BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Naoú Dlísheomra)

9 Feabhra 2023 ( *1 )

“Tarchur chun réamhrialú – an tAontas Custaim – Comhtharaif Chustaim – Aicmiú earraí – Ainmníocht Chomhcheangailte – Fo-cheannteidil 76169990 agus 86090090 – Tubular Transport Running-system (TubeLock) – Coincheap an ‘choimeádáin’”

I gCás C-788/21,

Iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Retten i Esbjerg (Cúirt Dúiche, Esbjerg, an Danmhairg), trí bhreith an 16 Nollaig 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 17 Nollaig 2021, sna himeachtaí idir

Skatteministeriet Departementet

v

Global Gravity ApS,

AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Naoú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: J.-C. Bonichot, ag feidhmiú mar Uachtarán an dlísheomra, S. Rodin agus O. Spineanu-Matei (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Danmhairge, ag V. Pasternak Jørgensen, i gcáil gníomhaire, le cúnamh ó B. Søes Petersen, advokat,

an Coimisiún Eorpach, ag K. Rasmussen agus M. Salyková, i gcáil gníomhairí,

ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, chun rialú a dhéanamh ar an gcás gan Tuairim,

an breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léirmhíniú fho-cheannteideal 86090090 den Ainmníocht Chomhcheangailte (“AC”), a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1), sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2013 (IO 2013 L 290, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh seo ar réamhrialú in imeachtaí idir an Skatteministeriet Departementet (Aireacht Cánachais na Danmhairge) agus Global Gravity ApS (“GG”) maidir le haicmiú taraife gléis iompair píopaí arna fhorbairt ag an gcuideachta sin.

An dlí lena mbaineann

An Córas Comhchuibhithe (“CC”)

3

Bunaíodh an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“CC”) leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, a tugadh i gcrích sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983, faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Custaim (EDC), agus formheasadh é, thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, le Prótacal an Leasaithe a ghabhann leis an 24 Meitheamh 1986, le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 (IO 1987 L 198, lch. 1). Déantar Nótaí Míniúcháin CC a tharraingt suas laistigh de EDC i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin sin.

4

Faoi Airteagal 3(1)(a)(2) den choinbhinsiún sin, gabhann gach Páirtí Conarthach air féin na rialacha ginearálta a chur i bhfeidhm maidir le léirmhíniú CC chomh maith leis na nótaí roinne, na nótaí caibidle agus na nótaí fo-cheannteidil agus gan raon feidhme ranna, chaibidlí, cheannteidil ná fho-cheannteidil CC a athrú.

5

Déanann EDC na nótaí míniúcháin agus na tuairimí maidir le haicmiú arna nglacadh ag an gCoiste CC a fhormheasadh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8 den Choinbhinsiún sin.

6

Baineann ceannteideal 8609 de CC, sa leagan atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, le “coimeádáin (lena n-áirítear coimeádáin chun sreabháin a iompar) atá ceaptha agus feistithe go speisialta lena n-iompar ar mhodh iompair amháin nó níos mó”.

7

De réir Nótaí Míniúcháin CC a ghabhann leis an gceannteideal sin, sa leagan atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí:

“Is gabhdáin phacála iad na coimeádáin atá deartha agus feistithe go speisialta ar mhaithe le hiompar ar mhodh iompair amháin nó níos mó (mar shampla iompar d’iarnród, iompar de bhóthar, iompar muirí nó aeriompar). Beidh feistithe (crúcaí, fáinní, tacaí, roithlíní, etc.) orthu chun a láimhseáil agus a stuáil san fheithicil talún, san aerfheithicil nó sa soitheach uisce-iompartha a éascú. Tá siad oiriúnach chun earraí a iompar ó dhoras go doras gan phacáil a athrú ón bpointe imeachta go dtí an áit teachta. Tá siad tógtha ar bhealach láidir ionas gur féidir iad a úsáid arís agus arís eile.

Is éard atá sa chineál is coitianta, a d’fhéadfadh a bheith déanta d’adhmad nó de mhiotal, ná bosca mór atá feistithe le doirse, nó le taobhanna inbhainte.

I measc na bpríomhchineálacha coimeádáin tá:

1)

Coimeádáin atá oiriúnaithe go speisialta chun troscáin a iompar.

2)

Coimeádáin isiteirmeacha do bhianna meatacha nó d’earraí meatacha.

3)

Coimeádáin chun sreabháin a iompar, de cruth sorcóra de ghnáth, chun leachtanna nó gáis a iompar; mar sin féin, bíonn coimeádáin phacála den sórt sin aicmithe anseo sa chás amháin go mbíonn siad feistithe le taca atá oiriúnach lena gceangal d’aon fheithicil. Murach sin, déantar iad a aicmiú de réir a gcomhábhair.

4)

Coimeádáin oscailte a úsáidtear le haghaidh bulc-iompar earraí (gual, mianaigh, bloic pábhála, brící, tíleanna dín, etc.). D’fhonn a ndíluchtú a éascú, is minic a bhíonn urlár nó taobh-bhallaí orthu atá socraithe ar insí.

