BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

28 Feabhra 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Cumhacht cur chun feidhme Chomhairle an Aontais Eorpaigh – Airteagal 291(2) CFAE – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagail 28 agus 397 – Duine inchánach, ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile – Soláthróir seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 – Airteagal 9a – Toimhde – Bailíocht)

I gCás C-695/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón First-tier Tribunal (Tax Chamber) [Cúirt Chéadchéime (Dlísheomra cánach), (An Ríocht Aontaithe)], trí bhreith an 15 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnas an 22 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

Fenix International Ltd

agus

Commissioners for Her Majesty’s Revenue and Customs,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, C. Lycourgos, M. Safjan, L. S. Rossi (Rapóirtéir), D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomra, J.‑C. Bonichot, S. Rodin, J. Passer, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu‑Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 3 Bealtaine 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Fenix International Ltd, ag O. Bartholomew, S. Gilchrist agus D. Greene, solicitors, T. Johnson, M. Schofield agus V. Sloane, barristers,

Rialtas na Ríochta Aontaithe, ag F. Shibli, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó A. Macnab, barrister,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó A. Maddalo, avvocato dello Stato,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag E. Chatziioakeimidou, M. Chavrier agus E. d’Ursel, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag J. Jokubauskaitė agus C. Perrin, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Meán Fómhair 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le bailíocht Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2011 L 77, lch. 1), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1042/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 (IO 2013 L 284, lch. 1) (“Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011”).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Fenix International Ltd (“Fenix”) agus Commissioners for Her Majesty’s Revenue and Customs (na húdaráis chánach agus chustaim, an Ríocht Aontaithe) maidir le measúnú cánach breisluacha (CBL) arna eisiúint ag na húdaráis sin don tréimhse ó mhí Iúil 2017 go dtí mí Eanáir 2020, agus do mhí Aibreáin 2020.

An dlí lena mbaineann

An Comhaontú um Tharraingt Siar

3

Lena Cinneadh (AE) 2020/135 an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 1“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh an comhaontú sin, a bhí i gceangal leis an gcinneadh sin, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA) (IO 2020 L 29, lch. 7).

4

Foráiltear le hAirteagal 86 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, dar teideal “Cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá ar feitheamh”, i míreanna 2 agus 3 de:

“2.   Leanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de dhlínse a bheith aici réamhrialuithe a thabhairt ar iarrataí ó chúirteanna agus ó bhinsí de chuid na Ríochta Aontaithe a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse.

3.   Chun críocha na Caibidle seo, measfar imeachtaí a bheith tugtha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus iarrataí ar réamhrialuithe a bheith déanta, an tráth a bheidh an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí cláraithe ag clárlann na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, de réir mar a bheidh.”

5

I gcomhréir le hAirteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, thosaigh an idirthréimhse ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin agus tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020.

Treoir maidir le CBL

6

Maidir le dáta na bhfógraí measúnaithe CBL atá i gceist sna príomhimeachtaí, tá sé seo á rialú ag na forálacha i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 (IO 2017 L 348, lch. 7) (“Treoir maidir le CBL”).

7

Foráiltear le haithrisí 61 go 64 den Treoir maidir le CBL mar a leanas:

“(61)

Tá sé riachtanach cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chórais CBL a áirithiú. Is iomchuí bearta cur chun feidhme leis an aidhm sin a bhaint amach.

(62)

Ba cheart do na bearta sin, go háirithe, aghaidh a thabhairt ar fhadhb an chánachais dhúbailte ar idirbhearta trasteorann a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar éagsúlachtaí idir na Ballstáit i gcur i bhfeidhm na rialacha lena rialaítear an áit ina ndéantar idirbhearta inchánach.

(63)

In ainneoin nádúr teoranta an raon feidhme sin, bheadh tionchar buiséadach ag na bearta sin a d’fhéadfadh a bheith suntasach do Bhallstát amháin nó níos mó. Tugann a dtionchar ar bhuiséid na mBallstát údar maith don Chomhairle chun an ceart chun cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú a fhorchoimeád di féin.

(64)

I bhfianaise a raon feidhme teoranta, ba cheart don Chomhairle na bearta cur chun feidhme a ghlacadh ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún [Eorpach].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

I dTeideal IV den Treoir sin, dar teideal “Idirbhearta inchánach”, tá Caibidil 3, a bhaineann le “(s)oláthairtí seirbhísí”, faoina bhfuil Airteagal 28 di.

9

Foráiltear le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL:

“I gcás ina nglacann duine inchánach atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile páirt i soláthar seirbhísí, measfar go bhfuair sé féin na seirbhísí sin agus gur sholáthair sé iad.”

