EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0910

Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE

OJ L 257, 28.8.2014, p. 73–114 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj

28.8.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

73


RIALACHÁN (AE) Uimh. 910/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2014

maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá forbairt eacnamaíoch agus shóisialta ag brath go mór ar iontaoibh a chothú sa timpeallacht ar líne. I ngeall ar easpa iontaoibhe, go háirithe mar gheall ar an easpa deimhneachta dlíthiúla a mheastar a bheith ann, bíonn drogall ar thomhaltóirí, gnóthais agus údaráis phoiblí idirbhearta a dhéanamh go leictreonach agus seirbhísí nua a úsáid.

(2)

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo iontaoibh as ríomh-idirbhearta a fheabhsú sa mhargadh inmheánach trí bhunús comhchoiteann a sholáthar le haghaidh idirghníomhaíochtaí leictreonacha slána idir saoránaigh, gnólachtaí, agus údaráis phoiblí, agus ar an dóigh sin méadú ar a éifeachtaí is atá seirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne, an ríomhghnó agus an ríomhthráchtáil san Aontas.

(3)

Le Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) déileáladh le ríomhshínithe ach níor leagadh síos creat cuimsitheach trasteorann agus trasearnála le haghaidh ríomh-idirbheart a bheidh slán, iontaofa agus éasca le húsáid. Déantar feabhsú agus leathnú ar acquis na Treorach sin leis an Rialachán seo.

(4)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar dáta an 26 Lúnasa 2010 dar teideal “Clár Oibre Digiteach don Eoraip” d’aithin an Coimisiún go bhfuil ilroinnt an mhargaidh dhigitigh, easpa idir-inoibritheacht agus méadú ar an gcibearchoireacht ina mórbhacainní ar fháinne óir na heacnamaíochta digití. Ina Thuarascáil maidir le Saoránacht AE 2010 dar teideal “Bacannaí ar chearta shaoránaigh AE a chealú”, leag an Coimisiún béim bhreise ar an ngá atá ann na príomhfhadhbanna a réiteach a chuireann bac ar shaoránaigh an Aontais leas a bhaint as margadh aonair digiteach agus seirbhísí trasteorann digiteacha.

(5)

Ina conclúidí an 4 Feabhra 2011 agus an 23 Deireadh Fómhair 2011, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún margadh aonair digiteach a chruthú faoi 2015, chun dul chun cinn tapa a dhéanamh sna príomhréimsí den gheilleagar digiteach agus chun margadh aonair digiteach lán-chomhtháite a chur chun cinn trí úsáid thrasteorann seirbhísí ar líne a éascú, le béim ar leith ar ríomh-shainaitheantas agus ríomh-fhíordheimhniú slán a éascú.

(6)

Ina conclúidí an 27 Bealtaine 2011, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún an margadh aonair digiteach a neartú trí dhálaí iomchuí a chruthú i gcomhair aitheantais fhrithpháirtigh trasteorann do na príomhéascaitheoirí, amhail ríomh-shainaitheantas, ríomhdhoiciméid, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí seachadta agus i gcomhair ríomhsheirbhísí rialtais idir-inoibritheacha ar fud an Aontais Eorpaigh.

(7)

Ina rún an 21 Meán Fómhair 2010 maidir leis an margadh inmheánach ríomhthráchtála a thabhairt i gcrích (4), leag Parlaimint na hEorpa, béim ar a thábhachtaí atá slándáil na ríomhsheirbhísí, go háirithe ríomhshínithe, agus ar an ngá atá ann bonneagar eochrach poiblí a chruthú ar leibhéal uile-Eorpach, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tairseach a bhunú do na húdaráis bhailíochtaithe Eorpacha le hidir-inoibritheacht thrasteorann ríomhshínithe a áirithiú agus le slándáil idirbheart a dhéantar ar an idirlíon a mhéadú.

(8)

Le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ceanglaítear ar na Ballstáit “ionaid ilfhreastail” (PSCanna) a bhunú lena áirithiú gur féidir gach nós imeachta agus foirmiúlacht a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse agus ar fheidhmiú na gníomhaíochta seirbhíse sin a chur i gcrích go héasca, go cianda agus go leictreonach, tríd an PSC is iomchuí agus leis na húdaráis oiriúnacha. Bíonn ríomh-shainaitheantas, ríomh-fhíordheimhniú agus ríomhshíniú de dhíth i gcás an-chuid seirbhísí ar líne ar féidir rochtain a fháil orthu trí ionaid ilfhreastail.

(9)

I bhformhór na gcásanna ní féidir le saoránaigh a ríomh-shainaitheantas á úsáid chun iad féin a fhíordheimhniú i mBallstát eile toisc nach n-aithnítear na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ina dtír i mBallstáit eile. Fágann an bhacainn leictreonach sin nach féidir le soláthraithe seirbhísí leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach. Déanfar éascú ar go leor seirbhísí a sholáthar thar teorainneacha sa mhargadh inmheánach le modhanna ríomh-shainaitheantais a aithneofar go frithpháirteach agus cuirfidh siad ar chumas gnólachtaí feidhmiú ar bhonn trasteorainneach gan bhacainní a bheith rompu agus iad ag dul i mbun idirghníomhaíochta le húdaráis phoiblí.

(10)

Bunaíodh líonra d’údaráis náisiúnta atá freagrach as ríomhsheirbhísí sláinte le Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Chun sábháilteacht agus leanúnachas an chúraim sláinte trasteorann a fheabhsú, ceanglaítear ar an líonra sin treoirlínte a ullmhú maidir le rochtain thrasteorann ar ríomhshonraí agus ar ríomhsheirbhísí sláinte, trí bhíthin, inter alia, “bearta comhchoiteanna aitheantais agus fíordheimhnithe chun inaistritheacht sonraí a éascú sa chúram sláinte trasteorann” a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach ríomh-shainaitheantas agus ríomh-fhíordheimhniú a aithint go frithpháirteach chun cúram sláinte trasteorann a bhaint amach do shaoránaigh Eorpacha. Má bhíonn daoine ag taisteal chun cóir leighis a fháil, ní mór go mbeadh rochtain ar a gcuid sonraí leighis sa tír ina bhfuil cóir leighis á gcur orthu. Tá creat ríomh-shainaitheantais láidir, sábháilte, iontaofa de dhíth chuige seo.

(11)

Ba cheart go gcuirfí an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach a bheidh ag cloí go hiomlán leis na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I ndáil leis sin, ag féachaint do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbainfeadh fíordheimhniú le haghaidh seirbhíse ar líne le próiseáil na sonraí aitheantais atá leordhóthanach, ábhartha agus nach bhfuil iomarcach chun rochtain a thabhairt ar an tseirbhís ar líne sin, agus na sonraí sin amháin. Thairis sin, ba cheart go gcloífeadh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus an comhlacht maoirseachta le ceanglais faoi Threoir 95/46 CE maidir le rúndacht agus slándáil próiseála.

(12)

Is ceann de chuspóirí an Rialacháin seo é deireadh a chur leis na bacainní atá ann i láthair na huaire ar úsáid thrasteorann na modhanna ríomh-shainaitheantais a úsáidtear sna Ballstáit chun fíordheimhniú a dhéanamh le haghaidh sheirbhísí poiblí ar a laghad. Níl sé d’aidhm ag an Rialachán seo idirghabháil a dhéanamh maidir le córais bainistithe ríomh-shainaitheantais agus bonneagar gaolmhar atá bunaithe i mBallstáit. Is é aidhm an Rialacháin seo a áirithiú go mbeidh ríomh-shainaitheantas agus ríomh-fhíordheimhniú slán ann nuair a bheidh rochtain á fáil ar sheirbhísí trasteorann ar líne atá á gcur ar fáil ag Ballstáit.

(13)

Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit, chun críocha ríomh-shainaitheantais, modhanna rochtana ar sheirbhísí ar líne a úsáid nó a thabhairt isteach. Ba cheart go mbeidís in ann cinneadh a dhéanamh freisin maidir le baint a bheith ag an earnáil phríobháideach leis na modhanna sin a sholáthar nó gan baint a bheith acu leis. Níor cheart oibleagáid a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i leith a scéimeanna ríomh-shainaitheantais. Is faoi Ballstáit atá sé rogha a dhéanamh fógra a thabhairt don Choimisiún i leith gach scéim ríomh-shainaitheantais a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta le rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne ar a laghad nó ar sheirbhísí ar leith, fógra a thabhairt maidir le roinnt acu nó gan fógra a thabhairt i leith aon cheann acu.

(14)

Is gá coinníollacha áirithe a leagan síos sa Rialachán seo i ndáil leis na modhanna ríomh-shainaitheantais sin nach mór a aithint agus conas is ceart fógra a thabhairt i leith na scéimeanna ríomh-shainaitheantais. Ba cheart go gcabhródh na coinníollacha sin leis na Ballstáit an iontaoibh is gá as scéimeanna ríomh-shainaitheantais a chéile a chothú agus na modhanna ríomhaitheantais a thagann faoina gcuid scéimeanna ar tugadh fógra ina leith a aithint go frithpháirteach. Ba cheart feidhm bheith ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh má chomhlíonann scéim ríomh-shainaitheantais an Bhallstáit atá ag tabhairt an fhógra na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt agus má foilsíodh an fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, ba cheart go mbainfeadh prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh le seirbhís ar líne a fhíorú agus leis sin amháin. Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag an rochtain ar na seirbhísí ar líne sin agus seachadadh deiridh na seirbhísí chuig an iarrthóir leis an gceart seirbhísí den sórt sin a fháil faoi na coinníollacha a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta.

