Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2283

    Rialachán (AE) 2021/2283 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013

    ST/14314/2021/INIT

    IO L 458, 22/12/2021, p. 33–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/07/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2283/oj

    22.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 458/33


    RIALACHÁN (AE) 2021/2283 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Nollaig 2021

    lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ní leor táirgeacht táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe san Aontas chun ceanglais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, braitheann soláthairtí Aontais na dtáirgí sin ar allmhairí ó thríú tíortha. Na ceanglais is práinní a chuireann an tAontas ar na táirgí lena mbaineann, ba cheart iad a chomhlíonadh láithreach ar na téarmaí is fabhraí is féidir. Dá bhrí sin, na taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais (“cuótaí”) atá ag rátaí dleachta cuótaí fabhracha, ba cheart iad a oscailt laistigh de theorainneacha méideanna iomchuí na gcuótaí lena gcuirtear san áireamh an gá atá ann gan cur isteach ar na margaí le haghaidh táirgí den sórt sin nó gan bac a chur ar bhunú nó ar fhorbairt táirgthe san Aontas.

    (2)

    Tá sé riachtanach rochtain chomhionann agus neamhbhriste ar chuótaí a áirithiú d’allmhairithe uile san Aontas agus feidhmiú neamhbhriste rátaí dleachta cuótaí a áirithiú a leagtar síos le haghaidh na gcuótaí sin maidir le hallmhairí uile na dtáirgí lena mbaineann a thugtar isteach chuig na Ballstáit go dtí go mbeidh na cuótaí uile ídithe.

    (3)

    Déantar foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (1) maidir le córas bainistíochta taraif-chuótaí lena n-áirithítear rochtain chomhionann agus neamhbhriste ar na chuótaí agus feidhmiú neamhbhriste rátaí dleachta cuótaí, agus lena leantar ord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na taraif-chuótaí arna n-oscailt ag an Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras sin dá bhrí sin.

    (4)

    Sloinntear méideanna na gcuótaí mar aonaid fhorlíontacha meáchain den chuid is mó. Maidir le táirgí áirithe lena n-osclaítear taraif-chuóta, leagtar amach méid an taraif-chuóta mar aonad eile forlíontach. I gcás nach sonraítear aon aonad eile maidir leis na táirgí san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) (“an Ainmníocht Chomhcheangailte”), is féidir go mbeidh éiginnteacht maidir leis an aonad forlíontach a úsáidfear. Ar mhaithe le soiléireacht agus le bainistiú cuótaí níos fearr, is gá dá bhrí sin a fhoráil, chun tairbhe a bhaint as na cuótaí sin, go gcuirfear cainníochtaí beachta na dtáirgí a allmhairítear sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht lena n-úsáidtear aonad forlíontach mhéid an chuóta a leagtar amach le haghaidh na dtáirgí sa Rialachán seo.

    (5)

    Is gá a shoiléiriú go mba cheart aon mheascán, aon ullmhóid nó aon táirge atá comhdhéanta de chomhábhair éagsúla ina bhfuil táirgí atá faoi réir cuótaí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ós rud é nach bhfuil faoi réir na gcuótaí ach na táirgí a thuairiscítear sa Rialachán seo.

    (6)

    Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 ón gComhairle (3) a leasú roinnt uaireanta. Ina theannta sin, de bhrí gur tugadh códú na hAinmníochta Comhcheangailte cothrom le dáta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiun (4), bheadh gá le líon mór leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013. Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht agus le trédhearcacht, ba cheart an Rialachán sin a ionadú ina iomláine.

    (7)

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun na bunchuspóirí a bhaint amach maidir leis an trádáil a chur chun cinn idir Ballstáit agus tríú tíortha, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos chun leasanna tráchtála éagsúla de chuid oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a chur i gcothromaíocht gan athrú a dhéanamh ar sceideal an Aontais leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (8)

    Chun nach mbrisfear cur i bhfeidhm scéim na gcuótaí agus chun na treoirlínte a leagtar amach sa theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 a bhaineann le fionraíochtaí agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag na cuótaí le haghaidh na dtáirgí a liostaítear sa Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Déanfar taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais (“cuótaí”) a oscailt le haghaidh na dtáirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha a liostaítear san Iarscríbhinn.

    2.   Laistigh de na cuótaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur ar fionraí le linn na dtréimhsí cuóta, ag rátaí dleachta gcuótaí, agus suas go dtí méideanna na gcuótaí a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    3.   Níl feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le haon mheascáin, ullmhóidí nó táirgí atá comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla ina bhfuil na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na cuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 3

    I gcás ina dtaisctear dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht le haghaidh na dtáirgí ar ina leith a thugtar na haonaid fhorlíontacha san Iarscríbhinn, úsáidfear an t-aonad forlíontach a leagtar amach san Iarscríbhinn chun cainníochtaí beachta na dtáirgí a allmhairítear a chur sa dearbhú sin.

    Airteagal 4

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Nollaig 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. VIZJAK


    (1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 7/2010 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 319).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Uimhir ordaithe

    Cód AC

    TARIC

    Tuairisc

    Tréimhse an chuóta

    Méid an chuóta

    Ráta dleachta an chuóta

    09.2637

    ex 0710 40 00

    ex 2005 80 00

    20

    30

    Diasa arbhair (Zea mays var. saccharata), bídís gearrtha nó ná bídís, atá 10 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 20 mm, ar trastomhas, atá lena núsáid i monarú táirgí de chuid thionscal an bhia atá lena gcóireáil ar shlí seachas trí athphacáil amháin (1)  (2)  (3)

    1.1.-31.12.

    550 t

    0 % (3)

    09.2849

    ex 0710 80 69

    10

    Beacáin den speiceas Auricularia polytricha (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalbhruith nó trína mbruith), iad reoite, le haghaidh monarú béilí réamhullmhaithe (1)  (2)

    1.1.-31.12.

