This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1636
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/1636 of 5 July 2022 supplementing Council Directive (EU) 2020/262 by establishing the structure and content of the documents exchanged in the context of movement of excise goods, and establishing a threshold for the losses due to the nature of the goods
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseach i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseach i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí
C/2022/4494
IO L 247, 23/09/2022, p. 2–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 13/02/2024
23.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 247/2 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1636 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Iúil 2022
lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseach i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (1), agus go háirithe Airteagal 6(10), Airteagal 29(1), agus Airteagal 43(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 6(7) de Threoir (AE) 2020/262, i dtaca le páirtchaillteanas a tharlaíonn le linn gluaiseacht fionraí dleachta idir na Ballstáit i ngeall ar chineál na n-earraí, ní mheasfar gur scaoileadh lena dtomhailt é sin sa mhéid go dtiteann méid an chaillteanais faoi bhun na tairsí comhchoiteanna páirtchaillteanais do na hearraí máil sin, murab é go bhfuil cúis réasúnach ag Ballstát le hamhras a bheith air gur tharla calaois nó neamhrialtacht. De bhun Airteagal 45(2) den Treoir sin, i gcás páirtchaillteanas i ngeall ar chineál na n-earraí a tharlaíonn le linn a n-iompair i gcríoch Bhallstáit seachas an Ballstát inar scaoileadh iad lena dtomhailt, ní bheidh dleacht mháil inmhuirearaithe sa Bhallstát sin ina dtagann méid an chaillteanais laistigh den tairseach ábhartha chomhchoiteann pháirtchaillteanais, ach amháin má tá cúis réasúnach ag Ballstát amhras a bheith air faoi chalaois nó faoi neamhrialtacht. Chun a áirithiú go gcaithfear go haonfhoirmeach le páirtchaillteanais ar fud an Aontais, ba cheart tairseach chomhchoiteann pháirtchaillteanais a chinneadh do tháirgí monaraithe tobac. Agus aird ar leith á tabhairt ar chineál na dtáirgí, ar a saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha agus ar na tairseacha náisiúnta atá ann cheana, ba cheart an tairseach chomhchoiteann pháirtchaillteanais do thobac monaraithe a shocrú ag 0 %. |
(2) |
Ceanglaítear le Treoir (AE) 2020/262 go n-úsáidfear doiciméid riaracháin leictreonacha, arna malartú tríd an gcóras ríomhairithe dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chun go measfar go dtarlóidh gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta. Ceanglaítear leis freisin go n-úsáidfear doiciméid chúltaca i gcásanna nach bhfuil an córas ríomhairithe sin ar fáil sa Bhallstát seolta. Le struchtúr agus inneachar na ndoiciméad sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear na foirmiúlachtaí is gá i gcrích go haonfhoirmeach agus go n-éascófaí an mhaoirseacht ar ghluaiseachtaí earraí máil. |
(3) |
Ceanglaítear le Treoir (AE) 2020/262 go n-úsáidfear doiciméid riaracháin leictreonacha simplithe maidir le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála. Ceanglaítear léi freisin doiciméid chúltaca a úsáid i gcásanna sonraithe áirithe. Le struchtúr agus inneachar na ndoiciméad sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear na foirmiúlachtaí is gá i gcrích go haonfhoirmeach agus go n-éascófaí an mhaoirseacht ar ghluaiseachtaí earraí máil. |
(4) |
Chun a áirithiú go mbeidh na doiciméid arna malartú tríd an gcóras ríomhairithe i gcomhréir le hAirteagal 20 go 25 de Threoir (AE) 2020/262 intuigthe go héasca i ngach Ballstát agus gur féidir leis an gcóras ríomhairithe iad a phróiseáil, ba cheart struchtúr agus inneachar na dteachtaireachtaí sin a bhunú maidir leis an doiciméad riaracháin leictreonach a chealú, maidir leis an gceann scríbe a athrú agus maidir le gluaiseacht a roinnt. |
(5) |
Na rialacha maidir le struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil agus maidir le tairseach i dtaca leis na caillteanais i ngeall ar chineál na n-earraí, i roinnt cásanna beidh ar oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann gluaiseachtaí earraí máil laistigh den Aontas, amhail tobac monaraithe, na rialacha sin a chur i bhfeidhm, chomh maith le húdaráis na mBallstát a dhéanann faireachán ar na gníomhaíochtaí sin. Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun a gcur i bhfeidhm a éascú agus chun iolrú rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos in aon ghníomh amháin. |
(6) |
Ós rud é go dtagann na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 ón gCoimisiún (3) in ionad na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 (4) agus i Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (5), ba cheart na Rialacháin ar cuireadh Rialacháin nua ina n-ionad a aisghairm. |
(7) |
De bhun Airteagal 54 de Threoir (AE) 2020/262, tá na Ballstáit lena cheadú earraí máil a fháil faoi na foirmiúlachtaí a leagtar amach in Airteagail 33, 34 agus 35 de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (6) go dtí an 31 Nollaig 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 go dtí an lá sin maidir le gluaiseachtaí earraí máil arna dtionscnamh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(8) |
