BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

3 Iúil 2025 ( *1 )

(Achomharc – Dlí institiúideach – Parlaimint na hEorpa – Rialacha lena rialaítear speansais agus liúntais d’Fheisirí na Parlaiminte – Liúntas cúnaimh pharlaimintigh – Suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil – Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun éisteacht a fháil – Ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad – Rialachán (AE) 2018/1725 – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin – Airteagal 9 – Tarchur sonraí pearsanta chuig faighteoirí atá bunaithe san Aontas, seachas na hinstitiúidí agus na comhlachtaí sin – Airteagal 26 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh)

I gCás C‑529/23 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 17 Lúnasa 2023,

Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag M. Ecker, N. Görlitz, J.-C. Puffer agus S. Toliušis ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

iarratasóir,

an páirtí eile sna himeachtaí:

TC, arna ionadú ag D. Aukštuolytė-Kapp, advokatė,

iarratasóir ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias (Rapóirtéir), E. Regan, J. Passer agus B. Smulders, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: M. Aleksejev, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 28 Samhain 2024,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 30 Eanáir 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena hachomharc, iarrann Parlaimint na hEorpa go gcuirfí ar neamhní breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Meitheamh 2023, TC v an Pharlaimint (T‑309/21, an breithiúnas atá faoi achomharc, EU:T:2023:315), lena seastar go páirteach le caingean TC agus lena gcuirtear ar neamhní cinneadh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa an 16 Márta 2021 lena gcinntear éileamh in aghaidh TC ar shuim a íocadh go míchuí ar chostais cúnaimh pharlaimintigh agus lena n‑ordaítear é a ghnóthú (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’), agus nóta dochair Uimh. 7010000523 an 31 Márta 2021 (‘an nóta dochair’), a mhéid a d’ordaigh siad go n‑aisghabhfaí, ó TC, luach saothair, costais shóisialta agus speansais taistil a bhaineann le fostú a chúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe A le linn na tréimhse ón 22 Bealtaine 2015 go dtí an 31 Márta 2016, ar mhéid EUR 50 754.54.

An dlí lena mbaineann

An ionstraim thoghcháin

2

Foráiltear le hAirteagal 6(1) den ionstraim maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom (IO 1976 L 278, lch. 5), arna leasú le Cinneadh 2002/772/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 agus an 23 Meán Fómhair 2002 (IO 2002 L 283, lch. 1) (‘an ionstraim thoghcháin’):

‘Vótálfaidh feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar bhonn aonair agus ar bhonn pearsanta. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha ná ní bhfaighidh siad sainordú ceangailteach.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa

3

Foráiltear le hAirteagal 2(1) de Chinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO 2005 L 262, lch. 1, ‘Reacht na bhFeisirí’):

‘Beidh na feisirí saor agus neamhspleách.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Faoi Airteagal 4 de Reacht na bhFeisirí, ‘ní dhéileálfar le doiciméid agus taifid leictreonacha arna bhfáil, arna ndréachtú nó arna seoladh ag Feisire mar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte mura mbeidh siad taiscthe i gcomhréir leis na rialacha’.

5

Foráiltear le hAirteagal 21 de Reacht na bhFeisirí:

‘1.   Beidh Feisirí i dteideal cúnamh a fháil ó fhoireann phearsanta agus beidh saorchead acu an fhoireann sin a roghnú.

2.   Íocfaidh an Pharlaimint as na speansais arna dtabhú go hiarbhír ag na Feisirí agus foireann den sórt sin á fostú acu.

3.   Leagfaidh an Pharlaimint síos na coinníollacha maidir leis an gceart sin a fheidhmiú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Na bearta cur chun feidhme

6

Foráiltear le hAirteagal 33(1) agus (2) den Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO 2009 C 159, lch. 1, ‘na bearta cur chun feidhme’):

‘1.   Beidh Feisirí i dteideal cúnamh a fháil ó fhoireann phearsanta agus beidh saorchead acu an fhoireann sin a roghnú. Íocfaidh an Pharlaimint na speansais a thabhaítear go hiarbhír agus a thagann chun cinn go huile agus go hiomlán as cúntóir amháin nó níos mó a fhostú nó as soláthraithe seirbhíse a úsáid i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme seo agus leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBiúró.

2.   Ní íocfar ach speansais ar chúnamh atá riachtanach agus a bhfuil baint dhíreach acu le feidhmiú shainordú parlaiminteach an Fheisire. Ní fhéadfar speansais a bhaineann le saol príobháideach an Fheisire a íoc ar aon chúis..’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 68 de na bearta cur chun feidhme:

‘1.   Déanfar aon tsuim a íocfar go míchuí de bhun na mbeart cur chun feidhme seo a aisghabháil. Eiseoidh an tArd-Rúnaí treoracha d’fhonn na suimeanna atá i gceist a aisghabháil ón bhFeisire i dtrácht.

2.   Beidh aon chinneadh maidir le haisghabháil íocaíochtaí míchuí i gcomhréir leis an riachtanas gur cheart go mbeadh na Feisirí in ann a sainordú a fheidhmiú go héifeachtach agus i gcomhréir le riar rianúil Pharlaimint na hEorpa. Sula ndéanfar aon chinneadh, tabharfaidh an tArd-Rúnaí éisteacht don Fheisire.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hiar-Fheisirí agus le tríú páirtithe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (AE) 2016/679

8

Foráiltear le haithris 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1):

‘Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. [...]’

9

Foráiltear le hAirteagal 6(1) den Rialachán sin:

‘Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

[...]

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t‑ábhar sonraí.

Ní bheidh feidhm ag pointe (f) den chéad fhomhír maidir le próiseáil a dhéanann údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí.’

Rialachán (AE) 2018/1725

10

Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in aithrisí 5 agus 22 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39):

‘(5)

Is ar mhaithe le cur chuige comhsheasmhach maidir le sonraí pearsanta a chosaint ar fud an Aontais [Eorpaigh], agus le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas, go ndéanfaí na rialacha cosanta sonraí i ndáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ailíniú a oiread agus is féidir leis na rialacha cosanta sonraí atá glactha don earnáil phoiblí sna Ballstáit. Tráth ar bith a leanann forálacha an Rialacháin seo na prionsabail chéanna leis na forálacha atá i Rialachán [2016/679], ba cheart, faoi chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh [...], an dá thacar foráil sin a léiriú go haonchineálach, go háirithe mar gheall gur cheart a thuiscint go bhfuil scéim an Rialacháin seo coibhéiseach le scéim Rialachán [2016/679].

[...]

(22)

Chun an phróiseáil a bheith dleathach, ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbonn gur gá d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú a n‑údaráis oifigiúil, ar bhonn riachtanas maidir le hoibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a dtagann an rialaitheoir faoina réir nó bonn dlisteanach éigin eile faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear toiliú an ábhair sonraí lena mbaineann, riachtanas maidir le conradh a chomhlíonadh ar páirtí ann an t‑ábhar sonraí nó ionas go ndéanfar bearta arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfar conradh. [...]’

11

Foráiltear le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’:

‘Maidir le sonraí pearsanta:

[...]

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

[...]

(e)

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 13 faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

[...]’

12

Foráiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin, dar teideal ‘Tarchur sonraí pearsanta chuig faighteoirí atá bunaithe san Aontas, seachas institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais’:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 4 go Airteagal 6 agus Airteagal 10, ní dhéanfar sonraí pearsanta a tharchur chuig faighteoirí, atá bunaithe san Aontas, seachas institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

má shuíonn an faighteoir go bhfuil gá leis na sonraí chun cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don fhaighteoir; nó

(b)

má shuíonn an faighteoir gur gá na sonraí a tharchur chun críoch shonrach ar mhaithe le leas an phobail agus má shuíonn an rialaitheoir, i gcás ina bhfuil aon chúis ann glacadh leis go bhféadfaí dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí, go bhfuil sé comhréireach na sonraí pearsanta a tharchur ar mhaithe leis an gcríoch shonrach sin, tar éis dó na leasanna éagsúla iomaíochta a mheas go soiléir.

2.   I gcás ina dtionscnaíonn an rialaitheoir an tarchur faoin Airteagal seo, léireoidh sé nó sí go bhfuil tarchur na sonraí pearsanta riachtanach i ndáil leis na cuspóirí atá leis an tarchur agus comhréireach leo, trí na critéir a leagtar síos i bpointí (a) nó (b) de mhír 1 a chur i bhfeidhm.

3.   Déanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart rochtana ar dhoiciméid i gcomhréir le dlí an Aontais a thabhairt de réir a chéile.’

Na Rialacháin Foirne

13

Foráiltear le hAirteagal 26 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, sa leagan is infheidhme sa chás seo (‘na Rialacháin Foirne’):

‘Beidh an méid seo a leanas i gcomhad pearsanta oifigigh:

(a)

Gach doiciméad maidir lena stádas riaracháin agus gach tuarascáil maidir lena ábaltacht, a éifeachtacht nó a iompar;

(b)

Aon bharúlacha ón oifigeach maidir leis na doiciméid sin.

Ní mór gach doiciméad a chlárú, a uimhriú agus a aicmiú gan uaim; ní fhéadfaidh an institiúid brath ar na doiciméid dá dtagraítear i bhfomhír (a) thuas ná iad a líomhain i gcoinne oifigigh mura mbeidh siad curtha in iúl dó roimh aicmiú.

Ní mór cur in iúl aon doiciméid d’oifigeach a fhianú trí shíniú an oifigigh nó, ina éagmais sin, trí litir a sheoladh chuig an seoladh deireanach a chuir an t‑oifigeach in iúl.

Ní bheidh aon tagairt i gcomhad pearsanta oifigigh dá ghníomhaíochtaí agus dá thuairimí polaitiúla, ceardchumainn, fealsúnachta nó reiligiúnacha, ná dá bhunús ciníoch nó eitneach ná dá chlaonadh gnéis.

Mar sin féin, ní chuirfidh an mhír roimhe seo toirmeasc ar ghníomhartha agus doiciméid riaracháin a chur isteach sa chomhad a bhfuil an t‑oifigeach ar an eolas fúthu agus a bhfuil gá leo chun na Rialacháin Foirne seo a chur i bhfeidhm.

Ní féidir ach comhad amháin a oscailt do gach oifigeach.

Beidh sé de cheart ag oifigeach, fiú tar éis dó an tseirbhís a fhágáil, é féin a chur ar an eolas faoi na doiciméid go léir atá ina chomhad agus cóipeanna a dhéanamh díobh.