10

I dTeideal V den Treoir sin, dar teideal “Áit ina ndéantar idirbhearta inchánach”, tá Caibidil 3, a bhaineann le “(h)áiteanna soláthair seirbhísí”. Liostaítear i Roinn 3 den chaibidil sin, ina naoi bhforoinn, cineálacha éagsúla seirbhísí, lena n‑áirítear, i bhforoinn 8, ón 1 Eanáir 2015, seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus teilifíse, chomh maith le seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach do dhuine neamh-inchánach. Tá an fo-roinn seo comhdhéanta d’Airteagal 58 den Treoir sin, lena bhforáiltear, i mír 1 di, go bhfuil na seirbhísí sin le bheith inchánach sa Bhallstát ina bhfuil an duine sin bunaithe, ina bhfuil a sheoladh buan aige nó ina bhfuil gnáthchónaí air.

11

Rinneadh an fo-roinn sin a leasú, le héifeacht ón 1 Eanáir 2015, le Treoir 2008/8/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 (IO 2008 L 44, lch. 11), ina ndeirtear in aithris 1 di go raibh “cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh, an domhandú, an dírialáil agus athruithe teicneolaíochta, i dteannta a chéile, ina gcúis le hathruithe suntasacha ar mhéid agus ar struchtúr na trádála i seirbhísí. De réir a chéile, is féidir seirbhísí áirithe a sholáthar go cianda”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Foráiltear le hAirteagal 220 den Treoir maidir le CBL:

“Áiritheoidh gach duine inchánach go mbeidh sonrasc eisithe aige féin nó ag an gcustaiméir nó, ina ainm agus thar a cheann, ag tríú páirtí, sna cásanna seo a leanas:

1)

soláthairtí earraí nó seirbhísí a rinne sé do dhuine inchánach eile nó do dhuine dlítheanach neamh-inchánach;

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

De réir Airteagal 226 den Treoir sin:

“Gan dochar do na forálacha sonracha a leagtar amach sa Treoir seo, ní éilítear ach na mionsonraí seo a leanas, chun críocha CBL, ar shonraisc arna n‑eisiúint de bhun Airteagail 220 agus 221:

[...]

5)

ainm iomlán agus seoladh an duine inchánach agus an chustaiméara;

6)

cainníocht agus cineál na n‑earraí a soláthraíodh nó méid agus cineál na seirbhísí a rinneadh;

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

In Airteagal 397 den Treoir sin sonraítear an méid seo a leanas:

“Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011

15

Foráiltear le haithrisí 2, 4 agus 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 mar a leanas:

“(2)

Leagtar síos leis [an Treoir maidir le CBL] rialacha maidir le [CBL] atá faoi réir léirmhíniú na mBallstát i gcásanna áirithe. Le glacadh na bhforálacha coiteanna cur chun feidhme den Treoir maidir le CBL, ba cheart a áirithiú go gcuirfear an córas CBL i bhfeidhm níos mó i gcomhréir le cuspóir an mhargaidh inmheánaigh i gcásanna inar tharla difríochtaí i gcur i bhfeidhm atá ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh sin nó ina bhféadfadh difríochtaí teacht chun cinn. Níl na bearta cur chun feidhme sin ceangailteach ó thaobh dlí ach amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tá siad gan dochar do bhailíocht na reachtaíochta agus an léirmhínithe a ghlac na Ballstáit roimhe sin.

[...]

(4)

Is é cuspóir an Rialacháin seo cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chórais CBL reatha a áirithiú trí fhorálacha a ghlacadh lena gcuirtear [an Treoir maidir le CBL] chun feidhme maidir le, inter alia, daoine inchánach, soláthairtí earraí agus seirbhísí agus áit na n‑idirbheart inchánach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil sé ceangailteach agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát, is fearr a áiritheofar aonfhoirmeacht maidir le cur i bhfeidhm le Rialachán.

(5)

Tá rialacha sonracha sna forálacha cur chun feidhme sin mar fhreagairt ar cheisteanna áirithe maidir le cur i bhfeidhm agus tá siad ceaptha chun cóir aonfhoirmeach ar fud an Aontais a thabhairt do na himthosca sonracha sin amháin. Dá bhrí sin, níl siad dochloíte i gcásanna eile agus, i bhfianaise a bhfoirmlithe, tá siad le cur i bhfeidhm go sriantach.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

16

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011:

“Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta cur chun feidhme le haghaidh forálacha áirithe de Theidil I go V [...][den Treoir maidir le CBL].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

17

In aithrisí 1 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1042/2013, lenar leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 le héifeacht ón 1 Eanáir 2015, luaitear an méid seo a leanas:

“(1)

Foráiltear leis an Treoir [maidir le CBL] go mbeidh gach seirbhís teileachumarsáide, craolacháin raidió agus teilifíse agus seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach do dhuine neamh-inchánach inchánach sa Bhallstát ina bhfuil an custaiméir bunaithe, ina bhfuil a sheoladh buan nó ina bhfuil gnáthchónaí air, beag beann ar áit bhunaithe an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí sin. Leanfar de cháin a ghearradh ar fhormhór na seirbhísí eile a sholáthraítear do dhuine neamh-inchánach sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe.

