BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Seachtú Dlísheomra)
21 Márta 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Slándáil bia – Rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch – Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 – Raon feidhme – Eisiamh – Bia a sholáthar idir bunaíochtaí miondíola ar gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta é – An coincheap ‘gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta’ – Reachtaíocht náisiúnta a imíonn ón sainmhíniú ar an gcoincheap sin a leagtar síos sa Rialachán sin)
I gCás C‑10/23,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, an Rómáin), trí bhreith an 19 Deireadh Fómhair 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 11 Eanáir 2023, sna himeachtaí
Remia Com Impex SRL
v
Autoritatea Naţională Sanitară Veterinară şi pentru Siguranţa Alimentelor (ANSVSA),
Direcţia Sanitară Veterinară şi pentru Siguranţa Alimentelor Dolj,
tugann AN CHÚIRT (an Seachtú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas, F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, N. Wahl agus M.L. Arastey Sahún (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Rialtas na Rómáine, ag E. Gane, L. Ghiţă agus A. Wellman, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag F. Le Bot agus L. Radu Bouyon, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO 2004 L 139, lch. 55, agus ceartúcháin IO 2004 L 226, lch. 22 agus IO 2013 L 160, lch. 15), go háirithe Airteagal 1(3) go (5) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 13 de, mar aon le prionsabal na coibhéise. |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Remia Com Impex SRL (‘Remia’), ar thaobh amháin, agus an Autoritatea Națională Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor (ANSVSA) (an tÚdarás Náisiúnta um Shláinte Tréidliachta agus Sábháilteacht Bia, an Rómáin) agus Direcția Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor Dolj (an Stiúrthóireacht um Shláinte Tréidliachta agus Sábháilteacht Bia, Dolj, an Rómáin), ar an taobh eile, maidir le dlíthiúlacht ordaithe, arna ghlacadh ag ANSVSA, lena mbunaítear an nós imeachta um chlárú shláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia ar ghníomhaíochtaí na mbunaíochtaí a dhíolann táirgí príomhúla go díreach nó a bhíonn i mbun miondíola. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
|
3 |
Faoi aithrisí 2, 3, 4 agus 13 de Rialachán Uimh. 853/2004:
…
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 853/2004, dar teideal ‘Raon feidhme’: ‘1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha sonracha maidir le sláinteachas bia de thionscnamh ainmhíoch le haghaidh oibreoirí gnólachtaí bia. Leis na rialacha sin, forlíontar na rialacha a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004. Beidh feidhm acu maidir le táirgí neamhphróiseáilte agus próiseáilte de bhunadh ainmhíoch. … 3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
4. Bunóidh na Ballstáit, faoin dlí náisiúnta, rialacha lena rialófar na gníomhaíochtaí agus na daoine dá dtagraítear i mír 3(c), (d) agus (e). Áiritheofar le rialacha náisiúnta den sórt sin go mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo. 5.
…’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 853/2004, dar teideal ‘Clárú agus formheas bunaíochtaí’: ‘Gan dochar d'Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ní oibreoidh bunaíochtaí a láimhseálann na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch a leagtar síos ceanglais ina leith le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo ach amháin má d’fhormheas an t‑údarás inniúil iad de réir mhír 3 den airteagal seo, cé is moite de bhunaíochtaí a dhéanann an méid seo a leanas amháin:
|
Dlí na Rómáine
|
6 |