Beidh an comhad pearsanta faoi rún agus ní fhéadfar breathnú air ach amháin in oifigí an riaracháin nó ar mheán slán ríomhaire. Mar sin féin, cuirfear ar aghaidh é chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a thionscnófar caingean a bhaineann leis an oifigeach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

CFS

14

Foráiltear le hAirteagal 1 de choinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, sa leagan is infheidhme sa chás seo (‘CFS’):

‘Beidh feidhm ag na coinníollacha fostaíochta seo maidir le gach seirbhíseach arna fhostú faoi chonradh ag an Aontas. Beidh an seirbhíseach sin:

[...]

ina chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Foráiltear le hAirteagal 5 de CFS:

‘Chun críocha na gcoinníollacha fostaíochta seo, ciallaíonn “cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe” duine arna roghnú ag Feisire amháin nó níos mó agus arna earcú faoi chonradh díreach le Parlaimint na hEorpa chun cúnamh díreach a sholáthar, in áitreabh Pharlaimint na hEorpa, i gceann dá trí ionad oibre, don Fheisire sin nó do na Feisirí sin i gcomhlíonadh a ndualgas mar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, faoina stiúradh agus faoina n‑údarás agus i gcaidreamh muiníne frithpháirtí, de réir na saoirse rogha dá dtagraítear in Airteagal 21 [de Reacht na bhFeisirí].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16

Is léir ón gcéad abairt d’Airteagal 127 de CFS go bhfuil feidhm de réir analaí ag Airteagail 11 go 26a de Reacht na bhFeisirí maidir le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe.

Cúlra na díospóide

17

Tá cúlra na díospóide leagtha amach i míreanna 2 go 26 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus is féidir achoimre a dhéanamh air mar seo a leanas.

18

An 22 Bealtaine 2015, thug an Pharlaimint, ar bhonn Airteagal 5a de CFS, conradh i gcrích le cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe lánaimseartha sa Bhruiséil (an Bheilg) chun cúnamh a thabhairt do TC, Feisire den Pharlaimint, go dtí deireadh an seachtú téarma parlaiminteach.

19

An 25 Feabhra 2016, d’iarr TC ar an údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta na Parlaiminte a thabhairt i gcrích (‘AECE’) an conradh sin a fhoirceannadh ar fhorais éagsúla a bhain le cailliúint iontaoibhe, lena n‑áirítear neamhláithreachtaí gan cúis mhaith agus mainneachtain na rialacha maidir le húdaruithe chun dul i mbun gníomhaíochtaí seachtracha a chomhlíonadh.

20

Tar éis mainneachtain iarracht idir-réitigh a dhéanamh, thug AECE fógra do A, an 24 Meitheamh 2016, maidir lena chinneadh an conradh sin a fhoirceannadh, ar an bhforas gur bhris sé an caidreamh muiníne toisc nár chomhlíon sé na rialacha maidir le húdaruithe chun dul i mbun gníomhaíochtaí seachtracha.

21

An 14 Aibreán 2017, thionscain A caingean chun cinneadh an 24 Meitheamh 2016 a chur ar neamhní os comhair na Cúirte Ginearálta.

22

Le breithiúnas an 7 Márta 2019, L v an Pharlaimint (T‑59/17, ‘an breithiúnas in L v an Pharlaimint’), chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh sin ar neamhní. Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta gur léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte go raibh TC ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí seachtracha A agus gur thionscain sé iad go díreach. Dá bhrí sin, mheas an Chúirt Ghinearálta nach raibh an foras a mhaígh AECE chun údar a thabhairt leis an gcinneadh céanna, eadhon miondealú ar an gcaidreamh iontaoibhe, sochreidte. Dá bhrí sin, de réir na Cúirte Ginearálta, rinne AECE earráid fhollasach mheasúnaithe nuair a ghlac sé le hiarraidh TC ar fhoirceannadh chonradh A ar an bhforas sin. Ní raibh TC ina pháirtí sna himeachtaí sa chás as ar eascair an breithiúnas sin.

23

I litir dar dáta an 8 Meitheamh 2020, arna scríobh i mBéarla agus arna seoladh chuig TC trí ríomhphost an 30 Iúil 2020, chuir Ardrúnaí na Parlaiminte TC ar an eolas faoi thionscnamh nós imeachta chun suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil, de bhun Airteagal 68 de na bearta cur chun feidhme, ar mhéid iomlán EUR 78 838.21 maidir leis an gcúnamh parlaiminteach a chuir A ar fáil do TC. D’iarr Ardrúnaí na Parlaiminte ar TC barúlacha agus fianaise a thíolacadh, laistigh de 2 mhí, arb é is aidhm dóibh réamhthorthaí na Parlaiminte maidir leis na gníomhaíochtaí seachtracha a rinne A, faoina stiúir agus é ar an eolas fúthu, ón 22 Bealtaine 2015 go dtí an 22 Samhain 2016 a fhrisnéis agus a chruthú, le linn na tréimhse sin, go raibh dualgais an chúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe comhlíonta aige.

24

Is léir ó mhír 13 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, trí ríomhphost an 4 Lúnasa 2020, gur iarr TC ar an bParlaimint an méid seo a leanas a sheoladh chuige:

comhad pearsanta A ón bParlaimint (gach doiciméad a bhaineann lena earcú agus lena chuid oibre), lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an líon uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte ‘i leith A’ agus sonraí maidir le láithreacht A (sonraí óna chárta rochtana Parlaiminte);

cóipeanna den chomhfhreagras a bhí malartaithe aige le hionadaithe na Parlaiminte maidir le hobair A, agus

comhad iomlán an cháis as ar eascair an breithiúnas in L v an Pharlaimint.

25

An 4 Meán Fómhair 2020, sheol Ardrúnaí na Parlaiminte litir chuig TC, arna scríobh sa Liotuáinis agus dar dáta an 3 Meán Fómhair 2020, litir a raibh a hinneachar comhionann go substaintiúil le hábhar litir an 8 Meitheamh 2020, dá dtagraítear i mír 23 den bhreithiúnas seo. I gceangal leis an litir sin dar dáta an 3 Meán Fómhair 2023, bhí cóip den bhreithiúnas in L v an Pharlaimint agus ráiteas faoi na suimeanna a d’íoc an Pharlaimint le A.

26

An 22 Meán Fómhair 2020, mheabhraigh TC don Pharlaimint a iarraidh dá dtagraítear i mír 24 den bhreithiúnas seo agus d’iarr sé freisin prótacal an nós imeachta idir-réitigh idir é féin agus A sa Liotuáinis agus cóip de ‘gach ríomhphost ó 2015, 2016 agus 2019’.

27

Le ríomhphost an 29 Deireadh Fómhair 2020, sheol TC a réamhbharúlacha agus roinnt doiciméad chuig an bParlaimint agus, ag an am céanna, d’iarr sé údarú chun faisnéis agus fianaise bhreise a sholáthar ag céim níos déanaí.

28

Le ríomhphost an 20 Samhain 2020, d’iarr TC arís ar an bParlaimint an fhaisnéis a d’iarr sé ina ríomhphoist an 4 Lúnasa agus an 22 Meán Fómhair 2020, go háirithe na sonraí a bhaineann le rochtain A ar an bParlaimint agus cóip de ríomhphoist 2015, 2016 agus 2019.

29

Le ríomhphost an 24 Samhain 2020, sheol TC barúlacha agus fianaise de bhreis orthu siúd a sheol sé chuig an bParlaimint trína ríomhphost an 29 Deireadh Fómhair 2020.

30

Le ríomhphost an 27 Samhain 2020, chuir Ard-Stiúrthóir Airgeadais na Parlaiminte (‘an tArd-Stiúrthóir Airgeadais’) in iúl do TC go ndeachaigh an teorainn ama chun a bharúlacha agus a fhianaise a chur isteach i gcomhthéacs an nós imeachta aisghabhála a rialaítear le hAirteagal 68 de na bearta cur chun feidhme in éag an 4 Samhain 2020, ach, dá mba mhian leis é féin a chur ar an eolas faoi fhaisnéis maidir le A, go bhféadfadh sé dul i dteagmháil le beirt ar thug sé a sheoladh ríomhphoist, gan na hiarrataí sin a bheith in ann difear a dhéanamh don nós imeachta sin.

31

I litir a seoladh chuig an bParlaimint an 1 Nollaig 2020, chuir TC in aghaidh ábhar an ríomhphoist ón 27 Samhain 2020. Ina theannta sin, sheol sé a iarrataí ar dhoiciméid chuig na daoine a luaitear sa ríomhphost sin.

32

I litir dar dáta an 8 Eanáir 2021 (‘litir an 8 Eanáir 2021’), sheol an tArd-Stiúrthóir Airgeadais an prótacal dá dtagraítear i mír 26 den bhreithiúnas seo chuig TC, ach dhiúltaigh sé rochtain a thabhairt dó ar na doiciméid eile a iarradh. Thairis sin, dheonaigh sé 15 lá do TC chun barúlacha breise a chur isteach, a rinne TC an 21 Eanáir 2021.

33

Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, mheas Ardrúnaí na Parlaiminte gur íoc an institiúid sin suim EUR 78 838.21 go míchuí i gcomhthéacs fhostaíocht A don tréimhse ón 22 Bealtaine 2015 go dtí an 22 Samhain 2016 agus gur ghá í a aisghabháil ó TC de bhun Airteagal 68(1) de na bearta cur chun feidhme. Dá bhrí sin, an 31 Márta 2021, d’eisigh an tArd-Stiúrthóir Airgeadais, ina cháil mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean, an nóta dochair, lenar ordaíodh aisghabháil na suime sin ó TC agus lenar iarradh air an tsuim sin a íoc faoin 30 Bealtaine 2021 ar a dhéanaí. An 31 Márta 2021, sheol an tArd-Stiúrthóir Airgeadais an cinneadh atá faoi chonspóid agus an nóta dochair chuig TC.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta agus an cinneadh atá faoi achomharc

34

Le hiarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2021, thionscain TC caingean chun an cinneadh atá faoi chonspóid agus an nóta dochair a chur ar neamhní. Mar thaca leis an gcaingean sin, chuir sé cúig shaincheist dlí ar aghaidh.

35

Ar an gcéad dul síos, is léir ó mhíreanna 27 agus 28 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, tar éis athbhreithniú a rinneadh sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, gur chuir an Pharlaimint in iúl, i mí an Mhárta 2016, gur chinn sí íocaíocht luach saothair agus speansais taistil A a chur ar fionraí ón 1 Aibreán 2016. Dá bhrí sin, an 8 Samhain 2022, tharraing Ardrúnaí na Parlaiminte an cinneadh atá faoi chonspóid siar ex tunc go páirteach, a mhéid a bhain sé le méid iomlán EUR 28 083.67. An 15 Samhain 2022, eisíodh nóta creidmheasa don mhéid céanna.

