

    7.   I gcás inar modhnaíodh an tsonraíocht táirge a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 59(4) tar éis deireadh a bheith curtha leis na comhairliúcháin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú arís ar an iarratas ar chlárú arna mhodhnú. I gcás inar modhnaíodh an t-iarratas ar chlárú ar bhealach substaintiúil, agus más é breith an Choimisiúin go gcomhlíonann an t-iarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé arís an tsonraíocht táirge i gcomhréir leis an mír sin.

    8.   Déanfar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

    9.   Agus aon iarratas ar idirthréimhsí, toradh an nós imeachta freasúra, agus aon ábhar eile a thagann as a scrúdú agus a d’fhéadfadh athrú ar an tsonraíocht táirge a bheith i gceist leis á gcur san áireamh aige, cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú ar an iarratas ar chlárú ag céim an Aontais.

    10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí nósanna imeachta mionsonraithe agus spriocdhátaí a leagan síos le haghaidh an nós imeachta freasúra.

    11.   Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos formáid agus cur i láthair freasúraí agus déanfaidh sé foráil d'eisiamh nó d'anaithnidiú sonraí pearsanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 62

    Forais le freasúra

    1.   Maidir le freasúra a thaisctear i gcomhréir le hAirteagal 61, ní bheidh sé inghlactha ach amháin i gcás ina léiríonn an freasúróir:

    (a)

    nach gcomhlíonann an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá beartaithe forálacha na Caibidle seo; nó

    (b)

    go gcuirfí i gcontúirt, le clárú an ainm sin, ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt.

    2.   Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar inghlacthacht freasúra a mheas.

    Airteagal 63

    Idirthréimhsí maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid

    1.   I gcás táirgí arb é atá ina n-ainmniúchán nó ar cuid dá n-ainmniúchán é ainm a sháraíonn Airteagal 68, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, idirthréimhse suas le 5 bliana a dheonú chun gur féidir leanúint den ainmniúchán a úsáid faoinar margaíodh na táirgí sin, ar choinníoll go léirítear le freasúra inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 56(3) nó le hAirteagal 61, i gcoinne an iarratais ar chlárú an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht ar sáraíodh a chosaint, go raibh an t-ainmniúchán sin in úsáid go dleathach ar an margadh inmheánach ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 59(4).

    2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2) ach amháin i gcásanna ina dtaiscfear freasúra inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 56(3), agus déanfar iad sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin sin a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 64

    Cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an iarratas ar chlárú

    1.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón scrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 59, go measann an Coimisiún nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear ann, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas ar chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    2.   In éagmais freasúra inghlactha, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2), lena gcláraítear an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, a chur i bhfeidhm.

    3.   Tar éis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 61, agus torthaí an nós imeachta sin a bheith curtha san áireamh, i gcás ina bhfaighidh an Coimisiún freasúra atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcláraítear an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chur i bhfeidhm, más rud é go dtagtar ar chomhaontú, tar éis a sheiceáil go gcomhlíontar dlí an Aontais leis an gcomhaontú sin agus, más gá, leasuithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 59(4) ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad na leasuithe sin; nó

    (b)

    gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar chlárú, mura dtagtar ar chomhaontú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    4.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme maidir le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, déanfar foráil maidir le haon choinníollacha is infheidhme maidir leis an gclárú agus maidir le hathfhoilsiú faisnéise maidir leis an tsonraíocht táirge arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 59(4) agus arna modhnú de réir an nós imeachta freasúra i gcás modhnuithe seachas na modhnuithe sin dá dtagraítear in Airteagal 61(7).

    5.   Déanfar rialacháin chur chun feidhme ón gCoimisiún maidir le clárú agus cinntí cur chun feidhme maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.

    Airteagal 65

    Clár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chur i bhfeidhm, clár de chuid an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a bheidh ar fáil go poiblí, a bhunú agus a choinneáil ar bun. Is i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 a bheidh na comhaid a chuirfear isteach sa chlár sin tar éis an 13 Bealtaine 2024.

    2.   Coimeádfaidh an Coimisiún doiciméadacht a bhaineann le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir. I gcás ina gcealaítear an clárú, coimeádfaidh an Coimisiún an doiciméadacht go ceann 10 mbliana eile ina dhiaidh sin.

    3.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ábhar agus cur i láthair chlár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 66

    Leasuithe ar shonraíocht táirge

    1.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, iarratas a dhéanamh chun leasú ar an tsonraíocht táirge a fhormheas. Leis na hiarratais, tabharfar tuairisc ar na leasuithe arna n-iarraidh agus na cúiseanna leo.

    2.   An nós imeachta maidir le sonraíocht táirge a leasú, leanfaidh sé, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 56 go 64.

    3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí bhíthin na rialacha i dtaca leis an nós imeachta maidir le sonraíocht táirge a leasú.

    4.   Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus le foirm agus cur i láthair iarratais ar shonraíocht táirge a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 67

    An clárú a chur ar ceal

    1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh a bhfuil bunús cuí léi ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach ann agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú, sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh;

    (b)

    i gcás nach gcuirtear aon táirge ar an margadh faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht ar feadh na 7 mbliana as a chéile roimhe sin ar a laghad.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún freisin trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme clárú a chealú arna iarraidh sin do tháirgeoirí an táirge arna mhargú faoin ainm cláraithe.

    3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 56 go 62 agus ag Airteagal 64 maidir leis an nós imeachta um chealú.

    Ní ghlacfar le freasúraí ach i gcás ina léirítear leo go bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach leasmhar ag brath go leanúnach ar an ainm cláraithe.

    4.   Sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit lena mbaineann, le húdaráis an tríú tír lena mbaineann nó, i gcás inar féidir, leis an táirgeoir tríú tír a rinne an t-iarratas ar chlárú an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin mí amháin ar a laghad.

    5.   Trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme leagfaidh an Coimisiún síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus le foirm agus cur i láthair na n-iarrataí ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú.

    6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 5 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 68

    Srian ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe a úsáid

    1.   Déanfar sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint ar aon mhí-úsáid nó aon aithris nó tabhairt chun cuimhne, fiú má aistrítear an t-ainm atá faoi chosaint, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú.

    2.   Níor cheart mearbhall maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe a bheith ina thoradh ar na hainmneacha táirgí talmhaíochta agus earraí bia a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta.

    3.   Beidh feidhm freisin ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola, mar shampla ríomhthráchtáil.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais nós imeachta a leagan síos maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo lena leagtar síos rialacha breise maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid in ainm táirgí próiseáilte trí thagairt a dhéanamh d’úsáid comhábhar inchomparáide agus na critéir maidir le saintréithe a thabhairt do na táirgí próiseáilte.

    Airteagal 69

    Eisceachtaí i gcás úsáidí áirithe

    Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar don mhéid seo a leanas:

    (a)

    téarmaí a úsáid atá cineálach san Aontas, fiú más cuid d’ainm atá faoi chosaint mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht é an téarma cineálach;

    (b)

    táirgí a chur ar an margadh a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí arna úsáid de mheon macánta ina cuid dá lipéadú nó arb é atá ina lipéadú ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí arna úsáid de mheon macánta;

    (c)

    cur i bhfeidhm rialacha an Aontais ná rialacha na mBallstát lena rialaítear maoin intleachtúil, agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus le tásca geografacha agus le trádmharcanna agus le cearta a dheonaítear faoi na rialacha sin.

