BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)
16 Eanáir 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir (AE) 2016/343 – Airteagal 8 – An ceart a bheith i láthair ag an triail – Faisnéis maidir leis an triail agus leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhláithriú – Dodhéantacht teacht ar an té atá cúisithe d’ainneoin iarrachtaí réasúnta na n‑údarás inniúil – Féidearthacht trialach agus cinnidh in absentia – Airteagal 9 – Ceart chun trialach nua, nó chun fála ar leigheas dlí comhionann a cheadódh d’imscrúdú nua ar thuillteanais an cháis – Easpa an chirt sin i gcás ina seachnaíonn an duine lena mbaineann an ceartas)
I gCás C‑644/23 [Stangalov] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Shóifia, an Bhulgáir), trí bhreith an 26 Deireadh Fómhair 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 26 Deireadh Fómhair 2023, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne
IR,
idiragraithe:
Sofiyska gradska prokuratura,
Tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: C. Lycourgos (Rapóirtéir), Uachtarán an Tríú Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, S. Rodin agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– |
an Coimisiún Eorpach, ag J. Vondung agus I. Zaloguin, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 8 agus 9 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla (IO 2016 L 65, lch. 1), agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
2 |
Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne IR maidir le gníomhartha a d’fhéadfadh a bheith ina gcoireanna cánach ar féidir saoirse a chailliúint mar phionós dá mbarr. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
3 |
Foráiltear le haithrisí 33, 35 go 39, 47 agus 48 de Threoir 2016/343:
[...]
[...]
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 1 den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar’: ‘Bunaítear leis an Treoir seo rialacha íosta comhchoiteanna maidir leis an méid seo a leanas:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
5 |
Foráiltear le hAirteagal 8 den Treoir sin, dar teideal ‘An ceart chun bheith i láthair ag an triail’: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag daoine atá faoi dhrochamhras agus ag daoine atá cúisithe a bheith i láthair ag a dtriail. 2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ionas go bhféadfar triail a reáchtáil, ar triail a bhféadfadh cinneadh maidir le ciontacht nó neamhchiontacht an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a bheith mar thoradh léi, in éagmais an duine sin, ar choinníoll:
3. Féadfar cinneadh arna dhéanamh i gcomhréir le mír 2 a fhorfheidhmiú in aghaidh an duine lena mbaineann. 4. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an bhféidearthacht trialacha a reáchtáil in éagmais an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ach gan na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo a bheith á gcomhlíonadh toisc nach féidir an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe a aimsiú d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar cinneadh a dhéanamh agus a fhorfheidhmiú ina dhiaidh sin féin. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a chuirfear duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ar an eolas faoin gcinneadh, go háirithe nuair a ghabhfar é, go gcuirfear ar an eolas é freisin faoin bhféidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin agus faoin gceart chun trialach nua nó chun leigheas dlí eile, i gcomhréir le hAirteagal 9. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
6 |
Seo a leanas foclaíocht Airteagal 9 den Treoir sin, dar teideal ‘Ceart chun trialach nua’: ‘Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, sa chás nach raibh siad i láthair ag a dtriail agus nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2), chun trialach nua nó chun leigheas dlí eile faoinar féidir substaint an cháis a bhreithniú as an nua agus fianaise nua a scrúdú mar chuid de agus ar féidir go ndéanfaí an cinneadh bunaidh a fhreaschur dá bharr. I ndáil leis sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag na daoine sin atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe chun bheith i láthair, chun bheith rannpháirteach go héifeachtach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, agus cearta na cosanta a fheidhmiú.’ |
Dlí na Bulgáire
7 |
Foráiltear le hAirteagal 94(1) agus (3) den Nakazatelno-protsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil) (DV Uimh. 86 an 28 Deireadh Fómhair 2005), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘NPK’): ‘1. Tá rannpháirtíocht ionadaí sa triail choiriúil éigeantach i gcás [...] ina leanann an cás ar aghaidh gan an duine atá cúisithe a bheith i láthair; [...] 3. I gcás ina bhfuil sé éigeantach ionadaí a bheith rannpháirteach, ceapfaidh na húdaráis inniúla dlíodóir mar ionadaí.’ |
8 |
Foráiltear le pointe 3 d’Airteagal 219(3) de NPK: ‘Ní mór a shonrú […] san ordú díotála […] na fíorais ar a gcúisítear [an duine lena mbaineann] agus aicmiú dlíthiúil na bhfíoras sin.’ |
9 |
De réir Airteagal 246(1) de NPK: ‘Déanfaidh an t‑ionchúisitheoir an díotáil a tharraingt suas, i gcás ina bhfuil sé cinnte go bhfuarthas an fhianaise is gá chun [...] dul ar aghaidh leis an gcúiseamh os comhair na cúirte [...]’ |
10 |
Foráiltear le hAirteagal 247c(1) de NPK: ‘Tabharfar cóip den díotáil don duine atá cúisithe ar ordú ón mbreitheamh is rapóirtéir. Cuirfidh seirbheáil na díotála in iúl don duine atá cúisithe an dáta atá socraithe don réamhéisteacht [...] agus go bhféadfar an cás dul ar aghaidh agus cinneadh a dhéanamh in éagmais an duine sin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 269.’ |
11 |
Foráiltear le hAirteagal 269 de NPK: ‘1. Ní mór don duine atá cúisithe a bheith i láthair ag an triail i gcás ina líomhnaítear go ndearna sé cion coiriúil tromchúiseach. [...] 3. Ar choinníoll nach gcuirfidh sé sin cosc ar an bhfírinne a fháil amach go hoibiachtúil, féadfar an cás a thriail in éagmais an duine atá cúisithe, más rud é:
[...]