Ghlac ANSVSA Ordinul nr. 111/2008 privind aprobarea Normei sanitare veterinare și pentru siguranța alimentelor privind procedura de înregistrare sanitară veterinară și pentru siguranța alimentelor a activităților de obținere și de vânzare directă și/sau cu amănuntul a produselor alimentare de origine animală sau nonanimală, precum și a activităților de producție, procesare, depozitare, transport și comercializare a produselor alimentare de origine nonanimală (Ordú Uimh 111/2008 lena bhformheastar na rialacha sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia a bhaineann leis an nós imeachta maidir le clárú sláinte tréidliachta agus sábháilteacht bia den fháil dhíreach agus/nó mhiondíola agus díol de bhia de bhunadh ainmhíoch nó neamhainmhíoch, chomh maith le táirgeadh, próiseáil, stóráil, iompar agus margú earraí bia de bhunadh neamhainmhíoch ‘Ordú Uimh 111/2008’) an 16 Nollaig 2008 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 895 an 30 Nollaig 2008). |
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 2 d’Ordú Uimh. 111/2008: ‘Dréachtaíodh na rialacha sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia dá dtagraítear in Airteagal 1 chun an nós imeachta a bhunú don chlárú sláinte tréidliachta agus sábháilteacht bia de ghníomhaíochtaí na mbunaíochtaí a dhíolann táirgí príomhúla go díreach nó a bhíonn i mbun díolacháin mhiondíola, i gcomhréir le … Airteagal 1(4) de [Rialachán Uimh. 853/2004].’ |
|
8 |
Tá na rialacha sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia (‘na rialacha sláinte tréidliachta’) leagtha amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le hOrdú Uimh. 111/2008. |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 16 de na rialacha sláinte tréidliachta: ‘Bunaítear leis an gCaibidil seo an nós imeachta maidir le clárú sláinte tréidliachta agus sábháilteacht bia den mhiondíol bia de bhunadh ainmhíoch nó neamh-ainmhíoch.’ |
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 17 de na rialacha sin: ‘Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
…
…’ |
|
11 |
Sonraítear in Airteagal 18(1) de na rialacha sláinte tréidliachta: ‘Déanfar gníomhaíochtaí na mbunaíochtaí miondíola dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a chur i gcrích ar bhonn an deimhnithe dea-sheasaimh nó, de réir mar a bheidh, an deimhnithe corpraithe arna eisiúint ag an gclároifig trádála ag an Tribunalul (an Chúirt Réigiúnach, an Rómáin) den áit ina gcuirtear na gníomhaíochtaí i gcrích agus ar bhonn doiciméid chlárúcháin sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia arna eisiúint ag an Stiúrthóireacht Cheantair um Shláinte Tréidliachta agus um Shábháilteacht Bia nó ag an Stiúrthóireacht um Shláinte Tréidliachta agus um Shábháilteacht Bia de chuid Bhardas Bhúcairist i gcomhréir leis an teimpléad atá leagtha amach in Iarscríbhinn 3.’ |
|
12 |
Faoi Airteagal 19(1) de na rialacha sin: ‘Chun doiciméad clárúcháin sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia a fháil le haghaidh ghníomhaíochtaí na mbunaíochtaí miondíola dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1, ní mór d’oibreoirí gnó bia nó a n‑ionadaithe dlíthiúla comhad a chur faoi bhráid na Stiúrthóireachta Ceantair um Shláinte Tréidliachta agus um Shábháilteacht Bia nó na Stiúrthóireachta um Shláinte Tréidliachta agus um Shábháilteacht Bia de chuid Bhardas Bhúcairist ina bhfuil na doiciméid seo a leanas: …’ |
|
13 |
Is mar a leanas atá Airteagal 20(1) de na rialacha sláinte tréidliachta: ‘Maidir leis na bunaíochtaí miondíola a chomhlíonfaidh na ceanglais sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia arna leagan síos leis an reachtaíocht shonrach, eiseoidh an Stiúrthóireacht Cheantair um Shláinte Tréidliachta agus um Shábháilteacht Bia nó an Stiúrthóireacht um Shláinte Tréidliachta agus um Shábháilteacht Bia de chuid Bhardas Bhúcairist doiciméad clárúcháin sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia i gcomhréir leis an teimpléad atá leagtha amach in Iarscríbhinn 3.’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
14 |