36

Is léir freisin ó mhíreanna 32 agus 36 go 42 de na forais agus ó mhír 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur chinn an Chúirt Ghinearálta, sna himthosca sin, arna iarraidh sin ón bParlaimint agus tar éis éisteacht le barúlacha TC, go raibh an chaingean gan chuspóir agus nach raibh aon ghá le breithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid agus an nóta dochair, a mhéid a bhain siad le luach saothair, costais shóisialta agus speansais taistil a bhain le fostaíocht A le linn na tréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 22 Samhain 2016, i leith na suime sin de EUR 28 083.67.

37

Ar an dara dul síos, tar éis, i míreanna 45 go 53 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, na rialacha a bhaineann le speansais cúnaimh pharlaimintigh a íoc agus le suimeanna a íocadh go míchuí ina leith sin a aisghabháil, agus an cásdlí a bhaineann leis sin a mheabhrú, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 54 go 66 den bhreithiúnas sin, an chéad saincheist dlí sa chaingean, lenar líomhnaíodh gur sáraíodh prionsabal na tréimhse réasúnta, agus dhíbh sí í toisc go raibh sí gan bhunús.

38

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an dara saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil, ar an gceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua, dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Sa chomhthéacs sin, scrúdaigh sí freisin argóintí áirithe, a ndearnadh achoimre orthu i míreanna 70 agus 71 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a chuir TC ar aghaidh i gcomhthéacs na chéad saincheiste ina chaingean.

39

I míreanna 74 go 79 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta argóint na Parlaiminte, a ndearnadh achoimre uirthi i mír 73 den bhreithiúnas sin, nach bhféadfadh TC amhras a chaitheamh ar an bhfreagra a thug an tArd-Stiúrthóir Airgeadais i litir an 8 Eanáir 2021, ós rud é go raibh an tréimhse 2 mhí a leagtar síos in Airteagal 263(6) CFAE chun caingean a thionscnamh i gcoinne an chinnidh atá sa litir sin imithe in éag.

40

Mar is léir ó mhíreanna 78 go 80 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mheas an Chúirt Ghinearálta go raibh sa litir sin freagra na Parlaiminte ar iarraidh TC ar dhoiciméid a chur ar fáil a mheas sé a bheith riachtanach chun a léiriú gur chomhlíon A dualgais an chúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe le linn na tréimhse idir an 22 Bealtaine 2015 agus an 22 Samhain 2016. Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin go raibh an freagra sin mar chuid den nós imeachta chun suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil. Mheas sí, dá bhrí sin, go raibh sé de rogha ag TC brath, ina chaingean i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid agus an nóta dochair, ar na neamhrialtachtaí a rinne difear, dar leis, don litir sin, agus mar thoradh air sin go raibh argóintí TC maidir leis an litir sin inghlactha.

41

I gcomhthéacs an scrúdaithe ar shubstaint an dara saincheist dlí agus ar argóintí áirithe a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 87 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur iarr TC ar an bParlaimint, trí ríomhphoist an 4 Lúnasa, an 22 Meán Fómhair agus an 20 Samhain 2020, roinnt doiciméid a chur ar fáil dó, eadhon:

miontuairiscí an nós imeachta idir-réitigh idir é féin agus A sa Liotuáinis;

cóip de ‘gach ríomhphost ó 2015, 2016 agus 2019’;

cóip den chomhfhreagras a bhí malartaithe aige le hionadaithe na Parlaiminte maidir le hobair A;

comhad iomlán an cháis as ar eascair an breithiúnas in L v an Pharlaimint, agus

comhad pearsanta A ón bParlaimint (‘gach doiciméad a bhaineann lena earcú agus lena chuid oibre’), lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an líon uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A agus sonraí maidir le láithreacht A a d’fhéadfaí a bhaint as a chárta rochtana Parlaiminte

42

I mír 88 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta gur sheol an Pharlaimint na miontuairiscí sin agus na doiciméid a bhaineann le deireadh chonradh A chuig TC. I gcodarsnacht leis sin, dar leis an gCúirt Ghinearálta, i litir an 8 Eanáir 2021, dhiúltaigh an Pharlaimint na doiciméid eile dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo a sheoladh chuig TC.

43

Chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, i gcás ina n‑iarrtar ar Fheisire fianaise a sholáthar don Pharlaimint gur oibrigh cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe dó i dtaca lena shainordú parlaiminteach, go bhféadfaidh an Feisire sin, ar bhonn an chirt chun éisteacht a fháil, an fhaisnéis atá i seilbh institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus a mheasann sé a bheith ábhartha a iarraidh orthu. De réir na Cúirte Ginearálta, ní féidir leis an bParlaimint, nuair a fhaigheann sí iarraidh den sórt sin, diúltú na sonraí arna n‑iarraidh a sholáthar gan sárú a dhéanamh ar an gceart chun éisteacht a fháil, mura rud é go bhfuil sí ag brath, mar thaca leis an diúltú sin, ar fhorais a bhféadfaí a mheas go bhfuil bonn cirt leo ag féachaint, ar an gcéad dul síos, d’imthosca an cháis agus, ar an dara dul síos, do na rialacha is infheidhme.

44

Dá bhrí sin, mar is léir ó mhír 91 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mheas an Chúirt Ghinearálta gur ghá scrúdú a dhéanamh an raibh údar leis na forais ar a raibh an Pharlaimint ag brath i litir an 8 Eanáir 2021 chun nochtadh na sonraí a d’iarr TC a dhiúltú.

45

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt scrúdú ar na forais a bhfuil an Pharlaimint ag brath orthu chun diúltú d’iarraidh TC maidir le nochtadh ‘gach ríomhphost ó 2015, 2016 agus 2019’ agus an comhfhreagras a mhalartaigh sé le seirbhísí ábhartha na Parlaiminte maidir le hobair A.

46

I mír 92 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta gur dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh sin ar an bhforas, de réir a beartais, go raibh coinneáil teachtaireachtaí leictreonacha teoranta do 90 lá agus, go heisceachtúil, do bhliain amháin. Dúirt an Pharlaimint freisin go bhféadfaí na ríomhphoist tar éis 2019 a chur in iúl, ach nach raibh siad ábhartha, ós rud é nár bhain siad leis an tréimhse ina raibh A in ainm a bheith ag obair do TC.

47

I ndáil leis sin, i mír 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, ó thús 2016, go raibh an Pharlaimint ar an eolas faoi choinbhleacht idir TC agus A maidir le cé acu a bhí nó nach raibh A ag déanamh a chuid gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear cúnamh parlaiminteach. Dá bhrí sin, de réir na Cúirte Ginearálta, ón am sin, bhí ar an bParlaimint a áirithiú go gcoinneofaí ríomhphoist lena bhféadfaí cineál beacht ghníomhaíochtaí A le linn an nós imeachta um dhífhostú a shuí agus, más rud é go raibh imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin eile, amhail nós imeachta aisghabhála, mar thoradh ar an nós imeachta sin, fad a bhí na himeachtaí eile sin ar oscailt.

48

I míreanna 100 agus 101 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’argóint na Parlaiminte gur faoi Fheisirí na Parlaiminte a bhí sé a ríomhphoist a choinneáil, ag cruthú comhaid phearsanta lenar féidir iad a chartlannú ar feadh tréimhse éiginnte, mar a d’iarr an Pharlaimint ar na Feisirí a dhéanamh i dtrí theachtaireacht a sheol sí chucu an 14 Meitheamh 2014, an 13 Deireadh Fómhair 2014 agus an 30 Márta 2015. Bhí an Chúirt Ghinearálta den tuairim nach bhféadfadh sé a bheith d’éifeacht ag an bhféidearthacht cartlannú pearsanta a dhéanamh go scaoilfí an Pharlaimint ón oibleagáid gach ríomhphost ábhartha a chaomhnú agus na ríomhphoist a stóráiltear ar an gcaoi sin a chur in iúl, i gcás, i gcomhréir leis an gceart chun éisteacht a fháil, ina n‑iarrann an Feisire lena mbaineann ar an bParlaimint é sin a dhéanamh, atá faoi réir nós imeachta aisghabhála le haghaidh úsáid mhíchuí na speansas cúnaimh pharlaimintigh.

49

Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl freisin, ar thaobh amháin, i mír 102 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár éirigh leis an bParlaimint a léiriú gur cuireadh na teachtaireachtaí sin faoi bhráid TC. Go háirithe, maidir le teachtaireacht an 14 Meitheamh 2014, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara gur díríodh í chuig ‘Feisirí nua’, nach raibh TC páirteach iontu, ós rud é go raibh sé ina Fheisire den Pharlaimint roimh an dáta sin.

50

Ar an taobh eile, i mír 103 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta nár léirigh an Pharlaimint aon chúis lena diúltú an comhfhreagras a bhí malartaithe ag TC le seirbhísí inniúla na Parlaiminte a tharchur chuige.

51

Mar gheall ar na himthosca sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 104 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh bunús leis na forais a raibh an Pharlaimint ag brath orthu chun diúltú d’iarraidh TC maidir le nochtadh ‘gach ríomhphost ó 2015, 2016 agus 2019’ agus an comhfhreagras a mhalartaigh sé le seirbhísí ábhartha na Parlaiminte maidir le hobair A.

52

Ar an dara dul síos, i míreanna 105 go 124 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Chúirt Ghinearálta anailís ar na forais ar a raibh an Pharlaimint ag brath chun údar a thabhairt le diúltú d’iarraidh TC ar nochtadh chomhad pearsanta A, lena n‑áirítear na doiciméid go léir a bhaineann lena earcú agus lena obair, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhaineann leis an méid uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A agus na sonraí a bhaineann lena láithreacht a d’fhéadfaí a bhaint as a chárta rochtana Parlaiminte

53

I mír 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara gur thug an Pharlaimint údar le diúltú an comhad sin, na doiciméid sin, an fhaisnéis sin agus na sonraí sin a nochtadh nuair a mhaígh sí go raibh a dtarchur contrártha, ar an gcéad dul síos, le Rialachán 2018/1725 agus, ar an dara dul síos, le hAirteagal 26 de na Rialacháin Foirne. Thairis sin, i mír 106 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta gur chuir an tArd-Stiúrthóir Airgeadais in iúl do TC nár taifeadadh idirghabhálacha fhoireann slándála na Parlaiminte go hoifigiúil agus gur coinníodh na sonraí a bhaineann le húsáid cártaí rochtana Parlaiminte ar feadh uastréimhse 4 mhí.