De bhun Airteagal 55(1) de Threoir (AE) 2020/262, tá na Ballstáit leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun Airteagal 6, Airteagail 20 go 22, Airteagail 25 go 29 agus Airteagail 36 go 40 agus Airteagal 45 den Treoir sin a chomhlíonadh amhail ón 13 Feabhra 2023. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin ón dáta sin ar aghaidh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tairseach don chaillteanas de bharr chineál na n-earraí le haghaidh táirgí monaraithe tobac
Is é 0 % an tairseach chomhchoiteann pháirtchaillteanais dá dtagraítear in Airteagal 6(7) agus in Airteagal 45(2) de Threoir (AE) 2020/262 maidir le tobac monaraithe, a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/64/AE ón gComhairle (7).
Airteagal 2
Ceanglais maidir le teachtaireachtaí a mhalartaítear tríd an gcóras ríomhairithe
Comhlíonfaidh na teachtaireachtaí a mhalartófar i gcomhréir le hAirteagail 20 go 25 agus i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37 de Threoir (AE) 2020/262 Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás ina mbíonn cóid ag teastáil chun gnéithe sonraí áirithe sna teachtaireachtaí sin a líonadh isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn, bainfear úsáid as na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn II.
Airteagal 3
Dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach agus doiciméad riaracháin leictreonach
An dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir (AE) 2020/262 agus an doiciméad riaracháin leictreonach ar sannadh cód tagartha riaracháin dó i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 20(3) den Treoir sin, comhlíonfaidh sé na riachtanais a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Thábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach simplithe agus doiciméad riaracháin leictreonach simplithe
An dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach simplithe a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 36(1) de Threoir (AE) 2020/262 agus an doiciméad riaracháin leictreonach simplithe ar sannadh cód tagartha riaracháin dó i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 36(2) den Treoir sin, comhlíonfaidh na riachtanais a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Thábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Teachtaireachtaí a bhaineann leis an doiciméad riaracháin leictreonach a chur ar ceal
Na teachtaireachtaí a bhaineann leis an doiciméad riaracháin leictreonach a chur ar ceal dá bhforáiltear in Airteagal 20(6) de Threoir (AE) 2020/262, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 6
Teachtaireachtaí maidir le hathrú cinn scríbe i gcás gluaiseacht earraí máil
Na teachtaireachtaí maidir leis an athrú cinn scríbe dá bhforáiltear in Airteagal 20(7) agus in Airteagal 36(5) de Threoir (AE) 2020/262, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i dTáblaí 3 agus 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 7
Teachtaireachtaí a bhaineann le roinnt gluaiseachta táirgí fuinnimh faoi fhionraí dleachta máil
Teachtaireachtaí a bhaineann le roinnt gluaiseachta táirgí fuinnimh faoi fhionraí dleachta máil dá bhforáiltear in Airteagal 23 de Threoir (AE) 2020/262, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i dTáblaí 4 agus 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 8
Teachtaireachtaí maidir le deireadh a chur le gluaiseacht earraí máil
An tuarascáil fála a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 24(1) nó Airteagal 37(1) de Threoir (AE) 2020/262 agus an tuarascáil onnmhairiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Treoir sin, comhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar amach i dTábla 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 9
Doiciméid chúltaca
1. Sna doiciméid chúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 26(1), agus i bpointe (a) d’Airteagal 38(1) de Threoir (AE) 2020/262, beidh na gnéithe sonraí, grúpaí sonraí agus foghrúpaí sonraí a leagtar amach i gcolúin A agus B de Thábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Na gnéithe sonraí, na grúpaí sonraí agus na foghrúpaí sonraí lena mbaineann siad, sainaithneofar iad trí bhíthin na n-uimhreacha agus na litreacha a leagtar amach i gcolúin A agus B de Thábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. An fhaisnéis maidir le ceann scríbe na n-earraí a athrú agus maidir le gluaiseacht táirgí fuinnimh a roinnt agus atá le cur in iúl ag an gcoinsíneoir d’údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, i gcomhréir le hAirteagal 26(4) agus Airteagal 38(4) de Threoir (AE) 2020/262, taispeánfar an fhaisnéis sin i bhfoirm gnéithe sonraí, grúpaí sonraí agus foghrúpaí sonraí mar a leagtar amach i gcolúin A agus B de Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó i gcolúin A agus B de Thábla 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is infheidhme. Na gnéithe sonraí, na grúpaí sonraí agus na foghrúpaí sonraí lena mbaineann siad, sainaithneofar iad trí bhíthin na n-uimhreacha agus na litreacha a leagtar amach i gcolúin A agus B de Thábla 3 d’Iarscríbhinn I nó i gcolúin A agus B de Thábla 5 d’Iarscríbhinn I, de réir mar is infheidhme.