[...]

(4)

Is gá a shonrú cé hé an soláthraí chun críocha [CBL] i gcás ina soláthraítear seirbhísí go leictreonach, nó seirbhísí teileafóin a sholáthraítear tríd an idirlíon, do chustaiméir trí líonraí teileachumarsáide, nó trí chomhéadan nó trí thairseach.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

18

Faoi Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, arna chur isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1042/2013:

“1.   Chun críocha Airteagal 28 [den Treoir maidir le CBL] a chur i bhfeidhm, i gcás ina soláthraítear seirbhísí go leictreonach trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár, toimhdeofar go ngníomhóidh an duine inchánach a ghlacann páirt sa soláthar sin ina ainm féin ach thar ceann sholáthróir na seirbhísí sin, mura rud é go n-aithníonn an duine inchánach sin go sainráite gurb é an soláthróir sin an soláthraí agus gur léir sin ó na socruithe conarthacha idir na páirtithe.

Chun a mheas go bhfuil soláthróir na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach ainmnithe go sainráite mar sholáthraí na seirbhísí sin ag an duine inchánach, comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

a)

ní mór na seirbhísí agus soláthraí na seirbhísí a shonrú ar an sonrasc arna eisiúint nó arna chur ar fáil ag gach duine inchánach a bhfuil baint aige le soláthar na seirbhísí sin a sholáthraítear go leictreonach;

b)

ní mór don sonrasc nó don admháil a eisítear nó a chuirtear ar fáil don chustaiméir na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach agus soláthraí na seirbhísí sin a shainaithint.

Chun críocha na míre seo, maidir le duine inchánach a údaraíonn sonrascadh an chustaiméara nó soláthar na seirbhísí, i ndáil le soláthar seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, nó a leagann síos na coinníollacha ginearálta don soláthar, ní ainmneoidh sé duine eile go sainráite mar sholáthraí na seirbhísí sin.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 freisin i gcás ina soláthraítear seirbhísí teileafóin ar an idirlíon, lena n‑áirítear Prótacal Idirlín Guthaithe (VoIP), trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár, faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach sa mhír sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le duine inchánach nach ndéanann foráil ach do phróiseáil íocaíochtaí i ndáil le seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach nó i ndáil le seirbhísí teileafóin a sholáthraítear tríd an idirlíon, lena n‑áirítear Prótacal Idirlín Guthaithe (VoIP), agus nach nglacann páirt i soláthar na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach nó na seirbhísí teileafóin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

19

Feidhmíonn Fenix, cuideachta atá cláraithe chun críocha CBL sa Ríocht Aontaithe, ardán meán sóisialta ar an idirlíon ar a dtugtar Only Fans (“an t‑ardán Only Fans”). Tá an t‑ardán dírithe ar “úsáideoirí” ar fud an domhain, atá roinnte idir “cruthaitheoirí” agus “lucht leanúna”.

20

Tá “próifíl” ag gach cruthaitheoir, ar a ndéanann sé ábhar a uaslódáil agus a fhoilsiú, amhail grianghraif, físeáin agus teachtaireachtaí. Is féidir leis an lucht leanúna rochtain a fháil ar ábhar a íoslódálann cruthaitheoirí is mian leo a leanúint nó a bhfuil siad ag iarraidh idirghníomhú leo, trí íocaíochtaí aon uaire a dhéanamh nó síntiús míosúil a íoc. Féadfaidh an lucht leanúna “aiscí” nó tabhartais a íoc freisin nach gcuirtear aon ábhar ar fáil dóibh dá bharr.

21

Cinneann gach cruthaitheoir méid an tsíntiúis mhíosúil, ach socraíonn Fenix an méid íosta le haghaidh síntiús agus “aiscí” araon.

22

Ní hamháin go soláthraíonn Fenix an t‑ardán Only Fans, ach freisin an áis chun idirbhearta airgeadais a chur i gcrích. Tá Fenix freagrach as íocaíochtaí ón lucht leanúna a bhailiú agus a dháileadh, ag baint úsáid as eintiteas tríú páirtí, eadhon soláthraí seirbhíse íocaíochta. Socraíonn Fenix freisin coinníollacha ginearálta úsáide an ardáin Only Fans.

23

Toibhíonn Fenix 20% d’aon suim a íoctar ar mhaithe le cruthaitheoir a ngearrann sé an méid comhfhreagrach air. Ar an tsuim a thoibhíonn sé, cuireann Fenix CBL i bhfeidhm ag ráta 20%, atá le feiceáil ar na sonraisc a eisíonn sé.

24

Tá gach íocaíocht le feiceáil ar ráiteas bainc an lucht leanúna lena mbaineann mar íocaíochtaí a rinneadh le Fenix.

