BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)
an 18 Eanáir 2024 ( *1 ) ( i )
(Tarchur chun réamhrialú – Iompair – Treoir 2006/126/CE – Airteagal 7(1) agus (3) – Ceadúnais tiomána – Eisiúint, bailíocht agus athnuachan – Folláine fhisiceach agus mheabhrach chun tiomáint – Scrúduithe leighis – Minicíocht – Doiciméad lena ndearbhaítear folláine mheabhrach tiománaithe)
I gCás C‑227/22,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Administrativen sad – Gabrovo (an Chúirt Riaracháin, Gabrovo, an Bhulgáir), trí bhreith an 22 Márta 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 31 Márta 2022, sna himeachtaí
IL
v
Regionalna direktsia ‘Avtomobilna administratsia’ Pleven
tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas, K. Jürimäe, Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag gníomhú mar Bhreitheamh den Tríú Dlísheomra, N. Piçarra, N. Jääskinen (Rapóirtéir) agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,
Cláraitheoir: R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 3 Bealtaine 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
IL, ag M. Hristov, advokat, |
|
– |
Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova, S. Ruseva agus L. Zaharieva, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag P. Messina, N. Nikolova agus N. Yerrell, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 13 Iúil 2023,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 7(1) agus (3) de Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006, maidir le ceadúnais tiomána (IO 2006 L 403, lch. 18, agus ceartúchán IO 2009 L 19, lch. 67). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir IL, náisiúnach de chuid na Bulgáire, agus an Regionalna direktsia ‘Avtomobilna administratsia’ Pleven (an Stiúrthóireacht Réigiúnach um Riarachán Mótarfheithiclí, Pleven, an Bhulgáir) maidir le cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin ar IL ar an bhforas nach raibh sé ábalta, nuair a stop sé le haghaidh seiceáil cois bóthair, deimhniú bailí maidir le hoiriúnacht shíceolaíoch a thabhairt, mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
|
3 |
Foráiltear le haithrisí 8 agus 9 de Threoir 2006/126:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin: ‘Tabharfaidh na Ballstáit isteach ceadúnas tiomána náisiúnta a bheidh bunaithe ar an tsamhail Chomhphobail atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, i gcomhréir le forálacha na Treorach seo. Beidh comhartha sainiúil an Bhallstáit a eiseoidh an ceadúnas ar an bhfeathal ar leathanach 1 de cheadúnais tiomána an Chomhphobail.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
De réir Airteagal 2(1) den Treoir sin: ‘Déanfar ceadúnais tiomána a eisíonn na Ballstáit a aithint go frithpháirteach.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Is mar a leanas atá Airteagal 4(1) den Treoir sin: ‘Údarófar leis an gceadúnas tiomána dá bhforáiltear in Airteagal 1 tiomáint feithiclí cumhacht‑thiomáinte sna hearnálacha a shainítear anseo ina feasta. Féadfar é a eisiúint ón aois íosta arna sonrú do gach catagóir. …’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 7 de Threoir 2006/126, dar teideal ‘Eisiúint, bailíocht agus athnuachan’: ‘1. Ní eiseofar ceadúnais tiomána ach amháin do na hiarratasóirí sin:
… 2. …
… 3. Beidh athnuachan ceadúnais tiomána nuair a rachaidh a bhailíocht riaracháin in éag faoi réir:
… Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le tréimhse bailíochta riaracháin a leagtar amach i mír 2 do cheadúnais tiomána arna n‑eisiúint do thiománaithe nuacheadúnaithe le haghaidh aon chatagóir chun bearta sonracha a chur i bhfeidhm maidir leis na tiománaithe sin, arb é is aidhm dóibh sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le tréimhse bailíochta riaracháin an chéad cheadúnais a eisítear do thiománaithe nuacheadúnaithe do chatagóirí C agus D a theorannú go 3 bliana chun go bhféadfaidís bearta sonracha a chur i bhfeidhm maidir le tiománaithe den sórt sin, chun a sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis an tréimhse bailíochta riaracháin a leagtar amach i mír 2 de cheadúnais tiomána aonair d’aon chatagóir sa chás ina measfar go dteastaíonn seiceálacha leighis nó bearta ar leith eile a chur i bhfeidhm níos minice, lena n‑áirítear srianta do dhaoine a sháraíonn an dlí tráchta. …’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8 |
