TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 10 Aibreán 2025 ( 1 )

Cás C‑703/23 P

Elena Petrovna Timchenko

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Achomharc – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Cinneadh 2014/145/CBES – Toirmeasc ar theacht isteach i gcríocha na mBallstát nó ar idirthuras trí na críocha sin – Reo na gcistí agus na n‑acmhainní eacnamaíocha – Ainm an achomharcóra a choinneáil ar liosta – Airteagal 1(1) in fine agus Airteagal 2(1) in fine de Chinneadh 2014/145/CBES – An coincheap ‘ceangal’ i gcás beirt atá nasctha trí ghaol teaghlaigh)

I. Réamhrá

1.

Baineann an Tuairim seo le hachomharc a rinne Elena Petrovna Timchenko, an t‑achomharcóir sa chás seo, lena n‑iarrtar go gcuirfí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 6 Meán Fómhair 2023, Timchenko v an Chomhairle (T‑361/22, an breithiúnas atá faoi achomharc, EU:T:2023:502) ar neamhní.

2.

Lena breithiúnas, dhíbh an Chúirt Ghinearálta caingean an iarratasóra chun iad seo a leanas a chur ar neamhní ar bhonn Airteagal 263 CFAE:

ar thaobh amháin, Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3), ( 2 )

ar an taobh eile, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena gcuirtear chun Feidhme Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), ( 3 )

sa mhéid a bhaineann na gníomhartha ( 4 ) sin leis an iarratasóir. Ar bhonn na ngníomhartha sin, chuir Comhairle an Aontais Eorpaigh, inter alia, an t‑iarratasóir faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríocha na mBallstát nó ar idirthuras trí na críocha sin agus rinne sí a chistí agus a acmhainní eacnamaíocha uile a reo sna críocha sin. Rinne an Chúirt Ghinearálta caingean an achomharcóra a dhíbhe freisin a mhéid a iarradh léi, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, go dtabharfaí cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a líomhnaítear a d’fhulaing sí toisc gur glacadh na gníomhartha sin.

3.

Go sonrach, rinne an Chúirt Ghinearálta léiriú ar an gcoincheap ‘comhlachas’ dá dtagraítear in Airteagal 1(1) in fine agus in Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, ( 5 ) sa chaoi go mbaineann sé le daoine nádúrtha nó dlíthiúla atá, go ginearálta, nasctha le leasanna coitianta, gan gá go mbeidís nasctha ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de. Maidir le daoine d’aon teaghlach amháin, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, nach mór go mbeadh níos mó ná gaol teaghlaigh i gceist leis an nasc agus nach mór go mbeadh leasanna coitianta idirghaolmhara ann go hoibiachtúil. Ar an mbonn sin, chinn an Chúirt Ghinearálta nach ndearna an Chomhairle earráid mheasúnaithe nuair a mheas sí, ina cáil mar chomhalta de chomhairle riaracháin an Fhondúireacht Elena agus Gennady Timchenko, ( 6 ) go raibh an t‑achomharcóir nasctha lena fear céile, ar fear é féin a chomhlíon na critéir liostaithe dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145, arna leasú, mar is léir ó bhreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2023, Timchenko v an Chomhairle (T‑252/22, EU:T:2023:496.)

4.

Cáineann an t‑achomharcóir réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta agus cuireann sí ina leith go ndearna sí earráid dlí agus léiriú á dhéanamh aici ar an gcoincheap ‘comhlachas’. Dar léi, chuirfí an critéar dá bhforáiltear le hAirteagal 1(1) in fine agus in Airteagal 2(1) in fine de Chinneadh 2014/145 arna leasú chun infheidhmeachta maidir le daoine nádúrtha leis an léiriú sin toisc go bhfuil gaol teaghlaigh eatarthu agus dá toisc sin amháin, rud a thagann salach ar chásdlí na Cúirte. Thairis sin measann sí, maidir leis an gcás reatha, nár shonraigh an Chúirt Ghinearálta cé na leasanna coiteanna a bhí aici lena fear céile lena bhfuil níos mó i gceist ná na comhleasanna atá mar ghné dhílis d’aon chaidrimh teaghlaigh.

5.

Baineann an cás seo le ceann de na chéad achomhairc os comhair na Cúirte maidir leis na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle in 2022 tar éis d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. ( 7 ) Tá deis á fáil ag an gCúirt aghaidh a thabhairt ar léiriú ar Airteagal 1(1) in fine agus ar Airteagal 2(1) in fine de Chinneadh 2014/145 arna leasú, a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlíthiúla, eintitis nó comhlachtaí atá nasctha le daoine nádúrtha nó dlíthiúla a chomhlíonann ar a laghad ceann amháin de na critéir liostaithe a leagtar síos leis na hAirteagail sin.

6.

Ba cheart a lua freisin go bhfuil baint ag an gcás seo le Cás C‑702/23 P, a eascraíonn as an achomharc a rinne Gennady Nikolayevich Timchenko, fear céile an achomharcóra sa chas seo. Leis an achomharc sin, iarrann Timchenko go gcuirfí ar neamhní breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 6 Meán Fómhair 2023, Timchenko v an Chomhairle (T‑252/22, EU:T:2023:496), lenar dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta go n‑áireofaí é ar na liostaí de bhearta sriantacha ar bhonn inter alia na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 1(1)(a) agus (b) de Chinneadh 2014/145 arna leasú. Tá an Tuairim sa chás sin á tabhairt inniu freisin.

II. Fíorais na díospóide, an nós imeachta, agus na horduithe atá á lorg

A.   Cúlra na díospóide

7.

Tá cúlra na díospóide leagtha amach i míreanna 2 go 16 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus féadfar, chun críocha na Tuairime seo, achoimre a dhéanamh air mar seo a leanas.

8.

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES ( 8 ) ar bhonn Airteagal 29 CFAE. An lá céanna, ar bhonn Airteagal 215 CFAE, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. ( 9 )

9.