(15)

Ba cheart nach mbainfeadh an oibleagáid modhanna ríomh-shainaitheantais a aithint ach leis na modhanna sin amháin a bhfreagraíonn a leibhéal dearbhaithe céannachta leis an leibhéal atá comhionann leis an leibhéal atá de dhíth le haghaidh na seirbhíse ar líne lena mbaineann nó níos airde ná an leibhéal sin. Ina theannta sin, ba cheart nach mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin seachas i gcás ina mbainfidh an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann an leibhéal dearbhaithe “suntasach” nó “ard” maidir le rochtain ar an tseirbhís sin ar líne. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, modhanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil leibhéil dearbhaithe céannachta níos ísle acu a aithint.

(16)

Ba cheart a léiriú sna leibhéil dearbhaithe oiread na muiníne a chuirtear i modhanna ríomh-shainaitheantais mar mhodh chun céannacht duine a shuíomh, agus ar an gcaoi sin a dhearbhú gurb é an duine a mhaíonn céannacht áirithe an duine céanna ar sannadh an chéannacht sin dó. Braitheann an leibhéal dearbhaithe ar an oiread muiníne a chuirtear i modhanna ríomh-shainaitheantais i gcás céannachta maíte nó dearbhaithe duine agus próisis (mar shampla, seiceáil ar chéannacht agus fíorú céannachta, fíordheimhniú), gníomhaíochtaí bainistithe (mar shampla, modhanna ríomh-shainaitheantais á n-eisiúint ag eintiteas agus an nós imeachta chun an modh sin a eisiúint) agus rialuithe teicniúla a cuireadh chun feidhme á gcur san áireamh. Is ann do shainmhínithe teicniúla éagsúla agus do thuairiscí éagsúla ar leibhéil dearbhaithe mar thoradh ar Mhórghníomhaíochtaí Píolótacha a chistigh an tAontas, ar chaighdeánú agus ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta. Go háirithe, baineann Treoirscéim Mórscála STORK agus ISO 29115, inter alia, le dearbhú ar leibhéal 2, ar leibhéal 3 agus ar leibhéal 4, ba cheart a chur san áireamh a mhéid is féidir agus ceanglais íosta theicniúla, caighdeáin íosta theicniúla agus nósanna imeachta íosta teicniúla á mbunú do na leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus “ard” de réir bhrí an Rialacháin seo, agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo á áirithiú go háirithe maidir leis an leibhéal dearbhaithe “ard” i gcás seiceála ar chéannacht a bhaineann le eisiúint deimhnithe cáilithe. Ba cheart go mbeadh na ceanglais a bhunaítear neodrach ó thaobh na teicneolaíochta. Ba cheart go mbeadh sé indéanta, trí theicneolaíochtaí éagsúla, na ceanglais slándála a bhfuil gá leo a bhaint amach.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit an earnáil phríobháideach a spreagadh chun modhanna ríomh-shainaitheantais a úsáid dá ndeoin féin faoi scéim ar tugadh fógra ina leith chun críocha sainaitheantais nuair atá gá leis sin le haghaidh seirbhísí ar líne nó le haghaidh ríomh-idirbheart. Chuirfeadh an deis modhanna ríomh-shainaitheantais den sórt sin a úsáid, ar chumas an earnála príobháidí dul i muinín an ríomh-shainaitheantais agus an ríomh-fhíordheimhnithe a úsáidtear cheana féin go forleathan i go leor Ballstát le haghaidh seirbhísí poiblí ar a laghad agus d’éascódh sí rochtain ar a gcuid seirbhísí ar líne thar theorainneacha do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Chun cur ar chumas na hearnála príobháidí feidhm thrasteorann a bhaint as modhanna ríomh-shainaitheantais den sórt sin, ba cheart go mbeadh teacht ar an deis fíordheimhnithe a sholáthraíonn aon Bhallstát ag na páirtithe is úsáideoirí san earnáil phríobhaideach atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Bhallstáit sin faoi na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm maidir le páirtithe is úsáideoirí san earnáil phríobháideach agus atá bunaithe laistigh den Bhallstát sin. Mar thoradh air sin, maidir le páirtithe is úsáideoirí san earnáil phríobháideach, féadfaidh an Ballstát a thugann an fógra sainmhíniú a dhéanamh ar théarmaí maidir le rochtain a fháil ar an modh fíordheimhnithe. Féadfaidh na téarmaí sin maidir le rochtain eolas a thabhairt an bhfuil teacht ag páirtithe is úsáideoirí san earnáil phríobháideach ar an modh fíordheimhnithe faoi láthair.

(18)

Ba cheart go bhforáilfí sa Rialachán seo do dhliteanas an Bhallstáit atá ag tabhairt fógra, an pháirtí a eisíonn an modh ríomh-shainaitheantais agus an pháirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe nuair nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo. Ba cheart, áfach, go gcuirfí an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas. Níl aon éifeacht aige dá bharr sin ar na rialacha náisiúnta maidir le damáistí a shainiú nó ar na rialacha nós imeachta ábhartha is infheidhme, lena n-áirítear an dualgas cruthúnais.

(19)

Tá slándáil scéimeanna ríomh-shainaitheantais tábhachtach i dtaca le haitheantas frithpháirteach tras-teorainn iontaofa maidir le modhanna ríomh-shainaitheantais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit oibriú as láimh a chéile maidir le slándáil agus idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar leibhéal an Aontais. Nuair a d’fhéadfadh crua-earraí nó bogearraí sonracha a bheith de dhíth ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais lena n-úsáid ag na páirtithe is úsáideoirí ar an leibhéal náisiúnta, is gá le haghaidh idir-inoibritheachta trasteorann nach ndéanfaidh na Ballstáit sin na ceanglais ná na costais ábhartha sin a fhorchur ar pháirtithe is úsáideoirí atá bunaithe lasmuigh dá gcríoch. Sa chás sin ba cheart plé a dhéanamh ar réitigh iomchuí agus obair a dhéanamh orthu laistigh de raon feidhme an chreata idir-inoibritheachta. Ní féidir mar sin féin ceanglais theicniúla a eascraíonn as sonraíochtaí dúchasacha de mhodhanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais a sheachaint, ar ceanglais iad ar dócha go mbeidh éifeacht acu ar shealbhóirí na modhanna leictreonacha sin, (mar shampla cártaí cliste).

(20)

Ba cheart go n-éascófaí le comhar idir na Ballstáit idir-inoibritheacht theicniúil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, ar mhaithe le leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a oireann don leibhéal riosca. Ba cheart go n-éascófaí comhar den sórt sin le malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit chun na scéimeanna sin a aithint go frithpháirteach.

(21)

Ba cheart creat ginearálta dlí a bhunú leis an Rialachán seo freisin maidir le húsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe. Níor cheart, áfach, go gcruthófaí leis oibleagáid ghinearálta iad a úsáid nó pointe rochtana a shuiteáil do na seirbhísí iontaoibhe uile atá ann cheana. Go háirithe, níor cheart go gcumhdófaí leis soláthar seirbhísí a úsáidtear go heisiach i gcórais dhúnta idir fhoireann shainithe rannpháirtithe, nach bhfuil éifeacht ar bith acu ar thríú páirtithe. Mar shampla, córais a bhunaítear i ngnóthais nó i ranna riaracháin phoiblí chun nósanna imeachta inmheánacha a bhainistiú agus a bhaineann leas as seirbhísí iontaoibhe, níor cheart dóibh a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart gurb iad seirbhísí iontaoibhe a chuirtear ar fáil don phobal agus a théann i gcion ar thríú páirtithe, agus na seirbhísí sin amháin, a chomhlíonfadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán. Níor cheart gnéithe a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích ná le bailíocht na gconarthaí sin, ná oibleagáidí dlíthiúla eile a chumhdach leis an Rialachán seo ach oiread i gcás ina bhfuil ceanglais foirme a leagtar síos sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais. Ina theannta sin, níor cheart ach oiread go ndéanfadh sé difear do cheanglais náisiúnta foirme a bhaineann le cláir phoiblí, go háirithe cláir thráchtála agus talún.

(22)

D’fhonn a n-úsáid ghinearálta trasteorann a éascú, ba cheart a bheith in ann seirbhísí iontaoibhe a úsáid mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla i ngach Ballstát. Is de réir an dlí naisiúnta a shainmhíneofar éifeacht dhlíthiúil seirbhisí iontaoibhe, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(23)

Sa mhéid go gcruthaítear oibleagáid leis an Rialachán seo aitheantas a thabhairt do sheirbhís iontaoibhe, ní féidir diúltú do sheirbhís iontaoibhe den sórt sin ach sa chás nach bhfuil seolaí na hoibleagáide in ann é a léamh nó a fhíorú ar chúiseanna teicniúla nach bhfuil smacht díreach ag an seolaí orthu. Níor cheart, áfach, leis an oibleagáid seo féin go gceanglófaí ar chomhlacht poiblí na crua-earraí agus na bogearraí is gá d’inléiteacht theicniúil na seirbhísí iontaoibhe uile atá ann cheana a fháil.

(24)

Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a bhaineann le seirbhísí iontaoibhe a choinneáil nó a thabhairt isteach, i gcomhréir le dlí an Aontais, a mhéid nach bhfuil na seirbhísí sin comhchuibhithe go hiomlán leis an Rialachán seo. Ba cheart, áfach, go mbeadh saorchúrsaíocht sa mhargadh inmheánach ag seirbhísí iontaoibhe a chomhlíonann an Rialachán seo.

(25)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós in ann cineálacha eile seirbhísí iontaoibhe a shainiú de bhreis orthu sin atá i liosta dúnta na seirbhísí iontaoibhe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ar mhaithe lena n-aithint mar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe ar an leibhéal náisiúnta.

