BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Naoú Dlísheomra)

8 Bealtaine 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Aontas Custaim – Comhtharaif chustaim – Ainmníocht chomhcheangailte – Rangú taraife – Ceannteidil 2106 agus 2202 – Forbhianna i bhfoirm leachtach)

I gCás C‑252/24,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Curtea de Apel Bucureşti (an Chúirt Achomhairc, Búcairist, an Rómáin), trí bhreith an 28 Feabhra 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 9 Aibreán 2024, sna himeachtaí

Prisum Healthcare SRL

v

Autoritatea Vamală Română,

tugann AN CHÚIRT (an Naoú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Jääskinen, Uachtarán Dlísheomra, M. Condinanzi (Rapóirtéir) agus R. Frendo, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Prisum Healthcare SRL, ag I. A. Hrisafi-Josan agus M. Petcu, avocați,

Rialtas na Rómáine, ag E. Gane, L. Ghiţă agus A. Wellman, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Demeneix agus T. Isacu de Groot, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar cheannteidil 2106 agus 2202 den Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’), a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1), sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 (IO 2022 L 282, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Prisum Healthcare SRL agus Autoritatea Vamală Română (Údarás Custaim na Rómáine) maidir le haicmiú taraife forbhia ar a dtugtar ‘Feroglobin liquid plus’.

An dlí

An dlí idirnáisiúnta

3

Bunaíodh an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘CC’) leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, a tugadh i gcrích sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983 (Recueil des traités des Nations unies, Iml. 1503, lch. 4, Uimh. 25910 (1988)), faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Custaim (‘EDC’), agus arna fhormheas, lena phrótacal leasaitheach an 24 Meitheamh 1986, thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 (IO 1987 L 198, lch. 1).

4

Faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8 den Choinbhinsiún sin, formheasann EDC na Nótaí Míniúcháin agus na Tuairimí maidir le hAicmiú a ghlac Coiste CC arna bhunú le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún sin.

5

Is é ‘Ullmhóidí inite ilghnéitheacha’ teideal Chaibidil 21 de CC agus airítear leis ceannteideal 2106, dar teideal ‘Ullmhóidí bia nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile’.

6

Is é ‘Deochanna, biotáillí agus fínéagair’ teideal Chaibidil 22 de CC agus airítear leis ceannteideal 2202, dar teideal ‘Uiscí, lena n‑áirítear uiscí mianracha agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo nó atá blaistithe, agus deochanna neamhalcólacha eile, seachas súnna torthaí nó glasraí atá faoi cheannteideal 2009’.

7

Seo a leanas na nótaí míniúcháin a bhaineann le ceannteideal 2106 de CC:

‘[...]

Áirítear leis an gceannteideal seo, inter alia:

[...]

16)

Ullmhóidí, dá ngairtear forbhianna go minic, arb éard atá iontu nó atá bunaithe ar mhianraí, vitimíní, aimínaigéid, tiúcháin, eastóscáin, aonraígh nó foirmeacha comhchosúla substaintí atá i mbianna, nó leaganacha sintéiseacha de shubstaintí den sórt sin, a chuirtear i láthair sa bhreis ar an ngnáthaiste bia. Áirítear leis táirgí den sórt sin bíodh milseoirí, dathanna, blasanna, substaintí cumhra, iompróirí, líonaigh, cobhsaitheoirí nó áiseanna teicniúla eile iontu freisin nó ná bíodh. Is minic a chuirtear táirgí den sórt sin i bpacáistiú a léiríonn go gcoinníonn siad sláinte ghinearálta nó folláine ghinearálta, go bhfeabhsaíonn siad feidhmíocht lúthchleasaíochta, go gcuireann siad cosc ar easnaimh chothaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann nó go gceartaíonn siad leibhéil fho-optamacha cothaitheach.

Níl cainníocht leordhóthanach de chomhábhair ghníomhacha sna hullmhóidí sin chun éifeacht theiripeach nó phróifiolacsach a sholáthar in aghaidh galair nó tinnis seachas na heasnaimh chothaitheacha ábhartha. Eisiatar ullmhóidí eile ina bhfuil cainníocht leordhóthanach de chomhábhair ghníomhacha chun éifeacht theiripeach nó phróifiolacsach a bheith acu in aghaidh galar nó riocht sonrach (ceannteidil 30.03 nó 30.04).’