    700 t

    0 %

    09.2664

    ex 2008 60 39

    30

    Silíní milse a bhfuil biotáille bhreise curtha leo, ina bhfuil cion siúcra nach mó ná 9 % de réir meáchain, nach bhfuil níos mó ná 19,9 mm ar trastomhas, ina bhfuil clocha, agus atá lena núsáid i dtáirgí seacláide (1)

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    10 %

    09.2740

    ex 2309 90 31

    87

    Tiúchán próitéine pónairí soighe ina bhfuil, de réir meáchain:

    60 % (± 10 %) amhphróitéin,

    5 % (± 3 %) amhshnáithín,

    5 % (± 3 %) amhluaith, agus

    3 % nó níos mó ach méid nach mó ná 6,9 % stáirse,

    atá lena núsáid i monarú táirgí beatha ainmhithe (1)

    1.1.-31.12.

    30 000 t

    0 %

    09.2913

    ex 2401 10 35

    ex 2401 10 70

    ex 2401 10 95

    ex 2401 10 95

    ex 2401 10 95

    ex 2401 20 35

    ex 2401 20 70

    ex 2401 20 95

    ex 2401 20 95

    ex 2401 20 95

    91

    10

    11

    21

    91

    91

    10

    11

    21

    91

    Tobac nádúrtha neamh-mhonaraithe, bíodh sé gearrtha de réir gnáthmhéid nó ná bíodh, ag a bhfuil luach custaim nach lú ná EUR 450 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan, atá lena úsáid mar cheanglóir nó mar chumhdach le haghaidh monarú táirgí atá faoi fho-cheannteideal 2402 10 00  (1)

    1.1.-31.12.

    6 000 t

    0 %

    09.2586

    ex 2710 19 81

    ex 2710 19 99

    20

    40

    Bonn-ola atá hidrea-isiméirithe agus díchiartha go catalaíoch ó hidreacarbóin shár-iseapairifíneacha, ina bhfuil:

    90 % nó níos mó sáitheáin de réir meáchain, agus

    méid nach mó ná 0,03 % sulfar de réir meáchain,

    agus ag a bhfuil:

    innéacs slaodachta atá cothrom le 80 nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 120, agus

    slaodacht chinéimiteach atá cothrom le 5,0 cSt ag 100 °C nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 13,0 cSt ag 100

    1.1.-30.6.

    75 000 t

    0 %

    09.2828

    2712 20 90

     

    Céir phairifín ina bhfuil níos lú ná 0,75 % ola de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    100 000 t

    0 %

    09.2600

    ex 2712 90 39

    10

    Céir ola (CAS RN 64742-61-6)

    1.1.-31.12.

    100 000 t

    0 %

    09.2578

    ex 2811 19 80

    50

    Aigéad sulfaimídeach (CAS RN 5329-14-6) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó, de réir meáchain, bíodh méid nach mó ná 5 % den oibreán frithstolptha dé-ocsaíd sileacain (CAS RN 112926-00-8) curtha leis nó ná bíodh

    1.1.-31.12.

    27 000 t

    0 %

    09.2928

    ex 2811 22 00

    40

    Líonach silice i bhfoirm gráinníní ag a bhfuil íonacht dé-ocsaíde sileacain atá cothrom le 97 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    1 700 t

    0 %

    09.2806

    ex 2825 90 40

    30

    Trí-ocsaíd tungstain, lena náirítear ocsaíd ghorm tungstain (CAS RN 1314-35-8 nó CAS RN 39318-18-8)

    1.1.-31.12.

    12 000 t

    0 %

    09.2872

    ex 2833 29 80

    40

    Sulfáit chaeisiam (CAS RN 10294-54-9) i bhfoirm sholadach nó ina tuaslagán uiscí ina bhfuil 48 % nó níos mó ach méid nach mó ná 52 % sulfáit chaeisiam

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2567

    ex 2903 22 00

    10

    Tríchlóireitiléin (CAS RN 79-01-6) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    11 885 000 kg

    0 %

    09.2837

    ex 2903 79 30

    20

    Brómaclóraimeatán (CAS RN 74-97-5)

    1.1.-31.12.

    600 t

    0 %

    09.2933

    ex 2903 99 80

    30

    1,3-Déchlóraibeinséin (CAS RN 541-73-1)

    1.1.-31.12.

    2 600 t

    0 %

    09.2700

    ex 2905 12 00

    10

    Própán-1-ól (propyl alcohol) (CAS RN 71-23-8)

    1.1.-31.12.

    15 000 t

    0 %

    09.2830

    ex 2906 19 00

    40

    Cioglapróipilmeatanól (CAS RN 2516-33-8)

    1.1.-31.12.

    20 t

    0 %

    09.2851

    ex 2907 12 00

    10

    O-créasól (CAS RN 95-48-7) ag a bhfuil íonacht nach lú ná 98,5 % de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    20 000 t

    0 %

    09.2704

    ex 2909 49 80

    20

    2,2,2’,2’-Teitricis(hiodrocsaimeitiol)-3,3’-ocsaidéphrópán-1-ól (CAS RN 126-58-9)

    1.1.-31.12.

    500 t

    0 %

    09.2565

    ex 2914 19 90

    70

    Aicéitiolaicéatónáit chailciam (CAS RN 19372-44-2) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2852

    ex 2914 29 00

    60

    Cioglapróipilmeitilcéatón (CAS RN 765-43-5)

    1.1.-31.12.

    300 t

    0 %

    09.2638

    ex 2915 21 00

    10

    Aigéad aicéiteach (CAS RN 64-19-7) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    1 000 000 t

    0 %

    09.2679

    2915 32 00

     

    Aicéatáit vinile (CAS RN 108-05-4)

    1.1.-31.12.