|
12 |
De réir Airteagal 423(1) de NPK: ‘Laistigh de 6 mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin gciontú deiridh [...], féadfaidh an duine a ciontaíodh in absentia a iarraidh go n‑athosclófar [na himeachtaí coiriúla] ar fhoras a neamhláithreachta ó [na himeachtaí sin]. Ceadófar an t‑iarratas sin murab ea gur éalaigh an duine ciontaithe, tar éis na cúisimh a bheith curtha in iúl le linn an fhiosrúcháin, agus é mar thoradh air sin nach bhféadfaí an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 247c(1) a chur i gcrích nó, tar éis na himeachtaí deireanacha sin a chur i gcrích, nach raibh sé i láthair ag an éisteacht gan aon chúis bhailí.’ |
Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
13 |
In 2016, cuireadh i leith IR gur ghlac sé páirt i ndrong eagraithe in eagraíocht choiriúil chun cionta cánach a dhéanamh, ar cionta iad atá inphionóis le pianbhreitheanna coimeádta. |
14 |
An 19 Aibreán 2016, cuireadh ordú díotála in iúl do IR a bhain leis na cionta sin, arna eisiúint de bhun Airteagal 219 de NPK. |
15 |
Tar éis na díotála sin, a tharla mar chuid den imscrúdú, bhain IR úsáid as seirbhísí dlíodóra arna cheapadh aige agus thug sé seoladh ionas go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leis. |
16 |
An 8 Meitheamh 2016, cuireadh an t‑imscrúdú i gcrích agus cuireadh an comhad ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir. |
17 |
An 9 Nollaig 2016, d’eisigh an t‑ionchúisitheoir an díotáil de bhun Airteagal 246 de NPK agus thug sé an cás i gcoinne IR os comhair an Spetsializiran nakazatelen sad (Cúirt Choiriúil Speisialaithe, an Bhulgáir). |
18 |
In ainneoin na n‑iarrachtaí a rinne an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) glaoch ar IR go pearsanta ionas go bhféadfadh sé a bheith i láthair ag an éisteacht, níorbh fhéidir IR a aimsiú ag an seoladh a thug sé ná in áit ar bith eile. Sna himthosca sin, níorbh fhéidir na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 247(c)(1) de NPK a dhéanamh, lena n‑áirítear cóip den díotáil dá dtagraítear in Airteagal 246 de NPK a sheirbheáil ar IR. |
19 |
Ceapadh dlíodóir chun IR a chosaint. Mar sin féin, níor éirigh leis an dlíodóir sin dul i dteagmháil le IR agus d’éirigh sé as a chosaint. Ní raibh na dlíodóirí eile a ceapadh ina dhiaidh sin in ann teagmháil a dhéanamh le IR ach an oiread. |
20 |
Ós rud é gur cinneadh go raibh neamhrialtacht ag baint leis an díotáil, cinneadh go raibh an díotáil sin neamhbhailí agus cuireadh deireadh leis na himeachtaí dá réir. Ina dhiaidh sin, eisíodh díotáil nua de bhun Airteagal 246 de NPK agus tionscnaíodh nós imeachta nua. An uair seo, lorgaíodh IR arís, lena n‑áirítear trína bhaill teaghlaigh, iarfhostóirí agus oibreoirí soghluaiste, ach arís ní fhéadfaí é a aimsiú. |
21 |
Le cinneadh an 27 Deireadh Fómhair 2020, chinn an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
22 |
D’eascair breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401) as an iarraidh ar réamhrialú sin, agus foráiltear lena chuid oibríochtúil de mar seo a leanas: ‘Ba chóir Airteagail 8 agus 9 de Threoir [2016/343] a léiriú sa chaoi go bhféadfaí duine cúisithe ar theip ar na húdaráis náisiúnta inniúla teacht air d’ainneoin a gcuid iarrachtaí réasúnta agus ar theip ar na húdaráis sin faisnéis maidir leis an gcúis ina choinne a chur ar aghaidh chuige dá réir sin, a thriail, agus nuair is cuí, a chiontú in absentia, ach go gcaithfear, i bprionsabal, sa chás sin, go mbeadh sé de rogha aige, i ndiaidh fhógairt an chiontaithe, leas a bhaint go díreach as an gceart a bhronntar leis an Treoir sin, an cás a athoscailt nó fáil a bheith aige ar leigheas dlí comhionann a chuirfeadh tús le himscrúdú nua, ina láthair, ar thuillteanais an cháis. Féadfar an ceart seo a shéanadh, áfach, má tá fianaise chruinn agus oibiachtúil ann go bhfuair an duine thuasluaite dóthain faisnéise chun bheith ar an eolas faoin gcúis ina choinne, agus le gníomhartha de bhun tola agus le hintinn cúrsa na córa a imghabháil, gur cuireadh bac ar na húdaráis é a chur ar an eolas faoi reáchtáil an cháis.’ |
23 |