8

Faoi Nótaí Míniúcháin CC a bhaineann le ceannteideal 2202 de CC:

‘A)

Uiscí, lena n‑áirítear uiscí mianracha agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo nó atá blaistithe.

Áirítear sa ghrúpa sin, inter alia:

1)

Uiscí mianraí milsithe nó blaistithe (nádúrtha nó saorga).

2)

Deochanna amhail líomanáid, deoch oráiste, cóla, ina bhfuil gnáthuisce óil, bídís milsithe nó ná bídís, atá blaistithe le súnna nó úscraí torthaí, nó eastóscáin chumaisc, a gcuirtear aigéad citreach nó aigéad tartarach leo uaireanta. Is minic a dhéantar iad a aerú le gás dé-ocsaíde carbóin, agus de ghnáth cuirtear i láthair iad i mbuidéil nó i gcoimeádáin aerdhíonacha eile.

[...]

C)

Deochanna neamhalcólacha eile, seachas súnna torthaí nó glasraí atá faoi cheannteideal 2009.

Áirítear sa ghrúpa sin, inter alia:

1)

Neachtar tamaraine réidh lena ól mar dheoch trí uisce agus siúcra a chur leis agus trína scagadh.

2)

Deochanna áirithe eile atá réidh le hól, amhail deochanna le bonn de bhainne agus cócó.

Ní áirítear an méid seo a leanas sa cheannteideal:

a)

Iógart i bhfoirm leachtach agus bainne agus uachtar coipthe nó aigéadaithe eile a bhfuil cócó, torthaí nó blastán curtha leo (ceannteideal 0403).

b)

Síoróipí siúcra faoi cheannteideal 1702 agus síoróipí siúcra blaistithe atá faoi cheannteideal 2106.

c)

Súnna torthaí nó glasraí, fiú má úsáidtear iad go díreach mar dheochanna (ceannteideal 2009).

d)

Íoca leighis atá faoi cheannteideal 3003 nó 3004.’

Dlí an Aontais Eorpaigh

AC

9

Mar is léir ó Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 2658/87, rialaíonn AC rangú taraife earraí a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach. Faoi Airteagal 3(1) den Rialachán sin, atáirgtear leis an Ainmníocht sin ceannteidil agus fo-cheannteidil sé dhigit de CC, agus an seachtú agus an t‑ochtú digit amháin ag cruthú fo-cheannteidil bhreise atá sainiúil do AC.

10

Tá sraith réamhfhorálacha i gCuid a hAon de AC. Sa chuid sin, faoi Roinn I, dar teideal ‘Rialacha ginearálta’, foráiltear le pointe A den Roinn sin, a bhaineann le rialacha ginearálta maidir le léiriú AC, mar seo a leanas:

‘Rialófar aicmiú earraí [in AC] leis na prionsabail seo a leanas:

1.

Ní sholáthraítear ceannteidil ranna, caibidlí agus fochaibidlí ach amháin chun tagairt dóibh a éascú; chun críocha dleathacha, déanfar aicmiú a chinneadh de réir théarmaí na gceannteideal agus aon roinn ábhartha nó aon nóta caibidle ábhartha agus, ar choinníoll nach gceanglaítear a mhalairt leis na ceannteidil nó leis na nótaí sin, de réir na bhforálacha seo a leanas.

[...]

6.

Chun críocha dleathacha, déanfar aicmiú na n‑earraí i bhfo-cheannteidil a chinneadh de réir théarmaí na bhfo-cheannteideal sin agus aon nóta fo-cheannteidil ghaolmhair agus, mutatis mutandis, de réir na rialacha thuas, ar an tuiscint nach inchomparáide ach fo-cheannteidil atá ar an leibhéal céanna. Chun críocha na rialach sin, is infheidhme an roinn ábhartha agus na nótaí caibidle ábhartha freisin, ach amháin i gcás ina gceanglaítear a mhalairt leis an gcomhthéacs.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Áirítear i gCuid a Dó de AC, dar teideal ‘Sceideal na ndleachtanna’ Roinn IV maidir le ‘Táirgí na dtionscal bia; deochanna, biotáillí agus fínéagair; tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; nicitín ina bhfuil nó nach bhfuil ceaptha lena n‑ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá beartaithe chun nicitín a ionsú i gcorp an duine’. Sa Roinn sin tá Caibidlí 21 agus 22 de AC, dar teideal ‘Ullmhóidí inite ilghnéitheacha’ agus ‘Beomaí, biotáillí agus fínéagar’ faoi seach’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Faoi Nóta Breise 5 a ghabhann le Caibidil 21 de AC:

‘Tá ullmhóidí bia eile a chuirtear i láthair i ndáileoga tomhaiste, amhail capsúil, táibléid, paistilí agus piollaí, agus atá beartaithe lena n‑úsáid mar fhorbhianna, le haicmiú faoi cheannteideal 2106, mura sonraítear nó mura gcuirtear san áireamh iad in áit eile.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Áirítear leis an gCaibidil 21 sin, go háirithe, an ceannteideal agus na fo-cheannteidil seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

Gnáthráta dleachta (%)

Aonad forlíontach

1

2

3

4

[...]

 

 

 

2106

Ullmhóidí bia nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

 

 

[...]

 

 

 

2106 90

– Eile:

 

 

[...]

 

 

 

2106 90 98

– – – Eile

9 […]

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Áirítear i gCaibidil 22 de AC ceannteideal 2202 den Ainmníocht sin agus a fho-cheannteidil, mar a leanas:

Cód AC

Tuairisc

Gnáthráta dleachta (%)

Aonad forlíontach

1

2

3

4

[...]

 

 

 

2202

Uiscí, lena n‑áirítear uiscí mianracha agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo nó atá blaistithe, agus deochanna neamhalcólacha eile, seachas súnna torthaí nó glasraí atá faoi cheannteideal 2009:

 

 

[...]

 

 

 

2202 99

– – Eile:

[...]

 

 

[...]

 

 

 

2202 99 19

– – – – Eile:

[...]

9.6

1

[...]

 

 

 

15

Chun críocha na díospóide sna príomhimeachtaí, tá Nótaí Míniúcháin AC arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún Eorpach de bhun an dara fleasc d’Airteagal 9(1)(a) de Rialachán Uimh. 2658/87 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 29 Márta 2019 (IO 2019 C 119, lch. 1; ‘Nótaí Míniúcháin AC’) ábhartha.

16

Is é ‘Breithnithe ginearálta’ an teideal atá ar an gcuid réamhráiteach de Nótaí Míniúcháin AC a bhaineann le Caibidil 21 den Ainmníocht sin agus is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht:

‘Ní mór aicmiú “forbhianna” (dá dtagraítear i Nótaí Míniúcháin AC, Ceannteideal 2106, pointe 16) agus, go háirithe, aicmiú ullmhóidí bia eile atá cóirithe ina ndáileoga tomhaiste, amhail capsúil, táibléid, paistilí agus piollairí, agus atá beartaithe lena n‑úsáid mar fhorbhianna, a mheas freisin i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i (mbreithiúnas an 17 Nollaig 2009, Swiss Caps (C‑410/08 go C‑412/08, EU:C:2009:794)).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17

De réir na mbreithnithe ginearálta a leagtar amach sa chuid réamhráiteach de Nótaí Míniúcháin AC a bhaineann le Caibidil 22 di:

‘[...]

Cumhdaítear leis an gcaibidil seo – a mhéid nach íoca leighis iad – ullmhóidí athbhríocha atá oiriúnach lena gcaitheamh go díreach mar dheochanna, cé gur i gcainníochtaí beaga a thógtar iad, mar shampla. Déantar ullmhóidí athbhríocha neamhalcólacha nach mór a chaolú sula n‑óltar mar dheochanna iad a eisiamh ón gcaibidil seo agus tagann siad faoi cheannteideal 2106.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18

A mhéid a bhaineann le ceannteideal 2202 de AC, leagtar amach an méid seo a leanas i Nótaí Míniúcháin AC:

‘[...]

Is leachtanna iad deochanna neamhalcólacha faoin gceannteideal seo atá oiriúnach go díreach agus a bheartaítear lena n‑ól ag an duine gan beann ar an gcainníocht ina n‑ionsúitear iad, nó ar na críocha speisialta ar féidir cineálacha éagsúla leachtanna a thomhailt ina leith, a mhéid nach n‑áirítear iad faoi aon cheannteideal níos sonraí eile. Ní féidir lena n‑aicmiú a bheith ag brath ar fhachtóirí suibiachtúla agus athraitheacha amháin, amhail an chaoi a n‑ídítear iad nó cuspóir a n‑ionsúcháin, mar shampla, chun tart a mhúchadh nó chun an corp a choinneáil sláintiúil (féach (breithiúnas an 26 Márta 1981, Dr Ritter (114/80, EU:C:1981:79)) [...]’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