Foráiltear mar seo a leanas le hIarscríbhinn II, Teideal I den Treoir sin, dar teideal ‘Íoscheanglais le haghaidh tástálacha tiomána’, i bpointe 9 den Treoir sin:
…’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9 |
Foráiltear mar seo a leanas le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Íoschaighdeáin oiriúnachta coirp agus meabhraí chun feithicil cumhacht‑thiomáinte a thiomáint’: ‘Sainmhínithe
…
tiománaithe feithiclí i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E. … Scrúduithe leighis …
… Neamhoird mheabhracha Grúpa 1:
Grúpa 2:
…’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Bulgáire
|
10 |
Faoi Airteagal 51(4) den Zakon za balgarskite lichni dokumenti (Dlí ar dhoiciméid aitheantais na Bulgáire): ‘5 bliana a bheidh i dtréimhse bhailíochta na gceadúnas tiomána do chatagóirí С, CE, C1, C1E, D, DE, D1, D1E agus Т.’ |
|
11 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 8(1), (2) agus (4) de Naredba no 36 za iziskvaniyata za psihologicheska godnost i usloviyata i reda za provezhdane na psihologicheskite izsledvaniya na kandidati za pridobivane na pravosposobnost za upravlenie na MPS, na vodachi na MPS i na predsedateli na izpitni komisii i za izdavane na udostovereniya za registratsiya za izvarshvane na psihologicheski izsledvaniya (Rialachán Uimh. 36 maidir leis na ceanglais i ndáil le folláine shíceolaíoch agus na coinníollacha agus an nós imeachta chun scrúduithe síceolaíochta a dhéanamh ar iarratasóirí ar cheadúnais tiomána, ar thiománaithe agus ar chathaoirligh de bhoird scrúdaithe tiomána agus chun deimhnithe clárúcháin a eisiúint chun scrúduithe síceolaíochta a dhéanamh) an 15 Bealtaine 2006 (Rialachán Uimh. 36/2006): ‘1. Déanfaidh na daoine i dtrácht deimhniú oiriúnachta síceolaíochta a thíolacadh ar dhul i mbun aon fhostaíocht agus gníomhaíochtaí mar thiománaithe tacsaí, mar thiománaí feithiclí d’iompar poiblí daoine nó earraí nó mar chathaoirleach ar bhord scrúdaithe tiomána. 2. Beidh feidhm ag an deimhniú folláine shíceolaíoch ar feadh tréimhse 3 bliana ó dháta a eisiúna. … 4. Rachaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi scrúdú síceolaíochta gach 3 bliana ó dháta eisiúna an deimhnithe deiridh maidir le hoiriúnacht shíceolaíoch.’ |
|
12 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 13(1) de naredba no 1-157 za usloviyata i reda za izdavane na svidetelstvo za upravlenie na motorni prevozni sredstva, otcheta na vodachite i tyahnata distsiplina (Rialachán Uimh. 1-157 maidir le coinníollacha agus nós imeachta i ndáil le ceadúnais tiomána a eisiúint, clár na dtiománaithe agus disciplín orthu) an 1 Deireadh Fómhair 2002: ‘Déanfar ceadúnas tiomána a eisiúint ar dtús ar bhonn taifid bhunaidh tar éis pas a fháil sa tástáil tiomána, arna chur in iúl go hoifigiúil ag an Roinn réigiúnach ábhartha den Darzhavna avtomobilna inspektsia [(Cigireacht Stáit Mótarfheithiclí, an Bhulgáir)]; i ndáil leis sin cuirfidh an duine isteach: 1. foirm iarratais mar aon le haguisíní i gcomhréir leis an Pravilnik za izdavane na balgarskite lichni dokumenti [(Rialacha maidir le doiciméid aitheantais na Bulgáire a eisiúint)]; … 3. doiciméad arna eisiúint ag liachleachtóir ginearálta, ag na painéil saineolaithe liachta ceantair um iompar (TOLEK) nó ag an bpainéal lárnach de shaineolaithe iompair (TTSLEK) lena ndeimhnítear folláine fhisiceach an tiománaí/an iarratasóra ar cheadúnas tiomána; 4. cóip den deimhniú folláine síceolaíche maidir le ceadúnas tiomána a eisiúint do chatagóirí C1, С, D1, D agus Ttm (gluaisteáin tram); 5. cóip den deimhniú gur chuir sé cúrsa garchabhrach tionóisce bóthair do thiománaithe i gcrích; 6. dearbhú nach bhfuil a ghnátháit chónaithe aige nó aici i mBallstát eile den Aontas Eorpach agus nach bhfuil ceadúnas tiomána bailí arna eisiúint ag Ballstát den Aontas Eorpach ina sheilbh nó ina seilbh; …’ |