(26)

Mar gheall ar a thapa agus atá an teicneolaíocht ag athrú, ba cheart cur chuige a ghlacadh faoin Rialachán a fhágann gur féidir a bheith nuálaíoch.

(27)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Ba cheart go bhféadfaí na héifeachtaí dlíthiúla a dheonaítear faoi a bhaint amach le haon mhodh teicniúil ar choinníoll go ndéantar ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(28)

D’fhonn iontaoibh fiontar beag agus meán-mhéide (FBManna) agus tomhaltóirí go háirithe as an margadh inmheánach a neartú agus úsáid seirbhísí agus táirgí iontaoibhe a chur chun cinn, ba cheart coincheap na seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus coincheap an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt isteach d’fhonn ceanglais agus oibleagáidí a chur in iúl a áirithíonn go mbeidh leibhéal ard slándála ag cibé seirbhísí nó táirgí iontaoibhe cáilithe a úsáidtear nó a chuirtear ar fáil.

(29)

I gcomhréir le hoibleagáidí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, a formheasadh le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle (8), go háirithe Airteagal 9 den Choinbhinsiún, ba cheart daoine atá faoi mhíchumas a bheith in ann úsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe agus as táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar ar an mbonn céanna le custaiméirí eile. Dá bharr sin, i gcás inarb indéanta, maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthraítear agus táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar, ba cheart go bhféachfaí chuige go mbeidh rochtain ag daoine atá faoi mhíchumas orthu. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú féidearthachta, inter alia, ceisteanna teicniúla agus eacnamaíocha.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit comhlacht maoirseachta nó comhlachtaí maoirseachta a ainmniú chun na gníomhaíochtaí maoirseachta faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh freisin, trí chomhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta a ainmniú i gcríoch an Bhallstáit eile sin.

(31)

Ba cheart do na comhlachtaí maoirseachta oibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, mar shampla trí iad a chur ar an eolas, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí. Ba cheart go gcumhdófaí teagmhais slándála agus sáruithe sonraí pearsanta sa soláthar faisnéise go háirithe.

(32)

Ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach soláthraí seirbhísí iontaoibhe dea-chleachtas slándála a chur i bhfeidhm atá oiriúnach do na rioscaí a bhaineann lena chuid gníomhaíochtaí chun iontaoibh úsáideoirí as an margadh aonair a mhéadú.

(33)

Níor cheart go gcuirfeadh forálacha maidir le hainmneacha bréige a úsáid ar dheimhnithe cosc ar na Ballstáit aitheantas daoine a éileamh de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

(34)

Ba cheart go gcomhlíonfadh gach Ballstát ceanglais choiteanna maidir le maoirseacht shár-riachtanach chun leibhéal slándála inchomparáide ar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a áirithiú. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas sin a éascú ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta inchomparáide a ghlacadh agus faisnéis a mhalartú maidir lena ngníomhaíochtaí maoirseachta agus lena ndea-chleachtais sa réimse sin.

(35)

Ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí go léir faoi réir cheanglais an Rialacháin seo, go háirithe maidir le slándáil agus dliteanas chun dícheall cuí, trédhearcacht agus cuntasacht a n-oibríochtaí agus a seirbhísí a áirithiú. Mar sin féin, agus cineál na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí iontaoibhe á gcur san áireamh, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sin.

(36)

Agus córas maoirseachta á chur ar bun do gach soláthraí seirbhísí iontaoibhe, ba cheart a áirithiú go mbeadh cothroime iomaíochta ann le haghaidh shábháilteacht agus chuntasacht a n-oibríochtaí agus a seirbhísí, chun go gcuideoidh siad ar an gcaoi sin leis na húsáideoirí a chosaint agus le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a bheith faoi réir gníomhaíochtaí maoirseachta ex-post atá de chineál tadhaill éadroim agus frithghníomhach i ngeall ar chineál a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí. Ba cheart, dá bhrí sin, nach mbeadh aon oibleagáid ghinearálta ar an gcomhlacht maoirseachta maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe neamhcháilithe seirbhísí. Níor cheart don chomhlacht maoirseachta gníomhú ach amháin nuair a chuirtear in iúl dó (mar shampla ag an soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe é féin, ag comhlacht maoirseachta eile, trí fhógra ó úsáideoir nó ó pháirtí gnó nó ar bhonn imscrúdaithe uaidh féin) nach gcomhlíonann soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe ceanglais an Rialacháin seo.

(37)

Ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo do dhliteanas gach soláthraí seirbhísí iontaoibhe. Go háirithe, bunaítear leis an Rialachán córas dliteanais faoinar cheart do gach soláthraí seirbhísí iontaoibhe a bheith faoi dhliteanas i leith damáiste a chuirtear faoi deara d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach toisc nár chomhlíon an soláthraí na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. D’fhonn measúnú an riosca airgeadais a éascú i gcás inarbh fhéidir go gcaithfeadh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe é a sheasamh nó i gcás inar cheart dóibh iad a bheith curtha faoi árachas, ceadaítear leis an Rialachán seo do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe teorainneacha a shocrú, faoi choinníollacha áirithe, maidir le húsáid na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus gan a bheith faoi dhliteanas i leith damáistí a thagann chun cinn as úsáid seirbhísí a sháraíonn teorainneacha den sórt sin. Ba cheart custaiméirí a chur ar an eolas faoi na teorainneacha go cuí roimh ré. Ba cheart na teorainneacha sin a bheith inaitheanta ag tríú páirtí, mar shampla trí fhaisnéis maidir leis na teorainneacha sin a áireamh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na seirbhíse a sholáthraítear nó trí mhodhanna inaitheanta eile. Chun críocha éifeacht a thabhairt do na prionsabail sin, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas. Dá bhrí sin, ní dhéanann an Rialachán seo aon difear do na rialacha náisiúnta sin, mar shampla, maidir le damáistí, intinn, faillí a shainmhíniú, nó do rialacha ábhartha nós imeachta is infheidhme.

(38)

Tá sé riachtanach fógra a thabhairt maidir le sáruithe slándála agus measúnuithe ar rioscaí slándála chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar do na páirtithe lena mbaineann i gcás sárú slándála nó caillteanais sláine.

(39)

Ba cheart iarraidh ar chomhlachtaí maoirseachta faisnéis achoimreach a sholáthar don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) le go mbeidh sé ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an tsásra atáthar ag tabhairt isteach leis an Rialachán seo chun fógra a thabhairt maidir le sáruithe.

(40)

Ba cheart iarraidh ar na comhlachtaí maoirseachta tuairisciú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí le go mbeidh sé ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an tsásra maoirseachta feabhsaithe atáthar ag tabhairt isteach leis an Rialachán seo. D’éascódh sé sin go mór malartú dea-chleachtas idir na comhlachtaí maoirseachta agus d’áiritheodh sé go mbeifí ag fíorú go bhfuil na ceanglais mhaoirseachta fíor-riachtanacha á gcur chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtúil i ngach Ballstát.

(41)

D’fhonn inbhuanaitheacht agus marthanacht seirbhísí iontaoibhe cáilithe a áirithiú agus le muinín úsáideoirí as leanúnachas seirbhísí iontaoibhe cáilithe a mhéadú, ba cheart do na comhlachtaí maoirseachta a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm mar is ceart i gcásanna ina gcuireann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena ngníomhaíochtaí.

(42)

Chun maoirsiú ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a éascú, mar shampla nuair atá seirbhísí á soláthar ag soláthraí i gcríoch Ballstáit eile nach bhfuil sé faoi réir maoirseachta ann, nó nuair atá ríomhairí soláthraí lonnaithe i gcríoch Bhallstáit seachas an ceann ina bhfuil sé bunaithe, ba cheart córas um chúnamh frithpháirteach a bhunú idir comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit.

(43)

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart don chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh agus ba cheart do na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe tuarascálacha measúnaithe comhréireachta a chur faoi bhráid an chomhlachta maoirseachta. Nuair a éilíonn an comhlacht maoirseachta go gcuirfeadh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe tuarascáil ad hoc ar mheasúnú comhréireachta, ba cheart don chomhlacht maoirseachta cloí le prionsabal an dea-riaracháin go háirithe, lena n-áirítear an oibleagáid cúiseanna a lua lena chinntí, chomh maith le prionsabal na comhréireachta. Dá bhrí sin, ba cheart don chomhlacht maoirseachta cúiseanna a lua go cuí lena chinneadh measúnú comhréireachta ad hoc a chur ina cheangal.

(44)

Dírítear leis an Rialachán seo ar chreat comhsheasmhach a áirithiú d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus cinnteachta dlíthiúla i ndáil le seirbhísí iontaoibhe a chur ar fáil. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún, agus aghaidh á tabhairt aige ar mheasúnú comhréireachta na seirbhísí agus na dtáirgí, i gcás inarb iomchuí, sineirgí a lorg le scéimeanna ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, amhail Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ina leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú a bheith ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta agus faireachas margaidh ar tháirgí.

(45)

Ar mhaithe le próiseas éifeachtúil tionscnaimh a bheith ann, rud ba cheart a bheith mar thoradh air go gcuirfear soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ar na liostaí iontaofa, ba cheart idirghníomhú tosaigh idir soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ionchasacha agus an comhlacht maoirseachta inniúil a spreagadh, féachaint dícheall cuí a éascú, sa chaoi go mbeidh soláthar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe mar thoradh air.

(46)

Is gnéithe bunriachtanacha iad liostaí iontaofa chun muinín a ardú i measc oibríochtaí an mhargaidh toisc go léirítear leo stádas cáilithe an tsoláthraí seirbhíse tráth a ndéantar an mhaoirseacht.