54

Ar an gcéad dul síos, i míreanna 107 go 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an foras atá bunaithe ar Rialachán 2018/1725. I ndáil leis sin, thug sí faoi deara, i míreanna 110 agus 111 den bhreithiúnas sin, ós rud é go raibh siad le húsáid ina chosaint i gcomhthéacs an nós imeachta aisghabhála, nach bhféadfaí a mheas go dtagann na sonraí a d’iarr TC faoi Airteagal 9(1)(a) nó (b) den Rialachán sin. Mar sin féin, mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 113 den bhreithiúnas sin, ‘[i] bhfianaise na tábhachta a thugtar don cheart éisteacht a fháil i ndlíchóras an Aontais, ní féidir leis an bhfíoras go bhféadfaí teacht ar fhaisnéis den sórt sin i “gcomhad pearsanta” [A], mar sin, cosc a chur ar an bhfaisnéis a nochtadh [do TC] chun a chur ar a chumas a bharúlacha a thabhairt, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí, go héifeachtach i bhfeidhmiú an chirt sin’.

55

Thug sí faoi deara freisin, i míreanna 114 go 116 den bhreithiúnas sin, nach ceart absalóideach é an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ach ba cheart é a mheas i ndáil lena fheidhm sa tsochaí agus é a mheas ar an mbonn sin i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcur chuige lena dtugtar áit cheart gach ceann de na cearta lena mbaineann i ndlíchóras an Aontais, i bhfianaise fhíorais an cháis, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Dar leis an gCúirt Ghinearálta, leagann reachtas an Aontais béim ar an ngá atá le cleachtadh cothromúcháin den sórt sin a áirithiú in aithris 4 de Rialachán 2016/679, ar ‘ionann’ é agus Rialachán 2018/1725 maidir le cosaint sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, mar a luaitear in aithris 5 den Rialachán sin.

56

Thuig an Chúirt Ghinearálta ón méid sin, i mír 117 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach féidir glacadh leis go bhféadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar TC a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach maidir leis an bhfaisnéis atá i gcomhad A, más iomchuí, gan rochtain a thabhairt dó ar an bhfaisnéis sin, tar éis di a mheas, ar thaobh amháin, nach bhfuil leas A sna sonraí a bhaineann leis á dtarchur chuig tríú páirtithe agus, ar an taobh eile, gur chun leas TC a bharúlacha a chur i láthair go héifeachtach i gcomhthéacs an nós imeachta um ghnóthú a tosaíodh ina choinne. I mír 118 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i gcás TC, nach ndearna an Pharlaimint beart den sórt sin.

57

Ina dhiaidh sin, maidir leis an bhforas a bhaineann le hAirteagal 26 de na Rialacháin Foirne, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i mír 121 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a mhéid is gá ionas go bhféadfadh TC a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú, nach bhféadfaí rúndacht na ndoiciméad i gcomhad pearsanta A a agairt i gcoinne TC, a bhí, thairis sin, ina údar ar chuid de na doiciméid lena mbaineann, mar bhainisteoir líne A. Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin, i mír 122 den bhreithiúnas sin, gur theip ar an bParlaimint, agus í ag brath ar Airteagal 26, leas TC a chur san áireamh maidir le rochtain a bheith aige ar dhoiciméid áirithe i gcomhad pearsanta A chun a bharúlacha a chur i láthair ar bhealach úsáideach i gcomhthéacs an nós imeachta aisghabhála a tionscnaíodh ina choinne.

58

Ar deireadh, maidir leis an bhforas a bhaineann leis na sonraí a bhaineann le húsáid chárta rochtana Parlaiminte A, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i mír 123 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar chúiseanna atá cosúil leo siúd a leagtar amach i míreanna 100 agus 101 den bhreithiúnas sin, a ndéantar achoimre orthu i mír 48 den bhreithiúnas seo, go raibh ar an bParlaimint na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur coinníodh na sonraí sin ar feadh tréimhse níos faide ná 4 mhí, ós rud é gur eascair imeachtaí breithiúnacha as dífhostú A agus gur tionscnaíodh nós imeachta chun speansais cúnaimh pharlaimintigh a aisghabháil i leith an Fheisire dá raibh an Pharlaimint rannpháirteach.

59

Dá bhrí sin, i mír 124 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta nach féidir a mheas go raibh bunús maith leis na forais ar a raibh an Pharlaimint ag brath chun diúltú d’iarraidh TC maidir le ‘comhad pearsanta [A] (na doiciméid go léir a bhaineann lena earcú agus lena chuid oibre)’, lena n‑áirítear an fhaisnéis a bhaineann leis an méid uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A agus na sonraí a bhaineann lena láithreacht a d’fhéadfaí a bhaint as a chárta rochtana Parlaiminte.

60

Ar an tríú dul síos, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 126 go 128 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, na forais ar a raibh an Pharlaimint ag brath chun diúltú d’iarraidh TC ar nochtadh an chomhaid a bhaineann leis an gcás as ar eascair an breithiúnas in L v an Pharlaimint. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 125 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh sin ar an bhforas go raibh an teachtaireacht sin contrártha d’Airteagal 9 de Rialachán 2018/1725 agus, sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, go raibh anaithnideacht faighte ag A.

61

Maidir leis an bhforas a bhaineann le hAirteagal 9 de Rialachán 2018/1725, thagair an Chúirt Ghinearálta do mhíreanna 112 go 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a bhfuil achoimre orthu i míreanna 54 go 56 den bhreithiúnas seo. Ina theannta sin, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl go bhfuil sé i gceist le hanaithnideacht, amhail anaithnideacht a deonaíodh do A sa chás as ar eascair an breithiúnas in L v an Pharlaimint, ainm páirtí sa díospóid nó ainm daoine eile a luaitear sna himeachtaí lena mbaineann a fhágáil ar lár, nó faisnéis eile sna doiciméid a bhaineann leis an gcás a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus nach mbaineann sé le rúndacht ábhair a chuirtear i gcomhad na n‑imeachtaí sin lasmuigh de na himeachtaí sin, i gcomhthéacs an chaidrimh idir na páirtithe agus tríú páirtithe. Ba léir don Chúirt Ghinearálta ón méid sin, i mír 129 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár chuir cinneadh na Cúirte Ginearálta maidir le hanaithnideacht sna himeachtaí as ar eascair an breithiúnas in L v an Pharlaimint toirmeasc ar an bParlaimint na doiciméid arna malartú le linn na n‑imeachtaí deiridh sin a chur in iúl do TC, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha fheidhmiú a chirt chun éisteacht a fháil.

62

Mar chonclúid, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i míreanna 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh na forais ar a raibh an Pharlaimint ag brath ina litir an 8 Eanáir 2021 gan bhunús nó neamhleor agus, ós rud é nach raibh údar cuí ag an bParlaimint lena diúltú na doiciméid a nochtadh do TC a d’fhéadfadh a chur ar a chumas a ceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtach, arna ráthú in Airteagal 41(2)(a) den Chairt, i gcomhthéacs an nós imeachta chun suimeanna a íocadh mar speansais cúnaimh pharlaimintigh a aisghabháil a tionscnaíodh ina choinne, ní fhéadfaí a chur as an áireamh gur baineadh deis de é féin a chosaint ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, sheas an Chúirt Ghinearálta leis an dara saincheist dlí, a mhéid a líomhnaíodh gur sáraíodh an ceart chun éisteacht a fháil, agus, gan scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna agus na hargóintí eile a chuir TC ar aghaidh, chuir sí an cinneadh atá faoi chonspóid agus an nóta dochair ar neamhní a mhéid a bhain siad leis an luach saothair, na costais shóisialta agus na speansais taistil a bhaineann le fostaíocht A le linn na tréimhse ón 22 Bealtaine 2015 go dtí an 31 Márta 2016.

Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe san achomharc

63

Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa díospóid os comhair na Cúirte Ginearálta trí fhoirm an ordaithe arna lorg ag an bParlaimint le linn na n‑imeachtaí ag an gcéad chéim a dheonú; agus

a ordú do TC na costais go léir a tabhaíodh sna himeachtaí, ag an gcéad chéim agus ar achomharc, a íoc.

64

Iarrann TC ar an gCúirt Bhreithiúnais an t‑achomharc a dhíbhe agus a ordú don Pharlaimint na costais a íoc.

An t‑achomharc

65

Mar thaca lena caingean, maíonn an Pharlaimint cúig shaincheist dlí. Líomhnaítear leis an gcéad saincheist dlí nár tugadh aird ar ábhar na díospóide ag an gcéad chéim agus ar chineál ullmhúcháin litir an 8 Eanáir 2021, gur sáraíodh an ceart chun éisteacht a fháil agus gur sáraíodh an cásdlí a bhaineann le héifeachtaí neamhrialtachtaí nós imeachta. Baineann an dara saincheist dlí, roinnte ina trí chuid, le cinntí na Cúirte Ginearálta maidir le ríomhphoist TC in 2015, 2016 agus 2019 agus leis an gcomhfhreagras idir TC agus seirbhísí na Parlaiminte agus as a n‑eascraíonn cinneadh gur sáraíodh an ceart chun éisteacht a fháil. Baineann an tríú saincheist dlí, roinnte ina ceithre chuid, le cinntí na Cúirte Ginearálta maidir le comhad pearsanta A, leis na sonraí a bhaineann le húsáid a chárta rochtana Parlaiminte agus leis an bhfaisnéis a bhaineann leis an méid uaireanta a iarradh idirghabháil na seirbhísí slándála ina leith. Baineann an ceathrú saincheist dlí le cinntí na Cúirte Ginearálta maidir leis an gcomhad sa chás as ar eascair an breithiúnas in L v an Pharlaimint agus as ar tháinig cinneadh gur sáraíodh an ceart chun éisteacht a fháil. Baineann an cúigiú saincheist dlí le cinntí na Cúirte Ginearálta maidir le ceart TC a iarraidh, ar bhonn an chirt chun éisteacht a fháil amháin, go nochtfaidh an Pharlaimint faisnéis a chuirfidh ar a chumas a bharúlacha a thabhairt.

66

Is iomchuí scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos agus le chéile, ar an gcéad chuid den dara saincheist dlí agus ar an tríú agus an cúigiú saincheist dlí.

An chéad chuid den dara saincheist dlí agus an tríú agus an cúigiú saincheist dlí

Argóintí na bpáirtithe

67

Leis an gcéad chuid dá dara saincheist dlí, cuireann an Pharlaimint i gcoinne na bhforas a leagtar amach i míreanna 2, 92 go 104, 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, inar chinn an Chúirt Ghinearálta gur sháraigh sí ceart éisteachta TC, trí mhainneachtain a ríomhphoist in 2015 agus 2016 a choinneáil. De réir na Parlaiminte, bhí an Chúirt Ghinearálta ag brath ar thuiscint róleathan ar an gceart chun éisteacht a fháil agus sháraigh sí prionsabal shaor-shainordú na bhFeisirí, mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Ionstraim Thoghcháin agus in Airteagal 2 de Reacht na bhFeisirí, prionsabal a chuireann cosc ar aon chur isteach ar sheirbhísí na Parlaiminte i réimse na bhFeisirí atá faoi chosaint. Thairis sin, níor chuir an Chúirt Ghinearálta prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, a chumhdaítear in Airteagal 4(1)(c) de Rialachán 2018/1725, san áireamh.