    Airteagal 70

    Siombail, tásc agus giorrúchán de chuid an Aontais

    1.   Bunófar siombail de chuid an Aontais do tháirgí arna n-ainmniú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht. Ní fhéadfar an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’, an giorrúchán ‘STR’ ná siombail an Aontais lena dtagraítear don sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid ach amháin i dtaca le táirgí arna dtáirgeadh i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge ábhartha. Féadfar iad a úsáid freisin chun críoch faisnéise agus oideachais, ar choinníoll nach dócha go gcuirfidh an úsáid sin an tomhaltóir amú. Féadfar an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ nó an giorrúchán comhfhreagrach ‘STR’ a bheith le feiceáil ar an lipéadú.

    2.   I gcás táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht arna gclárú i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh siombail an Aontais dá dtagraítear i mír 2 le feiceáil ar an lipéadú agus ar na hábhair fógraíochta in éineacht leis an ainm cláraithe sa réimse céanna radhairc. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe.

    3.   Féadfar siombail an Aontais a chur ar lipéidú sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.

    4.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saintréithe teicniúla shiombail an Aontais a shonrú chomh maith leis na rialacha teicniúla maidir lena n-úsáid agus úsáid an táisc agus an ghiorrúcháin ar tháirgí a mhargaítear faoi shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear leaganacha teanga. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 71

    Rannpháirtíocht sa scéim earraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    1.   Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige nó aici ar tháirge a chomhlíonann an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach ainm atá cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar oibreoirí leis an bhfíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 72.

    Airteagal 72

    Rialuithe agus forfheidhmiú

    1.   Ciallaíonn rialuithe ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht:

    (a)

    fíorú go ndearnadh táirge arna ainmniú le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgeadh i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach; agus

    (b)

    fíorú gur úsáideadh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht sa mhargadh.

    2.   Chun críocha na Caibidle seo, áirítear le forfheidhmiú aon ghníomhaíocht arb é is aidhm di a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 68, 69 agus 70 den Rialachán seo.

    3.   Comhlíonfaidh údaráis inniúla, comhlachtaí tarmligthe agus daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625.

    4.   Gach oibreoir ar mian leis a bheith rannpháirteach in aon ghníomhaíocht a chumhdaítear le sonraíocht táirge táirge arna ainmniú le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, tabharfaidh sé fógra faoi do na húdaráis inniúla, do na comhlachtaí tarmligthe nó do na daoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 6, pointí (a) agus (b).

    Déanfaidh na Ballstáit liosta a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta de na hoibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí faoi réir ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá bhforáiltear i sonraíocht táirge táirge arna ainmniú le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá iontráilte i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ar a gcríoch.

    5.   Beidh táirgeoirí freagrach as féinrialuithe lena n-áirithítear go bhfuil táirgí arna n-ainmniú le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcomhréir le sonraíocht táirge na dtáirgí sin sula gcuirtear an táirge ar an margadh.

    6.   De bhreis ar na féinrialuithe dá dtagraítear i mír 5, sula gcuirtear ar an margadh táirge arna ainmniú le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht agus ar de thionscnamh an Aontais é, déanfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge:

    (a)

    ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 3, de Rialachán (AE) 2017/625; nó

    (b)

    comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó nó duine nádúrtha amháin nó níos mó ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu, dá dtagraítear i dTeideal II, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2017/625.

    7.   Maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh tríú tír, is iad seo a leanas a dhéanfaidh an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge sula gcuirfear an táirge ar an margadh:

    (a)

    údarás inniúil amháin nó níos mó arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an tríú tír; nó

    (b)

    comhlacht amháin nó níos mó deimhnithe táirge.

    Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. Féadfaidh na Ballstáit táille a ghearradh chun na costais a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a chumhdach.

    8.   Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 6 le haghaidh gach táirge arna ainmniú le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

    9.   Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i mír 7, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

    10.   Féadfaidh an Coimisiún tairseach dhigiteach a chur ar bun ina bpoibleofar ainm agus seoladh na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirge agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7.

    11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcumarsáid a bheidh le déanamh ag na tríú tíortha leis an gCoimisiún, lena n-áirítear maidir le hainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirge. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    12.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) a chur i bhfeidhm, na meáin a leagan síos trína bhfuil ainm agus seoladh na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo le poibliú.

    Airteagal 73

    Creidiúnú comhlachtaí tarmligthe agus comhlachtaí deimhnithe táirgí

    1.   Comhlíonfaidh na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 72(6), pointe (b), agus na comhlachtaí deimhnithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 72(7), pointe (b), ceachtar de na caighdeáin seo a leanas mar atá ábhartha do na cúraimí tarmligthe agus creidiúnófar iad i gcomhréir leis na caighdeáin sin:

    (a)

    Caighdeán EN ISO/IEC 17065 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’; nó

    (b)

    Caighdeán EN ISO/IEC 17020 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’.

    2.   Maidir leis an gcreidiúnú dá dtagraítear i mír 1, is comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar sínitheoir é le comhaontú iltaobhach faoi chuimsiú an Chomhair Eorpaigh don Chreidiúnú lena gclúdaítear na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1, nó comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas ar sínitheoir é le socrú aitheantais iltaobhach den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin nó socrú aitheantais iltaobhach den Chomhar Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne lena gclúdaítear na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfaidh an creidiúnú sin.

    Airteagal 74

    Fíorú ar úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht sa mhargadh agus forfheidhmiú

    1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as fíorú a dhéanamh ar úsáid sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht agus as gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh ina leith tar éis don táirge arna ainmniú le tásc geografach a bheith curtha ar an margadh, lena n-áirítear oibríochtaí ar nós stórála, idirthurais, dáilte nó tairisceana le díol, lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach. Féadfar gurb iad na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 72(6), pointe (a) a bheidh sna húdaráis sin. Déanfar úsáid shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a fhíorú ar bhonn anailíse riosca.

    2.   Áiritheoidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 go gcomhlíonfar sonraíocht táirge an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht lena mbaineann.

    3.   Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun cosc nó stop a chur le húsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear, a sholáthraítear nó a mhargaítear ina gcríoch, nó a bheartaítear a onnmhairiú go tríú tíortha, agus lena sáraítear cosaint na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 68.

    4.   Éascóidh an t-údarás arna ainmniú nó na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 an malartú faisnéise sna ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha, mar shampla póilíní, gníomhaireachtaí frith-ghóchumtha, custaim, oifigí maoine intleachtúla, údaráis dlí bia agus cigirí miondíola, chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú.

    Airteagal 75

    Oibleagáidí soláthraithe ar an margadh ar líne

    1.   Aon fhaisnéis a bhaineann le fógraíocht, cur chun cinn agus díol na dtáirgí atá inrochtana ag daoine atá bunaithe san Aontas agus a sháraíonn an chosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht dá bhforáiltear in Airteagail 68 den Rialachán seo, measfar gur ábhar neamhdhleathach í de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/2065.