5)

Coimeádáin ar leith chun earraí áirithe a iompar, go háirithe earraí gloine, earraí ceirmeacha agus ainmhithe beo.

Go hiondúil is idir 4 agus 145 m3 an toilleadh atá sna coimeádáin. Tá coimeádáin níos lú ar fáil, ach go hiondúil ní bhíonn toilleadh níos lú ná 1 m3 acu.

Eisítear ón gceannteideal seo:

a)

Boscaí d’aon chineál, cé go bhfuil siad ceaptha chun earraí a iompar ó dhoras go doras, nach bhfuil saincheaptha chun iad a ghreamú nó a stuáil ar fheithicil talún, ar aerfheithicil nó ar shoitheach uisce-iompartha. Déanfar pacáistíocht den sórt sin a aicmiú de réir a gcomhábhair.

[...]”

An Ainmníocht Chomhcheangailte (“AC”)

8

Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 2658/87, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 254/2000 ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 (IO 2000 L 28, lch. 16) (“Rialachán Uimh. 2658/87”), don mhéid seo a leanas:

“1.   Bunóidh an Coimisiún ainmníocht earraí, dá ngairtear [...] ‘AC’ anseo feasta, a chomhlíonfaidh ceanglais na Comhtharaife Custaim, staidreamh an Chomhphobail maidir le trádáil eachtrach agus beartais eile Chomhphobail a bhaineann le hallmhairiú nó le honnmhairiú earraí.

2.   Beidh an méid seo a leanas in [AC]:

a)

an ainmníocht [CC];

b)

foranna Comhphobail a ghabhann leis an ainmníocht sin, dá ngairtear “fo-cheannteidil AC”’ sna cásanna sin ina sonraítear ráta comhfhreagrach dleachta;

c)

réamhfhorálacha, nótaí breise roinne nó caibidle agus fonótaí a bhaineann le fo-cheannteidil AC.

3.   Leagtar [AC] amach in Iarscríbhinn I. [...]

[...]”

9

Faoi Airteagal 12(1) den Rialachán sin, glacfaidh an Coimisiún rialachán gach bliain lena n-atáirgtear an leagan iomlán de AC agus na rátaí dleachta custaim i gcomhréir le hAirteagal 1, mar a eascraíonn siad as na bearta arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh nó ag an gCoimisiún. Foilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair agus beidh feidhm aige ón 1 Eanáir an bhliain dár gcionn.

10

Is léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte Breithiúnais gurb é an leagan de AC is infheidhme sna príomhimeachtaí é an leagan sin a eascraíonn as Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1001/2013.

11

Is éard atá i gCuid a haon de AC ná Teideal 1, maidir le rialacha ginearálta, agus foráiltear mar a leanas le Foroinn A, dar teideal “Rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú [AC]’:

“Rialófar aicmiú na n-earraí in [AC] leis na prionsabail seo a leanas:

1.

Ní sholáthraítear ceannteidil ranna, caibidlí nó fo-chaibidlí ach amháin chun tagairt dóibh a éascú; chun críocha dlíthiúla, déanfar aicmiú a chinneadh de réir théarmaí na gceannteideal agus théarmaí aon nóta ranna nó aon nóta caibidle ábhartha agus, ar choinníoll nach gceanglaítear a mhalairt leis na ceannteidil nó leis na nótaí sin, de réir na bhforálacha seo a leanas.

2.

a)

Tuigfear le haon tagairt i gceannteideal d’airteagal go n-áireofar léi tagairt don airteagal sin fiú agus é neamhiomlán nó neamhchríochnaithe, ar choinníoll, mar a chuirtear i láthair é, go mbeidh saintréithe fíor-riachtanacha an airteagail iomláin nó an airteagail chríochnaithe ag an airteagal neamhiomlán nó neamhchríochnaithe. Tuigfear freisin go n-áireofar léi tagairt don airteagal iomlán nó don airteagal críochnaithe sin (nó d’airteagal a bheidh le haicmiú mar airteagal iomlán nó airteagal críochnaithe de bhua na rialach sin), agus é á chur láthair ina airteagal neamhchóimeáilte nó díchóimeáilte.

b)

Tuigfear le haon tagairt i gceannteideal d’ábhar nó do shubstaint go n-áireofar léi tagairt do mheascáin nó do theaglamaí den ábhar sin nó den tsubstaint sin le hábhair nó substaintí eile. Tuigfear le haon tagairt d’earraí atá déanta as ábhar faoi leith nó substaint faoi leith go n-áireofar léi tagairt d’earraí arb é atá iontu go hiomlán nó go páirteach an t-ábhar nó an tsubstaint sin. Déanfar aicmiú earraí atá comhdhéanta de níos mó ná aon ábhar nó aon substaint amháin de réir phrionsabail Riail 3.

3.