68

Cuireann an Pharlaimint in iúl freisin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i mír 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a luaithe a fuair an Pharlaimint amach, ag tús 2016, go raibh coinbhleacht ann idir TC agus A, gur cheart di ríomhphoist a choimeád a bheadh in ann cineál beacht ghníomhaíochtaí A a shuí. Chomh maith leis sin, cuireann an Pharlaimint i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta gur díríodh teachtaireacht an 14 Meitheamh 2014, dá dtagraítear i míreanna 98 agus 102 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chuig ‘Feisirí nua’, nach raibh TC páirteach ann.

69

Lena tríú saincheist dlí, déanann an Pharlaimint míreanna 105 go 124, 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a chonspóid. Leis an gcéad chuid den tsaincheist dlí sin, áitíonn sí go bhfuil na forais a bhaineann le hAirteagal 9 de Rialachán 2018/1725, a leagtar amach i míreanna 107 go 118 den bhreithiúnas sin, trína chéile. Chinn an Chúirt Ghinearálta, ar thaobh amháin, gur cuireadh cosc le hAirteagal 9(1) de Rialachán 2018/1725 ar shonraí A a sheoladh chuig TC agus, ar an taobh eile, go bhféadfadh an Pharlaimint na sonraí sin a sheoladh chuig TC. Dá bhrí sin, chuirfeadh an Pharlaimint í féin i staid ina mbeadh sé dodhéanta di an breithiúnas atá faoi achomharc a chomhlíonadh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 266 CFAE.

70

Leis an dara cuid dá tríú saincheist dlí, cuireann an Pharlaimint i gcoinne na bhforas a leagtar amach i míreanna 119 go 122, 124, 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, maidir le diúltú na Parlaiminte comhad pearsanta A a tharchur chuig TC. Áitíonn sí gur cuireadh cosc leis an gcéad abairt den mhír dheireanach d’Airteagal 26 de na Rialacháin Foirne ar aon tarchur faisnéise atá i gcomhad pearsanta A, ós rud é nach bhféadfaí breathnú ar an gcomhad sin ach amháin in oifigí an riaracháin nó ar mheán slán ríomhaireachta. In aon chás, ní fhéadfadh aon fhianaise a bheith sa chomhad sin a d’fhéadfadh réaltacht na hoibre a rinne A agus an nasc idir an obair sin agus feidhmiú sainordaithe TC a léiriú.

71

Leis an tríú cuid dá tríú saincheist dlí, cuireann an Pharlaimint i gcoinne na bhforas a leagtar amach i míreanna 123, 124, 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lenar chinn an Chúirt Ghinearálta gur chuir an ceart chun éisteacht a fháil de cheangal ar an bParlaimint na bearta is gá a dhéanamh chun sonraí a bhaineann le húsáid chárta rochtana Parlaiminte A a choinneáil. Cáineann an Pharlaimint an Chúirt Ghinearálta as brath ar thuiscint róleathan ar an gceart chun éisteacht a fháil agus as Airteagal 4(1)(e) de Rialachán 2018/1725 a shárú.

72

Leis an gceathrú cuid dá tríú saincheist dlí, cuireann an Pharlaimint i gcoinne na bhforas a leagtar amach i míreanna 124, 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc chun údar a thabhairt le cinneadh na Cúirte Ginearálta gur sháraigh an Pharlaimint ceart éisteachta TC trí mhainneachtain faisnéis a sholáthar dó maidir leis an líon uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A. Déanann an Pharlaimint gearán nár chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh, mar a mhínítear i litir an 8 Eanáir 2021, nár chláraigh ‘Ard-Stiúrthóireacht Slándála agus Cosanta’ na Parlaiminte an fhaisnéis sin. In aon chás, ní bheadh an fhaisnéis sin ábhartha.

73

Lena cúigiú saincheist dlí, áitíonn an Pharlaimint go bhfuil míreanna 90 agus 91 den bhreithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí, a mhéid gur chinn an Chúirt Ghinearálta go bhféadfadh TC, ar bhonn an chirt chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 41(2)(a) den Chairt, agus ar an mbonn sin amháin, a iarraidh go nochtfaí fianaise a dhealraigh a bheith ábhartha chun a shuí go raibh úsáid na speansas cúnaimh pharlaimintigh lena mbaineann rialta.

74

De réir na Parlaiminte, cruthaíonn cinneadh na Cúirte Ginearálta sin ceart nua rochtana ar ábhar atá i seilbh na Parlaiminte, thar an gceart rochtana ar an gcomhad dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(b) den Chairt. I ndáil leis sin, níor leag an Chúirt Ghinearálta amach na cúiseanna lena dtugtar údar le ceart den sórt sin a aithint, rud nach bhfuil aon bhunús leis in Airteagal 41(2)(a) den Chairt. Thairis sin, bheadh sé d’éifeacht aige sin teacht salach ar scéim ghinearálta Airteagal 41(2), lena mbunaítear, faoi (b), bealach iomlán atá sainithe go soiléir, lena gcuirtear ar chumas an duine lena mbaineann rochtain a bheith aige ar aon chuid den chomhad a bhaineann leis.

75

Freagraíonn TC ar an gcéad chuid den dara saincheist dlí, a bhaineann le rochtain ar ríomhphoist ó 2015 agus 2016, gur léir ó mhíreanna 94 go 102 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur chuir an Chúirt Ghinearálta imthosca eisceachtúla an cháis san áireamh, arb é is príomhthréith dóibh, ó thús 2016, go raibh an Pharlaimint ar an eolas faoin gcoinbhleacht idir TC agus A agus faoi mhainneachtain na Cúirte Ginearálta na rialacha lena rialaítear a ghníomhaíocht a chomhlíonadh. De réir TC, ba í an staid choinbhleachta sin a thug údar le tionscnamh an nós imeachta aisghabhála ina choinne. Déanann TC gearán nár chuir an Pharlaimint in iúl dó go raibh sé ar intinn aici a ríomhphoist a scriosadh, ina raibh fianaise ar an obair a rinne A. Tá TC den tuairim, thairis sin, gur argóintí nua iad argóintí na Parlaiminte atá bunaithe ar Airteagal 6(1) den Ionstraim Thoghcháin agus ar Airteagal 2 de Reacht na bhFeisirí, ós rud é nár ardaíodh iad os comhair na Cúirte Ginearálta. In aon chás, ní féidir glacadh leis na hargóintí sin, ós rud é, ar thaobh amháin, nach féidir le coinneáil ríomhphoist Feisire amháin ag an bParlaimint, a bhainistíonn a córas comhfhreagrais leictreonaigh féin, a aicmiú mar ‘chur isteach’ agus, ar an taobh eile, go gcoinníonn an Pharlaimint ríomhphoist na bhFeisirí ar feadh 90 lá.

76

Maidir le hargóintí na Parlaiminte bunaithe ar Rialachán 2018/1725, áitíonn TC nár chuir an Pharlaimint sonraí ar fáil maidir leis an gcaoi a phróiseálann sí sonraí pearsanta ná nár mhínigh sí conas a d’fhéadfadh tréimhsí coinneála ríomhphoist níos faide a bheith ar neamhréir leis an gcóras a bhunaítear leis an Rialachán sin. Thairis sin, baineann prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, a leagtar síos in Airteagal 4(1)(c) den Rialachán sin, le méid na sonraí a phróiseáiltear agus ní le fad a stórála.

77

Ina theannta sin, in ainneoin cuireadh chuige sin ón gCúirt Ghinearálta, níor chuir an Pharlaimint aon fhianaise ar an gcomhad ag an gcéad chéim lenar suíodh go raibh TC ar an eolas faoi na teachtaireachtaí a bhaineann leis an mbeartas coinneála ríomhphoist, a scríobhadh, thairis sin, i dteangacha nach dtuigeann TC. Dá bhrí sin, ní bhaineann an cheist maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart é a mheas mar ‘Fheisire nua’ in 2014 le hábhar.

78

Mar fhreagra ar an gcéad chuid den tríú saincheist dlí, áitíonn TC gur chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl go soiléir, i míreanna 115 agus 116 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh sé de cheangal ar an bParlaimint Rialacháin 2016/679 agus 2018/1725 a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach a chuirfeadh ar chumas TC a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú. Maidir leis an dara, an tríú agus an ceathrú cuid den tsaincheist dlí sin, tugann TC faoi deara go raibh an fhianaise go léir a d’iarr sé agus a dhiúltaigh an Pharlaimint a chur ar fáil dó in ann a chur go díreach nó go hindíreach leis an obair a rinne A a chruthú.

79

Mar fhreagra ar an gcúigiú saincheist dlí, tugann TC faoi deara nár chonspóid an Pharlaimint, i litir an 8 Eanáir 2021 ná le linn na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, a cheart chun faisnéis a fháil, agus nach raibh sí ag brath ach ar Airteagal 9 de Rialachán 2018/1725. Dá bhrí sin, de réir TC, tá an Pharlaimint, leis an tsaincheist dlí seo, ag brath ar argóintí nua, nach raibh deis ag an gCúirt Ghinearálta rialú orthu.

80

In aon chás, measann TC nach gá idirdhealú a dhéanamh idir ‘ceart chun faisnéise’ agus ‘ceart chun éisteacht a fháil’. Go bunúsach, níl sna cearta sin ach comhpháirteanna den cheart ginearálta chun dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt. Mheasfadh an Pharlaimint nach raibh aon oibleagáid uirthi i ndáil leis an nós imeachta chun speansais um chúnamh parlaiminteach a aisghabháil. Scriosfadh sí an fhianaise ábhartha atá ina seilbh agus, ina dhiaidh sin, d’iarrfadh sí ar na Feisirí an fhianaise chéanna a chur ar fáil, ar an bhforas go raibh an dualgas cruthúnais orthu.