    400 000 t

    0 %

    09.2728

    ex 2915 90 70

    85

    Trífhluaraicéatáit eitile (CAS RN 383-63-1)

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2665

    ex 2916 19 95

    30

    (E,E)-heicsi-2,4-dé-eanóáit photaisiam (CAS RN 24634-61-5)

    1.1.-31.12.

    8 250 t

    0 %

    09.2684

    ex 2916 39 90

    28

    Clóiríd 2,5-démheitilfeiniolaicéitile (CAS RN 55312-97-5)

    1.1.-31.12.

    700 t

    0 %

    09.2599

    ex 2917 11 00

    40

    Ocsaláit dé-eitile (CAS RN 95-92-1)

    1.1.-31.12.

    500 t

    0 %

    09.2769

    ex 2917 13 90

    10

    Seabacáit dé-mheitile (CAS RN 106-79-6)

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    0 %

    09.2634

    ex 2917 19 80

    40

    Aigéad dóideacáindé-óch (CAS RN 693-23-2) ar mó ná 98,5 % a íonacht de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    8 000 t

    0 %

    09.2808

    ex 2918 22 00

    10

    Aigéad O-aicéitiolsalaicileach (CAS RN 50-78-2)

    1.1.-31.12.

    120 t

    0 %

    09.2646

    ex 2918 29 00

    75

    3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit ochtaideicile (CAS RN 2082-79-3) s:

    ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead a mhogaill, agus

    a bhfuil a leáphointe cothrom le 49 °C nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 54 °C,

    atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC  (1)

    1.1.-31.12.

    380 t

    0 %

    09.2647

    ex 2918 29 00

    80

    Teitricis(3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit) peinteiritríotóil (CAS RN 6683-19-8):

    ar mó ná 75 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 250 μm leithead a mhogaill, agus ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead a mhogaill, agus

    a bhfuil a leáphointe cothrom le 110 °C nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 125 °C,

    atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (1)

    1.1.-31.12.

    140 t

    0 %

    09.2975

    ex 2918 30 00

    10

    Dé-ainhidríd bheinseafeanóin-3,3’,4,4’-teitreacarbocsaileach (CAS RN 2421-28-5)

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    0 %

    09.2688

    ex 2920 29 00

    70

    Foisfít tris(2,4-déthreasbhúitilfeinile) (CAS RN 31570-04-4)

    1.1.-31.12.

    6 000 t

    0 %

    09.2598

    ex 2921 19 99

    75

    Ochtaideiciolaimín (CAS RN 124-30-1)

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2649

    ex 2921 29 00

    60

    Bis(2-démheitiolaimíneitil)(meitiol)aimín (CAS RN 3030-47-5)

    1.1.-31.12.

    1 700 t

    0 %

    09.2682

    ex 2921 41 00

    10

    Anailín (CAS RN 62-53-3) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    150 000 t

    0 %

    09.2617

    ex 2921 42 00

    89

    4-Fluarai-N-(1-meitileitil)beinséanaimín (CAS RN 70441-63-3)

    1.1.-31.12.

    500 t

    0 %

    09.2602

    ex 2921 51 19

    10

    o-feiniléindé-aimín (CAS RN 95-54-5)

    1.1.-31.12.

    1 800 t

    0 %

    09.2563

    ex 2922 41 00

    20

    Hidreaclóiríd L-lisín (CAS RN 657-27-2) nó tuaslagán uiscí L-lisín (CAS RN 56-87-1), ina bhfuil cion L-lisín 50 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-30.6.

    122 500 t

    0 %

    09.2592

    ex 2922 50 00

    25

    L-Tréóinín (CAS RN 72-19-5)

    1.1.-31.12.

    166 000 t

    0 %

    09.2575

    ex 2923 90 00

    87

    Clóiríd 3-clóra-2-hiodrocsapróipil)trímheitiolamóiniam (CAS RN 3327-22-8), i bhfoirm tuaslagáin uiscí ina bhfuil cion 65 % nó níos mó ach nach mó ná 71 % de chlóiríd 3-clóra-2-hiodrocsapróipil)trímheitiolamóiniam de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    19 000 t

    0 %

    09.2854

    ex 2924 19 00

    85

    N-búitiolcarbamáit 3-iadapróip-2-inile (CAS RN 55406-53-6)

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2874

    ex 2924 29 70

    87

    Paraicéiteamól (CAS RN 103-90-2

    1.1.-31.12.

    20 000 t

    0 %

    09.2742

    ex 2926 10 00

    10

    Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 55 agus faoi cheannteideal 6815  (1)

    1.1.-31.12.

    60 000 t

    0 %

    09.2583

    ex 2926 10 00

    20

    Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi cheannteidil 2921 , 2924 , 3906 agus 4002  (1)

    1.1.-31.12.

    40 000 t

    0 %

    09.2856

    ex 2926 90 70

    84

    2-Nítri-4-(trífhluaraimeitil)beinsinítríl (CAS RN 778-94-9)

    1.1.-31.12.

    900 t

    0 %

    09.2708

    ex 2928 00 90

    15

    Monaimeitilhiodraisín (CAS RN 60-34-4) ina thuaslagán uiscí inarb é 40 (± 5) % an cion monaimeitilhiodraisín de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    900 t

    0 %

    09.2581

    ex 2929 10 00

    25

    Dé-isicianáit 1,5-naiftiléin (CAS RN 3173-72-6) nach lú ná 90 % a híonacht

    1.1.-31.12.

    300 t

    0 %

    09.2685

    ex 2929 90 00

    30

    Nítreaguainidín (CAS RN 556-88-7)

    1.1.-31.12.

    6 500 t

    0 %

    09.2597

    ex 2930 90 98

    94

    Bis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]déshuilfíd (CAS RN 56706-10-6)

    1.1.-31.12.