|
13 |
Faoi Airteagal 15(2) de Rialachán Uimh. 1-157 an 1 Deireadh Fómhair 2002: ‘Maidir leis an athnuachan de bhun mhír 1, déanfaidh tiománaithe na doiciméid dá dtagraítear i mír 13(1)(1), (3) agus (6) agus an seancheadúnas tiomána a thíolacadh.’ |
|
14 |
I gcomhréir le hAirteagal 178c(5) den Zakon za dvizhenieto po patishtata (An Dlí um Thrácht ar Bhóithre), beidh aon duine a sholáthraíonn seirbhísí tacsaí, a bhfuil oibríochtaí iompair cuntais ar úinéireacht aige nó aici nó atá ag gabháil d’iompar poiblí daoine nó earraí gan deimhniú bailí oiriúnachta síceolaíochta, faoi réir fíneáil 500 leva Bulgárach (BGN) (thart ar EUR 255). |
|
15 |
De réir mhír 35(3) den Dopalnitelnite razporedbi na Zakona za izmenenie i dopalnenie na Zakona za dvizhenieto po patishtata (Forálacha breise leis an Dlí lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Dlí um Thrácht ar Bhóithre), leis an Dlí um Thrácht ar Bhóithre cuirtear ceanglais Threoir 2006/126 chun feidhme. |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
16 |
Tá ceadúnas tiomána ag IL atá bailí, go háirithe, do mhótarfheithiclí i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1, D1E agus TCT. Tá a cheadúnas tiomána bailí ón 28 Samhain 2019 go dtí an 28 Samhain 2024. |
|
17 |
An 4 Lúnasa 2021, rinne na húdaráis iniúchta seiceálacha toisc go raibh IL ag tiomáint feithicil a raibh tarracóir agus leathleantóir comhcheangailte léi, ag soláthar seirbhísí iompair earraí poiblí. Nochtadh sna seiceálacha sin nach raibh sé in ann deimhniú bailí um fholláine shíceolaíoch a thabhairt ar aird. Eisíodh a dheimhniú oiriúnachta síceolaíochta deiridh dó an 7 Deireadh Fómhair 2017 agus bhí sé bailí go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2020. |
|
18 |
D’eisigh na húdaráis chigireachta fógra lenar bunaíodh cion riaracháin maidir le sárú ar Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 36/2006 ar an bhforas nár thíolaic IL deimhniú bailí oiriúnachta síceolaíochta. Ar bhonn Airteagal 178c(5) den Dlí um Thrácht ar Bhóithre, ghlac Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Réigiúnaí um Riarachán Mótarfheithiclí, Pleven, cinneadh lenar forchuireadh fíneáil BGN 500 (thart ar EUR 255) ar IL as an sárú ar Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 36/2006 arna shuíomh. |
|
19 |
Rinne IL agóid i gcoinne na fíneála sin os comhair Rayonen sad Sevlievo (an Chúirt Dúiche, Sevlievo, an Bhulgáir), ag áitiú, go bunúsach, go raibh Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 36/2006 agus an fhíneáil dá dtagraítear in Airteagal 178c(5) den Dlí um Thrácht ar Bhóithre contrártha le forálacha Threoir 2006/126. |
|
20 |
Chinn an chúirt sin, ag tagairt do phointe 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, go bhféadfadh Ballstát ceanglais bhreise níos déine a fhorchur ar thiománaithe maidir le minicíocht scrúduithe tréimhsiúla agus sheas sí, le breithiúnas an 10 Nollaig 2021, le cinneadh an 24 Lúnasa 2021. |
|
21 |
Thionscain IL achomharc faoi chás os comhair Administrativen sad – Gabrovo (an Chúirt Riaracháin, Gabrovo, an Bhulgáir), an chúirt a rinne an tarchur, a mheasann go bhfuil forálacha Threoir 2006/126 doiléir agus, ar bhealach éigin, contrártha. |
|
22 |