Nuair is amhlaidh, trí riail 2(b) a chur i bhfeidhm nó ar aon chúis eile, go bhfuil earraí inaicmithe prima facie faoi dhá cheannteideal nó níos mó, is mar a leanas a chuirfear an t-aicmiú i bhfeidhm:

a)

tabharfar tús áite don cheannteideal lena dtugtar an tuairisc is sonraí seachas do cheannteidil lena soláthraítear tuairisc níos ginearálta. Nuair nach ndéantar tagairt, áfach, le gach ceann de dhá cheannteideal nó níos mó, ach amháin do chuid de na hábhair nó de na substaintí atá in earraí measctha nó earraí ilchodacha nó do chuid de na hearraí i dtacar atá cóirithe lena miondíol, measfar na ceannteidil sin mar cheannteidil atá chomh sonrach céanna i ndáil leis na hearraí sin, fiú má thugtar tuairisc níos iomláine nó níos beaichte ar na hearraí sin le ceann amháin de na ceannteidil sin;

b)

maidir le meascáin, earraí ilchodacha atá comhdhéanta d’ábhair dhifriúla nó de chomhpháirteanna difriúla, agus earraí atá cóirithe i dtacair lena miondíol, nach féidir a n-aicmiú faoi threoir 3(a), aicmeofar iad amhail is gurb é atá iontu ábhar nó comhpháirt lena dtugtar a saintréithe fíor-riachtanacha dóibh, a mhéid is infheidhme an critéar sin;

c)

i gcás nach féidir earraí a aicmiú faoi threoir 3(a) nó (b), aicmeofar iad faoin gceannteideal deiridh de réir ord uimhriúil i measc na gceannteideal gur féidir a mheas go bailí.

[...]

6.

Chun críocha dlíthiúla, déanfar aicmiú na n-earraí i bhfo-cheannteidil a chinneadh de réir théarmaí na bhfo-cheannteideal sin agus aon nóta fo-cheannteideal gaolmhar [...] Chun críocha na rialach seo, tá feidhm ag an roinn ábhartha agus na nótaí caibidle ábhartha freisin, ach amháin i gcás ina gceanglaítear a mhalairt leis an gcomhthéacs.”

12

I gCuid a Dó de AC, dar teideal “Sceideal na ndleachtanna custaim”, tá Roinn XV, dar teideal “Táirmhiotail agus earraí táirmhiotail”, lena n-áirítear Caibidil 76 den ainmníocht sin, dar teideal “Alúmanam agus earraí déanta as alúmanam”.

13

Baineann ceannteidil AC 7601 go 7615 le táirgí alúmanaim sonracha éagsúla, amhail alúmanam neamhshaoirsithe agus barra, slata agus próifílí alúmanaim. Is ceannteideal iarmharach é ceannteideal 7616 de AC lena gcumhdaítear “Earraí alúmanaim eile”. Cumhdaítear roinnt táirgí sonracha amhail tairní, greamanna, stáplaí, scriúnna, boltaí agus cnónna le fo-cheannteideal 761610 de AC. Baineann fo-cheannteideal 761699 le hearraí eile.

14

I Roinn XVII, dar teideal “Feithiclí, Aerárthaí, Soithí agus Trealaimh iompair gaolmhair”, de Chuid a Dó de AC, tá Caibidil 86 den ainmníocht sin, dar teideal “Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc agus páirteanna díobh; trealamh comharthaíochta tráchta meicniúil de gach cineál (lena n-áirítear leictrimheicniúil)”.

15

Baineann ceannteidil AC 8601 go 8608 le táirgí amhail Innill féinghluaiste iarnróid, cóistí féinghluaiste iarnróid, feithiclí cothabhála nó deisithe iarnróid.

16

Is mar seo a leanas atá foclaíocht cheannteideal 8609 de AC agus na fo-cheannteidil a ghabhann leis:

“8609 00

Coimeádáin (lena n-áirítear coimeádáin chun sreabháin a iompar) atá ceaptha agus feistithe go speisialta lena n-iompar ar mhodh iompair amháin nó níos mó:

8609 00 10

Coimeádáin ar a bhfuil clúdach luaidhe frithradaíoch chun ábhair radaighníomhacha a iompar (Euratom)

8609 00 90

eile”

TARIC

17

Faoi Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 2658/87, bunóidh an Coimisiún Eorpach taraif chomhtháite de chuid na gComhphobal Eorpach, ar bhonn AC, ar a dtugtar “TARIC”, atá bunaithe ar AC agus lena n-atáirgtear, inter alia, foranna breise Comhphobail, ar a dtugtar “fo-cheannteidil TARIC”.

18

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 3 den Rialachán sin:

“1.   Códuimhir ocht ndigit a bheidh ag gach fo-cheannteideal AC:

a)

na códuimhreacha a bhaineann le ceannteidil agus fo-cheannteidil ainmníocht an [CC] a bheidh sna chéad sé dhigit;

b)

digití lena n-aithneofar na fo-cheannteidil AC a bheidh sa seachtú agus san ochtú digit. I gcás nach foroinntear ceannteideal nó fo-cheannteideal de chuid an [CC] de bharr riachtanais Chomhphobail, is é ‘00’ a bheidh sa seachtú agus san ochtú digit.