25

An 22 Aibreán 2020, sheol na húdaráis chánach agus chustaim fógraí cánach chuig Fenix a bhain leis an CBL is iníoctha do na míonna ó mhí Iúil 2017 go dtí mí Eanáir 2020 agus do mhí Aibreáin 2020, agus iad den tuairim gur cheart a mheas go bhfuil Fenix ag gníomhú ina ainm féin faoi Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011. Dá bhrí sin, bhí an t‑údarás sin den tuairim gur cheart CBL a bheith íoctha ag Fenix ar an méid iomlán a fuarthas ón lucht leanúna agus ní hamháin ar an 20% den tsuim sin, a thoibhigh sé mar luach saothair.

26

An 27 Iúil 2020, thug Fenix caingean os comhair an First-tier Tribunal (Tax Chamber) [Cúirt Chéadchéime (Dlísheomra cánach), (An Ríocht Aontaithe)], arb í an chúirt a rinne an tarchur. Leis an gcaingean sin, cuireann Fenix in aghaidh, go bunúsach, bailíocht bhunús dlí na bhfógraí cánach, eadhon Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, agus a méideanna faoi seach.

27

Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, maíonn Fenix go bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a leasú agus/nó a fhorlíonadh trí rialacha nua a chur leis. Téann Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 thar Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL trína fhoráil go measfar, maidir le soláthar seirbhísí trí mheán leictreonach ina nglacann gníomhaire páirt, go bhfuair agus gur sholáthair an gníomhaire na seirbhísí sin, cé go bhfuil céannacht an tsoláthróra, arb é an t‑ainmnitheoir é, ar eolas. Le foráil den sórt sin, bhainfí uathriail chonarthach na bpáirtithe agus dhéanfaí neamhaird ar réaltacht tráchtála agus eacnamaíoch. Athraíonn sé ar bhonn bunúsach freagracht an ghníomhaire i réimse CBL tríd an ualach cánach a aistriú chuig ardáin a oibrítear ar an idirlíon, ós rud é nach féidir, i gcleachtas, an toimhde a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 a fhrisnéis. Dá bhrí sin, de réir Fenix, sáraíonn Airteagal 9a teorainneacha na gcumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Chomhairle le hAirteagal 397 den Treoir maidir le CBL.

28

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le bailíocht Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011.

29

Ar bhonn bhreithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2014, an Pharlaimint v an Coimisiún (C‑65/13, EU:C:2014:2289), tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios nach bhfuil foráil lena gcuirtear gníomh reachtach chun feidhme dleathach ach amháin má urramaíonn sí na bunchuspóirí ginearálta atá á saothrú leis an ngníomh sin, má tá sí riachtanach nó oiriúnach chun an gníomh sin a chur chun feidhme agus mura bhféadfaidh sí an gníomh céanna a leasú ná a fhorlíonadh, fiú ina heilimintí neamhriachtanacha. Cé go meastar gur beart é Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 lena gcuirtear Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL chun feidhme, d’fhéadfaí a choinneáil mar sin féin gur mhainnigh an Chomhairle, trí Airteagal 9a a ghlacadh, aird a thabhairt ar an gcumhacht cur chun feidhme a tugadh di.

30

Go háirithe, áitíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh feidhm a bheith ag an toimhde a leagtar síos in Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 maidir le gach duine inchánach a bhfuil baint aige le soláthar seirbhísí, nach beart teicniúil é ach athrú radacach ar an gcreat dlíthiúil a eascraíonn as Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL. Ina theannta sin, leis an toimhde a leagtar síos in Airteagal 9a(1) den Rialachán cur chun feidhme sin, agus go háirithe an toimhde a leagtar amach sa tríú fomhír den fhoráil sin, dhealrófaí go gcuirfí deireadh leis an oibleagáid staid eacnamaíoch agus tráchtála an duine inchánach a scrúdú go sonrach, rud a leanann mar sin féin as Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, mar a shoiléirigh an Chúirt i mbreithiúnas an 14 Iúil 2011, Henfling agus páirtithe eile (C‑464/10, EU:C:2011:489).

31

Sna himthosca sin, chinn an First-tier Tribunal (Tax Chamber) [Cúirt Chéadchéime (Dlísheomra cánach)] bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“An bhfuil Airteagal 9a de [Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011] neamhbhailí ar an bhforas go dtéann sé thar an gcumhacht nó an oibleagáid cur chun feidhme a thugtar don Chomhairle le hAirteagal 397 den [Treoir maidir le CBL] a mhéid a fhorlíonann sé agus/nó a leasaíonn sé Airteagal 28 den Treoir [sin] [...]?”

