This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0349
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending certain regulations relating to the common commercial policy as regards the granting of delegated powers for the adoption of certain measures
Propunere de REGULAMENT AL PARLAMENTULUI EUROPEAN ŞI AL CONSILIULUI de modificare a anumitor regulamente referitoare la politica comercială comună în ceea ce privește acordarea de competențe delegate pentru adoptarea anumitor măsuri

/* COM/2011/0349 final - COD 2011/0153 */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh /* COM/2011/0349 final - COD 2011/0153 */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Réamhrá Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh
Liospóin, tá athruithe suntasacha tagtha ar an gcreat chun gníomhartha
tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus chun beartas
trádála a sheoladh. Maidir le gníomhartha tarmligthe agus
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, déantar idirdhealú soiléir idir
gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme sa Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "an Conradh" anseo
feasta). –
I bhforálacha an Chonartha maidir le gníomhartha
tarmligthe, atá leagtha amach in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh, déantar foráil go ndéanfaidh an reachtóir feidhmiú
chumhachtaí an Choimisiúin a rialú trí cheart chun cúlghairm a dhéanamh agus/nó
trí cheart agóide. –
I bhforálacha an Chonartha maidir le gníomhartha
cur chun feidhme, atá leagtha amach in Airteagal 291, ní fhoráiltear go
bhfuil aon ról ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle maidir le rialú ar
fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Is iad na Ballstáit
amháin ar féidir leo rialú den sórt sin a fheidhmiú. Tá creat dlíthiúil lena
mbunaítear meicníochtaí an rialaithe sin leagtha amach i Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar
síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí
maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an
Choimisiúin[1]. Maidir le beartas trádála, foráiltear i
gConradh Liospóin go bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach, rud a
chiallaíonn go bhfuil Parlaimint na hEorpa comhlachtaithe go hiomlán le beartas
trádála a sheoladh den chéad uair. I ndáil le Rialachán
(AE) Uimh. 182/2011 a ghlacadh rinne an Coimisiún an ráiteas seo a
leanas: "Tabharfaidh an Coimisiún faoi scrúdú ar na
gníomhartha reachtacha uile atá i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós
imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú roimh do Chonradh Liospóin teacht
i bhfeidhm, chun a mheasúnú an gá na hionstraimí sin a oiriúnú do chóras na
ngníomhartha tarmligthe a tugadh isteach le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún na tograí is iomchuí a
luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná na dátaí a luaitear san
fhéilire táscach atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas seo"[2]. Tagann an togra seo as an scrúdú a rinne an
Coimisiún ar na gníomhartha reachtacha i réimse an bheartais trádála. San am
atá thart ní dhearnadh an reachtaíocht i réimse an bheartais trádála a oiriúnú
don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Tá an togra seo ag gabháil le céad togra ón
gCoimisiún maidir le beartas trádála. Sa togra sin (COIM(2011) 82 leagan
deireanach an 7 Márta 2011 – dá dtagraítear mar "Trade Omnibus I[3]) leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas
tráchtála maidir le nósanna imeachta ina raibh baint ag an gComhairle le
cinnteoireacht, ar nósanna imeachta iad nach raibh bunaithe ar Chinneadh
1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na
nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna
dtabhairt don Choimisiún[4].
Moltar sa togra go dtiontófar na nósanna imeachta sin ina ngníomhartha
tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh nó ina ngníomhartha cur chun
feidhme de bhun Airteagal 291. Sa togra reatha déantar na nósanna imeachta
cinnteoireachta uile atá fágtha sa reachtaíocht maidir le beartas trádála a
scrúdú chun iad a oiriúnú, nuair is iomchuí, don chóras le haghaidh gníomhartha
tarmligthe atá leagtha síos in Airteagal 290. I bprionsabal is nósanna
imeachta cinnteoireachta iadsan atá bunaithe ar Chinneadh 1999/468/CE ón
gComhairle. Tráth déanta an ráitis a bhaineann le Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 a ghlacadh chuir an Coimisiún liosta gníomhartha ar fáil i
bhfoirm iarscríbhinne. Maidir le beartas trádála, rinne an Coimisiún na
gníomhartha seo a leanas a liostú[5]: –
Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an
12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí
táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha. –
Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle
an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí
teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe
déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha
Comhphobail eile maidir le hallmhairí. –
Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 ón gComhairle
an 19 Samhain 2001 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an
Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile, a chur i
bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus
Poblacht na Cróite a chur i bhfeidhm, mar atá leasaithe –
Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón
gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas
áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint, –
Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an
25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar
allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá. –
Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle
an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun
an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a chur
i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus
Poblacht na hAlbáine a chur i bhfeidhm –
Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle
an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí
de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa
Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag
bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na
gComhaontuithe sin –
Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an
21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do
Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005
agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún –
Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an
19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú
Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit,
de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i
bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de
pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i bhfeidhm –
Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an
16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an
Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den
pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil
agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt
amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a chur i
bhfeidhm –
Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an
22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i
bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011
agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE)
Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún
agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún –
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle
an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do
thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus
Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis –
1342/2007 ón gComhairle an
22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí
táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar, –
Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón
gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe
cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine[6] Tá an Coimisiún tar éis na rialacháin seo go
léir a scrúdú. Nuair is iomchuí, molann sé go dtiontófar nósanna imeachta
áirithe ina ngníomhartha tarmligthe. Sa chéad roinn eile mínítear an cur chuige
a mholann an Coimisiún do gach rialachán. 2. anailís ar na nósanna imeachta atá ann
cheana –
Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle
an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh
allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha. Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá
bhforáiltear sa rialachán seo a scrúdú go cúramach. Measann sé gur cheart na
nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10, 10a(3),
13(3), 15(3), 15(5), 19, 4(3) d’Iarscríbhinn IV agus 2, 3(1), 3(3) d'Iarscríbhinn VII
a thiontú ina nósanna imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tugann
sé dá aire go dtagraíonn roinnt de na hairteagail sin do nósanna imeachta
cinnteoireachta chun bearta cosanta a ghlacadh. Measann an Coimisiún gur ceart
a mheas de ghnáth gur bearta cur chun feidhme iad na bearta sin, ach amháin,
mar is amhlaidh sa chás seo, i gcás ina bhféadfadh leasuithe ar iarscríbhinní
ábhartha an rialacháin a theacht astu agus dá bhrí sin ina dtarlódh sé go
heisceachtúil go measfaí gur gníomhartha tarmligthe iad. Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta
cinnteoireachta eile go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo a scrúdú, agus
baineann sé de thátal as gur ceart na nósanna imeachta sin a choimeád mar
ghníomhartha tarmligthe. Is mar seo a leanas liosta na n‑Airteagal ina
bhfuil na nósanna imeachta sin: Airteagail 2(8), 12, 15(1) agus Airteagail 10,
14 agus 21 d'Iarscríbhinn III. –
Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón
gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh
allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag
comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha
sonracha Comhphobail eile maidir le hallmhairí. Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá
bhforáiltear sa rialachán seo a scrúdú go cúramach. Measann sé gur ceart na
nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16
agus 28 a thiontú ina nósanna imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
Tugann sé dá aire go dtagraíonn roinnt de na hairteagail sin do nósanna
imeachta cinnteoireachta chun bearta cosanta a ghlacadh. Measann an Coimisiún
gur ceart a mheas de ghnáth gur bearta cur chun feidhme iad na bearta sin, ach
amháin, mar is amhlaidh sa chás seo, i gcás ina bhféadfadh leasuithe ar
iarscríbhinní ábhartha an rialacháin a theacht astu agus dá bhrí sin ina
dtarlódh sé go heisceachtúil go measfaí gur gníomhartha tarmligthe iad. Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta
cinnteoireachta eile go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo a scrúdú, agus
baineann sé de thátal as gur ceart na nósanna imeachta sin a choimeád mar
ghníomhartha tarmligthe. Is mar seo a leanas liosta na n‑Airteagal ina
bhfuil na nósanna imeachta sin: Airteagail 6(2), 6(3), 7(1), 8(2), 11, 15,
17(3), 17(6), 20, 21(2), 21(3), 21(4), 21(5) agus 23. –
Rialachán (CE) Uimh. 2248/2001 ón
gComhairle an 19 Samhain 2001 maidir le nósanna imeachta áirithe chun
an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile, a chur i
bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus
Poblacht na Cróite a chur i bhfeidhm, mar atá leasaithe Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá
bhforáiltear in Airteagail 2, 4, 7 agus 7f den Rialachán a scrúdú go
cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn
an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach gá na
nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin. –
Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón
gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe
isteach san Aontas Eorpach a sheachaint, Sa rialachán seo foráiltear go bhféadfar an
iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán a leasú chun táirgí
cisealphraghsáilte a chur leis an liosta san iarscríbhinn. Ba cheart an nós
imeachta seo a thiontú ina chóras gníomhartha tarmligthe. –
Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle
an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar
allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá. Sa rialachán seo foráiltear go bhféadfar an
iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán a leasú chun na dleachtanna custaim a
chuirtear i bhfeidhm agus na táirgí a bhfuil feidhm ag na dleachtanna maidir
leo a choigeartú. Ba cheart an nós imeachta seo a thiontú ina chóras
gníomhartha tarmligthe. –
Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón
gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta
áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail
Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den
pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an
Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a chur i bhfeidhm Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá
bhforáiltear in Airteagail 2, 4, agus 11 den Rialachán a scrúdú go
cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a
leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach
gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin. –
Rialachán 1342/2007 ón gComhairle an
22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí
táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar In Airteagal 5 dearbhaítear gur ceart na
hiarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán a mhodhnú mar atá sonraithe sa
chomhaontú ábhartha le Cónaidhm na Rúise. In Airteagal 6(3) foráiltear gur
féidir na hiarscríbhinní a mhodhnú i gcás imchéimniúcháin. Ceadaítear don
Choimisiún athruithe dá leithéidí a dhéanamh agus ní shonraítear aon nós
imeachta sonrach. Le hAirteagal 12 ceadaítear freisin modhnú na nIarscríbhinní,
agus tuigtear go bhfuil sé ag ceadú don Choimisiún na hiarscríbhinní a mhodhnú.
