EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2306

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7387

IO L 461, 27/12/2021, p. 13–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/07/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2306/oj

27.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 461/13


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2306 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(8), pointe (a)(ii), Airteagal 46(7), pointe (b), agus Airteagal 48(4) agus 57(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, féadfar táirge a allmhairiú ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú, má chomhlíonann an táirge sin rialacha an Aontais maidir le táirgeadh orgánach nó rialacha táirgthe agus rialaithe coibhéiseacha de chuid tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán sin a aithnítear faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (2), nó má chuir údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe faoi réir rialuithe é dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 a aithnítear faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

(2)

Chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit seiceáil a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtáirgí allmhairithe le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart gach coinsíneacht a chumhdach le deimhniú cigireachta atá eisithe ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe sa tríú tír tar éis na fíoruithe ábhartha ar na coinsíneachtaí a bheith déanta. Leis na fíoruithe sin ba cheart seiceáil dhoiciméadach agus, de réir an riosca, seiceáil fhisiceach ar an gcoinsíneacht a áireamh i gcónaí.

(3)

Is gá rialacha a leagan síos maidir lena mbeidh sa deimhniú cigireachta, maidir leis an mbealach a eisítear é agus leis na modhanna teicniúla a úsáidtear lena eisiúint. Leis na rialacha sin ba cheart oibleagáidí na n-údarás inniúil sna Ballstáit a chumhdach freisin a mhéid a bhaineann le sliocht an deimhnithe cigireachta.

(4)

Na rialuithe oifigiúla a dhéantar ar tháirgí a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú chun go bhfíorófar a gcomhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/848, tá siad mar chuid de na rialuithe oifigiúla a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

Is gá rialacha breise a leagan síos chun soiléiriú a thabhairt ar na critéir agus na coinníollacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh sula scaoiltear táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú i saorchúrsaíocht isteach san Aontas, ar táirgí iad atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848. Leis na rialacha sin ba cheart táirgí a chumhdach freisin atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún (4).

(6)

Ba cheart rialacha sonracha áirithe maidir le rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí a chuirtear faoi nósanna imeachta custaim speisialta a leagan síos.

(7)

Ina theannta sin, maidir le hoibleagáidí údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a eisíonn an deimhniú cigireachta i gcásanna neamh-infhaighteacht an Chórais um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (36), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (5), ba cheart iad a leagan síos.

(8)

Thairis sin, is gá rialacha a leagan síos maidir le cásanna ina gceanglaítear ar údaráis inniúla, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha imscrúdú a dhéanamh tar éis fógra a thabhairt faoi chásanna neamhchomhlíontachta amhrasta nó neamhchomhlíontachta a shuitear a bheith ann le Rialachán (AE) 2018/848 le linn d’údarás inniúil na mBallstát an choinsíneacht a fhíorú.

(9)

Maidir le húsáid an ríomhshéala cháilithe in TRACES le haghaidh eisiúint an deimhnithe cigireachta i dtríú tíortha agus le haghaidh fhormhuiniú an deimhnithe sin, chomh maith le sleachta astu, ag údaráis inniúla na mBallstát, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an méid sin indéanta roimh an 1 Iúil 2022. Dá bhrí sin, is gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos maidir le feidhm a bheith ag úsáid deimhnithe cigireachta páipéir lámhscríofa, agus sleachta astu, go dtí an 30 Meitheamh 2022 mar rogha mhalartach ar úsáid deimhnithe cigireachta leictreonacha, agus sleachta astu, agus ríomhshéala cáilithe orthu.

(10)

Faoi láthair, leagtar síos na rialacha maidir leis an deimhniú cigireachta agus sleachta an deimhnithe cigireachta chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 i Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (6). Ós rud é go leagtar síos rialacha leis an Rialachán seo agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún (7) chun críocha Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 a aisghairm.

(11)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fíorú i dtríú tíortha ar choinsíneachtaí de tháirgí a bheartaítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú agus eisiúint an deimhnithe cigireachta;

(b)

rialuithe oifigiúla ar tháirgí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; agus

(c)

gníomhaíocht, i gcásanna neamhchomhlíontachta a bhfuiltear san amhras go bhfuil sí ann nó i gcásanna neamhchomhlíontachta arna suí le Rialachán (AE) 2018/848, atá le déanamh ag údaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “coinsíneacht” coinsíneacht, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (37), de Rialachán (AE) 2017/625, de tháirgí a bheartaítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; i gcás táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú, áfach, agus atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305, ciallaíonn sé cainníocht táirgí faoi chód Ainmníochta Comhcheangailte amháin nó níos mó, a chumhdaítear le deimhniú cigireachta aonair, a iompraítear leis an modh iompair céanna agus a allmhairítear ón tríú tír chéanna;

(2)

ciallaíonn “post rialaithe teorann” post rialaithe teorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (38), de Rialachán (AE) 2017/625;

(3)

ciallaíonn “pointe scaoilte i saorchúrsaíocht” pointe scaoilte i saorchúrsaíocht ag a ndéantar rialuithe oifigiúla ar tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305;

(4)

ciallaíonn “post rialaithe” post rialaithe seachas post rialaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625;

(5)

ciallaíonn “seiceáil dhoiciméadach” seiceáil dhoiciméadach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (41), de Rialachán (AE) 2017/625;

(6)

ciallaíonn “seiceáil céannachta” seiceáil céannachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (42), de Rialachán (AE) 2017/625;

(7)

ciallaíonn “seiceáil fhisiceach” seiceáil fhisiceach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) 2017/625;

(8)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

Airteagal 3

Fíorú sa tríú tír

1.   An t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, fíoróidh sé an choinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (9).