    2.   Féadfaidh údaráis náisiúnta, bhreithiúnacha nó riaracháin na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065, ordú a eisiúint chun gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 76

    Cúnamh frithpháirteach agus malartú faisnéise

    1.   Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun na rialuithe agus an forfheidhmiú dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a dhéanamh i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2017/625.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú i measc na mBallstát agus na modhanna chun an fhaisnéis sin a mhalartú, chun críche rialuithe agus forfheidhmithe faoin gCaibidil seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 77

    Fianú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge

    1.   Oibreoir a gcinntear faoina tháirge, tar éis an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 72, go gcomhlíonann sé sonraíocht táirge sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht atá faoi chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé, arna iarraidh sin, agus ag brath ar an gcóras a chuirtear i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann i dteideal ceachtar díobh seo a leanas:

    (a)

    fianú, a d’fhéadfadh a bheith ina cóip dheimhnithe, lena ndeimhnítear go bhfuil an tsonraíocht táirge á comhlíonadh; nó

    (b)

    a bheith áirithe ar liosta oibreoirí formheasta arna bhunú ag an údarás inniúil, ar nós an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 72(4). Cuirfear sliocht ábhartha an liosta (‘liostú’) ar fáil ar líne do gach oibreoir formheasta.

    2.   Déanfar an fianú ar chomhlíonadh agus an liostú dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) faoi seach, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, bunaithe ar mheasúnú riosca.

    3.   Maidir le hoibreoir nach dtugtar an fianú ar chomhlíonadh dó a thuilleadh nó a baineadh den liosta, áiritheoidh na Ballstáit nach leanfaidh sé den fhianú ar chomhlíonadh nó den liostú a thaispeáint ná a úsáid.

    4.   Trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le foirm agus ábhar an fhianaithe ar chomhlíonadh agus maidir le liostú, chomh maith leis na foirmeacha ina gcuirfear ar fáil do na hoibreoirí nó na hallmhaireoirí iad agus na himthosca faoina gcaithfidh na hoibreoirí nó na hallmhaireoirí iad a chur ar fáil le haghaidh rialaithe nó le linn gnó, lena n-áirítear i gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    CAIBIDIL 3

    Téarmaí roghnacha cáilíochta

    Airteagal 78

    Cuspóir

    Bunófar scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta chun an chumarsáid laistigh den mhargadh inmheánach a éascú maidir le saintréithe breisluacha nó airíonna breisluacha táirgí talmhaíochta le haghaidh tháirgeoirí na dtáirgí sin.

    Airteagal 79

    Rialacha náisiúnta

    1.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta agus le scéimeanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún córas digiteach a bhunú agus tacaíocht a chur ar fáil dó chun na téarmaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i mír 1 a áireamh ann d’fhonn eolas ar na táirgí agus na scéimeanna a chothú ar fud an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla is gá chun fógra a thabhairt faoi na téarmaí roghnacha cáilíochta a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    Airteagal 80

    Téarmaí roghnacha cáilíochta

    1.   Comhlíonfar na critéir seo a leanas leis na téarmaí roghnacha cáilíochta:

    (a)

    baineann siad le saintréith catagóire táirgí amháin nó níos mó, nó le hairí feirmeoireachta nó próiseála a bhfuil feidhm aige i réimsí sonracha;

    (b)

    cuireann a n-úsáid luach leis an táirge i gcomparáid le táirgí de chineál comhchosúil; agus

    (c)

    baineann gné Aontais leo.

    2.   Na téarmaí roghnacha cáilíochta a thugann tuairisc ar cháilíochtaí táirgí teicniúla arb é is cuspóir dóibh caighdeáin mhargaíochta éigeantacha a chur chun feidhme agus nach bhfuil beartaithe leo tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cháilíochtaí na dtáirgí sin, ní thiocfaidh siad faoi raon feidhme na Caibidle seo.

    3.   Ní áireofar le téarmaí roghnacha cáilíochta téarmaí roghnacha forchoimeádta lena dtacaítear le caighdeáin shonracha mhargaíochta agus lena gcomhlánaítear na caighdeáin sin ar bhonn earnála nó ar bhonn catagóire táirge.

    4.   Chun saintréithe sonracha d’earnálacha áirithe chomh maith le hionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos.

    5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le foirmeacha, nósanna imeachta nó mionsonraí teicniúla eile a leagan síos, rialacha is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    6.   Agus gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige i gcomhréir le míreanna 4 agus 5, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha san áireamh.

    Airteagal 81

    Téarmaí roghnacha cáilíochta breise a fhorchoimeád

    Chun ionchais tomhaltóirí, an dul chun cinn san fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil, staid na margaí agus an dul chun cinn sna caighdeáin mhargaíochta agus sna caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí théarmaí breise roghnacha cáilíochta agus lena leagtar síos na coinníollacha dá n-úsáide.

    Airteagal 82

    Táirge sléibhe

    1.   Bunófar an téarma ‘táirge sléibhe’ mar théarma roghnach cáilíochta. Forchoimeádfar é mar chomhthéarma. Ní úsáidfear é ach chun tuairisc a thabhairt ar tháirgí a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE i leith an mhéid seo a leanas:

    (a)

    ó limistéir shléibhe go bunúsach a thagann na hamhábhair agus an bheatha le haghaidh ainmhithe feirme araon;

    (b)

    i gcás táirgí próiseáilte, tarlaíonn an phróiseáil freisin i limistéir shléibhe.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, is iad na limistéir shléibhe laistigh den Aontas na limistéir a dhéantar a theorannú de bhun Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

    I gcás táirgí tríú tíortha, áireofar le limistéir shléibhe limistéir arna n-ainmniú go hoifigiúil mar limistéir shléibhe ag an tríú tír lena mbaineann nó limistéir a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach sa in Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

    3.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus chun srianta nádúrtha a bhfuil tionchar acu ar tháirgeacht talmhaíochta i limistéir shléibhe a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaoluithe ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos, go háirithe na coinníollacha faoina gceadaítear d’amhábhair nó do bheatha teacht ó áiteanna lasmuigh de na limistéir shléibhe, na coinníollacha faoina gceadaítear go ndéantar táirgí a phróiseáil lasmuigh de na limistéir shléibhe i limistéar geografach a shaineofar, agus an sainiú ar an limistéar geografach sin.

    4.   Chun srianta nádúrtha a bhfuil tionchar acu ar tháirgeacht talmhaíochta i limistéir shléibhe a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 lena bhforlíontar an Rialachán seo a bhaineann leis na modhanna táirgeachta a bhunú agus le critéir eile atá ábhartha maidir leis an téarma roghnach cáilíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 83

    Srianta ar úsáid agus rialuithe

    1.   Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a thabhairt ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.

    2.   Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais nó na rialacha náisiúnta lena rialaítear maoin intleachtúil agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus trádmharcanna, agus cearta a dheonaítear faoi na rialacha sin.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2).

    4.   Tabharfaidh na Ballstáit faoi rialuithe, bunaithe ar anailís riosca, chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a áirithiú agus, i gcás ina sáraítear iad, forchuirfidh siad na pionóis iomchuí riaracháin.