Measann an Coimisiún gur ceart na nósanna imeachta sin a thiontú ina
gcumhachtaí tarmligthe. Féachann an Coimisiún ar na cumhachtaí dá bhforáiltear
in Airteagal 14 agus Airteagal 15 mar ghníomhartha cur chun feidhme. –
Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón
gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe
do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san
Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i
gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as
ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin Sa rialachán seo déantar foráil maidir le
cumhachtaí in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 23 chun leasuithe a
dhéanamh ar Iarscríbhinn II i dtaca le rialacha tionscnaimh agus ar an
rialachán ina iomláine i gcásanna nach luíonn sé le comhaontuithe
idirnáisiúnta. Ba cheart na nósanna imeachta sin a thiontú ina nósanna imeachta
chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Sa rialachán tá roinnt eile nósanna
imeachta atá faoi réir Rialachán 182/2011 faoi láthair a measann an Coimisiún
gur cheart iad a choimeád mar ghníomhartha cur chun feidhme. Is éard atá sna
nósanna imeachta sin cinntí i dtaca le bainistiú rialacha tionscnaimh (Airteagal 4(3)),
sochair a fhionraí i gcás calaoise (Airteagal 5), rialacha mionsonraithe
maidir le cuótaí rátaí taraife do shiúcra agus rís a chur chun feidhme agus a
bhainistiú (Airteagal 6 Airteagal agus 7)[7] an
mheicníocht chosanta eatramhach do shiúcra (Airteagal 9), an mheicníocht
faireachais eatramhach do tháirgí talmhaíochta próiseáilte (Airteagal 10),
cinntí maidir le carnadh chun críoch rialacha tionscnaimh (Airteagal 6 d'Iarscríbhinn II)
agus maoluithe ó fhorálacha Iarscríbhinn II maidir le rialacha tionscnaimh
(Airteagal 36 d'Iarscríbhinn II). –
Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle
an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála
do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005
agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún In Airteagal 7 foráiltear go bhféadfaidh
an Coimisiún leasuithe agus coigeartuithe teicniúla a dhéanamh tar éis
leasuithe a dhéanamh ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó tar éis comhaontuithe
idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Measann an Coimisiún gur ceart an nós
imeachta sin a thiontú ina chumhacht tharmligthe. Ba cheart do na nósanna
imeachta eile fanacht ina ngníomhartha cur chun feidhme. –
Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle
an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an
Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a
chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach,
de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a chur i
bhfeidhm Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá
bhforáiltear in Airteagail 2, 4, agus 11 den Rialachán a scrúdú go
cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a
leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach
gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin. –
Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle
an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an
Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den
pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil
agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt
amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a chur i
bhfeidhm Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta dá
bhforáiltear in Airteagail 2, 4, agus 11 den Rialachán a scrúdú go
cúramach. Bhain sé de thátal as nach dtagann gníomhartha a fhorlíonann nó a
leasaíonn an gníomh bunaidh as aon cheann de na nósanna imeachta sin agus nach
gá na nósanna imeachta a thiontú ina ngníomhartha tarmligthe ar an ábhar sin. –
Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle
an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i
bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011
agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE)
Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún
agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún Sa rialachán seo foráiltear go leasófar na
hiarscríbhinní a ghabhann leis i gcás roinnt cuspóirí sonraithe mar atá leagtha
amach in Airteagal 25 de. Is iomchuí an córas lena ndéantar na leasuithe
sin a thiontú ina chóras gníomhartha tarmligthe. Ag an tráth céanna,
ceanglaítear leis an rialachán freisin, in Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(8)
go ngabhfadh cinntí arna nglacadh de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear
in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 roimh roinnt de na
leasuithe sin. Níl sé inmhianaithe, i dtéarmaí soiléire dlí, a cheangal go
mbeadh an cinneadh substainteach céanna faoi réir dhá nós imeachta
cinnteoireachta dhifriúla, agus an baol ann go dtig toradh difriúil as an dá
nós imeachta sin. Dá thoradh sin, molann an Coimisiún go ndéanfar na nósanna
imeachta sin a aontú i gcóras gníomhartha tarmligthe. Ba cheart na nósanna
imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(7) a mheas mar ghníomhartha cur
chun feidhme agus mar sin ní gá iad a thiontú i gcóras gníomhartha tarmligthe. –
Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón
gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe
cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine In Airteagal 5(3) foráiltear gur féidir
na hiarscríbhinní a mhodhnú i gcás imchéimniúcháin. Ceadaítear don Choimisiún
athruithe dá leithéidí a dhéanamh agus níl aon nós imeachta sonrach leagtha
amach. Measann an Coimisiún gur ceart an nós imeachta sin a thiontú ina
chumhacht tharmligthe. Ba cheart do na nósanna imeachta eile fanacht ina
ngníomhartha cur chun feidhme. –
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón
gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla
trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta
agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis In Airteagal 7 foráiltear go bhféadfaidh
an Coimisiún leasuithe agus coigeartuithe teicniúla a dhéanamh tar éis
leasuithe a dhéanamh ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó tar éis comhaontuithe
idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Measann an Coimisiún gur ceart an nós
imeachta sin a thiontú ina chumhacht tharmligthe. Ba cheart do na nósanna
imeachta eile fanacht ina ngníomhartha cur chun feidhme. 3. Conclúid Is é an toradh a bheidh ar ghlacadh an dá
thogra a ghlac an Coimisiún maidir le nósanna imeachta cinnteoireachta i
mbeartas trádála líon suntasach leasuithe ar na gníomhartha i dtrácht. D'fhonn
inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, tá sé beartaithe ag an
gCoimisiún leaganacha leasaithe a chur in ionad abairtí nó míreanna iomlána fiú
nuair nach bhfuil ach líon teoranta focal le leasú san abairt nó sa mhír i
ndáiríre. Beartóidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha a ghasta
agus is féidir tar éis an dá thogra chothrománacha a ghlacadh. Tugann an Coimisiún dá aire freisin i gcás
rialachán áirithe, go háirithe Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón
gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le
haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha agus Rialachán
(CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le
comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe
nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná
comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile maidir le
hallmhairí ina bhfuil forálacha lena gcruthaítear nósanna imeachta chun
gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh sna hiarscríbhinní féin.