Chinn an Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Shóifia, an Bhulgáir), atá, ó cuireadh deireadh leis an Spetsializiran nakazatelen sad (Cúirt Choiriúil Speisialaithe), tar éis tús a chur arís leis na himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne IR agus, dá bhrí sin, is í an chúirt a rinne an tarchur, nach bhfuil aon athrú tagtha ar chásdlí na Bulgáire a bhaineann le hAirteagal 423 de NPK ó tugadh breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401). Go háirithe, leanann Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Bhulgáir), a bhfuil dlínse eisiach aici chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thriail nua, d’Airteagal 423 de NPK a chur i bhfeidhm a mhéid is go mbaintear an ceart chun trialach nua d’aon duine a d’éalaigh tar éis dó an t‑ordú díotála dá dtagraítear in Airteagal 219 de NPK a fháil, i gcás ciontú in absentia. |
24 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur le tuiscint, dá réir sin, dá gciontófaí IR in absentia, go dteipfeadh ar aon iarratas a dhéanfadh sé ina dhiaidh sin ar thriail nua. |
25 |
De réir na cúirte sin, ba cheart an ceart chun triail chóir a fháil a bheith ag IR, i gcomhréir lena ceart bunúsach chun triail chóir a fháil a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt agus a léirítear in Airteagal 8(4) agus Airteagal 9 de Threoir 2016/343. |
26 |
I ndáil leis sin, tarraingíonn an chúirt sin aird ar an bhfíoras gur tháinig an t‑ordú díotála a fuair IR go pearsanta an 19 Aibreán 2016 laistigh de chéim an imscrúdaithe, a tharla roimh tharchur an chomhaid chuig an ionchúisitheoir poiblí. Níl sa réamhdhíotáil sin ach cuntas gairid ar na hábhair fíorais agus dlí, chun a chur in iúl don duine atá faoi dhrochamhras go bhfuil sé cúisithe i gcion sonrach a dhéanamh agus chun deis a thabhairt dó mínithe a thabhairt ina leith sin. |
27 |
Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, tráth a fhaigheann an duine lena mbaineann an réamhdhíotáil sin, nach bhfuil an fhianaise ionchoiritheach agus dhíchoiritheach go léir ar eolas go fóill. Ní raibh cinneadh an ionchúisitheora an díotáil dá dtagraítear in Airteagal 246 de NPK a eisiúint agus, dá bhrí sin, an cás a thabhairt os comhair na cúirte inniúla ar eolas ach an oiread tráth an imscrúdaithe. |
28 |
Dá bhrí sin, ní thuigfeadh an duine lena mbaineann den chéad uair go mbeidh triail ann ach amháin tar éis dó an díotáil arna tarraingt suas de bhun Airteagal 246 de NPK a fháil. Is ag an gcéim seo amháin a chuirtear an duine sin ar an eolas go bhféadfaí an cás a thriail gan é a bheith i láthair. |
29 |
Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tá Airteagal 423(1) de NPK agus cásdlí an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) a bhaineann leis an bhforáil sin ar neamhréir le hAirteagal 8(4) agus le hAirteagal 9 de Threoir 2016/343, a mhéid is go mbaintear leo an ceart chun trialach nua ó dhaoine a bhí ina n‑ábhar do thriail in absentia cé nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) den Treoir sin. |
30 |
Sna himthosca sin, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur, sula dtéann sí ar aghaidh, más iomchuí, maidir le ciontú in absentia IR, soiléiriú breise a fháil ón gCúirt maidir le raon feidhme pearsanta an chirt chun trialach nua. Dá mba léir ón soiléiriú sin go gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar Airteagal 423(1) de NPK, ní mór a chinneadh freisin an bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur, nó an gá di fiú, diúltú rialú a thabhairt sa triail in absentia in aghaidh IR, ionas nach mbeadh an triail sin faoi réir sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil ina dhiaidh sin. |
31 |
I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhfuil faisnéis iontaofa aici as a leanann sé go ndiúltódh an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) ceart IR chun trialach nua a aithint. Tá an fhaisnéis sin bunaithe ar an bhfíoras nár oiriúnaigh an chúirt uachtarach sin a cásdlí tar éis thabhairt bhreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), agus go ndiúltaíonn sí go leanúnach Treoir 2016/343 a chur san áireamh. |
32 |