    TEIDEAL IV

    LEASUITHE AR RIALACHÁIN (AE) UIMH. 1308/2013, (AE) 2019/787 AGUS (AE) 2019/1753

    Airteagal 84

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 93(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)

    ‘(b)

    ciallaíonn “tásc geografach” ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, a shainmhíníonn táirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) agus ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

    (i)

    tá a cháilíocht shonrach, a cháil nó saintréithe eile de inchurtha i leith a thionscnaimh gheografaigh;

    (ii)

    is de thionscnamh áite, réigiúin nó tíre ar leith é;

    (iii)

    is de thionscnamh an limistéir gheografaigh sin amháin iad 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

    (iv)

    táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

    (v)

    faightear ó chineálacha fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera nó ó chrosáil an speicis Vitis vinifera le speiceas eile den ghéineas Vitis é;’;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 94 agus 95:

    ‘Airteagal 94

    Sonraíocht táirge

    1.   Leis an tsonraíocht táirge, cuirfear ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe a bhaineann leis an ainmniúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach a fhíorú. Is é a bheidh sa tsonraíocht táirge:

    (a)

    an t-ainm atá le cosaint;

    (b)

    catagóirí na dtáirgí fíniúna;

    (c)

    an cineál táisc gheografaigh, ar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint é;

    (d)

    tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

    (i)

    i ndáil le fíon a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh aige, a phríomhshaintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha;

    (ii)

    i ndáil le fíon a bhfuil tásc geografach aige, a phríomhshaintréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a shaintréithe orgánaileipteacha;

    (e)

    i gcás inarb is infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

    (f)

    sainiú an limistéir gheografaigh theormharcáilte maidir leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (i) den mhír seo;

    (g)

    an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

    (h)

    tásc maidir leis an gcineál nó na cineálacha fíonchaor óna bhfaightear an fíon nó na fíonta;

    (i)

    na mionsonraí maidir leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i), nó, de réir mar a bheidh, i bpointe (b)(i):

    (i)

    a mhéid a bhaineann le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i); i gcás inarb ábhartha, féadfar na mionsonraí a bhaineann le tosca daonna na timpeallachta geografaí sin a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach, ábhar plandaí agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le tosca nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa phointe sin;

    (ii)

    a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht ar leith, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (b)(i);

    (j)

    ceanglais eile is infheidhme i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó, más infheidhme, grúpa táirgeoirí aitheanta foráil dóibh, ar choinníoll go bhfuil na ceangail sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach leis an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais.

    2.   Féadfar cleachtais inbhuanaithe a áireamh sa tsonraíocht táirge i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

    3.   I gcás ina mbeidh an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe, beidh sa tsonraíocht táirge freisin tuairisc ar an bhfíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe i gcomhréir le mír 1, pointe (d), mutatis mutandis agus, i gcás inarb infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe a dhéanamh, chomh maith leis na srianta ábhartha maidir lena ndéanamh.

    Airteagal 95

    Doiciméad aonair

    1.   Áireofar an méid seo a leanas sa doiciméad aonair:

    (a)

    an t-ainm atá le cosaint mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach;

    (b)

    an Ballstát nó an tríú tír lena mbaineann an limistéar críochaithe;

    (c)

    an cineál táisc gheografaigh;

    (d)

    tuairisc ar an bhfíon nó na fíonta;

    (e)

    catagóirí na dtáirgí finiúna;

    (f)

    an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

    (g)

    an tásc maidir leis an gcineál nó cineálacha fíonchaor óna bhfaightear an fíon nó na fíonta;

    (h)

    sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochnaithe;

    (i)

    tuairisc ar an nasc dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (i);

    (j)

    i gcás inarb infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

    (k)

    i gcás inarb infheidhme, na rialacha sonracha a bhaineann le pacáistiú agus lipéadú chomh maith le haon cheanglais riachtanacha ábhartha eile.

    2.   I gcás ina gcumhdófar catagóirí éagsúla táirgí fíniúna in iarratas, léireofar na mionsonraí a ghabhann leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (i), maidir le gach catagóir táirgí fíniúna lena mbaineann.

    (*1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj)’;"

    (3)

    scriostar Airteagail 96 go 99;

    (4)

    in Airteagal 100, scriostar míreanna 1 agus 2;

    (5)

    scriostar Airteagail 101 agus 102;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 103:

    ‘Airteagal 103

    Cosaint

    Déanfar na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint dá dtagraítear sa Rialachán seo a chosaint i gcomhréir le hAirteagail 26 go 31, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2024/1143.’;

    (7)

    scriostar Airteagail 104 go 106;

    (8)

    in Airteagal 107, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 110:

    ‘Airteagal 110

    Cumhachtaí cur chun feidhme

    1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (a)

    foirm na sonraíochta táirge;

    (b)

    sainmhíniú ar fhormáid agus cur i láthair ar líne an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 95;

    (c)

    eisiamh nó a anaithnidiú sonraí pearsanta.

    2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.’;

    (10)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 113a

    Caidreamh le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

    1.   Maidir le téarma traidisiúnta a sháródh a úsáid Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1143, diúltófar dá chlárú má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an téarma thraidisiúnta tar éis an dáta a cuireadh an t-iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin.

    2.   Dearbhóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go bhfuil aon téarmaí traidisiúnta atá cláraithe de shárú ar mhír 1 den Airteagal seo neamhbhailí agus bainfidh sé iad den chlár dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 (*2) ón gCoimisiún.

    3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

    (*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46).’;"

    (11)

    i gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoroinn 4:

    ‘Foroinn 4

    Seiceálacha chun comhlíonadh na sonraíochta táirge le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a fhíorú agus chun comhréireacht leis an sainmhíniú agus na coinníollacha maidir le húsáid téarmaí traidisiúnta faoi chosaint a fhíorú, agus ar fhorfheidhmiú na gcoinníollacha maidir le húsáid téarmaí traidisiúnta

    Airteagal 116a

    Seiceálacha

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear sa Rialachán seo.

    2.   Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as comhlíonadh sonraíochtaí táirge a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a fhíorú agus comhréireacht leis an sainmhíniú agus na coinníollacha maidir le húsáid téarmaí traidisiúnta a fhíorú, agus as na coinníollacha maidir le húsáid téarmaí traidisiúnta a fhorfheidhmiú. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (4), agus Airteagal 5(1), (4) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

    3.   Laistigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/625 atá ag feidhmiú mar chomhlacht deimhnithe táirge i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil III, den Rialachán sin, a fhíorú go bhfuil na sonraíochtaí táirge á gcomhlíonadh ar bhonn bliantúil, le linn tháirgeadh an fhíona agus le linn a chomhoiriúnaithe nó ina dhiaidh, agus déanfaidh sé comhréireacht leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 112 den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, leis na coinníollacha maidir le húsáid an téarma thraidisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 115(3) den Rialachán seo a fhíorú.