81

Cuireann TC in iúl, thairis sin, gur léir ó chásdlí na Cúirte Ginearálta nach féidir rochtain ar an gcomhad riaracháin a chur faoi réir iarraidh ón duine lena mbaineann. Measann sé, sa chás seo, gur chuir an Pharlaimint srian suntasach ar a cheart rochtana ar an gcomhad agus ar a bharúlacha a fhoirmliú go héifeachtach. Is éard atá i gceist le feidhmiú úsáideach an chirt chun éisteacht a fháil gur féidir barúlacha réasúnaithe a thabhairt maidir le fianaise, a bhfuil cuid acu ar a laghad i seilbh na Parlaiminte. De réir TC, ní féidir leis an bParlaimint iarraidh air a bharúlacha a chur isteach, agus ar an gcaoi sin a cheart chun éisteacht a fháil a urramú ar bhealach foirmiúil amháin, gan na hacmhainní a thabhairt dó chun é a fheidhmiú go héifeachtach.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

82

Mar réamhphointe, a mhéid a mhaíonn TC go bhfuil an Pharlaimint ag cur argóintí nua ar aghaidh, ar an gcéad dul síos, mar chuid den chéad chuid dá dara saincheist dlí agus, ar an dara dul síos, mar chuid dá cúigiú saincheist dlí, eadhon argóintí nár ardaíodh os comhair na Cúirte Ginearálta, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go bhfuil achomharcóir i dteideal achomharc a dhéanamh trí bhrath ar shaincheisteanna dlí a eascraíonn as an mbreithiúnas faoi achomharc féin agus a fhéachann lena thuillteanais a cháineadh sa dlí (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2018, Poblacht na Seice v an Coimisiún, C‑4/17 P, EU:C:2018:678, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

83

Leis an gcéad chuid dá dara saincheist dlí, cuireann an Pharlaimint i gcoinne na bhforas a cuireadh chun cinn sa bhreithiúnas atá faoi achomharc chun údar a thabhairt leis an gcinneadh i mír 131 de nach raibh údar cuí ag an bParlaimint lena diúltú cur in iúl do TC, inter alia, a ríomhphoist ó 2015 agus 2016.

84

Thairis sin, lena cúigiú saincheist dlí, déanann an Pharlaimint, go bunúsach, tuillteanais an fhorais a leagtar amach i mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a dhíospóid, ar dá réir, i gcás ina n‑iarrann Feisire, a n‑iarrtar air údar a thabhairt leis an obair a dhéanann a chúntóir parlaiminteach, ar an bParlaimint faisnéis atá ina seilbh a sholáthar dó, ar faisnéis í a dhealraíonn a bheith ábhartha, nach féidir leis an bParlaimint diúltú don iarraidh sin gan ceart éisteachta an Fheisire lena mbaineann a shárú, ach amháin má bhraitheann sí, mar thaca leis an diúltú sin, ar fhorais a bhféadfaí a mheas go bhfuil údar leo i bhfianaise, sa chéad áit, imthosca an cháis agus, sa dara háit, na rialacha is infheidhme.

85

Sa dá chás, eascraíonn saincheisteanna dlí agus argóintí as an mbreithiúnas atá faoi achomharc féin agus, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i mír 82 den bhreithiúnas seo, tá siad inghlactha.

86

Ó thaobh substainte de, ar an gcéad dul síos, maidir leis an bhforas a leagtar amach i mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, arna chonspóid ag an bParlaimint ina cúigiú saincheist dlí, ní mór a mheabhrú gur ceart bunúsach ar cuid dhílis de dhlíchóras an Aontais é urraim do chearta na cosanta, a chumhdaítear in Airteagal 41(2) den Chairt. Áirítear leis an gceart sin, inter alia, an ceart atá ag gach duine éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta á n‑urramú ag an am céanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C‑584/10 P, C‑593/10 P agus C‑595/10 P, EU:C:2013:518, míreanna 98 agus 99).

87

Go háirithe, is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór an ceart chun éisteacht a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 41(2)(a) den Chairt, a urramú i ngach imeacht a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar bheart a dhéanann dochar do dhuine agus lena ráthaítear an deis do gach duine a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach le linn an nós imeachta riaracháin agus sula nglacfar aon chinneadh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá leasanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v RQ, C‑831/18 P, EU:C:2020:481, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

88

Ciallaíonn an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, a chumhdaítear in Airteagal 41(2)(b) den Chairt, nach mór an deis a thabhairt don duine lena mbaineann scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid go léir sa chomhad imscrúdaithe a d’fhéadfadh a bheith ábhartha dá chosaint. Áireofar sna doiciméid sin fianaise inchoiritheach agus shaorthach araon, faoi réir rúin ghnó, doiciméid inmheánacha na hinstitiúide lena mbaineann agus faisnéis rúnda eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2011, Solvay v an Coimisiún, C‑110/10 P, EU:C:2011:687, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

89

Dá bhrí sin, is léir ó Airteagal 41(2) den Chairt agus ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 86 go 88 den bhreithiúnas seo, sula dtugann sé a bharúlacha maidir le feidhmiú a chirt chun éisteacht a fháil atá cumhdaithe in Airteagal 41(2)(a), go bhféadfaidh an duine lena mbaineann, agus an ceart a thugtar dó le hAirteagal 41(2)(b) á fheidhmiú aige, rochtain a iarraidh agus a fháil, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha rúndachta agus rúndachta gairmiúla agus gnó, ar an bhfaisnéis go léir atá sa chomhad arna thiomsú ag an riarachán lena mbaineann.

90

Os a choinne sin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a iarraidh agus a fháil ar aon doiciméad atá, cé nach bhfuil sé sa chomhad sin, i seilbh na hinstitiúide lena mbaineann agus a mheasann an duine lena mbaineann go bhféadfadh sé a bheith ábhartha dá chosaint. Sin é an fáth a bhforáiltear le hAirteagal 41(2)(b) den Chairt do cheart sonrach lena ráthaítear rochtain ar a chomhad don duine lena mbaineann.

91

Ní féidir leis na saintréithe a bhaineann le staid Feisire, a n‑iarrtar air údar a thabhairt leis na speansais cúnaimh pharlaimintigh arna dtabhú ag an bParlaimint ina leith, údar a thabhairt le léiriú difriúil ar a chearta cosanta, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt.

92

Mar a mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta i mír 89 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, is léir ó Airteagal 33(1) agus (2) de na bearta cur chun feidhme gur faoi na Feisirí, a iarrann go n‑íocfadh an Pharlaimint na costais a bhaineann le cúnamh foirne pearsanta, atá sé a chruthú gur tabhaíodh na speansais sin i ndairíre agus go bhfreagraíonn siad do chúnamh atá riachtanach agus a bhaineann go díreach le feidhmiú a shainordaithe (breithiúnas an 4 Iúil 2024, SN v an Pharlaimint, C‑430/23 P, EU:C:2024:576, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

93

Ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil na heilimintí is gá chun an fhianaise sin a sholáthar, ní i seilbh an Fheisire lena mbaineann, ach i seilbh na Parlaiminte. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an Feisire sin in ann an fhaisnéis sin a fháil ar bhonn a chirt chun rochtain a fháil, faoi Airteagal 41(2)(b) den Chairt, ar an gcomhad a bhaineann leis atá i seilbh na Parlaiminte, agus ar an mbonn sin amháin.

94

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 67 dá Tuairim, a mhéid a bheidh sé faoin bhFeisire atá i gceist an fhianaise sin a sholáthar, ní bheidh sa chomhad arna thiomsú ag an bParlaimint, ar a laghad, ach an fhianaise is cúis leis an iarraidh a dhírítear chuig an bhFeisire sin, go háirithe ráiteas maidir leis na speansais cúnaimh pharlaimintigh arna dtabhú ag an bParlaimint ina leith.

95

Is amhlaidh fós go bhfuil gach Feisire ar an eolas faoin obair a dhéanann a chúntóir parlaiminteach agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé in ann cur síos a dhéanamh uirthi, fiú mura bhfuil an fhianaise go léir is gá aige chun bunús a thabhairt lena dhearbhuithe.

96

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara freisin i mír 69 dá Tuairim, féadfaidh Feisire, nuair a iarrtar air údar a thabhairt le speansais cúnaimh pharlaimintigh ina leith agus nach bhfuil an fhianaise go léir is gá chun na críche sin aige, a d’fhéadfadh a bheith i seilbh na Parlaiminte, i dtosach, é féin a theorannú, ina bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte mar fhreagairt ar an iarraidh sin, don obair a dhéanann a chúntóir a leagan amach, don fhianaise atá ar fáil dó a sholáthar agus do thagairt a dhéanamh don fhianaise a d’fhéadfadh a bheith i seilbh na Parlaiminte.

97

Ní mór a chur in iúl, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta i mír 70 dá Tuairim, nach mór do thagairt den sórt sin an fhianaise lena mbaineann agus na fíorais a bhaineann le fíorobair an chúntóra lena mbaineann agus leis an nasc idir an obair sin agus sainordú an Fheisire, a d’fhéadfadh an fhianaise sin a chruthú, a léiriú le cruinneas leordhóthanach. Le léirithe den sórt sin, féadfaidh an Pharlaimint an fhaisnéis sin a shainaithint agus í a scrúdú chun a fhíorú go soláthraíonn sí an fhianaise a iarradh ar an bhFeisire sin i ndáiríre.

98

Má mheasann an Pharlaimint, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i gceist, nach gcruthaíonn sí fírinne na hoibre a rinne cúntóir parlaiminteach an Fheisire lena mbaineann ná an nasc idir an obair sin agus feidhmiú sainordaithe an Fheisire sin, is faoin bParlaimint a bheidh sé, chun a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán cearta cosanta an Fheisire sin, an fhaisnéis sin a chur sa chomhad, rochtain ar an gcomhad sin a thabhairt don Fheisire sin, i gcomhréir leis na ceanglais, go háirithe, maidir le rúndacht, agus deis a thabhairt dó a bharúlacha a chur isteach más mian leis.

99

Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 86 go 98 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas go bhfuil mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí, a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta, ach amháin i gcás forais a d’fhéadfaí a mheas mar fhorais a bhfuil údar leo i bhfianaise imthosca an cháis agus na rialacha is infheidhme, i gcás ina n‑iarrann Feisire a n‑iarrtar air fíorobair a chúntóra pharlaimintigh agus an nasc idir an obair sin agus feidhmiú a shainordaithe a léiriú amhlaidh, nach mór don Pharlaimint an fhianaise go léir atá ina seilbh atá ‘ábhartha’ a chur in iúl don Fheisire sin, gan a cheangal go leagfar amach in iarraidh den sórt sin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 96 agus 97 den bhreithiúnas seo, ar bhealach atá beacht go leor, an fhianaise a d’fhéadfadh a bheith i seilbh na Parlaiminte, agus na fíorais a bhaineann le fíorobair an chúntóra sin agus an nasc idir an obair sin agus sainordú an Fheisire, ar féidir leis an bhfaisnéis sin a chruthú, ionas go mbeidh an Pharlaimint in ann í a shainaithint d’fhonn í a fhíorú.

100

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an gcúigiú saincheist dlí.