2.   Is tríd an 9ú agus an 10ú digit a aithneofar na fo-cheannteidil TARIC, agus is iad na digití sin, in éindí leis na códuimhreacha dá dtagraítear i mír 1, a thabharfaidh foirm iomlán na gcóduimhreacha TARIC. Mura bhfuil fo-ranna Comhphobail ann, is é ‘00’ a bheidh sa 9ú agus sa 10ú digit.

[...]”

19

Faoi Airteagal 12(2) den Rialachán sin, déanfar bearta agus faisnéis a bhaineann leis an gComhtharaif Chustaim nó TARIC a scaipeadh, a mhéid is féidir, i bhfoirm leictreonach trí mheán leictreonach.

20

Maidir le fo-cheannteideal 761699 de AC, a bhaineann le hearraí alúmanaim eile, is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht in TARIC, sa leagan atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí:

“76169990 – – –eile:

– – – – lámhdhéanta:

– – – – eile:

7616999010 – – – – – Coiléir, feirí agus gairis eile le haghaidh daingnithe, siúntála, clampála nó spásála, lena n-úsáid i gcineálacha áirithe aerárthaí

[...]

7616999091 – – – – – – Radaitheoirí alúmanaim agus páirteanna nó codanna de radaitheoirí den sórt sin, bíodh siad cóimeáilte ina mbloic nó ná bíodh

7616999099 – – – – – – eile”

21

Sa leagan atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, níl foráil déanta in TARIC maidir le cód sonrach a bhaineann le fo-cheannteideal 86090090 de AC.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

22

Ar an 28 Feabhra 2014, rinne GG iarratas chuig Skattestyrelsen (an tÚdarás Fioscach, an Danmhairg) ar fhaisnéis taraife cheangailteach don táirge ar a dtugtar “Tubular Transport Running System (TTRS)” nó “TubeLock ®” (“TubeLock”).

23

Déantar cur síos ar an táirge sin, táirge arna fhorbairt ag GG, an cosantóir sna príomhimeachtaí, mar mhodh sábháilte chun píopaí a iompar ón monarcha chuig na hardáin druileála ola agus gáis ag baint úsáid as modhanna éagsúla iompair (ar an mbóthar, ar an traein agus/nó ar bhád) gan gá le hathphacáil a dhéanamh ar an mbealach.

24

Is éard atá sa TubeLock ná sraith de thrasnáin coinneála alúmanam, dhá bharra cóimeála cruach (ceann ar chlé agus ceann ar dheis) in aghaidh an trasnáin agus dhá bholta cruach M20 in aghaidh an trasnáin chun iad a dhéanamh níos doichte le chéile. Is codanna alúmanaim fadaithe iad na trasnáin le roinnt eanga atá curtha in oiriúint do thrastomhas na bhfeadán. Tar éis do na píopaí a bheith stuáilte sna heanga den chéad trasnán, cuirtear an dara trasnán air sa treo eile, agus ina dhiaidh sin is féidir sraith nua píopaí a leagan os a gcionn. Tá an dá bharra cóimeála feistithe le súilín ina gcuirtear crochán nuair a dhéantar an gléas iompair a dhíluchtú ón modh iompair. Tá an gléas tógtha ar bhealach láidir agus is féidir an táirge seo a úsáid arís agus arís eile dá bharr sin. Déantar comhpháirteanna TubeLock a allmhairiú le chéile, ach ag an am a allmhairítear é tá TubeLock i bpáirteanna nach bhfuil socraithe le chéile. Nuair nach bhfuil an táirge in úsáid — is é sin le rá, nuair nach bhfuil na trasnáin ag stuáil píopaí — is féidir é a dhíchóimeáil agus a stóráil i mbosca iompair, rud a fhágann nach dtógann sé mórán spáis.

25

Le cinneadh an 15 Lúnasa 2014, bhí an Stiúrthóireacht Cánachais den tuairim gur cheart TubeLock a aicmiú mar tháirge alúmanaim faoi fho-cheannteideal AC 76169990 (cód tráchtearra TARIC 7616999099), arb é 6 % an dleacht chustaim ina leith.

26

Thug GG caingean in aghaidh an chinnidh sin os comhair an Landsskatteretten (an Binse Náisiúnta Fioscach, an Danmhairg), a rialaigh, ar an 2 Nollaig 2019, gur cheart TubeLock a aicmiú faoi fho-cheannteideal AC 86090090 (cód tráchtearraí TARIC 8609009000) mar choimeádán, nach bhfuil faoi réir dleachta custam.

27

Le hiarratas an 28 Feabhra 2020, thug an Aireacht Cánachais caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Retten i Esbjerg (Cúirt Dúiche, Esbjerg, an Danmhairg), ag maíomh gur cheart TubeLock a aicmiú faoi fho-cheannteideal 76169990 de AC.

28

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, de réir na hAireachta Cánachais, nach féidir an táirge lena mbaineann a aicmiú faoi fho-cheannteideal 86090090 de AC toisc, ar dtús, nach coimeádán earraí é. Is é an chúis leis sin ná nach bhfuil bun leis ná taobhanna déanta d’ábhar láidir aige, níl toirt shonrach aige agus, dá bhrí sin, ní féidir earraí a choimeád ann. Deimhnítear an chonclúid sin leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 8609 de AC.