Dlínse na Cúirte Breithiúnais

32

Eascraíonn sé as Airteagal 86(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, go leanfaidh an Chúirt de dhlínse a bheith aici réamhrialuithe a thabhairt ar iarrataí ó chúirteanna agus ó bhinsí de chuid na Ríochta Aontaithe a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse a socraíodh, i gcomhréir le hAirteagal 126 den chomhaontú sin, an 31 Nollaig 2020. Ina theannta sin, leanann sé ó Airteagal 86(3) den chomhaontú sin go meastar iarraidh ar réamhrialú a bheith déanta, de réir bhrí mhír 2 den Airteagal sin, ar an dáta a cláraíodh an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí ag Clárlann na Cúirte Breithiúnais.

33

Sa chás seo, chláraigh Clárlann na Cúirte an iarraidh ar réamhrialú an 22 Nollaig 2020, eadhon, roimh dheireadh na hidirthréimhse.

34

Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt réamhrialú a thabhairt ar an iarraidh sin.

An cheist a tharchuirtear

35

Lena ceist, féachann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, lena fháil amach an bhfuil Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 neamhbhailí a mhéid a dhéanfadh an Chomhairle Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a fhorlíonadh nó a mhodhnú, rud a sháraíonn na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar di le hAirteagal 397 den Treoir sin, faoi Airteagal 291(2) CFAE.

Réamhbharúlacha

36

Sa chéad áit, ní mór a mheabhrú, de réir Airteagal 291(1) CFAE, gur faoi na Ballstáit atá sé gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 291(2) CFAE, áfach, nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagail 24 agus 26 CAE, don Chomhairle.

37

Maidir leis, go sonrach, an gceanglas sin údar cuí a thabhairt le cumhacht cur chun feidhme den sórt sin a thabhairt don Chomhairle, chinn an Chúirt cheana féin go gceanglaítear le hAirteagal 291(2) CFAE go leagfaí amach go mionsonrach na cúiseanna a bhfuil sé de chúram ar an institiúid sin bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Márta 2016, National Iranian Oil Company v an Chomhairle, C‑440/14 P, EU:C:2016:128, míreanna 49 agus 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Sa chás seo, le hAirteagal 397 den Treoir maidir le CBL, tugtar cumhacht cur chun feidhme don Chomhairle de réir bhrí Airteagal 291(2) CFAE. Foráiltear leis an Airteagal 397 sin go nglacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is gá chun an Treoir maidir le CBL a chur i bhfeidhm.

39

I ndáil leis sin, leanann sé ó aithrisí 61 go 63 den Treoir maidir le CBL gur mheas reachtóir an Aontais, ar dtús, go raibh sé riachtanach go mbeadh bearta lena gcuirtear an Treoir sin chun feidhme aonfhoirmeach, go háirithe chun fadhb an chánachais dhúbailte ar idirbhearta trasteorann a leigheas, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm neamh-aonfhoirmeach na rialacha a bhaineann le háit na n‑idirbheart inchánach ag na Ballstáit agus, anuas air sin, gur cheart an chumhacht chun bearta cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh a fhorchoimeád don Chomhairle mar gheall ar an tionchar, uaireanta suntasach, a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar bhuiséid na mBallstát.

40

Tugann na forais sin údar le cumhacht na Comhairle faoi Airteagal 397 den Treoir maidir le CBL na bearta is gá a ghlacadh chun an Treoir sin a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, atá beartaithe go sonrach chun a airithú go gcuirfear Airteagal 28 den Treoir sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach.

41

Sa dara háit, maidir le teorainneacha na gcumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 291(2) CFAE, ba cheart a mheabhrú go bhforchoimeádtar glacadh rialacha bunriachtanacha ábhair, amhail CBL, faoi inniúlacht reachtóir an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir forálacha lena leagtar síos gnéithe bunriachtanacha na bunreachtaíochta, ar gá roghanna polaitiúla a thagann faoi fhreagrachtaí reachtóir an Aontais chun iad a ghlacadh, a leagan síos i ngníomhartha cur chun feidhme nó i ngníomhartha tarmligthe, dá dtagraítear in Airteagal 290 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2015, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑363/14, EU:C:2015:579, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Ina theannta sin, ní mór sainaithint na ngnéithe d’ábhar nach mór a aicmiú mar ábhar fíor-riachtanach a bhunú ar thosca oibiachtúla ar féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh orthu agus ní mór saintréithe agus gnéithe speisialta an réimse lena mbaineann a chur san áireamh (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2015, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑363/14, EU:C:2015:579, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Dá bhrí sin, i gcás, faoi ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí amhail an Treoir maidir le CBL, go bhfuil sé de chumhacht ag an gComhairle bearta cur chun feidhme a ghlacadh, amhail Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, ní féidir leis an institiúid sin, i gcomhthéacs na cumhachta sin, rialacha fíor-riachtanacha a ghlacadh sa réimse sin, ós rud é nach mór na rialacha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach is infheidhme, eadhon, maidir leis an Treoir maidir le CBL, an nós imeachta speisialta a leagtar síos in Airteagal 113 CFAE.