(47)

Ionas gur féidir le húsáideoirí leas iomlán a bhaint as seirbhísí leictreonacha agus brath orthu go feasach, tá sé bunriachtanach go mbeadh muinín acu as seirbhísí ar líne agus go mbeadh na seirbhísí sin áisiúil dóibh. Chun na críche sin, ba cheart trustmharc AE a chruthú chun na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a shainaithint. Dhéanfadh trustmharc AE den sórt sin idirdhealú soiléir idir seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus seirbhísí iontaoibhe eile agus chuideofaí ar an gcuma sin leis an trédhearcacht sa mhargadh a fheabhsú. Ba cheart gur ar bhonn saorálach a bhainfeadh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe úsáid as trustmharc AE agus níor cheart go dtiocfadh aon cheanglas as seachas na ceanglais dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

(48)

Cé go bhfuil leibhéal ard slándála de dhíth chun aitheantas frithpháirteach ríomhshínithe a áirithiú, i gcásanna ar leith, amhail i gcomhthéacs Chinneadh 2009/767/CE ón gCoimisiún (10), ba cheart glacadh le ríomhshínithe a bhfuil dearbhú slándála níos ísle ná sin acu freisin.

(49)

Leis an Rialachán seo ba cheart go mbunófaí an prionsabal nár cheart diúltú d’éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe ar an bhforas go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé ceanglais an ríomhshínithe cháilithe. Is de réir an dlí naisiúnta a shaineofar éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe, ach amháin maidir leis an gceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus ar dá réir ba cheart ríomhshíniú cáilithe a bheith ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniú lámhscríofa.

(50)

Toisc go mbaineann údaráis inniúla sna Ballstáit úsáid as formáidí difriúla ríomhshínithe ardleibhéil faoi láthair chun a gcuid doiciméad a ríomhshíniú, is gá a áirithiú gur féidir le Ballstáit roinnt formáidí ríomhshínithe ardleibhéil ar a laghad a láimhseáil go teicniúil nuair a fhaigheann siad doiciméid ríomhshínithe. Ar an gcaoi chéanna, nuair a bheadh údaráis inniúla sna Ballstáit ag úsáid ríomhshéalaí ardleibhéil, ba ghá a áirithiú go mbeidís in ann roinnt formáidí ríomhshéalaí ardleibhéil ar a laghad a láimhseáil.

(51)

Ba cheart go bhféadfadh an sínitheoir gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chur faoi chúram tríú páirtí, ar choinníoll go gcuirfear sásraí agus nósanna imeachta oiriúnacha i bhfeidhm lena áirithiú gur faoi urlámhas an tsínitheora, agus faoina urlámhas sin amháin, a bheidh a chuid sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe féin, agus go gcomhlíonann úsáid an ghléis na ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe.

(52)

Ní móide ná go gcuirfear dlús le ríomhshínithe cianda, i gcás inar soláthraí seirbhísí iontaoibhe a dhéanann an timpeallacht do chruthú ríomhshínithe a bhainistiú thar ceann an tsínitheora, i bhfianaise na dtairbhí iomadúla eacnamaíocha a ghabhann leis. Chun a áirithiú, áfach, go dtabharfar an t-aitheantas céanna dlíthiúil do ríomhshínithe den sórt sin agus a thugtar do ríomhshínithe a chruthaítear i dtimpeallacht a bhíonn á bainistiú go huile ag an úsáideoir, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí ríomhshínithe cianda sain-nósanna imeachta bainistithe agus riaracháin a chur i bhfeidhm agus táirgí agus córais iontaofa a úsáid, lena n-áirítear ríomhbhealaí cumarsáide iontaofa, d’fhonn a dheimhniú go bhfuil an timpeallacht do chruthú ríomhshínithe iontaofa agus gur faoi rialú an tsínitheora amháin atá sí. Nuair a chruthaítear ríomhshíniú cáilithe agus gléas ríomhshínithe cianda á úsáid, ba cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais atá infheidhme maidir le soláthraithe cáilithe seirbhís iontaoibhe a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leo.

(53)

Is cleachtas oibríochtúil seanbhunaithe é ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcuid de na Ballstáit deimhnithe cáilithe a chur ar fionraí, rud atá éagsúil le cúlghairm agus a mbaineann cailliúint shealadach bailíochta sealadaí leis. Ó thaobh deimhneachta dlíthiúla de, má tá stádas fionraíochta ag deimhniú, is gá é sin a chur in iúl go soiléir i gcónaí. Chuige sin, ba cheart go mbeadh freagracht ar na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe stádas an deimhnithe a chur in iúl go soiléir agus, má chuirtear an deimhniú ar fionraí, tréimhse bheacht chur ar fionraí an deimhnithe a chur in iúl chomh maith. Níor cheart úsáid fionraíochta a fhorchur ar na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe ná ar na Ballstáit leis an Rialachán seo, ach ba cheart go bhforálfaí leis do rialacha trédhearcachta tráth agus áit a mbíonn cleachtas den sórt sin ar fáil.

(54)

Is réamhchoinníoll iad idir-inoibritheacht thrasteorann agus deimhnithe cáilithe a aithint le haghaidh aithint trasteorann do ríomh-shínithe cáilithe. Dá bhrí sin, ní bheidh deimhnithe cáilithe faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Ar an leibhéal náisiúnta, áfach, ba cheart go gceadófaí saintréithe sonracha a áireamh i ndeimhnithe cáilithe, amhail sonraí uathúla aitheantais, ar choinníoll nach gcuirfidh sonraí uathúla aitheantais den sórt sin isteach ar idir-inoibritheacht thrasteorann nó deimhnithe agus ríomh-shínithe a aithint.

(55)

Is uirlis thábhachtach é deimhniúchán slándáil TF atá bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta amhail ISO 15408 agus modhanna gaolmhara meastóireachta agus socruithe frithpháirteacha i dtaca le slándáil gléasanna cruthaithe sínithe cáilithe a fhíorú agus ba cheart an uirlis sin a chur chun cinn. Braitheann réitigh agus seirbhísí nuálacha, áfach amhail síniú ar ghuthán soghluaiste agus ríomhshíniú néalríomhaireachta, ar réitigh theicniúla agus eagraíochtúla do ghléasanna cruthaithe sínithe cáilithe arbh fhéidir nach bhfuil fáil ar chaighdeáin slándála ina leith go fóill nó a bhfuil an chéad deimhniúchán slándáil TF ar siúl fós maidir leo. Ní fhéadfaí leibhéal slándála na ngléasanna sin cruthaithe ríomhshínithe a mheas trí phróisis mhalartacha a úsáid ach amháin sa chás nach bhfuil fáil ar caighdeáin slándála den sórt sin nó i gcás ina bhfuil deimhniúchán Slándáil TF ar siúl. Ba cheart go mbeadh na próisis sin inchomparáide leis na caighdeáin do dheimhniúchán slándáil TF sa mhéid gurb ionann a leibhéil slándála. D’fhéadfaí na próisis sin a éascú trí athbhreithniú piaraí a dhéanamh.

(56)

Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe chun feidhmiúlacht ríomhshínithe ardleibhéil a áirithiú. Níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an córas timpeallachta uile ina n-oibríonn gléasanna den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart an raon feidhme a bheadh ag an deimhniúchán do ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a theorannú do chrua-earraí agus do chóras bogearraí a úsáidtear chun bainistiú agus cosaint a dhéanamh ar na sonraí cruthaithe sínithe a chruthaítear, a stóráiltear nó a phróiseáiltear sa ghléas cruthaithe sínithe. Faoi mar a shonraítear i gcaighdeáin ábhartha, ba cheart, leis an oibleagáid maidir le raon feidhme an deimhniúcháin, go ndéanfaí iarratais ar chruthú sínithe a eisiamh.

(57)

Le deimhneacht dhlíthiúil sa mhéid a bhaineann le bailíocht an tsínithe a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach na comhpháirteanna den ríomhshíniú cáilithe a shainiú nach mór don pháirtí is úsáideoir atá ag tabhairt faoin mbailíochtú measúnú a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, ba cheart go spreagfaí an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí infheistíocht a dhéanamh sna seirbhísí bailíochtaithe cáilithe agus na ceanglais a shainiú do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe is féidir leo na seirbhísí bailíochtaithe cáilithe sin a sholáthar do pháirtithe is úsáideoirí nach bhfuil toilteanach nó nach bhfuil in ann bailíochtú a dhéanamh ar ríomhshínithe cáilithe iad féin. Ba cheart go bhfágfadh an dá ghné sin go mbeidh bailíochtú ríomhshínithe cáilithe éasca áisiúil do gach páirtí ar leibhéal an Aontais.

(58)

I gcás ina bhfuil ríomhshéala cáilithe ó dhuine dlítheanach de dhíth chun idirbheart a dhéanamh, ba cheart ríomhshíniú cáilithe ó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh a bheith chomh hinghlactha céanna.

(59)

Ba cheart ríomhshéalaí a bheith ina bhfhianaise gur eisigh duine dlítheanach ríomhdhoiciméad, chun deimhneacht a áirithiú maidir le foinse agus sláine an doiciméid.

(60)

Ba cheart go gcuirfeadh na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá ag eisiúint deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala na bearta riachtanacha chun feidhme chun go mbeifí in ann céannacht an duine nádúrtha a shuí, ar duine nádúrtha é a dhéanann ionadaíocht ar an duine dlíthiúil a chuirtear an deimhniú cáilithe ar ríomhshéala ar fáil dó, i gcás ina bhfuil aitheantas riachtanach ar an leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs na nósanna imeachta breithiúna nó riaracháin.