Tar éis ionradh fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, ghlac an Chomhairle, an 25 Feabhra 2022, Cinneadh (CBES) 2022/329 lena leasaítear Cinneadh 2014/145 (IO 2022 L 50, lch. 1) agus Rialachán (AE) 2022/330 lena leasaítear Rialachán Uimh. 269/2014 (IO 2022 L 51, lch. 1), chun, inter alia, oiriúnú a dhéanamh ar na critéir faoina bhféadfaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chur faoi réir na mbeart sriantach atá i gceist.

10.

Is mar seo a leanas atá Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145, arna leasú le Cinneadh 2022/329: ( 10 )

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach nó idirthuras na ndaoine seo a leanas ar a gcríocha a chosc:

a)

daoine nádúrtha atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den chobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin, nó as na gníomhaíochtaí nó beartais sin a chur chun feidhme;

b)

daoine nádúrtha a dhéanann tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le lucht déanta cinntí na Rúise, lucht atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an lucht sin;

[...]

agus daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leo, mar a liostaítear san Iarscríbhinn.’

11.

Déantar foráil in Airteagal 2(1)(a) agus (d) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, maidir le reo cistí ar le daoine nádúrtha iad a chomhlíonann critéir arb ionann iad go bunúsach agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 1(1)(a) agus (b) den Chinneadh sin. Leagtar amach na critéir chéanna sin i Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú le Rialachán 2022/330. ( 11 )

12.

An 8 Aibreán 2022, i bhfianaise thromchúis na staide san Úcráin, ghlac an Chomhairle na gníomhartha tosaigh atá i gceist. Leis na gníomhartha sin, cuireadh ainm an iarratasóra, faoi uimhir 903, leis an liosta atá i gceangal le Cinneadh 2014/145, arna leasú, agus, faoin uimhir sin, leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, ar na cúiseanna seo a leanas:

‘Is í Elena Timchenko bean chéile an bhilliúnaí Gennady Timchenko, a liostaítear faoi Chinneadh [2014/145]. Glacann sí páirt ina ghnóthaí poiblí tríd an Timchenko Foundation. Tá tairbhe á baint aici, dá bhrí sin, as Gennady Timchenko, duine atá freagrach as tacaíocht a thabhairt le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a thabhairt do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus as tairbhe a bhaint as na cinnteoirí sin.’

13.

An 11 Aibreán 2022, foilsíodh fógra le haghaidh na ndaoine agus na n‑eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145, arna leasú, agus i Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO 2022 C 157, lch. 11).

14.

I ríomhphost dar dáta an 14 Aibreán 2022, d’iarr an t‑achomharcóir ar an gComhairle rochtain a thabhairt di ar an gcomhad iomlán a bhaineann léi, rud a tharla an 28 Aibreán 2022.

15.

Le litir dar dáta an 31 Bealtaine 2022, chuir an t‑iarratasóir iarraidh ar athbhreithniú chuig an gComhairle.

16.

An 14 Meán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle na gníomhartha cothabhála atá i gceist, inar coinníodh ainm an iarratasóra ar na liostaí atá i gceist ar bhonn ráiteas ar chúiseanna arb ionann é agus an ráiteas ar chúiseanna atá faoi chonspóid sna gníomhartha tosaigh atá i gceist.

17.

An 15 Meán Fómhair 2022, thug an Chomhairle fógra don iarratasóir faoi na gníomhartha cothabhála atá i gceist, agus í ag rá, go bunúsach, nach ndearna sí earráid mheasúnaithe, ós rud é go raibh na bearta sriantacha a raibh sí faoina réir bunaithe ar chur i bhfeidhm an choincheapa ‘comhlachas’ dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) in fine de Chinneadh 2014/145, arna leasú. I ndáil leis sin, chuir an Chomhairle in iúl go raibh ceangal an iarratasóra lena fear céile mar thoradh ní hamháin ar an ngaol teaghlaigh ach, chomh maith leis sin, ar a ról agus ar na gníomhaíochtaí a rinne sí sa Timchenko Foundation, a d'fhág gur ghlac sí páirt i ngníomhaíochtaí poiblí a fir chéile agus go raibh sí in ann tairbhe a bhaint astu, go háirithe ó thaobh staid shóisialta de.

B.   An nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

18.

Le hiarratas an 17 Meitheamh 2022, d’iarr an t‑achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta na gníomhartha tosaigh atá i gceist a chur ar neamhní, a mhéid a cuireadh a hainm ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha. D’iarr sí ar an gCúirt freisin cúiteamh a dhámhachtain di as an damáiste neamhábhartha a d’fhulaing sí toisc gur glacadh na gníomhartha sin, dar léi. Thairis sin, an 25 Samhain 2022, thaisc an t‑achomharcóir ráiteas modhnaithe chun an chuid oibríochtúil dá hiarratas a leasú, agus í ag cur iarratas chun na gníomhartha cothabhála atá i gceist a chur ar neamhní ann

19.

Ina caingean le haghaidh neamhniú, áitíonn an t‑achomharcóir, ar an gcéad dul síos, gur sháraigh an Chomhairle a ceart chun cosaint bhreithiúnach a fháil, agus an oibleagáid cúiseanna a lua a bhí ar an gComhairle. Ar an dara dul síos, déanann an t‑iarratasóir gearán go ndearna an Chomhairle earráid mheasúnaithe nuair a mheas sí go raibh sí ceangailte lena fear céile Gennady Timchenko, de réir bhrí Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, tríd an Timchenko Foundation. Ar an tríú dul síos, maíonn an t‑iarratasóir gur sháraigh an Chomhairle a ceart chun éisteacht a fháil.

20.

An 6 Meán Fómhair 2023, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean ina hiomláine, tar éis di na héilimh uile ón iarratasóir a dhíbhe.

21.