3. “Tuarascáil Fála Chúltaca maidir le gluaiseachtaí earraí máil” nó “Tuarascáil Fála Chúltaca maidir le gluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta máil” an teideal a bheidh ar na doiciméid chúltaca dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (2) agus in Airteagal 39 de Threoir (AE) 2020/262. Cuirfear na sonraí ar taispeáint i bhfoirm gnéithe sonraí, grúpaí sonraí agus foghrúpaí sonraí mar a leagtar amach i gcolúin A agus B de Thábla 6 d’Iarscríbhinn I. Na gnéithe sonraí, na grúpaí sonraí agus na foghrúpaí sonraí lena mbaineann siad, sainaithneofar iad trí bhíthin na n-uimhreacha agus na litreacha a leagtar amach i gcolúin A agus B de Thábla 6 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 10
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 agus Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 le héifeacht ón 13 Feabhra 2023.
D’ainneoin na chéad mhíre, maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 maidir le gluaiseachtaí earraí arna dtionscnamh roimh an 13 Feabhra 2023, beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.
(2) Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (athmhúnlú) (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1637 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid doiciméad i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta agus i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt, agus lena leagtar síos an fhoirm a úsáidfear le haghaidh an deimhnithe díolúine (Féach leathanach 57 den Iris Oifigiúil seo).
(4) Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 1992 maidir le doiciméad simplithe tionlacain le haghaidh gluaiseacht táirgí laistigh den Chomhphobal atá faoi réir dleachta máil agus a scaoileadh lena dtomhailt sa Bhallstát seolta (IO L 369, 18.12.1992, lch. 17).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta máil (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).
(6) Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).
(7) Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí an dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
IARSCRÍBHINN 1
Teachtaireachtaí a úsáidtear chun críche gluaiseachtaí earraí máil atá faoi fhionraí dleachta máil nó a scaoileadh cheana lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun go seachadfaí ansin iad chun críoch tráchtála
NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN
1. |
Déanfar na heilimintí sonraí de na teachtaireachtaí leictreonacha (1) a mhalartófar i gcomhréir le hAirteagail 20 go 25 agus le hAirteagail 36 agus 37 de Threoir (AE) 2020/262 a struchtúrú i ngrúpaí sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, i bhfoghrúpaí sonraí mar a leagtar amach i dTáblaí 1 go 6 den Iarscríbhinn seo. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna colúin i dTáblaí 1 go 6:
|
2. |
Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas i dTáblaí 1 go 6:
|
(1) I gcás ina mbeidh, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, feidhm ag ceanglais áirithe den Iarscríbhinn seo maidir leis na doiciméid chúltaca dá dtagraítear in Airteagail 26, 27, 38 agus 37 de Threoir (AE) 2020/262, beidh feidhm ag na nótaí míniúcháin mutatis mutandis maidir leis na doiciméid sin.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671).