An 9 Márta 2018 thionscain Remia caingean os comhair Curtea de Apel București (an Chúirt Achomhairc, Búcairist, an Rómáin) lena lorgaítear (i) go gcuirfí Airteagal 2 d’Ordú Uimh. 111/2008, agus Airteagail 16 agus 17 de na rialacha sláinte tréidliachta, Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(1) de na rialacha sin, agus na focail ‘i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn 3’ atá in Airteagal 20(1) de, chomh maith le hIarscríbhinn 3 ina hiomláine a ghabhann leis, ar neamhní (ii) athbhreithniú ar staid na mbunaíochtaí atá cláraithe i gceantar Dolj, d’fhonn a n‑aicmiú mar bhunaíochtaí atá faoi réir cláraithe nó formheasa chun críocha Rialachán Uimh. 852/2004 agus Uimh. 853/2004, agus (iii) cúiteamh as an damáiste a tharla de bharr sárú ar dhlí an Aontais mar gheall ar, inter alia, cur i gcrích mícheart na nósanna imeachta riaracháin is gá chun leas dlisteanach Remia a chosaint, eadhon doiciméid chlárúcháin sláinte tréidliachta agus sábháilteachta bia a eisiúint chuig bunaíochtaí ar gá formheas a thabhairt dóibh. |
|
15 |
Le breithiúnas an 4 Nollaig 2019, dhíbh Curtea de Apel București (an Chúirt Achomhairc, Búcairist) an chaingean sin mar chaingean gan bhunús. |
|
16 |
Thionscain Remia achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, an Rómáin) – an chúirt a rinne an tarchur – ag pléadáil, go bunúsach, go bhfuil Ordú Uimh. 111/2008 neamhdhleathach sa mhéid go dtugtar neamhaird leis ar an gcoincheap ‘gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta’ dá bhforáiltear in aithris 13 de Rialachán Uimh 853/2004. |
|
17 |
De réir ANSVSA, níl na sainmhínithe ar na téarmaí sin atá in Airteagal 17(d), (e) agus (f) de na rialacha sláinte tréidliachta contrártha le haithris 13 den Rialachán sin. |
|
18 |
Ag éisteacht a bhí os comhair na cúirte a rinne an tarchur, d’iarr Remia go ndéanfaí tarchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú, ag áitiú, go bunúsach, go gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí raon feidhme Rialachán Uimh. 853/2004 a theorannú, de shárú ar dhlí an Aontais. Ina thuairim, is é éifeacht Ordú Uimh. 111/2008 nach gcuirtear gníomhaíochtaí faoi réir formheasa nuair, cé gur miondíol iad, go bhfuil saintréithe acu a dteastaíonn formheas uathu toisc nach gcumhdaítear iad leis na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 1(5)(b) den rialachán sin. Leis an bhfocal ‘logánta’, de réir bhrí na forála sin, ainmnítear de réir aithris 13 den rialachán, bunaíochtaí atá suite i ngarchomharsanacht na bunaíochta a sholáthraíonn bia de bhunadh ainmhíoch, cé go dtagraítear in Airteagal 17(e) de na rialacha sláinte tréidliachta do sholáthar bia den sórt sin ar fud na críche náisiúnta. |
|
19 |
Chuige sin, míníonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sé de cheangal uirthi tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, ós rud é gur cúirt nó binse de chuid Ballstáit í nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh a cuid cinntí. Ardaítear sa díospóid sna príomhimeachtaí an cheist faoi chomhoiriúnacht fhorálacha an dlí náisiúnta le Rialachán Uimh. 853/2004. I bhfianaise fhoclaíocht aithris 13 den rialachán sin, de bharr an tsainmhínithe ar an gcoincheap ‘gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta’ dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta sin, eascraíonn deacracht, de réir na cúirte sin, maidir le léiriú dhlí an Aontais. |
|
20 |
Sna himthosca sin, chinn an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear
Inghlacthacht
|
21 |
Áitíonn Rialtas na Rómáine nach leagtar amach san ordú tarchuir comhthéacs fíorasach na díospóide sna príomhimeachtaí, cé go bhfuil sé sin sár-riachtanach chun na fíorais a aicmiú, chun forálacha infheidhme an dlí náisiúnta a chinneadh, agus chun rialacha de dhlí an Aontais a shainaithint, a bhfuil a léiriú úsáideach chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. |
|
22 |