19

A mhéid a bhaineann le fo-cheannteideal 22029919 de AC, leagtar amach an méid seo a leanas Nótaí Míniúcháin AC:

‘Áirítear leis an bhfo-cheannteideal seo ullmhóidí athbhríocha mar a thuairiscítear i Nótaí Míniúcháin AC a ghabhann leis an gCaibidil seo, Breithnithe Ginearálta, an dara mír. Féadfaidh na deochanna neamhalcólacha sin, dá ngairtear forbhianna go minic, a bheith bunaithe ar eastóscáin ó phlandaí (lena n‑áirítear luibheanna) agus féadfaidh vitimíní agus/nó mianraí a bheith iontu. Go ginearálta, ba cheart go gcothódh na hullmhúcháin sin an tsláinte agus an fholláine i gcoitinne. Dá bhrí sin, ní hionann iad agus uiscí a bhfuil milsiú breise nó blaistithe curtha leo agus deochanna neamhalcólacha eile faoi fho-cheannteideal 22021000, dá dtagraítear i Nóta Míniúcháin CC a ghabhann le ceannteideal 2202, litir A.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2002/46/CE

20

Foráiltear le hAirteagal 2 de Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO 2002 L 183, lch. 51) mar a leanas:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “forbhianna”, earraí bia atá beartaithe lena gcur leis an ngnáth-aiste bia agus ar foinse chomhchruinnithe cothaitheach nó substaintí eile iad a bhfuil éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu leo féin nó i gcomhcheangal le chéile, a mhargaítear i ndáileoga tomhaiste, eadhon foirmeacha amhail capsúil, paistilí, táibléid, piollaí agus foirmeacha comhchosúla eile, chomh maith le saicíní púdair, ampaill leachta, buidéil dáilte braoin agus foirmeacha comhchosúla eile ullmhóidí leachtacha nó púdair atá beartaithe lena nglacadh in aonaid tomhaiste de chainníocht bheag;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

21

Dáileann Prisum Healthcare forbhia i bhfoirm leachtach, ar a dtugtar ‘Feroglobin liquid plus’, arna mhargú i mbuidéil phlaisteacha 200 millilítear (ml), ina bhfuil iarann i bhfoirm sulfáit fheiriúil, coimpléasc vitimín, salainn mhianracha, eastóscáin plandaí, eastóscáin torthaí nádúrtha, cothaithigh eile, mil, siúcra agus síoróip glúcóis (‘an táirge atá i gceist’). Molann Prisum Healthcare go dtógfar dhá spúnóg in aghaidh an lae den táirge atá i gceist agus sonraíonn sé go bhfuil sé beartaithe haemaglóibin agus fuilchealla dearga a fhoirmiú, rud a chuireann le cothromaíocht na sláinte, le folláine ghinearálta na collaine agus le gnáthfheidhmiú an chórais imdhíonachta.

22

I mí an Mhárta 2023, chuir Prisum Healthcare iarratas faoi bhráid údarás custaim na Rómáine maidir le faisnéis taraife cheangailteach a eisiúint chun an táirge atá i gceist a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC, go háirithe faoi fho-cheannteideal 21069098.

23

An 7 Iúil 2023, d’eisigh an t‑údarás sin cinneadh maidir le faisnéis taraife cheangailteach inar luaigh sé, chun críocha a aicmithe taraife, gur ghá an táirge atá i gceist a mheas mar dheoch athbhríoch bhuidéalaithe de réir bhrí cheannteideal 2202 de AC.

24

Rinne Prisum Healthcare gearán i gcoinne an chinnidh sin.

25

An 6 Meán Fómhair 2023, dhiúltaigh údarás custaim na Rómáine don ghearán sin agus dhiúltaigh sé an táirge atá i gceist a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC. Bhí an t‑údarás sin den tuairim nach raibh ceannteidil shonracha in AC le haghaidh táirgí a mhargaítear mar fhorbhianna agus nár léir ach oiread ón Ainmníocht sin gur ghá forbhianna a aicmiú faoi cheannteideal 2106 di, gan beann ar a saintréithe. Agus tagairt á déanamh go háirithe do Riail Ghinearálta 1 maidir le léiriú AC, luaigh an t‑údarás sin gurbh iomchuí gan ach na táirgí sin nach bhféadfaí a aicmiú faoi cheannteidil shonracha eile a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC. D’fhéadfaí forbhianna, amhail an táirge atá i gceist, a aicmiú faoi cheannteidil éagsúla de AC. Ar bhonn na bhforas sin, bhí údarás custaim na Rómáine den tuairim gur ullmhóid i bhfoirm leachtach a bhí sa táirge atá i gceist, a ceapadh lena hól i bhfoirm íon, sa chaoi gur cheart é a aicmiú faoi cheannteideal 2202 de AC.