44

Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin, i gcás ina dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, go n‑iarrtar air inneachar an ghnímh reachtaigh i dtrácht a shonrú, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é faoi choinníollacha aonfhoirmeacha sna Ballstáit uile. Dá bhrí sin, ní mór d’fhorálacha gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún, ar dtús, na cuspóirí ginearálta sár-riachtanacha arna saothrú leis an ngníomh reachtach a bhfuil sé beartaithe leis na forálacha sin a shonrú a chomhlíonadh agus, anuas air sin, a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an gníomh sin a chur chun feidhme go haonfhoirmeach gan é a fhorlíonadh nó a leasú, fiú ina eilimintí neamhriachtanacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2014, an Pharlaimint v an Coimisiún, C‑65/13, EU:C:2014:2289, míreanna 43 go 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45

Tá na breithnithe sin a bhaineann le teorainneacha chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin bailí freisin i gcás ina dtugtar cumhachtaí den sórt sin don Chomhairle, de bhun Airteagal 291(2) CFAE.

46

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, trí thagairt a dhéanamh don Choimisiún agus don Chomhairle araon, nach ndéantar aon idirdhealú in Airteagal 291(2) CFAE maidir le cineál agus raon feidhme na gcumhachtaí cur chun feidhme trí thagairt a dhéanamh don institiúid a dhílsítear dóibh.

47

Ar an dara dul síos, leanann sé as scéim Airteagail 290 agus 291 CFAE nach féidir feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme na Comhairle a rialú le coinníollacha atá éagsúil leis na coinníollacha a fhorchuirtear ar an gCoimisiún nuair a iarrtar air a chumhacht cur chun feidhme a fheidhmiú.

48

Trí idirdhealú a dhéanamh idir gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe, nach bhfuil de chumhacht ach ag an gCoimisiún iad a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 290 CFAE agus lena gceadaítear don Choimisiún eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorlíonadh nó a leasú, áirithítear le hAirteagail 290 agus 291 CFAE, i gcás ina gcuireann reachtóir an Aontais de chúram ar an gComhairle gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, nach bhfuil na cumhachtaí aici atá forchoimeádta don Choimisiún i gcomhthéacs gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gComhairle, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gníomh reachtach a fhorlíonadh ná a leasú, fiú ina eilimintí neamhriachtanacha.

49

Eascraíonn sé as na breithnithe sin go léir go n‑áirítear, go bunúsach, leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle faoi Airteagal 291(2) CFAE, an chumhacht bearta a ghlacadh atá riachtanach nó oiriúnach chun forálacha an ghnímh reachtaigh ar ar a bhonn a ghlactar iad a chur chun feidhme go haonfhoirmeach agus nach sonraítear iontu ach a inneachar, i gcomhréir leis na bunchuspóirí ginearálta arna saothrú leis an ngníomh sin, gan é a leasú nó a fhorlíonadh, ina eilimintí bunriachtanacha nó neamhriachtanacha.

50

Go háirithe, ní mór a mheas go bhfuil beart cur chun feidhme teoranta d’fhorálacha an ghnímh reachtaigh lena mbaineann a shonrú i gcás nach bhfuil sé beartaithe ach, go ginearálta nó le haghaidh cásanna sonracha áirithe, raon feidhme na bhforálacha sin a shoiléiriú nó na rialacha mionsonraithe maidir lena gcur i bhfeidhm a chinneadh, ar choinníoll, áfach, go seachnaítear leis an mbeart sin aon chontrárthacht le cuspóirí na bhforálacha sin agus nach n‑athraíonn sé ar bhealach ar bith ábhar normatach an ghnímh sin ná a raon feidhme.

51

Dá bhrí sin, d’fhonn a chinneadh ar chomhlíon an Chomhairle, agus Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 á ghlacadh aici, teorainneacha na gcumhachtaí cur chun feidhme a thugtar di, i gcomhréir le hAirteagal 291(2) CFAE, in Airteagal 397 den Treoir maidir le CBL, is gá a fháil amach an é nach sonraítear in Airteagal 9a(1) ach amháin inneachar Airteagal 28 den Treoir sin, arb é atá i gceist leis scrúdú a dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann Airteagal 9a(1), ar an gcéad dul síos, bunchuspóirí ginearálta na Treorach sin agus, go háirithe, iad siúd dá Airteagal 28, ar an dara dul síos, an bhfuil sé riachtanach nó oiriúnach chun Airteagal 28 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach agus, ar an tríú dul síos, nach ndéanann sé é a fhorlíonadh ná a leasú ar bhealach ar bith.