    6 000 t

    0 %

    09.2596

    ex 2930 90 98

    96

    Aigéad beansóch 2-clórai-4-(meitiolsulfóinil)-3-((2,2,2-trífhluarifluaireatocsai)meitile) (CAS RN 120100-77-8)

    1.1.-31.12.

    300 t

    0 %

    09.2580

    ex 2931 90 00

    75

    Heicsideiciltrímheatocsaisiolán (CAS RN 16415-12-6) ar a laghad 95 % a íonacht de réir meáchain lena úsáid i monarú poileitiléine (1)

    1.1.-31.12.

    165 t

    0 %

    09.2842

    2932 12 00

     

    2-Fúraildéad (fúrfúraildéad)

    1.1.-31.12.

    10 000 t

    0 %

    09.2696

    ex 2932 20 90

    25

    Deacán-5-óilíd (CAS RN 705-86-2)

    1.1.-31.12.

    6 000 kg

    0 %

    09.2697

    ex 2932 20 90

    30

    Dóideacán-5-óilíd (CAS RN 713-95-1)

    1.1.-31.12.

    6 000 kg

    0 %

    09.2812

    ex 2932 20 90

    77

    Heacsán-6-óilíd (CAS RN 502-44-3)

    1.1.-31.12.

    4 000 t

    0 %

    09.2858

    2932 93 00

     

    Pipearóinil (CAS RN 120-57-0)

    1.1.-31.12.

    220 t

    0 %

    09.2673

    ex 2933 39 99

    43

    2,2,6,6- Teitrimeitilpipiridín -4-ol (CAS RN 2403-88-5)

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    0 %

    09.2880

    ex 2933 59 95

    39

    Iobrúitinib (INN) (CAS RN 936563-96-1)

    1.1.-31.12.

    5 t

    0 %

    09.2860

    ex 2933 69 80

    30

    1,3,5-Tris[3-(démheitiolaimínea)próipil]heacsaihidri-1,3,5-trí-aisín (CAS RN 15875-13-5)

    1.1.-31.12.

    600 t

    0 %

    09.2566

    ex 2933 99 80

    05

    1,4,7,10-Teatrasaiciogladóideacán (CAS RN 294-90-6) ag a bhfuil íonacht 96 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    60 t

    0 %

    09.2658

    ex 2933 99 80

    73

    5-(Aicéataicéitiolaimíni)beinsimíodasólón (CAS RN 26576-46-5)

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2593

    ex 2934 99 90

    67

    Aigéad 5-clóraitiaifín-2-carbocsaileach (CAS RN 24065-33-6)

    1.1.-31.12.

    45 000 kg

    0 %

    09.2675

    ex 2935 90 90

    79

    Clóiríd 4-[[(2-meatocsaibeansóil)aimínea]sulfóinil]beansóile (CAS RN 816431-72-8)

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    0 %

    09.2710

    ex 2935 90 90

    91

    (3R,5S,6E)-7-(4-(4-fluaraifeinil)-6-iseapróipil-2-(N-meitiolsulfónaimídi)pirimidín-5-il)-3,5-déhiodrocsaiheapt-6-anóáit 2,4,4-trímheitilpeantán-2-aiminiam (CAS RN 917805-85-7)

    1.1.-31.12.

    5 000 kg

    0 %

    09.2945

    ex 2940 00 00

    20

    D-Xiolós (CAS RN 58-86-6)

    1.1.-31.12.

    400 t

    0 %

    09.2686

    ex 3204 11 00

    75

    Dathán C.I. Disperse Yellow 54 (CAS RN 7576-65-0) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Disperse Yellow 54 atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    250 t

    0 %

    09.2676

    ex 3204 17 00

    14

    Ullmhóidí atá bunaithe ar an Dathán C.I. Pigment Red 48:2 (CAS RN 7023-61-2) ag a bhfuil cion den dathán sin atá cothrom le 60 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 85 % de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    50 t

    0 %

    09.2698

    ex 3204 17 00

    30

    Dathán C.I. Pigment Red 4 (CAS RN 2814-77-9) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Pigment Red 4 atá cothrom le 60 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    150 t

    0 %

    09.2659

    ex 3802 90 00

    19

    Cré ionfúsórach arna cailcíniú le flosc sóide

    1.1.-31.12.

    35 000 t

    0 %

    09.2908

    ex 3804 00 00

    10

    Ligneasulfáit sóidiam (CAS RN 8061-51-6)

    1.1.-31.12.

    40 000 t

    0 %

    09.2889

    3805 10 90

     

    Tuirpintín sulfáite

    1.1.-31.12.

    25 000 t

    0 %

    09.2935

    ex 3806 10 00

    10

    Aigéid róisín agus roisín ó olaroisíní úra

    1.1.-31.12.

    280 000 t

    0 %

    09.2832

    ex 3808 92 90

    40

    Ullmhóid ina bhfuil cion since piritióin (CAS RN 13463-41-7) ina heasrán uiscí atá cothrom le 38 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 50 % de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    500 t

    0 %

    09.2876

    ex 3811 29 00

    55

    Breiseáin arb é atá iontu táirgí imoibriúcháin défheiniolaimín agus nóinéiní brainseacha ina bhfuil, de réir meáchain:

    28 % nó níos mó ach méid nach mó ná 55 % 4-monanaoinildéfheiniolaimín,

    45 % nó níos mó ach méid nach mó ná 65 % 4,4’-dénaoinildéfheiniolaimín, agus

    méid nach mó ná 5 % 2, 4-dénaoinildéfheiniolaimín agus 2, 4’-dénaoinildéfheiniolaimín,

    a úsáidtear le haghaidh monarú olaí bealaithe (1)

    1.1.-31.12.