29

Ar an dara dul síos, níl TubeLock ceaptha ná feistithe le haghaidh modh iompair amháin nó níos mó, cé nach mór, chun teacht faoi fho-cheannteideal 86090090 de AC, feistithe a bheith ag coimeádán earraí chun a láimhseáil agus a stuáil i bhfeithicil iompróra a éascú, mar is léir ó na nótaí míniúcháin. Mar sin féin, ní úsáidtear na súilíní ar na barraí cóimeála TubeLock le haghaidh stuáil i bhfeithicil iompair. Thairis sin, níl an tréith sin faoi dhíospóid ag GG.

30

Ar an tríú dul síos, tagann TubeLock faoi fho-cheannteideal TARIC 7616999099, mar “earra alúmanaim”. Is earra ilchodach é atá comhdhéanta as ábhair éagsúla. Ina theannta sin, i gcomhréir le Riail 3 (b) de na Rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú AC, ba cheart táirgí den sórt sin — i gcás nach bhféadfaí iad a aicmiú trí Riail 3 (a) a chur i bhfeidhm — a aicmiú amhail is gurb é atá iontu ábhar lena dtugtar a saintréithe fíor-riachtanacha dóibh. Mar sin féin, is iad na trasnáin choinneála TubeLock atá mar ghné riachtanach den chóras iompair sin agus tá siad déanta as alúmanam.

31

Déanann GG agóid i gcoinne an aicmithe sin. Dar le GG, liostaítear na gléasanna a fhéadfar a mheas mar choimeádáin atá i Nótaí Míniúcháin CC mar shamplaí amháin. Ina theannta sin, níl sé riachtanach go ndéanfaí coimeádán earraí a fheistiú chun earraí a stuáil i bhfeithicil iompróra chun go mbeifí in ann é a cháiliú mar “choimeádán” de réir cheannteideal 8609 de AC. Thairis sin, ní féidir táirge a aicmiú faoi cheannteideal 7616 de AC má tá an tuairisc ar na hearraí in “earraí alúmanaim” níos beaichte ná mar atá sé i gcuid eile de AC. Sa chás seo, tá fo-cheannteideal 86090090 den ainmníocht sin níos beaichte.

32

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le léirmhíniú ar an gcoincheap “coimeádán” agus raon feidhme cheannteideal 8609 de AC.

33

Sna himthosca sin, chinn an Retten i Esbjerg (an Chúirt Dúiche, Esbjerg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

Cad iad na critéir nach mór a chur i bhfeidhm ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh an bhfuil táirge ina choimeádán a thagann faoi fho-cheannteideal [86090090] de [AC], mar a leagtar síos i [Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1001/2013]? Go háirithe:

a)

an féidir, mar gheall ar gach ceann de na critéir sin, tógtha ina n-aonair, earra a aicmiú mar choimeádán;

b)

an bhfuil sé riachtanach, d’fhonn a chinneadh an bhfuil táirge le haicmiú mar choimeádán, measúnú a dhéanamh ó thaobh roinnt critéar arna meas i dteannta a chéile, agus an táirge in ann a bheith aicmithe mar tháirge den sórt sin má chomhlíontar roinnt critéar ach gan iad go léir a chomhlíonadh,

c)

an gcaithfear na critéir go léir a chomhlíonadh go carnach sula bhféadfaí earra a aicmiú mar choimeádán?

2)

Ar ceart léiriú a dhéanamh ar an gcoincheap “coimeádán” atá in úsáid i bhfo-cheannteideal [86090090] de [AC], mar a leagtar amach i [Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1001/2013], mar choincheap lena n-áirítear táirge arb ionann é agus córas iompair píopaí atá comhdhéanta de roinnt trasnáin coinneála alúmanaim, dhá bharra cóimeála cruach in aghaidh an trasnáin agus dhá bholta cruach M20 in aghaidh an trasnáin chun iad a dhéanamh níos doichte le chéile [baintear úsáid as an gcóras mar seo a leanas:] cuirtear na píopaí ar thrasnáin choinneála, cuirtear trasnáin choinneála eile ar na píopaí seo, cuirtear píopaí eile orthu siúd arís agus arís eile go dtí go bhfuil an líon píopaí atá ag teastáil socraithe san ualach; cuirtear críoch leis an mbeart i gcónaí trí roinnt trasnáin choinneála a chur ar bharr an méid atá socraithe le chéile; nuair a bhíonn na píopaí daingnithe nasctha le chéile ag na trasnáin choinneála agus nuair atá socrú an ualaigh críochnaithe, déantar crocháin cruach a chrochadh ar na barraí cóimeála atá sna ceithre choirnéal den ualach (trí na crocháin cruach a rith trí shúilíní na mbarraí), agus tá na hearraí réidh le luchtú le crann tógála nó le forcardaitheoir má tá an t-iompar le bheith déanta ar bhóthar?”