Go háirithe, toisc nach bhfuil cur síos ar an gcomhthéacs fíorasach ní fios cén cineál gníomhaíochtaí a dhéanann Remia ná ní fhéadtar a thuiscint an bhféadfadh an chuideachta sin leas a bhaint as an nós imeachta chun a gníomhaíochtaí a fhormheas nó an gcumhdaítear na gníomhaíochtaí sin le Rialachán Uimh. 853/2004. Agus amhlaidh sin, sonraíonn an rialtas sin, de réir na faisnéise atá ar fáil do ANSVSA ach nach bhfuil le feiceáil san ordú tarchuir, gurb í príomhghníomhaíocht Remia trádáil mórdhíola táirgí de bhunadh ainmhíoch agus saoráidí stórála a ligean ar cíos. |
|
23 |
Níor chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, dá bhrí sin, san ordú tarchuir, (i) na cúiseanna ar thagair sí d’fhorálacha dhlí an Aontais a rabhthas ag brath orthu sna ceisteanna a tharchuirtear agus (ii) an nasc idir ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna sin. Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú doghlactha ina hiomláine. |
|
24 |
Gan doghlacthacht den sórt sin á pléadáil aige, cuireann an Coimisiún Eorpach i bhfios go láidir mar sin féin go bhfuil bearnaí san ordú tarchuir maidir leis an gcéad cheist agus leis an gcúigiú ceist. |
|
25 |
Maidir leis an gcéad cheist, measann an institiúid sin nach féidir nádúr ghníomhaíochtaí Remia a thuiscint go soiléir le léamh an ordú tarchuir. Mar sin féin, measann sé gur léir ón ordú sin go ndéanann an chuideachta sin gníomhaíochtaí miondíola i mbunaíochtaí miondíola eile. |
|
26 |
Maidir leis an gcúigiú ceist, a bhaineann le prionsabal na coibhéise, tugann an Coimisiún dá aire nach luaitear san ordú tarchuir forálacha an dlí náisiúnta faoinar féidir cinneadh a thagann ó údarás riaracháin a chur ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain an dlí náisiúnta a chomhlíonadh; ná ní luaitear aon bheart a d’fhéadfadh na cúirteanna náisiúnta a dhéanamh i gcás ina gcinntear go bhfuil beart riaracháin náisiúnta ag teacht salach ar dhlí an Aontais. |
|
27 |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, gur ionstraim comhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, trína gcuireann an Chúirt na léirithe ar dhlí an Aontais atá de dhíth ar fáil do na cúirteanna náisiúnta, chun na díospóidí atá os a gcomhair a chinneadh (breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz agus Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
28 |
De réir chásdlí socair na Cúirte, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta, ciallaíonn an gá atá le léiriú a thabhairt ar dhlí an Aontais a bheidh úsáideach don chúirt náisiúnta go bhfuil sé de cheangal ar an gcúirt náisiúnta a urramú go grinn na ceanglais a bhaineann le hábhar iarrata ar réamhrialú, a leagtar amach go sainráite in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais (breithiúnas an 28 Samhain 2023, Commune d'Ans, C‑148/22, EU:C:2023:924, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, leagtar amach na ceanglais sin i míreanna 13, 15 agus 16 de na Moltaí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do chúirteanna agus do bhinsí náisiúnta maidir le himeachtaí réamhrialaithe a thionscnamh (IO 2019 C 380, lch. 1). |
|
29 |
Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 94(a) de na Rialacha Nós Imeachta, tá sé riachtanach don chúirt a rinne an tarchur comhthéacs fíorasach agus dlíthiúil na gceisteanna atá á gcur aici a shainiú nó, ar a laghad, na himthosca fíorasacha ar a bhfuil na ceisteanna sin bunaithe a mhíniú. Sa nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, níl sé de chumhacht ag an gCúirt rialú a thabhairt ar léiriú ar reachtaíocht an Aontais ar aon bhonn seachas na fíorais a chuireann an chúirt náisiúnta os a comhair (breithiúnas an 28 Samhain 2023, Commune d'Ans, C‑148/22, EU:C:2023:924, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
30 |
Ina dhiaidh sin, foráiltear le hAirteagal 94(b) de na Rialacha Nós Imeachta go mbeidh san iarraidh ar réamhrialú brí aon fhorálacha náisiúnta is infheidhme sa chás a bheidh i gceist sna príomhimeachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, an cásdlí náisiúnta ábhartha. |
|
31 |
