This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0822
Commission Regulation (EU) 2023/822 of 17 April 2023 on amending Regulation (EU) No 461/2010 as regards its period of application (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2023/822 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a mhéid a bhaineann lena thréimhse chur i bhfeidhm (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2023/822 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a mhéid a bhaineann lena thréimhse chur i bhfeidhm (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/2336
IO L 102I, 17/04/2023, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Extended validity | 32010R0461 | 07/05/2023 | 31/05/2028 | ||
Modifies | 32010R0461 | Athchur | airteagal 7 | 07/05/2023 | |
Modifies | 32010R0461 | Athchur | airteagal 8 mír neamhuimhrithe 2 | 07/05/2023 |
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 102/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/822 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Aibreán 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a mhéid a bhaineann lena thréimhse chur i bhfeidhm
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Uimh. 19/65/CEE ón gComhairle an 2 Márta 1965 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh i ndáil le haicmí áirithe comhaontuithe agus cleachtas comhbheartaithe (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Go dtí an 31 Bealtaine 2023, le Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 ón gCoimisiún (2), deonaítear blocdhíolúine d’aicmí comhaontuithe ingearacha agus do chleachtais chomhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí ón toirmeasc atá in Airteagal 101(1) den Chonradh, faoi réir coinníollacha áirithe. |
(2) |
Rinneadh faireachán agus measúnú ar fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 de bhun Airteagal 7 de. Léiríodh sa mheastóireacht sin go nglactar go dearfach, ar an iomlán, le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 461/2010. |
(3) |
Tairbhe na blocdhíolúine a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 461/2010, ní bhaineann sí ach le comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí ar féidir glacadh leis le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 101(3) den Chonradh. I ndáil leis an méid sin, níl aon athrú suntasach ar na dálaí margaidh is bonn le Rialachán (AE) Uimh. 461/2010; dá bhrí sin, maidir leis na comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo, is féidir glacadh leis le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 101(3) den Chonradh go fóill. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh ama a chur le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 461/2010. |
(4) |
Ionas go mbeidh an Coimisiún in ann athruithe a d’fhéadfadh teacht ar na dálaí margaidh a chur san áireamh, ba cheart síneadh 5 bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 461/2010. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht air roimh an 31 Bealtaine 2028.” |
(2) |
In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre: “Rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2028.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO 36, 6.3.1965, lch. 533/65.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí (IO L 129, 28.5.2010, lch. 52).