(61)

Ba cheart caomhnú fadtéarmach faisnéise a áirithiú leis an Rialachán seo, chun bailíocht dhlíthiúil na ríomhshínithe agus na ríomhshéalaí thar tréimhsí fada, á ráthú go mbeifear in ann iad a bhailíochtú beag beann ar athruithe sa teicneolaíocht amach anseo.

(62)

Le slándáil na stampaí ama leictreonacha cáilithe a áirithiú, ba cheart go gcuirfí ina cheangal leis an Rialachán seo go mbainfí úsáid as ríomhshéala ardleibhéil nó as ríomhshíniú ardleibhéil nó as modhanna comhionanna eile. Foráiltear go n-eascróidh teicneolaíochtaí nua as nuáil lena bhféadfar leibhéal slándála comhionann a áirithiú do stampaí ama. Nuair a úsáidfear modh eile seachas ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshíniú ardleibhéil, ba cheart gur ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bheadh sé a léiriú, sa tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta, go n-áirithítear leibhéal comhionann slándála le modh mar sin agus go gcomhlíontar leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

(63)

Tá ríomhdhoiciméid tábhachtach i dtaca le forbairt a dhéanamh tuilleadh ar ríomh-idirbhearta trasteorann sa mhargadh inmheánach. Leis an Rialachán seo agus d’fhonn a áirithiú nach ndiúltófar d’éifeacht dhlíthiúil ríomh-idirbheart ar an aon fhoras gur i bhfoirm leictreonach atá an doiciméad, ba cheart go mbunófaí an prionsabal nár cheart diúltú do ríomhdhoiciméad ar an bhforas go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach.

(64)

Agus aghaidh á tabhairt ar leagan amach ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún le cleachtais, le caighdeáin agus le reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe Cinneadh 2011/130/AE ón gCoimisiún (11).

(65)

Chomh maith leis an doiciméad a eisíonn duine dlítheanach a fhíordheimhniú, is féidir ríomhshéalaí a úsáid chun aon sócmhainn dhigiteach de chuid an duine dhlítheanaigh a fhíordheimhniú, amhail cód bogearraí, nó freastalaithe.

(66)

Tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh do chreat dlíthiúil chun go n-éascófar aitheantas trasteorann idir na córais dlí náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe. Leis an gcreat sin, d’fhéadfaí teacht ar dheiseanna nua margaidh freisin chun go ndéanfadh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe an Aontais ríomhsheirbhísí nua seachadta cláraithe pan-Eorpacha a thairiscint.

(67)

Le seirbhísí fíordheimhnithe láithreán gréasáin, cuirtear bealach ar fáil trína bhféadfaidh cuairteoir ar an láithreán gréasáin a bheith cinnte go bhfuil eintiteas fíor agus dlisteanach taobh thiar den láithreán gréasáin. Cabhraítear leis na seirbhísí sin iontaoibh agus muinín a chothú maidir le gnó a sheoladh ar líne, mar go mbeidh tomhaltóirí muiníneach as láithreán gréasáin atá fíordheimhnithe. Cuirfear na seirbhísí fíordheimhnithe láithreán gréasáin ar fáil ar bhonn iomlán saorálach agus bainfear úsáid astu ar bhonn iomlán saorálach. Chun go mbainfí úsáid as fíordheimhniú láithreán gréasáin chun iontaoibh a ardú, agus taithí níos fearr a chur ar fáil don úsáideoir agus cur leis an bhfás sa mhargadh inmheánach, áfach, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo na hoibleagáidí íosta maidir le slándáil agus le dliteanas do sholáthraithe agus dá sheirbhísí. Chuige sin, cuireadh torthaí na dtionscnamh atá á stiúradh ag an tionscal, mar shampla Údaráis Deimhniúcháin/Fóram do Bhrabhsálaithe - Fóram ÚD/B san áireamh. Chomh maith leis sin, níor cheart go gcuirfí bac leis an Rialachán seo ar bhealaí nó ar mhodhanna eile le láithreán gréasáin a fhíordheimhniú nach dtagann faoin Rialachán seo agus níor cheart go gcuirfí cosc leis ar sholáthraithe tríú tíortha seirbhísí fíordheimhnithe láithreán gréasáin a seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí san Aontas. Mar sin féin, níor cheart go n-aithneofaí seirbhísí fíordheimhnithe láithreán gréasán mar sheirbhísí cáilithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach sa chás go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta curtha i gcrích idir an tAontas agus tír bhunaíochta an tsoláthraí.

(68)

Le coincheap na “ndaoine dlítheanach”, de réir fhorálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le bunaíocht, is faoi na hoibreoirí atá sé a roghnú cé acu foirm dhlíthiúil a mheasann siad a oirfeadh dóibh agus iad i mbun gníomhaíochta. Dá réir sin, ciallaíonn “daoine dlítheanacha”, de réir bhrí CFAE, gach eintiteas a bhunaítear nó a rialaítear faoi dhlí Ballstáit, beag beann ar a bhfoirm dhlíthiúil.

(69)

Spreagtar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais aitheantas a thabhairt do sheirbhísí ríomh-shainaitheantais agus iontaoibhe a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun leas a bhaint as comhar riaracháin, go háirithe as dea-chleachtas atá ann cheana agus as torthaí na dtionscadal atá ar bun sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(70)

Ar mhaithe le gnéithe teicniúla mionsonraithe áirithe an Rialacháin seo a chomhlánú ar bhealach solúbtha tapa, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na gcritéar atá le comhlíonadh ag na comhlachtaí atá freagrach as deimhniúchán gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe. Tá sé ríthábhachtach, go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(71)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, go háirithe chun uimhreacha tagartha caighdeán a shonrú, caighdeáin a mbeadh toimhde géilliúlachta le ceanglais áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo ach iad a úsáid. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(72)

Agus gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á nglacadh aige, ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún aird chuí ar na caighdeáin agus ar na sonraíochtaí teicniúla a dhréachtaíonn eagraíochtaí agus comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta, go háirithe an Coiste Eorpach um Chaighdeáin (CEN), Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI), Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) agus an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU), d’fhonn leibhéal ard slándála agus idir-inoibritheachta a áirithiú i ndáil le ríomhsheirbhísí aitheantais agus iontaoibhe.

(73)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht, ba cheart Treoir 1999/93/CE a aisghairm.

(74)

Le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’oibreoirí margaidh atá ag baint úsáide as deimhnithe cáilithe cheana féin a eisíodh do dhaoine dhlithiúla i gcomhréir le Treoir 1999/93/CE, is gá foráil a dhéanamh do thréimhse leordhóthanach ar mhaithe le trasdul. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart bearta trasdula do ghléasanna slána cruthaithe sínithe a bhunú, a mbeidh an comhlíonadh a mbaineann leo cinntithe i gcomhréir le Treoir 1999/93/CE, agus ba cheart freisin coinne a bheith ann le bearta trasdula do sholáthraithe seirbhísí deimhniúcháin a eiseoidh deimhnithe cáilithe roimh an 1 Iúil 2016. Ar deireadh, is gá freisin modh a chur ar fáil don Choimisiún chun na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh roimh an dáta sin.

(75)

Níl aon éifeacht ag na dátaí cur i bhfeidhm a leagtar amach sa Rialachán seo ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit cheana faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Threoir 2006/123/CE.

(76)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar scála na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(77)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus thug sé tuairim uaidh an 27 Meán Fómhair 2012 (14),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart, agus d’fhonn leibhéal leordhóthanach slándála a áirithiú i gcás modhanna ríomh-shainaitheantais agus i gcás seirbhísí iontaoibhe, déantar an méid seo a leanas sa Rialachán seo:

(a)

leagtar síos ann na coinníollacha faoina dtabharfaidh na Ballstáit aitheantas do mhodhanna ríomh-shainaitheantais do shainaithint daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith,

(b)

leagtar síos ann na rialacha do sheirbhísí iontaoibhe, go háirithe i gcás ríomh-idirbheart, agus

(c)

bunaítear creat dlí leis le haghaidh ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméad, ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe agus seirbhísí deimhnithe d’fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstát fógra ina leith, agus maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar seirbhísí iontaoibhe a úsáidtear go heisiach i gcórais dhúnta atá mar thoradh ar dhlí náisiúnta nó ar chomhaontuithe idir fhoireann shainithe rannpháirtithe.

3.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear don dlí náisiúnta ná do dhlí an Aontais a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích ná le bailíocht na gconarthaí sin, ná le hoibleagáidí dlíthiúla eile ná le hoibleagáidí nós imeachta a bhaineann le foirm.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go leithleach, duine nádúrtha nó dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach;

(2)

Ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábhartha agus/nó neamhábhartha ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine, a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí chun céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach, a shuíomh;

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanach nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas a fhágann go bhféadfar ríomh-shainaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a dheimhniú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú;

(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag brath ar chéannacht leictreonach nó ar sheirbhís iontaoibhe;

(7)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(9)

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10)

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11)

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12)

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís a thugtar de ghnáth ar luach saothair a bhfuil na nithe seo leanas iontu:

(a)

ríomhshínithe, ríomhshéalaí, nó ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta atá cláraithe agus na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú, a fhíorú agus a bhailíochtú, nó

(b)

cruthú, fíorú agus bailíochtú na ndeimhnithe le haghaidh fíordheimhniú láithreán gréasáin, nó

(c)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht a shainítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil creidiúnú aige i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann sé ar fáil;

(19)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20)

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna de chrua-earraí nó de bhogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(22)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(24)

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25)

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26)

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(31)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(33)

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34)

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35)

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú gréasáin” dearbhú trína bhféadfar gréasán a fhíordheimhniú agus trína nasctar an gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eisítear an deimhniú dó;

(39)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(40)

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;

(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína bhfíoraítear agus trína ndeimhnítear go bhfuil ríomhshíniú nó ríomhshéala bailí.