Ar deireadh mar a shonraítear in Airteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta, tá sé ríthábhachtach go mbeadh ráiteas san ordú tarchuir ar na cúiseanna a spreag an chúirt náisiúnta chun fiosrú a dhéanamh maidir le léiriú ar fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais, agus maidir leis an ngaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (breithiúnas an 28 Samhain 2023, Commune d'Ans, C‑148/22, EU:C:2023:924, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
32 |
Sa chás seo, ní mór a chinneadh nach dtugtar san ordú tarchuir ach míniú thar a bheith gearr ar ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí, gan comhthéacs fíorasach na díospóide sin a chur i láthair. Ina theannta sin, ní thugtar san ordú sin ach míniú chomh hachomair ar na cúiseanna ar mheas an chúirt a rinne an tarchur go raibh sé riachtanach tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú. |
|
33 |
Go sonrach, féachtar leis an gcéad cheist a chinneadh an gá fuarstórais a dhéanann díolacháin mhiondíola le bunaíochtaí miondíola eile a fhormheas i gcomhréir le Rialachán Uimh. 853/2004 nuair nach bhfuil an ghníomhaíocht sin cumhdaithe ag na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 1(5)(b) den rialachán sin. |
|
34 |
In éagmais sonraí breise maidir le comhthéacs fíorasach na díospóide sna príomhimeachtaí, go háirithe maidir le cineál ghníomhaíochtaí Remia, níl an Chúirt in ann a thuiscint an bhfuil an chúirt a rinne an tarchur, leis an gceist sin, ag fiafraí faoi staid na mbunaíochtaí eile atá suite i gceantar Dolj agus ar cheart, de réir Remia, a bheith faoi réir na hoibleagáide formheas a fháil nó an bhfuil sí ag fiafraí faoi staid Remia. Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go n‑áitíonn Rialtas na Rómáine gurb í trádáil mhórdhíola príomhghníomhaíocht Remia, go measann an Coimisiún gur léir ón ordú tarchuir go ndéanann an chuideachta sin gníomhaíochtaí miondíola; mar sin féin, admhaíonn sé nach féidir nádúr ghníomhaíochtaí Remia a thuiscint go soiléir leis an ordú sin. |
|
35 |
Mar an gcéanna, ní leor an tagairt do ‘fhuarstórais’ sa chéad cheist sin – focail nach n‑úsáidtear áit ar bith eile san ordú tarchuir – in éagmais aon mhíniúcháin ar a n‑ábharthacht chun an díospóid a réiteach sna príomhimeachtaí, chun a chur ar chumas na Cúirte a mheas go bhfuil sí in ann freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur. |
|
36 |
Dá bhrí sin, tá an chéad cheist doghlactha. |
|
37 |
Ina theannta sin, lena cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gceanglaítear le prionsabal na coibhéise, i gcás ina bhféadfar beart ó údarás riaracháin a chur ar neamhní toisc nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí náisiúnta, go bhféadfar an beart riaracháin sin a chur ar neamhní freisin i gcás nach gcomhlíontar rialacháin de chuid an Aontais, amhail Rialachán Uimh. 853/2004. |
|
38 |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go gcuirtear cosc ar Bhallstát le prionsabal na coibhéise rialacha nós imeachta is lú fabhar a leagan síos lena rialaítear gníomhartha chun cearta a chosaint a fhaigheann daoine aonair ó dhlí an Aontais i gcomparáid leis na rialacha is infheidhme maidir le gníomhartha comhchosúla intíre (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2018, XC agus páirtithe eile, C‑234/17, EU:C:2018:853, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
39 |
Dá bhrí sin, chun go mbeidh an Chúirt in ann freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ní mór don chúirt a rinne an tarchur, faisnéis ar a laghad a sholáthar maidir leis na rialacha nós imeachta atá leagtha síos sa reachtaíocht náisiúnta chomh maith leis na cúiseanna a bhfuil amhras air i dtaobh an bhfuil an reachtaíocht sin ag teacht le prionsabal na coibhéise. Mar sin féin, ní thugtar san ordú tarchuir aon tásc maidir le brí fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta; ná ní thugtar aon tásc maidir leis na cúiseanna a bhfuil an chúirt sin ag ceistiú, sa chás seo, léiriú an phrionsabail sin. Is sárú é seo ar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 94(b) agus (c) de na Rialacha Nós Imeachta. |