26

Thionscain Prisum Healthcare caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair Curtea de Apel Bucureşti (an Chúirt Achomhairc, Búcairist, an Rómáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur.

27

Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, easaontaíonn na páirtithe, go bunúsach, ar cheart táirgí i bhfoirm leachtach, a mhargaítear mar fhorbhianna, a aicmiú faoi cheannteideal taraife seachas ceannteideal 2106, ós rud é nach bhfuil ceannteidil shonracha in AC le haghaidh táirgí a mhargaítear mar fhorbhianna, gan beann ar a bhfoirm (leacht, soladach, capsúil, etc.).

28

Áitíonn Prisum Healthcare, go bunúsach, i bhfianaise a shaintréithe teicniúla sonracha agus d’ainneoin a fhoirme leachtaí, gur forbhia é an táirge atá i gceist de réir bhrí Threoir 2002/46 agus gur cheart, dá bhrí sin, é a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC, agus go sonrach faoi fho-cheannteideal 21069098 di. Thairis sin, trí na cúiseanna lena chinneadh a lua i bhfianaise fhoirm leachtach an táirge sin, rinne údarás custaim na Rómáine neamhaird ar an gcásdlí a d’eascair as breithiúnas an 17 Nollaig 2009, Swiss Caps (C‑410/08 go C‑412/08, EU:C:2009:794).

29

Ar an taobh eile, de réir údarás custaim na Rómáine, leanann sé ó bhreithiúnas an 26 Márta 1981, Dr Ritter (114/80, EU:C:1981:79), nach mór gach earra a chuirtear i láthair i bhfoirm leachtach, mar atá i gcás an táirge atá i gceist, a aicmiú faoi cheannteideal 2202 de AC, lena gcumhdaítear ‘deochanna neamhalcólacha’ agus ‘deochanna nó ullmhóidí athbhríocha’, gan beann ar a lipéadú mar fhorbhianna.

30

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil feidhm ag an gcásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas sin maidir leis an díospóid atá os a comhair. Tugadh an breithiúnas sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán Uimh. 2658/87 agus bhain sé le deoch athbhríoch seachas le forbhia. Ina theannta sin, ar thaobh amháin, chinn Coiste CC táirge ag a bhfuil saintréithe atá inchomparáide le saintréithe an táirge atá i gceist a aicmiú faoi cheannteideal 2106 den chóras sin agus, ar an taobh eile, is léir ó bhreithiúnas an 17 Nollaig 2009, Swiss Caps (C‑410/08 go C‑412/08), gur cheart forbhia i bhfoirm capsúl a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC.

31

Sna himthosca sin, chinn Curtea de Apel București (an Chúirt Achomhairc, Búcairist) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear [AC], a léiriú sa chaoi:

go dtagann ullmhóid bia i bhfoirm leachtach ina bhfuil iarann (i bhfoirm sulfáit neamhfheiriúil), coimpléasc vitimín, salainn mhianracha, eastóscáin plandaí, eastóscáin nádúrtha torthaí, cothaithigh eile, mil, siúcra agus síoróip glúcóis, a chaitear mar sin i [ndáileoga] dhá thaespúnóg in aghaidh an [lae], a mhargaítear i mbuidéil phlaisteacha 200 ml, atá ceaptha lena n‑úsáid go sonrach i bhfoirmiú haemaglóibin agus fuilchoirpíní dearga agus a bhfuil feidhm acu mar [fhorbhia] a chuireann le cothromaíocht na sláinte, le folláine ghinearálta na collaine agus le gnáthfheidhmiú an chórais imdhíonachta, faoi cheannteideal 2202 [de AC] dá dtagraítear thuas toisc go bhfuil d’éifeacht ag a fhoirm leachtach é a eisiamh ón aicmiú faoi cheannteideal 2106?