Cé go meastar anois nach bhfuil an modh dréachtaithe seo sásúil a thuilleadh,
ní bheadh sé iomchuí, i dtogra le raon feidhme teoranta amhail an togra seo,
athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr na reachtaíochta. 2011/0153 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear rialacháin áirithe a
bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe a
dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I roinnt rialacha bunaidh a
bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála foráiltear go nglacfar gníomhartha ar
bhonn na nósanna imeachta atá leagtha amach i gCinneadh 1999/468/CE ón
gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta
maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don
Choimisiún[8]. (2) Ní foláir na gníomhartha
reachtacha a bhí i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta lena ngabhann
grinnscrúdú roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a scrúdú chun
comhsheasmhacht leis na forálacha a tugadh isteach tríd an gConradh sin a
áirithiú. Is iomchuí, i gcásanna áirithe, na gníomhartha sin a leasú chun
cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. (3) Ba cheart, dá bhrí sin, na
rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin: –
Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an
12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí
táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha[9], –
Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle
an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí
teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe
déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha
Comhphobail eile ar allmhairí[10], –
Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón
gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas
áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint[11], –
Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an
25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar
allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá[12]. –
1342/2007 ón gComhairle an
22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí
táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar[13], –
Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle
an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí
de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa
Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag
bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na
gComhaontuithe sin[14], –
Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an
21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do
Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005
agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún[15] –
Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an
22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i
bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011
agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE)
Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún
agus Rialachán Uimh. 964/2007 ón gCoimisiún[16], –
Rialachán
(CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir
le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na
Casacstáine[17] –
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle
an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála
do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus
Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá
bainteach leis[18]. (4) Chun deimhneacht dhlíthiúil a
áirithiú, is gá nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta
chun bearta a ghlacadh arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, TAR ÉIS AN
RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leis seo déantar na rialacháin a liostaítear
san Iarscríbhinn a oiriúnú, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, d'Airteagal 290
den Chonradh. Airteagal 2 Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na n‑ionstraimí
san Iarscríbhinn mar thagairtí do na forálacha sin arna n‑oiriúnú leis an
Rialachán seo. Airteagal 3 Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na
nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin san
Iarscríbhinn arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Airteagal 4 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán
[…] […] IARSCRÍBHINN Liosta na Rialachán a thig faoin gcomhbheartas
tráchtála agus a oiriúnaíodh d'Airteagal 290 den Chonradh. 1. Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón
gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le
haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha[19]. Maidir le Rialachán
(CEE) Uimh. 3030/93, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú
allmhairí táirgí áirithe teicstíle a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na n‑athruithe
is gá ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Tá sé tábhachtach, go
háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid
oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CEE) Uimh. 3030/93 mar seo a leanas: 1. In Airteagal 2 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 6: "6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a
chun na sainmhínithe ar theorainneacha cainníochtúla atá leagtha síos in Iarscríbhinn V
a oiriúnú agus na catagóirí táirgí a bhfuil feidhm acu maidir leo, i gcás inar
gá a leithéid chun a áirithiú nach dtiocfadh aon laghdú ar na teorainneacha
cainníochtúla sin as aon leasú iardain ar an ainmníocht chomhcheangailte (AC)
nó as aon chinneadh lena leasaítear aicmiú na dtáirgí sin." 2. In Airteagal 6 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a
chun na hiarscríbhinní a leasú chun an scéal dá dtagraítear i mír 1 a leigheas,
agus urraim chuí á tabhairt do na téarmaí agus na coinníollacha atá sna
comhaontuithe déthaobhacha ábhartha. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus ina n‑éileofaí amhlaidh ar
mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo" 3. Leasaítear Airteagal 8
mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na
chéad mhíre: "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun
deiseanna breiseanna a dheonú le haghaidh allmhairí le linn cuótabhliana
áirithe, i gcás ina gceanglaítear, faoi dhálaí áirithe, allmhairí de bhreis ar
na hallmhairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V i leith catagóire amháin
táirgí nó níos mó."; (b) Cuirtear an mhír seo a leanas isteach tar
éis na chéad mhíre: "I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur
beart dochar ar dheacair é a leigheas agus go n‑éileofaí amhlaidh ar
mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na chéad mhíre.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 15 lá oibre ón iarraidh a fháil ó
Bhallstát."; (c) Scriostar an mhír leathdheireanach 4. Leasaítear Airteagal 10
mar seo a leanas: (a) I mír 7, scriostar pointe (b); (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13: "13. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir
leis na bearta dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 9. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar
ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar
mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo. Déanfaidh
an Coimisiún cinneadh laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a fháil ó Bhallstát." 5. Leasaítear Airteagal 10a
mar seo a leanas: (a) Scriostar mír 2a; (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir le
bearta dá bhforáiltear i mír 1, cé is moite d'oscailt na gcomhairliúchán dá
bhforáiltear i mír 1(a). I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo" 6. Leasaítear Airteagal 13
mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an
dara fomhír de mhír 3: "Cinnfidh an Coimisiún córas faireachais a
priori nó a posteriori a thabhairt isteach. Tabharfar de chumhacht
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a
