BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

4 Iúil 2023 ( *1 )

Clár

 

An dlí lena mbaineann

 

Dlí an Aontais

 

Rialachán Uimh. 1/2003

 

RGCS

 

Dlí na Gearmáine

 

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

 

Na ceisteanna

 

An chéad cheist agus an seachtú ceist

 

An dara ceist

 

Ceist 2(a)

 

Ceist 2(b)

 

An tríú, an ceathrú agus an cúigiú ceist

 

Barúlacha tosaigh

 

An tríú agus an ceathrú ceist

 

An cúigiú ceist

 

An séú ceist

 

Costais

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 – Líonraí sóisialta ar líne – Mí-úsáid ceannasachta de pháirt oibreoir líonra den sórt sin – Mí-úsáid leanúnach i bpróiseáil sonraí pearsanta de chuid úsáideoirí an líonra sin dá bhforáiltear ina choinníollacha ginearálta úsáide – Inniúlachtaí údaráis iomaíochta de chuid Ballstáit chun a dhearbhú go bhfuil an phróiseáil sin ar neamhréir leis an Rialachán – Ceangal le hinniúlachtaí na n‑údarás maoirseachta um chosaint sonraí – Airteagal 4(3) CAE – Prionsabal an chomhair dhílis – Pointí (a) go (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán 2016/679 – Dleathacht na próiseála – Airteagal 9(1) agus (2)– Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil – Airteagal 4, pointe 11 – Coincheap an ‘toilithe’)

I gCás C-252/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Oberlandesgericht Düsseldorf (an Uaschúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin), trí bhreith an 24 Márta 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 22 Aibreán 2021, sna himeachtaí idir

Meta Platforms Inc., ar a dtugtaí Facebook Inc.,

Meta Platforms Ireland Ltd, ar a dtugtaí Facebook Ireland Ltd,

Facebook Deutschland GmbH

agus

Bundeskartellamt,

Páirtí eile:

Verbraucherzentrale Bundesverband eV,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas‑Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, M. Safjan, L. S. Rossi (Rapóirtéir), D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomra, J.‑C. Bonichot, S. Rodin, F. Biltgen, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu‑Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 10 Bealtaine 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Meta Platforms Inc., ar a dtugtaí Facebook Inc., Meta Platforms Ireland Ltd, ar a dtugtaí Facebook Ireland Ltd, agus Facebook Deutschland GmbH, ag M. Braun, M. Esser, L. Hesse, J. Höft agus H.‑G. Kamann, Rechtsanwälte,

Bundeskartellamt, ag K. Ost, J. Nothdurft, I. Sewczyk agus J. Topel, i gcáil Gníomhairí,

Verbraucherzentrale Bundesverband eV, ag S. Louven, Rechtsanwalt,

Rialtas na Gearmáine, J. Möller agus P.‑L. Krüger, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Seice, ag M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó E. De Bonis agus P. Gentili, avvocati dello Stato,

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus G. Kunnert, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag F. Erlbacher, H. Kranenborg agus G. Meessen, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 20 Meán Fómhair 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 6(1), Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 51(1), agus Airteagal 56(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, agus Ceartúcháin IO 2018 L 127, lch. 23 agus IO 2021 L 74, lch. 35‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir, ar thaobh amháin, Meta Platforms Inc., ar a dtugtaí Facebook Inc., Meta Platforms Ireland Ltd, ar a dtugtaí Facebook Ireland Ltd, agus Facebook Deutschland GmbH agus, ar an taobh eile, an Bundeskartellamt (an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil, an Ghearmáin) maidir le cinneadh an Bundeskartellamt toirmeasc a chur ar na cuideachtaí sin próiseáil ar shonraí pearsanta áirithe dá bhforáiltear i gcoinníollacha ginearálta úsáide an líonra sóisialta Facebook (‘na coinníollacha ginearálta’) a dhéanamh.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003

3

Foráiltear le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta atá leagtha síos in Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), dar teideal ‘Dlínse údaráis iomaíochta na mBallstát, an méid seo a leanas:

‘Beidh údaráis iomaíochta na mBallstát inniúil chun Airteagail [101 agus 102 CFAE] a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair. Chuige sin, féadfaidh siad, ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh féin nó ar ghearán, na cinntí seo a leanas a ghlacadh:

a ordú go gcuirfear deireadh le cion,

bearta sealadacha a ordú,

glacadh le gealltanais,

fíneálacha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nó aon phionós eile dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta a fhorchur.

I gcás ina measann siad, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dóibh, nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le toirmeasc, féadfaidh siad a chinneadh freisin nach bhfuil aon fhoras ann le gníomhaíocht ar a dtaobh.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

RGCS

4

In aithrisí 1, 4, 38, 42, 43, 46, 47, 49 agus 51 de RGCS, foráiltear mar seo a leanas:

‘(1)

Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus in Airteagal 16(1) [CFAE], foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

[...]

(4)

Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.

[...]

(38)

Tá cosaint ar leith dlite do leanaí i dtaca lena sonraí pearsanta toisc go bhféadfar nach bhfuil siad chomh heolach sin ar na rioscaí, na hiarmhairtí agus na coimircí lena mbaineann ná ar a gcearta féin i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart feidhm a bheith ag cosaint ar leith den sórt sin, go háirithe, le húsáid sonraí pearsanta leanaí chun críocha na margaíochta nó chun próifílí pearsantachta nó úsáideora a chruthú agus sonraí pearsanta i ndáil le leanaí a bhailiú agus seirbhísí atá á dtairiscint go díreach do leanbh á n-úsáid. Níor cheart é a bheith riachtanach toiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora a fháil i gcomhthéacs seirbhísí coisctheacha nó comhairliúcháin a thairgtear go díreach do leanbh.

[...]

(42)

I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar thoiliú an ábhair sonraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a thaispeáint gur thoiligh an t‑ábhar sonraí leis an oibríocht próiseála. [...] Ionas go mbeidh an toiliú feasach, ba cheart don ábhar sonraí a bheith ar an eolas, ar a laghad, faoi chéannacht an rialaitheora agus faoi chríocha na próiseála a bheartaítear a dhéanamh ar na sonraí pearsanta. Níor cheart breathnú ar an toiliú mar thoiliú a tugadh faoi shaoirse mura bhfuil rogha atá dílis nó saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé nó sí in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil.

(43)

Chun a áirithiú go dtugtar an toiliú sin faoi shaoirse, níor cheart toiliú a bheith ina fhoras bailí dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás sonrach ina bhfuil éagothromaíocht shoiléir idir an t‑ábhar sonraí agus an rialaitheoir, go háirithe i gcás inar údarás poiblí é an rialaitheoir agus ní dócha, dá bhrí sin, gur tugadh an toiliú sin faoi shaoirse sna cúinsí uile a bhain leis an staid shonrach sin. Toimhdítear nár tugadh toiliú faoi shaoirse más rud é nach gceadaítear leis toiliú ar leithligh a thabhairt d’oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta éagsúla in ainneoin gurb iomchuí é sin sa chás ar leith, nó más rud é go bhfuil comhlíonadh conartha, lena n‑áirítear cur ar fáil seirbhíse, ag brath ar an toiliú sin, in ainneoin nach dteastaíonn toiliú den sórt sin le haghaidh comhlíonadh den sórt sin.

[...]

(46)

Ba cheart a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach freisin nuair is gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do shaol an ábhair sonraí nó do shaol duine nádúrtha eile. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn leas ríthábhachtach duine nádúrtha eile i bprionsabal i gcás nach bhféadfar an phróiseáil a bhunú go follasach ar bhunús dlí eile. Le roinnt cineálacha próiseála, d’fhéadfaí fónamh do leas tábhachtach an phobail agus do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí araon, mar shampla nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha daonnúla, lena n‑áirítear chun faireachán a dhéanamh ar eipidéimí agus ar a leathadh nó i gcásanna éigeandála daonnúla, go háirithe i gcásanna tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.

(47)

Le leasanna dlisteanacha rialaitheora, lena n‑áirítear leasanna dlisteanacha rialaitheora a bhféadfar sonraí pearsanta a nochtadh dó, nó le leasanna dlisteanacha tríú páirtí, féadfar bunús dlí a thabhairt don phróiseáil, ar choinníoll nach mbeadh sáraíocht ag leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí orthu, agus aird á tabhairt ar ionchais réasúnta na n‑ábhar sonraí bunaithe ar a gcaidreamh leis an rialaitheoir. [...] Ar aon chuma, chaithfí measúnú cúramach a dhéanamh ar aon leas dlisteanach a bheadh ann, lena n‑áirítear a mheas an bhféadfadh an t‑ábhar sonraí a bheith ag súil leis go réasúnta tráth bhailiú na sonraí pearsanta agus i gcomhthéacs bhailiú na sonraí pearsanta go bhféadfaí próiseáil a dhéanamh chun na críche sin. D’fhéadfadh sáraíocht a bheith ag leasanna bunúsacha agus ag cearta bunúsacha an ábhair sonraí ar leas an rialaitheora sonraí i gcás ina ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil in imthosca nach mbeadh na hábhair sonraí ag súil leis go ndéanfaí tuilleadh próiseála iontu. [...] Féadfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta dírí a mheas mar phróiseáil a dhéantar ar mhaithe le leas dlisteanach.

[...]

(49)

An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a mhéid atá sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun slándáil líonra agus faisnéise a áirithiú, i.e. an cumas atá i líonra nó i gcóras faisnéise, ar leibhéal áirithe muiníne, seasamh i gcoinne eachtraí a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar infhaighteacht, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha, agus ar shlándáil na seirbhísí gaolmhara atá á dtairscint ag na líonraí agus na córais sin [...] is é atá i gceist leis an bpróiseáil sin leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann.

[...]

(51)

Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. Ba cheart a áireamh ar na sonraí pearsanta sin sonraí pearsanta lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, ar an tuiscint nach é an bhrí a bhainfear as úsáid an téarma “tionscnamh eitneach” sa Rialachán seo go nglactar san Aontas [Eorpach] le teoiricí lena ndéantar iarracht a chinneadh gur ann do chiníocha daonna ar leith. Níor cheart a mheas go córasach gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta atá i bpróiseáil grianghraf ós rud é go gcumhdaítear iad leis an sainmhíniú ar shonraí bithmhéadracha sa chás nuair a dhéantar iad a phróiseáil trí mhodh sonrach teicniúil lena gceadaítear sainaithint uathúil nó fíordheimhniú uathúil duine nádúrtha agus sa chás sin amháin. Níor cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má cheadaítear an phróiseáil i gcásanna sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag cur san áireamh gur féidir forálacha sonracha a leagan síos i ndlí an Bhallstáit sin maidir le cosaint sonraí d’fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo a chur in oiriúint chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. I dteannta na gceanglas sonrach maidir le próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta agus ag na rialacha eile atá sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach. Maoluithe ón toirmeasc ginearálta chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite dóibh, inter alia, i gcás ina dtugann an t‑ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú sainráite nó maidir le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann comhlachais nó fondúireachtaí áirithe an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí dlisteanacha arb é is críoch dóibh go gceadaítear saoirsí bunúsacha a fheidhmiú.’

5

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4 den Rialachán sin:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (“ábhar sonraí”); [...]

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

[...]

(11)

ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n‑aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

[...]

(23)

ciallaíonn “próiseáil trasteorann” ceann acu seo:

(a)

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin; nó

(b)

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar san Aontas a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu.

[...]’

6

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’:

‘1.   Maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; [...]

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

[...]

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’

7

Is mar seo atá foclaíocht Airteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’:

‘1.   Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

(a)

tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;

(b)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh;

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

(d)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint;

(e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t‑ábhar sonraí.

Ní bheidh feidhm ag pointe (f) den chéad fhomhír maidir le próiseáil a dhéanann údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí.

[...]

3.   Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis an méid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais, nó

(b)

dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

[...]

[...] Comhlíonfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cuspóir a bhaineann le leas an phobail agus beidh sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú.’

8

Foráiltear le hAirteagal 7 de RGCS, dar teideal ‘Coinníollacha maidir le toiliú’:

‘1.   I gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, beidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil.

[...]

4.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, cuirfear san áireamh go huile is go hiomlán, inter alia, an é an ndéantar comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.’

9

Foráiltear in Airteagal 9 den Rialachán sin, dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’, mar seo a leanas:

‘1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

(a)

thug an t‑ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, seachas i gcás ina bhfuil foráil déanta i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit nach bhféadfaidh an t‑ábhar sonraí an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a chur i leataobh;

[...]

(e)

baineann an phróiseáil le sonraí pearsanta is follas gur chuir an duine is ábhar dóibh ar fáil go poiblí;

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó tráth ar bith a mbíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;

[...]’

10

In Airteagal 13 den Rialachán sin, a bhaineann leis ‘[an bh]fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí’, foráiltear, i mír 1 de, mar a leanas:

‘I gcás go mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile seo a leanas don ábhar sonraí tráth a gheofar na sonraí pearsanta:

[...]

(c)

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

(d)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d’Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí;

[...]’

11

Áirítear Airteagal 51 go Airteagal 59 de RGCS i gCaibidil VI de, dar teideal ‘[ú]daráis mhaoirseachta neamhspleácha’.

12

Leagtar amach in Airteagal 51(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal ‘An t-údarás maoirseachta’, an méid seo a leanas:

‘1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas [...].

2.   Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún [Eorpach] i gcomhréir le Caibidil VII.’

13

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 55 den Rialachán sin, dar teideal ‘Inniúlacht’:

‘1.   Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

2.   I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d’Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.’

14

In Airteagal 56 de RGCS, dar teideal ‘Inniúlacht an phríomhúdaráis maoirseachta’, luaitear an méid seo a leanas i mír 1:

‘Gan dochar d’Airteagal 51, beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60.’