2.   Chun críocha Airteagail 48 agus 57 de Rialachán (AE) 2018/848, fíoróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha an choinsíneacht a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus caighdeáin táirgthe agus bearta rialaithe a ghlactar leis gur caighdeáin agus bearta coibhéiseacha iad. Áireofar leis an bhfíorú sin seiceálacha doiciméadacha córasacha agus, de réir mar is iomchuí de réir measúnú riosca, seiceálacha fisiceacha, sula bhfágann an choinsíneacht an tríú tír is onnmhaireoir nó an tríú tír tionscnaimh.

3.   Chun críocha mhíreanna 2 go 5, is éard a bheidh san údarás rialaithe ábhartha nó sa chomhlacht rialaithe ábhartha:

(a)

údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 a aithníodh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus le haghaidh an tríú tír ina bhfuil tionscnamh na dtáirgí, nó, i gcás inarb infheidhme, ina ndearnadh an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin; nó

(b)

údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe atá ainmnithe ag údarás rialaithe de chuid tríú tír aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/848 a bhfuil tionscnamh na dtáirgí ann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ndearnadh an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin ann.

4.   Maidir leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2 déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe seo a leanas é:

(a)

údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe tháirgeoir nó phróiseálaí an táirge lena mbaineann; nó

(b)

i gcás ina bhfuil an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí a dhéanann an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) 2018/848 éagsúil le táirgeoir nó próiseálaí an táirge, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí a dhéanann an oibríocht deiridh chun críoch an ullmhúcháin.

5.   Maidir leis na seiceálacha doiciméadacha dá dtagraítear i mír 2 fíorófar an méid seo a leanas leo:

(a)

inrianaitheacht na dtáirgí agus na gcomhábhar;

(b)

go bhfuil méid na dtáirgí a áirítear sa choinsíneacht i gcomhréir le seiceálacha maischothromaíochta na n-oibreoirí faoi seach de réir an mheasúnaithe a dhéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe;

(c)

doiciméid iompair ábhartha agus doiciméid tráchtála ábhartha (lena n-áirítear sonraisc) na dtáirgí;

(d)

i gcás táirgí próiseáilte, maidir le comhábhair orgánacha uile na dtáirgí sin, gur tháirg oibreoirí nó grúpaí oibreoirí atá deimhnithe i dtríú tír ag údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 nó dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 nó ag tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 47 nó Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/848 iad, nó gur táirgeadh agus gur deimhníodh san Aontas iad i gcomhréir leis an Rialachán sin.

Beidh na seiceálacha doiciméadacha sin bunaithe ar na doiciméid ábhartha uile, lena n-áirítear deimhniú na n-oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/848, na taifid ar na cigireachtaí, an plean táirgthe le haghaidh an táirge lena mbaineann agus taifid a choimeádann na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí, na doiciméid iompair atá ar fáil, doiciméid tráchtála agus airgeadais agus aon doiciméad eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha.

Airteagal 4

An deimhniú cigireachta a eisiúint

1.   Eiseoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a d’fhíoraigh an choinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 3 deimhniú cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 5 le haghaidh gach coinsíneachta sula bhfágann an choinsíneacht an tríú tír is onnmhaireoir nó an tríú tír tionscnaimh.

2.   I gcás ina mbeidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, ní eiseoidh sé an deimhniú cigireachta le haghaidh coinsíneachtaí ina bhfuil táirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ach go dtí go mbeidh an doiciméadacht iomlán maidir leis an inrianaitheacht ina seilbh aige agus torthaí na n-anailísí ar na samplaí a tógadh ar an gcoinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 16(6) den Rialachán Tarmligthe sin faighte agus measúnaithe aige.

Airteagal 5

Formáid an deimhnithe cigireachta agus úsáid TRACES

1.   Eiseoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) an deimhniú cigireachta i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na nótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn agus líonfaidh sé isteach boscaí 1 go 18 den deimhniú sin.

2.   Nuair a eiseoidh an comhlacht rialaithe nó an t-údarás rialaithe an deimhniú cigireachta, déanfaidh sé na doiciméid tacaíochta uile a uaslódáil isteach in TRACES, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

torthaí na n-anailísí nó na dtástálacha a rinneadh ar na samplaí a tógadh, i gcás inarb iomchuí;

(b)

na doiciméid tráchtála agus iompair amhail an bille luchta, sonraisc agus an liosta pacáistíochta agus, i gcás ina mbeidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, an plean taistil mar atá tarraingthe suas i gcomhréir le hAirteagal 16(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698.

3.   Eiseofar an deimhniú cigireachta in TRACES agus beidh ríomhshéala cáilithe air.

Mura bhfuil fáil uirthi tráth na heisiúna, an fhaisnéis a bhaineann leis an líon pacáistí dá dtagraítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mboscaí 16 agus 17 de, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 2, déanfar í a áireamh nó a thabhairt cothrom le dáta sa deimhniú cigireachta laistigh de 10 lá ó thráth a heisiúna agus, in aon chás, sula bhfíoraíonn agus sula bhformhuiníonn an t-údarás inniúil í i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.   Déanfar an deimhniú cigireachta a tharraingt suas:

(a)

i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an phoist rialaithe teorann ag an mbealach isteach san Aontas, i gcás táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann;

(b)

i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an choinsíneacht le scaoileadh i saorchúrsaíocht, i gcás táirgí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305.

