This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2226
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2226 of 14 December 2021 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2017/745 of the European Parliament and of the Council as regards electronic instructions for use of medical devices
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2226 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoracha leictreonacha i leith feistí leighis a úsáid
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2226 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoracha leictreonacha i leith feistí leighis a úsáid
C/2021/8984
IO L 448, 15/12/2021, p. 32–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 448/32 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2226 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoracha leictreonacha i leith feistí leighis a úsáid
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás roinnt leighis áirithe, d’fhéadfadh treoracha úsáide a bheith ar fáil i bhfoirm leictreonach seachas i bhfoirm pháipéir fiúntach. Is féidir leis sin an t-ualach comhshaoil a laghdú agus costais do thionscal na bhfeistí leighis a laghdú agus, ag an am céanna, an leibhéal sábháilteachta a choinneáil nó a fheabhsú. |
(2) |
I Rialachán (AE) Uimh. 207/2012 ón gCoimisiún (2), bunaíodh coinníollacha faoina bhféadfaí treoracha úsáide le haghaidh feistí leighis faoi réir Threoracha 90/385/CEE (3) agus 93/42/CEE (4) ón gComhairle a sholáthar i bhfoirm leictreonach in ionad na foirme páipéir. Rinneadh an dá Threoir ón gComhairle a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) 2017/745 ina n-ionad. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha maidir le treoracha úsáide leictreonacha a oiriúnú do cheanglais nua Rialachán (AE) 2017/745 agus d’fhorbairtí teicneolaíocha sa réimse sin. |
(3) |
An fhéidearthacht na treoracha úsáide a sholáthar i bhfoirm leictreonach in ionad na foirme páipéir, ba cheart an fhéidearthacht sin a theorannú d’fheistí agus gabhálais leighis áirithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid faoi choinníollacha sonracha. Ar chúiseanna sábháilteachta agus éifeachtúlachta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag úsáideoirí i gcónaí na treoracha úsáide sin a fháil i bhfoirm pháipéir, arna iarraidh sin dóibh. |
(4) |
Chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a oiriúnaí atá soláthar na dtreoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach seachas i bhfoirm pháipéir a bheith faoi réir measúnú riosca sonrach ag an monaróir. |
(5) |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain gan choinníoll ar na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach agus chun cur in iúl na nuashonruithe a éascú, ba cheart na treoracha sin a bheith ar fáil ar shuíomh gréasáin an mhonaróra i dteanga oifigiúil/i dteangacha oifigiúla de chuid an Aontais, rud a chinnfidh an Ballstát ina gcuirfear an fheiste ar fáil don úsáideoir nó don othar. |
(6) |
Chun sábháilteacht agus comhsheasmhacht a áirithiú, na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach a sholáthraítear mar aon le treoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir, ba cheart iad sin a chumhdach leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le ceanglais theoranta i ndáil lena n-ábhar agus lena suíomhanna gréasáin. |
(7) |
An fhéidearthacht na treoracha a sholáthar i bhfoirm leictreonach, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí a bhaineann le cárta faisnéise faoi ionchlannáin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/745. |
(8) |
Ós rud é gur cheart do mhonaróirí agus do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra araon an ceart chun príobháideachais atá ag daoine nádúrtha a áirithiú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, is iomchuí a fhoráil go gcomhlíonfaidh suíomhanna gréasáin ar a bhfuil treoracha úsáide le haghaidh feiste leighis ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(9) |
Chun a áirithiú go n-oiriúnófar na rialacha maidir le treoracha úsáide leictreonacha do cheanglais nua Rialachán (AE) 2017/745, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 207/2012 ón gCoimisiún a aisghairm dá bhrí sin. Mar sin féin, ba cheart dó leanúint d’fheidhm a bheith aige maidir le feistí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís le linn na tréimhse idirthréimhsí a leagtar amach in Airteagal 120(3) de Rialachán (AE) 2017/745. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le Feistí Leighis. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, bunaítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh na monaróirí an fhaisnéis sna treoracha úsáide, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14) de Rialachán (AE) 2017/745 agus a shonraítear in Iarscríbhinn I, Caibidil III, pointe 23.4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745, faoina bhféadfaidís an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Caibidil III, pointe 23.1(f), a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745.
Bunaítear leis freisin ceanglais áirithe a bhaineann le hábhar na dtreoracha úsáide agus le suíomhanna gréasáin le haghaidh na dtreoracha úsáide sin a chuirtear ar fáil i bhfoirm leictreonach de bhreis ar na treoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir.
Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/745.