    900 t

    0 %

    09.2814

    ex 3815 90 90

    76

    Catalaíoch arb é atá ann dé-ocsaíd tíotáiniam agus trí-ocsaíd tungstain

    1.1.-31.12.

    3 000 t

    0 %

    09.2644

    ex 3824 99 92

    77

    Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:

    55 % nó níos mó ach méid nach mó ná 78 % glútaráit démheitile (CAS RN 1119-40-0),

    10 % nó níos mó ach méid nach mó ná 30 % adapáit démheitile (CAS RN 627-93-0),

    méid nach mó ná 35 % sucsanáit démheitile (CAS RN 106-65-0)

    1.1.-31.12.

    10 000 t

    0 %

    09.2681

    ex 3824 99 92

    85

    Meascán de bhis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]suilfídí (CAS RN 211519-85-6)

    1.1.-31.12.

    9 000 t

    0 %

    09.2650

    ex 3824 99 92

    87

    Aicéitifeanón (CAS RN 98-86-2) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 60 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 90 % de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    2 000 t

    0 %

    09.2888

    ex 3824 99 92

    89

    Meascán d’aimíní ailcildémheitile treasacha ina bhfuil, de réir meáchain:

    60 % nó níos mó ach méid nach mó ná 80 % dóideicildémheitiolaimín (CAS RN 112-18-5), agus

    20 % nó níos mó ach méid nach mó ná 30 % démheitil(teitrideicil)imín (CAS RN 112-75-4)

    1.1.-30.6.

    10 000 t

    0 %

    09.2829

    ex 3824 99 93

    43

    Úsc soladach ón iarmhar, agus é dothuaslagtha i dtuaslagóirí alafatacha, a fuarthas le linn úscadh róisín as adhmad, agus na saintréithe seo a leanas ag baint leis:

    cion aigéid roisín nach mó ná 30 % de réir meáchain,

    aigéad-uimhir nach airde ná 110, agus

    leáphointe atá cothrom le 100 °C nó níos mó ná sin

    1.1.-31.12.

    1 600 t

    0 %

    09.2907

    ex 3824 99 93

    67

    Meascán d’fhítistéaróil, i bhfoirm púdair, ina bhfuil, de réir meáchain:

    75 % stéaróil nó níos mó ná sin,

    méid nach mó ná 25 % stanóil,

    atá lena húsáid i monarú stanól/stéaról nó eistear stanóil/stéaróil (1)

    1.1.-31.12.

    2 500 t

    0 %

    09.2568

    ex 3824 99 96

    91

    Meascán, i bhfoirm millíní, ina bhfuil, de réir meáchain:

    cion 49 % nó níos mó ach nach mó ná 50 % de pholasuilfídí bis[3-(trí-eatocsaisilil)próipil] (CAS RN 211519-85-6), agus

    cion 50 % nó níos mó ach nach mó ná 51 % de dhubh carbóin (CAS RN 1333-86-4),

    a rachaidh cion 75 % nó níos mó de, de réir meáchain, trí chriathar ina bhfuil cróite 0,60 mm, ach nach mó ná 10 % an cion de a rachaidh trí chriathar ina bhfuil cróite 0,25 mm (arna chinneadh de réir mhodh ASTM D1511)

    1.1.-31.12.

    1 500 t

    0 %

    09.2820

    ex 3827 90 00

    10

    Meascáin ina bhfuil, de réir meáchain:

    60 % nó níos mó ach méid nach mó ná 90 % 2-clórapróipéin (CAS RN 557-98-2),

    8 % nó níos mó ach méid nach mó ná 14 % (Z)-1-clórapróipéin (CAS RN 16136-84-8),

    5 % nó níos mó ach méid nach mó ná 23 % 2-clóraprópán (CAS RN 75-29-6),

    méid nach mó ná 6 % 3-clórapróipéin (CAS RN 107-05-1), agus

    méid nach mó ná 1 % clóiríd eitile (CAS RN 75-00-3)

    1.1.-31.12.

    6 000 t

    0 %

    09.2671

    ex 3905 99 90

    81

    Bútaral polaivinile (CAS RN 63148-65-2):

    ina bhfuil, de réir meáchain, 17,5 % nó níos mó ach méid nach mó ná 20 % grúpaí hiodrocsaile, agus

    ar mó ná 0,6 mm méid airmheánach na gcáithníní (D50) atá ann

    1.1.-31.12.

    12 500 t

    0 %

    09.2846

    ex 3907 40 00

    25

    Cumasc polaiméireach de pholacarbanáit agus polai(meataicrioláit mheitile) ag a bhfuil cion polacarbanáite nach lú ná 98,5 % de réir meáchain, i bhfoirm millíní nó gráinníní, agus tarchuras solais nach lú ná 88,5 % arna thomhas le sampla tástála atá ar tiús 4 mm ag an tonnfhad λ = 400 nm (de réir ISO 13468-2)

    1.1.-31.12.

    2 000 t

    0 %

    09.2585

    ex 3907 99 80

    70

    Comhpholaiméir de phola(teireataláit eitiléine) agus démheatánól cioglaiheacsáin, ina bhfuil cion is mó ná 10 % de dhémheatánól cioglaheacsáin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    60 000 t

    2 %

    09.2723

    ex 3911 90 19

    10

    Pola(ocsai-1,4-feiniléinsulfóinil-1,4-feiniléinocsai-4,4’-défheiniléin)

    1.1.-31.12.

    5 000 t

    0 %

    09.2816

    ex 3912 11 00

    20

    Calóga aicéatáite ceallalóis

    1.1.-31.12.

    75 000 t

    0 %

    09.2573

    ex 3913 10 00

    20

    Ailgionáit sóidiam a úscadh as feamainn rua, ag a bhfuil

    caillteanas ar thriomú di nach mó ná 15 % de réir meáchain (4 uair an chloig ag 105 °C),

    codán dothuaslagtha in uisce nach mó ná 2 %, agus é sin arna thomhas de réir an mheáchain thirim

    1.1.-31.12.