5.   De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh Ballstát toiliú le tarraingt suas deimhnithe i dteanga oifigiúil eile den Aontas agus aistriúchán fíordheimhnithe ag gabháil leo, más gá.

Airteagal 6

Rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí

1.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe ag post rialaithe teorann nó ag pointe scaoilte i saorchúrsaíocht, de réir mar is iomchuí, rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

(a)

seiceálacha doiciméadacha ar na coinsíneachtaí uile;

(b)

seiceálacha céannachta a dhéantar go randamach; agus

(c)

seiceálacha fisiceacha ar mhinicíocht de réir dhóchúlacht neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848.

I seiceálacha doiciméadacha áireofar scrúdú ar an deimhniú cigireachta, ar na doiciméid tacaíochta uile eile mar a fhoráiltear in Airteagal 5, agus, i gcás inarb infheidhme, ar thorthaí na n-anailísí nó na dtástálacha a rinneadh ar na samplaí a tógadh.

Maidir le deimhniú cigireachta i gcás ina gceanglaítear ceartúcháin de chineál cléireachais nó eagarthóireachta amháin leis, féadfaidh an t-údarás inniúil glacadh leis go ndéanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a d’eisigh an deimhniú cigireachta an fhaisnéis in TRACES a thabhairt cothrom le dáta tríd an doiciméad a ionadú i gcomhréir leis an nós imeachta atá le fáil in TRACES gan modhnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sa deimhniú tosaigh maidir le sainaithint na coinsíneachta, a hinrianaitheacht agus na ráthaíochtaí.

2.   Le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698, déanfaidh an t-údarás rialaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo seiceálacha céannachta agus fisiceacha córasacha, agus tógfaidh sé sampla ionadaíoch amháin ar a laghad de na coinsíneachtaí agus seiceálfaidh sé an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 16(6) den Rialachán sin. Bunóidh an t-údarás inniúil nós imeachta samplála ionadaíoch is iomchuí maidir le catagóir, cainníocht agus pacáistíocht an táirge.

3.   Tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 1, agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir le gach coinsíneacht. Taifeadfar an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht i mbosca 30 den deimhniú cigireachta i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na nótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn agus léireofar ceann de na nithe seo a leanas leis:

(a)

is féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht mar tháirgí orgánacha;

(b)

is féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht mar tháirgí atá á dtiontú;

(c)

is féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht mar tháirgí neamhorgánacha;

(d)

ní féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(e)

is féidir cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht le sliocht as an deimhniú cigireachta.

Formhuineoidh an t-údarás inniúil an deimhniú cigireachta in TRACES le ríomhshéala cáilithe.

4.   Maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

Beidh feidhm ag mír 3 i dteannta na rialacha maidir le húsáid an Doiciméid Choitinn um Shláinte ar Theacht isteach san Aontas (CHED) ag na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 56(3), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2017/625 agus ag pointí rialaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún (10) agus leis na rialacha maidir le cinntí i leith coinsíneachtaí a leagtar síos in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2017/625;

(b)

féadfar na seiceálacha doiciméadacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a dhéanamh go cianda ó phoist rialaithe teorann i ndáil le táirgí orgánacha áirithe agus táirgí atá á dtiontú i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123;

(c)

féadfar na seiceálacha céannachta agus fisiceacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i ndáil le táirgí orgánacha áirithe agus táirgí atá á dtiontú i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123.

5.   Leis an gcinneadh maidir le coinsíneachtaí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2017/625 tagrófar do cheann de na tásca dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír den Airteagal seo. I gcás ina bhfuil iarrtha ag an allmhaireoir go gcuirfear an choinsíneacht faoi nós imeachta custaim speisialta i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo, trí bhosca 23 den deimhniú cigireachta a líonadh isteach, léireofar, leis an gcinneadh maidir le coinsíneachtaí i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2017/625, an nós imeachta custaim is infheidhme.

Maidir leis an gcinneadh a thaifeadtar sa deimhniú cigireachta lena léirítear nach féidir an choinsíneacht ná cuid di a scaoileadh i saorchúrsaíocht, tabharfar fógra maidir leis sin gan mhoill in TRACES don údarás inniúil ábhartha a dhéanann rialuithe oifigiúla chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h) agus (j), de Rialachán (AE) 2017/625.

I gcás ina léirítear leis an gcinneadh a dhéantar in CHED i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2017/625 nach gcomhlíonann an choinsíneacht na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin, cuirfidh an t-údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann an t-údarás inniúil a rinne an cinneadh ar an eolas faoi sin in TRACES i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun an deimhniú cigireachta a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, aon údarás inniúil a dhéanann rialuithe oifigiúla chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h) agus (j), de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh sé aon fhaisnéis ábhartha, amhail torthaí anailíse saotharlainne, a sholáthar in TRACES don údarás inniúil a rinne an cinneadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun an deimhniú cigireachta a thabhairt cothrom le dáta, más ábhartha.