15

Foráiltear in Airteagal 57(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Cúraimí’:

‘Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

[...]

(g)

oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;

[...]’

16

Le hAirteagal 58(1) den Rialachán sin, leagtar amach na cumhachtaí imscrúdaitheacha atá ar fáil do gach údarás maoirseachta agus sonraítear, i mír 5 de, mar a leanas: ‘Forálfaidh gach Ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta aird na n‑údarás breithiúnach a tharraingt ar sháruithe ar an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d’fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.’

17

I Roinn 1, dar teideal ‘Comhar’, de Chaibidil VII de RGCS, dar teideal ‘Comhar agus comhsheasmhacht’, áirítear Airteagal 60 go 62 den Rialachán sin. In Airteagal 60(1), a bhaineann le ‘[c]omhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann’, déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

‘Comhoibreoidh an príomhúdarás maoirseachta leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann i gcomhréir leis an Airteagal seo d’fhonn teacht ar chomhdhearcadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha ar fad a mhalartú lena chéile.’

18

Foráiltear in Airteagal 61(1) de RGCS, dar teideal ‘Cúnamh frithpháirteach’, mar seo a leanas:

‘Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar shlí chomhsheasmhach, agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm le go bhféadfar oibriú go héifeachtach i gcomhar lena chéile. Is é is mó a chumhdófar le cúnamh frithpháirteach, amhail iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarrataí ar réamhúdaruithe agus réamhchomhairliúcháin, cigireachtaí agus imscrúduithe.’

19

Leagtar amach in Airteagal 62(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Oibríochtaí comhpháirteacha na n‑údarás maoirseachta’, an méid seo a leanas:

‘1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n‑áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. [...]’

20

Áirítear Airteagal 63 go Airteagal 67 de RCGS i Roinn 2, dar teideal ‘Comhsheasmhacht’ de Chaibidil VII den Rialachán sin. Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 63, dar teideal ‘An sásra comhsheasmhachta’:

‘D’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhar lena chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, trí bhíthin an tsásra comhsheasmhachta mar a leagtar amach sa Roinn seo.’

21

Faoi Airteagal 64(2) den Rialachán sin:

‘Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d’fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.’

22

Foráiltear le hAirteagal 65(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí’:

‘D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord [Eorpach um Chosaint Sonraí] cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

más amhlaidh, i gcás dá dtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás maoirseachta agus i gcás nár lean an príomhúdarás maoirseachta an agóid nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d’agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe. Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

(b)

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

[...]’

Dlí na Gearmáine

23

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 19(1) den Gesetz gegen Wettbewerbsbeschränkungen (an Dlí i gcoinne Srianadh Iomaíochta), sa leagan a foilsíodh an 26 Meitheamh 2013 (BGBl. 2013 I, lch. 1750, 3245), arna leasú go deireanach le hAirteagal 2 de dhlí an 16 Iúil 2021 (BGBl. 2021 I, lch. 2959) (‘GWB’):

‘Tá toirmeasc ar mhí-úsáid a bheith á baint ag gnóthas amháin nó níos mó as an gceannasacht sa mhargadh atá aige.’

24

De réir Airteagal 32(1) de GWB:

‘Féadfaidh an t-údarás iomaíochta a cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas deireadh a chur le sárú ar fhoráil den Chuid seo nó ar Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.’

25

Foráiltear mar a leanas leis an gcéad mhír d’Airteagal 50f de GWB:

“Féadfaidh na húdaráis iomaíochta, na húdaráis rialála, an coimisinéir cónaidhmeach um chosaint sonraí agus um shaoire faisnéise, na coimisinéirí réigiúnacha um chosaint sonraí agus na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 2 de EU-Verbraucherschutzdurchführungsgesetz [an tAcht um Chur Chun Feidhme an chirt um chosaint tomhaltóirí san Aontas Eorpach], beag beann ar an nós imeachta a roghnófar, faisnéis a mhalartú eatarthu, lena n‑áirítear sonraí pearsanta agus rúin ghnó agus tráchtála, a mhéid a bhfuil gá lena leithéid chun a gcuid cúraimí faoi seach a chomhlíonadh agus na sonraí sin a úsáid mar chuid dá nósanna imeachta. [...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

26

Cuireann Meta Platforms Ireland an líonra sóisialta ar líne ‘Facebook’ ar fáil san Aontas agus, go háirithe ag an seoladh www.facebook.com, cuireann sé seirbhísí chun cinn atá saor in aisce d’úsáideoirí príobháideacha. Cuireann cuideachtaí eile de chuid ghrúpa Meta seirbhísí eile ar líne ar fáil san Aontas, lena n‑áirítear Instagram, WhatsApp, Oculus agus – go dtí an 13 Márta 2020 – Masquerade.

27

Maoiniú trí fhógraíocht ar líne atá mar bhunús de shamhail ghnó an líonra shóisialta ar líne Facebook, ar fógraíochtaí iad a chuirtear in oiriúint d’úsáideoirí aonair an líonra shóisialta de réir, inter alia, a gcuid dearcthaí pearsanta tomhaltóra, a gcuid ábhar spéise, a gcumhachta ceannaigh agus a staide pearsanta. Cumasaítear fógraíocht den sórt sin go teicniúil trí phróifílí mionsonraithe d’úsáideoirí an líonra agus de sheirbhísí ar líne a thairgtear ar leibhéal ghrúpa Meta a bhunú go huathoibríoch. Chuige sin, bailítear, sa bhreis ar na sonraí a sholáthraíonn úsáideoirí go díreach agus iad ag clárú leis na seirbhísí ar líne lena mbaineann, sonraí eile a bhaineann leis na húsáideoirí sin agus lena ngléasanna, laistigh den líonra sóisialta agus de na seirbhísí ar líne a sholáthraíonn grúpa Meta, agus lasmuigh díobh, agus nasctar iad le cuntais éagsúla na n‑úsáideoirí. Is féidir teacht ar chonclúidí mionsonraithe maidir le roghanna agus ábhair spéise na n‑úsáideoirí sin ar bhonn na sonraí sin ina n‑iomláine.

28

D’fhonn na sonraí sin a phróiseáil, braitheann Meta Platforms Ireland ar an gcomhaontú úsáide lena nglacann úsáideoirí an líonra shóisialta Facebook tríd an gcnaipe ‘Cláraigh’ a ghníomhachtú, agus lena nglacann na húsáideoirí sin le coinníollacha ginearálta seirbhíse na cuideachta sin. Ní mór glacadh leis na coinníollacha sin chun úsáid a bhaint as an líonra sóisialta Facebook. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, tagraítear sna coinníollacha ginearálta do na beartais maidir le húsáid sonraí agus fianáin arna socrú ag an gcuideachta sin. De réir na mbeartas sin, bailíonn Meta Platforms Ireland sonraí maidir le húsáideoirí agus le gléasanna, a bhaineann le gníomhaíochtaí na n‑úsáideoirí laistigh den líonra sóisialta agus lasmuigh de, agus nascann sé na sonraí sin le cuntais Facebook na n-úsáideoirí lena mbaineann. Maidir leis na sonraí sin, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí lasmuigh den líonra sóisialta (‘sonraí off Facebook’), is éard atá iontu ná, ar an gcéad dul síos, sonraí a bhaineann le cuairteanna ar leathanaigh idirlín agus ar fheidhmchláir tríú páirtí, atá nasctha le Facebook trí chomhéadain ríomhchláraithe (‘Facebook Business Tools’) agus, ar an dara dul síos, sonraí a bhaineann le húsáid seirbhísí eile ar líne ar le grúpa Meta iad, lena n‑áirítear Instagram, WhatsApp, Oculus agus – go dtí an 13 Márta 2020 – Masquerade.

29

Thionscain an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil imeachtaí i gcoinne Meta Platforms, Meta Platforms Ireland agus Facebook Deutschland, agus, ina dhiaidh sin, trí chinneadh an 6 Feabhra 2019, de bhun Airteagal 19(1) agus Airteagal 32 de GWB, cuireadh toirmeasc, go bunúsach, ar úsáid líonra sóisialta Facebook ag úsáideoirí príobháideacha ina gcónaí sa Ghearmáin a chur, sna coinníollacha úsáide, faoi réir coinníoll go ndéanfaí próiseáil ar a gcuid sonraí off Facebook agus go ndéanfaí, gan a dtoiliú, na sonraí sin a phróiseáil ar bhonn na gcoinníollacha ginearálta a bhí i bhfeidhm an tráth sin. Ina theannta sin, chuir an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil ceangal orthu na coinníollacha ginearálta sin a oiriúnú ionas gur léir nach ndéanfaí na sonraí sin a bhailiú, a nascadh le cuntais úsáideoirí Facebook ná a úsáid gan toiliú an úsáideora lena mbaineann, agus shoiléirigh sé nach bhfuil bailíocht ag baint leis an toiliú sin i gcás ina bhfuil sé ina choinníoll chun an líonra sóisialta a úsáid.

30

Shonraigh an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil, mar thaca lena chinneadh, gurbh ionann próiseáil shonraí na n-úsáideoirí lena mbaineann, dá bhforáladh sna coinníollacha ginearálta agus arna gcur i bhfeidhm ag Meta Platforms Ireland, agus mí-úsáid a bhaint as ceannasacht na cuideachta ar mhargadh na líonraí sóisialta ar líne d’úsáideoirí príobháideacha sa Ghearmáin, de réir bhrí Airteagal 19(1) de GWB. Go háirithe, dar leis an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil, tá na coinníollacha ginearálta sin, mar thoradh ar an gceannasacht sin, mí-úsáideach ós rud é nach bhfuil próiseáil na sonraí off Facebook dá bhforáiltear iontu i gcomhréir leis na luachanna is bonn le RGCS agus, go háirithe, nach féidir údar a thabhairt leo i bhfianaise Airteagal 6(1) agus Airteagal 9(2) den Rialachán sin.

31

An 11 Feabhra 2019, thug Meta Platforms, Meta Platforms Ireland agus Facebook Deutschland caingean i gcoinne cinneadh ón Oifig Chónaidhmeach Cairtéil os comhair an Oberlandesgericht Düsseldorf (an Uaschúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin).

32

An 31 Iúil 2019, thug Meta Platforms Ireland coinníollacha ginearálta nua isteach ina luaitear go sainráite go dtugann an t‑úsáideoir, in ionad íoc as úsáid tháirgí Facebook, toiliú le fógraí.

33

Ina theannta sin, ón 28 Eanáir 2020 ar aghaidh, tá ‘Off-Facebook-Activity’ á chur ar fáil ag Meta Platforms ar fud an domhain, lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí an líonra shóisialta Facebook achoimre a fháil ar an bhfaisnéis fúthu a fhaigheann cuideachtaí ghrúpa Meta i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí ar leathanaigh idirlín agus ar fheidhmchláir eile, agus na sonraí sin a dhícheangal, más mian leo, óna gcuntas Facebook.com don am a caitheadh agus don todhchaí araon.

34

Tá amhras ar an Oberlandesgericht Düsseldorf (an Uaschúirt Réigiúnach, Düsseldorf), sa chéad áit, i leith an bhféadfadh údaráis iomaíochta náisiúnta a fhíorú, agus iad i mbun a gcuid inniúlachtaí a fheidhmiú, an bhfuil próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in RGCS; sa dara háit, i leith an bhféadfadh oibreoir líonra shóisialta ar líne próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta íogaire an ábhair sonraí, de réir bhrí Airteagal 9(1) agus Airteagal 9(2) den Rialachán sin; sa tríú háit, i leith dhlíthiúlacht na próiseála a dhéanann oibreoir dá leithéid ar shonraí pearsanta an úsáideora lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán sin; agus, sa cheathrú háit, i leith bhailíocht an toilithe, i bhfianaise Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) den Rialachán sin, arna thabhairt do ghnóthas a bhfuil ceannasacht aige ar mhargadh náisiúnta na líonraí sóisialta ar líne, chun críocha na próiseála sin.

35

Sa chomhthéacs sin, agus é den tuairim go mbraitheann toradh na díospóide sna príomhimeachtaí ar an bhfreagra atá le tabhairt ar na ceisteanna sin, chinn an Oberlandesgericht Düsseldorf (an Uaschúirt Réigiúnach, Düsseldorf) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

(a)

An bhfuil an cás, agus faireachán á dhéanamh aige ar mhí-úsáid i bhfianaise dhlí na hiomaíochta, ina gcinneann údarás iomaíochta náisiúnta de chuid Ballstáit, amhail an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil, nach údarás maoirseachta é de réir bhrí Airteagal 51 et seq. de RGCS, i dtoisc ina bhfuil brainse sa Bhallstát sin ag gnóthas atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, ar brainse í a chuidíonn, i réimse na fógraíochta, na cumarsáide agus na gcaidreamh poiblí, le príomhbhunaíocht an ghnóthais sin atá i mBallstát eile aige arb í an rialaitheoir eisiach sonraí pearsanta don Aontas Eorpach ar fad, go bhfuil RGCS á shárú le coinníollacha conarthacha na príomhbhunaíochta i ndáil le sonraí a phróiseáil agus leis na coinníollacha seo a chur chun feidhme, agus ina n-ordaíonn an t‑údaras iomaíochta náisiúnta sin go gcuirfear deireadh leis an sárú sin, ag luí le hAirteagail 51 et seq. de [RGCS]?