    Gach oibreoir ar mian leis a bheith rannpháirteach in aon ghníomhaíocht a chumhdaítear le sonraíocht táirge táirge arna ainmniú le hainmniúchán tionscnaimh nó le tásc geografach, tabharfaidh sé fógra faoi don údarás inniúil nó do na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfaidh na Ballstáit liosta oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta faoi réir ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá bhforáiltear i sonraíocht táirge d’ainmniúchán tionscnaimh nó táisc gheografaigh atá curtha isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad.

    4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún;

    (b)

    rialacha lena rialaítear an t-údarás atá freagrach as comhlíonadh sonraíochtaí táirge a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a fhíorú, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír, agus as comhréireacht leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 112 agus, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha maidir le húsáid téarmaí traidisiúnta a fhíorú;

    (c)

    na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;

    (d)

    na seiceálacha chun comhlíonadh na sonraíochta táirge atá le déanamh ag na Ballstáit a fhíorú, lena n-áirítear tástáil.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’

    (*3)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).’;"

    (12)

    in Airteagal 120(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(h)

    na giorrúcháin “ATFC” nó “TGFC” a chomhfhreagraíonn do na tásca “ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint.”;’

    (13)

    leasaítear Airteagal 166a mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Gan dochar d’Airteagail 167 agus 167a den Rialachán seo, arna iarraidh sin d’eagraíocht táirgeoirí nó do chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(1) nó 161(1) den Rialachán seo, eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(1) den Rialachán seo, grúpa táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2024/1143, grúpa táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1143, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse theoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a thairbhíonn ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Airteagal 46(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 nó faoi Airteagal 93(1), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo. I gcás gurb ann do ghrúpa táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1143, ní bheidh an ceart sin ag an ngrúpa táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin.’;

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    féadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana, ach amháin arna iarraidh sin do ghrúpa táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcás ina bhféadfaidh an tréimhse sin a bheith suas le 6 bliana, ach féadfar í a athnuachan tar éis na tréimhse sin tar éis iarraidh nua a fháil, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;’;

    (14)

    in Airteagal 231, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 113a maidir le hiarratais ar chosaint téarma traidisiúnta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin roimh an 13 Bealtaine 2024.’.

    Airteagal 85

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/787

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 3, scriostar pointí 6 agus 7;

    (2)

    scriostar Airteagail 16 agus 21;

    (3)

    in Airteagal 22, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘1a   Féadfar cleachtais inbhuanaithe a áireamh sa tsonraíocht táirge freisin.’;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    ‘Airteagal 23

    Doiciméad aonair

    Beidh an méid seo a leanas sa doiciméad aonair:

    (a)

    príomhphointí na sonraíochta táirge, lena n-áirítear an t-ainm atá le cosaint, an chatagóir lena mbaineann an deoch bhiotáilleach nó an téarma “deoch bhiotáilleach”, an modh táirgthe, tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, sainiú achomair ar an limistéar geografach, agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú;

    (b)

    tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (4), lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na gnéithe sonracha den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe atá ina n-údar leis an nasc sin.’;

    (5)

    scriostar Airteagail 24 go 33;

    (6)

    leasaítear Airteagal 34 mar seo a leanas:

    (a)

    scriostar míreanna 1, 2 agus 3;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘Ní dochar cosaint tásc geografach faoin Rialachán seo do thásca geografacha faoi chosaint agus d’aimniúcháin tionscnaimh faoi chosaint táirgí fíona faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’;

    (7)

    scriostar Airteagail 35, 36, 38, 39 agus 40;

    (8)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

    ‘Airteagal 42

    Cumhachtaí cur chun feidhme

    1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    foirm na sonraíochta táirge;

    (b)

    an sainmhíniú ar fhormáid agus ar chur i láthair an doiciméid aonair ar líne dá bhforáiltear in Airteagal 23;

    (c)

    sonraí pearsanta a eisiamh nó a anaithnidiú.

    2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 88(2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

    (*4)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj)’;"

    (9)

    leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

    (a)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘9a.

    Biotáille prátaí

    (a)

    Is deoch bhiotáilleach biotáille prátaí ar trí choipeadh agus trí dhriogadh alcólach ag níos lú ná 94,8 % toirte ar thiúbair prátaí go heisiach a tháirgtear í, ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear.

    (b)

    Is é 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh i mbiotáille prátaí.

    (c)

    Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille prátaí.

    (d)

    Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

    (e)

    Ní dhéanfar biotáille prátaí a bhlaistiú.

    (f)

    Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille prátaí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

    (g)

    Féadfar biotáille prátaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.’;

    (b)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    ‘13a.

    Biotáille aráin

    (a)

    Is deoch bhiotáilleach biotáille aráin ar trí choipeadh agus trí dhriogadh alcólach ag níos lú ná 86 % toirte d’arán úr go heisiach a tháirgtear í, ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear.

    (b)

    Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille aráin.

    (c)

    Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

    (d)

    Ní dhéanfar biotáille aráin a bhlaistiú.

    (e)

    Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille aráin ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

    (f)

    Féadfar biotáille aráin a mhilsiú chun blas deiridh a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

    13b.

    Biotáille sú beithe, biotáille sú mailpe agus biotáille sú beithe agus mailpe

    (a)

    Is deochanna biotáilleacha iad biotáille sú beithe, biotáille sú mailpe agus biotáille sú beithe agus mailpe, a tháirgtear iad go heisiach trí dhriogadh díreach a dhéanamh faoi ghnáthbhrú ar mhaistreáin a fhaightear ó choipeadh beithe nó sú mailpe úir, nó an dá rud, ar lú ná 88 % a neart alcóil de réir toirte, ionas go mbíonn saintréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a thagann as sú beithe nó sú mailpe nó an dá rud.

    (b)

    Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille sú beithe, i mbiotáille sú mailpe, agus i mbiotáille sú beithe agus mailpe.

    (c)

    Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

    (d)

    Ní dhéanfar biotáille sú beithe, biotáille sú mailpe ná biotáille sú beithe agus mailpe a bhlaistiú.

    (e)

    Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille sú beithe, le biotáille sú mailpe ná le biotáille sú beithe agus mailpe ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

    (f)

    Féadfar biotáille sú beithe, biotáille sú mailpe agus biotáille sú beithe agus mailpe a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.’.

    Airteagal 86

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1753

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1753 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘2a.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina dtagann an iarraidh a dhírítear chuig an mBallstát dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), ó ghrúpa táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), cuimseofar san iarraidh sin faisnéis infhíoraithe maidir leis an leas eacnamaíoch a ghabhann le cosaint idirnáisiúnta an táisc gheografaigh lena mbaineann.

    Ar bhonn na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an leas eacnamaíoch a ghabhann le cosaint idirnáisiúnta an táisc gheografaigh sin. I gcás ina suitear sa mheastóireacht sin gurb ann don leas eacnamaíoch sin, iarrfaidh an Ballstát sin ar an gCoimisiún an tásc geografach sin a chlárú.