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

34

Lena ceisteanna, ar ceart aghaidh a thabhairt orthu le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart léiriú a dhéanamh ar fho-cheannteideal 86090090 de AC sa chaoi nach n-áirítear leis an bhfo-cheannteideal sin gléas iompair píopaí atá comhdhéanta de roinnt péirí trasnán coinneála atá déanta as alúmanam, a leagtar na píopaí atá le hiompar go hingearach eatarthu, áit a bhfuil na péirí trasnán sin ceangailte le chéile trí bhíthin dhá bharra cóimeála cruach, atá feistithe le súilíní agus ar féidir píopaí eile a leagan in airde orthu ag baint úsáid as an bpróiseas céanna go dtí go socraítear san ualach líon na bpíopaí atá le hiompar, agus an t-ualach críochnaithe trí chrochadh na gcrochán cruach ar na barraí cóimeála sna ceithre choirnéal den ualach (trí na crocháin cruach a rith trí na súilíní sin), d’fhonn láimhseáil an ualaigh ina iomláine a éascú.

35

Ar dtús, ní mór a thabhairt chun cuimhne, nuair a dhéantar ceisteanna a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú maidir le haicmiú taraife, gurb é an fheidhm atá aici ná soiléiriú a thabhairt don chúirt náisiúnta maidir leis na critéir a chuirfidh ar chumas na cúirte sin, má chuirtear i bhfeidhm iad, na táirgí atá i gceist a aicmiú i gceart de réir AC (féach, chuige sin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Meitheamh 2021, Flavourstream, C-822/19, EU:C:2021:444, mír 33).

36

De réir na Rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú AC, déanfar aicmiú earraí a chinneadh de réir théarmaí na gceannteideal sin agus nótaí na roinne agus na caibidle ábhartha san ainmníocht sin. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus fíorú réidh, déanfar an critéar cinntitheach maidir le haicmiú taraife na n-earraí a lorg, i gcoitinne, ina ngnéithe agus a sainghnéithe oibiachtúla mar a shainítear i bhfoclaíocht na gceannteideal ábhartha san ainmníocht agus i nótaí na roinne agus na caibidle ábhartha (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 28 Aibreán 2022, PRODEX, C-72/21, EU:C:2022:312, mír 28).

37

Thairis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais arís agus arís eile go, d’ainneoin nach bhfuil fórsa ceangailteach acu, gur uirlisí tábhachtacha iad na Nótaí Míniúcháin, go háirithe na Nótaí Míniúcháin CC, chun a áirithiú go gcuirfear an Chomhtharaif Chustaim i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus is féidir glacadh leo mar áiseanna úsáideacha le léirmhíniú a dhéanamh ar an gComhthairif Chustaim (féach, chuige sin, Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Feabhra 2021, Bartosch Airport Supply Services, C-772/19, EU:C:2021:141, mír 23, agus an 28 Aibreán 2022, PRODEX, C-72/21, EU:C:2022:312, mír 29) sa mhéad is go bhfuil a n-inneachar comhsheasmhach leis na forálacha a léirmhínítear iontu (féach, chuige sin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Feabhra 2009, Kamino International Logistics, C-376/07, EU:C:2009:105, mír 48).

38

Is i bhfianaise an chásdlí seo nach mór a mheasúnú an bhfuil earraí a bhfuil saintréithe TubeLock acu in ann teacht faoi fho-cheannteideal 86090090 de AC, fo-cheannteideal arb ionann é agus fo-roinn faoi fho-cheannteideal 860900 de AC, a chumhdaíonn “Coimeádáin (lena n-áirítear coimeádáin chun sreabháin a iompar) atá ceaptha agus feistithe go speisialta lena n-iompar ar mhodh iompair amháin nó níos mó”.

39

Is léir ó fhoclaíocht an fho-cheannteidil deiridh sin, chun críocha táirge a aicmiú faoin bhfo-cheannteidil sin, nach mór dhá choinníoll a chomhlíonadh go carnach: ar an gcéad dul síos, ní mór an táirge sin a aicmiú mar “choimeádán” agus, ar an dara dul síos, ní mór é a bheith ceaptha agus feistithe go speisialta le haghaidh modh iompair amháin nó níos mó.

40

Maidir leis an gcéad choinníoll, is é sin aicmiú mar “choimeádán”, ní mór a thabhairt faoi deara, mar réamhphointe, go bhfuil éagsúlacht ann idir na leaganacha éagsúla teanga de fho-cheannteideal 860900 de AC. I measc na leaganacha éagsúla i dteangacha éagsúla, baintear úsáid as dhá théarma sna leaganacha Fraincise (“cadre ou conteneur”), Iodáilise (“Casse mobili e contenitori”), Ollainnise (“Containers en dergelijke laadkisten”) agus Rómáinise (“Cadre și containere”). I leaganacha teanga eile ní bhaintear úsáid ach as téarma aonair le focal comhchiallach ina dhiaidh sin idir lúibíní. Baineann sé seo chomh maith, inter alia, leis na leaganacha Danmhairgise [“Godsbeholdere (containere)”] agus Gearmáinise (“Warenbehälter (Container)”), nó baintear úsáid as téarma amháin, amhail na leaganacha Béarla (“Containers”), Polainnise (“Pojemniki”) agus Portaingéilise (“Contentores”).