6.   I gcás nach ndéantar ach amháin cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht, deighlfear an choinsíneacht i mbaisceanna éagsúla roimh a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Maidir le gach baisc, déanfaidh an t-allmhaireoir sliocht as an deimhniú cigireachta a líonadh isteach agus a chur isteach in TRACES i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeartaítear an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht an fíorú ar an mbaisc agus formhuineoidh sé an sliocht as an deimhniú cigireachta in TRACES le ríomhshéala cáilithe.

7.   Maidir le coinsíneachtaí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann dá dtagraítear i mír 4, ní cheadóidh na húdaráis chustaim an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht ach amháin má chuirtear i láthair CHED a tugadh chun críche go cuí i gcomhréir le hAirteagal 57(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625, agus deimhniú cigireachta a formhuiníodh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo lena léirítear gur féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

I gcás ina ndeighltear an choinsíneacht i mbaisceanna éagsúla, ceanglóidh na húdaráis inniúla go gcuirfear i láthair CHED a tugadh chun críche go cuí i gcomhréir le hAirteagal 57(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625 agus sliocht as an deimhniú cigireachta i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 lena léirítear i mbosca 12 gur féidir an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Airteagal 7

Nósanna imeachta custaim speisialta

1.   I gcás ina bhfuil coinsíneacht curtha faoi nós imeachta stórasaithe custaim nó próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 240(1) agus Airteagal 256(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus ina dtéann sí faoi ullmhúchán amháin nó níos mó dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, fíoróidh an t-údarás inniúil an choinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo sula ndéantar an chéad ullmhúchán. Uimhir thagartha an dearbhaithe custaim lena mbeidh na hearraí dearbhaithe le haghaidh an nós imeachta stórasaithe custaim nó próiseála isteach, léireoidh an t-allmhaireoir i mbosca 23 den deimhniú cigireachta í.

Beidh na hullmhúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta do na cineálacha oibríochtaí seo a leanas:

(a)

pacáistíocht nó athrú pacáistíochta; nó

(b)

greamú, baint agus athrú lipéad maidir leis an modh táirgthe orgánach a chur i láthair.

2.   Tar éis an chur i láthair dá dtagraítear i mír 1, fíoróidh an t-údarás inniúil an choinsíneacht agus formhuineoidh sé an deimhniú cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 6 roimh scaoileadh na coinsíneachta i saorchúrsaíocht.

3.   Roimh an scaoileadh i saorchúrsaíocht, féadfar coinsíneacht a dheighilt i mbaisceanna éagsúla faoi mhaoirseacht custaim tar éis fhíorú agus fhormhuiniú an deimhnithe cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 6. Déanfaidh an t-allmhaireoir sliocht as an deimhniú cigireachta a líonadh isteach agus a chur isteach in TRACES i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 le haghaidh gach baisce a thagann as an deighilt.

4.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an bhaisc le scaoileadh i saorchúrsaíocht an fíorú ar an mbaisc i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2), agus formhuineoidh sé an sliocht as an deimhniú cigireachta in TRACES le ríomhshéala cáilithe.

5.   Déanfar na hoibríochtaí ullmhúcháin agus deighilte dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2018/848.

Airteagal 8

Socruithe teagmhasacha le haghaidh TRACES i gcás neamh-infhaighteachta agus i gcás force majeure

1.   Údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a eisíonn an deimhniú cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 4 coinneoidh siad teimpléad inlíonta den deimhniú sin ar fáil i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach san Iarscríbhinn agus de na doiciméid uile a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/848 a fhéadfar a uaslódáil in TRACES.

2.   I gcás nach bhfuil TRACES ná ceann dá fheidhmiúlachtaí ar fáil go leanúnach ar feadh níos mó ná 24 uair an chloig, féadfaidh a úsáideoirí teimpléad inlíonta priontáilte nó leictreonach a úsáid, dá dtagraítear i mír 1, chun faisnéis a thaifeadadh agus a mhalartú.

Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe dá dtagraítear i mír 1 tagairt do gach deimhniú a eisítear agus coimeádfaidh sé clár de na deimhnithe a eisítear in ord croineolaíoch chun an comhfhreagras leis an tagairt alfa-uimhriúil a thugtar le TRACES a áirithiú nuair a bheidh sé feidhmiúil.

I gcás ina n-úsáidtear deimhnithe páipéir cigireachta, le hathruithe nó scriosadh neamhdheimhnithe cuirfear an méid sin ó bhail.

3.   Nuair atá TRACES nó a fheidhmiúlachtaí ar fáil arís, déanfaidh a úsáideoirí an fhaisnéis a thaifeadtar i gcomhréir le mír 2 a úsáid chun an deimhniú cigireachta a tháirgeadh go leictreonach agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a uaslódáil.

4.   Ar dheimhnithe agus doiciméid a tháirgtear i gcomhréir le mír 2 cuirfear an téacs “táirgthe le linn teagmhais” orthu.

5.   I gcás ina dtarlaíonn force majeure, beidh feidhm ag míreanna 1 go 4. Ina theannta sin, cuirfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi theagmhas den sórt sin agus cuirfidh údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe na mionsonraí uile is gá in TRACES laistigh de 10 lá féilire tar éis dheireadh an teagmhais sin.