    (*5)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj)’;"

    (2)

    in Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘2a.   I ndáil le gach ainmniúchán tionscnaimh ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, le haghaidh táirge nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1143, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn iarrata ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 5(2) d’Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive, nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh ceann de na nithe seo a leanas a iarraidh:

    (a)

    clárú idirnáisiúnta an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Ionstraim na Ginéive laistigh de 12 mhí ó dháta a chláraithe faoi Rialachán (AE) 2024/1143, má dhaingnigh an Ballstát sin Ionstraim na Ginéive nó má d’aontaigh sé di de bhun an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754; nó

    (b)

    cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

    I gcás na hiarrata dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin rogha dá dtagraítear san fhomhír sin laistigh de mhí amháin ó dháta cláraithe an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus, i gcás na hiarrata dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin faoin 14 Bealtaine 2025.

    Sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhordú leis an gCoimisiún, leis an mBiúró Idirnáisiúnta an bhfuil aon mhodhnuithe ann a bheidh le déanamh faoi Riail 7 (4) de na Comhrialacháin chun clárú a dhéanamh faoi Ionstraim na Ginéive. Údaróidh an Coimisiún don Bhallstát, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, chun foráil a dhéanamh do na modhnuithe riachtanacha agus chun fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán seo.

    I gcás ina ndiúltófar don iarraidh ar chlárú faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus ina mbeidh na leighis riaracháin agus bhreithiúnacha ghaolmhara ídithe, nó nach mbeidh an iarraidh ar chlárú faoi Ionstraim na Ginéive déanta, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.’.

    TEIDEAL V

    CUMHACHTAÍ A THARMLIGEAN, FORÁLACHA NÓS IMEACHTA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 87

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Is go ceann tréimhse 7 mbliana ón 13 Bealtaine 2024 a thabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 17(10), Airteagal 24(10), Airteagal 27(5), Airteagal 35(2), Airteagal 47(5), Airteagal 48(4), Airteagal 49(3), Airteagal 53(5), Airteagal 54(2), Airteagal 61(10), Airteagal 66(3) Airteagal 68(5), Airteagal 80(4), Airteagal 81 agus Airteagal 82(3) agus (4) a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a bhaineann leis na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun na nAirteagal dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 88

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an Coiste um Beartas Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, fíona agus deochanna biotáilleacha cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 89

    Foráil idirthréimhseach le haghaidh aicmiú tásc geografach

    Aicmiú tásc geografach arna gclárú nó a ndearnadh iarratas orthu roimh an 13 Bealtaine 2024, ar aicmiú é dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfar é i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

    Airteagal 90

    Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh iarratais ar feitheamh agus ainmneacha cláraithe

    1.   Na rialacha is infheidhme roimh an 13 Bealtaine 2024, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach, maidir le hiarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge agus maidir le hiarrataí ar thásca geografacha a chealú a gheobhaidh an Coimisiún roimh an 13 Bealtaine 2024.

    2.   Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 17 agus 19, Airteagail 20(1) go (5) agus Airteagal 21 maidir leis na hiarratais agus na hiarrataí sin a ndéantar an foilsiú, le haghaidh freasúra, an iarratais ar chlárú táisc gheografaigh, le haghaidh an iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge nó na hiarrata ar thásc geografach a chealú ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis an 13 Bealtaine 2024.

    3.   Beidh feidhm freisin ag an bhforáil maidir le síneadh a chur leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 20(7) i ndáil le hidirthréimhsí a bheidh fós ar siúl an 13 Bealtaine 2024.

    4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 29(4) maidir le hainmneacha a cláraíodh nó a ndearnadh iarratas orthu roimh an 13 Bealtaine 2024.

    5.   Na rialacha is infheidhme roimh an 13 Bealtaine 2024, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar chlárú sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, maidir le hiarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge agus maidir le hiarrataí ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú a gheobhaidh an Coimisiún roimh an 13 Bealtaine 2024.

    6.   Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 61 go 64 maidir leis na hiarratais agus na hiarrataí sin a ndéantar an foilsiú, le haghaidh freasúra, an iarratais ar chlárú sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, nó le haghaidh an iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge nó na hiarrata ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis an 13 Bealtaine 2024.

    Airteagal 91

    Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an nós imeachta náisiúnta freasúra le haghaidh tásca geografacha

    Beidh feidhm ag na forálacha idirthréimhseacha seo a leanas:

    (a)

    de mhaolú ar Airteagal 84, pointe (3), den Rialachán seo, leanfaidh Airteagal 96(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2024;

    (b)

    de mhaolú ar Airteagal 85, pointe (5), den Rialachán seo, leanfaidh Airteagal 24(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2024;

    (c)

    de mhaolú ar Airteagal 94 den Rialachán seo, leanfaidh Airteagal 49(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

    Airteagal 92

    Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh tásca geografacha náisiúnta

    1.   Maidir le cosaint tásc geografach do tháirgí nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, arna ndeonú faoin dlí náisiúnta, tiocfaidh deireadh leis an gcosaint sin an 14 Bealtaine 2025 mura seoltar aon iarratas ar chlárú chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

    2.   Má chuirtear iarratas ar chlárú táisc gheografaigh, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chuig an gCoimisiún roimh an dáta dá dtagraítear sa mhír sin, tiocfaidh deireadh le cosaint náisiúnta an táisc gheografaigh sin ar an dáta a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lena chlárú i gcomhréir le hAirteagal 21. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10 maidir leis an iarratas sin. I gcás ina ndiúltófar don iarratas ar chlárú, leanfar den chosaint náisiúnta go dtí go mbeidh na leighis bhreithiúnacha uile ídithe, más ábhartha. Nuair a bheidh deireadh leis an gcosaint náisiúnta, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh chomhfhreagraigh sin i gClár Idirnáisiúnta an Bhiúró Idirnáisiúnta.

    Airteagal 93

    Leanúnachas na gclár

    1.   Gach ainmniúchán tionscnaimh agus gach tásc geografach i gcás fíona agus táirgí talmhaíochta, agus gach tásc geografach i gcás deochanna biotáilleacha, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, agus sonraí a bhaineann le hiarratais ar chlárú, ar leasú nó ar chealú atá ar feitheamh, arna gcur isteach sna cláir um thásca geografacha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, Airteagal 104 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/787 an 12 Bealtaine 2024, cuirfear isteach go huathoibríoch iad i gclár an Aontais um thásca geografacha.

    2.   Gach sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheidh curtha isteach sa chlár um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile agus sonraí a bhaineann le hiarratais ar chlárú, ar leasú nó ar chealú ar feitheamh an 12 Bealtaine 2024, cuirfear isteach go huathoibríoch iad i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

    Airteagal 94

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    Airteagal 95

    Tábla comhghaoil

    Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus tagairtí do na forálacha scriosta dá dtagraítear in Airteagal 84 agus 85 den Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 96

    Aisghairm agus ionadú gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó ar bhonn na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagail 84 agus 85 den Rialachán seo a aisghairm nó a ionadú, a mhéid is gá chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    Airteagal 97

    Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 13 Bealtaine 2024.

    Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 10(4) agus (5), Airteagal 39(1) agus Airteagal 45 ón 1 Eanáir 2025.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 116.

    (2)   IO C 79, 2.3.2023, lch. 74.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Márta 2024.

    (4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

    (7)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

    (9)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

    (10)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

    (11)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna a chomhfhogasú (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).

    (13)   IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.

    (14)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

    (15)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (16)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

    (17)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

    (18)  Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 1).