(b)

Más ea, an bhfuil an cás ina gcuireann an príomhúdarás maoirseachta i mBallstát na príomhbhunaíochta coinníollacha conarthacha na príomhbhunaíochta sin maidir le sonraí a phróiseáil faoi réir nós imeachta um scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de RGCS ag luí le hAirteagal 4(3) CAE?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist:

(2)

(a)

I gcás nach ndéanann úsáideoir idirlín ach cuairt a thabhairt ar shuíomhanna gréasáin nó ar fheidhmchláir a bhfuil baint acu leis na critéir in Airteagal 9(1) de RGCS, amhail ar fheidhmchláir chliúsaíochta, ar fheidhmchláir gheandála le haghaidh daoine aeracha, ar shuíomhanna gréasáin de chuid páirtithe polaitiúla, ar shuíomhanna gréasáin maidir leis an tsláinte, nó ina gcuireann sé nó sí sonraí isteach iontu, mar shampla agus é nó í ag clárú nó agus ordú á dhéanamh aige nó aici, agus ina mbailíonn gnóthas [...], amhail [Meta Platforms Ireland], trí mheán comhéadain chomhtháite amhail “Facebook Business Tools”, trí mheán fianáin arna stóráil i ríomhaire nó i ngléas soghluaiste de chuid an úsáideora idirlín nó trí mheán teicneolaíochtaí stórála comhchosúla, sonraí maidir leis an gcuairt arna tabhairt ag an úsáideoir ar na suíomhanna gréasáin sin agus ar na feidhmchláir sin, chomh maith leis na sonraí arna gcur isteach iontu ag an úsáideoir sin, ina nascann sé le sonraí cuntais Facebook.com an úsáideora iad agus ina n-úsáideann sé iad, an ionann an bailiú agus/nó an nascadh agus/nó an úsáid sin agus sonraí íogaire a phróiseáil de réir bhrí na forála sin?

(b)

Más ea, le cuairt a thabhairt ar leathanaigh idirlín agus ar fheidhmchláir agus/nó le sonraí a chur isteach agus/nó le cnaipí roghnaithe de chuid oibreoir ar nós [Meta Platforms Ireland] atá comhtháite i suíomhanna gréasáin nó i bhfeidhmchláir (“breiseáin shóisialta” amhail “is maith liom”, “roinn” nó “logáil isteach Facebook”, nó “account kit”) a ghníomhachtú, an gcuireann an t‑úsáideoir na sonraí a bhaineann leis an gcuairt féin agus/nó na sonraí a chuireann sé nó sí isteach iontu ar fáil go poiblí go follasach, de réir bhrí Airteagal 9(2)(e) de RGCS?

(3)

An bhféadfaidh gnóthas ar nós [Meta Platforms Ireland] a oibríonn líonra sóisialta a mhaoinítear trí fhógraíocht agus a thairgeann pearsantú inneachair agus fógraíochta, slándáil líonra, feabhsú táirge agus síor-úsáid réidh na dtáirgí go léir de chuid an ghrúpa féin ina théarmaí agus coinníollacha seirbhíse, bonn cirt a thabhairt bunaithe ar an ngá chun an conradh a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) de RGCS, nó ar leasanna dlisteanacha a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(f) de RGCS agus sonraí a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa féin, ó shuíomhanna gréasáin agus ó fheidhmchláir tríú páirtithe trí mheán na gcomhéadan atá comhtháite iontu amhail “Facebook Business Tools”, trí mheán fianáin arna stóráil i ríomhaire nó i ngléas soghluaiste de chuid an úsáideora idirlín nó trí mheán teicneolaíochtaí comhchosúla stórála, á mbailiú, á nascadh leis an gcuntas [Facebook] agus á n‑úsáid aige chuige sin?

(4)

I gcás mar sin, an bhféadfaidh na nithe seo a leanas:

an cás inar mionaoiseach an t‑úsáideoir, chun críoch pearsantú inneachair agus fógraíochta, feabhsú táirge, slándáil an líonra, agus cumarsáid neamhthráchtála a dhéanamh leis an úsáideoir,

meadarachtaí, anailísíocht agus seirbhísí gairmiúla eile a chur ar fáil d’fhógróirí, d’fhorbróirí, agus do chomhpháirtithe eile chun a gcuid seirbhísí a mheasúnú agus a fheabhsú,

modh cumarsáide tráchtála leis an úsáideoir a chur ar fáil chun go bhféadfaidh an gnóthas a chuid táirgí a fheabhsú agus chun cumarsáid dhíreach tráchtála a dhéanamh,

an taighde agus an nuálaíocht chun críoch sóisialta, d’fhonn úrscothacht agus an tuiscint acadúil ar shaincheisteanna sóisialta a chur chun cinn agus d’fhonn dea-tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar an domhan,

na húdaráis inniúla a chur ar an eolas chun ionchúisimh choiriúla a fheidhmiú agus chun pionóis a fhorfheidhmiú agus chun freagairt a thabhairt ar iarratais dlí chun cionta coiriúla, sáruithe ar na téarmaí agus coinníollacha seirbhíse agus ar na beartais chomh maith le hiompraíocht dhochrach a sheachaint, a bhrath agus a ionchúiseamh,

a bheith ina leas dlisteanach freisin de réir bhrí Airteagal 6(1)(f) de RGCS i gcás ina bhfuil sonraí a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa féin, ó shuíomhanna gréasáin tríú páirtithe agus ó fheidhmchláir tríú páirtithe, trí mheán a gcomhéadan comhtháite, amhail “Facebook Business Tools”, trí mheán fianáin arna stóráil i ríomhaire nó i ngléas soghluaiste de chuid an úsáideora idirlín nó trí mheán teicneolaíochtaí comhchosúla stórála, á mbailiú, á nascadh leis an gcuntas Facebook.com agus á n-úsáid ag an ngnóthas chuige sin?

(5)

I gcás mar sin, an bhféadfaidh bonn cirt de réir Airteagal 6(1)(c), (d) agus (e) de RGCS a bheith ann freisin, le sonraí a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa féin, ó shuíomhanna gréasáin tríú páirtithe agus ó fheidhmchláir tríú páirtithe trí mheán comhéadain atá comhtháite iontu amhail “Facebook Business Tools”, nó trí mheán fianáin arna stóráil i ríomhaire nó i ngléas soghluaiste de chuid an úsáideora idirlín, a bhailiú nó a nascadh le cuntas Facebook.com an úsáideora, agus a úsáid, nó sonraí arna mbailiú roimhe sin de réir dlí agus arna nascadh leo a úsáid, mar shampla, d’fhonn freagra a thabhairt ar iarratas bailí dlí ar shonraí áirithe a sholáthar [(c)], d’fhonn iompraíocht dhochrach a chomhrac agus an tslándáil a chur chun cinn [(d)], chun críocha taighde a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí agus an gá atá leis an tsábháilteacht, leis an tsláine agus leis an tslándáil a chur chun cinn [(e)]?

(6)

An bhféadfaí toiliú bailí a thabhairt faoi shaoirse de réir bhrí Airteagal 4(11) de RGCS do ghnóthas atá ceannasach sa mhargadh, amhail [Meta Platforms Ireland], i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(a) agus le hAirteagal 9(2)(a) de RGCS?

Má thugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist:

(7)

(a)

An bhféadfaidh údarás iomaíochta náisiúnta de chuid Ballstáit, amhail an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil, nach údarás maoirseachta é de réir bhrí Airteagail 51 et seq. de RGCS agus a scrúdaíonn sárú arna dhéanamh ag gnóthas atá ceannasach sa mhargadh ar an toirmeasc ar mhí-úsáid i ndlí na hiomaíochta, nach sárú ar RGCS é, mar gheall ar choinníollacha i ndáil leis na sonraí a phróiseáil agus iad sin a chur chun feidhme, fíoruithe a dhéanamh, cuir i gcás agus leasanna á gcothromú, lena bhfáil amach an bhfuil coinníollacha próiseála sonraí an ghnóthais agus a gcur chun feidhme i gcomhréir le RGCS?

(b)

Más féidir: an bhfuil feidhm aige sin freisin, ag féachaint d’Airteagal 4(3) CAE, i gcás ina bhfuil coinníollacha próiseála sonraí an ghnóthais sin faoi réir nós imeachta um scrúdú ag an bpríomhúdarás maoirseachta atá inniúil faoi Airteagal 56(1) de RGCS ag an am céanna?

Má thugtar freagra dearfach ar an seachtú ceist, is gá freagra a thabhairt ar an tríú ceist go dtí an cúigiú ceist maidir le sonraí a thagann ó úsáid a bhaint as an tseirbhís Instagram ar leis an ngnóthas féin í.’

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

An chéad cheist agus an seachtú ceist

36

Leis an gcéad cheist agus an seachtú ceist dá cuid, ar iomchuí déileáil leo in éineacht lena chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagail 51 et seq. de RGCS sa chaoi go bhféadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit a chinneadh, i gcomhthéacs scrúdú ar mhí-úsáid a bhain gnóthas as a cheannasacht, de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, nach bhfuil coinníollacha ginearálta úsáide an ghnóthais sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta ná a gcur chun feidhme i gcomhréir le RGCS agus, más amhlaidh atá, an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 4(3) CAE sa chaoi go bhféadfaidh an t‑údarás iomaíochta cinneadh den sórt sin a dhéanamh go teagmhasach i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin, ag an am céanna, faoi réir nós imeachta scrúdúcháin ag an bpríomhúdarás maoirseachta inniúil, de bhun Airteagal 56(1) de RGCS.

37

Chun an cheist sin a fhreagairt, ní mór a mheabhrú ag an tús go mbunaítear, le hAirteagal 55(1) de RGCS, i bprionsabal, go mbeidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán sin ar chríoch a Bhallstáit féin (breithiúnas an 15 Meitheamh 2021, Facebook Ireland agus páirtithe eile, C‑645/19, EU:C:2021:483, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Leis na cúraimí a fhágtar faoi na húdaráis mhaoirseachta sin, áirítear an cúram faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm RGCS agus comhlíonadh RGCS a áirithiú, dá bhforáiltear in Airteagal 51(1) agus in Airteagal 57(1)(a) den Rialachán sin, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 51(2) agus le hAirteagal 57(1)(g) den Rialachán sin, ní mór do na húdaráis mhaoirseachta sin comhoibriú le chéile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a roinnt, agus ní mór dóibh cúnamh frithpháirteach a thabhairt sa chomhthéacs sin d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach chomh maith leis na bearta a dhéanfar chun a áirithiú go gcomhlíonfar é.

39

Chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, tugtar, le hAirteagal 58 de RGCS, do na húdaráis mhaoirseachta sin, i mír 1, cumhachtaí um imscrúdú, i mír 2, an chumhacht bearta ceartaitheacha a ghlacadh agus, i mír 5, an chumhacht aird na n‑údarás breithiúnach a tharraingt ar sháruithe ar an Rialachán agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú d’fhonn fhorálacha an Rialacháin sin a fhorfheidhmiú.

40

Gan dochar don riail inniúlachta a leagtar síos in Airteagal 55(1) de RGCS, foráiltear le hAirteagal 56(1) den Rialachán sin, maidir le próiseáil trasteorainneacha, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 23, de, don sásra i dtaobh ‘ionad ilfhreastail’, bunaithe ar inniúlachtaí a roinnt idir ‘príomhúdarás maoirseachta’ agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus ar chomhar idir na húdaráis sin go léir i gcomhréir leis an nós imeachta comhair a leagtar síos in Airteagal 60 den Rialachán sin.

41

Thairis sin, tá sé de cheangal ar na húdaráis mhaoirseachta faoi Airteagal 61(1) de RGCS sin, inter alia, faisnéis ábhartha a chur ar fáil dá chéile agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin sin ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. In Airteagal 63 den Rialachán sin, sonraítear gur chun na críche sin a dhéantar foráil maidir leis an sásra comhsheasmhachta a bhunaítear in Airteagail 64 agus 65 de (breithiúnas an 15 Meitheamh 2021, Facebook Ireland agus páirtithe eile, C‑645/19, EU:C:2021:483, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil na rialacha comhair a leagtar síos in RGCS dírithe ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta, ach go ndéantar an comhar a rialú idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann agus an príomhúdarás maoirseachta agus, chomh maith leis sin, i gcás inarb iomchuí, le comhar na n‑údarás sin leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus leis an gCoimisiún.

43

Ní fhoráiltear le RGCS ná le haon ionstraim eile de dhlí an Aontais do rialacha sonracha maidir le comhar idir údarás iomaíochta náisiúnta agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann nó an príomhúdarás maoirseachta. Thairis sin, ní fhoráiltear le haon fhoráil sa Rialachán sin d’aon chosc ar údaráis iomaíochta náisiúnta a dhearbhú, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, go bhfuil neamhréireacht ann idir an Rialachán sin agus an phróiseáil sonraí a dhéanann gnóthas i staid cheannasach, rud a d’fhéadfadh a bheith mar mhí‑úsáid ar an staid sin.

44

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go bhfeidhmíonn na húdaráis mhaoirseachta, de pháirt amháin, agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta, den pháirt eile, feidhmeanna éagsúla agus go saothraíonn siad cuspóirí agus cúraimí dá gcuid féin.

45

Ar thaobh amháin, mar a luaitear i mír 38 den bhreithiúnas seo, faoi Airteagal 51(1) agus (2) chomh maith le hAirteagal 57(1)(a) agus (g) de RGCS, is é príomhchúram an údaráis maoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú, agus, ag an am céanna, rannchuidiú lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach san Aontas, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí den sórt sin laistigh den Aontas a éascú. Chuige sin, mar a thugtar faoi deara i mír 39 den bhreithiúnas seo, tá cumhachtaí éagsúla a thugtar dó faoi Airteagal 58 de RGCS ag an údarás maoirseachta.