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach” treoracha úsáide atá ar taispeáint i bhfoirm leictreonach ar an bhfeiste nó atá i meáin stórála leictreonaí iniompartha arna soláthar ag an monaróir mar aon leis an bhfeiste, nó treoracha arna gcur ar fáil trí bhogearraí nó trí shuíomh gréasáin; |
(2) |
ciallaíonn “úsáideoirí gairmiúla” daoine a úsáideann an fheiste leighis le linn a gcuid oibre faoi chuimsiú gníomhaíocht ghairmiúil cúraim sláinte; |
(3) |
ciallaíonn “feistí leighis suiteáilte do-aistrithe” feistí agus a ngabhálais a bhfuil sé beartaithe iad a shuiteáil, a ghreamú nó a dhaingniú ar bhealach eile ar shuíomh sonrach in institiúid sláinte ionas nach féidir iad a bhogadh ón suíomh sin ná a bhaint gan uirlisí ná gaireas a úsáid, agus nach bhfuil sé beartaithe go sonrach iad a úsáid laistigh d’institiúid cúraim sláinte soghluaiste. |
Airteagal 3
(1) Féadfaidh monaróirí treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach a sholáthar in ionad treoracha i bhfoirm pháipéir i gcás ina mbaineann na treoracha sin le haon cheann de na feistí seo a leanas:
(a) |
feistí leighis so-ionchlannaithe agus feistí leighis so-ionchlannaithe gníomhacha gona ngabhálais a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745; |
(b) |
feistí leighis suiteáilte do-aistrithe gona ngabhálais a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745; |
(c) |
feistí leighis gona ngabhálais a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745 agus atá córas ionsuite acu lena dtaispeántar na treoracha úsáide go físiúil. |
(2) Féadfaidh monaróirí treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach a sholáthar in ionad treoracha i bhfoirm pháipéir i gcás na bhfeistí a liostaítear i mír 1 faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
tá sé beartaithe nach n-úsáidfidh ach úsáideoirí gairmiúla na feistí agus na gabhálais, agus |
(b) |
ní fhéadfaí a thuar go measartha go n-úsáidfidh daoine eile. |
(3) I gcás bogearraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745, féadfaidh monaróirí treoracha úsáid i bhfoirm leictreonach a sholáthar trí bhíthin na mbogearraí féin in ionad treoracha i bhfoirm pháipéir.
Airteagal 4
(1) Monaróirí feistí dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 1 agus mír 3 a sholáthraíonn treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach d’úsáideoirí in ionad treoracha i bhfoirm pháipéir, déanfaidh siad measúnú riosca doiciméadaithe a chuimseoidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
(a) |
an t-eolas agus an taithí atá ag na húsáideoirí ar dóibh a bheartaítear an fheiste, go háirithe maidir le húsáid na feiste agus riachtanais na n-úsáideoirí; |
(b) |
saintréithe na timpeallachta ina n-úsáidfear an fheiste; |
(c) |
an t-eolas agus an taithí atá ag an úsáideoir ar dó a bheartaítear an fheiste ar na crua-earraí agus na bogearraí a bhfuil gá leo chun na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach a thaispeáint; |
(d) |
rochtain an úsáideora ar na hacmhainní leictreonacha atá measartha intuartha agus a bhfuil gá leo tráth a n-úsáide; |
(e) |
déanamh na gcoimircí a áirithíonn go bhfuil na sonraí leictreonacha agus an t-ábhar cosanta ar chrioscaíl; |
(f) |
sásraí sábháilteachta agus cúltaca más ann do locht ar chrua-earraí nó ar bhogearraí, go háirithe má chomhtháthaítear na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach laistigh den fheiste; |
(g) |
cásanna éigeandála leighis atá intuartha agus lena gceanglaítear faisnéis a sholáthar i bhfoirm pháipéir; |
(h) |
tionchar mar gheall ar an suíomh gréasáin sonrach nó ar an idirlíon i gcoitinne gan bheith ar fáil go sealadach, nó mar gheall ar a rochtain orthu san institiúid cúraim sláinte gan bheith ann chomh maith leis na bearta sábháilteachta atá ar fáil chun déileáil le cás den sórt sin; |
(i) |
meastóireacht ar an tréimhse ina soláthrófar na treoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir arna iarraidh sin don úsáideoir; |
(j) |
measúnú ar chomhoiriúnacht an tsuímh gréasáin lena dtaispeántar na treoracha leictreonacha úsáide le feistí éagsúla a d’fhéadfaí a úsáid chun na treoracha sin a thaispeáint; |
(k) |
bainistiú na leaganacha éagsúla de na treoracha úsáide, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 5(8). |
(2) An measúnú riosca ar sholáthar na dtreoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach, tabharfar cothrom le dáta é i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn na céime iarmhargaithe.