Go sonrach, maidir leis an earráid mheasúnaithe atá líomhnaithe ag an achomharcóir, ( 12 ) thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, cé gur minic a úsáidtear an coincheap ‘comhlachas’ i ngníomhartha na Comhairle a bhaineann le bearta sriantacha, nach bhfuil sé sainithe ann féin agus go mbraitheann a bhrí ar na comhthéacsanna agus ar na himthosca atá i gceist. Chinn an Chúirt Ghinearálta, áfach, i bhfianaise bhreithiúnas an 8 Márta 2023, Prigozhina v an Chomhairle (T‑212/22, ‘an breithiúnas in Prigozhina’, EU:T:2023:104), go gcumhdaítear leis an gcoincheap sin go ginearálta daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá nasctha trí leasanna coiteanna, gan gá go mbeidís nasctha trí bhíthin gníomhaíocht eacnamaíoch, áfach.

22.

Sna himthosca sin, dar leis an gCúirt Ghinearálta, d’fhéadfaí an coincheap ‘comhlachas’ dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha Chinneadh 2014/145, arna leasú, a léiriú mar thagairt d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas a bhfuil nasc aige a théann níos faide ná caidreamh teaghlaigh le duine atá faoi réir bearta sriantacha ar bhonn, mar atá sa chás seo, tacaíocht airgeadais nó ar bhonn na tairbhe a bhaineann siad as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionradh na hÚcráine nó ar bhonn na tacaíochta a tugadh le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. ( 13 ) Thairis sin, mheas an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfaí an léiriú thuas a thabhairt faoi cheist le haithris 7 de gach ceann de na gníomhartha tosaigh atá i gceist, ar bhraith an t‑achomharcóir orthu. ( 14 )

23.

Sa chás seo, chinn an Chúirt Ghinearálta gurbh iad an t‑achomharcóir agus a fear céile bunaitheoirí den Timchenko Foundation agus go raibh ról gníomhach acu sa mhéid go raibh baint dhíreach acu lena ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus go raibh cumhachtaí suntasacha acu maidir le riaradh na fondúireachta sin. Maidir leis an iarratasóir, bhí an rannpháirtíocht sin níos tromchúisí fós ós rud é go raibh sí ina comhalta de bhord stiúrthóirí an Timchenko Foundation freisin. ( 15 ) Chinn an Chúirt Ghinearálta ansin go raibh an Chomhairle i dteideal, gan earráid mheasúnaithe a dhéanamh, a mheas go raibh ceangal ag an achomharcóir, laistigh den Timchenko Foundation, lena fear céile, ar fear é féin a chomhlíon, mar ba léir ó bhreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2023, Timchenko v an Chomhairle (T‑252/22, EU:T:2023:496), na critéir a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a) agus (b) de Chinneadh 2014/105, arna leasú, agus bearta sriantacha a achtú ina coinne mar thoradh air sin. ( 16 )

24.

Ar deireadh, dhíbh an Chúirt Ghinearálta argóint an achomharcóra nach raibh aon bhaol ag baint lena gníomhaíochtaí laistigh den Timchenko Foundation go rachfaí timpeall ar na bearta sriantacha a raibh a fear céile faoina réir agus nach raibh baint acu leis an ionradh ar an Úcráin, ar an bhforas nár ghá an dá ghné sin a bhunú faoi na critéir a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a) agus (b) de Chinneadh 2014/145 arna leasú ná leis an gcásdlí. ( 17 )

C.   Na horduithe atá á lorg

25.

Lena hachomharc, arna thabhairt an 16 Samhain 2023, iarrann an t‑achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an chaingean de bhua an tuillteanais a réiteach agus na gníomhartha atá faoi chonspóid a chur ar neamhní sa mhéid a bhaineann siad léi, agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

26.

Iarrann an Chomhairle, le tacaíocht ón gCoimisiún, ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a dhíbhe;

a ordú don achomharcóir na costais a íoc.

III. Anailís dlí

27.

Mar thaca lena hachomharc, cuireann an t‑achomharcóir trí fhoras achomhairc chun cinn lena líomhnaítear, ar an gcéad dul síos, go ndearnadh earráid dlí agus léiriú á dhéanamh ar chritéar an chomhlachais arna bhunú le Cinneadh 2014/145 arna leasú i ndáil leis an gcoincheap 'leas coiteann', ar an dara dul síos, go ndearnadh earráid dlí trí léiriú mícheart ar an téarma 'go míchuí' in aithris 7 de Chinneadh 2022/582 agus, ar an tríú dul síos, go ndearnadh earráid dlí sa léiriú ar chritéar an cheangail maidir le cuspóir na mbeart sriantach agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

28.

I gcomhréir le hiarraidh spriocdhírithe na Cúirte, beidh mo chuid anailíse teoranta do na hargóintí a chuir an t‑iarratasóir chun cinn sa chéad fhoras achomhairc.

29.

Leis an bhforas achomhairc sin, áitíonn an t‑achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta critéar an chomhlachais, a leagtar síos in Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145 arna leasú, a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart.. ( 18 ) Tá sé ina dhá chuid, go bunúsach.

30.

Sa chéad chuid, áitíonn an t‑achomharcóir gur rud é, mar gheall ar léiriú na Cúirte Ginearálta, go gcuirtear an critéar sin i bhfeidhm ar dhaoine nádúrtha mar gheall go bhfuil caidreamh teaghlaigh acu le duine atá faoi réir bearta sriantacha agus mar gheall air sin amháin. Leis na téarmaí doiléire a úsáidtear sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, maíonn sí, d’fhéach an Chúirt Ghinearálta le líon an‑mhór cásanna a chumhdach, gan aon leasanna coiteanna a shainaithint a théann níos faide ná an caidreamh teaghlaigh amháin, ar thaobh amháin, nó, ar an taobh eile, gan bhrí an natha 'leasanna coiteanna idirghaolmhara' a thabhairt, mar a úsáideann an Chúirt Ghinearálta é sa bhreithiúnas atá faoi achomharc. Dar leis an iarratasóir, d’fhéadfadh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a shárú le léiriú den sórt sin, sa mhéid is go bhfuil sé neamhbheacht agus neamh-intuartha maidir leis na cásanna ina bhféadfadh sé a bheith infheidhme.