(5) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (IO L 455, 20.12.2021, lch. 26).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir Ballstáit maidir le hearraí a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (IO L 66, 11.3.2016, lch. 1).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
Liostaí Cód
1. CÓID TEANGA
Cód |
Tuairisc |
bg |
Bulgáiris |
bt |
Bulgáiris (carachtar Laidine) |
hr |
Cróitis |
cs |
Seicis |
da |
Danmhairgis |
nl |
Ollainnis |
en |
Béarla |
et |
Eastóinis |
fi |
Fionlainnis |
fr |
Fraincis |
ga |
Gaeilge |
gr |
Gréigis (carachtar Laidine) |
de |
Gearmáinis |
el |
Gréigis |
hu |
Ungáiris |
it |
Iodáilis |
lv |
Laitvis |
lt |
Liotuáinis |
mt |
Máltais |
pl |
Polainnis |
pt |
Portaingéilis |
ro |
Rómáinis |
sk |
Slóvaicis |
sl |
Slóivéinis |
es |
Spáinnis |
sv |
Sualainnis |
2. CÓD TAGARTHA RIARACHÁIN
Réimse |
Inneachar |
An Cineál Réimse |
Sampla |
1 |
Bliain |
Uimhriúil 2 |
05 |
2 |
Aitheantóir an Bhallstáit mar ar tíolacadh an e-AD an chéad uair |
Aibítreach 2 |
ES |
3 |
Cód uathúil a shanntar ar an leibhéal náisiúnta |
Alfa-uimhriúil 15 (digití agus ceannlitreacha) |
7R19YTE17UIC8J4 |
4 |
An cineál gluaiseachta |
Alfa-uimhriúil 2 |
P |
5 |
Digit seiceála |
Uimhriúil 1 |
9 |
Is éard atá i Réimse 1 an dá dhigit dheireanacha den bhliain ar glacadh go foirmiúil leis an ngluaiseacht.
Is éard atá i Réimse 1 an cód tíre dá dtagraítear i gcódliosta 3
Ní mór Réimse 3 a líonadh le haitheantóir uathúil in aghaidh gach gluaiseachta ECMS. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh conas a úsáidtear an réimse seo, ach ní mór uimhir uathúil a bheith ag gabháil le gach gluaiseacht ECMS.
I Réimse 4, tugtar aitheantóir le haghaidh an chineáil gluaiseachta. Is é “P” an luach i gcás gluaiseacht earraí a scaoileadh cheana lena dtomhailt agus is luach eile a bhíonn ann i gcás gluaiseacht earraí faoi fhionraí dleachta
Tugann Réimse 5 an digit seiceála le haghaidh an CTR iomláin a chuideoidh earráid a bhrath le linn eochrú isteach an CTR.
3. CÓID TÍRE
Ní mór iad a bheith comhionann leis na cóid a leagtar síos ina ainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún (1), cé is moite de:
— |
I gcás na Gréige, arae is é EL nach mór a úsáid in áit GR. |
4. UIMHIR THAGARTHA NA hOIFIGE CUSTAIM (COR)
Is éard atá sa COR aitheantóir Chód Tíre an Bhallstáit agus uimhir náisiúnta alfa-uimhriúil 6 dhigit ina dhiaidh – IT0830AB, mar shampla.
5. CÓD CINEÁIL RÁTHÓRA
Cód |
Tuairisc |
1 |
Coinsíneoir |
2 |
Iompróir |
3 |
Úinéir an táirge máil |
4 |
Coinsíní |
5 |
Ní thugtar aon ráthaíocht i gcomhréir le hAirteagal 17(2) agus 17(5)(b) de Threoir (AE) 2020/262 |
12 |
Comhráthaíocht an choinsíneora agus an iompróra |
13 |
Comhráthaíocht an choinsíneora agus úinéir na dtáirgí máil. |
14 |
Comhráthaíocht an choinsíneora agus an choinsíní |
23 |
Comhráthaíocht an iompróra agus úinéir na dtáirgí máil. |
24 |
Comhráthaíocht an iompróra agus an choinsíní |
34 |
Comhráthaíocht úinéir na dtáirgí máil agus an choinsíní |
123 |
Comhráthaíocht an choinsíneora, an iompróra agus úinéir na dtáirgí máil. |
124 |
Comhráthaíocht an choinsíneora, an iompróra agus an choinsíní |
134 |
Comhráthaíocht an choinsíneora, úinéir na dtáirgí máil agus an choinsíní |
234 |
Comhráthaíocht an iompróra, úinéir na dtáirgí máil agus an choinsíní |
1234 |
Comhráthaíocht an choinsíní, an iompróra, úinéir na dtáirgí máil agus an choinsíní |
6. CÓD MODHA IOMPAIR
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Muiriompar |
2 |
Iompar ar iarnród |
3 |
Iompar ar bóthar |
4 |
Aeriompar |
5 |
Coinsíneacht poist |
7 |
Suiteálacha seasta iompair |
8 |
Iompar ar uiscebhealaí intíre |
7. CÓD AONAID IOMPAIR
Cód |
Tuairisc |
1 |
Coimeádán |
2 |
Feithicil |
3 |
Leantóir |
4 |
Tarracóir |
5 |
Suiteáil sheasta iompair |
8. CÓID PHACÁISTÍOCHTA
Úsáid na cóid in Iarscríbhinn VI, a ghabhann le Moladh Uimh. 21, arna ghlacadh ag Lárionad na Náisiún Aontaithe um Éascú Trádála agus um Ghnó Leictreonach (2).