Sa chomhthéacs seo, chinn Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Shóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
33 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2016/343 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil duine a éalaíonn tar éis réamhdhíotáil a fháil a tarraingíodh suas ina choinne le linn chéim imscrúdaithe na n‑imeachtaí coiriúla, rud a chuireann cosc ar na húdaráis é a chur ar an eolas go pearsanta faoin díotáil deiridh agus faoi dháta agus áit na trialach, a chosnaítear le linn na trialach sin ag dlíodóir ex officio nach bhfuil aon teagmháil aige léi agus, sna himthosca sin, a chiontaítear in absentia, ní bheidh sé i dteideal triail nua a fháil, má aimsítear é agus má ghabhtar é d’fhonn a phianbhreith a fhorghníomhú. |
34 |
Ba cheart a mheabhrú go bhfuil sé mar chuspóir ag Treoir 2016/343, i gcomhréir le hAirteagal 1 di, rialacha íosta comhchoiteanna a bhunú maidir le gnéithe áirithe d’imeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear ‘an ceart a bheith i láthair ag an triail’. Mar a dhearbhaítear go sainráite le haithris 33 den Treoir sin, is dlúthchuid den cheart bunúsach chun triail chóir a fháil é an ceart sin [breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail), C‑569/20, EU:C:2022:401, mír 25]. |
35 |
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2016/343, foráil a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe, chun triail in absentia a reáchtáil, agus é le tuiscint, i gcás ina ndéantar triail den sórt sin cé nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) den Treoir sin, go bhfuil an ceart ag an duine lena mbaineann, faoi Airteagal 8(4) agus Airteagal 9 den Treoir sin, a bhfuil éifeacht dhíreach acu, chun ‘triail nua nó leigheas dlí eile a fháil, lena gceadaítear measúnú nua ar thuillteanais an cháis [...] agus lena bhféadfaí an cinneadh bunaidh a fhreaschur’ (‘an ceart chun trialach nua’) [féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail)C‑569/20, EU:C:2022:401, míreanna 26 go 28]. |
36 |
Dá bhrí sin, ní fhéadfar an ceart chun trialach nua a bhaint de dhuine a chiontaítear in absentia ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Threoir 2016/343 [breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail), C‑569/20, EU:C:2022:401, mír 31]. |
37 |
Dá bhrí sin, i gcás nár cuireadh in iúl don duine lena mbaineann, in am trátha, go raibh a thriail ar siúl nó i gcás, cé gur cuireadh in iúl dó go raibh an triail ar siúl, nár cuireadh an duine sin ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhláithriú nó nach ndearna dlíodóir a ceapadh chun freastal ar an triail sin ionadaíocht air, tá sé de cheart ag an duine sin, i bprionsabal, ón uair a tháinig sé ar an eolas faoin gcinneadh a tugadh in absentia, triail nua a fháil. Dá bhrí sin, cuirtear cosc le Treoir 2016/343 ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑eisiatar an ceart sin ar an bhforas amháin gur éalaigh an duine lena mbaineann agus nár éirigh leis na húdaráis é a aimsiú [féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail), (C‑569/20, EU:C:2022:401, míreanna 41 go 47]. |
38 |
Mar is léir ó aithris 38 den Treoir sin, is gá, chun cinneadh a dhéanamh ar cuireadh in iúl don duine lena mbaineann go raibh a thriail ar siúl, aird ar leith a thabhairt, ar an gcéad dul síos, ar an dícheall a léirigh na húdaráis phoiblí maidir leis an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoin triail agus, ar an dara dul síos, ar an dícheall a léirigh an duine sin agus an fhaisnéis a bhaineann leis sin á fáil aige. Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach bhfuil sé de cheart ag an duine sin triail nua a fháil i gcás inar léir ó fhianaise bheacht agus oibiachtúil go n‑áirithíonn an duine sin, agus é curtha ar an eolas go hoifigiúil go líomhnaítear bhfuil cion coiriúil déanta aige agus, dá bhrí sin, go bhfuil a fhios aige go n‑eagrófaí triail ina choinne, d’aon ghnó nach bhfaigheann sé faisnéis go hoifigiúil maidir le dáta agus áit na trialach sin. Féadfar a shuíomh gurb ann d’fhianaise bheacht oibiachtúil den sórt sin, mar shampla, i gcás inar chuir an duine céanna seoladh mícheart in iúl d’aon ghnó do na húdaráis náisiúnta inniúla in ábhair choiriúla nó nach bhfuil sé ag an seoladh a chuir sé in iúl a thuilleadh [breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail), (C‑569/20, EU:C:2022:401, míreanna 48 go 50]. |