31.

Sa dara cuid maíonn an t‑achomharcóir, cé go n‑aithníonn sí gur gá comhthéacs agus imthosca gach cáis a chur san áireamh, gur cheart go mbeadh sé mínithe ag an gCúirt Ghinearálta, mar a mhínigh sí sa bhreithiúnas in Prigozhina, cén chaoi a dtéann na leasanna coiteanna atá i gceist sa chás seo thar raon na leasanna coiteanna atá ina ngné dhílis d’aon chaidreamh teaghlaigh de bharr a gcineáil, a gcáilíochta agus a gcainníochta, chun a bheith in ann a léiriú go hoibiachtúil gurb ann do 'leasanna coiteanna idirghaolmhara'. Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, maíonn sí gur chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh ceangal ag an achomharcóir lena fear céile gan aon cheangal gnó nó eacnamaíoch, caipitil nó ceangal eile a shainaithint idir an bheirt acu seachas caidreamh teaghlaigh amháin. Sonraíonn an t‑achomharcóir, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach ndearna an Chúirt Ghinearálta ach ceangal idir í féin agus a fear céile a bhaint de thátal as na gnáthfheidhmeanna agus na gnáthchumhachtaí a ghabhann le stádas mar bhunaitheoir i gcomhlachas carthanúil, cé gur cuid dá gcaidreamh teaghlaigh é leas coiteann na gcéilí tabhairt faoi ghníomhaíocht charthanúil.

32.

Cé go n‑áitíonn an Chomhairle gur cheart a dhearbhú go bhfuil an foras achomhairc seo neamh-inghlactha i bpáirt, a mhéid atá sé beartaithe, i bpáirt, chun measúnuithe fíorasacha na Cúirte Ginearálta a thabhairt faoi cheist, easaontaíonn sí leis na hargóintí a chuir an t‑achomharcóir chun cinn agus í ag brath, go bunúsach, ar réasúnú an bhreithiúnais atá faoi achomharc.

33.

Mar réamhphointe, ba mhaith liom a thabhairt faoi deara, a mhéid a áitíonn an Chomhairle go bhfuil an chéad fhoras achomhairc do-ghlactha, a mhéid a fhéachann an t‑achomharcóir le hamhras a chaitheamh ar mheasúnú na Cúirte Ginearálta ar an bhfianaise a cuireadh faoina bráid agus ar na cinntí fíorais a rinne an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur cheart argóint den sórt sin a dhíbhe.

34.

Ní mór a lua, i bhfianaise na n‑argóintí sonracha a cuireadh chun cinn san achomharc, nach bhféachann an t‑achomharcóir le cur i gcoinne na gcinntí fíorais atá, dar leis an gCúirt Ghinearálta, mar bhonn lena ceangal lena fear céile de réir bhrí Airteagal 1(1) in fine de Chinneadh 2014/145, arna leasú. Os a choinne sin, áitíonn an t‑achomharcóir gur chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh ceangal den sórt sin ann gan leasanna coiteanna a shainaithint, i gcomhréir leis na critéir a bhunaigh an Chúirt Ghinearálta féin roimhe sin ina breithiúnas, a bheadh mar cheangal ar an mbeirt chéile seachas caidreamh teaghlaigh amháin.

35.

Ní mór a mheas, dá bhrí sin, nach mbaineann na hargóintí a chuir an t‑achomharcóir chun cinn faoin bhforas seo leis na fíorais a mheas an Chúirt Ghinearálta ón tús a bheith léirithe i gceart, ag féachaint don fhianaise a chuir an Chomhairle ar fáil, ach le saintréithriú dlíthiúil na bhfíoras sin agus na hiarmhairtí dlíthiúla atá le baint astu, rud a thagann faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais i gcomhthéacs achomhairc.

36.

I ndáil leis sin, is leor a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair, cé nach bhfuil pointe dlí atá faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais ar achomharc i gceist le measúnú ar fhíorais agus ar an bhfianaise, ach amháin i gcás ina ndearnadh na fíorais agus an fhianaise a shaobhadh, go mbíonn dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais faoi Airteagal 256 CFAE athbhreithniú a dhéanamh ar shaintréithriú dlíthiúil na bhfíoras sin arna déanamh ag an gCúirt Ghinearálta agus ar na conclúidí dlíthiúla a bhain an Chúirt Ghinearálta astu. ( 19 )

37.

Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a áitíonn an Chomhairle, ba cheart a mheas go bhfuil an chéad fhoras achomhairc inghlactha.

38.

Maidir leis an tsubstaint, sa mhéid a bhaineann leis an gcéad chuid den fhoras achomhairc seo, áitíonn an t‑achomharcóir, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid léirithe agus gur sháraigh sí prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus sainmhíniú á tabhairt aici ar an gcoincheap ‘comhlachas’ a thagann ó Airteagal 1(1) in fine de Chinneadh 2014/145, arna leasú.

39.

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaidh na Ballstáit, faoi Airteagal 1(1)(a) agus (b) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, na bearta is gá chun cosc a chur ar theacht isteach ina gcríocha, nó ar idirthuras trína gcríocha, do dhaoine nádúrtha atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin agus, ar an dara dul síos, daoine a thacaíonn, go hábharach agus ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Tá feidhm ag an toirmeasc sin freisin, faoin abairt dheireanach den Airteagal sin, maidir le 'daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leo'.

40.