Airteagal 4

Prionsabal an mhargaidh inmheánaigh

1.   Ní chuirfidh soláthraí seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe i mBallstáit eile aon srian ar sholáthar seirbhísí iontaoibhe ar chríoch Ballstáit ar chúiseanna a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear sa Rialachán seo.

2.   Beidh cead saorchúrsaíochta sa mhargadh inmheánach ag táirgí agus ag seirbhísí iontaoibhe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Próiseáil agus cosaint sonraí

1.   Déanfar próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

2.   Gan dochar don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d’ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní cheadófar ainmneacha bréige a úsáid in idirbhearta leictreonacha.

CAIBIDIL II

RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

Airteagal 6

Aitheantas frithpháirteach

1.   I gcás ina gceanglófar faoin dlí náisiúnta nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta riaracháin ríomh-shainaitheantas a úsáid a úsáideann modh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhnithe le rochtain a fháil ar sheirbhís a chuireann comhlacht poiblí ar fáil ar líne i mBallstát amháin, aithneofar sa chéad Bhallstát an modh ríomh-shainaitheantais a eiseofar i mBallstát eile chun an tseirbhís sin ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áirítear sa liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9;

(b)

go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais do leibhéal dearbhaithe atá comhionann le nó níos airde ná an leibhéal dearbhaithe a éilíonn an comhlacht ábhartha poiblí chun rochtain a fháil ar an tseirbhís sin ar líne sa chéad Bhallstát, ar choinníoll go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais sin do leibhéal dearbhaithe atá “suntasach” nó “ard”;

(c)

i gcás ina n-úsáideann an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann an leibhéal dearbhaithe “suntasach” nó “ard” maidir le rochtain ar an tseirbhís sin ar líne.

Bainfear amach an t-aitheantas sin tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a fhoilseoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh comhlachtaí poiblí aitheantas a thabhairt don mhodh ríomh-shainaitheantais a eiseofar faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áireofar ar an liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 agus a fhreagróidh do leibhéal dearbhaithe “íseal” aige, chun an tseirbhís a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann.

Airteagal 7

Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais

Beidh scéim ríomh-shainaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1) ar choinníoll go ndéanfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gurb é an Ballstát a thugann an fógra a eiseoidh na modhanna ríomh-shainaitheantais:

(i)

faoin scéim sin,

(ii)

faoi shainordú ón mBallstát atá ag tabhairt an fhógra, nó

(iii)

neamhspleách ar an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra agus go dtugann an Ballstát sin aitheantas dó;

(b)

gur féidir an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim ríomh-shainaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhís amháin ar a laghad arna cur ar fáil ag comhlacht earnála poiblí lena bhfuil ríomh-shainaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra;

(c)

go gcomhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais agus an modh ríomh-shainaitheantais a eisítear fúithi na ceanglais de cheann amháin ar a laghad de na leibhéil dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(d)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí uathúla sainaitheantais an duine atá i gceist, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 an tráth céanna a n-eiseofar an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(e)

go n-áiritheoidh an páirtí a bhfuil an modh ríomh-shainaitheantais á eisiúint aige faoin scéim sin go luafar an modh ríomh-shainaitheantais leis an duine dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go bhféadfar fíordheimhniú a fháil ar líne, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir atá bunaithe i gcríoch Ballstáit eile in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a dheimhniú.

Maidir le páirtithe is úsáideoir seachas comhlachtaí earnála poiblí, féadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na téarmaí rochtana ar an bhfíordheimhniú sin a shainiú. Cuirfear an fíordheimhniú trasteorann sin ar fáil saor in aisce i gcás seirbhís ar líne a chuireann comhlacht poiblí ar fáil.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglais theicniúla a bheidh neamhréireach ar pháirtithe is úsáideoir a bhfuil intinn acu ar fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh, i gcás ina gcoiscfear leis na ceanglais sin idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó i gcás ina gcuirtear bac ar an idir-inoibritheacht sin;

(g)

go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha na hoibleagáide faoi Airteagal 12(5), ar a laghad sé mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(h)

go gcomhlíonfar leis an scéim ríomh-shainaitheantais na ceanglais a leagtar amach san ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8).

Airteagal 8

Leibhéil dearbhaithe scéimeanna ríomh-shainaitheantais

1.   Sonrófar i scéim ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 9(1) leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus/nó “ard” do mhodhanna ríomh-shainaitheantais a eisítear faoin scéim sin.

2.   Comhlíonfaidh na leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus “ard” na critéir a leanas faoi seach:

(a)

tagróidh leibhéal dearbhaithe “íseal” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomhaitheantais, a chuireann leibhéal teoranta muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;

(b)

tagróidh leibhéal dearbhaithe “suntasach” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal suntasach muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;

(c)

tagróidh leibhéal dearbhaithe atá ard do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal níos airde muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine ná mar a dhéanann modh ríomh-shainaitheantais ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe atá suntasach, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh mí-úsáid céannachta nó athrú ar an gcéannacht a chosc.

3.   Faoi 18 Meán Fómhair 2015, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus faoi réir mhír 2, leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íos-sonraíochtaí teicniúla, íoschaighdeáin teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla ag tagairt do leibhéil dearbhaithe atá “íseal”, “suntasach” agus “ard” agus atá sonraithe do mhodhanna ríomh-shainaitheantais chun críocha mhír 1.

Leagfar amach na híos-sonraíochtaí teicniúla, na híoschaighdeáin teicniúla agus na híosnósanna imeachta teicniúla trí thagairt d’iontaofacht agus do cháilíocht an méid a leanas:

(a)

an nós imeachta trína dtugtar cruthúnas agus fíorú maidir le céannacht daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar mhodh ríomh-shainaitheantais;

(b)

an nós imeachta trína n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais a iarraidh;

(c)

an sásra fhíordheimhnithe, trína n-úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach an modh ríomh-shainaitheantais chun a chéannacht a dheimhniú don pháirtí is úsáideoir;

(d)

an t-eintiteas a eisíonn an modh ríomh-shainaitheantais;

(e)

aon chomhlacht eile atá bainteach leis an iarratas ar mhodh ríomh-shainaitheantais a eisiúint; agus

(f)

sonraíochtaí teicniúla agus slándála an mhodha ríomh-shainaitheantais a eisítear.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 9

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann an fógra fógra don Choimisiún i leith na faisnéise seo a leanas gan mhoill mhíchuí, chomh maith le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi:

(a)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear a leibhéil dearbhaithe agus eisitheoir nó eisitheoirí an mhodha ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(b)

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an méid a leanas:

(i)

an páirtí a eisíonn na meáin ríomh-shainaitheantais, agus

(ii)

an páirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe;

(c)

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(d)

faisnéis maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a bhainistíonn clárú sonraí uathúla aitheantais duine;

(e)

tuairisc faoin mbealach a gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach sa ghníomh chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8);

(f)

tuairisc faoin bhfíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7;

(g)

socruithe i leith cúlghairm nó fhionraí na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.

2.   Bliain amháin ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8), foilseoidh an Coimisiún liosta de na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an mbunfhaisnéis ina dtaobh.

3.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

4.   Féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an scéim ríomh-shainaitheantais ar thug an Ballstát sin fógra ina leith a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón mBallstát.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta an fhógra faoi mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 10

Sárú slándála

1.   I gcás ina ndéantar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) nó fíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7 a shárú nó go gcuirtear a slándáil i scothbhaol ar bhealach ina mbeidh éifeacht aige ar iontaofacht fíordheimhniú trasteorann na scéime sin, déanfaidh Ballstát na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, an fíordheimhniú trasteorann nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i scothbhaol a chur ar fionraí nó déanfar iad a chúlghairm gan mhoill agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi.

2.   Nuair a réiteofar an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra an fíordheimhniú trasteorann a athbhunú agus cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí.

3.   I gcás nach ndéanfaí an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1 a réiteach laistigh de thrí mhí ón dáta fionraithe nó cúlghairme, cuirfidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra fógra maidir le tarraingt siar na scéime ríomh-shainaitheantais chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún maidir leis sin.

Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí.

Airteagal 11

Dliteanas

1.   Beidh an Ballstáit a bheidh ag tabhairt fógra faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó in idirbheart trasteorann, de thoradh gan cloí in idirbheart trasteorann leis a oibleagáidí faoi pointí (d) agus (f) d’Airteagal 7.

2.   Beidh an páirtí a eiseoidh an modh ríomh-shainaitheantais faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí in idirbheart trasteorann leis an oibleagáid dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 7.

3.   Beidh an páirtí a fheidhmeoidh an nós imeachta fíordheimhnithe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan a áirithiú, in idirbheart trasteorann, go bhfeidhmeofaí an fíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7.

4.   Cuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas.

5.   Ní dhéanfaidh mír 1, mír 2 ná mír 3 dochar do dhliteanas faoi dhlí náisiúnta na bpáirtithe in idirbheart ina n-úsáidfear modhanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin scéim riómh-shainaitheantas ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1).

Airteagal 12

Comhar agus idir-inoibritheacht

1.   Beidh na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) idir-inoibritheach.

2.   Chun críocha mhír 1, bunófar creat idir-inoibritheachta.

3.   Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:

(a)

díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát;

(b)

beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir;

(c)

éascófar leis cur chun feidhme phrionsabal na príobháideachta trí dhearadh; agus

(d)

áiritheofar leis go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

4.   Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:

(a)

tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;

(b)

mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;

(c)

tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta;

(d)

tagairt do thacar íosta sonraí aitheantais duine lena léirítear go huathúil duine dlítheanach nó nádúrtha, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais;

(e)

rialacha nós imeachta;

(f)

socruithe chun díospóid a réiteach; agus

(g)

comhchaighdeáin oibríochtúla slándála.