maidir leis an gcóras faireachais a priori a fhorchur."; (b) Cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach
tar éis an dara fomhír: "I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur
beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí
amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de bhun an dara fomhír." 7. Leasaítear Airteagal 15
mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 3: "3. Má theipeann ar an Aontas agus ar an
tír is soláthróir teacht ar réiteach sásúil laistigh den tréimhse a ordaítear
in Airteagal 16 agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise
shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar
síos in Airteagal 16a chun méid comhionann táirgí de thionscnamh na tíre
is soláthróir lena mbaineann a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."; (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 5: "5. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil
fianaise ann go bhfuil baint ag críocha tríú tíortha atá ina mball de EDT (WTO)
ach nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn V, leis seo, iarrfaidh an
Coimisiún comhairliúcháin leis an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann i
gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 16 d'fhonn
gníomh iomchuí a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a
chun teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach in aghaidh an tríú tír nó
tríú tíortha lena mbaineann nó chun gníomhú in aghaidh na staide dá dtagraítear
i mír 1. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo" 8. Cuirtear isteach an tAirteagal 16a
agus an tAirteagal 16b seo a leanas: "Airteagal 16a An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Maidir le tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10(13), 10a(3), 13(3), 15(3) agus
(5) agus 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV
agus in Airteagail 2, 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann
leis an Rialachán seo, tabharfar é don Choimisiún go ceann tréimhse
neamhchinntithe. 3. Maidir le tarmligean na gcumhachtaí dá
dtagraítear in Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10(13), 10a(3), 13(3), 15(3) agus
(5) agus 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV
agus in Airteagail 2, 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann
leis an Rialachán seo, is féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagail 2(6), 6(2), 8, 10(13), 10a(3), 13(3), 15(3)
agus (5) agus 19 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV
agus Airteagail 2, 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis
an Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa
nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula
dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa
agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí
leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 16b An
nós imeachta práinne 1. Maidir le
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i
bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir
le mír 2. Déanfar na cúiseanna le
húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha
tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh
tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó
don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun
agóid a dhéanamh." 9. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 19: "Airteagal 19 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hIarscríbhinní
ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe,
prótacal nó comhshocraíochtaí eile arna ndéanamh le tríú tíortha nó leasuithe
ar rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó
comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh". 10. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV: "3. I gcás ina suítear gur sáraíodh
forálacha an Rialacháin seo, agus i gcomhaontú leis an tír nó na tíortha is
soláthróir lena mbaineann, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo
maidir le leasú na n‑Iarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán
seo, de réir mar is gá chun atarlú an tsáraithe sin a chosc. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na
míre seo." 11. In Iarscríbhinn VII,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun
ath‑allmhairí nach gcumhdaítear san Iarscríbhinn seo a chur faoi
réir theorainneacha cainníochtúla sonracha, ar choinníoll go bhfuil na táirgí
lena mbaineann faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 2
den Rialachán seo. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar
ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh ar
mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na
míre seo." 12. In Iarscríbhinn VII,
leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 1: "1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a
den Rialachán seo chun aistrithe idir chatagóirí a dhéanamh agus chun
réamhúsáid nó iompar ar aghaidh codanna de theorainneacha cainníochtúla
sonracha a chur i gcrích ó bhliain amháin go bliain eile. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na
míre seo."; (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 3: "3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a
den Rialachán seo chun na teorainneacha cainníochtúla sonracha a choigeartú i
gcás inar gá allmhairí breise. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na
míre seo."; 2. Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón
gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh
allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag
comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha
sonracha Comhphobail eile ar allmhairí[20] Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 517/94, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú
allmhairí táirgí áirithe teicstíle, nach gcumhdaítear le comhaontuithe
déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná le rialacha sonracha eile
Aontais maidir le hallmhairí, a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na n‑athruithe
is gá ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Tá sé tábhachtach, go
háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid
oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 517/94 mar seo a leanas: 1. In Airteagal 3 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Maidir le haon táirge teicstíle dá
dtagraítear in Iarscríbhinn V agus de thionscnamh na dtíortha a léirítear
ansin, féadfar é a allmhairiú isteach san Aontas ar choinníoll go mbunaíonn an
Coimisiún teorainn chainníochtúil bhliantúil. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a
leasú i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir le bunú na dteorainneacha
cainníochtúla bliantúla sin." 2. In Airteagal 5 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a
maidir leis na bearta is gá chun Iarscríbhinní III go VII a oiriúnú." 3. In Airteagal 12 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a
maidir leis na bearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2." 4. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 13: "Airteagal 13 I gcás ina n‑éileofaí amhlaidh ar
mhórchúiseanna práinne nuair a chinneann an Coimisiún ar a thionscnamh féin nó
ar iarraidh ó Bhallstát, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1)
agus (2) agus ina measann sé gur cheart catagóir áirithe táirgí arna liostú in Iarscríbhinn I,
nach bhfuil faoi réir aon teorainneacha cainníochtúla, a chur faoi réir
teorainneacha cainníochtúla nó réamhbheart nó beart cúlghabhálach faireachais,
tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 25b chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 12(1)
agus (2) a fhorchur." 5. Leasaítear Airteagal 16
mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an
tríú mír: "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir
leis na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír."; (b) Cuirtear an mhír seo a leanas isteach tar