Airteagal 5
Féadfaidh monaróirí feistí dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 1 agus mír 3, treoracha úsáide a sholáthar d’úsáideoirí i bhfoirm leictreonach in ionad treoracha i bhfoirm pháipéir, na coinníollacha seo a leanas:
(1) |
léireofar sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 go gcoinnítear nó go bhfeabhsaítear an leibhéal sábháilteachta a fhaightear trí threoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir nuair a sholáthraítear treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach; |
(2) |
soláthróidh siad treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach i ngach Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil nó ina gcuirtear i seirbhís é ach amháin mura bhfuil údar cuí leis sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 4; |
(3) |
beidh córas i bhfeidhm acu chun na treoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir a sholáthar gan aon chostas breise don úsáideoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 agus, ar a dhéanaí, laistigh de 7 lá féilire tar éis dóibh iarraidh a fháil ón úsáideoir nó tráth seachadta na feiste má iarrtar sin tráth an ordaithe; |
(4) |
ar an bhfeiste nó ar bhileog, soláthróidh siad faisnéis maidir le cásanna éigeandála leighis is intuartha agus, i gcás feistí a bhfuil córas ionsuite acu lena dtaispeántar na treoracha úsáide, faisnéis faoin gcaoi leis an bhfeiste a thosú; |
(5) |
áiritheoidh siad dearadh agus feidhmiú cuí na dtreoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach agus soláthróidh siad fianaise fíorúcháin agus bailíochtaithe chuige sin; |
(6) |
i gcás feistí a bhfuil córas ionsuite acu lena dtaispeántar na treoracha úsáide, áiritheoidh siad nach gcuirfidh taispeáint na dtreoracha úsáide bac ar úsáid shábháilte na feiste, go háirithe a cuid feidhmeanna i dtaca le monatóireacht saoil nó le tacaí beatha; |
(7) |
ina gcatalóg nó i bhfaisnéis tacaíochta iomchuí eile a bhaineann leis an bhfeiste, soláthróidh siad faisnéis faoi na bogearraí agus na crua-earraí is gá chun na treoracha úsáide a thaispeáint; |
(8) |
beidh córas i bhfeidhm acu chun a léiriú go soiléir cén uair a nuashonraíodh na treoracha úsáide agus chun gach úsáideoir feiste a chur ar an eolas faoi sin má bhí gá leis an uasdátú ar chúiseanna sábháilteachta; |
(9) |
i gcás feistí a bhfuil dáta éaga sainithe acu, seachas feistí so-ionchlannaithe, coinneoidh siad na treoracha úsáide ar fáil i bhfoirm leictreonach do na húsáideoirí ar feadh 10 mbliana tar éis dóibh an fheiste dheireanach a chur ar an margadh agus ar feadh 2 bhliain ar a laghad tar éis dháta éaga na feiste is deireanaí a táirgeadh; |
(10) |
i gcás feistí so-ionchlannaithe agus feistí nach bhfuil dáta éaga sainithe acu, coinneoidh siad na treoracha úsáide ar fáil i bhfoirm leictreonach do na húsáideoirí ar feadh 15 bliana tar éis dóibh an fheiste dheireanach a chur ar an margadh; |
(11) |
beidh na treoracha úsáide ar fáil ar a suíomh gréasáin i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, rud a chinnfidh an Ballstát ina gcuirfear an fheiste ar fáil don úsáideoir nó don othar; |
(12) |
úsáideoirí na bhfeistí a d’íoslódáil treoracha úsáide ón suíomh gréasáin, beidh córais agus nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm dóibh chun a áirithiú go bhféadfar iad siúd a chur ar an eolas i gcás ina ndéanfar nuashonruithe nó gníomhartha ceartaitheacha maidir leis na treoracha úsáide sin; |
(13) |
beidh na leaganacha stairiúla leictreonacha uile de na treoracha úsáide ar fáil ar an suíomh gréasáin. |
Airteagal 6
(1) Léireoidh monaróirí go soiléir ar an lipéad go soláthrófar na treoracha úsáide don fheiste i bhfoirm leictreonach seachas i bhfoirm pháipéir.
Soláthrófar an fhaisnéis sin ar phacáistíocht gach aonaid nó, i gcás inarb iomchuí, ar an bpacáistíocht díola. I gcás feistí leighis suiteáilte do-aistrithe, soláthrófar an fhaisnéis sin ar an bhfeiste féin freisin.
I gcás bogearraí, soláthrófar an fhaisnéis ag an suíomh óna dtabharfar rochtain ar na bogearraí.
(2) Soláthróidh monaróirí faisnéis faoin gcaoi le rochtain a fháil ar na treoracha úsáide i bhfoirm leictreonach.
Soláthrófar an fhaisnéis sin de réir mar a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, nó, mura mbeidh sé praiticiúil, i ndoiciméad páipéir a sholáthrófar le gach feiste.
