EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 11972B/TXTR(02)

Miontuairisc cheartaitheach maidir leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, (Ballstáit na gComhphobal Eorpach) agus Ríocht na Danmhairge, Éire, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtaobh Aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na Comhphobail Eorpacha arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Eanáir 1972 (IO L 73, 27.3.1972, agus IO L 2, 1.1.1973)

OJ L 150, 7.6.2016, p. 7–7 (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_1972/corrigendum/2016-06-07/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


Miontuairisc cheartaitheach

maidir leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, (Ballstáit na gComhphobal Eorpach) agus Ríocht na Danmhairge, Éire, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtaobh Aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na Comhphobail Eorpacha arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Eanáir 1972

( Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 73 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Márta 1972 , agus Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 2 Eagrán Speisialta Gaeilge an 1 Eanáir 1973 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 20 Bealtaine 2016 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

(a)

Ceartúcháin ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (arna shíniú sa Róimh an 25 Márta 1957), ar cuireadh cóip de i gceangal leis an gConradh réamhluaite

1.

Airteagal 8(1), an tríú mír:

in ionad:

“Áiritheoidh sé freisin go mbunófar téarmaíocht núicléach chomhionann agus córas caighdeánach tomhais.”,

léitear:

“Áiritheoidh sé freisin go mbunófar téarmaíocht núicléach aonfhoirmeach agus córas caighdeánach tomhais.”.

2.

Airteagal 194(2), an tríú mír:

in ionad:

“Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí chun gur fusa córas slándála chomh mór ar chomhrian agus chomh cuimsitheach agus is féidir a bhunú go comhleanúnach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit áirithe, moltaí a dhéanamh chun na críche sin”,

léitear:

“Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí chun gur fusa córas slándála chomh haonfhoirmeach agus chomh cuimsitheach agus is féidir a bhunú go comhleanúnach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit áirithe, moltaí a dhéanamh chun na críche sin”.

(b)

Ceartúcháin ar an gConradh ag bunú Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (arna shíniú sa Róimh an 25 Márta 1957), ar cuireadh cóip de i gceangal leis an gConradh réamhluaite

Airteagal 43(2), an chéad mhír:

in ionad:

“(…) chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.”,

léitear:

“(…) chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraithe dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) a chur in ionad na n-eagruithe náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.”.


Top