39 |
Sa chás seo, dá gcinnfí go ndearnadh an díotáil deiridh a tarraingíodh suas de bhun Airteagal 246 de NPK, chomh maith leis an doiciméad ina léirítear dáta agus áit na trialach sceidealta, a sheoladh agus a eisiúint i ndáiríre chuig an seoladh a chuir IR in iúl do na húdaráis imscrúdaithe tar éis an réamhdhíotáil dá dtagraítear in Airteagal 219 de NPK a fháil, d’fhéadfadh imthosca den sórt sin, má chomhfhreagraíonn ábhar na díotála deiridh sin, maidir leis na fíorais a ndéantar gearán ina leith agus lena n‑aicmiú dlíthiúil, d’ábhar na réamhdhíotála sin, a bheith ina bhfianaise bheacht agus oibiachtúil ónar féidir teacht ar an gconclúid gur chuir IR, tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin gcúiseamh ina choinne agus, dá bhrí sin, go raibh dóthain faisnéise aige a mhéid go mbeadh a fhios aige go n‑eagrófaí triail ina choinne, tríd an seoladh a chuir sé in iúl do na húdaráis a fhágáil, agus é ar intinn aige caingean bhreithiúnach a sheachaint, cosc orthu a chur in iúl dó go hoifigiúil gur reáchtáladh triail ina choinne [féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail), (C‑569/20, EU:C:2022:401, mír 58]. |
40 |
Ní chuirtear an chonclúid sin ó bhail toisc nach bhfuil sé cinnte go fóill, le linn chéim imscrúdaithe na n‑imeachtaí coiriúla, go leanfaidh díotáil deiridh agus, dá bhrí sin, triail, an réamhdhíotáil, a bhfuil an duine lena mbaineann tagtha ar an eolas fúithi. Ar an gcéad dul síos, leanann sé ó fhoclaíocht Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2016/343 go bhfuil feidhm ag na rialacha íosta comhchoiteanna a bhunaítear leis na hAirteagail sin maidir le ‘daoine atá faoi dhrochamhras’ agus le ‘daoine atá cúisithe’ araon. Dá bhrí sin, tagann daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad cion faoi raon feidhme na rialacha sin, fiú mura ndéantar iad a ionchúiseamh go foirmiúil fós. |
41 |
Ar an dara dul síos, i bhfianaise chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, nach mór, mar is léir ó aithrisí 47 agus 48 de Threoir 2016/343, a chur san áireamh agus an Treoir sin á léiriú, is leor, chun a chinneadh gur sheachain an duine lena mbaineann caingean dlí d’aon ghnó trí éalú cé go raibh faisnéis aige a chuirfeadh ar a chumas a bheith ar an eolas go n‑eagrófaí triail ina choinne, gur léir ó imthosca an cháis gur éalaigh an duine lena mbaineann tar éis dó a thuiscint gur dócha go dtabharfaí a chás os comhair cúirte (ECtHR, 26 Eanáir 2017, Lena Atanasova v. an Bhulgáir, CE:ECHR:2017:0126JUD005200907, § 48). |
42 |
Dá bhrí sin, tá cead ag na Ballstáit a mheas, in imthosca den sórt sin, gurb ionann seoladh, in am trátha, ag na húdaráis inniúla, an doiciméid oifigiúil lena léirítear dáta agus áit na trialach chuig an seoladh a chuir an duine lena mbaineann in iúl do na húdaráis sin le linn imscrúdú an cháis, chomh maith leis an gcruthúnas gur eisíodh an doiciméad sin chuig an seoladh sin, agus an duine sin, a d’éalaigh, a chur ar an eolas maidir leis an dáta sin agus leis an áit sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 2016/343. Mar sin féin, ní féidir a leithéid sin a dhéanamh ach amháin ar choinníoll go bhfuil iarrachtaí réasúnacha déanta ag na húdaráis sin an duine sin a aimsiú agus a thoghairm go pearsanta nó é a chur ar an eolas go hoifigiúil, ar bhealaí eile, faoi dháta agus áit na trialach sin, mar a fhoráiltear in aithris 36 den Treoir sin. Sa chás sin, meastar gur cuireadh an duine lena mbaineann ar an eolas faoin triail agus gur tharscaoil sé go deonach agus go haonchiallach a cheart a bheith i láthair ag an triail sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail), (C‑569/20, EU:C:2022:401, mír 48]. |
43 |
Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, fiú i gcás ina measfar, dá bhrí sin, gur cuireadh an duine lena mbaineann ar an eolas faoin triail agus gur tharscaoil sé a cheart chun bheith i láthair ag an triail go deonach agus go haonchiallach, gur gá freisin, chun na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Threoir 2016/343 a chomhlíonadh, gur cuireadh an duine lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 8(2)(a) den Treoir sin, ar an eolas, in am trátha, faoi iarmhairtí neamhláithrithe nó, i gcomhréir le hAirteagal 8(2)(b), go ndéanfaidh dlíodóir a ceapadh ionadaíocht air. |
44 |
Sa chás seo, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 423(1) de NPK an ceart chun trialach nua a bhaint de dhaoine a d’éalaigh tar éis dóibh réamhdhíotáil a fháil, arna eisiúint de bhun Airteagal 219 de NPK, gan aon ghá do scrúdú faoi Airteagal 423(1) maidir leis na ceisteanna seo a leanas, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha go léir, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i míreanna 39 agus 42 den bhreithiúnas seo, an féidir a mheas gur chuir na húdaráis inniúla an duine lena mbaineann ar an eolas faoina thriail agus, ar an dara dul síos, ar chuir na húdaráis sin in iúl dó na hiarmhairtí a bhaineann le neamhláithriú nó an ndearna dlíodóir a ceapadh ionadaíocht air ag an triail sin. |
45 |
Is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé scrúdú a dhéanamh an féidir Airteagal 423(1) de NPK a léiriú mar sin féin ar bhealach ina bhféadfaí an t‑eisiamh ón gceart chun trialach nua dá bhforáiltear ann a theorannú do chásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Threoir 2016/343, agus do na cásanna sin amháin. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta reachtaíocht na Bulgáire a léiriú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, agus ós rud é, mar a mheabhraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo, go bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 8(4) agus ag Airteagal 9 den Treoir sin, bheadh sé de cheangal ar na cúirteanna sin aon fhoráil den dlí náisiúnta atá contrártha do na forálacha sin de dhlí an Aontais a fhágáil gan feidhm, gan bheith orthu a iarraidh go gcuirfí an fhoráil reachtach náisiúnta atá ar neamhréir leis na forálacha sin ar ceal roimh ré nó fanacht leis sin [féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2021, ZX (Tabhairt chun rialtachta an doiciméid díotála), C‑282/20, EU:C:2021:874, míreanna 40 agus 41 agus an cásdlí dá dtagraítear]. |
46 |
Sa chás sin, d’fhéadfaí a iarraidh ar an gcúirt a rinne an tarchur, mar is léir ó mhíreanna 82 go 85 den bhreithiúnas a tugadh inniu i gCás C‑400/23, VB II, a scrúdú féin a dhéanamh an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Threoir 2016/343 sa chás seo. |
47 |
I ndáil leis sin, maidir le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar a mheas gur cuireadh in iúl do IR gur cuireadh a thriail ar bun agus gur tharscaoil sé go deonach agus go haonchiallach a cheart a bheith i láthair ag an triail sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé brath ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 58 de bhreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), a mheabhraítear agus a shonraítear i míreanna 39 agus 42 den bhreithiúnas seo. |
48 |
Leanann sé, don chuid eile, ón bhfaisnéis atá san iarraidh ar réamhrialú go ndéanann dlíodóir ex officio ionadaíocht ar IR, ag a thriail in absentia, nach bhfuil aon teagmháil aige leis. Sna himthosca sin, mar a cuireadh in iúl i mír 56 de bhreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), is cosúil, faoi réir a fhíoraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, nach ndéanann ‘dlíodóir a ceapadh’ ionadaíocht ar IR, de réir bhrí Airteagal 8(2)(b) de Threoir 2016/343. Dá bhrí sin, ní mór an cheist an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) den Treoir sin a scrúdú, sa chás seo, i bhfianaise Airteagal 8(2)(a). |
49 |
I gcomhréir leis an bhforáil dheireanach sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a scrúdú ar cuireadh IR ar an eolas in am trátha faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhláithriú. |
50 |