Tugann an chúirt sin dá haire, ar an gcéad dul síos, gur cheart, de réir aithris 9 den Treoir sin, cruthúnas a sholáthar ar chomhlíonadh caighdeán íosta oiriúnachta coirp agus meabhraí i ndáil le tiomáint ag tiománaithe feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar tráth eisiúint an cheadúnais tiomána agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin. Moltar go sainráite san aithris sin gur cheart go mbeadh na scrúduithe leighis i gcomhthráth le hathnuachan ceadúnais tiomána agus, dá bhrí sin, go gcinnfí iad de réir thréimhse bhailíochta an cheadúnais. Ar an dara dul síos, sonraítear ann go gceadaítear do Bhallstáit le pointe 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126 foráil a dhéanamh sa dlí náisiúnta go ndéanfar scrúduithe leighis ar thiománaithe i ngrúpa 2 (catagóirí C, СЕ, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E) ag cibé eatraimh is cuí leo, agus nach gá go gcomhfhreagraíonn na tréimhsí sin don tréimhse bhailíochta tiomána. |
|
23 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte an gceadaítear do Bhallstáit, faoi fhorálacha Threoir 2006/126, a cheangal ar thiománaithe i ngrúpa 2 dul faoi scrúduithe leighis atá ceaptha lena shuíomh, ag eatraimh níos giorra ná tréimhse bhailíochta an cheadúnais tiomána, a bhfolláine shíceolaíoch agus mheabhrach, agus doiciméad ar leith a éileamh, de bhreis ar an gceadúnas tiomána, lena ndeimhnítear folláine den sórt sin, nó an leor ceadúnas atá bailí le haghaidh na gcatagóirí sin chun folláine den sórt sin a dheimhniú, mar a bunaíodh an tráth a rinneadh an ceadúnas tiomána a eisiúint nó a athnuachan. |
|
24 |
Le hordú an 27 Bealtaine 2022, a cláraíodh i gClárlann na Cúirte an 30 Bealtaine 2022, chinn an chúirt a rinne an tarchur aguisín a thíolacadh lena hiarraidh ar réamhrialú, ina sonraítear gur ceist eile a dtagann os a comhair ná an bhfuil an pionós dá bhforáiltear le reachtaíocht na Bulgáire maidir le tiománaí a bhfuil ceadúnas tiomána bailí aige le haghaidh mótarfheithicle de chatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1, D1E agus TCT ach nach féidir leis deimhniú um fholláine shíceolaíoch a thabhairt ar aird do na húdaráis iniúchta toisc go bhfuil sé imithe in éag, contrártha le tréimhse shioncrónaithe bhailíochta riaracháin na gceadúnas tiomána le haghaidh mótarfheithiclí agus scrúduithe leighis maidir le folláine fhisiceach agus mheabhrach dá bhforáiltear i dTreoir 2006/126 nó an sárú ar dhlí an Aontais é cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta ag an údarás a fhorchuireann an pionós. |
|
25 |
Sna himthosca sin, chinn Administrativen sad – Gabrovo (an Chúirt Riaracháin, Gabrovo) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear
|
26 |
Lena cuid ceisteanna atá aici, ar iomchuí iad a bhreithniú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 7(1) agus (3) de Threoir 2006/126 a léiriú sa chaoi a gciallaíonn go gcuirtear cosc leis ar Bhallstát iallach a chur ar shealbhóirí ceadúnas tiomána d’fheithicil i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an Treoir sin, ar daoine iad a raibh a folláine fhisiceach agus mheabhrach chun tiomáint deimhnithe nuair a eisíodh an ceadúnas tiomána sin, agus ar mhaith leo gairm a chleachtadh mar thiománaí feithicle a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar, teastas lena ndearbhaítear a bhfolláine mheabhrach a fháil, mar aon lena gceadúnas tiomána, ar giorra tréimhse bhailíochta an teastais sin ná a cheadaítear leis an gceadúnas. |
|
27 |
Chuige sin, ní mór a mheabhrú go mbunaítear le Treoir 2006/126, mar is léir ó aithris 8 di, íosmhéid comhchuibhithe ar na forálacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfar an ceadúnas tiomána dá bhforáiltear in Airteagal 1 a eisiúint. Tá na coinníollacha sin leagtha amach, go háirithe, in Airteagail 4 agus 7 den Treoir sin agus baineann siad, inter alia, leis an aois íosta is gá, le hoiriúnacht chun tiomáint, leis na tástálacha nach mór don iarratasóir pas a fháil iontu agus le cónaitheacht an iarratasóra sa Bhallstát eisiúna. Is é is aidhm don chomhchuibhiú sin ar na ceanglais maidir le ceadúnas tiomána a fháil, go háirithe, na réamhchoinníollacha is gá a leagan síos maidir le haitheantas frithpháirteach do cheadúnais den sórt sin agus saothraítear freisin le cuspóir na treorach sin rannchuidiú le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2017, I, C‑195/16, EU:C:2017:815, míreanna 43, 44 agus 51). |