An cheist a tharchuirtear

32

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil AC le léiriú sa chaoi go dtagann ullmhóid bia i bhfoirm leachtach ina bhfuil iarann i bhfoirm sulfáit neamhfheiriúil, coimpléasc vitimín, salainn mhianracha, eastóscáin plandaí, eastóscáin nádúrtha torthaí, cothaithigh eile, mil, siúcra agus síoróip glúcóis, atá le caitheamh mar sin ar bhonn dhá spúnóg in aghaidh an lae, a mhargaítear i mbuidéil phlaisteacha 200 ml, atá ceaptha lena n‑úsáid go sonrach i bhfoirmiú haemaglóibin agus fuilchoirpíní dearga agus a bhfuil feidhm acu mar fhorbhia a chuireann le cothromaíocht na sláinte, le folláine ghinearálta na collaine agus le gnáthfheidhmiú an chórais imdhíonachta, faoi cheannteideal 2106 nó faoi cheannteideal 2202 den Ainmníocht sin.

33

Chun an cheist a tharchuirtear a fhreagairt, ba cheart a mheabhrú, mar réamhphointe, nuair a dhéantar tarchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú maidir le haicmiú taraife, gurb é an fheidhm atá aici treoir a thabhairt don chúirt náisiúnta maidir leis na critéir a gcuirfidh a gcur chun feidhme ar a cumas na táirgí lena mbaineann a aicmiú i gceart de réir AC, seachas an t‑aicmiú sin a dhéanamh í féin. Is toradh é an t‑aicmiú sin ar mheasúnú fíorasach amháin nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé a dhéanamh i gcomhthéacs tarchur chun réamhrialú (breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, Mikrotīkls, C‑542/21, EU:C:2022:814, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, i gcomhréir le Riail Ghinearálta 1 maidir le léiriú AC, go bhfuil rangú taraife earraí le cinneadh de réir théarmaí na gceannteideal agus de réir aon roinne nó nótaí caibidle ábhartha a ghabhann leis an Ainmníocht sin. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus fíorú éasca, tá an critéar cinntitheach maidir le haicmiú taraife na n‑earraí sin le lorg go ginearálta ina saintréithe agus ina n‑airíonna oibiachtúla mar a shainmhínítear i bhfoclaíocht cheannteideal AC agus sna nótaí roinne nó caibidle comhfhreagracha. D’fhéadfadh úsáid bheartaithe an táirge lena mbaineann a bheith ina critéar oibiachtúil maidir le haicmiú, ar choinníoll gur gné dhílis den táirge í, agus ní mór measúnú a dhéanamh uirthi ar bhonn shaintréithe agus airíonna oibiachtúla an táirge (breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, Mikrotīkls, C‑542/21, EU:C:2022:814, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt arís agus arís eile, cé nach bhfuil feidhm cheangailteach ag na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le CC, gur ionstraimí tábhachtacha iad chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Comhtharaife Custaim a áirithiú agus, dá réir sin, chun cabhracha úsáideacha a sholáthar chun an Taraif sin a léiriú (breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, Mikrotīkls, C‑542/21, EU:C:2022:814, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36

Maidir leis sin, baineann foclaíocht cheannteideal 2106 de AC le ‘hullmhóidí bia nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile’. Luaitear i Nóta Breise 5 a ghabhann le Caibidil 21 de AC go gcumhdaítear leis an gceannteideal atá i gceist, inter alia, ullmhóidí bia eile a chuirtear i láthair i ndáileoga tomhaiste, amhail capsúil, táibléid, paistilí agus piollaí, agus atá beartaithe lena n‑úsáid mar fhorbhianna, mura sonraítear nó mura gcuirtear san áireamh iad in áit eile.

37

Dá bhrí sin, má thagann ullmhóid bia faoi cheannteideal 2202 de AC, eisiatar í dá bhrí sin ó cheannteideal 2106 de AC.

38

Dá bhrí sin, is gá a fháil amach an féidir ullmhóid bia i bhfoirm leachtach a aicmiú faoi cheannteideal 2202 den Ainmníocht sin.

39

De réir a fhoclaíochta, cumhdaítear leis an gceannteideal deireanach sin uiscí, lena n‑áirítear uiscí mianracha agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo nó atá blaistithe, agus deochanna neamhalcólacha eile, seachas súnna torthaí nó glasraí.