5.   Comhoibreoidh na Ballstáit lena chéile i dtaca leis na nithe a leanas:

(a)

idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais oifigiúla ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) agus idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil sé i gceist ag na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith; agus

(b)

slándáil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.

6.   Beidh na nithe a leanas sa chomhar idir na Ballstáit:

(a)

malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir leis na scéimeanna ríomh-shainaitheantais, go háirithe maidir le ceanglais theicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le leibhéil dearbhaithe;

(b)

malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le bheith ag obair le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoi Airteagal 8;

(c)

athbhreithniú piaraí na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin Rialachán seo; agus

(d)

scrúdú ar na forbairtí is déanaí in earnáil an ríomh-shaitheantais.

7.   Faoin 18 Márta 2015, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta riachtanacha chun an comhar idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a éascú, d’fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca.

8.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú d’fhonn an ceanglas faoi mhír 1 a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 agus lena gcuirfear san áireamh torthaí an chomhair idir na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 é.

9.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL III

SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 13

Dliteanas agus dualgas cruthúnais

1.   Gan dochar do mhír 2, beidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo.

Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaífidh an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú.

Toimhdeofar intinn nó faillí sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe mura gcruthóidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a gcustaiméirí ar an eolas go cuí roimh ré maidir leis na srianta ar úsáid na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil agus más rud é go mbeidh na srianta sin so-aitheanta do thríú páirtithe, ní bheidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as damáistí a eascróidh ó úsáid na seirbhísí a théann thar na srianta atá curtha in iúl.

3.   Cuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas.

Airteagal 14

Gnéithe idirnáisiúnta

1.   Aithneofar maidir le seirbhísí iontaoibhe á gcur ar fáil ag soláthraithe atá bunaithe i dtríú tír go bhfuil siad comhionann go dlíthiúil le seirbhísí iontaoibhe cáilithe á gcur ar fáil ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe san Aontas más rud é go mbeidh na seirbhísí iontaoibhe de thionscnamh an tríú tír aitheanta faoi chomhaontú idirnáisiúnta a cuireadh i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír atá i gceist nó eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.

2.   Maidir leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar, go háirithe, na nithe a leanas:

(a)

maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil, gurb iad na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe i dtríú tír nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích, agus trí na seirbhísí iontaoibhe a chuireann siad ar fáil, a chomhlíonfaidh na ceanglais sin

(b)

go bhfuil sé aitheanta maidir leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas ar fáil go bhfuil na seirbhísí sin comhionann go dlíthiúil leis na seirbhísí iontaoibhe a chuireann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe ar fáil i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích.

Airteagal 15

Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthraítear agus táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar, féachfar chuige go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas orthu i gcás inarb indéanta.

Airteagal 16

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

ROINN 2

Maoirseacht

Airteagal 17

Comhlacht maoirseachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo;

4.   Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1);

(c)

comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2);

(d)

tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 18

Cúnamh frithpháirteach

1.   Comhoibreoidh na comhlachtaí maoirseachta d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú.

Déanfaidh comhlacht maoirseachta, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi ó chomhlacht maoirseachta eile, tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht maoirseachta sin chun go bhféadfar gníomhaíochtaí chomhlachtaí maoirseachta a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach. Féadfar go gcumhdófaí sa chúnamh frithpháirteach, go háirithe, iarratais ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarratais ar chigireachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.

2.   Comhlacht maoirseachta lena ndéanfar iarratas ar chúnamh, féadfaidh sé é sin a dhiúltú ar cheann amháin de na forais seo a leanas:

(a)

níl an comhlacht maoirseachta inniúil an tacaíocht a iarradh a sholáthar;

(b)

níl an tacaíocht a iarradh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c)

nach mbeadh an tacaíocht a iarradh i gcomhréir leis an Rialachán seo an tacaíocht a iarradh a sholáthar.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá gcomhlachtaí maoirseachta faoi seach comh-imscrúduithe a dhéanamh a mbeadh baill foirne de chuid comhlachtaí maoirseachta na Ballstát eile rannpháirteach iontu. Comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe agus na nósanna imeachta doighníomhaíochtaí comhpháirteacha den chineál sin i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   Déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándála nó teip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

Airteagal 20

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.

3.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 21

Seirbhís iontaoibhe cháilithe a thionscnamh

1.   Má tá intinn ag soláthraithe seirbhíse iontaoibhe, nach bhfuil stádas cáilithe acu, tosú ar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur ar fáil, tíolacfaidh siad fógra faoina n-intinn don chomhlacht maoirseachta in éineacht le tuarascáil ar mheasúnú a d’eisigh comhlacht measúnaithe comhréireachta.

2.   Fíoróidh an comhlacht maoirseachta cibé an bhfuil an soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé ag comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe, na ceanglais i gcomhair soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus i gcomhair na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad.

Má chinneann an comhlacht maoirseachta go ndéanann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go ndéantar iad a chomhlíonadh leis na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé, deonóidh an comhlacht maoirseachta an stádas cáilithe don soláthraí seirbhíse iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé. Chuirfidh sí an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ar an eolas faoi sin chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de thrí mhí, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus luafaidh sé an tréimhse a thógfaidh sé an fíorú a chur i gcrích.

3.   Féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe tús a chur le soláthar na seirbhíse cáilithe iontaoibhe tar éis don stádas cáilithe a bheith curtha in iúl sna liostaí iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí agus na nósanna imeachta a shainmhíniú chun críocha mhír 1 agus mhír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 22

Liostaí iontaofa

1.   Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh i measc nithe eile faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bhfuil sé freagrach ina leith chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad.

2.   Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bheidh ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán, ar liostaí iad a bheidh i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, faoi na deimhnithe a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus faoi aon athruithe a rinneadh orthu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015 sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus saineoidh sé na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla do na liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhír 1 go mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 23

Trustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe

1.   Nuair a bheidh an stádas cáilíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 21(2) curtha in iúl sa liosta iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1), féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe leas a bhaint as trustmharc AE chun na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad a chur in iúl ar bhealach simplí, so-aitheanta agus soiléir.

2.   Nuair a bhainfidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe leas as na seirbhísí cáilithe iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad go gcuirfear nasc leis an liosta iontaofa ábhartha a bheidh ar fáil ar a láithreáin ghréasáin.

3.   Faoin 1 Iúil 2015, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, foráil a dhéanamh maidir le sonraíocht i dtaca le foirm agus go háirithe le cur i láthair, comhdhéanamh, méid agus dearadh thrustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a shonrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 24

Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.

Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó

(b)

go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó

(c)

trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó

(d)

trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú.

2.   Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí;

(b)

fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad;

(f)

déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(i)

níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,

(ii)

ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,

(iii)

is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;

(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4);

(j)

próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE;

(k)

maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.

3.   I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.

4.   Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 4

Ríomhshínithe

Airteagal 25

Éifeachtaí dlíthiúla na ríomhshínithe

1.   Ní shéanfar éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe ná a inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé ceanglais le haghaidh ríomhshínithe cháilithe.

2.   Beidh ríomhshíniú cáilithe ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniú lámhscríofa.

3.   Maidir le ríomhshíniú cáilithe atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshíniú cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 26

Riachtanas do ríomhshínithe ardleibhéil

Comhlíonfaidh ríomhsíniú arleibheil na riachtanais seo a leanas:

(a)

tá nasc uathúil aige leis an sínitheoir;

(b)

is féidir an sínitheoir a aithint leis;

(c)

cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe ar féidir leis an sínitheoir é a úsáid agus leibhéal ard muiníne aige agus é faoina urlámhas eisiach féin; agus

(d)

tá sé nasctha leis na sonraí atá sínithe leis an ríomhshíniú sin ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath.

Airteagal 27

Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil, ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhíse ar líne atá á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshíniú ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshínithe ardleibhéil. Toimhdeofar go gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 26 tráth a gcomhlíonfaidh ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshínithe ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 28

Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta.

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 29

Ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe

1.   Comhlíonfaidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais sin le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 30

Gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú

1.   Déanfaidh comhlachtaí iomchuí poiblí nó príobháideacha a ainmneofar chuige sin ag na Ballstáit comhréireacht gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a dheimhniú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

3.   Bunófar an deimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar cheann amháin díobh siúd a leanas:

(a)

próiseas meastóireachta slándála a dhéanfar i gcomhréir le ceann de na caighdeáin le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéise a áireofar i liosta arna bhunú i gcomhréir leis an dara fomhír; nó

(b)

próiseas seachas an próiseas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go n-úsáidfear leibhéil inchomparáide slándála sa phróiseas sin agus go gcuirfidh an comhlacht poiblí nó príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoin bpróiseas sin. Ní fhéadfar an próiseas sin a úsáid ach amháin in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gcás ina mbeidh próiseas meastóireachta slándála dá dtagraítear i bpointe (a) ar siúl.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta caighdeán le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

4.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 47, a mhéid a bhainfidh le critéir shonracha a bhunú a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí a ainmneofar agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú

1.   Gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur i gcrích an deimhniúcháin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don Choimisiún faoi ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, ar gléasanna iad a dheimhneoidh na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Gan moill míchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur ar ceal an deimhniúcháin, cuirfidh siad faisnéis in iúl don Choimisiún freisin maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe nach mbeidh deimhnithe a thuilleadh.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta is infheidhme chun críche mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 33

Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:

(a)

a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus

(b)

a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís bailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an tseirbhís bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 34

Seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin a fhéadfaidh seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe a sholáthar, ar soláthraí é a úsáidfidh nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a mbeidh sé ar a gcumas iontaofacht an ríomhshínithe cháilithe a shíneadh amach thar an tréimhse bhailíochta theicniúil.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh na socruithe maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 5

Ríomhshéalaí

Airteagal 35

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí

1.   Ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe.