|
28 |
Faoi Airteagal 7(1)(a) de Threoir 2006/126, ní eiseofar ceadúnais tiomána ach amháin do na hiarratasóirí sin a bhfuil pas faighte acu i dtástáil scileanna agus iompair agus i dtástáil theoiriciúil, agus a chomhlíonann íoschaighdeáin um fholláine fhisiceach agus mheabhrach, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Treoir sin. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 7(3)(a) den Treoir sin go mbeidh athnuachan ceadúnais tiomána faoi réir na n‑íoschaighdeán sin maidir le folláine fhisiceach agus mheabhrach do shealbhóirí ceadúnais tiomána feithiclí i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E. |
|
29 |
Dá réir sin, leanann sé ó na forálacha sin de Threoir 2006/126 go ndearnadh measúnú agus deimhniú cheana féin ar oiriúnacht mheabhrach sealbhóirí ceadúnais tiomána le haghaidh feithiclí i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E, lena n‑áirítear daoine atá ag obair mar thiománaithe gairmiúla, tráth eisiúint agus athnuachan na gceadúnas sin, d’fhonn aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar an riachtanas a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre. |
|
30 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, maidir leis na ceanglais fhisiciúla agus mheabhracha maidir le tiomáint, ar an gcéad dul síos, go bhféadfaidh Ballstát, i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126, a éileamh, chun ceadúnas tiomána a eisiúint nó chun an ceadúnas sin a athnuachan ina dhiaidh sin, scrúdú leighis níos iomláine ná na cinn dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Márta 2012, Akyüz, C‑467/10, EU:C:2012:112, mír 54). |
|
31 |
Ar an dara dul síos, maidir le tiománaithe i ngrúpa 2, eadhon tiománaithe feithiclí i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E, amhail IL, ceadaítear le pointe 13.2 d’Iarscríbhinn III d’údaráis inniúla leighis na mBallstát breithniú a dhéanamh ar na rioscaí agus na contúirtí breise a bhaineann le tiomáint feithiclí a chumhdaítear leis an sainmhíniú ar an ngrúpa sin. Mar sin, nuair a chinnfidh na Ballstáit sin na scrúduithe leighis a bheidh le déanamh ag tiománaithe i ngrúpa 2, féadfaidh siad ceanglais níos déine a thabhairt isteach do na tiománaithe sin ná do na tiománaithe i ngrúpa 1, chun aon ‘neamhoird mheabhracha’ a shainaithint, mar atá cumhdaithe ag pointe 13.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126. |
|
32 |
Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go sonraítear i dTreoir 2006/126, i bpointí 13.1 agus 13.2 d’Iarscríbhinn III, na neamhoird mheabhracha atá le cur san áireamh. I measc na neamhord meabhrach sin, déantar tagairt i bpointe 13.1 do ‘mhórshuaitheadh meabhrach … de dheasca … tráma …’; d’fhéadfadh baint a bheith ag an téarma ‘tráma’, go háirithe, le sraith deacrachtaí síceolaíochta a tharla de thaisme ag gníomhaí seachtrach. Tagraíonn an fhoráil sin freisin do ‘lochtanna pearsantachta as a dtagann lagú tromchúiseach ar bhreithiúnas, ar iompar nó ar inoiriúnaitheacht’. |
|
33 |
Chuige sin, sonraíonn Rialtas na Bulgáire, ina bharúlacha i scríbhinn, go raibh an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí ceaptha chun folláine shíceolaíoch a shuíomh chun mótarfheithiclí a thiomáint gan aon bhaol de thionóiscí tráchta a bheith ann, ag féachaint do na cáilíochtaí síceolaíochta atá ábhartha don ghairm. Sonraíonn sé gur féidir ar an mbealach sin, tar éis scrúdú a dhéanamh ar fholláine shíceolaíoch dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin, prognóis a fháil, i measc nithe eile, maidir le hiompar an duine lena mbaineann ar an mbóthar amach anseo agus maidir leis an mbaol go dtarlódh tionóiscí, bunaithe ar chritéir shíceolaíocha amháin, seachas ar chritéir leighis. |
|
34 |