9. CÓD CÚISE CEALAITHE
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Earráid chlóscríbhneoireachta |
2 |
Briseadh san idirbheart tráchtála |
3 |
e-AD dúblach |
4 |
Níl tús curtha leis an ngluaiseacht ar dháta an tseolta |
10. TÁIRGE MÁIL
CPE |
CAT |
AONAD |
Tuairisc |
A |
P |
D |
T200 |
T |
4 |
Toitíní, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2011/64/AE ón gComhairle (3), agus táirgí a gcaitear leo mar thoitíní i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Treoir sin |
N |
N |
N |
T300 |
T |
4 |
Todóga agus todóigíní, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2011/64/AE |
N |
N |
N |
T400 |
T |
1 |
Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/64/AE |
N |
N |
N |
T500 |
T |
1 |
Tobac lena chaitheamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/64/AE, cé is moite de thobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2) den Treoir sin, agus táirgí a gcaitear leo mar thobac lena chaitheamh cé is moite de thobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Treoir sin |
N |
N |
N |
B000 |
B |
3 |
Beoir, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 92/83/CEE |
Tá |
Tá |
N |
W200 |
W |
3 |
Fíon socair agus deochanna coipthe socra cé is moite de bheoir nó d’fhíon, mar a shainmhínítear in Airteagal 8(1) agus Airteagal 12(1) de Threoir 92/83/CEE |
Tá |
Níl |
Níl |
W300 |
W |
3 |
Fíon súilíneach agus deochanna coipthe súilíneacha cé is moite de bheoir nó d’fhíon, mar a shainmhínítear in Airteagal 8(2) agus Airteagal 12(2) de Threoir 92/83/CEE |
Tá |
Níl |
Níl |
I000 |
I |
3 |
Táirgí idirmheánacha, mar a shainítear in Airteagal 17 de Threoir 92/83/CEE |
Tá |
Níl |
Níl |
S200 |
S |
3 |
Deochanna alcólacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 20, an chéad, an dara agus an tríú fleasc, de Threoir 92/83/CEE |
Tá |
Níl |
Níl |
S300 |
S |
3 |
Alcól eitile, mar a shainmhínítear in Airteagal 20, an chéad fhleasc, de Threoir 92/83/CEE, a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2207 agus 2208 , cé is moite de dheochanna alcólacha (S200) |
Tá |
Níl |
Níl |
S400 |
S |
3 |
Alcól páirt-dhínádúraithe, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 20 de Threoir 92/83/CEE, ar alcól é a dínádúraíodh ach nach gcomhlíonann, fós, na coinníollacha chun leas a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 27(1)(a) nó (b) den Treoir sin, cé is moite de dheochanna alcólacha (S200) |
Tá |
Níl |
Níl |
S500 |
S |
3 |
Táirgí a bhfuil alcól eitile iontu, mar a shainmhínítear in Airteagal 20, sa chéad fhleasc de Threoir 92/83/CEE, a thagann faoi raon feidhme cód AC cé is moite de 2207 agus 2208 |
Tá |
Níl |
Níl |
S600 |
S |
3 |
Alcól lán-dínádúraithe, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 20 de Threoir 92/83/CEE, ar alcól é a dínádúraíodh agus a chomhlíonann na coinníollacha chun leas a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 27(1)(a) den Treoir sin |
Tá |
Níl |
Níl |
E200 |
E |
2 |
Olaí ainmhíocha agus plandúla — Táirgí a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 1507 go 1518 , má tá sé beartaithe iad a úsáid mar bhreosla téimh teasa nó mar bhreosla mótair (Airteagal 20(1)(a) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (4)) |
Níl |
Níl |
Tá |
E300 |
E |
2 |
Olaí mianracha (táirgí fuinnimh) — Táirgí a thagann faoi na cóid AC 2707 10 , 2707 20 , 2707 30 , agus 2707 50 (Airteagal 20(1)(b) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E410 |