éis an tríú mír: "I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur
beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí
amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de bhun an tríú fomhír." 6. Leasaítear Airteagal 25
mar seo a leanas: (a) Sa chéad abairt de mhír 3, cuirtear
na focail "Airteagail 12(3), 13 agus 16" in ionad na bhfocal "Airteagal 13". (b) Scriostar mír 4. 7. Cuirtear isteach an tAirteagal 25a
agus an tAirteagal 25b seo a leanas: "Airteagal 25a An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an tarmligean cumhachta dá
dtagraítear in Airteagail 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 a bhronnadh ar
an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3),
5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun
cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe
sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagail 3(3), 5(2), 12(3), 13, 16 agus 28 i
bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó
an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in
éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon
don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 25b An
nós imeachta práinne 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus
beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na
cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi
ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh
tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó
don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun
agóid a dhéanamh." 8. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 28: "Airteagal 28 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a chun na hIarscríbhinní
ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe,
prótacal nó comhshocraíochtaí eile arna ndéanamh le tríú tíortha nó leasuithe
ar do rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó
comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh". 3. Rialachán (CE) Uimh. 953/2003
ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun
sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint[21] Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 953/2003, chun táirgí a chur le liosta na dtáirgí a
chumhdaítear leis an Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Iarscríbhinn a
ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go
rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre
ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 953/2003 mar seo a leanas: 1. Leasaítear Airteagal 4
mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5
chun a chinneadh an gcomhlíonann táirge na critéir a leagtar amach sa Rialachán
seo nó nach gcomhlíonann. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5a
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."; (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: "4. I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais
a leagtar amach sa Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun an
táirge lena mbaineann a chur le hIarscríbhinn I ag an gcéad uasdátú eile.
Cuirfear an t‑iarratasóir ar an eolas faoi chinneadh an Choimisiúin
laistigh de 15 lá oibre. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5a
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo."; (c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: "9. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun
Iarscríbhinní II, III agus IV a choigeartú nuair is gá i bhfianaise, inter
alia, na taithí a fuarthas óna chur i bhfeidhm nó chun freagairt do ghéarchéim
sláinte. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar
fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí
amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 5a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh
de bhun na míre seo." 2. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 5: "Airteagal 5 An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagal 4 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse
neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 4 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid
curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse
2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go
mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur
in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis
an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." 3. Cuirtear isteach Airteagal 5a
mar seo a leanas: "Airteagal 5a An
nós imeachta práinne 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus
beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na
cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi
ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós
imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5). Sa chás
sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis
do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don
Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh." 4. In Airteagal 11 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "2. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go tráthrialta maidir le méideanna
arna n‑onnmhairiú faoi réir chisealphraghsanna, lena n‑áirítear na
méideanna arna n‑onnmhairiú faoi chuimsiú comhaontú comhpháirtíochta arna
gcomhaontú idir an monaróir agus rialtas tíre cinn scríbe. Sa tuarascáil
scrúdófar scóip tíortha agus galar agus critéir ghinearálta chun Airteagal 3
a chur chun feidhme." 4. Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar
allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá[22]. Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 673/2005, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na
bearta dá bhforáiltear sa Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na
gcoigeartuithe sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i
mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 673/2005 mar seo a leanas: 1. In Airteagal 3 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun
coigeartuithe agus leasuithe a dhéanamh faoin Airteagal seo. Más rud é, i gcás coigeartuithe agus leasuithe ar
na hiarscríbhinní, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,
beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4a maidir le
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo." 2. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse
neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon
agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de
thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse
sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an
gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí
leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." 3. Cuirtear isteach Airteagal 4a
mar seo a leanas: "Airteagal 4a An nós imeachta práinne 1. Maidir le
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i
bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir
le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a
lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint
na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh
tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó
don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun
agóid a dhéanamh." 5. 1342/2007 ón gComhairle an
22 Deireadh Fómhair 2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí
táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar[23] Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007,
chun gur féidir riar éifeachtach a chur i gcrích trí choigeartuithe ar na
srianta ar allmhairí táirgí áirithe cruach a ghlacadh, ba cheart an chumhacht
chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimsiún i leith
leasuithe ar Iarscríbhinn V. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh
sé i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha
tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na
doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 1342/2007 mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 5: "Airteagal 5 Chun críocha Airteagal 3(3) agus (4) agus an
dara fomhír d'Airteagal 10(1) den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a
den Rialachán seo chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na teorainneacha
cainníochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn V. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail seo." 2. In Airteagal 6 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Má theipeann ar an Aontas agus ar
Chónaidhm na Rúise teacht ar réiteach sásúil agus má thugann an Coimisiún dá
aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a
maidir le coigeartuithe ar Iarscríbhinn V chun na críche méid comhionann
táirgí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a bhaint de na teorainneacha
cainníochtúla. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo." 3. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 12: "I gcás ina mbaineann cinneadh maidir le
haicmiú arna ghlacadh i gcomhréir le nósanna imeachta an Aontais atá i
bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 11, le grúpa táirgí atá faoi réir
teorann cainníochtúla, tionscnóidh an Coimisiún, nuair is gá, comhairliúcháin
gan mhoill i gcomhréir le hAirteagal 9, chun teacht ar chomhaontú maidir
le haon choigeartuithe is gá ar na teorainneacha cainníochtúla comhfhreagracha
dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a a
bhaineann le coigeartuithe ar Iarscríbhinn V chun na críche sin." 4. Cuirtear isteach na hAirteagail 31a agus 31b seo a leanas tar éis
cheannteideal Chaibidil IV: "Airteagal 31a An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagail 5, 6(3) agus 12 a thabhairt don Choimisiún go
ceann tréimhse neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6(3)
agus 12 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a
dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh
sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagail 5, 6(3) agus 12 i bhfeidhm ach amháin más rud
é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de
thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha
in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach
gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." Airteagal 31b An
nós imeachta práinne 1. Maidir le
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i
bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir
le mír 2. Déanfar na cúiseanna le
húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha
tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint
na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh
tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó
don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun
agóid a dhéanamh." 6. Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle lena gcuirtear
i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de
Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá
bhforáiltear i gcomhaontuithe
lena mbunaítear na Comhaontuithe
um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin[24] Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007, chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar na
socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na
Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a dhéanamh, ba
cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i leith leasuithe teicniúla ar an Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go
háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid
oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin,
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 mar seo a leanas: 1. Leasaítear Airteagal 4
mar seo a leanas: (a) Scriostar an dara habairt de mhír 3; (b) Cuirtear isteach an mhír 4 agus an mhír 5
a leanas: "4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal [cuir
isteach uimhir an Airteagail/na nAirteagal lena leagtar síos an nós
imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, arb iad Airteagal 24a go
24c de thogra COIM(2011) 82 leagan deireanach iad faoi láthair] maidir le
leasuithe teicniúla ar Iarscríbhinn II ar gá iad de thoradh an
Iarscríbhinn sin a chur i bhfeidhm. 5. Féadfar cinntí maidir le bainistiú Iarscríbhinn II
a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 247
agus Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92(*).” ___________________ (*) IO L 302, 19.10.1992, lch. 1." 2. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 23: "Airteagal 23 Oiriúnú
d'fhorbairtí teicniúla Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal [cuir isteach uimhir an
Airteagail/na nAirteagal lena leagtar síos an nós imeachta chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, arb iad Airteagal 24a go 24c de thogra
COIM(2011) 82 leagan deireanach iad faoi láthair] maidir le leasuithe
teicniúla ar Airteagail 5 agus 8 go 22, chun aon leasuithe teicniúla is gá
a dhéanamh de thoradh difríochtaí idir an Rialachán seo agus comhaontuithe arna
síniú le cur i bhfeidhm go sealadach nó arna gcur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218
den Chonradh leis na réigiúin nó na stáit a liostaítear in Iarscríbhinn I." 7. Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do
Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005
agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún[25] Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 55/2008, chun coigeartú an Rialacháin a cheadú, ba cheart
an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i
leith leasuithe is gá i bhfianaise athruithe ar chóid chustaim nó chun comhaontuithe
leis an Moldóiv a chur i gcrích. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an
Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena
n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha
tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na
doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 7: "Airteagal 7 Cumhachtaí
a thabhairt Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8b chun na leasuithe agus
coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo, mar thoradh ar: (a) leasuithe ar chóid na hAinmníochta
Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC; (b) chomhaontuithe eile a thabhairt i gcrích
idir an tAontas agus an Mholdóiv." 2. Cuirtear isteach an tAirteagal 8b
seo a leanas: "Airteagal 8b An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse
neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid
curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse
2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go
mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur
in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis
an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. 8. Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena gcuirtear scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe i bhfeidhm don
tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 agus
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/97, Rialachán (CE)
Uimh. 1933/2006, agus Rialachán (CE) Uimh. 1100/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 964/2007
ón gCoimisiún[26] Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 732/2008, chun gur féidir a Iarscríbhinní a oiriúnú
d'fhorbairtí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean
chuig an gCoimisiún i leith coigeartuithe áirithe ar na hIarscríbhinní. Tá sé
tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí
le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le
saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 732/2008 mar seo a leanas: 1. In Airteagal 10 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a chun a
chinneadh, tar éis an iarraidh a scrúdú, an mbronnfar an socrú speisialta
dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas ar an tír iarrthach
agus Iarscríbhinn I a leasú dá réir sin. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo." 2. In Airteagal 11 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. Nuair a eisíonn na Náisiúin Aontaithe tír