Comhlíonadh Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 leis na bunchuspóirí ginearálta a shaothraítear leis an Treoir maidir le CBL

52

Ba cheart a mheabhrú, sa chéad áit, go bhfuil sé i gceist leis an Treoir maidir le CBL comhchóras CBL a bhunú. Chun críocha cur i bhfeidhm aonfhoirmeach den chóras seo, atá ar cheann de chuspóirí na Treorach sin, mar a cuireadh in iúl, go háirithe, in aithris 61 di, ní mór do na coincheapa a shainíonn scóip na haithrise sin, amhail “idirbhearta inchánach”, “daoine inchánach” agus “gníomhaíochtaí eacnamaíocha”, léiriú neamhspleách aonfhoirmeach a fháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Meán Fómhair 2015, Gmina Wrocław, C‑276/14, EU:C:2015:635, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Luaitear in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, a bhaineann le Teideal IV den Treoir sin, dar teideal “Idirbhearta inchánach”, i gcás ina nglacann duine inchánach, ag gníomhú dó ina ainm féin ach thar ceann duine eile, páirt i soláthar seirbhísí, go measfar go bhfuair sé féin na seirbhísí sin agus gur sholáthair seisean iad.

54

Cruthaíonn an t‑airteagal sin, atá curtha in iúl i dtéarmaí ginearálta, agus nach bhfuil aon srianta ann maidir lena raon feidhme ná lena fhairsinge, agus a chumhdaíonn mar sin gach catagóir seirbhísí (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2011, Henfling agus páirtithe eile, C‑464/10, EU:C:2011:489, mír 36), ficsean dlíthiúil dhá sheirbhís chomhionanna a chuirtear ar fáil i ndiaidh a chéile, faoina meastar go bhfuair an t‑oibreoir, a ghlacann páirt i soláthar seirbhísí agus arb é an gníomhaire coimisiúin é, na seirbhísí atá i gceist ar dtús ón oibreoir a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann, arb é an príomhaí é, sula soláthraíonn sé, ina dhiaidh sin, na seirbhísí sin go pearsanta don chustaiméir (breithiúnas an 21 Eanáir 2021, UCMR – ADA, C‑501/19, EU:C:2021:50, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55

Bunaítear le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL, dá bhrí sin, i ndáil le duine inchánach a ghníomhaíonn, i gcomhthéacs soláthar seirbhísí, mar idirghabhálaí ina ainm féin ach thar ceann duine eile, go dtoimhdítear gurb é soláthraí na seirbhísí sin é.

56

Sa dara háit, leanann sé ó aithrisí 2, 4 agus 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, sa mhéid go bhfuil na rialacha a leagtar amach sa Treoir maidir le CBL, i gcásanna áirithe, faoi réir difríochtaí i gcur i bhfeidhm idir na Ballstáit, ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, gurb é is cuspóir don rialachán cur chun feidhme sin cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chórais CBL atá ann faoi láthair a áirithiú trí fhorálacha a ghlacadh lena gcuirtear an Treoir maidir le CBL chun feidhme maidir le, inter alia, soláthairtí seirbhísí, agus nach mór na forálacha sin ceisteanna áirithe maidir le cur i bhfeidhm a fhreagairt agus a bheith ceaptha chun cóir aonfhoirmeach a thabhairt ar fud an Aontais Eorpaigh do na cásanna sonracha a rialaítear ann, agus do na cásanna sin amháin.

57

A mhéid a bhaineann, go sonrach, le hAirteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1042/2013, leanann sé ó aithrisí 1 agus 4 sa Rialachán sin, ag féachaint don fhorbairt, i gcomhthéacs na Treorach maidir le CBL, a léiríonn, inter alia, cánachas ar sheirbhísí a sholáthraítear go leictreonach do dhuine neamh-inchánach, atá, ón 1 Eanáir 2015, inchánach sa Bhallstát ina bhfuil an custaiméir bunaithe, ina bhfuil a sheoladh buan aige nó ina bhfuil gnáthchónaí air, beag beann ar áit bhunaíochta an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí sin, gur mheas an Chomhairle gur ghá a shonrú cé hé an soláthraí seirbhísí chun críocha CBL i gcás ina soláthraítear na seirbhísí sin trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach.

58

Is sa chomhthéacs sin a luaitear in Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, “chun críocha Airteagal 28 den Treoir [maidir le CBL] a chur i bhfeidhm” agus don chás ina soláthraítear seirbhísí go leictreonach trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach, amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár, na coinníollacha faoina gcaithfear a mheas go bhfuil an duine inchánach, a ghlacann páirt sa soláthar sin, ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann an tsoláthróra.

59

Agus an méid sin á dhéanamh, féachtar le hAirteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 lena áirithiú, ón 1 Eanáir 2015, go gcuirfear an toimhde a bunaíodh in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL maidir leis na daoine inchánach sin agus, dá bhrí sin, an comhchóras CBL, arna bhunú leis an Treoir sin, i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 9a(1), a thagann faoi raon feidhme Airteagal 28, lena gcumhdaítear, mar is léir ó mhír 54 den bhreithiúnas seo, gach catagóir seirbhísí.

60

Dá bhrí sin, comhlíonann forálacha Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 bunchuspóirí ginearálta na Treorach maidir le CBL agus go háirithe iad siúd in Airteagal 28 di.