    2 000 t

    0 %

    09.2641

    ex 3913 90 00

    87

    Hialúrónáit sóidiam neamhsteiriúil:

    nach mó ná 900 000 meánmheáchan a meáchain mhóilínigh (Mw),

    nach mó ná 0,008 aonad Iontocsaine (EU)/mg an leibhéal iontocsainí atá inti,

    nach mó ná 1 % de réir meáchain an cion eatánóil atá inti,

    nach mó ná 0,5 % de réir meáchain an cion iseaprópánóil atá inti

    1.1.-31.12.

    300 kg

    0 %

    09.2661

    ex 3920 51 00

    50

    Leatháin de pholaimeitilmeataicrioláit atá i gcomhréir leis na caighdeáin:

    EN 4364 (MIL-P-5425E) agus DTD5592A, nó

    EN 4365 (MIL-P-8184) agus DTD5592A

    1.1.-31.12.

    100 t

    0 %

    09.2645

    ex 3921 14 00

    20

    Bloc ceallach de cheallalós athghinte atá tuilithe le huisce ina bhfuil clóiríd mhaignéisiam agus comhdhúile amóiniam cheathartha ar mhéid 100 cm (± 10 cm) x 100 cm (± 10 cm) x 40 cm (± 5 cm)

    1.1.-31.12.

    1 700 t

    0 %

    09.2572

    ex 5205 26 00

    ex 5205 27 00

    10

    10

    Abhras singil de chádas geal neamhchóirithe,

    de shnáithíní cíortha,

    arb é 36,5 mm nó níos mó meánfhad na snáithíní ann,

    a táirgeadh trí phróiseas an tsníomhacháin fáinne le fuineadh, agus le comhbhrú neomatach,

    ag a bhfuil láidreacht stróicthe 26,5 cN/tex nó níos mó (de réir ISO 2062:2009, ag luas 5 000 mm/nóiméad)

    1.1.-31.12.

    50 000 t

    0 %

    09.2576

    ex 5208 12 16

    20

    Fabraic fhite neamhthuartha d’fhí phléineáilte:

    nach bhfuil níos mó ná 145 cm ar leithead,

    ina bhfuil meáchan 120 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 130 g/m2,

    a bhfuil 30 nó níos mó ach gan níos mó ná 45 shnáithe in aghaidh an cheintiméadair ina hinneach,

    a bhfuil dlúthchiumhais fhillicíneach ar a dhá taobh.

    Maidir leis an dlúthchiubhais fhillicíneach 15 mm (± 2 mm) ar leithead, is é atá ann, ón taobh istigh amach go himeall, stráice d’fhí phléineáilte atá 6 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 9 mm, ar leithead agus stráice d’fhí phanamach atá 6 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 9 mm, ar leithead

    1.1.-31.12.

    1 500 000 m2

    0 %

    09.2577

    ex 5208 12 96

    20

    Fabraic fhite neamhthuartha d’fhí phléineáilte:

    nach bhfuil níos mó ná 145 cm ar leithead,

    ina bhfuil meáchan 130 g/m2 ach nach mó ná 145 g/m2,

    a bhfuil 30 nó níos mó ach gan níos mó ná 45 shnáithe in aghaidh an cheintiméadair ina hinneach,

    a bhfuil dlúthchiumhais fhillicíneach ar a dhá taobh.

    Maidir leis an dlúthchiubhais fhillicíneach 15 mm (± 2 mm ar leithead), is é atá ann, ón taobh istigh amach go himeall, stráice d’fhí phléineáilte atá 6 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 9 mm, ar leithead agus stráice d’fhí phanamach atá 6 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 9 mm, ar leithead

    1.1.-31.12.

    2 300 000 m2

    0 %

    09.2848

    ex 5505 10 10

    10

    Dramhaíl as snáithíní sintéiseacha (lena náirítear scothanna, dramhaíl as snáth, agus stoc gairnéadaithe) as níolón nó polaimídí eile (PA6 agus PA66)

    1.1.-31.12.

    10 000 t

    0 %

    09.2721

    ex 5906 99 90

    20

    Fabraic theicstíle rubaraithe atá fite lannaithe agus na saintréithe seo a leanas ag baint léi:

    tá trí shraith inti,

    fabraic aicrileach atá i sraith sheachtrach amháin,

    fabraic phoileistir atá sa tsraith sheachtrach eile,

    rubar clórabúitile atá sa tsraith láir,

    tá meáchan ina sraith láir atá cothrom le 452 g/m2 nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 569 g/m2

    tá meáchan iomlán inti atá cothrom le 952 g/m2 nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 1 159 g/m2

    tá tiúchan iomlán inti atá cothrom le 0,8 mm nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 4 mm

    úsáidtear í le haghaidh monarú díonta inardaithe mótarfheithiclí  (1)

    1.1.-31.12.

    375 000 m2

    0 %

    09.2866

    ex 7019 12 00

    ex 7019 12 00

    06

    26

    Stratifils gloine S (caisirníní):

    atá comhdhéanta d’fhiliméid leanúnacha ghloine 9 μm (± 0,5 μm),

    ar mhéid 200 tex nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 680 tex,

    nach bhfuil aon ocsaíd charbóin iontu, agus

    arb é 3 550 MPa a neart briste de réir ASTM D2343-09,

    atá lena núsáid i monarú san aerloingseoireacht (1)

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    0 %

    09.2628

    ex 7019 66 00

    10

    Mogall gloine atá fite as snáithín gloine atá cumhdaithe le plaisteach, arb é 120 g/m2(± 10 g/m2) an meáchan atá ann, de chineál a úsáidtear i sciatha feithidí inchorntha ina bhfuil frámaí suite

    1.1.-31.12.