    (19)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (21)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

    (22)  Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).

    (23)  Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).

    (24)  Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí a mhargú (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).

    (25)  Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).

    (26)  Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).

    (27)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

    (28)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

    (29)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).

    (30)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


    IARSCRÍBHINN I

    Táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c)

    Táirgí

    Ceannteideal AC 25.01 (salann)

    Ceannteideal AC 32.03 (carnaid)

    Ceannteideal AC 33.01 (blátholaí)

    Ceannteidil AC 35.01 go 35.05 (táirgí albaimionóideacha; stáirsí modhnaithe; gliúnna)

    Ceannteidil AC 41.01 go 41.03 (seithí agus craicne)

    Ceannteideal AC 43.01 (craicne fionnaidh amha)

    Ceannteideal AC 45.01 (corc)

    Ceannteidil AC 50.01 go 50.03 (síoda amh agus dramhshíoda)

    Ceannteidil AC 51.01 go 51.03 (olann agus fionnadh ainmhíoch)

    Ceannteidil AC 52.01 go 52.03 (cadás amh, dramhaíl chadáis agus cadás cardáilte nó cíortha)

    Ceannteideal AC 53.01 (líon amh)

    Ceannteideal AC 53.02 (cnáib amh)


    IARSCRÍBHINN II

    Earraí bia agus táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 51

    Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    (a)

    béilí réamhullmhaithe,

    (b)

    beoir,

    (c)

    seacláid agus táirgí díorthaithe,

    (d)

    arán,

    (e)

    taosrán agus cácaí,

    (f)

    milseogra,

    (g)

    brioscaí agus táirgí eile báicéirí,

    (h)

    deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

    (i)

    pasta,

    (j)

    salann,

    (k)

    uiscí aeraithe,

    (l)

    corc.


    IARSCRÍBHINN III

    Tábla comhghaoil a bhaineann le haicmiú dá dtagraítear in Airteagal 89

    Aicmiú táirgí atá ann cheana

    Ceannteidil na hAinmníochta Comhcheangailte a chomhfhreagraíonn don aicmiú táirgí atá ann cheana

    Fíonta

    AC 22 04

    Deochanna biotáilleacha

    AC 22 08

    Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

    AC 02

    Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

    AC 16

    Aicme 1.3. Cáiseanna

    AC 04 06

    Aicme 1.4. Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.)

    AC 04

    Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)

    AC 15

    Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

    AC 07; AC 08; AC 10; AC 11; AC 20

    Aicme 1.7. Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe

    AC 03; AC 16

    Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.)

    Cumhdaítear le hAicme 1.8 ceannteidil éagsúla den ainmníocht chomhcheangailte

    Aicme 2.1. Beoir

    AC 22 03

    Aicme 2.2. Seacláid agus táirgí díorthaithe

    AC 18 06

    Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus táirgí eile báicéirí

    AC 19 05

    Aicme 2.4. Deochanna a dhéantar as eastóscáin plandaí,

    AC 22 05; AC 22 06

    Aicme 2.5. Pasta

    AC 19 02

    Aicme 2.6. Salann

    AC 25 01

    Aicme 2.7. Gumaí agus roisíní nádúrtha

    AC 13 01

    Aicme 2.8. Leafaos mustaird

    AC 21 03

    Aicme 2.9. Féar tirim

    AC 12 14 90

    Aicme 2.10. Blátholaí

    AC 33 01

    Aicme 2.11. Corc

    AC 45 01

    Aicme 2.12. Carnaid

    AC 32 03

    Aicme 2.13. Bláthanna agus plandaí ornáideacha

    AC 06 02; AC 06 03; AC 06 04

    Aicme 2.14. Cadás

    AC 52 01

    Aicme 2.15. Olann

    AC 51 01

    Aicme 2.16. Caolach

    AC 14 01

    Aicme 2.17. Líon scobailte

    AC 53 01 21

    Aicme 2.18. Leathar

    AC 41

    Aicme 2.19. Fionnadh

    AC 43 01

    Aicme 2.20. Cleite

    AC 05 05

    Aicme 2.21. Fíonta cumhraithe

    AC 22 05

    Aicme 2.22. Deochanna alcólacha eile

    AC 22 06

    Aicme 2.23. Céir beach

    AC 15 21 90


    IARSCRÍBHINN IV

    Tábla comhghaoil

    An Rialachán seo

    Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

    Rialachán (AE) 2019/787

    Airteagal 1

    Airteagal 2

    Airteagal 3

    Airteagal 101(1), an dara fomhír

    Airteagal 3(6) agus (7)

    Airteagal 3

    Airteagal 4

    Airteagail 1 agus 4

    Airteagal 5

    Airteagal 2

    Airteagal 99(3)

    Airteagal 6

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 9

    Airteagal 49(1)

    Airteagal 95 sa leagan de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i bhfeidhm an 12 Bealtaine 2024.

    Airteagal 24(1),(2),(3) agus (4), an chéad fhomhír

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 49(2)

    Airteagal 96(2)

    Airteagal 24(5), an chéad fhomhír

    Airteagal 10(2)

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 94(1) sa leagan de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i bhfeidhm an 12 Bealtaine 2024.

    Airteagal 23(1) sa leagan de Rialachán (AE) 2019/787 i bhfeidhm an 12 Bealtaine 2024.

    Airteagal 10(3)

    Airteagal 49(2)

    Airteagal 96(3), an chéad fhomhír

    Airteagal 24(5), an dara fomhír

    Airteagal 10(4) agus (5)

    Airteagal 49(3), an chéad fhomhír

    Airteagal 96(3), an dara fomhír

    Airteagal 24(6), an chéad fhomhír

    Airteagal 10(6)

    Airteagal 49(4)

    Airteagal 96(5), an chéad fhomhír

    Airteagal 24(7), an chéad fhomhír

    Airteagal 10(7)

    Airteagal 49(4)

    Airteagal 24(7), an dara agus an tríú fomhír

    Airteagal 10(8)

    Airteagal 24(4), an tríú fomhír

    Airteagal 11

    Airteagal 9

    Airteagal 25

    Airteagal 12

     

    Airteagal 13(1)

    Airteagal 8(2) agus Airteagal 49(4), an chéad fhomhír

    Airteagal 96(5), an dara agus an tríú fomhír

    Airteagal 23(2) sa leagan de Rialachán (AE) 2019/787 i bhfeidhm an 12 Bealtaine 2024, agus Airteagal 24(7), an chéad agus an ceathrú fomhír

    Airteagal 13(2)

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 23(1) sa leagan de Rialachán (AE) 2019/787 i bhfeidhm an 12 Bealtaine 2024.