2.   Maidir le ríomhshéala cáilithe, toimhdeofar sláine na sonraí agus beachtas thionscnamh na sonraí sin a mbeidh nasc acu leis an ríomhshéala cáilithe.

3.   Maidir le ríomhshéala cáilithe a bheidh bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 36

Ceanglais do ríomhshéalaí ardleibhéil

Comhlíonfaidh ríomhshéala ardleibhéil na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá nasc uathúil aige le cruthaitheoir an tséala;

(b)

tá sé in ann cruthaitheoir an tséala a aithint;

(c)

cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí cruthaithe ríomhshéala is féidir le cruthaitheoir an tséala a úsáid, le leibhéal ard muiníne agus é faoina urlámhas féin, chun ríomhshéalaí a chruthú; agus

(d)

tá sé nasctha leis na sonraí lena mbaineann sé ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath.

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 38

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 39

Gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 29 maidir le ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 30 maidir le deimhniú gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31 maidir le foilsiú liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe a bheidh deimhnithe.

Airteagal 40

Ríomhshéalaí cáilithe a bhailíochtú agus a chaomhnú

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 32, 33 agus 34 maidir le bailíochtú agus caomhnú ríomhshéalaí cáilithe.

ROINN 6

Ríomhstampaí ama

Airteagal 41

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1.   Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.

2.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.

3.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.

Airteagal 42

Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite;

(b)

tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus

(c)

sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus le haghaidh foinsí cruinne ama. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus tríd an bhfoinse chruinn ama. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 7

Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

Airteagal 43

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe

1.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.

2.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.

Airteagal 44

Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar;

(b)

ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe;

(c)

ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí;

(d)

caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite;

(e)

aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;

(f)

is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;

I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 8

Fíordheimhniú láithreán gréasáin

Airteagal 45

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Toimhdeofar go bhfuiltear bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin le deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL IV

RÍOMHDHOICIMÉID

Airteagal 46

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad

Ní shéanfar ar ríomhdhoiciméad éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar é bheith i bhfoirm leictreonach amháin.

CAIBIDIL V

TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh ar feadh tréimhse éiginnte amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 48

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfear tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2020. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go háirithe ar iomchuí go ndéanfaí raon feidhme an Rialacháin seo nó na forálacha sonracha a ghabhann leis, lena n-áirítear Airteagal 6, pointe (f) d’Airteagal 7, Airteagal 34, Airteagal 43, Airteagal 44 agus Airteagal 45, a mhodhnú, agus aird á tabhairt ar an taithí a fuarthas i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, mar aon lena bhfuil ag titim amach ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh agus an dlí de.

Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír, i gcás inarb iomchuí.

De bhreis air sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach ceithre bliana tar éis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír ar an dul chun cinn chun maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Airteagal 50

Aisghairm

1.   Déantar Treoir 1999/93/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Iúil 2016.

2.   Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 51

Bearta idirthréimhseacha

1.   Gléasanna cruthaithe sínithe slána ar cinneadh a gcomhréireacht i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Threoir 1999/93/CE, measfar gur gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe iad faoin Rialachán seo.

2.   Measfar gur deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe faoin Rialachán seo iad deimhnithe cáilithe a eisítear do dhaoine nádúrtha faoi Threoir 1999/93/CE, go dtí go rachaidh siad in éag.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí deimhniúcháin a eiseoidh deimhnithe cáilithe faoi Threoir 1999/93/CE tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2017. Go dtí go dtíolacfar an tuarascáil sin ar mheasúnú comhréireachta agus go dtabharfaidh an comhlacht maoirseachta a mheasúnú chun críche, measfar gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an soláthraí seirbhísí deimhniúcháin.

4.   Mura ndéanfaidh soláthraí seirbhísí deimhniúcháin, a eisíonn deimhnithe cáilithe faoi Threoir 1999/93/CE, tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta taobh istigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, ní mheasfar gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an soláthraí seirbhísí deimhniúcháin sin faoin Rialachán seo ón 2 Iúil 2017.

Airteagal 52

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2016, seachas maidir leis an méid a leanas:

(a)

beidh feidhm ag Airteagail 8(3), 9(5), 12(2) go (9), 17(8), 19(4), 20(4), 21(4), 22(5), 23(3), 24(5), 27(4) agus (5), 28(6), 29(2), 30(3) agus (4), 31(3), 32(3), 33(2), 34(2), 37(4) agus (5), 38(6), 42(2), 44(2), 45(2), agus Airteagal 47 agus Airteagal 48 ón 17 Meán Fómhair 2014;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagail 7, Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12(1), ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm;

(c)

Beidh feidhm ag Airteagal 6 ó trí bhliana ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm.

3.   I gcás ina n-áireofar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith sa liosta a d’fhoilsigh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, bainfear amach an t-aitheantas a thabharfar don mhodh ríomhaitheantais faoin scéim sin de bhun Airteagal 6 tráth nach déanaí ná 12 mhí ó fhoilseofar an scéim sin ach tráth nach luaithe ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo.

4.   D’ainneoin phointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát a chinneadh go n-aithneofar modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstát eile fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) sa chéad Bhallstát ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8) i bhfeidhm. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2014.

Thar ceann na Parlaiminte

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 351, 15.11.2012, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Iúil 2014.

(3)  Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO L 13, 19.1.2000, lch. 12).

(4)  IO C 50 E, 21.2.2012, lch. 1.

(5)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(6)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta na n-othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(10)  Cinneadh 2009/767/CE ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar amach bearta chun úsáid nósanna imeachta a éascú le ríomh-mhodhanna trí “ionaid ilfhreastail” i gcomhréir le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 274, 20.10.2009, lch. 36).

(11)  Cinneadh 2011/130/AE ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena mbunaítear ceanglais íosta do phróiseáil trasteorann doiciméad atá ríomhshínithe ag údaráis inniúla faoi Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 53, 26.2.2011, lch. 66).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  IO C 28, 30.1.2013, lch. 6.

(15)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÍNITHE

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe:

(a)

nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(b)

tacar sonraí a léiríonn gan débhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá ag eisiúint an deimhnithe cháilithe, lena n-áirítear ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dlítheanach: ainm agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

ar a laghad ainm an tsínitheora, nó ainm bréige; má úsáidtear ainm bréige, léireofar sin go soiléir;

(d)

na sonraí bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe a fhreagraíonn do na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe;

(e)

sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(g)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j)

an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomh-shainaitheantais bainteach le sonraí um bailíochtaithe ríomh-shainaitheantais, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE GLÉASANNA CRUTHAITHE RÍOMHSHÍNITHE CÁILITHE

1.

Áiritheoidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, trí bhíthin modhanna iomchuí teicniúla agus nós imeachta, an méid seo a leanas:

(a)

go ndéantar caomhnú réasúnta ar rúndacht na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe;

(b)

nach n-úsáidtear sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe ach aon uair amháin go praiticiúil;

(c)

nach féidir na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe, le cinnteacht réasúnta, a dhéanamh amach agus go bhfuil an síniú á chosaint go hiontaofa ar bhrionnú le teicneolaíocht atá ar fáil faoi láthair;

(d)

gur féidir leis an sínitheoir dlisteanach cosaint a dhéanamh le hiontaoibh ó úsáid pháirtithe eile ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe.

2.

Ní athróidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na sonraí a bheidh le síniú ná ní chuirfidh siad cosc leis na sonraí sin a chur i láthair an tsínitheora roimh an síniú.

3.

Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an soláthraí sin amháin, a ghinfidh nó a bhainisteoidh sonraí maidir le cruthú sonraí ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora.

4.

Gan dochar do phointe (d) de mhír 1, féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bheidh ag bainistiú sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora na sonraí sin a mhacasamhlú chun críocha cúltaca, agus chucu sin amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

caithfidh na tacair shonraí macasamhlaithe bheith ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;

(b)

ní rachaidh líon na dtacar sonraí macasamhlaithe thar an líon is lú a bheidh riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú.


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÉALA

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala:

(a)

comharthú, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh mar dheimhniú cáilithe an deimhniú a eisíodh do ríomhshéala;

(b)

foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

ar a laghad ainm chruthaitheoir an tséala agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d)

sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí a chomhfhreagraíonn do na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí;

(e)

sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(g)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j)

an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí atá bainteach le sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí, le comharthú oiriúnach de seo i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE AR FHÍORDHEIMHNIÚ LÁITHREÁN GRÉASÁIN

Beidh na nithe seo a leanas i ndeimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin:

(a)

nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin;

(b)

foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, nuair is infheidhme, an cláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

i gcás daoine nádúrtha: ar a laghad ainm an duine ar eisíodh an deimhniú dó, nó ainm bréige. Má úsáidtear ainm bréige, sonrófar an méid a leanas go soiléir;

i gcás daoine dlítheanacha: ar a laghad ainm an duine dhlítheanaigh ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, an cláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d)

eilimintí den seoladh, lena n-áirítear ar a laghad an chathair agus an Stát lena mbaineann an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(e)

ainm fearainn nó ainmneacha fearainn a oibríonn an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó;

(f)

sonraí maidir le tús agus deireadh thréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(g)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(h)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(i)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (h) ar fáil saor in aisce;

(j)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe ar féidir a úsáid chun stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe a fhiosrú.


Top