E |
2 |
Peitreal gan luaidhe a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2710 12 31 , 2710 12 51 agus 2710 12 59 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E420 |
E |
2 |
Peitreal gan luaidhe a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2710 12 31 , 2710 12 41 , 2710 12 45 agus 2710 12 49 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E430 |
E |
2 |
Gásola, gan mharcáil, a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2710 19 43 , 2710 19 46 , 2710 19 47 , 2710 19 48 , 2710 20 11 , 2710 20 15 , 2710 20 17 agus 2710 20 19 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E440 |
E |
2 |
Gásola, í marcáilte, a thagann faoi raon feidhme cód AC 2710 19 43 , 2710 19 46 , 2710 19 47 , 2710 19 48 , 2710 20 11 , 2710 20 15 , 2710 20 17 agus 2710 20 19 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E450 |
E |
2 |
Ceirisín, a thagann faoi raon feidhme an chóid AC 2710 19 21 , agus ceirisín gan mharcáil a thagann faoi raon feidhme an chóid AC 2710 19 25 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E460 |
E |
2 |
Ceirisín, í marcáilte, a thagann faoi raon feidhme an chóid AC 2710 19 25 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E470 |
E |
1 |
Ola bhreosla throm a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2710 19 62 , 2710 19 64 , 2710 19 68 , 2710 20 31 , 2710 20 35 agus 2710 20 39 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Níl |
E480 |
E |
2 |
Táirgí a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2710 12 21 , 2710 12 25 , 2710 19 29 agus 2710 20 90 (ní bhaineann ach le táirgí ar lú ná 90 % de réir toirte a neart alcóil (agus na caillteanais san áireamh) a dhriogtar ag 201 °C agus 65 % nó níos mó de réir toirte (agus na caillteanais san áireamh) a dhriogtar ag 250 °C de réir mhodh ISO 3405 (is ionann agus modh ASTM D 86)) i ngluaiseachtaí tráchtála builc (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E490 |
E |
2 |
Táirgí a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2710 12 11 , 2710 12 15 , 2710 12 70 , 2710 12 90 , 2710 19 11 , 2710 19 15 , 2710 19 31 , 2710 19 35 , 2710 19 51 agus 2710 19 55 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E500 |
E |
1 |
Gáis peitriliam leachtaithe agus hidreacarbóin ghásacha eile (GPL) a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 2711 12 11 go 2711 19 00 (Article 20(1)(d) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Níl |
E600 |
E |
1 |
Hidreacarbóin neamhchioglacha sháithithe a thagann faoi raon feidhme an chóid AC 2901 10 (Airteagal 20(1)(e) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Níl |
E700 |
E |
2 |
Hidreacarbóin chioglacha a thagann faoi raon feidhme cód AC 2902 20 , 2902 30 , 2902 41 , 2902 42 , 2902 43 agus 2902 44 (Airteagal 20(1)(c) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E800 |
E |
2 |
Táirgí a thagann faoi raon feidhme an chóid AC 2905 11 00 (meatánól (alcól meitile)), nach de bhunús sintéiseach iad, má tá sé beartaithe iad a úsáid mar bhreosla téimh nó mar bhreosla mótair (Airteagal 20(1)(a) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E910 |
E |
2 |
Eistir mhona-ailcile aigéid shailligh, ina bhfuil 96,5 % nó níos mó d’eistir (FAMAE) de réir meáchain, a thagann faoi raon feidhme an chóid AC 3826 00 10 (Airteagal 20(1)(h) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E920 |