Ina theannta sin, ós rud é, sa Tuairim arna tabhairt inniu i gCás C‑702/23 P, Timchenko v an Chomhairle, go molaim go ndéanfaí achomharc Gennady Timchenko a dhíbhe, ar an bhforas nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar síos, go bunúsach, in Airteagal 1(1)(b) agus (a) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, ( 20 ) ní mór a mheas go dtiocfadh an t‑achomharcóir faoi raon feidhme Airteagal 1(1), in fine, den Chinneadh sin má chinnfidh go ndearna an Chúirt Ghinearálta critéar an cheangail a leagtar síos ann a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gceart.

41.

I ndáil leis sin, is léir ó mhíreanna 74 agus 76 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur chinn an Chúirt Ghinearálta go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘comhlachas’ daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil nasc eatarthu a théann níos faide ná caidreamh teaghlaigh, a bhféadfadh a leasanna a bheith nasctha i struchtúr dlíthiúil comhchoiteann nó atá, go ginearálta, nasctha trí leasanna coiteanna gan nasc trí ghníomhaíocht eacnamaíoch a bheith ag teastáil, áfach. Shonraigh an Chúirt Ghinearálta freisin, i gcás ina bhfuil na daoine sin nasctha trí chaidreamh teaghlaigh, gur gá a shuíomh go bhfuil nasc oibiachtúil ann idir leasanna coiteanna, nach gá a chur ar bhonn foirmiúil i struchtúr dlíthiúil arna chruthú chun na críche sin.

42.

De réir cásdlí socair, ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha dhlí an Aontais i bhfianaise a bhfoclaíochta, a gcomhthéacs agus na gcuspóirí a shaothraítear leis an acht lena mbaineann siad. ( 21 )

43.

A mhéid a bhaineann le léiriú liteartha ar an téarma ‘comhlachas’, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an téarma sin go coitianta le roinnt eintiteas a bhfuil nasc eatarthu. I gcás ina mbaineann sé le daoine, tagraítear do ghrúpa de bheirt daoine aonair ar a laghad a thagann le chéile chun comhchuspóir a bhaint amach. ( 22 ) Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí, ag an tús, i mír 74 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár mhór an téarma ‘ceangal’, dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, a thuiscint mar thagairt do ‘dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil nasc acu go ginearálta trí chomhleasanna’ nó mar thagairt do ‘aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas a bhfuil nasc aige... le duine atá faoi réir na mbeart sriantach’ de réir na gcritéar a leagtar síos san Airteagal sin.

44.

Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i bhfoclaíocht Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, nach bhfuil fachtóirí eile mar shaintréithe sonracha den téarma ‘ceangal’ lena bhféadfai raon feidhme a bhrí a theorannú. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh dá mbeadh aidiacht cháilitheach nó frása aidiachtach ag gabháil leis, amhail, mar shampla, na focail ‘dlíthiúil’ nó ‘eacnamaíoch’. Níl aon fhorlíontaí gramadaí eile ag gabháil leis lena bhrí a shoiléiriú. Sa chomhthéacs sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid ach an oiread nuair a chinn sí, go bunúsach, nár ghá nasc ‘trí ghníomhaíocht eacnamaíoch choiteann’ a bheith idir na leasanna coiteanna idir comhaltaí ceangailte, i gcomhréir le hAirteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, nó gur ghá iad a chur ar bhonn foirmiúil ‘i struchtúr dlíthiúil arna chruthú chun na críche sin’.

45.

Feictear dom go dtugtar tacaíocht leis na breithnithe thuas freisin leis an gcreat reachtach lena mbaineann critéar an cheangail a leagtar síos in Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, chomh maith leis na cuspóirí a shaothraítear leis an gcritéar sin agus leis na rialacha eile a ghabhann leis.

46.

Ó thaobh an chomhthéacs de, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go gcinntear le gach ceann de na critéir a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, ar bhealach beacht mionsonraithe, na gnéithe atá le comhlíonadh chun iad a chur i bhfeidhm maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, nach dtugtar tuilleadh sonraithe maidir leis na focail ‘daoine nádúrtha a bhfuil ceangal acu leo’, rud a fhágann nach mór a mheas, arís, cosúil leis an léiriú liteartha a leagtar amach thuas, nach mór léiriú a dhéanamh orthu gan aon srianta sonracha agus, go háirithe, gan gá a bheith ann, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl go cuí, go mbeadh an nasc idir na daoine lena mbaineann de chineál eacnamaíoch nó go mbeadh sé leagtha amach i struchtúr dlíthiúil sonrach.

47.

Feictear dom go n‑eascraíonn an t‑aon teorainn ar an bpointe sin ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le córais eile de bhearta sriantacha arna leagan síos ag an gComhairle. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt, agus léiriú á dhéanamh aici ar chritéar cheangail atá cosúil leis an gceann sa chás seo, maidir le córas na mbeart sriantach a fhorchuirtear i gcoinne Burma, nach féidir duine nádúrtha a bheith faoi réir bearta sriantacha díreach mar gheall ar a ghaol teaghlaigh le daoine atá faoi réir na mbeart sin iad féin agus beag beann ar a iompar pearsanta. ( 23 )

48.

Ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás seo, gur chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh, ina léiriú ar Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcásdlí sin, agus í ag rá go soiléir, i míreanna 74 agus 76 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chun go n‑aicmeofaí iad mar dhaoine a bhfuil ‘comhlachas’ eatarthu de réir bhrí na forála sin, nach mór do na daoine nádúrtha lena mbaineann an tAirteagal sin ‘nasc a bheith acu a théann níos faide ná caidreamh teaghlaigh amháin’, ionas, i gcás ina bhfuil beirt nasctha le caidreamh den sórt sin, nach mór a shuíomh 'go hoibiachtúil gurb ann do leas coiteann idirghaolmhar'.

49.

Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑achomharcóir, le sainmhíniú na Cúirte Ginearálta ní chuirtear teorainn leis an gcoincheap 'comhlachas' ionas nach bhfuil i gceist leis ach gníomhaíochtaí comhpháirteacha a d’fhéadfadh a bheith ag beirt den teaghlach céanna, amhail céilí, i gcomhthéacs a gcaidrimh teaghlaigh. Leis an léiriú ón gCúirt Ghinearálta tugtar le tuiscint nach mór don Chomhairle, mar an t‑údarás atá freagrach as na tuillteanais a léiriú maidir le duine nádúrtha a áireamh ar liostaí na mbeart sriantach mar dhuine atá i ‘gcomhlachas’ le duine liostaithe eile, a chruthú gurb ann do leasanna coiteanna a théann níos faide ná na leasanna coiteanna a d’fhéadfadh a bheith ag baill den teaghlach céanna i gcomhthéacs a gcaidrimh.

50.

Maidir le cuspóir chritéar 'an chomhlachais’ in Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, ní mór léiriú a dhéanamh air i bhfianaise na gcritéar a shaothraítear leis na bearta sriantacha atá i gceist, ar cuid díobh an Cinneadh sin. Go bunúsach, is é an cuspóir sin an méid is mó brú is féidir a chur ar údaráis na Rúise agus ar gheilleagar Chónaidhm na Rúise, chun a cumas críocha na hÚcráine a dhícobhsú agus an ionsaí míleata sa tír sin a lagú ó thaobh an airgeadais de. ( 24 )

51.

Is léir dom go bhfuil nasc idir díriú ar dhaoine a bhfuil ceangal acu le daoine eile atá faoi réir bearta sriantacha arna mbunú le hAirteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145 arna leasú ar thaobh amháin agus cuspóir na mbeart sriantach sa chás seo ar an taobh eile. Trí chiorcal na ndaoine lena mbaineann na bearta sin a mhéadú, theastaigh ón gComhairle cur leis an mbrú ar Chónaidhm na Rúise go háirithe i bhfianaise an athraithe shuntasaigh ó thaobh an bhagairt ar neamhspleáchas agus ar cheannasach na hÚcráine a tháinig leis an ionradh. Dá bhrí sin, ní gá go mbeadh an coincheap ‘comhlachas’, mar a léirigh an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas atá faoi achomharc é, faoi réir coinníollacha a théann níos faide ná leasanna coiteanna a bheith ann idir na comhpháirtithe, cé is moite den chás inar daoine d’aon teaghlach amháin iad, mar a luadh cheana.

52.

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mheasaim go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid ina léiriú ar Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú. Dá bhrí sin, ba cheart éilimh an achomharcóra atá beartaithe chun a léiriú go bhfuil earráid den sórt sin i míreanna 74 go 76 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a dhíbhe.

53.

Thairis sin, níor sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, mar a áitíonn an t‑achomharcóir, trí léiriú a dhéanamh ar an gcoincheap ‘ceangal’ sa chiall a thuairiscítear sna míreanna roimhe seo.

54.

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, faoi phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar an gcéad dul síos, nach mór go mbeadh rialacha dlí soiléir agus beacht agus, ar an dara dul síos, go mbeadh a gcur i bhfeidhm intuartha ag na daoine atá faoina réir, go háirithe i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith acu. Dá ainneoin sin, ní féidir a thuiscint as na ceanglais sin nach bhféadfadh coincheap dlíthiúil teibí a bheith in úsáid i riail an Aontais atá i gceist, ná gur gá go dtagrófaí i riail den sórt sin do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh feidhm a bheith aici, ós rud é nach féidir na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré. ( 25 )

55.

I mo thuairimse, comhlíontar na ceanglais sin le léiriú na Cúirte Ginearálta, mar a leagtar amach é i míreanna 74 go 76 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Cé nach féidir, ar ndóigh, foráil a dhéanamh roimh ré do na cásanna go léir ina mbeidh feidhm ag Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, i léiriú na Cúirte Ginearálta leagtar síos critéir atá sonrach go leor chun na cásanna a aithint ina bhféadfadh feidhm a bheith ag an gcoincheap ‘comhlachas’. Go háirithe, ní mór a mheas go bhfuil comhlachas ann, de réir bhrí an Airteagail sin, i gcás ina bhfuil beirt ar a laghad nasctha trí leasanna coiteanna, gan na leasanna sin a bheith de chineál eacnamaíoch nó gan an nasc dlíthiúil eatarthu a chur ar bhonn foirmiúil. I gcás daoine den teaghlach céanna, de réir mar a bheidh i gcás na beirte céilí lena mbaineann an cás seo, is gá, ina theannta sin, go rachadh na leasanna coiteanna thar a gcaidreamh teaghlaigh amháin agus go mbeadh na leasanna sin idirghaolmhar go hoibiachtúil.

56.

Leanann sé ó na breithnithe roimhe seo nach féidir an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as earráid a dhéanamh ina léiriú, ná as sárú a dhéanamh ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, maidir le critéar an cheangail a leagtar amach in Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, mar a mhaíonn an t‑achomharcóir.

57.

Dá bhrí sin, ba cheart an chéad chuid den fhoras achomhairc seo ón achomharcóir a dhíbhe.

58.

Maidir leis an dara cuid den fhoras achomhairc seo, áitíonn an t‑achomharcóir, go bunúsach, fiú dá mba rud é go raibh léiriú ceart déanta ag an gCúirt Ghinearálta ar chritéar an chomhlachais a leagtar síos in Airteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, go ndearna sé earráid maidir le saintréithiú dlíthiúil fhíorais an cháis seo, go háirithe trína chinneadh go gcomhlíontar an critéar sin toisc go bhfuil an t‑achomharcóir rannpháirteach sa Timchenko Foundation, agus mar gheall air sin amháin.

59.

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar amach an réasúnú a bhaineann le hAirteagal 1(1), in fine, de Chinneadh 2014/145, arna leasú, a chur i bhfeidhm i leith an achomharcóra i míreanna 77 go 79 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

60.