Sna himthosca sin, dá ndearbhódh an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an tástáil ar fholláine shíceolaíoch dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin difriúil, i dtéarmaí a raon feidhme agus a cuspóirí, ón scrúdú ar fholláine mheabhrach dá bhforáiltear le Treoir 2006/126, ní féidir a mheas go bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh le tástáil shíceolaíoch nach bhfuil bunaithe ar cheanglais na Treorach sin agus nach scrúdú leighis í mar sin, de réir bhrí Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. Bhainfeadh sé an bonn d’fheidhmiú cuí an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin, atá ceaptha chun a chur ar chumas daoine a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos inti deimhniú a sholáthar maidir le hoiriúnacht chun feithiclí a thiomáint den chatagóir atá i gceist. Mar is léir ó bharúlacha Rialtas na Bulgáire, ní mór do thiománaithe gairmiúla ceadúnas tiomána bailí a bheith acu, trína dtoimhdítear go gcomhlíonann siad na caighdeáin um fholláine fhisiceach agus mheabhrach mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126, chomh maith leis na caighdeáin a bhaineann le scileanna agus iompar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. Ceanglaítear leis na caighdeáin sin measúnú foriomlán ar phróifíl an iarrthóra ag féachaint, inter alia, dá iompraíocht nó dá hiompraíocht agus dá acmhainn nó dá hacmhainn tiomáint go sábháilte. |
|
35 |
I gcodarsnacht leis sin, dá mba rud é go gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sé beartaithe go mbeadh an tástáil ar fholláine shíceolaíoch atá i gceist sna príomhimeachtaí faoin lánrogha a fhágtar do na Ballstáit maidir le scrúduithe leighis níos déine, dá dtagraítear i míreanna 30 agus 31 thuas, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, nach gcuirtear cosc le comhchuibhiú íosta ar na Ballstáit na bearta sin a choinneáil nó a ghlacadh, ar choinníoll nach féidir na bearta níos déine i ndáiríre an bonn a bhaint, áfach, den toradh a fhorordaítear leis an Treoir atá i gceist agus go gcomhlíonann siad Conradh FAE. Chuige sin, tá sé sonraithe ag an gCúirt go bhféadfaí, d’ainneoin a n‑éifeachta sriantaí, údar a thabhairt le bearta den sórt sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglas sáraitheach ar mhaithe le leas an phobail, go bhfuil siad iomchuí chun gnóthú an chuspóra a shaothraíonn siad a áirithiú agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach (breithiúnas an 7 Iúil 2016, Muladi, C‑447/15, EU:C:2016:533, míreanna 43 agus 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
36 |
Faoi réir fíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur ina leith sin, ní léir ón gcomhad atá ar fáil don Chúirt go bhfuil sé beartaithe leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sonracha breise maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus ar na contúirtí a bhaineann leis an gcumas meabhrach a theastaíonn ó thiománaithe i ngrúpa 2. Ní féidir teacht ar an gconclúid, ar an gcéad amharc, ón míniú a thug Rialtas na Bulgáire, go bhfuil sé mar aidhm ag an tástáil ar fholláine shíceolaíoch atá i gceist sna príomhimeachtaí neamhoird mheabhracha ionchasacha a bhrath, ar bhealach níos cruinne nó níos doimhne, amhail na neamhoird dá dtagraítear i bpointí 13.1 agus 13.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126, a d’fhéadfadh cur isteach ar shábháilteacht ar bhóithre. Dá réir sin, dealraíonn sé go dtéann an reachtaíocht sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir maidir le sábháilteacht ar bhóithre a bhaint amach, agus, ós rud é go gceanglaítear léi ar thiománaithe deimhniú oiriúnachta síceolaíochta a bheith ina seilbh, chomh maith le ceadúnas tiomána bailí, tá baol ann go ndéanfaí dochar mór do bhaint amach an toraidh a fhorordaítear le Treoir 2006/126. |
|
37 |