46

Ar an taobh eile, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Uimh. 1/2003, tá na húdaráis iomaíochta náisiúnta inniúil chun cinntí a ghlacadh, inter alia, lena n-aimsítear mí-úsáid ceannasachta de chuid gnóthais, de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, arb é is cuspóir dó córas a bhunú lena n-áiritheofar nach ndéanfar iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh, ag féachaint chomh maith do na hiarmhairtí de mhí-úsáid dá leithéid sin do thomhaltóirí sa mhargadh sin.

47

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 23 dá Thuairim, i gcomhthéacs cinneadh den sórt sin a ghlacadh, ní mór d’údarás iomaíochta a fhíorú, ar bhonn imthosca sonracha uile an cháis, an bhfuil sé d’éifeacht ag iompar an ghnóthais i staid cheannasach go gcuirtear isteach, trí dhul i muinín modhanna nach ionann agus na modhanna lena rialaítear gnáthiomaíocht táirgí nó seirbhísí, ar leibhéal na hiomaíochta atá fós sa mhargadh a chaomhnú nó a fhorbairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑152/19 P, EU:C:2021:238, míreanna 41 agus 42). Maidir leis sin, i dtaobh an bhfuil iompar den sórt sin i gcomhréir nó ar neamhréir le forálacha RGCS, i gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh sin a bheith mar chomhartha tábhachtach i measc imthosca ábhartha an cháis chun a fháil amach an ionann an t-iompar sin agus dul i muinín modhanna lena rialaítear gnáthiomaíocht, agus chun measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí cleachtais áirithe ar an margadh nó ar thomhaltóirí.

48

Dá bhrí sin, i gcomhthéacs scrúdú ar mhí-úsáid a bhain gnóthas as a cheannasacht ar mhargadh ar leith, d’fhéadfadh sé gur ghá d’údarás iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann a fhíorú freisin an bhfuil iompar an ghnóthais sin i gcomhréir le rialacha nach rialacha iad a bhaineann le dlí na hiomaíochta, amhail na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint a leagtar síos le RGCS.

49

Ós rud é nach ionann na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha iomaíochta, go háirithe Airteagal 102 CFAE, ar thaobh amháin, agus na cuspóirí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, dá ndéantar foráil in RGCS, ar an taobh eile, ní mór a dhearbhú, i gcás ina n‑aimsíonn údarás iomaíochta náisiúnta sárú ar an Rialachán sin i gcomhthéacs cinneadh maidir le mí-úsáid ceannasachta, ní dhéanann an t‑údarás iomaíochta na húdaráis mhaoirseachta a ionadú. Go háirithe, ní dhéanann a leithéid d’údarás iomaíochta náisiúnta faireachán ar chur i bhfeidhm ná ar chomhlíonadh an Rialacháin sin chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de, eadhon chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú laistigh den Aontas. Thairis sin, trí theorainneacha a chur i bhfeidhm air féin sa chaoi nach maíonn sé go bhfuil próiseáil sonraí ar neamhréir le RGCS ach chun críche mí-úsáid ceannasachta a aimsiú, agus chun na críche sin amháin, agus trí bhearta a fhorchur chun deireadh a chur leis an mí-úsáid sin a bhfuil bunús dlí sa dlí iomaíochta acu, ní fheidhmíonn a leithéid d’údarás aon cheann de na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 57 den Rialachán sin, agus ní bhaineann sé úsáid as na cumhachtaí atá forchoimeádta don údarás maoirseachta faoi Airteagal 58 den Rialachán.

50

Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil ríthábhacht ag baint le rochtain ar shonraí pearsanta agus saothrú na sonraí sin sa gheilleagar digiteach. Léirítear an tábhacht sin, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, leis an tsamhail ghnó a bhfuil an líonra sóisialta Facebook ag brath uirthi, lena bhforáiltear, mar a thugtar faoi deara i mír 27 den bhreithiúnas seo, do mhaoiniú trí fhógraí pearsantaithe a mhargú de réir próifílí úsáideoirí arna gcruthú ar bhonn sonraí pearsanta arna mbailiú ag Meta Platforms Ireland.

51

Mar a luaigh an Coimisiún go háirithe, is paraiméadar suntasach iomaíochta idir cuideachtaí sa gheilleagar digiteach anois í rochtain ar shonraí pearsanta agus an fhéidearthacht sonraí pearsanta a phróiseáil. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint a eisiamh ón gcreat dlíthiúil atá le cur san áireamh ag na húdaráis iomaíochta agus mí-úsáid ceannasachta á scrúdú acu, dhéanfaí neamhaird ar fhírinne na forbartha eacnamaíche sin agus d’fhéadfadh sé an bonn a bhaint d’éifeachtacht dhlí na hiomaíochta laistigh den Aontas.

52

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, sa dara háit, má mheasann údarás iomaíochta náisiúnta gur gá rialú a thabhairt, i gcomhthéacs cinneadh i leith mí‑úsáid ceannasachta, ar an gcomhréireacht nó an neamhréireacht idir RGCS agus próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an ngnóthas lena mbaineann, nach mór don údarás sin agus don údarás maoirseachta lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, don phríomhúdarás maoirseachta is inniúil de réir bhrí an Rialacháin sin, comhoibriú lena chéile chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin sin a áirithiú.

53

Más é, mar a thugtar faoi deara i míreanna 42 agus 43 den bhreithiúnas seo, nach leagtar síos rialacha sonracha ina leith sin le RGCS ná le hionstraim eile de dhlí an Aontais, mar sin féin tá na húdaráis náisiúnta éagsúla go léir lena mbaineann, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 28 dá Thuairim, faoi cheangal ag prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE agus RGCS á chur i bhfeidhm acu. Faoin bprionsabail sin agus de réir cásdlí socair, i réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, lena n‑áirítear na húdaráis riaracháin dá gcuid, de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a thig ó na Conarthaí a chur i gcrích, na bearta uile is cuí a ghlacadh chun a chinntiú go gcomhlíonfar na oibleagáidí a thagann, go háirithe, ó ionstraimí de chuid institiúidí an Aontais, agus go staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Samhain 2013, UPC Nederland, C‑518/11, EU:C:2013:709, mír 59, agus an 1 Lúnasa 2022, Sea Watch, C‑14/21 agus C‑15/21, EU:C:2022:604, mír 156).

54

Dá bhrí sin, i bhfianaise an phrionsabail sin, i gcás ina gceanglaítear ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus a n‑inniúlachtaí á bhfeidhmiú acu, a fhíorú an bhfuil iompar gnóthais forálacha i gcomhréir le RGCS, ní mór dóibh dul i gcomhairle agus comhoibriú de mheon macánta leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann nó leis an bpríomhúdarás maoirseachta, agus é de cheangal orthu ar fad ansin, sa chomhthéacs sin, a gcumhachtaí agus a n‑inniúlachtaí faoi seach a urramú, ionas go n‑urramófar na hoibleagáidí a eascraíonn as RGCS agus cuspóirí an Rialacháin sin agus go gcaomhnófar a n‑éifeachtacht.

55

D’fhéadfadh riosca a bheith ann de dheasca an scrúdaithe ar iompar gnóthais i bhfianaise na rialacha de RGCS arna dhéanamh ag údarás iomaíochta nach mbeadh sin ar aon fhocal leis na húdaráis mhaoirseachta i ndáil leis an Rialachán sin a léiriú.

56

Tagann sé ón méid sin, i gcás ina measann údarás iomaíochta náisiúnta, i gcomhthéacs scrúdú lena bhféachtar chun a fháil amach ar bhain gnóthas mí‑úsáid as a cheannasacht de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, gur gá fíorú an bhfuil iompar an ghnóthais sin i gcomhréir le forálacha RGCS, ní mór don údarás sin a fháil amach an bhfuil cinneadh déanta cheana féin i leith an iompair sin nó i leith iompair dá leithéid ag an údarás maoirseachta inniúil náisiúnta nó ag an bpríomhúdarás maoirseachta nó ag an gCúirt Bhreithiúnais. Más amhlaidh atá, ní fhéadfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta imeacht uaidh sin, ach, ag an am céanna, a bheith saor chun teacht ar a chonclúidí féin ó thaobh chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta de.

57

I gcás ina bhfuil amhras air maidir le raon feidhme an mheasúnaithe a rinne an t-údarás maoirseachta inniúil náisiúnta nó an príomhúdarás maoirseachta, i gcás ina bhfuil an t-iompar atá i gceist nó iompar atá comhchosúil leis, ag an am céanna, faoi réir scrúdú ag na húdaráis sin, nó i gcás ina measann sé, in éagmais imscrúdú arna dhéanamh ag na húdaráis sin, nach bhfuil iompar gnóthais forálacha i gcomhréir le RGCS, ní mór don údarás iomaíochta náisiúnta dul i gcomhairle leis na húdaráis sin agus a gcomhar a iarraidh, chun a chuid amhras a dhíbirt nó chun a chinneadh ar cheart dó fanacht go dtí go nglacfaidh an t‑údarás maoirseachta lena mbaineann cinneadh sula gcuirfidh sé tús lena mheasúnú féin.

58

Ó thaobh an údaráis maoirseachta de, i gcás ina ndéanann údarás iomaíochta náisiúnta iarraidh ar údarás maoirseachta, ní mór dó freagra a thabhairt ar an iarraidh sin ar fhaisnéis nó ar chomhar laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus an fhaisnéis atá aige lena bhféadfaí amhras an údaráis sin maidir le raon feidhme an mheasúnaithe a rinne an t-údarás maoirseachta a dhíbirt a chur ar fáil don údarás sin nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás iomaíochta náisiúnta a chur ar an eolas má tá sé ar intinn aige an nós imeachta comhair a chur i ngníomh leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann nó leis an bpríomhúdarás maoirseachta, i gcomhréir le hAirteagail 60 et seq. de RGCS, chun teacht ar chinneadh i dtaobh an bhfuil an t‑iompar i dtrácht i gcomhréir nó ar neamhréir leis an Rialachán sin.

59

In éagmais freagra ón údarás maoirseachta iarrtha laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta leanúint ar aghaidh le himscrúdú dá chuid féin. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás nach gcuireann an t-údarás maoirseachta náisiúnta inniúil agus an príomhúdarás maoirseachta in aghaidh leanúint ar aghaidh le himscrúdú den sórt sin gan fanacht le cinneadh a ghlacadh óna dtaobh féin.

60

Sa chás seo, is léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte, i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2018, is é sin le rá, sular glacadh cinneadh an 6 Feabhra 2019, go ndeachaigh an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil i dteagmháil leis an Bundesbeauftragte für den Datenschutz und die Informationsfreiheit (BfDI) (an Coimisinéir Cónaidhme um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise, an Ghearmáin), leis an Hamburgische Beauftragte für Datenschutz und Informationsfreiheit (an Coimisinéir um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise, Hamburg, an Ghearmáin), atá freagrach as Facebook Deutschland, agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (Éire), chun na húdaráis sin a chur ar an eolas faoina idirghabháil. Ina theannta sin, dealraíonn sé gur deimhníodh don Oifig Chónaidhmeach Cairtéil nach ndearna na húdaráis sin aon imscrúdú ansin ar fhíorais atá cosúil leo siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, agus ní dhearna siad aon agóid i gcoinne na hidirghabhála. Ar deireadh, i míreanna 555 agus 556 dá chinneadh an 6 Feabhra 2019, rinne an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil tagairt shainráite don chomhar sin.

61

Sna himthosca sin, agus faoi réir na bhfíoruithe atá faoin gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé gur chomhlíon an Oifig Chónaidhmeach Cairtéil a chuid oibleagáidí maidir le comhar dílis leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann agus leis an bpríomhúdarás maoirseachta.

62

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an seachtú ceist ná nach mór Airteagail 51 et seq. de RGCS agus Airteagal 4(3) CAE a léiriú amhail, ar chuntar go gcomhlíonfaidh sé a oibleagáid maidir le comhar dílis leis na húdaráis mhaoirseachta, go bhféadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit a chinneadh, i gcomhthéacs scrúdú ar mhí-úsáid a bhain gnóthas as a chuid ceannasachta, de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, nach bhfuil coinníollacha ginearálta úsáide an ghnóthais sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus a gcur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin, i gcás ina bhfuil gá leis an gcinneadh sin chun a shuí gur ann do mhí-úsáid den sórt sin.

63

I bhfianaise na hoibleagáide sin maidir le comhar dílis, ní fhéadfaidh an t‑údarás iomaíochta náisiúnta imeacht ó chinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta is inniúil ná ón bpríomhúdarás maoirseachta is inniúil a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta sin nó le coinníollacha ginearálta comhchosúla. I gcás ina bhfuil amhras air maidir le raon feidhme cinneadh den sórt sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin nó coinníollacha comhchosúla, ag an am céanna, faoi réir scrúdú ag na húdaráis sin, nó i gcás ina measann an t‑údarás iomaíochta, in éagmais imscrúdú arna dhéanamh ag na húdaráis sin, nach bhfuil na coinníollacha i gceist i gcomhréir le RGCS, ní mór dó dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta sin agus a gcomhar a iarraidh, chun a chuid amhras a dhíbirt nó chun a chinneadh ar cheart dó fanacht go dtí go nglacfaidh siad cinneadh sula gcuirfidh sé tús lena mheasúnú féin. In éagmais agóid uathu nó freagra laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta leanúint ar aghaidh le himscrúdú dá chuid féin.