|
40 |
Dá réir sin, tá an cúigiú ceist doghlactha freisin. |
|
41 |
Ba cheart a mheabhrú, áfach, i bhfianaise mheon an chomhair bhreithiúnaigh lena rialaítear an caidreamh idir cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais i gcomhthéacs imeachtaí um réamhrialú, ní gá go gciallaíonn an fíoras nach ndearna an chúirt a rinne an tarchur cinntí tosaigh áirithe go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú, nó cheann de na ceisteanna atá inti, doghlactha, más rud é, in ainneoin na n‑easnamh sin, go measann an Chúirt, i bhfianaise na faisnéise atá sa cháschomhad, go bhfuil sí ábalta freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur (breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Admiral Gaming Networkagus páirtithe eile, C‑475/20 go C‑482/20, EU:C:2022:714, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
42 |
Ina theannta sin, maidir go sonrach leis an gceanglas a bhaineann le hábhar iarrata ar réamhrialú a leagtar síos in Airteagal 94(a) de na Rialacha Nós Imeachta, chinn an Chúirt gur leor go bhféadfar ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus na príomhcheisteanna a ardaíodh do dhlíchóras an Aontais a thuiscint ón iarraidh ar réamhrialú d’fhonn a chumasú do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara eile a mbarúlacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus chun páirt éifeachtach a ghlacadh sna himeachtaí os comhair na Cúirte (breithiúnas an 7 Feabhra 2018, American Express, C‑643/16, EU:C:2018:67, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
43 |
I dtaca leis sin, maidir leis an dara, an tríú agus an ceathrú ceist, tá sé soiléir ón ráiteas ina leagtar amach ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus ón réasúnaíocht san ordú tarchuir, atá gearr cinnte ach atá sách soiléir, go bhfuil amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, ag éisteacht le hiarratas ar neamhniú páirteach ar Ordú Uimh. 111/2008, go bunúsach, maidir le comhoiriúnacht an choincheapa ‘soláthar logánta’ mar a úsáidtear san ordú sin leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht … logánta’ mar a úsáidtear i Rialachán Uimh. 853/2004. |
|
44 |
Dá bhrí sin, leagtar amach san ordú tarchuir de réir an chaighdeáin dlí is gá tionscnamh agus cineál na díospóide sna príomhimeachtaí, a mheasann sí go bhfuil toradh na díospóide ag brath ar an léiriú atá le tabhairt ar an rialachán sin. Tá sé mar thoradh air sin go bhfuil dóthain faisnéise curtha ar fáil ag an gcúirt a rinne an tarchur chun go mbeidh an Chúirt in ann freagra úsáideach a thabhairt ar an dara, an tríú agus ar an gceathrú ceist. |
Substaint an cháis
|
45 |
Lena dara, tríú agus ceathrú ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(5)(b)(ii) de Rialachán Uimh. 853/2004, arna léamh i bhfianaise aithris 13 de, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a imíonn ón sainmhíniú ar ‘ghníomhaíocht … logánta’ a úsáidtear sna forálacha sin agus dá bhrí sin cuirtear teorainn le raon feidhme an rialacháin sin.. |
|
46 |
I dtaca leis sin, ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara go leanann sé ó Airteagal 1(5)(a) de Rialachán Uimh. 853/2004 go bhfuil miondíol, i bprionsabal, eisiata ó raon feidhme an rialacháin sin. |
|
47 |
Mar sin féin, i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 1(5)(b) den rialachán sin, áirítear miondíol sa raon feidhme sin nuair a dhéantar oibríochtaí d’fhonn bia de bhunadh ainmhíoch a sholáthar do bhunaíocht eile. |
|
48 |
Mar sin féin, sa chás sin, eisiatar miondíol ó raon feidhme an rialacháin sin sa dá chás a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii) den fhoráil sin. |
|
49 |