6.   Beidh feidhm ag Airteagal 5(4) agus (5) mutatis mutandis maidir le deimhnithe agus doiciméid a tháirgtear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Úsáid an deimhnithe cigireachta agus shliocht an deimhnithe cigireachta ag údaráis inniúla

Maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag pointe scaoilte i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305, ní cheadóidh na húdaráis chustaim scaoileadh coinsíneachta i saorchúrsaíocht ach ar dheimhniú cigireachta a chur i láthair lena léirítear i mbosca 30 gur féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

I gcás ina ndeighltear an choinsíneacht i mbaisceanna éagsúla, ceanglóidh na húdaráis inniúla go gcuirfear sliocht as an deimhniú cigireachta i láthair i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 lena léirítear i mbosca 12 gur féidir an bosca a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Airteagal 10

Faisnéis atá le soláthar ag údarás inniúil, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i dtríú tír i gcás neamhchomhlíontachtaí amhrasta nó neamhchomhlíontachtaí a shuitear a bheith ann le coinsíneachtaí

1.   I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i dtríú tír fógra ón gCoimisiún, tar éis don Choimisiún fógra a fháil ó Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a mhéid a bhaineann le neamhchomhlíontacht amhrasta nó neamhchomhlíontacht a shuitear a bheith ann lena ndéantar difear do shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú i gcoinsíneacht, déanfaidh sé imscrúdú. Freagróidh an t-údarás inniúil, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an Coimisiún agus an Ballstát a sheol an fógra tosaigh (an Ballstát a thugann fógra) laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fhaightear an fógra sin agus cuirfidh sé iad ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí agus na bearta a rinneadh, lena n-áirítear torthaí an imscrúdaithe agus soláthróidh sé aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus/nó a cheanglaíonn an Ballstát a thugann fógra, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Roinn X, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún (12).

2.   Soláthróidh an t-údarás inniúil, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aon fhaisnéis eile a iarrfaidh Ballstát a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí nó bearta breise a rinneadh.

Féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát a iarraidh ar an údarás inniúil, ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe an liosta de na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí uile sa slabhra táirgeachta orgánaí a bhfuil an choinsíneacht ina cuid de, agus dá n-údaráis rialaithe nó dá gcomhlachtaí rialaithe, a chur ar fáil, gan mhoill.

3.   I gcás ina mbeidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, beidh feidhm ag Airteagal 21(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698.

Airteagal 11

Forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe páipéir cigireachta agus sleachta astu

1.   De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Meitheamh 2022, féadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an deimhniú páipéir sin comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

i mbosca 18, beidh síniú lámhscríofa an duine údaraithe ón údarás rialaithe nó ón gcomhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú agus an stampa oifigiúil;

(b)

eiseofar é sula bhfágann an choinsíneacht lena mbaineann sé an tríú tír is onnmhaireoir nó an tríú tír tionscnaimh.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(3), go dtí an 30 Meitheamh 2022, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-eisítear an deimhniú cigireachta ar pháipéar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, formhuineofar an deimhniú sin ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, i mboscaí 23, 25 agus 30, de réir mar is iomchuí, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte;

(b)

i gcás ina n-eisítear an deimhniú cigireachta in TRACES agus ina bhfuil ríomhshéala cáilithe air, i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, féadfar an deimhniú sin a fhormhuiniú ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, i mboscaí 23, 25 agus 30, de réir mar is iomchuí, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte.

3.   Déanfaidh údaráis rialaithe, comhlachtaí rialaithe agus údaráis inniúla fíorú ag gach céim a eisítear agus a fhormhuinítear an deimhniú cigireachta, de réir mar is iomchuí, go gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis ar an deimhniú páipéir cigireachta don fhaisnéis ar an deimhniú a líontar isteach in TRACES.

Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann leis an líon pacáistí dá dtagraítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta nó leis an bhfaisnéis i mboscaí 16 agus 17 den deimhniú sin, i gcás nach mbeidh sí líonta isteach ar an deimhniú páipéir cigireachta, nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin éagsúil leis an bhfaisnéis a líontar isteach sa deimhniú in TRACES, ní mheasfaidh na húdaráis inniúla, chun críoch fhíorú na coinsíneachta agus fhormhuiniú an deimhnithe, ach amháin an fhaisnéis a líontar isteach in TRACES.

4.   Cuirfear an deimhniú páipéir cigireachta dá dtagraítear i mír 1 i láthair an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann ag an mbealach isteach san Aontas ina bhfuil an choinsíneacht faoi réir rialuithe oifigiúla nó faoi bhráid an údaráis inniúil ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an t-údarás inniúil sin an deimhniú páipéir sin ar ais chuig an allmhaireoir.

5.   De mhaolú ar Airteagail 6(6) agus 7(4), go dtí an 30 Meitheamh 2022, féadfar sliocht an deimhnithe cigireachta a fhormhuiniú ar pháipéar, tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an sliocht páipéir deimhnithe sin comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

i mbosca 12, formhuineofar é ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil;

(b)

beidh síniú lámhscríofa choinsíní na baisce air, i mbosca 13.

Cuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an sliocht páipéir as an deimhniú sin ar ais chuig an duine a chuir i láthair é.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008.