41

Ina theannta sin, sna leaganacha teanga ina n-úsáidtear dhá théarma, ní gá go mbeadh an bhrí chéanna ag an dá théarma. Chomh maith leis an bhfocal “coimeádán” sna leaganacha Ollainnise agus Iodáilise, baintear úsáid as focal atá comhionann leis an bhfocal “cráta”, ach sna leaganacha Rómáinise agus Fraincise baintear úsáid as an bhfocal “fráma”. Prima facie, ní hionann an focal deiridh sin agus focal chomhchiallach do “choimeádán” nó “cráta”.

42

De réir cásdlí socair, ní fhéadfar an fhoclaíocht atá á húsáid i leagan teanga amháin d’fhoráil dhlí an Aontais a úsáid mar bhunús aonair chun an fhoráil sin a léiriú agus ní fhéadfar tús áite a thabhairt di ar na leaganacha teanga eile ós rud é nach mór forálacha dhlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, i bhfianaise na leaganacha atá bunaithe i dteangacha uile an Aontais (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 28 Deireadh Fómhair 2021, KAHL agus Roeper, C-197/20 agus C-216/20, EU:C:2021:892, mír 33).

43

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara mar sin féin, i bhFraincis agus i Rómáinis gurb é ceann de na bríonna atá leis an bhfocal “fráma”, i réimse an iompair, ná cráta an-mhór a úsáidtear chun earraí sochorraithe a iompar d’iarnród nó ar leoraí. Ina theannta sin, sa Rómáinis, baintear úsáid as an bhfocal “cadru” mar fhocal chomhchiallach don fhocal “carcasă”, focal a thagraíonn do struchtúr tríthoiseach nó cásáil, atá déanta as adhmad nó as miotal go minic.

44

Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil an bhrí chéanna ag na téarmaí a úsáidtear sna leaganacha Fraincise agus Rómáinise d’fho-cheannteideal 860900 de AC agus an bhrí a úsáidtear i leaganacha eile den fho-cheannteideal sin, amhail “casse” sa leagan Iodáilise agus “laadkist” sa leagan Ollainnise. Ós rud é nach n-úsáideann roinnt leaganacha teanga ach an téarma “coimeádán” leis féin nó focal comhchiallach sna leaganacha sin, tacaítear leis an léirmhíniú nach mór an focal “fráma” a úsáidtear sa leagan Fraincise agus sa leagan Rómáinise a thuiscint sa chiall chéanna, is é sin le rá “coimeádán” nó “cráta”.

45

Thairis sin, tá an léirmhíniú sin ag teacht le forálacha eile de AC ina bhfuil fo-cheannteidil shonracha eile atá dírithe ar chineálacha earraí eile nach féidir, cé go dtugtar “frámaí” orthu, teacht faoi fho-cheannteideal 860900 de AC, amhail fo-cheannteideal 441400, a bhaineann, go háirithe, le “frámaí atá déanta as adhmad i gcomhair pictiúr, grianghraf, scáthán nó earraí comhchosúla”, agus fo-cheannteideal 39252000, a bhaineann le “Doirse, fuinneoga agus na frámaí, agus tairseacha i gcomhair doirse”.

46

Mar sin, déantar tagairt leis an téarma “fráma”, de réir bhrí fho-cheannteideal 860900 de AC, mar atá le feiceáil ón méid thuas, do fhrámaí sa bhrí “coimeádáin”, ach is amhlaidh nach ndéantar sainmhíniú díreach le AC ná lena nótaí roinne ná na nótaí caibidle ábhartha ar an méid a chumhdaítear leis an gcoincheap sin. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní mór brí an téarma a chinneadh de réir a ghnáthchiall sa ghnáthchaint, agus an comhthéacs ina n-úsáidtear é a chur san áireamh agus cuspóirí na rialacha ar chuid díobh é (féach, chuige sin, Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Márta 2020, Pfizer Consumer Healthcare, C-182/19, EU:C:2020:243, mír 48).

47

I dtaca leis sin, ciallaíonn coimeádán, sa ghnáthchaint, gabhdán de thoisí caighdeánaithe, atá comhdhéanta ar a laghad de bhun agus de thaobhanna atá déanta as ábhar righin, atá deartha chun gáis nó earraí leachtacha nó soladacha a stóráil nó a iompar agus a éascaíonn láimhseáil na n-earraí sin le linn iompair.

48

Tugtar tacaíocht don léirmhíniú sin ar an gcoincheap “coimeádán” mar ghabhdán, is é sin le rá rud toll, a bhfuil bun agus thaobhanna aige, le foclaíocht cheannteideal 7310 de AC, a bhaineann le “humair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin chomhchosúla [...]”, ós rud é nach luaitear sa chur síos ar na hearraí a thagann faoin gceannteideal sin ach “gabhdáin” agus sna samplaí a thugtar, is é is príomhthréith dóibh ná gur earraí iad a bhfuil ar a laghad bun agus taobhanna atá déanta as ábhar righin acu. Ós rud é gur léir ón mír roimhe seo gur “gabhdán” freisin é “coimeádán” de réir bhrí fho-cheannteideal 860900 de AC, níl údar maith lena mheas go ndéantar an téarma sin a léirmhíniú ar bhealach éagsúil i gceannteidil éagsúla AC.