Ar an mbealach seo, faoi Airteagal 1(5)(b)(ii) de Rialachán Uimh. 853/2004, dlí, ní bhaineann an rialachán sin le miondíol nuair a tharlaíonn soláthar bia de bhunadh ainmhíoch idir bunaíochtaí miondíola agus i gcás, de réir an dlí náisiúnta, gur gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta é. |
|
50 |
Ar an dara dul síos, leanann sé ó aithris 13 de Rialachán Uimh. 853/2004 go bhféadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le cur i bhfeidhm na gceanglas atá leagtha síos ag an rialachán sin maidir le miondíol ach amháin nuair is gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta é an soláthar bia de bhunadh ainmhíoch ó bhunaíocht mhiondíola amháin go bunaíocht eile. Níor cheart mar sin go mbeadh soláthar den sórt sin ach ina chuid bheag de ghnó na bunaíochta; ba cheart go mbeadh na bunaíochtaí a sholáthraítear suite i ngarchomharsanacht; agus níor cheart go mbainfeadh an soláthar ach le cineálacha áirithe táirgí nó bunaíochtaí. |
|
51 |
Ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go bhfuil ábhar fhorálacha ghníomh an Aontais insoiléirithe le brollach an ghnímh sin agus gurb ionann na haithrisí de ghníomh dá leithéid, go deimhin, agus ábhair tábhachtacha léirithe, ar dual dóibh toil údar an ghnímh sin a shoiléiriú (breithiúnas an 13 Iúil 2023, an Coimisiún v CK Telecoms UK Investment, C‑376/20 P, EU:C:2023:561, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
52 |
Is cásdlí socair é freisin, cé go bhfuil éifeacht láithreach go hiondúil ag forálacha rialachán, de bhua nádúr na rialachán agus a bhfeidhme i gcóras foinsí dhlí an Aontais, sna córais dlí náisiúnta gan é a bheith riachtanach do na húdaráis náisiúnta bearta cur i bhfeidhm a ghlacadh, d’fhéadfaí go mbeadh gá, mar sin féin go nglacfaí bearta cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le forálacha áirithe de chuid rialachán, ionas go bhféadfar iad a chur chun feidhme. Mar sin, féadfaidh na Ballstáit bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh rialacháin ar choinníoll nach gcuirtear bac leo ar a infheidhmeacht dhíreach nó nach gceiltear a chineál mar ghníomh de dhlí an Aontais; go sonraítear iontu go bhfuil siad ag gníomhú i bhfeidhmiú lánrogha a thugtar dóibh faoin Rialachán sin; agus go gcloítear leis na paraiméadair atá leagtha síos fúthu (breithiúnas an 12 Aibreán 2018, an Coimisiún v an Danmhairg, C‑541/16, EU:C:2018:251, mír 27 agus mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
53 |
Tá sé sonraithe ag an gCúirt freisin go gcuirtear cosc le hinfheidhmeacht dhíreach rialacháin, mura bhforáiltear a mhalairt, ar na Ballstáit bearta a dhéanamh a bheadh beartaithe chun raon feidhme an rialacháin féin a athrú (breithiúnas an 15 Samhain 2012, Al-Aqsa v an Chomhairle agus an Ísiltír v Al-Aqsa, C‑539/10 P agus C‑550/10 P, EU:C:2012:711, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá réir sin, ní féidir leis na Ballstáit, mura bhforáiltear a mhalairt, raon feidhme rialacháin a shrianadh ná ar an gcaoi sin raon feidhme na n‑oibleagáidí a leagtar síos leis an rialachán sin a theorannú. |
|
54 |
Sa chás seo, ní mór a chur in iúl go ndéantar tagairt shainráite in Airteagal 1(5)(b)(ii) de Rialachán Uimh. 853/2004 do dhlí na mBallstát maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta’ dá dtagraítear san fhoráil sin. Mar sin féin, tá an lánrogha atá aitheanta mar lánrogha atá ag na Ballstáit, srianta ag aithris 13 den Rialachán sin, ina dtugtar tuilleadh sonraí maidir le raon feidhme an choincheapa sin. |
|
55 |
Dá bhrí sin, chun cloí leis na paraiméadair a leagtar síos faoi Rialachán Uimh. 853/2004, ceanglaítear ar na Ballstáit urraim a thabhairt don sainmhíniú ar ‘ghníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta’ atá leagtha amach in aithris 13 nuair a leagann siad síos, ina reachtaíocht náisiúnta, na coinníollacha maidir le hAirteagal 1(5)(b)(ii) den rialachán sin a chur i bhfeidhm. |
|
56 |