E |
2 |
Táirgí a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 3824 99 86 , 3824 99 92 (agus gan ullmhóidí frith-mheirgithe ina bhfuil aimíní mar chomhábhair ghníomhacha ná tuaslagóirí comhchodacha orgánacha ná tanaitheoirí le haghaidh vearnaisí ná táirgí comhchosúla a áireamh), 3824 99 93 , 3824 99 96 (agus gan ullmhóidí frith-mheirgithe ina bhfuil aimíní mar chomhábhair ghníomhacha ná tuaslagóirí comhchodacha orgánacha ná tanaitheoirí le haghaidh vearnaisí ná táirgí comhchosúla a áireamh) agus 3826 00 90 , má tá sé beartaithe iad a úsáid mar bhreosla mótair (Airteagal 20(1)(h) de Threoir 2003/96/CE) |
Níl |
Níl |
Tá |
E930 |
E |
2 |
Breiseáin a thagann faoi raon feidhme na gcód AC 3811 11 , 3811 19 00 agus 3811 90 00 |
Níl |
Níl |
Níl |
Nóta a ghabhann leis an tábla: Na cóid AC a úsáidtear sa tábla le haghaidh táirgí fuinnimh, is ó Rialachán (CE) Uimh. 2031/2001 ón gCoimisiún (IO L 279, 23.10.2001, lch. 1) agus ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún (IO L 282, 31,10,2017, lch. 1) iad, mar a leagtar síos i dTreoir 2003/96/CE agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/552 ón gCoimisiún (IO L 91, 9.4.2018, lch. 27).
Eochair eolais na gcolún:
CPE |
Cód Táirge Máil |
CAT |
Catagóir Táirge Máil |
AONAD |
Aonad Tomhais (ó liosta 11) A: |
A: |
Tá sé éigeantach an neart alcóil a thabhairt (Tá/Níl) |
P: |
Tá an fhéidearthacht ann go dtabharfaí an Chéim Plato (Tá/Níl) |
D: |
Tá sé éigeanteach an dlús ag 15 °C a thabhairt (Tá/Níl) |
11. AONAID TOMHAIS
Cód aonaid tomhais |
Tuairisc |
1 |
Kg |
2 |
Líotar (teocht de 15 °C) |
3 |
Líotar (teocht de 20 °C) |
4 |
1 000 ítim |
12. UASFHAD AMA AN TURAIS DE RÉIR AN CHÓID MODHA IOMPAIR
Cód Modha Iompair |
Uasfhad Turais |
0 |
D45 |
1 |
D45 |
2 |
D35 |
3 |
D35 |
4 |
D20 |
5 |
D30 |
7 |
D15 |
8 |
D35 |
Nóta 1: |
Tagraíonn an luach “0” d’iompar ilmhodha (i gcas ina mbíonn dílódáil agus athlódáil lasta i gceist) agus cumhdaíonn sé na cásanna a bhaineann le Coinsíneachtaí Grúpaí, Onnmhairiú, Roinnt agus Athrú Cinn Scríbe. |
Nóta 2: |
I gcás onnmhairithe, is éard atá i bhfad ama an turais ná fad ama measta an turais go dtí an t-imeacht amach as críocha custaim an Aontais. |
Nóta 3: |
Maidir le gluaiseachtaí earraí a scaoileadh cheana lena dtomhailt (e-SAD), cuirtear 30 lá de bhreis le fada ama uasta an turais. |
13. Riarachán Náisiúnta - Céim Plato
Tír |
Struchtúr Rátaí i gcomhair Beorach i gcéimeanna Plato |
AT - an Ostair |
Tá |
BE - an Bheilg |
Tá |
BG - an Bhulgáir |
Tá |
CZ - an tSeicia |
Tá |
DE - an Ghearmáin |
Tá |
EL - an Ghréig |
Tá |
ES - an Spáinn |
Tá |
IT - an Iodáil |
Tá |
LU - Lucsamburg |
Tá |
MT - Málta |
Tá |
NL - an Ísiltír |
Tá |
PL - an Pholainn |
Tá |
PT - an Phortaingéil |
Tá |
RO - an Rómáin |
Tá |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an mionscagadh geografach i ndáil le staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2).
(2) Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip. MOLADH Uimh. 21, an ceathrú heagrán athbhreithnithe, arna ghlacadh Lárionad na Náisiún Aontaithe um Éascú Trádála agus um Ghnó Leictreonach (NA/CEFACT). ECE/TRADE/309. An Ghinéiv, Bealtaine 2002.
(3) Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
(4) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).