An dara ceist

64

Le Ceist 2(a), iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 9(1) de RGCS a léiriú amhail, i gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann le ceann nó breis is ceann de na catagóirí a leagtar amach san fhoráil sin agus, i gcás inarb iomchuí, go gcuireann sé sonraí isteach iontu agus clárú nó ordú á dhéanamh aige ar líne, nach mór a mheas go bhfuil ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’, de réir bhrí na forála sin, rud atá toirmiscthe i bprionsabal, faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin ar na sonraí pearsanta, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí a thagann ó chuairt a dhéanamh ar na suíomhanna agus na feidhmchláir sin chomh maith le sonraí arna gcur isteach ag an úsáideoir a bhailiú trí mheán comhéadain chomhtháite, fianán, nó teicneolaíochtaí comhchosúla stórála agus na sonraí sin ar fad a nascadh le cuntas líonra sóisialta an úsáideora, chomh maith leis an úsáid a bhaineann oibreoir an líonra as na sonraí sin.

65

Más amhlaidh atá, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, le Ceist 2(b), an gá Airteagal 9(2)(e) de RGCS a léiriú amhail, i gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 9(1) de RGCS, ina gcuireann sé sonraí isteach sna suíomhanna nó sna feidhmchláir sin nó ina ngníomhachtaíonn sé cnaipí roghnúcháin atá comhtháite iontu, amhail ‘Is maith liom’ nó ‘Roinn’ nó cnaipí lena bhféadfadh an duine é féin a shainaithint ar na suíomhanna nó feidhmchláir sin trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis logála isteach atá nasctha lena chuntas úsáideora den líonra sóisialta ar líne, lena uimhir theileafóin nó lena sheoladh ríomhphoist, go measfar gur chuir sé na sonraí a bhailigh oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí comhchosúla stórála ar fáil go poiblí go follasach, de réir bhrí na chéad fhorálacha sin.

Ceist 2(a)

66

Foráiltear le haithris 51 de RGCS go bhfuil cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. Sonraítear san aithris sin nár cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má údaraítear próiseáil sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

67

Sa chomhthéacs sin, leagtar síos in Airteagal 9(1) RGCS an prionsabal maidir le toirmeasc ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta, dá luaitear ann, a phróiseáil. Is éard a áirítear leis sin, go háirithe, ná sonraí lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, nó creideamh reiligiúnach chomh maith le sonraí a bhaineann le sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

68

Chun críocha cur i bhfeidhm Airteagal 9(1) de RGCS, tá sé tábhachtach a fhíorú, i gcás próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, dá bhféadfadh na sonraí sin faisnéis a nochtadh a thagann faoi cheann de na catagóirí dá dtagraítear san fhoráil sin, an mbaineann an fhaisnéis sin le húsáideoir an líonra sin nó le haon duine nádúrtha eile. Más amhlaidh atá, tá toirmeasc ar phróiseáil sonraí pearsanta den sórt sin, faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) de RGCS.

69

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 40 agus 41 dá Thuairim, tá an toirmeasc sin, a leagtar síos in Airteagal 9(1) de RGCS, i bprionsabal, neamhspleách ar chruinneas na faisnéise a nochtar tríd an bpróiseáil atá i gceist agus ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an rialaitheoir ag gníomhú chun faisnéis a fháil a thagann faoi réim ceann de na catagóirí speisialta dá dtagraítear san fhoráil sin.

70

I bhfianaise na rioscaí suntasacha do shaoirsí bunúsacha agus do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, a thagann as aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de RGCS, is é cuspóir na forála sin próiseáil den sórt sin a thoirmeasc, gan beann ar an gcríoch atá luaite leis sin.

71

Sa chás seo, is éard atá sa phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna déanamh ag Meta Platforms Ireland, ar dtús, ná sonraí pearsanta de chuid úsáideoirí líonra sóisialta Facebook a bhailiú nuair a thugann siad cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir – lena n-áirítear iad siúd is féidir faisnéis a bhaint astu a thagann faoi cheann amháin nó breis is ceann amháin de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de RGCS – agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuireann siad fáisnéis isteach iontu agus clárú nó ordú ar líne á dhéanamh acu, agus, anuas air sin, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin agus, ar deireadh, úsáid na sonraí sin.

72

I ndáil leis sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a chinneadh an féidir faisnéis den sórt sin a nochtadh leis na sonraí a bhailítear ar an gcaoi sin, iontu féin nó trína nascadh le cuntais Facebook na n-úsáideoirí lena mbaineann, cé acu an mbaineann an fhaisnéis sin le húsáideoir an líonra sin nó le haon duine nádúrtha eile. Mar sin féin, i bhfianaise na gceisteanna arna gcur isteach ag an gcúirt sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndealraíonn sé, faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt sin, go bhféadfadh fáisnéis a nochtadh le próiseáil sonraí i ndáil le cuairteanna ar na suíomhanna idirlín nó ar na feidhmchláir i dtrácht, i gcásanna áirithe, gan aon ghá go ndéanfaidh na húsáideoirí sin faisnéis a chur isteach trí chlárú nó ordú a dhéanamh ar líne.

73

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór Ceist 2(a) a fhreagairt sa chaoi nach mór Airteagal 9(1) de RGCS a léiriú amhail, i gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann le ceann nó breis is ceann de na catagóirí dá dtagraítear san fhoráil sin agus, i gcás inarb iomchuí, ina gcuireann sé sonraí isteach iontu agus clárú nó ordú ar líne á dhéanamh aige, nach mór a mheas gurb é atá i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin ar na sonraí pearsanta, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí a thagann ó chuairt a dhéanamh ar na suíomhanna agus na feidhmchláir sin chomh maith le sonraí arna gcur isteach ag an úsáideoir a bhailiú trí chomhéadain chomhtháite, fianáin, nó teicneolaíochtaí comhchosúla stórála, trí na sonraí sin ar fad a nascadh le cuntas líonra sóisialta an úsáideora agus tríd an úsáid a bhaineann oibreoir an líonra as na sonraí sin, ná ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’ de réir bhrí na forála sin, rud atá toirmiscthe i bprionsabal, faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), más rud é go bhféadfadh faisnéis a nochtadh mar chuid den phróiseáil sin, ar fáisnéis í a thagann faoi cheann de na catagóirí sin, beag beann ar cé acu an mbaineann an fhaisnéis sin le húsáideoir an líonra sin nó le haon duine nádúrtha eile.

Ceist 2(b)

74

Maidir le Ceist 2(b), mar a athdhréachtaíodh í i mír 65 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis an maolú a leagtar síos in Airteagal 9(2)(e) de RGCS, ní mór a mheabhrú, faoin bhforáil sin, nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc i bprionsabal ar aon phróiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, a leagtar síos in Airteagal 9(1) de RGCS i gcás ina mbaineann an phróiseáil le sonraí pearsanta ‘is follas gur chuir an duine is ábhar dóibh ar fáil go poiblí’.

75

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil feidhm ag an maolú sin ach amháin maidir le sonraí is follas gur chuir ‘an duine is ábhar dóibh’ ar fáil go poiblí. Dá réir sin, níl sé infheidhme maidir le sonraí a bhaineann le daoine seachas an duine a chuir na sonraí sin ar fáil go poiblí.

76

Ar an dara dul síos, a mhéid is a fhoráiltear le hAirteagal 9(2) de RGCS do mhaolú ón bprionsabal maidir le toirmeasc ar aon phróiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, ní mór léiriú sriantach a dhéanamh air (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2014, Baltic Agro, C-3/13, EU:C:2014:2227, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 6 Meitheamh 2019, Weil, C-361/18, EU:C:2019:473, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

77

Dá bhrí sin, chun críocha cur i bhfeidhm na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 9(2)(e) de RGCS, ní mór a fháil amach an raibh sé i gceist ag an ábhar sonraí, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, na sonraí pearsanta lena mbaineann a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.

78

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir le cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann le ceann nó breis is ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé i gceist ag an úsáideoir lena mbaineann, dá bhíthin sin, a nochtadh go poiblí, ar bhealach ar bith, gur thug sé cuairt ar na suíomhanna nó ar na feidhmchláir sin nó na sonraí a bhaineann leis an gcuairt sin a d’fhéadfadh a bheith curtha ina leith a nochtadh ach an oiread. D’fhéadfadh an t‑úsáideoir a bheith ag súil, ar a mhéad, le rochtain a bheith ag bainisteoir an tsuímh nó an fheidhmchláir ar na sonraí sin agus go ndéanfadh sé iad a roinnt, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir cead ón úsáideoir sin a bheith tugtha go sainráite, le tríú páirtithe áirithe seachas leis an bpobal i gcoitinne.

79

Dá bhrí sin, ní féidir a rá gur follas, ós rud é gur thug an t‑úsáideoir cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir den sórt sin, agus mar gheall air sin amháin, gur chuir an t-úsáideoir sin na sonraí pearsanta sin ar fáil go poiblí, de réir bhrí Airteagal 9(2)(e) de RGCS.

80

Ar an dara dul síos, a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo sonraí a chur isteach sna suíomhanna idirlín sin nó sna feidhmchláir sin agus cnaipí roghnúcháin atá comhtháite leo a ghníomhachtú, amhail ‘Is maith liom’ nó ‘Roinn’ nó cnaipí lena bhféadfadh an duine é féin a shainaithint ar shuíomh idirlín nó ar fheidhmchlár trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis logála isteach atá nasctha lena chuntas úsáideora Facebook, lena uimhir theileafóin nó lena sheoladh ríomhphoist, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sna gníomhaíochtaí sin idirghníomhú idir an úsáideoir sin agus an suíomh idirlín nó an feidhmchlár atá i gceist, agus, i gcás inarb iomchuí, suíomh idirlín an líonra shóisialta ar líne, idirghníomhú de chineál lena bhféadfadh na cineálacha fógraíochta a ghabhann leis a bheith éagsúil sa mhéid is go bhféadfaidh an t-úsáideoir sin iad a shocrú ar bhonn aonair.

81

Sna himthosca sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach an bhfuil na húsáideoirí lena mbaineann in ann a chinneadh, ar bhonn rogha arna socrú go feasach, na sonraí a chuirtear isteach ar na suíomhanna idirlín nó ar na feidhmchláir atá i gceist agus na sonraí a eascraíonn as gníomhachtú na gcnaipí roghnúcháin atá comhtháite iontu a chur ar fáil don phobal i gcoitinne nó, dá mhalairt, do líon daoine roghnaithe, a bheag nó a mhór.

82

I gcás ina bhfuil rogha den sórt sin ag na húsáideoirí lena mbaineann, ní fhéadfar a mheas, nuair a dhéanann siad sonraí a chur isteach go deonach ar shuíomh idirlín nó ar fheidhmchlár nó cnaipí roghnúcháin atá comhtháite iontu a ghníomhachtú, gur follas gur chuir siad na sonraí a bhaineann leo ar fáil go poiblí, de réir bhrí Airteagal 9(2)(e) de RGCS, ach amháin más rud é gur chuir na húsáideoirí sin in iúl go soiléir, ar bhonn socruithe aonair arna ndéanamh go feasach, go gcuirfear na sonraí sin ar fáil do líon neamhtheoranta daoine, rud a bheidh le fáil amach ag an gcúirt a rinne an tarchur.

83

Ar an taobh eile, mura féidir socrú aonair mar sin a dhéanamh, ní mór a mheas, ag féachaint don mhéid atá luaite i mír 77 den bhreithiúnas seo, i gcás ina gcuireann úsáideoirí sonraí isteach go deonach i suíomh idirlín nó i bhfeidhmchlár nó ina ngníomhachtaíonn siad cnaipí roghnúcháin atá comhtháite ann, nach mór dóibh, chun a mheas gur follas gur chuir siad na sonraí sin ar fáil go poiblí, toiliú go sainráite, ar bhonn faisnéis shainráite arna soláthar ag an suíomh gréasáin sin nó ag an bhfeidhmchlár sin roimh dóibh sonraí a chuir isteach nó cnaipe a ghníomhachtú, go mbeadh na sonraí sin le feiceáil ag aon duine a bhfuil rochtain aige ar an suíomh nó ar an bhfeidhmchlár sin.

84

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar Cheist 2(b) ná nach mór Airteagal 9(2)(e) de RGCS a léiriú amhail, i gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann le ceann nó breis is ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de RGCS, nach léir go gcuireann sé na sonraí a bhaineann leis an gcuairt sin, arna mbailiú ag oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí comhchosúla stórála, ar fáil go poiblí, de réir bhrí an chéad chinn de na forálacha sin.

85

I gcás ina gcuireann sé sonraí isteach ina leithéid de shuíomhanna idirlín nó d’fheidhmchláir nó ina ngníomhachtaíonn sé cnaipí roghnúcháin atá comhtháite sna suíomhanna agus feidhmchláir sin, amhail na cnaipí ‘Is maith liom’ nó ‘Roinn’ nó cnaipí lena bhféadfadh an duine é féin a shainaithint ar na suíomhanna nó feidhmchláir sin trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis logála isteach atá nasctha lena chuntas úsáideora don líonra sóisialta ar líne, lena uimhir theileafóin nó lena sheoladh ríomhphoist, ní léir go gcuireann úsáideoir dá leithéid na sonraí arna gcur isteach mar sin nó sonraí a eascraíonn as na cnaipí sin a ghníomhachtú ar fáil go poiblí, de réir bhrí Airteagal 9(2)(e), ach amháin i gcás inar chuir sé a rogha in iúl go sainráite roimh ré, i gcás inarb iomchuí ar bhonn socruithe aonair arna ndéanamh go feasach, chun na sonraí a bhaineann leis a chur ar fáil go poiblí do líon neamhtheoranta daoine.