Chinn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, gurbh iad Gennady Nikolayevich Timchenko agus Elena Petrovna Timchenko bunaitheoirí an Timchenko Foundation, a raibh an t‑achomharcóir, thairis sin, ina chomhalta den bhord stiúrthóirí. Ina dhiaidh sin, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire go raibh an bheirt nasctha go díreach agus go gníomhach le gníomhaíochtaí oibríochtúla na fondúireachta sin. Go háirithe, d’fhéadfaidís faisnéis a fháil faoina ngníomhaíochtaí, rochtain a fháil ar a dhoiciméid agus comhaltaí a cheapadh agus a chur as a bpost ar a Bhoird Maoirseachta, a bhí, de réir Chairt na Fondúireachta, ar an ‘gcomhlacht coláisteach is airde’ de chuid na Fondúireachta. Ar deireadh, chinn an Chúirt Ghinearálta, i bhfianaise na ngnéithe sin, go raibh an Chomhairle i dteideal, gan earráid mheasúnaithe a dhéanamh, a mheas go raibh ceangal ag an achomharcóir, laistigh den Timchenko Foundation, lena fear céile.

61.

Dá bhrí sin, seo í an cheist sa chás seo: an leor na breithnithe sin thuas chun critéar an chomhlachais, a leagtar síos in Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, arna léiriú i míreanna 74 go 76 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a chomhlíonadh nó an ea, mar a áitíonn an t‑achomharcóir, nár shainaithin an Chúirt Ghinearálta na leasanna coiteanna a bhí ag an mbeirt chéile thar a gcaidrimh phósta.

62.

I ndáil leis sin, sílim, fiú mura dtugann an Chúirt Ghinearálta mínithe mionsonraithe ar na leasanna coiteanna atá ag lánúin Timchenko, go bhfuil sé cinntitheach ann féin gur bunaitheoirí fondúireachta iad, ar a dtugtar freisin ‘Fondúireacht Elena agus Gennady Timchenko’, chun a dhearbhú go raibh leasanna coiteanna ag an mbeirt chéile a chuaigh níos faide ná a gcaidreamh teaghlaigh. Is deacair liom a mheas gur féidir a rá gurb éard atá i gceist le fondúireacht a chruthú agus a riaradh, is cuma an bhfuil cuspóirí carthanachta aici, mar a chuireann an t‑achomharcóir in iúl, ná gnáthghníomhaíocht lánúin phósta nó nasc nach dtéann níos faide ná ballraíocht d'aon núicléas teaghlaigh céanna amháin. Ba cheart a chur in iúl freisin go dtagann na gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den fhondúireacht faoi réimse poiblí a beirte bunaitheoirí agus, dá bhrí sin, go dtéann siad thar réimse shaol pósta lánúin Timchenko, arb é an nasc sin, de réir mo léimh ar an gcásdlí a scrúdaíodh i mír 47 den Tuairim seo, an t‑aon nasc atá le heisiamh, in éagmais eilimintí breise eile, ó raon feidhme an choincheapa ‘comhlachas’ in Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145, arna leasú.

63.

Thairis sin, ní hamháin nach raibh deis ag an gCúirt rialú a thabhairt maidir leis an gcur chuige a ghlac an Chúirt Ginearálta sa bhreithiúnas in Prigozhina, toisc nach raibh achomharc déanta, ach chomh maith leis sin ní dóigh liom gur cheart di a bheith ag brath ar an mbreithiúnas sin mar fhasach sa chás seo, mar a áitíonn an t‑achomharcóir. Ba cheart a thabhairt faoi deara, sa bhreithiúnas in Prigozhina, gur dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta gurb é an t‑aon bhonn a bhí leis an gceangal idir Prigozhina agus a mac, a raibh a ainm ar liosta na mbearta a bhí faoi chonspóid sa chás sin, an caidreamh theaghlaigh a bhí acu ós rud é, tráth a glacadh na gníomhartha sin, nach raibh sí páirteach a thuilleadh i gcomhlachtaí a bhain lena mac a bhainistiú. ( 26 ) Ní amhlaidh atá sa chás reatha, áfach, ós rud é go raibh leasanna coiteanna fós ag Gennady Timchenko agus an achomharcóir trína bhfondúireacht tráth a glacadh na gníomhartha atá faoi chonspóid tríd an achomharc seo.

64.

Sna himthosca sin, cé nár mhínigh an Chúirt Ghinearálta, ar bhealach níos beaichte, cé na leasanna coiteanna a théann, sa chás seo, thar réimse na gcomhleasanna a bhaineann go dlúth le haon chaidreamh teaghlaigh, is leor na cinntí a rinneadh i míreanna 77 go 79 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a bhaineann leis an Timchenko Foundation agus le ról Gennady Timchenko ann, chun a chinneadh nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, sa chiall a líomhnaíonn an t‑iarratasóir.

65.

In aon chaoi, ba mhaith liom aird na Cúirte a tharraingt ar an bhfíoras gur luaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 44 go 47 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, de réir an ráitis ar chúiseanna a ghabhann leis na gníomhartha atá i gceist, gur ghlac an t‑achomharcóir páirt i ngnóthaí poiblí a fir chéile tríd an Timchenko Foundation agus gur bhain sí tairbhe as a fear céile. Go sonrach, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara gur fhág ról an achomharcóra sa Timchenko Foundation go raibh sí páirteach i ngníomhaíochtaí poiblí a fir chéile agus go raibh sí in ann tairbhe a bhaint astu, go háirithe sa mhéid a bhaineann lena seasaimh sóisialta. Ar bhonn an chomhaid atá ar fáil don Chúirt, ba í gníomhaíocht an achomharcóra laistigh den Timchenko Foundation, mar a thuairiscítear ina dhiaidh sin i míreanna 77 agus 78 den bhreithiúnas sin, a bhí mar chomhghné den rannpháirtíocht, dar leis an gComhairle, sin agus, dá bhrí sin, mar ghné lena gcomhdhéantar ceangal an iarratasóra lena fear céile.

66.