40

Sa chéad áit, maidir leis an téarma ‘deoch’, nach sainmhínítear in AC, in CC ná sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann leo, chinn an Chúirt cheana féin, i míreanna 8 agus 9 de bhreithiúnas an 26 Márta 1981, Dr Ritter (114/80, EU:C:1981:79), go bunúsach, nach mór an téarma sin a thuiscint mar choincheap cineálach, lena n‑ainmnítear na leachtanna uile atá ceaptha lena n‑ól ag an duine, ar choinníoll nach bhfuil siad faoi réir aicmiú sonrach eile, ionas go dtagraíonn an téarma sin d’aon leacht atá oiriúnach lena ól ag an duine agus atá beartaithe don úsáid sin, beag beann ar an gcainníocht a ionsúitear nó ar na críocha ar leith ar féidir cineálacha éagsúla leachtacha a thomhailt nó ar na hamhábhair a úsáidtear.

41

I ndáil leis sin, cé gur tugadh an breithiúnas sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán Uimh. 2658/87 agus go mbaineann sé le léiriú cheannteidil 2106 agus 2202 den sean‑Comhtharaif Chustaim, tá sé fós ábhartha go hiomlán sa chás seo, ós rud é nár leasaíodh forálacha ábhartha na gceannteideal taraife atá i gceist agus na forálacha lena rialaítear a léiriú.

42

Sa dara háit, is léir ó na breithnithe ginearálta sa chuid réamhráiteach de na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le Caibidil 22 de AC go dtagann ullmhóidí athbhríocha is féidir a thomhailt ina bhfoirm íon mar dheochanna faoin gCaibidil sin, ‘fiú má ionsúitear i gcainníochtaí beaga iad (mar shampla, le spúnóg)’. Os a choinne sin, tagann ullmhóidí athbhríocha neamhalcólacha ‘nach mór a chaolú sula n‑óltar mar dheochanna’ iad go ginearálta faoi cheannteideal 2106 de AC.

43

Agus tagairt á déanamh do bhreithiúnas an 26 Márta 1981, Dr Ritter (114/80, EU:C:1981:79), luaitear sa Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 2202 de AC gur leachtanna lena n‑ól ag an duine iad deochanna neamhalcólacha a thagann faoin gceannteideal sin, atá oiriúnach lena n‑úsáid i bhfoirm íon mar dheochanna, gan beann ar an gcainníocht a ionsúitear ná ar na críocha ar leith ar féidir cineálacha éagsúla leachtanna a thomhailt ina leith, a mhéid nach dtagann na deochanna sin faoi cheannteideal níos sonraí eile de AC. Luaitear freisin nach féidir lena n‑aicmiú a bheith ag brath ar fhachtóirí suibiachtúla agus athraitheacha amháin, amhail an bealach ina n‑ídítear iad nó cuspóir a n‑ionsúcháin, mar shampla, chun tart a mhúchadh nó chun an corp a choinneáil sláintiúil.

44

Thairis sin, mar a luaitear i Nótaí Míniúcháin AC maidir le fo-cheannteideal 22029919 di, deochanna neamhalcólacha, dá ngairtear ‘forbhianna’ go minic, a fhógraítear a bheith tairbhiúil don tsláinte agus don fholláine, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar eastóscáin plandaí, lena n‑áirítear luibheanna aramatacha, agus a bhfuil vitimíní nó mianraí breise iontu, ní mór iad a aicmiú i bprionsabal faoin bhfo-cheannteideal sin de AC.

45

Sa tríú háit, mar a thug Rialtais na Rómáine agus na Polainne agus an Coimisiún faoi deara, ní féidir a thuiscint ó bhreithiúnas an 17 Nollaig 2009, Swiss Caps (C‑410/08 go C‑412/08, EU:C:2009:794), gur cheart aon ullmhóid bia a mheastar a bheith ina forbhia a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC. Sa bhreithiúnas sin, níor chinn an Chúirt ach, gan an fhéidearthacht a chur as an áireamh go bhféadfaí forbhia i bhfoirm leachtach a aicmiú faoi cheannteideal 2202 den Ainmníocht sin, nár mhór forbhianna i bhfoirm capsúl a aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC.

46

Sa cheathrú háit, ós rud é go ndéantar an táirge atá i gceist a mhargú mar ‘fhorbhia’ faoi Threoir 2002/46, ní chuirtear bac ar aicmiú an táirge sin faoi cheannteideal 2202 de AC, i bhfianaise chuspóirí na Treorach sin agus chuspóirí AC atá éagsúil go bunúsach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Nollaig 2016, LEK, C‑700/15, EU:C:2016:959, míreanna 34 go 37).