Is amhlaidh is mó an cás nuair, murab ionann agus an chéad chuid den dara habairt d’aithris 13 den rialachán sin, lena bhforáiltear go bhféadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos leis an rialachán sin a theorannú do mhiondíol ‘má mheasann siad gur leor na ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 chun cuspóirí sláinteachais bia a bhaint amach’, is i dtéarmaí éigeantach a shloinntear an dara cuid den abairt sin den aithris sin agus an tríú habairt de, a bhaineann leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht imeallach, logánta agus shrianta’, ionas nach féidir leis na Ballstáit maolú orthu. |
|
57 |
Maidir leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht …logánta’, leanann sé ó aithris 13 de Rialachán Uimh. 853/2004 nach mór dó sin a bheith ina sholáthar ag bunaíocht mhiondíola do bhunaíocht eile atá suite ‘i ngarchomharsanacht’. |
|
58 |
Mar sin féin, is léir ón ordú tarchuir go sainmhínítear an coincheap ‘soláthar logánta’ a úsáidtear in Airteagal 17(e) de na rialacha sláinte tréidliachta mar sholáthar ‘ar fud na críche náisiúnta’, ar léir go dtéann sé thar sholáthar sa gharchomharsanacht. Tá coincheap an ‘chríche náisiúnta’ i bhfad níos leithne ná an coincheap ‘[an] gharchomharsanacht’, go háirithe maidir le Ballstát, amhail an Rómáin, a bhfuil a chríoch náisiúnta mór go leor. |
|
59 |
Trí amhlaidh á dhéanamh, tá sé d’éifeacht ag píosa reachtaíochta náisiúnta den sórt sin gníomhaíocht mhiondíola nach gníomhaíocht logánta í de réir bhrí Rialachán Uimh. 853/2004 a eisiamh, go praiticiúil, ó raon feidhme an rialacháin sin, rud a laghdaíonn raon feidhme an rialacháin agus an oibleagáid maidir le formheas a fháil atá leagtha síos in Airteagal 4 de. |
|
60 |
Mar is léir ó aithrisí 3 agus 4 de Rialachán Uimh. 853/2004, tá nósanna imeachta formheasa beartaithe chun ardleibhéal cosanta do shláinte an phobail a áirithiú. Níos ginearálta, trí ghlacadh an rialacháin sin, bhí sé beartaithe go sainráite ag reachtóir an Aontais a áirithiú, i gcomhréir leis an rún atá leagtha amach in aithris 2 de, go ndéanfaí gach bia de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh agus a mhargú i gcomhréir le dianrialacha arb é a bpríomhchuspóir sláinteachas bia agus sábháilteacht bia a áirithiú agus ar an gcaoi sin éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Bealtaine 2018, Liga van Moskeeën en Islamitische Organisaties Provincie Antwerpen agus páirtithe eile, C‑426/16, EU:C:2018:335, mír 67). |
|
61 |
Tacaíonn na cuspóirí sin leis an léiriú nach féidir leis na Ballstáit forálacha a ghlacadh lena dteorannaítear raon feidhme Rialachán Uimh. 853/2004. |
|
62 |
Ag féachaint do na breithnithe go léir thuas, is é an freagra ar an dara, an tríú agus an ceathrú ceist ná nach mór Airteagal 1(5)(b)(ii) de Rialachán Uimh. 853/2004, arna léamh i bhfianaise aithris 13 de, a léiriú mar seo a leanas: ós rud é go sainmhínítear leis na forálacha sin an coincheap ‘gníomhaíocht logánta’ mar sholáthar bunaíochtaí ‘i ngarchomharsanacht’, cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑áirítear sa choincheap sin soláthairtí a théann níos faide ná soláthar den sórt sin, amhail soláthairtí do bhunaíochtaí atá suite ar fud na críche náisiúnta, agus dá bhrí sin cuirtear teorainn le raon feidhme an rialacháin sin. |
Costais
|
63 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Seachtú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 1(5)(b)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch, arna léamh i bhfianaise aithris 13 de, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
ós rud é go sainmhínítear leis na forálacha sin an coincheap ‘gníomhaíocht […] logánta’ mar sholáthar bunaíochtaí suite ‘i ngarchomharsanacht’, cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑áirítear sa choincheap sin soláthairtí a théann níos faide ná soláthar den sórt sin, amhail soláthairtí do bhunaíochtaí atá suite ar fud na críche náisiúnta, agus dá bhrí sin cuirtear teorainn le raon feidhme an Rialacháin sin. |
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.