An tríú, an ceathrú agus an cúigiú ceist

86

Lena tríú agus ceathrú ceist, ar ceart iad a scrúdú in éineacht lena chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá – agus más gá, cé hiad na coinníollacha faoinar gá – pointí (b) agus (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a léiriú amhail go bhféadfaí próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra dá leithéid, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n‑úsáideoirí sin, agus úsáid na sonraí sin, a mheas mar riachtanas chun conradh ar páirtithe ann na hábhair sonraí a chomhlíonadh, de réir bhrí phointe (b), nó chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, de réir bhrí phointe (f). Iarrann an chúirt sin go háirithe an ionann, chun na críche sin, leasanna áirithe dá dtagraíonn sí go sainráite agus ‘leas dlisteanach’ de réir bhrí na forála sin.

87

Lena cúigiú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá pointí (c) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a léiriú amhail go bhféadfar a mheas go bhfuil próiseáil den sórt sin ar shonraí pearsanta riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh, de réir bhrí phointe (c), chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, de réir bhrí phointe (d), nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, de réir bhrí phointe (e), i gcás ina ndéantar an phróiseáil sin faoi seach d’fhonn freagra a thabhairt ar iarratas bailí dlí ar shonraí áirithe a sholáthar, d’fhonn iompraíocht dhochrach a chomhrac agus an tslándáil a chur chun cinn, agus chun críocha taighde a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí agus an gá atá leis an tsábháilteacht, leis an tsláine agus leis an tslándáil a chur chun cinn.

Barúlacha tosaigh

88

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go n-ardaítear an tríú, an ceathrú, agus an cúigiú ceist toisc, de réir cinntí ón Oifig Chónaidhmeach Cairtéil ina chinneadh an 6 Feabhra 2019, nach féidir a mheas gur thug úsáideoirí an líonra shóisialta Facebook toiliú le próiseáil a gcuid sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, de réir bhrí Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) de RGCS. Dá bhrí sin, is sa chomhthéacs sin a mheasann an chúirt a rinne an tarchur, agus í ag iarraidh go bhfreagróidh an Chúirt a séú ceist ina thaobh sin, gur gá a fháil amach an gcomhfhreagraíonn an phróiseáil sin do cheann de na coinníollacha eile maidir le dleathacht, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) go (f) den Rialachán sin.

89

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sonraí íogaire de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS agus sonraí neamhíogaire araon a bheith cuimsithe leis na hoibríochtaí a bhaineann le sonraí a bhailiú, a nascadh, agus a úsáid dá dtagraítear sa tríú, ceathrú agus cúigiú ceist. Ní mór a rá, i gcás ina bhfuil sraith sonraí lena n‑áirítear sonraí íogaire agus sonraí neamhíogaire araon faoi réir oibríochtaí den sórt sin agus ina ndéantar, go háirithe, iad a bhailiú en bloc gan bheith in ann na sonraí a dhícheangal óna chéile tráth an bhailithe sin, nach mór a mheas go bhfuil cosc ar phróiseáil ar an tsraith sonraí sin, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS, ós rud é go bhfuil sonra íogair amháin ar a laghad ann agus nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán sin.

90

Ar an dara dul síos, ionas gur féidir an tríú, an ceathrú agus an cúigiú ceist a fhreagairt, ní mór a mheabhrú go leagtar síos liosta uileghabhálach sriantach de na cásanna ina bhféadfaí a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS. Chun a mheas go bhfuil próiseáil dleathach, ní mór di teacht faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear sna forálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear).

91

Faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin, measfar próiseáil sonraí pearsanta a bheith dleathach má tá, agus sa mhéid atá, toiliú tugtha ag an ábhar sonraí ina leith sin chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;

92

In éagmais toiliú den sórt sin, nó i gcás nár tugadh an toiliú sin ar bhealach saor, sonrach, feasach agus gan athbhrí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 11, de RGCS, tá údar le próiseáil den sórt sin mar sin féin i gcás ina gcomhlíonann sé ceann de na ceanglais maidir le riachtanas dá dtagraítear i bpointí (b) go (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin.

93

Sa chomhthéacs sin, ní mór na húdair dá bhforáiltear san fhoráil sin, sa mhéid is féidir iad a úsáid chun gur dleathach próiseáil sonraí arna déanamh gan toiliú ón ábhar sonraí, a léiriú go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Valsts ieņēmumu dienests (Sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch cánach), C‑175/20, EU:C:2022:124, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear].

94

Thairis sin, agus mar a dhearbhaigh an Chúirt, i gcás inar féidir a chinneadh go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta riachtanach faoi cheann de na húdair dá bhforáiltear i bpointí (b) go (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1), ní gá a fhíorú an dtagann an phróiseáil seo faoi cheann eile de na húdair sin chomh maith (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 71).

95

Ba cheart a shoiléiriú, ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 5 de RGCS, gur ar an rialaitheoir atá an dualgas a chruthú gur chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha a bhailítear na sonraí agus go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(c) den Rialachán sin, i gcás go mbailítear sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, is faoin rialaitheoir atá an dualgas an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi chríocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe agus faoin mbunús dlí don phróiseáil sin.

96

Cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhfuil údar le gnéithe éagsúla na próiseála atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi cheann amháin nó faoi cheann eile de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (b) go (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, féadfaidh an Chúirt treoir úsáideach a thabhairt di mar sin féin ionas gur féidir léi an díospóid atá os a comhair a chinneadh.

An tríú agus an ceathrú ceist

97

Sa chéad áit, maidir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, foráiltear leis an bhforáil sin go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach más rud é gur ‘gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh’.

98

Chuige sin, ionas go measfar próiseáil sonraí pearsanta a bheith riachtanach chun conradh a chomhlíonadh, de réir bhrí na forála sin, ní mór é a bheith fíor-riachtanach go hoibiachtúil chun cuspóir a bhaint amach ar cuid dhílis í den tseirbhís chonarthach atá beartaithe don ábhar sonraí. Dá bhrí sin, ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a léiriú conas nach bhféadfaí príomhábhar an chonartha a bhaint amach in éagmais na próiseála atá i gceist.

99

Ní bhaineann sé le hábhar ann féin go bhfuil próiseáil den sórt sin luaite sa chonradh nó go bhfuil sí úsáideach, agus sin amháin, chun é a chomhlíonadh. Is é an toisc chinntitheach chun críocha cur i bhfeidhm an údair dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS ná go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an rialaitheoir bunriachtanach chun go bhféadfar an conradh arna thabhairt i gcrích idir an rialaitheoir sin agus an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh i gceart agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon réiteach praiticiúil eile ann nach gcuirfidh isteach níos lú air sin.

100

I ndáil leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 54 dá Thuairim, i gcás inarb éard atá sa chonradh ná roinnt seirbhísí nó gnéithe ar leith den tseirbhís chéanna atá inchomhlíonta go neamhspleách ar a chéile, ba cheart infheidhmeacht phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a mheasúnú ar leithligh i gcomhthéacs gach ceann de na seirbhísí sin.

101

Sa chás seo, i gcomhthéacs na n‑údar a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme na forála sin, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i gcáil nithe atá beartaithe chun comhlíonadh cuí an chonartha arna thabhairt i gcrích idir Meta Platforms Ireland agus a chuid úsáideoirí a chinntiú, do phearsantú inneachair agus do shíor-úsáid réidh sheirbhísí féin ghrúpa Meta.

102

Ar an gcéad dul síos, maidir leis an údar a bhaineann le pearsantú inneachair, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go bhfuil an pearsantú sin úsáideach don úsáideoir, a mhéid a chuireann sé ar a chumas, inter alia, ábhar a fheiceáil a fhreagraíonn den chuid is mó dá leasanna, is amhlaidh fós, faoi réir fíorú a dhéanfaidh an chúirt a rinne an tarchur, nach cosúil gur gá an t-ábhar a phearsantú chun seirbhísí an líonra shóisialta ar líne a thairiscint don úsáideoir sin. Féadfar na seirbhísí sin a sholáthar dó, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm rogha mhalartach choibhéiseach nach ngabhann pearsantú den sórt sin leis, agus é mar thoradh air sin nach bhfuil an pearsantú sin fíor-riachtanach go hoibiachtúil le haghaidh cuspóir ar cuid dhílis de na seirbhísí céanna é.

103

Ar an dara dul síos, maidir leis an údar atá bunaithe ar shíor-úsáid réidh sheirbhísí féin ghrúpa Meta, is léir ón gcomhad atá ag an gCúirt nach bhfuil sé de cheangal ar dhuine clárú leis na seirbhísí éagsúla a thairgeann grúpa Meta d’fhonn a bheith in ann cuntas úsáideora a chruthú ar líonra sóisialta Facebook. Go deimhin, is féidir na hearraí agus na seirbhísí éagsúla a thairgeann an grúpa sin a úsáid go neamhspleách ar a chéile agus tá conradh úsáide ar leith mar bhonn le gach táirge nó seirbhíse a úsáidtear.

104

Dá réir sin, agus faoi réir fíorú atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil nach gá sonraí pearsanta ó sheirbhísí seachas an tseirbhís líonra shóisialta ar líne a chuireann an grúpa Meta ar fáil a phróiseáil chun an tseirbhís sin a sholáthar.

105

Sa dara háit, maidir le pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, foráiltear ann go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach más rud é gur ‘gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t‑ábhar sonraí’.

106

Mar a chinn an Chúirt cheana féin, leagtar síos san fhoráil sin trí choinníoll charnacha chun go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta dleathach, eadhon, ar an gcéad dul síos, leas dlisteanach a bheith á shaothrú ag rialaitheoir nó ag tríú páirtí; ar an dara dul síos, an gá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun an leas dlisteanach atá á shaothrú a bhaint amach; agus, ar an tríú dul síos, an coinníoll nach mbeidh sáraíocht ag leasanna nó cearta agus saoirsí bunúsacha an duine lena mbaineann an chosaint sonraí ar leas dlisteanach an rialaitheora nó an tríú páirtí (breithiúnas an 17 Meitheamh 2021, M.I.C.M., C-597/19, EU:C:2021:492, mír 106 agus an cásdlí dá dtagraítear).

107

Ar an gcead dul síos, maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le leas dlisteanach a shaothrú, ní mór a shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(d) de RGCS, gur faoin rialaitheoir atá sé, tráth a gheofar sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí sin, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú a léiriú dó i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin bunaithe ar phointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin.

108

Ar an dara dul síos, maidir leis an gcoinníoll gur ghá don phróiseáil sonraí pearsanta chun an leas dlisteanach atá á shaothrú a bhaint amach, ceanglaítear leis an gcoinníoll sin ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú nach féidir leas dlisteanach na próiseála sonraí atá á shaothrú a bhaint amach go réasúnta ar bhealaí eile atá chomh héifeachtach céanna nach ndéanann an oiread sin dochair do shaoirsí agus cearta bunúsacha na n‑ábhar sonraí, go háirithe na cearta go n-urramófaí an saol príobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C-439/19, EU:C:2021:504, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear].

109

Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú chomh maith nach mór an coinníoll a bhaineann le gá na próiseála a scrúdú i gcomhar leis an bprionsabal i dtaobh ‘íoslaghdú sonraí’ a chumhdaítear in Airteagal 5(1)(c) de RGCS, lena bhforáiltear nach mór do na sonraí pearsanta a bheith ‘leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Nollaig 2019, Asociația de Proprietari bloc M5A-ScaraA, C-708/18, EU:C:2019:1064, mír 48).

110

Ar an tríú dul síos, maidir leis an gcoinníoll nach mbeidh sáraíocht ag leasanna nó saoirsí agus cearta bunúsacha an duine lena mbaineann an chosaint sonraí ar leas dlisteanach an rialaitheora nó an tríú páirtí, chinn an Chúirt cheana féin go bhfuil sé i gceist leis an gceanglas sin na cearta agus na leasanna freasúracha atá i gceist a chothromú, ar cearta agus leasanna iad atá ag brath, i bprionsabal, ar imthosca sonracha an cháis aonair agus, dá bhrí sin, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé an cothromú sin a dhéanamh agus na himthosca sonracha sin á gcur san áireamh aici (breithiúnas an 17 Meitheamh 2021, M.I.C.M., C-597/19, EU:C:2021:492, mír 111 agus an cásdlí dá dtagraítear).

111

I ndáil leis sin, is léir ó fhoclaíocht phointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS gur gá, i gcomhthéacs cothromú den sórt sin, aird ar leith a thabhairt ar an gcás inar leanbh é an t-ábhar sonraí. I gcomhréir le haithris 38 den Rialachán sin, tá cosaint ar leith dlite do leanaí i dtaca lena sonraí pearsanta a phróiseáil toisc go bhféadfar nach bhfuil siad chomh heolach sin ar na rioscaí, na hiarmhairtí agus na coimircí lena mbaineann ná ar a gcearta féin i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Dá bhrí sin, ní mór feidhm a bheith ag cosaint speisialta den sórt sin, go háirithe, ar phróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le leanaí chun críocha margaíochta nó chun próifílí pearsantachta nó úsáideora a chruthú nó chun seirbhísí atá dírithe go díreach ar leanaí a mholadh.

112

Thairis sin, agus mar is léir ó aithris 47 de RGCS, d’fhéadfadh, go háirithe, sáraíocht a bheith ag leasanna agus ag cearta bunúsacha an ábhair sonraí ar leas an rialaitheora sonraí i gcás ina ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil in imthosca nach mbeadh na hábhair sonraí ag súil leis go ndéanfaí a leithéid de phróiseáil iontu.