Mar sin féin, beidh feidhm ag an Rialachán sin fós chun deimhnithe cigireachta atá ar feitheamh a líonadh isteach agus a fhormhuiniú, ar deimhnithe iad a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2022 agus chun sleachta as deimhnithe cigireachta a chuir an t-allmhaireoir isteach roimh an 1 Eanáir 2022 a líonadh isteach agus a fhormhuiniú, agus chun críoch dhearbhú an chéadchoinsíní nó an choinsíní sa deimhniú cigireachta nó sa sliocht as an deimhniú cigireachta.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina bhfuil táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla agus na coinníollacha faoina bhfuil na táirgí sin díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, áit na rialuithe oifigiúla le haghaidh na dtáirgí sin agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 (Féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na doiciméid agus na fógraí atá ag teastáil le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bhfuil sé beartaithe iad a allmhairiú isteach san Aontas (Féach leathanach 30. den Iris Oifigiúil seo).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithint atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí a deimhníodh mar oibreoirí orgánacha agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le haghaidh na gcásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe agus na gcoinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh agus ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh go cianda ó phoist rialaithe teorann agus na gcoinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe agus bearta eile lena n-áirithítear inrianaitheacht agus comhlíontacht i dtáirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (IO L 62, 23.2.2021, lch. 6).


IARSCRÍBHINN

CUID I

DEIMHNIÚ CIGIREACHTA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ORGÁNACHA AGUS TÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ A ALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH

1.

Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe eisiúna

2.

Nós imeachta de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1):

Comhlíontacht (Airteagal 46);

Tríú tír choibhéiseach (Airteagal 48);

Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe coibhéiseach (Airteagal 57); nó

Coibhéis faoi chomhaontú trádála (Airteagal 47).

3.

Uimhir thagartha an deimhnithe cigireachta

4.

Táirgeoir nó próiseálaí an táirge

5.

Onnmhaireoir

6.

Oibreoir a cheannaíonn nó a dhíolann an táirge gan an táirge a stóráil ná a láimhseáil go fisiceach

7.

Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe

8.

Tír thionscnaimh

9.

Tír is onnmhaireoir

10.

Post rialaithe teorann/pointe scaoilte i saorchúrsaíocht

11.

Tír cinn scríbe

12.

Allmhaireoir

13.

Tuairisc ar tháirgí

Táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú

Cód AC

Ainm trádála

Catagóir

Líon pacáistí

Uimhir luchtóige

Glanmheáchan

14.

Uimhir choimeádáin

15.

Uimhir shéala

16.

Ollmheáchan iomlán

17.

Modh iompair

Modh

Aitheantas

Doiciméad iompair idirnáisiúnta

18.

Dearbhú an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a eisíonn an deimhniú dá dtagraítear i mbosca 1

Deimhnítear leis seo gur eisíodh an deimhniú seo ar bhonn na seiceálacha a cheanglaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (2) maidir le comhlíontacht (Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848) nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún (3) maidir le coibhéis (Airteagal 47, Airteagal 48 nó Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848) agus go bhfuil na táirgí a ainmnítear thuas i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2018/848

Dáta

Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe

Stampa an údaráis rialaithe eisiúna nó an chomhlachta rialaithe eisiúna

19.

An t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht

20.

Réamhfhógra

Dáta

Am

21.

Áit a bhfuil an choinsíneacht le haistriú:

22.

Sonraí an lárionaid rialaithe

23.

Nósanna imeachta custaim speisialta

Stórasú custaim ☐

Próiseáil isteach ☐

Ainm agus seoladh an oibreora atá freagrach as an nós imeachta custaim nó as na nósanna imeachta custaim:

An t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a dheimhníonn an t-oibreoir atá freagrach as an nós imeachta custaim nó as na nósanna imeachta custaim:

Fíorú na coinsíneachta roimh an nós imeachta custaim speisialta nó na nósanna imeachta custaim speisialta

Faisnéis bhreise:

Údarás agus Ballstát:

Dáta:

Ainm agus síniú an duine údaraithe

Uimhir Thagartha an Dearbhaithe Custaim le haghaidh an nós imeachta custaim nó na nósanna imeachta custaim

24.

Céadchoinsíní san Aontas Eorpach

25.

Rialú na n-údarás inniúil ábhartha

Seiceálacha doiciméadacha

Sásúil

Níl siad sásúil

Ar roghnaíodh an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha?

Roghnaíodh

Níor Roghnaíodh

Údarás agus Ballstát:

Dáta:

Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe

26.

An bhfuil an choinsíneacht le haistriú ón bpost rialaithe teorann go dtí an lárionad rialaithe:

27.

Sonraí an lárionaid rialaithe

☐ Tá

☐ Níl

 

28.

An modh iompair ón bpointe rialaithe teorann chuig an lárionad rialaithe

29.

Seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha

Seiceálacha sainaitheantais

Sásúil;

Níl siad sásúil;

Seiceálacha fisiciúla

Sásúil;

Níl siad sásúil;

 

An ndearnadh tástáil saotharlainne

☐ Rinneadh

☐ Ní dhearnadh

 

Toradh na tástála sin

☐ Sásúil

☐ Níl sé sásúil

 

30.

Cinneadh ón údarás inniúil ábhartha

Le scaoileadh mar tháirgí orgánacha;

Le scaoileadh mar tháirgí atá á dtiontú;

Le scaoileadh mar tháirgí neamhorgánacha;

Nach féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht;

Is féidir cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Faisnéis bhreise:

An t-údarás ag an bpost rialaithe teorann/an lárionad rialaithe/an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht agus an Ballstát:

Dáta:

Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe

31.