I ndáil leis sin, is cosúil, faoi réir fhíorú na cúirte sin, cé go leanann sé ó Airteagal 247c(1) de NPK go bhfuil sé beartaithe, go háirithe, seirbheáil na díotála dá dtagraítear in Airteagal 246 de NPK a áirithiú go gcuirfear in iúl don duine atá cúisithe go bhféadfar an cás a thriail gan é a bheith i láthair, go háirithe mura bhfuil sé ag an seoladh a thug sé nó má d’athraigh sé é gan na húdaráis inniúla a chur ar an eolas, ní fhoráiltear d’oibleagáid den sórt sin i leith na réamhdhíotála dá dtagraítear in Airteagal 219 de NPK. |
51 |
Dá suífí nár cuireadh IR ar an eolas, dá mba rud é gur sheachain sé na húdaráis imscrúdaithe nó gur chuir sé seoladh mícheart in iúl do na húdaráis sin chun críocha fógra féideartha faoi dhíotáil dá dtagraítear in Airteagal 246 de NPK a sheachaint, go bhféadfadh a thriail dul ar aghaidh gan é a bheith i láthair, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheadh sé a chinneadh nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Threoir 2016/343 sa chás seo. |
52 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2016/343 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, maidir le duine a éalaíonn tar éis dó réamhdhíotáil a fháil arna tarraingt suas ina choinne le linn chéim imscrúdaithe na n‑imeachtaí coiriúla, rud a chuireann cosc ar na húdaráis inniúla é a chur ar an eolas go pearsanta faoin díotáil deiridh agus faoi dháta agus áit na trialach agus, sna himthosca sin, a chiontaítear in absentia, nach mbeidh an ceart chun trialach nua aige má aimsítear agus má ghabhtar é d’fhonn a phianbhreith a fhorghníomhú, ar choinníoll go dteorannaítear leis an reachtaíocht sin an t‑eisiamh sin ón gceart chun trialach nua do dhaoine a d’fhéadfaí a mheas, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha go léir, gur cuireadh ar an eolas iad faoina dtriail agus, ar an dara dul síos, go ndearna dlíodóir arna cheapadh acu ionadaíocht orthu le linn na trialach in abstentia nó, in éagmais ionadaíocht den sórt sin, gur cuireadh ar an eolas iad, in am trátha, go bhféadfadh a dtriail dul ar aghaidh gan iad a bheith i láthair dá mbeadh sé ar intinn acu caingean bhreithiúnach a sheachaint. |
An dara ceist
53 |
Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, i bhfianaise dhiúltú an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) Treoir 2016/343, Airteagal 8 den Treoir sin agus Airteagal 47 den Chairt a chur san áireamh, an bhfuil siad le léiriú sa chaoi go bhféadfaidh cúirt choiriúil, nó an gá di fiú, staonadh ó rialú a thabhairt ar shubstaint an chúisimh i gcoinne an duine atá cúisithe agus ó phianbhreith a ghearradh air in absentia, ionas nach ndiúltófar leis an gcúirt achomhairc uachtarach lena mbaineann go hearráideach iarratas an duine sin ar thriail nua, agus dlínse eisiach ag an gcúirt sin chun iarrataí ar thriail nua a scrúdú i gcásanna amhail an cás sna príomhimeachtaí. |
54 |
Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 45 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil sé dodhéanta an reachtaíocht náisiúnta a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 8(4) agus Airteagal 9 de Threoir 2016/343, tá sé de cheangal ar na cúirteanna náisiúnta aon fhoráil den dlí náisiúnta atá contrártha leis na forálacha sin de dhlí an Aontais a fhágáil gan feidhm, gan é a bheith de cheangal orthu a iarraidh go gcuirfí an fhoráil náisiúnta atá i gceist ar leataobh roimh ré nó fanacht leis sin. |
55 |
Sa chás sin, ceanglaítear ar na cúirteanna náisiúnta, lena n‑áirítear an chúirt achomhairc uachtarach lena mbaineann i gcás ina ndéantar iarratas ar thriail nua, brath ar na rialacha íosta comhchoiteanna a leagtar amach in Airteagal 8(4) agus in Airteagal 9 de Threoir 2016/343, a bhfuil éifeacht dhíreach acu, mar a mheabhraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo. |
56 |
A mhéid a mheasann an chúirt a rinne an tarchur, san iarraidh ar réamhrialú, go leanann sé go cinnte ó chásdlí an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) go ndiúltaíonn an chúirt sin Treoir 2016/343 a chur san áireamh, ní mór a chinneadh go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag brath, de bhua an phoist lárnaigh atá ag cinneadh den sórt sin sa dara ceist a tharchuirtear, ar an mbonn, a leagtar amach freisin san iarraidh ar réamhrialú, gur léir ó bhreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), go gcuirtear cosc le Treoir 2016/343 ar Airteagal 423(1) de NPK. |