113

Sa chás seo, i gcomhthéacs na n‑údar a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme phointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do phearsantú na fógraíochta, do shlándáil an líonra, d’fheabhsú an táirge, d’fhaisnéis na n-údarás atá inniúil chun tabhairt faoi ionchúisimh choiriúla agus d’fhorfheidhmiú pionós, don fhíoras gur mionaoiseach é an t-úsáideoir, do thaighde agus nuálaíocht chun críocha sóisialta, agus, d’fhógróirí agus do chomhpháirtithe gairmiúla eile, do sholáthar seirbhísí cumarsáide tráchtála leis an úsáideoir agus uirlisí anailíseacha lena gcuirtear ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht.

114

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ag an tús, nach bhfuil aon mhíniú san iarraidh ar réamhrialú i dtaobh conas a d’fhéadfadh taighde agus nuálaíocht chun críocha sóisialta nó an fíoras gur mionaoiseach é an t‑úsáideoir, mar leasanna dlisteanacha de réir bhrí phointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, údar a thabhairt le bailiú agus saothrú na sonraí atá i gceist. Dá bhrí sin, níl an Chúirt in ann rialú a thabhairt ina leith sin.

115

Maidir le pearsantú fógraíochta, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir aithris 47 den Rialachán sin, go bhféadfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta dírí a mheas mar phróiseáil a dhéantar ar mhaithe le leas dlisteanach de chuid an rialaitheora.

116

Mar sin féin, ní mór gá a bheith leis an bpróiseáil sin freisin chun an leas sin a bhaint amach agus níor cheart sáraíocht a bheith ag leasanna nó saoirsí agus cearta bunúsacha an ábhair sonraí air. I ndáil leis an gcothromú sin idir na cearta agus leasanna freasúracha atá i gceist, eadhon cearta agus leasanna an rialaitheora, ar thaobh amháin, agus cearta agus leasanna an ábhair sonraí, ar an taobh eile, is gá a chur san áireamh, mar a thugtar faoi deara i mír 112 den bhreithiúnas seo, go háirithe ionchais réasúnta an ábhair sonraí agus méid na próiseála atá i gceist agus tionchar na próiseála sin ar an duine sin.

117

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, in ainneoin go bhfuil seirbhísí líonra shóisialta ar líne amhail Facebook saor in aisce, nach féidir leis an úsáideoir a bheith ag súil go réasúnta, gan a thoiliú, go ndéanfaidh oibreoir an líonra shóisialta sin sonraí pearsanta an úsáideora sin a phróiseáil chun fógraíocht a phearsanú. Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil sáraíocht ag leasanna agus cearta bunúsacha an úsáideora sin ar leas an oibreora sin i bpearsantú den sórt sin ar an bhfógraíocht trína maoiníonn sé a ghníomhaíocht, agus, mar thoradh air sin, ní féidir leis an bpróiseáil a dhéanann an t-oibreoir sin chun na gcríoch sin teacht faoi raon feidhme phointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS.

118

Ina theannta sin, tá an phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí an-leathan ós rud é go mbaineann sé le sonraí a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta agus go bhfuil tionchar suntasach aici ar an úsáideoir, dá ndéanann Meta Platforms Ireland faireachán ar chuid mhór dá ghníomhaíochtaí ar líne – fiú iad go léir beagnach –agus d’fhéadfadh an duine sin a bheith den tuairim go bhfuil faireachán leanúnach ar a shaol príobháideach.

119

Ar an dara dul síos, maidir leis an gcuspóir slándáil an líonra a áirithiú, is é atá sa chuspóir sin, mar a luaitear in aithris 49 de RGCS, leas dlisteanach de chuid Meta Platforms Ireland, a d’fhéadfadh a bheith mar údar leis an bpróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí.

120

Mar sin féin, maidir leis an ngá atá leis an bpróiseáil sin chun an leas dlisteanach sin a bhaint amach, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an bhfuil gá i ndáiríre le próiseáil sonraí pearsanta a bhailítear ó fhoinsí lasmuigh de líonra sóisialta Facebook, agus a mhéid is gá, chun a áirithiú nach gcuirfear slándáil inmheánach an líonra sin i mbaol.

121

Sa chomhthéacs sin, mar a luadh i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas seo, beidh uirthi fíorú, ar dtús, an féidir leas dlisteanach na próiseála sonraí atá á shaothrú a bhaint amach go réasúnta ar bhealaí eile atá chomh héifeachtach céanna eile nach ndéanann an oiread sin dochair do shaoirsí agus cearta bunúsacha na n-ábhar sonraí, go háirithe an ceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt agus, anuas air sin, an gcomhlíontar an prionsabal i dtaobh ‘íoslaghdú sonraí’, a chumhdaítear in Airteagal 5(1)(c) de RGCS.

122

Ar an tríú dul síos, maidir leis an gcuspóir an táirge a fheabhsú, ní féidir a chur as an áireamh a priori go bhféadfadh leas an rialaitheora i bhfeabhsú a tháirge nó a sheirbhís d’fhonn é a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos tarraingtí dá bhrí sin a bheith ina leas dlisteanach lena dtabharfaí údar le próiseáil sonraí pearsanta agus go bhféadfadh go mbeadh gá leis an bpróiseáil sin chun an leas sin a bhaint amach.

123

Mar sin féin, faoi réir an mheasúnaithe deiridh atá le déanamh chuige sin ag an gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé go bhfuil amhras ann, maidir leis an bpróiseáil sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhféadfadh sáraíocht a bheith ag an gcuspóir an táirge a fheabhsú, i bhfianaise scála na próiseála sin agus thionchar suntasach na próiseála sin ar an úsáideoir, agus i bhfianaise nach féidir leis an úsáideoir a bheith ag súil go réasúnta leis go ndéanfaidh Meta Platforms Ireland na sonraí a phróiseáil, ar na leasanna agus cearta bunúsacha atá ag úsáideoir den sórt sin, go háirithe i gcás inar leanbh an t‑úsáideoir sin.

124

Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an gcuspóir dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, a bhaineann leis na húdaráis atá inniúil chun imeachtaí coiriúla a sheoladh a chur ar an eolas chun ionchúisimh choiriúla a fheidhmiú agus chun pionóis a fhorfheidhmiú chun cionta coiriúla a sheachaint, a bhrath agus a ionchúiseamh, ní mór a mheas nach bhféadfadh, i bprionsabal, an cuspóir sin a bheith ina leas dlisteanach atá á shaothrú ag an rialaitheoir, de réir bhrí phointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS. Ní féidir le hoibreoir príobháideach ar nós Meta Platforms Ireland a bheith ag brath ar leas dlisteanach den sórt sin, nach bhfuil baint aige lena ghníomhaíocht eacnamaíoch agus tráchtála. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh an cuspóir sin údar a thabhairt don phróiseáil a dhéanann oibreoir den sórt sin i gcás inar gá leis sin go hoibiachtúil chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an t-oibreoir sin faoina réir a chomhlíonadh.

125

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an tríú agus ar an gceathrú ceist ná nach mór pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a léiriú amhail nach féidir a mheas go bhfuil gá le próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra den sórt sin, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir sin nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin, agus na sonraí sin a úsáid, chun conradh ar páirtithe ann na hábhair sonraí a chomhlíonadh, de réir bhrí na forála sin, ach amháin má tá an phróiseáil sin fíor-riachtanach go hoibiachtúil chun cuspóir a bhaint amach ar cuid dhílis í den tseirbhís chonarthach atá beartaithe do na húsáideoirí sin, sa chaoi nach bhféadfaí príomhábhar an chonartha a bhaint amach in éagmais na próiseála sin.

126

Ní mór pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a léiriú amhail nach féidir a mheas go bhfuil gá le próiseáil den sórt sin chun críocha leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, de réir bhrí na forála sin, ach amháin ar choinníoll gur chuir an t-oibreoir sin an leas dlisteanach atá á shaothrú leis an bpróiseáil in iúl do na húsáideoirí ónar mbailíodh na sonraí nach ndéantar an phróiseáil ach a mhéid a bheidh fíorghá leis sin chun an leas dlisteanach sin a chomhlíonadh agus gur léir ó chothromú leasanna freasúracha, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile, nach bhfuil sáraíocht ag leasanna nó saoirsí agus cearta bunúsacha na n‑úsáideoirí sin ar leas dlisteanach an rialaitheora nó tríú páirtí.

An cúigiú ceist

127

Sa chéad áit, a mhéid a bhaineann an cheist sin le pointí (c) agus (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, ní mór a mheabhrú, faoi phointe (c), go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach más gá leis sin chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh. Thairis sin, faoi phointe (e) de, tá an phróiseáil dleathach freisin nuair is gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.

128

Sonraítear in Airteagal 6(3) de RGCS, inter alia, maidir leis an dá chás sin ina mbeadh próiseáil dleathach, nach mór an phróiseáil a bheith bunaithe ar dhlí an Aontais ná ar dhlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, agus nach mór don bhunús dlí sin freagairt do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus a bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú.

129

Sa chás seo, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach an féidir a mheas go bhfuil údar le próiseáil ar shonraí pearsanta, amhail an phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí, i bhfianaise phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, i gcás ina bhfeictear le ‘freagra a thabhairt ar iarratas bailí dlí ar shonraí áirithe a sholáthar’, agus, i bhfianaise phointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin, i gcás ina mbaineann sí le ‘taighde a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí’ agus ina bhféachann sí ‘leis an tsábháilteacht, leis an tsláine agus leis an tslándáil a chur chun cinn’.

130

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nár chuir an chúirt sin an fhaisnéis ar fáil don Chúirt lena gcuirfí ar a cumas rialú sonrach a thabhairt ina leith sin.

131

Dá bhrí sin, is faoin gcúirt sin a bheidh sé a fháil amach, i bhfianaise na gcoinníollacha atá leagtha amach i mír 128 den bhreithiúnas seo, an féidir a mheas go bhfuil údar leis an bpróiseáil sin de bharr na gcríoch arna gcur ar aghaidh.

132

Go sonrach, i bhfianaise an mhéid atá luaite i mír 124 den bhreithiúnas seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé, inter alia, a fháil amach, chun críocha chur i bhfeidhm phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, an bhfuil Meta Platforms Ireland faoi réir oibleagáid dhlíthiúil sonraí pearsanta a bhailiú agus a choinneáil ar bhealach coisctheach ionas go mbeidh sé in ann freagra a thabhairt ar aon iarraidh ó údarás náisiúnta chun sonraí áirithe a bhaineann lena úsáideoirí a fháil.

133

Ar an gcaoi chéanna, is faoin gcúirt sin a bheidh sé a mheas, i bhfianaise phointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, an ndílsítear cúram do Meta Platforms Ireland a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, go háirithe d’fhonn taighde a áirithiú ar mhaithe leis an tsochaí agus leis an tsábháilteacht, leis an tsláinte agus leis an tslándáil a chur chun cinn, cé gur léir, i bhfianaise bun-nádúr eacnamaíoch agus tráchtála na gníomhaíochta sin, nach dócha go ndílsíodh cúram den sórt sin don oibreoir príobháideach.

134

Ina theannta sin, más gá, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach, i bhfianaise mhéid na próiseála sonraí a dhéanann Meta Platforms Ireland agus an tionchar suntasach atá aige sin ar úsáideoirí líonra sóisialta Facebook, an é nach ndéantar an phróiseáil ach a mhéid a bheidh fíorghá leis sin.

135

Sa dara háit, maidir le pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, foráiltear leis an bhforáil sin go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta dleathach i gcás inar gá leis chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a choimirciú.

136

Mar is léir ó aithris 46 den Rialachán sin, leis an bhforáil sin dírítear ar chás sonrach ina mbeadh gá le próiseáil sonraí pearsanta chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do shaol an ábhair sonraí nó do shaol duine nádúrtha eile. Chuige sin, luaitear san aithris sin, go háirithe, mar shampla críocha daonnúla, amhail faireachán a dhéanamh ar eipidéimí agus ar a leathadh, chomh maith le cásanna éigeandála daonnúla, amhail cásanna tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.

137

Is léir ó na samplaí sin agus ón léiriú dian nach mór a dhéanamh ar phointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, i bhfianaise chineál na seirbhísí a sholáthraíonn oibreoir líonra shóisialta ar líne, nach féidir le hoibreoir den sórt sin, a bhfuil gníomhaíocht de chineál eacnamaíoch agus tráchtála aige go bunúsach, brath ar chosaint leasa atá fíor-riachtanach do shaol a úsáideoirí nó do shaol duine eile chun údar a thabhairt, i ndearbhthéarmaí agus ar bhealach atá go hiomlán teibí agus coisctheach, le dleathacht próiseála sonraí amhail an phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí.

138

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an gcúigiú ceist ná nach mór pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a léiriú amhail go mbeidh údar, faoin bhforáil sin, le próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra den sórt sin, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin, agus na sonraí sin a úsáid, i gcás inar gá leis sin go hiarbhír chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, de bhun foráil de dhlí an Aontais nó de dhlí an Bhallstáit lena mbaineann, ina gcomhfhreagraíonn an bunús dlí sin do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus ina bhfuil sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú agus nach ndéantar an phróiseáil ach a mhéid a bheidh fíorghá leis sin.

139

Ní mór pointe (d) agus pointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS a léiriú amhail nach féidir a mheas, i bprionsabal agus faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, go bhfuil gá le próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, de réir bhrí phointe (d), ná chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, de réir bhrí phointe (e).

An séú ceist

140

Lena séú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 9(2)(a) de RGCS a léiriú amhail go bhféadfaí a mheas go gcomhlíonann toiliú arna thabhairt ag úsáideoir líonra shóisialta ar líne d’oibreoir líonra den sórt sin na coinníollacha maidir le bailíocht, a leagtar síos in Airteagal 4, pointe 11, den Rialachán sin, go háirithe an coinníoll nach mór an toiliú sin a thabhairt faoi shaoirse, i gcás ina bhfuil ceannasacht ag an oibreoir sin ar mhargadh na líonraí sóisialta ar líne.