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 13(4)

    Airteagal 49(6)

    Airteagal 24(9)

    Airteagal 13(5)

    Airteagal 49(7)

    Airteagal 14

    Airteagal 14(2)

    Airteagal 49(5)

    Airteagal 24(8)

    Airteagal 14(3)

    Airteagal 24(4), an dara fomhír

    Airteagal 14(4)

    Airteagal 50(1), an tríú fomhír

    Airteagal 97(1)

    Airteagal 26(1), an dara fomhír

    Airteagal 15(1), (2) agus (3)

    Airteagal 50(1)

    Airteagal 97(2)

    Airteagal 26(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 15(4)

    Airteagal 50(2)

    Airteagal 96(4), an chéad fhomhír

    Airteagal 26(2)

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 49(8)

    Airteagal 96(6)

    Airteagal 16(2), (3) agus (4)

    Airteagal 50(3)

    Airteagal 97(3)

    Airteagal 17

    Airteagal 51

    Airteagal 98

    Airteagal 27

    Airteagal 18

    Airteagal 19

    Airteagal 10

    Airteagal 28

    Airteagal 20

    Airteagal 15

    Airteagal 29

    Airteagal 21(1)

    Airteagal 52(1)

    Airteagal 97(4), an dara fomhír

    Airteagal 30(1)

    Airteagal 21(2), (3) agus (5)

    Airteagal 52(2), (3) agus (4)

    Airteagal 99(1) agus (2)

    Airteagal 30(2), (3) agus (4)

    Airteagal 21(4)

    Airteagal 22

    Airteagal 11

    Airteagal 104

    Airteagal 33

    Airteagal 23

    Airteagal 24

    Airteagal 53

    Airteagal 105

    Airteagal 31

    Airteagal 25

    Airteagal 54

    Airteagal 106

    Airteagal 32

    Airteagal 26

    Airteagal 13

    Airteagal 103

    Airteagal 21

    Airteagal 27

    Airteagal 28(1)

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 101(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 35(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 28(2)

    Airteagal 41(2)

    Airteagal 101(1), an tríú fomhír

    Airteagal 35(2), an dara fomhír

    Airteagal 29(1) agus (2)

    Airteagal 6(3)

    Airteagal 100(1) agus (2)

    Airteagal 34(1) agus (2)

    Airteagal 29(3) agus (4)

    Airteagal 30

    Airteagal 6(4)

    Airteagal 101(2)

    Airteagal 35(2)

    Airteagal 31(1), (2) agus (3)

    Airteagal 14

    Airteagal 102

    Airteagal 36

    Airteagal 31(4)

    Airteagal 31(5)

    Airteagal 12(5)

    Airteagal 32

    Airteagal 45

    Airteagal 33

    Airteagal 34

    Airteagal 35

    Airteagal 36

    Airteagal 12(1) agus Airteagal 46

    Airteagal 37(1)

    Airteagal 44

    Airteagal 16

    Airteagal 37(2)

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 37(3)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 37(4)

    Airteagal 37(5)

    Airteagal 37(6)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 37(7)

    Airteagal 37(8)

    Airteagal 37(9)

    Airteagal 12(4)

    Airteagal 37(10)

    Airteagal 12(6)

    Airteagal 37(11)

    Airteagal 12(7)

    Airteagal 38(1)

    Airteagal 35

    Airteagal 38(2)

    Airteagal 36(3)

    Airteagal 39(1)

    Airteagal 38(1)

    Airteagal 39(3)

    Airteagal 37(1)

    Airteagal 38(2)

    Airteagal 39(4)

    Airteagal 37(2)

    Airteagal 38(3)

    Airteagal 39(6)

    Airteagal 38(2), an dara fomhír

    Airteagal 39(7)

    Airteagal 38(2), an tríú fomhír

    Airteagal 40(1)

    Airteagal 38(4), an chéad fhomhír

    Airteagal 40(2)

    Airteagal 37(3)

    Airteagal 38(4), an dara fomhír

    Airteagal 41

    Airteagal 39

    Airteagal 38(5)

    Airteagal 42(1)

    Airteagal 39(2), an dara fomhír

    Airteagal 42(2)

    Airteagal 39(1)

    Airteagal 42(3)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 39(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 42(4) agus (5)

    Airteagal 43

    Airteagal 44

    Airteagal 45

    Airteagal 46(1)

    Airteagal 5(1)

    Airteagal 46(2)

    Airteagal 5(2)

    Airteagal 46(3)

    Airteagal 5(3)

    Airteagal 47(5)

    Airteagal 5(4), an dara agus an tríú fomhír

    Airteagal 48(1) agus (2)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 48(3)

    Airteagal 42(1)

    Airteagal 48(4)

    Airteagal 42(2)

    Airteagal 49

    Airteagal 7

    Airteagal 50(1)

    Airteagal 8(1)(c)

    Airteagal 50(2)

    Airteagal 49(7), an dara fomhír

    Airteagal 51

    Airteagal 2(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 52

    Airteagal 17

    Airteagal 53

    Airteagal 18

    Airteagal 54

    Airteagal 19

    Airteagal 55

    Airteagal 45

    Airteagal 56(1)

    Airteagal 49(1)

    Airteagal 56(2)

    Airteagal 20(1)

    Airteagal 56(3)

    Airteagal 49(2), (3) agus (4), an chéad fhomhír

    Airteagal 56(4)

    Airteagal 49(4), an dara agus an tríú fomhír

    Airteagal 57(1)

    Airteagal 20(1), pointe (b) agus Airteagal 20(2), pointe (a)

    Airteagal 57(1), pointe (a)

    Airteagal 20(2), pointe (b)

    Airteagal 57(3)

    Airteagal 49(7), an dara fomhír

    Airteagal 58

    Airteagal 59

    Airteagal 50(1) agus (2)

    Airteagal 60

    Airteagal 50(3)

    Airteagal 61

    Airteagal 51

    Airteagal 62

    Airteagal 21

    Airteagal 63

    Airteagal 24a

    Airteagal 64

    Airteagal 52

    Airteagal 65

    Airteagal 22

    Airteagal 66

    Airteagal 53

    Airteagal 67

    Airteagal 54

    Airteagal 68

    Airteagal 24

    Airteagal 69

    Airteagal 70

    Airteagal 23(2), (3) agus (4)

    Airteagal 71(1)

    Airteagal 23(1)

    Airteagal 71(2)

    Airteagal 46(1)

    Airteagal 72(1)

    Airteagal 36(3)

    Airteagal 72(6)

    Airteagal 37(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 72(7), an chéad fhomhír

    Airteagal 37(2)

    Airteagal 72(7), an dara fomhír

    Airteagal 37(1), an dara fomhír

    Airteagal 72(9)

    Airteagal 37(3)

    Airteagal 73

    Airteagal 39

    Airteagal 74

    Airteagal 75

    Airteagal 76

    Airteagal 77

    Airteagal 78

    Airteagal 27

    Airteagal 79

    Airteagal 28

    Airteagal 80

    Airteagal 29

    Airteagal 81

    Airteagal 30

    Airteagal 82

    Airteagal 31

    Airteagal 83(1), (2) agus (3)

    Airteagal 33

    Airteagal 83(4)

    Airteagal 34

    Airteagal 84

    Airteagal 85

    Airteagal 86

    Airteagal 87

    Airteagal 56

    Airteagal 88

    Airteagal 57

    Airteagal 89

    Airteagal 90

    Airteagal 91

    Airteagal 92

    Airteagal 93

    Airteagal 58

    Airteagal 94

    Airteagal 95

    Airteagal 96

    Airteagal 59

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn I, pointe I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn I, pointe II

    Iarscríbhinn III


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top