Dearbhú an chéadchoinsíní

Maidir leis an bpacáistíocht nó leis an gcoimeádán agus, i gcás inarb ábhartha, an deimhniú cigireachta, deimhnítear leis seo ag pointe glactha na dtáirgí gurb amhlaidh:

atá siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848; nó

nach bhfuil siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

Ainm agus síniú an duine údaraithe

Dáta:

CUID II

NÓTAÍ CHUN SAMHAIL AN DEIMHNITHE CIGIREACHTA A LÍONADH ISTEACH

Ní mór don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe ábhartha sa tríú tír Boscaí 1 go 20 a líonadh isteach.

Bosca 1: Ainm, seoladh agus cód an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a aithnítear de bhun Airteagal 46 nó dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 nó údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe atá ainmnithe ag údarás inniúil tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 47 nó Airteagal 48 den Rialachán sin. Líonann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe boscaí 2 go 18 isteach freisin.

Bosca 2: Leis an mbosca seo léirítear forálacha Rialachán (AE) 2018/848 atá ábhartha maidir le heisiúint agus úsáid an deimhnithe seo; léirigh an fhoráil ábhartha.

Bosca 3: Uimhir an deimhnithe a shanntar go huathoibríoch leis an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES).

Bosca 4: Ainm agus seoladh na n-oibreoirí a tháirg nó a phróiseáil na táirgí sa tríú tír a luaitear i mbosca 8.

Bosca 5: Ainm agus seoladh an oibreora a onnmhairíonn na táirgí ón tír a luaitear i mbosca 9. Is é an t-onnmhaireoir an t-oibreoir a dhéanann an oibríocht deiridh chun críocha an ullmhúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) 2018/848 maidir leis na táirgí a luaitear i mbosca 13 agus na táirgí a shéalú i bpacáistíocht nó coimeádáin iomchuí, de bhun phointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

Bosca 6: I gcás inarb infheidhme, líon isteach ainm agus seoladh oibreora amháin nó níos mó nó a cheannaíonn nó a dhíolann an táirge gan an táirge a stóráil ná a láimhseáil go fisiceach.

Bosca 7: Ainm agus seoladh na gcomhlachtaí rialaithe nó na n-údarás rialaithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh tháirgeadh nó phróiseáil na dtáirgí leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach sa tír a luaitear i mbosca 8.

Bosca 8: Ciallaíonn tír thionscnaimh an tír nó na tíortha inar táirgeadh/fásadh nó próiseáladh an táirge.

Bosca 9: Ciallaíonn tír is onnmhaireoir an tír ina raibh an táirge faoi réir na hoibríochta deiridh chun críoch an ullmhúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) 2018/848 agus séalaithe i bpacáistíocht nó coimeádáin iomchuí.

Bosca 10: Más rud é go bhfuil coinsíneacht faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhua Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, léirigh an t-ainm agus cód alfa-uimhriúil uathúil arna sannadh ag an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe don phost rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas, áit a ndéantar rialuithe oifigiúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (4).

Más rud é go bhfuil coinsíneacht díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún (5), léirigh an t-ainm agus cód alfa-uimhriúil uathúil arna sannadh ag an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe don phointe scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach, de réir mar is iomchuí, áit a ndéantar rialuithe oifigiúla i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306ón gCoimisiún.

Is féidir leis an allmhaireoir nó a ionadaí an fhaisnéis sa bhosca seo a thabhairt cothrom le dáta sula sroicheann an choinsíneacht an post rialaithe teorann nó an pointe scaoilte i saorchúrsaíocht, de réir mar is iomchuí.

Bosca 11: Ciallaíonn tír cinn scríbe tír an chéadchoinsíní san Aontas Eorpach.

Bosca 12: Ainm, seoladh agus uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíochta (uimhir EORI), mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (18), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (6), ag an allmhaireoir, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307ón gCoimisiún (7), arb é a chuireann an choinsíneacht i láthair le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht as féin, nó trí ionadaí.

Bosca 13: Tuairisc ar na táirgí, lena n-áirítear:

an tásc cibé acu táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú iad na táirgí atá i gceist;

an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (8) le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann (leibhéal 8 ndigit i gcás inar féidir);

an t-ainm trádála;

catagóir an táirge i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (9);

an líon pacáistí (an líon boscaí, cartán, málaí, buicéad, etc.);

an uimhir luchtóige; agus

an glanmheáchan.

Bosca 14: Uimhir an choimeádáin: roghnach.

Bosca 15: Uimhir shéala: roghnach.

Bosca 16: An t-ollmheáchan iomlán a shloinntear in aonaid iomchuí (kg, lítear, etc.).

Bosca 17: An modh iompair a úsáidtear ón tír thionscnaimh go dtí go sroicheann an táirge an post rialaithe teorann nó an pointe scaoilte i saorchúrsaíocht chun an choinsíneacht a fhíorú agus an deimhniú cigireachta a fhormhuiniú.

Modh iompair: eitleán, soitheach, iarnróid, feithicil bhóthair, eile.

Sainaithint an mhodha iompair: i gcás eitleáin, uimhir na heitilte, i gcás soithí, ainm nó ainmneacha na loinge, i gcás iarnród, uimhir sainaitheantais agus vaigín na traenach, i gcás iompar de bhóthar, an t-uimhirphláta clárúcháin leis an uimhirphláta leantóra más iomchuí.