141

Ceanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus le hAirteagal 9(2) (a) de RGCS toiliú an ábhair sonraí a fháil chun críocha, faoi seach, a shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha agus chun catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a phróiseáil.

142

Sainmhínítear an coincheap ‘toiliú’ in Airteagal 4, pointe 11, de RGCS mar ‘aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n‑aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi’.

143

I bhfianaise cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur, ní mór a mheabhrú, sa chéad áit, nach féidir, i gcomhréir le haithris 42 de RGCS, breathnú ar an toiliú mar thoiliú a tugadh faoi shaoirse mura bhfuil rogha atá dílis nó saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé nó sí in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil.

144

Sa dara háit, luaitear in aithris 43 den Rialachán sin, chun a áirithiú go dtugtar an toiliú sin faoi shaoirse, nár cheart toiliú a bheith ina fhoras bailí dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás sonrach ina bhfuil éagothromaíocht shoiléir idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir. Sonraítear san aithris sin freisin go dtoimhdítear nár tugadh toiliú faoi shaoirse más rud é nach gceadaítear leis toiliú ar leithligh a thabhairt d’oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta éagsúla in ainneoin gurb iomchuí é sin sa chás ar leith.

145

Sa tríú háit, foráiltear in Airteagal 7(4) de RGCS go gcuirfear san áireamh go huile agus go hiomlán, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, inter alia, an é an ndéantar comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.

146

Is ar bhonn na mbreithnithe sin nach mór an séú ceist a fhreagairt.

147

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur fíor nach bhfuil an fíoras go bhfuil ceannasacht ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, mar rialaitheoir, ar mhargadh na líonraí sóisialta ina chonstaic ann féin ar úsáideoirí an líonra shóisialta sin a bheith in ann toiliú bailí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 11, de RGCS, a thabhairt le próiseáil a sonraí pearsanta arna déanamh ag an oibreoir sin.

148

Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 75 dá Thuairim, ní mór imthosca den sórt sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil an toiliú arna thabhairt ag úsáideoir an líonra sin bailí agus, go háirithe, ar tugadh faoi shaoirse é, ós rud é go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do shaoirse rogha an úsáideora sin, nach mbeadh in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil, mar a luaitear in aithris 42 de RGCS.

149

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí éagothromaíocht shoiléir le ceannasacht den sórt sin, de réir bhrí aithris 43 de RGCS, idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir, éagothromaíocht atá i bhfabhar, inter alia, coinníollacha a fhorchur nach bhfuil fíor-riachtanach chun an conradh a chomhlíonadh, rud nach mór a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Rialachán sin. Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú, mar a luadh i míreanna 102 go 104 sa bhreithiúnas seo, nach ndealraíonn sé, faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, go bhfuil fíorghá leis an bpróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí chun an conradh idir Meta Platforms Ireland agus úsáideoirí líonra sóisialta Facebook a chomhlíonadh.

150

Dá bhrí sin, ní mór an tsaoirse a bheith ag na húsáideoirí sin diúltú ina n-aonar, i gcomhthéacs an phróisis chonarthaigh, a dtoiliú a thabhairt d’oibríochtaí sonracha próiseála sonraí nach bhfuil gá leo chun an conradh a chomhlíonadh, gan é a bheith de cheangal orthu, áfach, diúltú go hiomlán d’úsáid na seirbhíse a thairgeann oibreoir an líonra shóisialta ar líne, rud a chiallaíonn go dtairgtear do na húsáideoirí sin, más gá ar luach saothair iomchuí, rogha mhalartach choibhéiseach nach mbeidh oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin ag gabháil leis.

151

Thairis sin, i bhfianaise mhéid phróiseáil na sonraí atá i gceist agus a tionchar suntasach ar úsáideoirí an líonra sin agus ós rud é nach féidir leis na húsáideoirí sin a bheith ag súil go réasúnta leis go ndéanfaidh oibreoir an líonra sin sonraí seachas na sonraí a bhaineann lena n-iompar laistigh den líonra sóisialta a phróiseáil, is iomchuí, de réir bhrí aithris 43, go mbeifí in ann toiliú ar leithligh a thabhairt chun na sonraí sin, ar thaobh amháin, agus sonraí off Facebook, ar an taobh eile, a phróiseáil. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú an bhfuil ann d’fhéidearthacht den sórt sin agus, in éagmais na féidearthachta sin, ní mór a thoimhdiú nár tugadh toiliú na n-úsáideoirí sin faoi shaoirse le próiseáil na sonraí off Facebook.

152

Ar deireadh, tá sé tábhachtach a mheabhrú, faoi Airteagal 7(1) de RGCS, i gcásanna ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, go bhfuil an dualgas ar an rialaitheoir a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta a phróiseáil.

153

Is i bhfianaise na gcritéar sin agus an scrúdaithe mhionsonraithe ar imthosca uile an cháis atá sé faoin gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh an bhfuil úsáideoirí líonra sóisialta Facebook tar éis toiliú bailí agus, go háirithe, faoi shaoirse a thabhairt don phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí.

154

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an séú ceist ná nach mór pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 9(2)(a) de RGCS a léirmhíniú amhail, nach bhfuil an fíoras go bhfuil ceannasacht ag oibreoir líonra shóisialta ar líne ar mhargadh na líonraí sóisialta ar líne ina chonstaic ann féin ar úsáideoirí líonra den sórt sin a bheith in ann toiliú bailí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 11, den Rialachán sin, a thabhairt le próiseáil a sonraí pearsanta arna déanamh ag an oibreoir sin. Mar sin féin, is fachtóir tábhachtach é sin chun a chinneadh ar tugadh an toiliú go bailí i ndáiríre agus, go háirithe, faoi shaoirse, agus is faoin oibreoir sin atá sé é sin a chruthú.

Costais

155

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagail 51 et seq . de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus le hAirteagal 4(3) CAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ar chuntar go gcomhlíonfaidh sé a oibleagáid maidir le comhar dílis leis na húdaráis mhaoirseachta, féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit a chinneadh, i gcomhthéacs scrúdú ar mhí-úsáid a bhain gnóthas as a chuid ceannasachta, de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, nach bhfuil coinníollacha ginearálta úsáide an ghnóthais sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus a gcur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin, i gcás ina bhfuil gá leis an gcinneadh sin chun a shuí gur ann do mhí-úsáid den sórt sin.

I bhfianaise na hoibleagáide sin maidir le comhar dílis, ní fhéadfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta imeacht ó chinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta is inniúil ná ón bpríomhúdarás maoirseachta is inniúil a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta sin nó le coinníollacha ginearálta comhchosúla. I gcás ina bhfuil amhras air maidir le raon feidhme cinneadh den sórt sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin nó coinníollacha comhchosúla, ag an am céanna, faoi réir scrúdú ag na húdaráis sin, nó i gcás ina measann an t‑údarás iomaíochta, in éagmais imscrúdú arna dhéanamh ag na húdaráis sin, nach bhfuil na coinníollacha i gceist i gcomhréir le Rialachán 2016/679, ní mór dó dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta sin agus a gcomhar a iarraidh, chun a chuid amhras a dhíbirt nó chun a chinneadh ar cheart dó fanacht go dtí go nglacfaidh siad cinneadh sula gcuirfidh sé tús lena mheasúnú féin. In éagmais agóid uathu nó freagra laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta leanúint ar aghaidh le himscrúdú dá chuid féin.

 

2.

Maidir le hAirteagal 9(1) de Rialachán 2016/679

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann le ceann nó breis is ceann de na catagóirí dá dtagraítear san fhoráil sin agus, i gcás inarb iomchuí, ina gcuireann sé sonraí isteach iontu agus clárú nó ordú ar líne á dhéanamh aige, ní mór a mheas gurb é atá i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin ar na sonraí pearsanta, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí a thagann ó chuairt a dhéanamh ar na suíomhanna agus na feidhmchláir sin chomh maith le sonraí arna gcur isteach ag an úsáideoir a bhailiú trí chomhéadain chomhtháite, fianáin, nó teicneolaíochtaí comhchosúla stórála, trí na sonraí sin ar fad a nascadh le cuntas líonra sóisialta an úsáideora agus tríd an úsáid a bhaineann oibreoir an líonra as na sonraí sin, ná ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’ de réir bhrí na forála sin, rud atá toirmiscthe i bprionsabal, faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), más rud é go bhféadfadh faisnéis a nochtadh mar chuid den phróiseáil sin, ar fáisnéis í a thagann faoi cheann de na catagóirí sin, beag beann ar cé acu an mbaineann an fhaisnéis sin le húsáideoir an líonra sin nó le haon duine nádúrtha eile.

 

3.

Maidir le hAirteagal 9(2)(e) de Rialachán 2016/679

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir a bhaineann le ceann nó breis is ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán sin, ní léir go gcuireann sé na sonraí a bhaineann leis an gcuairt sin, arna mbailiú ag oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí comhchosúla stórála, ar fáil go poiblí, de réir bhrí an chéad chinn de na forálacha sin.

I gcás ina gcuireann sé sonraí isteach ina leithéid de shuíomhanna idirlín nó d’fheidhmchláir nó ina ngníomhachtaíonn sé cnaipí roghnúcháin atá comhtháite sna suíomhanna agus feidhmchláir sin, amhail na cnaipí ‘Is maith liom’ nó ‘Roinn’ nó cnaipí lena bhféadfadh an duine é féin a shainaithint ar na suíomhanna nó feidhmchláir sin trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis logála isteach atá nasctha lena chuntas úsáideora don líonra sóisialta ar líne, lena uimhir theileafóin nó lena sheoladh ríomhphoist, ní léir go gcuireann úsáideoir dá leithéid na sonraí arna gcur isteach mar sin nó sonraí a eascraíonn as na cnaipí sin a ghníomhachtú ar fáil go poiblí, de réir bhrí Airteagal 9(2)(e), ach amháin i gcás inar chuir sé a rogha in iúl go sainráite roimh ré, i gcás inarb iomchuí ar bhonn socruithe aonair arna ndéanamh go feasach, chun na sonraí a bhaineann leis a chur ar fáil go poiblí do líon neamhtheoranta daoine.

 

4.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán 2016/679

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir a mheas go bhfuil gá le próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra den sórt sin, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir sin nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin, agus na sonraí sin a úsáid, chun conradh ar páirtithe ann na hábhair sonraí a chomhlíonadh, de réir bhrí na forála sin, ach amháin má tá an phróiseáil sin fíor-riachtanach go hoibiachtúil chun cuspóir a bhaint amach ar cuid dhílis í den tseirbhís chonarthach atá beartaithe do na húsáideoirí sin, sa chaoi nach bhféadfaí príomhábhar an chonartha a bhaint amach in éagmais na próiseála sin.

 

5.

Maidir le pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán 2016/679

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir a mheas go bhfuil gá le próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra den sórt sin, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir sin nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin, agus na sonraí sin a úsáid, chun críocha leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, de réir bhrí na forála sin, ach amháin ar choinníoll gur chuir an t-oibreoir sin an leas dlisteanach atá á shaothrú leis an bpróiseáil in iúl do na húsáideoirí ónar mbailíodh na sonraí, nach ndéantar an phróiseáil ach a mhéid a bheidh fíorghá leis sin chun an leas dlisteanach sin a chomhlíonadh agus gur léir ó chothromú leasanna freasúracha, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile, nach bhfuil sáraíocht ag leasanna nó saoirsí agus cearta bunúsacha na n-úsáideoirí sin ar leas dlisteanach an rialaitheora nó tríú páirtí.

 

6.

Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

beidh údar, faoin bhforáil sin, le próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra den sórt sin, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin, agus na sonraí sin a úsáid, i gcás inar gá leis sin go hiarbhír chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, de bhun foráil de dhlí an Aontais nó de dhlí an Bhallstáit lena mbaineann, ina gcomhfhreagraíonn an bunús dlí sin do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus ina bhfuil sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú agus nach ndéantar an phróiseáil ach a mhéid a bheidh fíorghá leis sin.

 

7.

Maidir le pointe (d) agus pointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir a mheas i bprionsabal agus faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur go bhfuil gá le próiseáil sonraí pearsanta, arna déanamh ag oibreoir líonra shóisialta ar líne, arb éard atá sa phróiseáil sin ná sonraí de chuid úsáideoirí líonra den sórt sin, a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an ghrúpa lena mbaineann an t‑oibreoir nó a thagann ó chuairteanna arna dtabhairt ag na húsáideoirí sin ar shuíomhanna idirlín nó ar fheidhmchláir de chuid tríú páirtithe, a bhailiú, na sonraí sin a nascadh le cuntas líonra sóisialta na n-úsáideoirí sin, agus na sonraí sin a úsáid, chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, de réir bhrí phointe (d), ná chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, de réir bhrí phointe (e).

 

8.

Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(a) agus le hAirteagal 9(2)(a) de Rialachán 2016/679

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl an fíoras go bhfuil ceannasacht ag oibreoir líonra shóisialta ar líne ar mhargadh na líonraí sóisialta ar líne ina chonstaic ann féin ar úsáideoirí líonra den sórt sin a bheith in ann toiliú bailí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 11, den Rialachán sin, a thabhairt le próiseáil a sonraí pearsanta arna déanamh ag an oibreoir sin. Mar sin féin, is fachtóir tábhachtach é sin chun a chinneadh ar tugadh an toiliú go bailí i ndáiríre agus, go háirithe, faoi shaoirse, agus is faoin oibreoir sin atá sé é sin a chruthú.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.