    3 000 000 m2

    0 %

    09.2799

    ex 7202 49 90

    10

    Fearóchróimiam ina bhfuil 1,5 % nó níos mó ach méid nach mó ná 4 % carbón agus méid nach mó ná 70 % cróimiam de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    50 000 t

    0 %

    09.2652

    ex 7409 11 00

    ex 7410 11 00

    30

    40

    Scragall agus bandaí copair mhínghlanta arna monarú go leictrealaíoch is mó ná 0,015 mm ar tiús

    1.1.-31.12.

    1 020 t

    0 %

    09.2734

    ex 7409 19 00

    20

    Plátaí nó leatháin arb é atá iontu:

    sraith de cheirmeach nítríde sileacain atá 0,32 mm (± 0,1 mm) nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 1,0 mm (± 0,1 mm), ar tiús

    atá cumhdaithe ar an dá thaobh le scragall de chopar scagtha atá 0,8 mm (± 0,1 mm) ar tiús, agus

    atá cumhdaithe go páirteach ar thaobh amháin le cumhdach airgid

    1.1.-31.12.

    7 000 000 p/st

    0 %

    09.2662

    ex 7410 21 00

    55

    Plátaí:

    arb é atá iontu sraith amháin ar a laghad d’fhabraic snáithín gloine atá tuilithe le roisín eapocsaíde,

    atá cumhdaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le scragall copair nach mó ná 0,15 mm ar tiús,

    ag a bhfuil tairiseach tréleictreach (DK) is lú ná 5,4 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

    ag a bhfuil tadhlaí caillteanais (DK) is lú ná 0,035 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

    arb é 600 nó ar mó ná sin a ninnéacs rianaithe comparáideach

    1.1.-31.12.

    80 000 m2

    0 %

    09.2835

    ex 7604 29 10

    30

    Slata cóimhiotal alúmanaim atá 300,1 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 533,4 mm, ar trastomhas

    1.1.-31.12.

    1 000 t

    0 %

    09.2736

    ex 7607 11 90

    ex 7607 11 90

    ex 7607 11 90

    ex 7607 11 90

    75

    77

    78

    79

    Stiall nó scragall de chóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:

    de chóimhiotal atá i gcomhréir leis na caighdeáin 5182-H19 nó 5052-H19,

    ina rollaí agus atá 1 250 mm ar a laghad, agus 1 350 mm ar a mhéad, ar trastomhas seachtrach

    atá 0,15 mm, 0,16 mm, 0,18 mm nó 0,20 mm ar tiús (lamháltas - 0,006 mm),

    atá 12,5 mm, 15,0 mm, 16,0 mm, 25,0 mm, 35,0 mm, 50,0 mm nó 356 mm ar leithead (lamháltas ± 0,3 mm),

    nach mó ná 0,4 mm/750 mm a lamháltas droinne,

    ag a bhfuil tomhas plánachta: aonad I: ± 4,

    ar mó ná (5182-H19) 365 MPa nó (5052-H19) 320 MPa an neart teanntachta atá iontu,

    ar mó nó (5182-H19) 3 % nó (5052-H19) 2,5 % a bhfadú A50,

    atá lena núsáid i monarú lataí le haghaidh dallóg (1)

    1.1.-31.12.

    600 t

    0 %

    09.2722

    8104 11 00

     

    Maignéisiam neamhshaoirsithe ina bhfuil 99,8 % maignéisiam ar a laghad de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    120 000 t

    0 %

    09.2840

    ex 8104 30 00

    20

    Púdar maignéisiam:

    nach lú ná 98 %, ach nach mó ná 99,5 %, a íonacht de réir meáchain,

    a bhfuil a cháithníní 0,2 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 0,8 mm

    1.1.-31.12.

    2 000 t

    0 %

    09.2629

    ex 8302 49 00

    91

    Hanla teileascópach alúmanaim atá lena úsáid i monarú bagáiste (1)

    1.1.-31.12.

    1 500 000 p/st

    0 %

    09.2720

    ex 8413 91 00

    50

    Ceann caidéil le haghaidh caidéal ardbhrú dhá shorcóir atá déanta as cruach ghaibhnithe ina bhfuil:

    feistithe snáithithe foirbthe atá 10 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 36,8 mm, ar trastomhas, agus

    cainéil dhruileáilte bhreosla atá 3,5 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 10 mm, ar trastomhas,

    de chineál a úsáidtear i gcórais insteallta díosail

    1.1.-31.12.

    65 000 p/st

    0 %

    09.2569

    ex 8414 90 00

    80

    Feireadh rotha turbaluchtaire as cóimhiotal alúmanaim theilgthe nó as iarann teilgthe:

    ag a bhfuil teasfhriotaíocht suas go 400 °C,

    ina bhfuil poll atá 30 mm nó níos mó ach nach bhfuil níos mó na 300 mm chun an roth comhbhrúite a chur isteach,

    a bhfuiltear lena úsáid sa tionscal mótarfheithiclí (1)

    1.1.-31.12.

    4 000 000 p/st

    0 %

    09.2570

    ex 8482 91 90

    10

    Rollóirí, faoi phróifíl logartamach, atá 25 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 70 mm, ar trastomhas nó meallta atá 30 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 100 mm, ar trastomhas,

    déanta as cruach 100Cr6 nó cruach 100CrMnSi6-4 (ISO 3290),

    ag a bhfuil diallas 0,5 mm nó níos lú arna chinneadh de réir mhodh FBH

    a bhfuiltear lena úsáid sa tionscal tuirbíní gaoithe (1)

    1.1.-31.12.