ó liosta na dtíortha is lú forbairt, déanfar í a tharraingt siar ó liosta na
dtairbhithe den socrú. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a chun tír a bhaint den
socrú trí Iarscríbhinn I a leasú agus chun idirthréimhse trí bliana ar a
laghad a bhunú." 3. Cuirtear an méid seo a
leanas in ionad Airteagal 25: "Airteagal 25 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a chun leasuithe ar na
hIarscríbhinní a ghlacadh, ar leasuithe iad a bhfuil gá leo: (a) de bharr leasuithe ar an Ainmníocht
Chomhcheangailte; (b) de bharr athruithe ar stádas nó aicmiú idirnáisiúnta
tíortha nó críoch; (c) de bharr chur i bhfeidhm Airteagal 3(2); (d) más rud é go sroicheann tír na tairseacha
a leagtar amach in Airteagal 3(1)." 4. Cuirtear isteach Airteagal 27a
agus Airteagal 27b seo a leanas: "Airteagal 27a An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagail 10(2), 11(8) agus 25 a thabhairt don Choimisiún
go ceann tréimhse neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 10(2),
11(8) agus 25 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun
cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe
sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagail 10(2), 11(8) agus 25 i bhfeidhm ach amháin más
rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de
thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha
in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach
gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 27b An
nós imeachta práinne 1. Maidir le
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i
bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir
le mír 2. Déanfar na cúiseanna
le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi
ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint
na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh
tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó
don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun
agóid a dhéanamh." 9. Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008
ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir
le trádáil i dtáirgí áirithe
cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine[27] Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008,
chun gur féidir srianta áirithe a riar go héifeach, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimsiún i leith
leasuithe ar Iarscríbhinn V. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh
sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 1340/2008 mar seo a leanas: 1. In Airteagal 5 cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Má theipeann ar
an Aontas agus ar Chónaidhm na Casacstáine teacht ar réiteach sásúil agus má
thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le
himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun méid comhionann táirgí de
thionscnamh Phoblacht na Casacstáine a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla
agus chun Iarscríbhinn V a leasú dá réir sin. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart
dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n‑éileofaí amhlaidh
ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b
maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo." 2. Cuirtear isteach an tAirteagal 16a agus an tAirteagal 16b seo
a leanas: "Airteagal 16a An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagal 5(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse
neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon
agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de
thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse
sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle
araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis
an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 16b An
nós imeachta práinne 1. Maidir le
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i
bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir
le mír 2. Déanfar na cúiseanna le
húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha
tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint
na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh
tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó
don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun
agóid a dhéanamh." 10. Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta
eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas
Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis[28] Maidir le Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009, chun coigeartú an Rialacháin a cheadú, ba
cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i leith leasuithe is gá i bhfianaise athruithe ar chóid chustaim nó chun
comhaontuithe leis na tíortha agus na críocha a chumhdaítear sa Rialachán sin a
chur i gcrích. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun
comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dá réir sin, leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009 mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 7: "Airteagal 7 Cumhachtaí
a thabhairt Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8b chun na leasuithe agus
coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo, mar thoradh ar: (a) leasuithe ar chóid na hAinmníochta
Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC; (b) comhaontuithe eile a thabhairt i gcrích
idir an tAontas agus na tíortha agus na críocha dá dtagraítear in Airteagal 1. 2. Cuirtear isteach an tAirteagal 8b
seo a leanas: "Airteagal 8b An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse
neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 a
chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh
a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid
curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse
2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go
mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur
in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis
an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON
IONCAM 1. TEIDEAL AN TOGRA: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis
an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonú chun bearta
áirithe a ghlacadh. 2. NA LÍNTE BUISÉID Neamhbhainteach. 3. TIONCHAR AIRGEADAIS: þ Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra. 4. BEARTA FRITH‑CHALAOISE Neamhbhainteach. [1] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13. [2] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 19. [3] IO L xxx, xx.xx.xxxx,
lch. 4 [4] IO L 184, 17.7.1999,
lch. 23. [5] Tá na gníomhartha uimhrithe óna 73
go 86 i liosta na ngníomhartha dá dtagraítear sa ráiteas ón gCoimisiún. Ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P7-TA-2010-0488+0+DOC+XML+V0//EN&language=EN#BKMD-5. [6] Tá na Rialacháin liostaithe anseo
faoi mar atá siad ar fáil sa liosta a ghabhann mar iarscríbhinn leis an ráitéas
ón gCoimsiún. Sa chuid eile den togra
seo tá siad liostaithe in ord croineolaíoch de réir an dáta ar ar glacadh iad. [7] Níl feidhm ag na cuotaí taraife i
dtrácht a thuilleadh ón 1 Eanáir 2010 maidir le rís agus ón
1 Deireadh Fómhair 2009 maidir le siúcra. [8] IO L 184, 17.7.1999,
lch. 23. [9] IO L 275, 08.11.1993,
lch. 1. [10] IO L 67, 10.3.1994, lch. 1. [11] IO L 135, 03.06.2003,
lch. 5. [12] IO L 110, 30.04.2005,
lch. 1. [13] IO L 300, 17.11.2007,
lch. 1. [14] IO L 348, 31.12.2007,
lch. 1. [15] IO L 20, 24.01.2008,
lch. 1. [16] IO L 211, 06.08.2008,
lch. 1. [17] IO L 348, 24.12.2008,
lch. 1. [18] IO L 328, 15.12.2009,
lch. 1. [19] IO L 275, 08.11.1993,
lch. 1. [20] IO L 67, 10.03.1994,
lch. 1. [21] IO L 135, 3.6.2003, lch. 5. [22] IO L 110, 30.4.2005,
lch. 1. [23] IO L 300, 17.11.2007,
lch. 1. [24] IO L 348, 31.12.2007,
lch. 1. [25] IO L 20, 24.1.2008,
lch. 1. [26] IO L 211, 6.2.2008,
lch. 1. [27] IO L 348, 24.12.2008,
lch. 1. [28] IO L 328, 15.12.2009,
lch. 1.