49

Tugtar tacaíocht don léirmhíniú ar an téarma “coimeádán” mar thagairt do ghabhdán ag a bhfuil ar a laghad bun agus taobhanna aige leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 8609 de CC. Déantar cuir síos sna Nótaí Míniúcháin sin ar na hearraí a bhaineann leis an gceannteideal seo mar “ghabhdán pacála” ag tabhairt an tsampla is coitianta mar bhosca mór atá feistithe le doirse inbhainte, nó le taobhanna inbhainte. Déantar cur síos leis na samplaí go léir a thugtar ar ghabhdán toll atá ceaptha chun earraí áirithe a choinneáil.

50

Déantar tagairt sna Nótaí Míniúcháin sin freisin do “thoilleadh” na gcoimeádán, rud a thugann le fios chomh maith nach mór iad a thuiscint mar ghabhdán atá ceaptha le hearraí, le leachtanna nó le gás atá le hiompar a choinneáil.

51

Thairis sin, trí thagairt a dhéanamh i gcás frámaí agus coimeádáin araon, go bhfuil toilleadh acu, léirítear leis na nótaí míniúcháin sin nach mór a thuiscint, leis an téarma “fráma” a úsáidtear sa leagan Fraincise agus sa leagan Rómáinise den fho-cheannteideal sin, go bhfuil gabhdán á lua, seachas fráma pictiúir, fráma doirse nó fuinneoga, nó fráma ar bith eile a luaitear i mír 45 den bhreithiúnas seo.

52

Sa chás seo, maidir le gléas iompair nach bhfuil in ann píopaí a choinneáil nó nach bhfuil píopaí iontu atá le hiompar, ach gléas a choinníonn na píopaí le chéile trí bharraí miotail cosúil le stíoróip, ar chaoi nach gcumhdaíonn an gléas sin ach cuid an-bheag de dhromchla na bpíopaí sin, caithfear a rá nach bhfuil saintréithe ná airíonna oibiachtúla gabhdáin ag gabháil leis, agus mar thoradh air sin nach bhfuil na saintréithe ag táirge den sórt sin is gá lena haicmiú mar “choimeádán” de réir bhrí fho-cheannteideal 860900 de AC.

53

Ós rud é gur coinníollacha carnacha atá i gceist leis na coinníollacha maidir le haicmiú táirge faoin bhfo-cheannteideal lena mbaineann, níl gá le hanailís a dhéanamh ar an dara coinníoll nach mór a chomhlíonadh chun teacht faoi fho-cheannteideal 860900 de AC, eadhon nach mór an táirge a bheith ceaptha agus feistithe go speisialta le haghaidh modh iompair amháin nó níos mó.

54

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór léiriú a dhéanamh ar an bhfo-cheannteideal 86090090 de AC sa chaoi nach n-áirítear leis an bhfo-cheannteideal sin gléas iompair píopaí atá comhdhéanta de roinnt péirí trasnán coinneála atá déanta as alúmanam, a leagtar na píopaí atá á n-iompar go hingearach eatarthu, áit a bhfuil na péirí trasnán sin ceangailte le chéile trí bhíthin dhá bharra cóimeála cruach, atá feistithe le súilíní agus ar féidir píopaí eile a leagan in airde orthu ag baint úsáid as an bpróiseas céanna go dtí go socraítear líon na bpíopaí atá le hiompar san ualach, agus an t-ualach á chríochnú tar éis crocháin cruach a chrochadh ar na barraí ceangail cruach sna ceithre choirnéal den ualach (trí na crocháin cruach a rith trí na súilíní sin), d’fhonn láimhseáil an ualaigh ina iomláine a éascú, ar ábhar é atá le fiosrú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

Costais

55

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí seo mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le fo-cheannteideal 86090090 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh 2013,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

Ní áirítear leis an bhfo-cheannteideal sin gléas iompair píopaí atá comhdhéanta de roinnt péirí trasnán coinneála atá déanta as alúmanam, a leagtar go hingearach idir na píopaí atá á n-iompar, áit a bhfuil na péirí trasnán sin ceangailte le chéile trí bhíthin dhá bharra cóimeála cruach, atá feistithe le súilíní agus ar féidir píopaí eile a leagan in airde orthu ag baint úsáid as an bpróiseas céanna go dtí go socraítear líon na bpíopaí atá le hiompar san ualach, agus an t-ualach á chríochnú tar éis crocháin cruach a chrochadh ar na barraí cóimeála cruach sna ceithre choirnéal den ualach (trí na crocháin cruach a rith trí na súilíní sin), d’fhonn láimhseáil an ualaigh ina iomláine a éascú, ar ábhar é atá le fiosrú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Danmhairgis.