    600 000 p/st

    0 %

    09.2738

    ex 8482 99 00

    30

    Cásanna práis

    ar a bhfuil múnlú leanúnach nó lártheifeach déanta,

    ar a bhfuil deileadh déanta,

    ina bhfuil, de réir meáchain, 35 % nó níos mó ach méid nach mó ná 38 % sinc,

    ina bhfuil, de réir meáchain, 0,75 % nó níos mó ach méid nach mó ná 1,25 % luaidhe,

    ina bhfuil, de réir meáchain, 1,0 % nó níos mó ach méid nach mó ná 1,4 % alúmanam, agus

    a bhfuil an neart teanntachta atá iontu cothrom le 415 Pa nó níos mó ná sin,

    de chineál a úsáidtear i monarú grán iompair

    1.1.-31.12.

    50 000 p/st

    0 %

    09.2763

    ex 8501 40 20

    ex 8501 40 80

    40

    30

    Mótar cómhalartáin leictreach srutha ailtéarnaigh a bhfuil a chumhacht aschuir cothrom le 250 W nó níos mó ná sin, a bhfuil a chumhacht ionchuir cothrom le 700 W nó níos mó ná sin gan bheith níos má nó 2 700 W, atá 120 mm (± 0,2 mm), ach nach bhfuil níos mó ná 135 mm (± 0,2 mm), ar trastomhas seachtrach, ar tapúla ná 30 000 isn ach nach tapúla ná 50 000 isn a luas rátaithe, ar a bhfuil aerthóir ionsaithe aeir feistithe agus atá lena úsáid i monarú folúsghlantóirí (1)

    1.1.-31.12.

    2 000 000 p/st

    0 %

    09.2672

    ex 8529 90 92

    ex 9405 42 31

    75

    70

    Clár ciorcaid phriontáilte ar a bhfuil dé-óidí LED:

    bíodh priosmaí/lionsaí feistithe air nó ná bídís, agus

    bíodh nascóir/nascóirí feistithe orthu ná ná bíodh

    a úsáidtear i monarú aonad cúlsolais le haghaidh earraí atá faoi cheannteideal 8528  (1)

    1.1.-31.12.

    115 000 000 p/st

    0 %

    09.2574

    ex 8537 10 91

    73

    Gléas ilfheidhmeach (painéal ionstraimí) ina bhfuil

    taispeáint chuar TFT LCD (dar ga 750 mm) faoi dhromchlaí tadhall-íogaire,

    micreaphróiseálaithe agus sliseanna cuimhne,

    modúl fuaime agus callaire,

    nascóirí le haghaidh CAN, bus LIN x 3, LVDS agus Ethernet,

    chun feidhmeanna éagsúla a oibriú (e.g. fonnadh, solas) agus

    chun sonraí a thaispeáint a bhaineann le staid na feithicle agus leis an loingseoireacht (e.g. an luas, an t odaiméadar, leibhéal luchta an bhataire tiomána),

    a bhfuiltear lena úsáid chun gluaisteáin paisinéirí dá soláthraíonn mótar leictreach atá cumhdaíthe faoi fho-cheannteideal CC 8703 80 , agus sin amháin, cumhacht, a mhonarú  (1)

    1.1.-31.12.

    66 900 p/st

    0 %

    09.2003

    ex 8543 70 90

    63

    Gineadóir minicíochta rialaithe voltais arb é atá ann eilimintí gníomhacha agus éighníomhacha atá feistithe ar chiorcad priontáilte agus é i gcásáil nach mó ná 30 mm x 30 mm

    1.1.-31.12.

    1 400 000 p/st

    0 %

    09.2910

    ex 8708 99 97

    75

    Brac taca cóimhiotail alúmanaim ar a bhfuil poill feistiúcháin, bíodh cnónna teannta air nó ná bídís, chun an giarbhosca a cheangal go hindíreach le cabhail an chairr lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87 (1)

    1.1.-31.12.

    200 000 p/st

    0 %

    09.2694

    ex 8714 10 90

    30

    Teanntáin acastóra, cásálacha, droichid foirc agus píosaí teanntála, as cóimhiotal alúmanaim de chineál a úsáidtear le haghaidh gluaisrothar

    1.1.-31.12.

    1 000 000 p/st

    0 %

    09.2668

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    21

    31

    75

    Fráma rothair arna dhéanamh as snáithíní carbóin agus roisín saorga, lena úsáid i monarú rothar (lena n áirítear rothair leictreacha) (1)

    1.1.-31.12.

    600 000 p/st

    0 %

    09.2564

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    25

    35

    77

    Fráma, déanta as alúmanam nó as snáithíní alúmanaim agus carbóin agus roisín saorga, a bhfuiltear lena úsáid i monarú rothar (lena n áirítear rothair leictreacha)  (1)

    1.1.-31.12.

    9 600 000 p/st

    0 %

    09.2579

    ex 9029 20 31

    ex 9029 90 00

    40

    40

    Painéal ionstraimí braislithe:

    ina bhfuil mótair chéimniúcháin,

    ina bhfuil snáthaidí analóige agus diaileanna,

    bíodh clár rialúcháin micreaphróiseálaí ann nó ná bíodh,

    bíodh táscairí LED nó taispeáint LCD ann nó ná bíodh

    a thaispeánann an méid seo a leanas, ar a laghad:

    an luas,

    ráta imrothlaithe an innill,

    teocht an innill,

    leibhéal an bhreosla,

    a dhéanann cumarsáid trí phrótacail CAN-BUS agus/nó K-LINE,

    a bhfuiltear lena úsáid chun earraí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    160 000 p/st

    0 %


    (1)  Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (2)  Maidir le dleachtanna taraife a chur ar fionraí, áfach, níl sin infheidhme i gcás ina ndéanann gnóthais mhiondíola nó lónadóireachta an phróiseáil.

    (3)  Ní chuirtear ar fionraí ach an dleacht ad valorem. Leanfaidh an dleacht shonrach de bheith infheidhme.


    Top