(3) Beidh an méid seo a leanas freisin san fhaisnéis faoin gcaoi le rochtain a fháil ar na treoracha úsáide i bhfoirm leictreonach:
(a) |
aon fhaisnéis is gá chun radharc a fháil ar na treoracha úsáide; |
(b) |
SF-SFU Bunúsach (sainaithint uathúil feiste-sainaitheantóir feiste) agus/nó SF-SFU na feiste, dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 27(6) agus Airteagal 27(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2017/745, agus aon fhaisnéis bhreise lenar féidir an fheiste a shainaithint, lena n-áirítear a hainm agus, más infheidhme, an tsamhail; |
(c) |
sonraí teagmhála ábhartha an mhonaróra e.g. ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist an mhonaróra nó modhanna eile cumarsáide ar líne agus a shuíomh gréasáin; |
(d) |
cén áit agus cén chaoi ar féidir treoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir a iarraidh agus an tréimhse ina bhfaighfear iad gan aon chostas breise i gcomhréir le hAirteagal 5, pointe (3). |
(4) I gcás feistí agus gabhálais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), agus nuair atá sé beartaithe cuid de na treoracha úsáide a sholáthar don othar, ní sholáthrófar an chuid sin i bhfoirm leictreonach.
(5) Beidh na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach ar fáil mar théacs ina n-iomláine, ar téacs é a bhféadfaidh siombailí agus grafaicí a bheith ann, agus an fhaisnéis chéanna, ar a laghad, ag gabháil leis na treoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir. Féadfar físchomhaid nó closchomhaid a sholáthar sa bhreis ar an téacs.
Airteagal 7
(1) I gcás ina soláthraíonn na monaróirí na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach trí mheán stórála leictreonach mar aon leis an bhfeiste, nó i gcás ina mbeidh córas ionsuite lena dtaispeánfar na treoracha úsáide ag an bhfeiste féin, beidh na treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach inrochtana freisin do na húsáideoirí trí shuíomh gréasáin.
(2) Aon suíomh gréasáin ar a bhfuil treoracha úsáide feiste a sholáthraítear i bhfoirm leictreonach in ionad na foirme páipéir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:
(a) |
soláthrófar na treoracha úsáide i bhformáid a úsáidtear go coitianta is féidir a léamh le bogearraí atá ar fáil saor in aisce; |
(b) |
déanfar é a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar chrioscaíl an ábhair i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (e); |
(c) |
soláthrófar é sa chaoi go laghdófar a oiread is féidir aga neamhfhónaimh an fhreastalaí mar aon leis na hearráidí taispeána; |
(d) |
comhlíonfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) 2016/679; |
(e) |
an seoladh idirlín, de réir mar a thaispeántar é i gcomhréir le hAirteagal 6(2), beidh sé cobhsaí agus inrochtana go díreach le linn na dtréimhsí a leagtar amach in Airteagal 5, pointe (9) agus pointe (10); |
(f) |
na leaganacha uile de na treoracha úsáide a eisíodh i bhfoirm leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (13), agus dáta a bhfoilsithe, beidh siad sin ar fáil ar an suíomh gréasáin. |
Airteagal 8
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra athbhreithniú ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 4 go 7 den Rialachán seo le linn an nós imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2017/745.
Airteagal 9
Treoracha úsáide atá i bhfoirm leictreonach a sholáthraítear chomh maith le treoracha úsáide comhlánaithe i bhfoirm pháipéir, beidh siad comhsheasmhach le hábhar na dtreoracha úsáide atá i bhfoirm pháipéir.
I gcás ina soláthraítear na treoracha úsáide sin ar shuíomh gréasáin, comhlíonfaidh an suíomh gréasáin sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointí (b), (d), (e) agus (f).
Airteagal 10
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 207/2012 ón gCoimisiún.
Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige go dtí an 26 Bealtaine 2024 maidir le feistí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís i gcomhréir le hAirteagal 120(3) de Rialachán (AE) 2017/745.
Déanfar tagairtí don Rialachán (AE) Uimh. 207/2012 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.
Airteagal 11
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 117, 5.5.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 207/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 maidir le treoracha leictreonacha i leith feistí leighis a úsáid (IO L 72, 10.3.2012, lch. 28).
(3) Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí leighis so-ionchlannaithe gníomhacha (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17).
(4) Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
Rialachán (AE) Uimh. 207/2012 ón gCoimisiún |
An Rialachán seo |
|
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
- |
Airteagal 3(3) |
Airteagal 4 |
Airteagal 4 |
Airteagal 5 |
Airteagal 5 |
Airteagal 6 |
Airteagal 6 |
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
Airteagal 9 |
Airteagal 9 |
- |
Airteagal 10 |
Airteagal 10 |
Airteagal 11 |