Sna himthosca sin, bheadh sé ina shrian breise neamhcheadaithe dá gceanglófaí ar shealbhóirí de cheadúnas tiomána bailí deimhniú folláine síceolaíche a bheith ina seilbh acu, ós rud é nach mór a mheas gur cruthúnas é ceadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2006/126, ar an lá a eisíodh an ceadúnas sin, gur chomhlíon a shealbhóir na coinníollacha arna leagan síos leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Aibreán 2012, Hofmann, C‑419/10, EU:C:2012:240, mír 46, agus an 29 Aibreán 2021, Stadt Karlsruhe (Aitheantas de cheadúnas tiomána athnuaite), C‑47/20, EU:C:2021:332, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus mar sin gur an luach fianaiseach riachtanach é chun folláine mheabhrach a dheimhniú chun mótarfheithicil den chatagóir ábhartha a thiomáint. |
|
38 |
Cé nach ndéantar foráil i dTreoir 2006/126 ach maidir le híosmhéid comhchuibhithe ar na forálacha náisiúnta a bhaineann leis na coinníollacha faoinar féidir ceadúnas tiomána a eisiúint, cruthaítear leis an Treoir sin, áfach, comhchuibhiú uileghabhálach ar dhoiciméid lena ndearbhaítear go bhfuil ceart chun tiomáint ann nach mór do na Ballstáit a aithint de bhun Airteagal 2(1) de (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Deireadh Fómhair 2017, I, C‑195/16, EU:C:2017:815, mír 57, agus an 29 Aibreán 2021, Stadt Pforzheim (Eolas ar cheadúnas tiomána), C‑56/20, EU:C:2021:333, mír 42). Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 63 dá Thuairim, ciallaíonn sé sin nach féidir le ceadúnas tiomána arna eisiúint de réir Threoir 2006/126 a bheith ann taobh le taobh le haon doiciméad náisiúnta eile lena gcomhlíontar go bunúsach an fheidhm chéanna. |
|
39 |
Ar an gcaoi chéanna, níl sé de chumhacht ag na Ballstáit, ag eatraimh atá níos giorra ná tréimhse bhailíochta ceadúnais tiomána, cruthúnas ar fholláine mheabhrach don tiomáint a éileamh. |
|
40 |
Sa chéad áit, i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(b) de Threoir 2006/126, beidh bailíocht riaracháin 5 bliana ag gabháil le ceadúnais arna n‑eisiúint ag Ballstáit do chatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E, agus ceanglaítear le hAirteagal 7(3)(a) den Treoir sin go mbeidh athnuachan an cheadúnais tiomána faoi réir chomhlíonadh na n‑íoschaighdeán maidir le folláine fhisiceach agus mheabhrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin i ndáil le sealbhóirí ceadúnas sna catagóirí sin. |
|
41 |
Sa dara háit, cé gur fíor, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear le pointe 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126, sa leagan Fraincise, ‘les candidats doivent faire l’objet d’un examen médical avant la délivrance initiale d’un permis et, par la suite, les conducteurs sont contrôlés conformément au système national en vigueur dans l’État membre de résidence normale où a lieu le renouvellement de leur permis de conduire’ agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an chuid dheireanach den abairt ar iarraidh ón leagan Bulgáirise, is féidir teacht ar an gconclúid, ag féachaint do na leaganacha teanga éagsúla den fhoráil sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointí 49 agus 50 dá Thuairim, nach mór an fhoráil sin a léiriú sa chaoi a gciallaíonn go gcaithfear an scrúdú atá i gceist a dhéanamh nuair a dhéantar an ceadúnas tiomána a athnuachan. |
|
42 |
Ní féidir léiriú eile a dhéanamh ar an bhforáil sin de bharr an fhíorais nach gcomhfhreagraíonn na leaganacha Bulgáirise agus Fraincise de phointe 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126 go hiomlán do na leaganacha teanga eile de Threoir 2006/126. |
|
43 |
I gcomhréir le cásdlí socair, toisc go bhfuil gá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus, dá réir sin, le léiriú aonfhoirmeach ar bheart de chuid an Aontais, ní féidir leagan amháin den téacs a mheas ina aonar, ach ceanglaítear leis go ndéanfaí é a léiriú ar bhonn fhíor-intinn an údair agus na haidhme atá á lorg ag an údar, i bhfianaise, go háirithe, na leaganacha i ngach teanga (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Samhain 1969, Stauder, 29/69, EU:C:1969:57, míreanna 2 agus 3; an 12 Nollaig 2013; X, C‑486/12, EU:C:2013:836, mír 19; agus an 15 Bealtaine 2014, Timmel, C‑359/12, EU:C:2014:325, mír 63). |