I gcás bád farantóireachta, léirigh an soitheach agus an fheithicil bhóthair le sainaitheantas na feithicle bóthair agus an bháid farantóireachta sceidealaithe.

Bosca 18: Dearbhú an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a eisíonn an deimhniú. Roghnaigh an Rialachán Tarmligthe iomchuí ón gCoimisiún. Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ná an stampa ach amháin i gcás deimhnithe cigireachta a eisítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.

Bosca 19: Ainm, seoladh agus uimhir EORI, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (18) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, mar a sainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307. Ní mór don allmhaireoir a shonraítear i mbosca 12 an bosca seo a líonadh isteach, más rud é nach ionann an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht agus an t-allmhaireoir sin.

Bosca 20: I gcás coinsíneacht táirgí a bheartaítear a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, léirigh an dáta agus an t-am teachta measta ag an bpost rialaithe teorann.

I gcás coinsíneacht táirgí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún, léirigh an dáta agus an t-am teachta measta ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht i gcomhréir leis an Rialachán sin.

Bosca 21: Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an allmhaireoir, nó i gcás inarb iomchuí, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, chun a iarraidh go n-aistreofar na táirgí chuig lárionad rialaithe san Aontas i gcomhair rialuithe oifigiúla breise, más rud é go roghnaíonn na húdaráis inniúla an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha ag an bpost rialaithe teorann. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.

Bosca 22: Tabhair ainm an phointe rialaithe sa Bhallstát a bhfuil na táirgí le haistriú chuige le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha, más rud é go roghnaíonn na húdaráis inniúla an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha ag an bpost rialaithe teorann. Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an allmhaireoir, nó i gcás inarb iomchuí, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.

Bosca 23: Ní mór don údarás inniúil ábhartha agus don allmhaireoir an bosca seo a líonadh isteach.

I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an bpost rialaithe teorann.

Ceanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe i gcás deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.

Bosca 24: Ainm agus seoladh an chéadchoinsíní san Aontas Eorpach. Ní mór don allmhaireoir an bosca seo a líonadh isteach.

Bosca 25: Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach tar éis na seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306. Más rud nach bhfuil na seiceálacha doiciméadacha sásúil, ní mór bosca 30 a líonadh isteach.

Ní mór don údarás a léiriú gur roghnaíodh an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha nó nár roghnaíodh.

Ceanglaítear síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cháilithe más rud é nach ionann an t-údarás inniúil agus an t-údarás a shonraítear in mbosca 30, agus sa chás sin amháin. Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ach amháin i gcás deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.

Bosca 26: Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann más rud é go roghnaítear an choinsíneacht le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha agus más rud é go bhfuil sí inghlactha lena haistriú chuig an lárionad rialaithe le haghaidh rialuithe oifigiúla breise. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.

Bosca 27: Más rud é go n-aistrítear an choinsíneacht go lárionad rialaithe, tabhair ainm an lárionaid rialaithe sa Bhallstát a n-iarrtar earraí a aistriú chuige le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha, sonraí teagmhála an lárionaid rialaithe agus an cód alfa-uimhriúil uathúil arna sannadh ag an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe don lárionad rialaithe. Tá an bosca seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann. Níl feidhm ag an mbosca seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848.

Bosca 28: Féach, le do thoil, an treoir maidir le bosca 17. Tá an bosca seo a líonadh isteach más rud é go n-aistrítear an choinsíneacht go lárionad rialaithe le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha.

Bosca 29: Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach i gcás ina roghnaítear na táirgí le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha.

Bosca 30: Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach, tar éis an na n-ullmhúchán dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, i gcás inarb infheidhme, agus i ngach cás tar éis fhíorú na coinsíneachta i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin.

Ní mór don údarás inniúil an rogha iomchuí a roghnú agus, más gá, aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith ábhartha a chur isteach. Go háirithe, má tá an rogha “Ní féidir an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht” nó “Is féidir cuid den choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht” roghnaithe, ní mór an fhaisnéis ábhartha a sholáthar faoi “Faisnéis bhreise”.

I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an bpost rialaithe teorann. I gcás ina n-aistrítear an choinsíneacht go lárionad rialaithe le haghaidh seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 , ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an lárionad rialaithe.

Faoi “an t-údarás ag an bpost rialaithe teorann/an lárionad rialaithe/an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht”, cuir isteach ainm an údaráis lena mbaineann, de réir mar is iomchuí.

Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ach amháin i gcás deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.

Bosca 31: Ní mór don chéadchoinsíní an bosca seo a líonadh isteach ag pointe glactha na dtáirgí tar éis na scaoilte i saorchúrsaíocht trí rogha amháin a roghnú tar éis na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a dhéanamh.

Ceanglaítear síniú lámhscríofa an chéadchoinsíní le haghaidh deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí a deimhníodh mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina bhfuil táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla agus na coinníollacha faoina bhfuil na táirgí sin díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, áit na rialuithe oifigiúla le haghaidh na dtáirgí sin agus lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 (IO L 461, 27.12.2021, lch. 5).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na doiciméid agus na fógraí a éilítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bhfuil sé beartaithe iad a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 461, 27.12.2021, lch. 30).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le hallmhairiú táirgí orgánacha, agus táirgí atá á dtiontú, isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).


Top