47

Sa chúigiú háit agus san áit dheireanach, maidir le Tuairim 2106.90/43 maidir le hAicmiú, a ghlac Coiste CC ag an 71ú seisiún a tionóladh i mí an Mhárta 2023, dá dtagraíonn Prisum Healthcare ina bharúlacha i scríbhinn, tar éis táirge a aicmiú ag a bhfuil saintréithe atá inchomparáide le saintréithe an táirge atá i gceist faoi cheannteideal 2106 de CC, ní mór a mheabhrú, mar a rinne Rialtas na Rómáine agus Rialtas na Polainne agus an Coimisiún, i bhfianaise bhreithiúnas an 26 Márta1981, Dr Ritter (114/80, EU:C:1981:79), go ndearna an tAontas iarraidh ar athbhreithniú ar an Tuairim sin maidir le hAicmiú. Mar sin féin, ós rud é gur dhiúltaigh Coiste CC don iarraidh sin, chuir an Coimisiún in iúl d’Ardrúnaí EDC, trí theachtaireacht i scríbhinn an 15 Nollaig 2023, nach mbeadh sé in ann, mar gheall ar an mbreithiúnas sin, an Tuairim sin maidir le hAicmiú a chur i bhfeidhm.

48

In aon chás, chinn an Chúirt cheana féin, cé gur comharthaí iad tuairimí CC a chuireann go mór le léiriú raon feidhme cheannteidil éagsúla AC, nach bhfuil feidhm dhlíthiúil cheangailteach acu agus nach mór neamhaird a thabhairt orthu má dhealraíonn sé go bhfuil a léiriú ar neamhréir le foclaíocht cheannteideal AC atá i gceist (féach, chuige sin, ordú an 19 Eanáir 2005, SmithKline Beecham, C‑206/03, EU:C:2005:31, míreanna 24 go 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Fágann sé sin gur féidir ullmhóidí bia i bhfoirm leachtach, i gcás inar féidir, leis an bhfoirm sin, iad a cheapadh lena n‑ól ag an duine mar dheochanna, gan beann ar an gcainníocht a ionsúitear ná ar an úsáid ar leith ar féidir iad a thomhailt ina leith, a aicmiú faoi cheannteideal 2202 de AC, a mhéid nach bhfuil siad san áireamh in aon cheannteideal níos sainiúla eile de AC sin. Ní mór an fhoirm leachtach ina bhfaightear ullmhóidí bia den sórt sin a mheas mar shaintréith oibiachtúil lena n‑eisiatar iad ó aicmiú faoi cheannteideal 2106 de AC.

50

I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór AC a léiriú sa chaoi go dtagann ullmhóid bia i bhfoirm leachtach ina bhfuil iarann i bhfoirm sulfáit neamhfheiriúil, coimpléasc vitimín, salainn mhianracha, eastóscáin plandaí, eastóscáin nádúrtha torthaí, cothaithigh eile, mil, siúcra agus síoróip glúcóis, a chaitear mar sin i ndáileoga dhá thaespúnóg in aghaidh an lae, a mhargaítear i mbuidéil phlaisteacha 200 ml, atá ceaptha lena n‑úsáid go sonrach i bhfoirmiú haemaglóibin agus fuilchoirpíní dearga agus a bhfuil feidhm acu mar fhorbhia a chuireann le cothromaíocht na sláinte, le folláine ghinearálta na collaine agus le gnáthfheidhmiú an chórais imdhíonachta, faoi cheannteideal 2202 den Ainmníocht sin.

Costais

51

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Naoú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

tagann ullmhóid bia i bhfoirm leachtach ina bhfuil iarann i bhfoirm sulfáit neamhfheiriúil, coimpléasc vitimín, salainn mhianracha, eastóscáin plandaí, eastóscáin nádúrtha torthaí, cothaithigh eile, mil, siúcra agus síoróip glúcóis, a chaitear mar sin i ndáileoga dhá thaespúnóg in aghaidh an lae, a mhargaítear i mbuidéil phlaisteacha 200 millilítear, atá ceaptha lena n‑úsáid go sonrach i bhfoirmiú haemaglóibin agus fuilchoirpíní dearga agus a bhfuil feidhm acu mar fhorbhia a chuireann le cothromaíocht na sláinte, le folláine ghinearálta na collaine agus le gnáthfheidhmiú an chórais imdhíonachta, faoi cheannteideal 2202 den Ainmníocht sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.