Is féidir a bhaint de thátal mar sin go ndeachaigh gníomhaíochtaí lánúin Timchenko lasmuigh de raon na gcomhleasanna atá mar ghné dhílis de chaidreamh aon gnáthlánúine phósta ós rud é gur ghlac an t‑achomharcóir páirt, trí mheán an Timchenko Foundation, i ngnóthaí poiblí a fir chéile. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, amhail na hargóintí a chuir an Chomhairle agus an Coimisiún chun cinn, gur chuir an Chúirt Ghinearálta critéir ghairmiúla san áireamh ina cinntí a bhí bunaithe, ar an gcéad dul síos, ar an bhfíoras gur ghlac an t‑achomharcóir, tríd an Timchenko Foundation, páirt i ngníomhaíochtaí carthanachta poiblí a fir chéile agus, ar an dara dul síos, ar na dlúthnaisc atá acu ó thaobh na maoine de, rud a fhágann gur féidir a thuiscint go bhfuil an bheirt chéile nasctha ag leasanna coiteanna, cé nach leasanna eacnamaíocha iad, a théann thar chaidreamh teaghlaigh amháin.

67.

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, más rud é go gcinneann an Chúirt Bhreithiúnais nach leor na cinntí a rinneadh i míreanna 77 go 79 den bhreithiúnas atá faoi achomharc iontu féin chun údar a thabhairt le critéar an chomhlachais a leagtar síos in Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145, arna leasú, a chur i bhfeidhm maidir leis an achomharcóir, iarraim ar an gCúirt Bhreithiúnais a mheas nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le saintréithriú dlíthiúil fhíorais an cháis i bhfianaise mhíreanna 44 go 47 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar cuid iad ar deireadh d’ábhar chinneadh na Cúirte Ginearálta is ábhar don achomharc seo.

68.

Dá bhrí sin, ba cheart an dara cuid den chéad fhoras achomhairc ón achomharcóir a dhíbhe.

69.

Ós rud é nár éirigh le haon chuid den chéad fhoras achomhairc, ní mór an foras sin a dhíbhe ina iomláine.

IV. Conclúid

70.

I bhfianaise na hanailíse sa Tuairim seo, molaim don Chúirt an t‑achomharc a dhíbhe sa mhéid a bhaineann leis an gcéad fhoras achomhairc. Níl aon ráiteas le tabhairt agam maidir leis an achomharc a dhíbhe sa mhéid a bhaineann leis an gcuid eile de na forais achomhairc arna gcur isteach ag a achomharcóir, nó maidir le cén páirtí ar cheart a ordú dó na costais a íoc ar bhonn Airteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.


( 1 ) Bunteanga: an Fhraincis.

( 2 ) ‘Na gníomhartha tosaigh atá i gceist’, arna nglacadh lena chéile.

( 3 ) Na ‘gníomhartha cothabhála lena mbaineann’, arna nglacadh lena chéile.

( 4 ) Na ‘gníomhartha lena mbaineann’, arna nglacadh lena chéile.

( 5 ) Féach mír 10 den Tuairim seo.

( 6 ) ‘An Timchenko Foundation’.

( 7 ) Féach, chuige sin, freisin, breithiúnas an 13 Márta 2025, Shuvalov v an Chomhairle (C‑271/24 P, EU:C:2025:180).

( 8 ) Cinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

( 9 ) Rialachán ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).

( 10 ) ‘Cinneadh 2014/145 arna leasú’.

( 11 ) ‘Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú’.

( 12 ) An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 52 go 85.

( 13 ) An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 74.

( 14 ) An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 75 agus 76.

( 15 ) An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 77 agus 78.

( 16 ) An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 79.

( 17 ) An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 80 go 82.

( 18 ) Chun anailís ar argóintí an achomharcóra a dhéanamh níos simplí, ní mór tagairtí do chritéar an chomhlachais in Airteagal 1(1) in fine de Chinneadh 2014/145 arna leasú a thuiscint mar nithe a thagraíonn don chritéar céanna dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) in fine den Chinneadh sin. Ba cheart a mheabhrú go bhfuil critéar liostaithe atá comhchosúil leis in Airteagail 2(1) agus 3(1) in fine de Rialachán Uimh. 269/2014.

( 19 ) Féach breithiúnas an 12 Nollaig 2024, Euranimi v an Coimisiún (C‑772/23 P, EU:C:2024:1025, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 20 ) Tá an tagairt do na critéir liostaithe arna n‑úsáid i leith an achomharcóra curtha bun os cionn ionas go mbeadh sí ag teacht leis an ord inar ndearnadh scrúdú i gCás C‑702/23 P, Timchenko v an Chomhairle.

( 21 ) Féach breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2024, Illumina agus Grail v an Coimisiún (C‑611/22 P agus C‑625/22 P, EU:C:2024:677, mír 116).

( 22 ) Féach, chuige sin, an tríú ciall den téarma ‘comhlachas’ arna tabhairt I bhfoclóir Larousse, atá le fáil ag https://www.larousse.fr/dictionnaires/francais/association/5856.

( 23 ) Breithiúnas an 13 Márta 2012, Tay Za v an Chomhairle (C‑376/10 P, EU:C:2012:138, mír 66).

( 24 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Meitheamh 2020, VTB Bank v an Chomhairle (C‑729/18 P, EU:C:2020:499, mír 59), agus an 28 Márta 2017, Rosneft (C‑72/15, EU:C:2017:236, mír 123). Féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 15 Samhain 2023, OT v an Chomhairle (T‑193/22, EU:T:2023:716, mír 144), ina bhfeictear dom go ndeánann an Chúirt Ghinearálta cur síos ar chuspóirí Chinneadh 2014/145 arna leasú ar bhealach a bhféadfadh an Chúirt Bhreithiúnas é a fhormheas gan stró.

( 25 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Liotuáin agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Pacáiste soghluaisteachta) (C-541/20 go C-555/20, EU:C:2024:818, mír 159 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 26 ) An breithiúnas in Prigozhina, míreanna 94 agus 98.