57 |
De réir na réasúnaíochta a leag an chúirt a rinne an tarchur amach, is léir gur dhiúltaigh an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) an Treoir sin a chur san áireamh toisc nach ndearna an chúirt sin a cásdlí a oiriúnú ó thug an Chúirt Bhreithiúnais an breithiúnas sin agus go leanann sí d’Airteagal 423(1) de NPK a chur i bhfeidhm gan maolú ar fhoclaíocht na forála sin ar bhonn na rialacha íosta comhchoiteanna a leagtar amach sa Treoir sin. |
58 |
I mbreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), níor rialaigh an Chúirt ar an gceist ar cheart Treoir 2016/343 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar fhoráil náisiúnta, amhail Airteagal 423(1) de NPK, a mbeadh sé d’éifeacht aige an ceart chun trialach nua a bhaint de dhaoine a d’éalaigh tar éis réamhdhíotáil a fháil. Is sa bhreithiúnas seo amháin, ina bhfuil gnéithe léirmhínithe sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear i mbreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), a chuireann an Chúirt tuilleadh treorach ar fáil chun cabhrú le cúirteanna na Bulgáire a chinneadh an gcomhlíonann rialacha sonracha mionsonraithe an chórais nós imeachta a leagtar síos in NPK an Treoir sin. |
59 |
Sna himthosca sin, cé gur lean an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) d’Airteagal 423(1) den NPK a chur i bhfeidhm go dtí seo gan maolú a dhéanamh, chun tosaíocht a thabhairt do na rialacha íosta comhchoiteanna a leagtar amach i dTreoir 2016/343, ar fhoclaíocht na forála sin de NPK, ní hionann go léiríonn sé sin diúltú an Treoir sin a chur san áireamh, ach d’fhéadfadh sé ciontú na cúirte uachtaraí sin a léiriú, ar cheart athbhreithniú a dhéanamh air i bhfianaise na faisnéise a chuirtear ar fáil sa bhreithiúnas seo ón gCúirt, go gcuirtear an Treoir sin chun feidhme i gceart leis an bhforáil sin de NPK. |
60 |
Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an léiriú a rinne an chúirt a rinne an tarchur ar bhreithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Cúisí éalaitheach a thriail) (C‑569/20, EU:C:2022:401), ar a bhfuil a cinneadh go ndiúltaíonn an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) Treoir 2016/343 a chur san áireamh, mícheart. Dá bhrí sin, a mhéid atá cinneadh na cúirte sin bunaithe ar bhonn mícheart, tá an dara ceist a tharchuirtear hipitéiseach agus, dá bhrí sin, do-ghlactha (féach de réir analaí, go háirithe, breithiúnas an 24 Iúil 2023, Lin, C‑107/23 PPU, EU:C:2023:606, mír 69). |
Costais
61 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
Maidir le hAirteagail 8 agus 9 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart chun bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla, |
ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: |
ní cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, maidir le duine a éalaíonn tar éis dó réamhdhíotáil a fháil arna tarraingt suas ina choinne le linn chéim imscrúdaithe na n‑imeachtaí coiriúla, rud a chuireann cosc ar na húdaráis inniúla é a chur ar an eolas go pearsanta faoin díotáil deiridh agus faoi dháta agus áit na trialach agus, sna himthosca sin, a chiontaítear in absentia, nach mbeidh an ceart chun trialach nua aige má aimsítear agus má ghabhtar é d’fhonn a phianbhreith a fhorghníomhú, ar choinníoll go dteorannaítear leis an reachtaíocht sin an t‑eisiamh sin ón gceart chun trialach nua do dhaoine a d’fhéadfaí a mheas, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha go léir, gur cuireadh ar an eolas iad faoina dtriail agus, ar an dara dul síos, go ndearna dlíodóir arna cheapadh acu ionadaíocht orthu le linn na trialach in abstentia nó, in éagmais ionadaíocht den sórt sin, gur cuireadh ar an eolas iad, in am trátha, go bhféadfadh a dtriail dul ar aghaidh gan iad a bheith i láthair dá mbeadh sé ar intinn acu caingean bhreithiúnach a sheachaint. |
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.
( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.