101

Ar an dara dul síos, maidir leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí agus leis an tríú agus an ceathrú cuid den tríú saincheist dlí, lena ndéanann an Pharlaimint agóid i gcoinne fhorais an bhreithiúnais atá faoi achomharc maidir le sárú ar chearta cosanta TC, ar an bhforas nár cuireadh in iúl dó a ríomhphoist ó 2015 agus 2016, na sonraí a bhaineann le húsáid chárta rochtana Parlaiminte A agus an fhaisnéis a bhaineann leis an líon uaireanta ar iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir a cheangal ar institiúid fianaise a chur ar an gcomhad a bhaineann le nós imeachta riaracháin a tionscnaíodh nach bhfuil ann nó, ar an dáta a tionscnaíodh an nós imeachta sin, nach ann di a thuilleadh.

102

Ní chiallaíonn an breithniú sin nach féidir tionchar a bheith ag mainneachtain faisnéis áirithe a thaifeadadh nó faisnéis áirithe a choinneáil ar thoradh na n‑imeachtaí lena mbaineann. Mar sin féin, ní bhaineann an cheist sin leis an gceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, a chumhdaítear in Airteagal 41(2)(b) den Chairt. Tá sé ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise atá ar fáil agus ar fhiúntas an ghnímh a ghlac an institiúid lena mbaineann ag deireadh na n‑imeachtaí atá i gceist.

103

Go háirithe, i gcás amhail an cás seo inar faoin duine lena mbaineann, Feisire nó iar-Fheisire den Pharlaimint sa chás seo, atá sé fírinne fíricí áirithe a léiriú, agus in éagmais sin ina bhfuil an institiúid lena mbaineann, an Pharlaimint sa chás seo, i dteideal cinneadh a ghlacadh a théann i dtreo sonrach, d’fhéadfaí a mheas gur chomhlíon an duine sin an dualgas cruthúnais a bhí air, cé go ndealraíonn sé, prima facie, nach bhfuil an fhianaise a thug sé leordhóthanach, má thagann sé chun solais nár choinnigh an institiúid sin, go mícheart, faisnéis áirithe eile a d’fhéadfadh fianaise níos iomláine a sholáthar.

104

Os a choinne sin, d’fhéadfaí a mheas nár chomhlíon an duine sin an dualgas sin, más rud é nach leor an fhaisnéis a chuir sé ar fáil agus nár chuir sé fianaise isteach a ceanglaíodh air a choinneáil agus a chur ar fáil arna iarraidh sin.

105

Sa chás seo, is léir ó mhíreanna 85, 86, 92 agus 96 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go ndearnadh, an 8 Meitheamh 2020, an dáta a tionscnaíodh an nós imeachta aisghabhála i gcoinne TC, a ríomhphoist ó 2015 agus 2016 a scriosadh cheana féin ó chóras na Parlaiminte, i gcomhréir le beartas coinneála ríomhphoist na Parlaiminte, ar dá réir a scriosadh ríomhphoist, i bprionsabal, tar éis 90 lá nó, go heisceachtúil, tar éis bliain amháin.

106

Ina theannta sin, is léir ó mhír 106 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur coinníodh na sonraí a bhaineann le húsáid cártaí rochtana Parlaiminte ar feadh uastréimhse 4 mhí agus nár taifeadadh idirghabhálacha fhoireann slándála na Parlaiminte go hoifigiúil.

107

I míreanna 130 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh na forais ar a raibh an Pharlaimint ag brath i litir an 8 Eanáir 2021 chun údar a thabhairt leis an mainneachtain cumarsáid a dhéanamh le TC, go háirithe, a ríomhphoist ó 2015 agus 2016, sonraí a bhaineann le húsáid chárta rochtana Parlaiminte A agus faisnéis a bhaineann leis an líon uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A gan bhunús nó neamhleor agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí a chur as an áireamh gur baineadh deis de TC a chosaint a áirithiú ar bhealach níos fearr, trína cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú go húsáideach agus go héifeachtach, arna ráthú le hAirteagal 41(2)(a) den Chairt.

108

Ar an gcéad dul síos, is léir ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 101 go 104 den bhreithiúnas seo, trína chinneadh, go bunúsach, chun cearta cosanta TC a chosaint, go raibh ar an bParlaimint rochtain a thabhairt do TC ar fhaisnéis nach raibh ann riamh nó nach raibh ann a thuilleadh ar an dáta a tionscnaíodh an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid agus a chruthaigh comhad na n‑imeachtaí sin, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí.

109

Ar an dara dul síos, gan é a bheith riachtanach a chinneadh an mbeadh drochthionchar ar neamhspleáchas agus saoirse na bhFeisirí ag cinneadh na Parlaiminte ríomhphoist na bhFeisirí a choinneáil ar feadh tréimhse éiginnte nó níos faide ná na 90 lá dá bhforáiltear le beartas coinneála ríomhphoist na Parlaiminte a bhí i bhfeidhm tráth fhíorais an cháis seo, mar a áitíonn an Pharlaimint, is leor a thabhairt faoi deara, mar a rinne an Chúirt Ghinearálta i mír 93 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh aon rud ann chun cosc a chur ar an bParlaimint foráil a dhéanamh chun ríomhphoist nach raibh stóráilte go sonrach ag Feisirí agus ag úsáideoirí eile chóras ríomhphoist na Parlaiminte a scriosadh go huathoibríoch ag deireadh na tréimhse sin.

110

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i mír 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ós rud é, ó thús 2016, go raibh an Pharlaimint ar an eolas faoi ‘chás coinbhleachta idir [TC agus A] maidir le cé acu a bhí nó nach raibh a ghníomhaíochtaí á ndéanamh ag [A] do [TC] i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear cúnamh parlaiminteach’, go raibh sé de dhualgas ar an bParlaimint a áirithiú ‘go gcoinneofaí ríomhphoist lena bhféadfaí cineál beacht ghníomhaíochtaí [A] le linn an nós imeachta dífhostaithe a shuí agus, dá mbeadh imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin eile mar thoradh ar an nós imeachta sin, amhail nós imeachta aisghabhála, fad a bheadh na himeachtaí eile sin fós ar oscailt’.

111

Is léir ó mhíreanna 86, 92 agus 96 go 98 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur gheall an Pharlaimint beartas a chomhlíonadh maidir le ríomhphoist a choinneáil ar dá réir, i bprionsabal, tar éis thréimhse choinneála 90 lá, a scriosfaí ríomhphoist go huathoibríoch, mura ndearna na daoine lena mbaineann iad féin na ríomhphoist a shábháil. Ní féidir le heolas na Parlaiminte ar ‘chás coinbhleachta’ idir Feisire agus a chúntóir parlaiminteach údar a thabhairt don Pharlaimint imeacht ón ngealltanas sin.

112

Is amhlaidh is mó fós ós rud é, ionas go mbeifear in ann na ríomhphoist is dócha a bheidh ábhartha don choinbhleacht idir TC agus A a choinneáil, gur cheart don Pharlaimint a ríomhphoist a shórtáil, rud a bheadh ina chur isteach mór agus gan údar i réimsí príobháideacha an Fheisire sin agus an chúntóra pharlaimintigh sin. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, thairis sin, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta i mír 87 dá Tuairim, nach doiciméid de chuid na Parlaiminte iad ríomhphoist arna seoladh nó arna bhfáil ag Feisire, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Reacht na bhFeisirí, agus, dá bhrí sin, gur leis an bhFeisire féin iad.

113

Ina theannta sin, chun rialú a dhéanamh ar aon imeachtaí a eascraíonn as an gcoinbhleacht sin, níor ghá don Pharlaimint ar bhealach ar bith na ríomhphoist a malartaíodh idir TC agus A a choinneáil, mar bheart coisctheach agus ar a tionscnamh féin. D’fhéadfadh an Pharlaimint brath, i ndáil leis sin, ar ráitis na ndaoine lena mbaineann agus ar an bhfianaise a chuir siad ar fáil, lena n‑áirítear, más iomchuí, na ríomhphoist a choinnigh agus a chuir duine amháin nó ceann eile díobh ar fáil.

114

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú, mar a cuireadh in iúl i mír 92 den bhreithiúnas seo, gur ar na Feisirí atá an dualgas na costais a bhaineann le cúnamh a thabhairt d’fhoireann phearsanta a chruthú.

115

Ar an tríú dul síos, ar chúiseanna atá cosúil leo siúd a leagtar amach i míreanna 112 go 114 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, nach raibh sé de cheangal ar an bParlaimint na sonraí a bhaineann le húsáid chárta rochtana Parlaiminte A a choinneáil níos faide ná a gnáth-thréimhse choinneála ná clár a choinneáil d’idirghabhálacha a foirne slándála arna n‑iarraidh i leith A.

116

Is léir ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 101 go 115 den bhreithiúnas seo nach mór seasamh freisin leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí agus leis an tríú agus an ceathrú cuid den tríú saincheist dlí.

117

Ar an tríú dul síos, maidir leis na forais a leagtar amach i míreanna 109 go 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc maidir le spleáchas na Parlaiminte, i litir an 8 Eanáir 2021, ar Rialachán 2018/1725, a dhíospóideann an Pharlaimint leis an gcéad chuid dá tríú saincheist dlí, bhí an ceart ag an gCúirt Ghinearálta a thabhairt faoi deara, i mír 110 den bhreithiúnas sin, nach bhféadfaí a mheas go bhfuil na sonraí a d’iarr TC ‘[riachtanach] chun cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don fhaighteoir’, de réir bhrí Airteagal 9(1)(a) den Rialachán sin.

118

Os a choinne sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 97 agus 98 dá Tuairim, ní mór nós imeachta maidir le speansais cúnaimh pharlaimintigh arna dtabhú go míchuí ag an bParlaimint i leith Feisire a aisghabháil, agus cearta cosanta an Fheisire sin á n‑urramú, a mheas mar ‘aidhm shonrach ar mhaithe le leas an phobail’ de réir bhrí Airteagal 9(1)(b) de Rialachán 2018/1725.

119

Dá bhrí sin, cé go n‑áirítear sonraí pearsanta i gcomhad an nós imeachta aisghabhála lena mbaineann, ní chuirtear cosc ar an bParlaimint leis an Rialachán sin, d’fhonn oibleagáid na Parlaiminte faoi Airteagal 41(2)(b) den Chairt a chomhlíonadh, rochtain ar na sonraí sin a dheonú don Fheisire lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a chuireann Airteagal 9(1)(b) den Rialachán sin ar an rochtain sin, agus é á chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 41(2)(b) den Rialachán sin, nach mór rochtain ar an gcomhad a dheonú i gcomhréir, inter alia, le ‘leasanna dlisteanacha na rúndachta’.

120

Dá bhrí sin, eascraíonn neamhréireacht fhorais an bhreithiúnais atá faoi achomharc a líomhnaíonn an Pharlaimint ó earráid dlí, a mhéid gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart, i mír 111 den bhreithiúnas sin, nár chomhlíon tarchur na sonraí sin ‘cuspóir sonrach ar mhaithe le leas an phobail’, de réir bhrí Airteagal 9(1)(b) de Rialachán 2018/1725.