|
44 |
Is léir go soiléir ó na leaganacha teanga eile de Threoir 2006/126 go bhfuil sé beartaithe ag reachtóir an Aontais go ndéanfaí na scrúduithe leighis i gcomhthráth le hathnuachan an cheadúnais tiomána, agus ní thagraíonn na forálacha atá i gceist d’aon fhéidearthacht go ndéanfadh na Ballstáit eatraimh níos giorra a shocrú idir na scrúduithe leighis do thiománaithe i ngrúpa 2. Mar atá sonraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, tá an léiriú sin le fáil ón gceathrú habairt d’aithris 9 den Treoir sin, ina sonraítear go sainráite gur cheart go ndéanfaí scrúduithe den sórt sin ag an am céanna le hathnuachan ceadúnais tiomána agus go gcinnfí iad dá bhrí sin le tréimhse bhailíochta an cheadúnais. |
|
45 |
Ina theannta sin, cé go gceadaítear leis an gcúigiú fomhír d’Airteagal 7(3) de Threoir 2006/126 do na Ballstáit, go heisceachtúil, teorainn a chur leis tréimhse bailíochta riaracháin ceadúnais tiomána aonair d’aon chatagóir ‘sa chás ina measfar go dteastaíonn seiceálacha leighis’ chun sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú, deimhnítear leis an bhforáil sin nach mór do na scrúduithe leighis a bheith comhthráthach le hathnuachan an cheadúnais, agus dá réir sin ní mór minicíocht an cheadúnais sin a athnuachan agus an mhinicíocht sin a chinneadh de réir tréimhse bhailíochta an cheadúnais sin. |
|
46 |
Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, mar atá áitithe ag an gCoimisiún Eorpach, tráth na n‑imeachtaí i gceist sna príomhimeachtaí, go raibh rialacha cheana féin i ndlí an Aontais maidir le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla chun ceanglais sábháilteachta a bhaineann le hiompar earraí agus paisinéirí a chur san áireamh, eadhon Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhar iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO 2003 L 226, lch. 4), nach raibh aon cheanglas sonrach nó breise ann, i gcomparáid le Treoir 2006/126, maidir le measúnú ar fholláine mheabhrach tiománaithe gairmiúla. |
|
47 |
I bhfianaise an mhéid sin go léir thuas, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 7(1) agus (3) de Threoir 2006/126 a léiriú sa chaoi a gciallaíonn go gcuirtear cosc leis ar Bhallstát iallach a chur ar shealbhóirí ceadúnas tiomána d’fheithicil i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an Treoir sin, ar daoine iad a raibh a folláine fhisiceach agus mheabhrach chun tiomáint deimhnithe nuair a eisíodh an ceadúnas tiomána sin, agus ar mhaith leo gairm a chleachtadh mar thiománaí feithicle a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar, teastas lena ndearbhaítear a bhfolláine mheabhrach a fháil, mar aon lena gceadúnas tiomána, ar giorra tréimhse bhailíochta an teastais sin ná a cheadaítear leis an gceadúnas. |
Costais
|
48 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 7(1) agus (3) de Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006, maidir le ceadúnais tiomána, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
cuirtear cosc leis ar Bhallstát iallach a chur ar shealbhóirí ceadúnais tiomána d’fheithicil i gcatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an Treoir sin, ar daoine iad a raibh a bhfolláine fhisiceach agus mheabhrach chun tiomáint deimhnithe nuair a eisíodh an ceadúnas tiomána sin, agus ar mhaith leo gairm a chleachtadh mar thiománaí feithicle a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar, teastas lena ndearbhaítear a bhfolláine mheabhrach a fháil, mar aon lena gceadúnas tiomána, ar giorra tréimhse bhailíochta an teastais sin ná a cheadaítear leis an gceadúnas. |
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.
( i ) Rinneadh an fhoclaíocht i míreanna 10 go 14 agus 18 agus 19 a leasú ó cuireadh ar líne é den chéad uair.