121

Mar sin féin, cé gur chinn sí, i míreanna 110 agus 111 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhféadfadh Airteagal 9(1) de Rialachán 2018/1725 údar a thabhairt le tarchur sonraí pearsanta chuig Feisire a bhfuil iarraidh ar údar a thabhairt do na speansais cúnaimh pharlaimintigh a tabhaíodh ina leith, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 117 den bhreithiúnas sin, go raibh sé de cheangal ar an bParlaimint, sa chás seo, rochtain a thabhairt do TC ar na sonraí pearsanta atá i gcomhad A ‘tar éis a mheas, ar thaobh amháin, nach bhfuil leas [an chúntóra pharlaimintigh] sna sonraí a bhaineann leis á dtarchur chuig tríú páirtithe agus, ar an taobh eile, leas [TC] a bharúlacha a chur i láthair go héifeachtach i gcomhthéacs an nós imeachta aisghabhála a tionscnaíodh ina choinne’.

122

Agus an méid sin á dhéanamh aici, ghlac an Chúirt Ghinearálta leis ar deireadh go raibh sé de cheangal ar an bParlaimint rochtain a dheonú do TC ar shonraí pearsanta an chúntóra pharlaimintigh sin, faoi réir coinníollacha arb ionann iad go substaintiúil agus iad siúd a leagtar síos in Airteagal 9(1)(b) de Rialachán 2018/1725.

123

Dá bhrí sin, ní féidir, in aon chás, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní mar thoradh ar an gcéad chuid den tríú saincheist dlí agus ní mór é a dhíbhe toisc é a bheith neamhéifeachtach.

124

Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, maidir le comhad pearsanta A, mar a áitíonn an Pharlaimint i gcomhthéacs an dara cuid dá tríú saincheist dlí, is léir ón mír dheireanach d’Airteagal 26 de na Rialacháin Foirne, is infheidhme maidir le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe faoin gcéad abairt d’Airteagal 127 CFS, nach féidir breathnú ar chomhad pearsanta cúntóra den sórt sin ach amháin in oifigí na Parlaiminte nó ar mheán slán ríomhaireachta agus nach féidir é a chur ar aghaidh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ach amháin i gcás ina dtionscnaítear caingean a bhaineann leis an gcúntóir lena mbaineann.

125

Sa chás seo, is léir ón bhfleasc deiridh de mhír 87 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nár iarr TC ar an bParlaimint breathnú ar chomhad pearsanta A ina hoifigí nó ar mheán slán ríomhaireachta, ach gur iarr sé go seolfaí é chuige. Bheadh seoladh den sórt sin contrártha d’Airteagal 26 de na Rialacháin Foirne.

126

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí a mhéid a chinn sí, go bunúsach, i míreanna 121 agus 122 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhféadfadh an Pharlaimint brath go bailí ar Airteagal 26 de na Rialacháin Foirne chun diúltú d’iarraidh TC, ar an bhforas nach bhféadfaí rúndacht na ndoiciméad sa chomhad sin a agairt i gcoinne TC a mhéid a bhí sé riachtanach do TC a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú, ós rud é, thairis sin, gurb é TC údar cuid de na doiciméid sa chomhad sin, mar bhainisteoir líne A.

127

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an dara cuid den tríú saincheist dlí freisin.

128

Is léir ón méid sin roimhe seo nach mór seasamh leis an achomharc agus míreanna 2 agus 3 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.

129

Sna himthosca sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar an gcéad agus ar an gceathrú saincheist dlí, ná ar an dara agus an tríú cuid den dara saincheist dlí, ós rud é go bhféachann siad le hagóid a dhéanamh i gcoinne fhorais an bhreithiúnais atá faoi achomharc atá bunaithe ar bhonn a suíodh, i gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar an gcúigiú saincheist dlí, go bhfuil sé curtha ó bhail le hearráid dlí.

130

Os a choinne sin, maidir le mír 1 den chuid oibríochtúil sin, lenar chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh an chaingean le haghaidh neamhniú gan chuspóir agus nach raibh aon ghá le breithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid agus an nóta dochair, a mhéid a bhain siad leis an luach saothair, na costais shóisialta agus na speansais taistil a bhaineann le fostaíocht A le linn na tréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 22 Samhain 2016, maidir le suim EUR 28 083.67, níor cheart í a mheas mar ábhar an achomhairc, ós rud é nár éirigh leis an bParlaimint ina haighneachtaí maidir leis an gcuid sin den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

131

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 61(1) de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má chuireann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh na Cúirte Ginearálta ar neamhní, féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chás má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

132

Sa chás seo, ceadaítear le staid na n‑imeachtaí breithiúnas críochnaitheach a thabhairt maidir leis an gcéad agus an dara saincheist dlí sa chaingean.

133

Líomhnaítear go foirmiúil leis an gcéad saincheist dlí gur sáraíodh prionsabal na tréimhse réasúnta a leagtar síos in Airteagal 41(1) den Chairt. Rinneadh achoimre ar na hargóintí ar a bhfuil TC ag brath mar thaca leis an tsaincheist dlí sin i míreanna 54 agus 55 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta dóibh ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 57 go 66 den bhreithiúnas sin, nach gá a thabhairt faoi cheist, ós rud é nár thug TC cros-achomharc i gcoinne an chuid sin den bhreithiúnas sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Samhain 2021, an Chomhairle v Hamas, C‑833/19 P, EU:C:2021:950, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).

134

Mar sin féin, i gcomhthéacs na saincheiste sin, chuir TC argóintí ar aghaidh freisin maidir le diúltú na Parlaiminte, i litir an 8 Eanáir 2021, an fhianaise a d’iarr sé a sheoladh chuige. Rinne an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar na hargóintí sin, a ndéantar achoimre orthu i míreanna 70 agus 71 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, agus ar an dara saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil, ar an gceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua, dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) den Chairt, ar sheas an Chúirt Ghinearálta léi. Ós rud é go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ar neamhní, ní mór na hargóintí sin agus an dara saincheist dlí a scrúdú le chéile.

135

Maíonn TC gur sháraigh an Pharlaimint a cheart chun éisteacht a fháil agus a cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, a chumhdaítear in Airteagal 41(2) den Chairt, ar an bhforas go ndearna sí tagairt, sa chinneadh atá faoi chonspóid, do na cinntí sa bhreithiúnas in L v an Pharlaimint, gan an fhianaise a chur in iúl dó, go háirithe nóta ó A an 9 Bealtaine 2016, a thacaigh leis na conclúidí sin. Thairis sin, measann sé, mar gheall ar bheartas na Parlaiminte maidir le ríomhphoist a choinneáil, a mheasann sé a bheith ar neamhréir le haithris 22 de Rialachán 2018/1725 agus a mhaíonn sé nach raibh sé ar an eolas faoi, gur baineadh de an fhéidearthacht fianaise a chur ar fáil i gcoinne líomhaintí na Parlaiminte. Ina theannta sin, déanann sé gearán gur bhraith an institiúid sin go mícheart ar Airteagal 9 den Rialachán sin chun rochtain a dhiúltú dó ar an bhfianaise a d’iarr sé.

136

Is léir ó na forais a leagtar amach i míreanna 86 go 116 agus 124 go 126 den bhreithiúnas seo nach féidir diúltú na Parlaiminte, i litir an 8 Eanáir 2021, an fhianaise a d’iarr TC a chur ar aghaidh chuige a mheas mar shárú ar a chearta cosanta agus, go háirithe, ar a cheart chun éisteacht a fháil.

137

Ar an gcéad dul síos, ina iarrataí an 4 Lúnasa agus an 22 Meán Fómhair 2020, dá dtagraítear i míreanna 24 agus 26 den bhreithiúnas seo faoi seach, níor iarr TC ach go nochtfaí sraith iomlán fianaise fíor-ghinearálta, gan na fíorais a bhí le cruthú ná an fhaisnéis lena bhféadfaí na fíorais sin a chruthú a shainaithint. Go háirithe, níor léirigh TC cén obair a rinne A, cén nasc a bhí ann idir an obair sin agus feidhmiú a shainordaithe pharlaimintigh agus conas a d’fhéadfadh an fhaisnéis a iarradh, a bheadh i seilbh na Parlaiminte, fianaise ar an obair sin agus ar an nasc sin a sholáthar.

138

Ar an dara dul síos, ní raibh cuid den fhaisnéis a iarradh, eadhon ríomhphoist TC ó 2015 agus 2016, na sonraí a bhaineann le húsáid chárta rochtana Parlaiminte A agus an fhaisnéis a bhaineann leis an líon uaireanta a iarradh cosaint na Parlaiminte i leith A, ann riamh nó nárbh ann dóibh, in aon chás, ar an dáta a tionscnaíodh an nós imeachta atá i gceist agus, dá bhrí sin, nuair a rinne TC a iarraidh.

139

Ar an tríú dul síos, cuireadh toirmeasc ar chomhad pearsanta A a chur in iúl do TC, i gcomhréir le hAirteagal 26 de na Rialacháin Foirne.

140

Maidir le hargóint TC bunaithe ar thagairt líomhnaithe na Parlaiminte sa chinneadh atá faoi chonspóid do na conclúidí sa bhreithiúnas in L v an Pharlaimint, is leor a mheabhrú, mar is léir ó mhír 25 den bhreithiúnas seo, gur sheol an Pharlaimint cóip den bhreithiúnas in L v an Pharlaimint chuig TC, agus mar thoradh air sin nach féidir í a cháineadh as fianaise nach raibh rochtain ag TC uirthi a chur san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid.

141

Dá bhrí sin, ní mór an chéad agus an dara saincheist dlí sa chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta a dhíbhe.

142

Maidir leis an gcuid eile, ní cheadaítear breithiúnas críochnaitheach a thabhairt le staid na n‑imeachtaí, ós rud é nach ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar an tríú go dtí an cúigiú saincheist dlí ar a bhfuil TC ag brath mar thaca lena chaingean.

143

Dá bhrí sin, ní mór an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a fháil ar na saincheisteanna sin.

Costais

144

Ós rud é gur tarchuireadh an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, ní mór na costais a bhaineann leis an achomharc seo a fhorchoimeád.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Cuirtear míreanna 2 agus 3 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Meitheamh 2023, TC v an Pharlaimint (T‑309/21, EU:T:2023:315), ar neamhní.

 

2.

Díbhtear an chéad agus an dara saincheist dlí sa chaingean os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

 

3.

Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ionas go ndéanfar cinneadh maidir leis an tríú go dtí an cúigiú saincheist dlí den chaingean.

 

4.

Forchoimeádtar na costais.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Liotuáinis.