Riachtanas nó oiriúnacht Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 maidir le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL a chur chun feidhme

61

Ba chóir a thabhairt faoi deara go leanann sé go háirithe ón meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 maidir le háit soláthair seirbhísí [COM (2012) 763 final], as ar tháinig tabhairt isteach Airteagal 9a sa rialachán cur chun feidhme sin, i bhfianaise na n‑athruithe a rinneadh ar an Treoir maidir le CBL le héifeacht ón 1 Eanáir 2015 maidir leis an áit ina ngearrtar cáin ar sholáthairtí áirithe seirbhísí, lena n‑áirítear seirbhísí teileachumarsáide agus leictreonacha, go raibh sé fíor-riachtanach, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do sholáthraithe seirbhíse agus chun cánachas dúbailte nó neamhchánachas a sheachaint a bheadh mar thoradh ar modhanna cur chun feidhme éagsúla idir na Ballstáit, an rialachán cur chun feidhme sin a leasú d’fhonn a shuí conas ba cheart forálacha ábhartha na Treorach maidir le CBL a chur i bhfeidhm.

62

Faoi na coinníollacha sin, tá cúis ann a mheas go bhfuil Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 oiriúnach, fiú riachtanach, chun Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a chur chun feidhme go haonfhoirmeach.

Comhlíonadh Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 leis an toirmeasc ar inneachar Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a fhorlíonadh nó a leasú

63

De réir Fenix, leis na trí fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, déantar Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a fhorlíonadh nó a leasú, agus, dá bhrí sin, déantar neamhaird ar theorainneacha na cumhachta cur chun feidhme a thugtar don Chomhairle.

64

Ar dtús, maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, measann Fenix, ar an gcéad dul síos, nach raibh sé i gceist ag reachtóir an Aontais rialáil a dhéanamh, in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, ar an gceist i dtaobh na gcásanna ina ngníomhaíonn duine inchánach a ghlacann páirt i soláthar seirbhísí ina ainm féin ach thar ceann duine eile, rud nach féidir leis an gComhairle a leigheas, mura sáraíonn sí a cumhachtaí, trí ghníomh cur chun feidhme. Ar an dara dul síos, de réir Fenix, tá feidhm ag an toimhde a bunaíodh sa chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) beag beann ar an réaltacht chonarthach agus tráchtála, atá contrártha do chásdlí na Cúirte, agus déantar athrú radacach ar dhliteanas an ghníomhaire i réimse CBL.

65

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, i gcás ina nglacann an duine inchánach páirt i soláthar seirbhísí go leictreonach trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár, “toimhdeofar go ngníomhóidh [sé] ina ainm féin ach thar ceann sholáthróir na seirbhísí sin, mura rud é go n-aithníonn an duine inchánach sin go sainráite gurb é an soláthróir sin an soláthraí agus gur léir sin ó na socruithe conarthacha idir na páirtithe”.

66

Mar sin féin, ní leanann sé ar bhealach ar bith ón Treoir maidir le CBL go ndiúltódh reachtóir an Aontais a áirithiú, i gcás inarb iomchuí trí chumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle faoi Airteagal 397, cur chun feidhme aonfhoirmeach na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin, go háirithe an ceann ar dá réir, chun é a mheas mar sholáthraí seirbhíse, nach mór don duine inchánach atá ag glacadh páirt sa soláthar sin gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile. Is amhlaidh is mó é sin ós rud é go bhfuil an coinníoll sin ríthábhachtach chun an toimhde a bhunaítear in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, chun an comhchóras CBL a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ar ceann de chuspóirí na Treorach sin é, mar a thugtar ar aird i mír 52 den bhreithiúnas seo.

67

Maidir leis an gceist, go sonrach, an ndéanann an chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, arna scríofa ag an gComhairle, inneachar Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a fhorlíonadh nó a leasú, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé nach mbaineann Airteagal 9a(1), mar a thugtar ar aird i mír 59 den bhreithiúnas seo, ach le cuid de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, agus, dá bhrí sin, le cásanna sonracha áirithe, nach ndéantar ar bhealach ar bith, mar is léir ó mhír 50 den bhreithiúnas seo, measúnú ar Airteagal 9a(1) mar shoiléiriú amháin ar inneachar Airteagal 28 a chosc.

68

Ar an dara dul síos, a mhéid a fhoráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 go dtoimhdeofar i ndáil le duine inchánach a ghlacann páirt i soláthar seirbhísí go leictreonach “[go ngníomhaíonn sé] ina ainm féin ach thar ceann sholáthróir na seirbhísí sin”, ní mór a mheas nach sonraítear san fhoráil sin ach na cásanna ina meastar an coinníoll a bhaineann le raon feidhme ratione personae Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, atá riachtanach chun an toimhde dá dtagraítear ann a chur i bhfeidhm, a bheith comhlíonta, gan inneachar an Airteagail sin a fhorlíonadh nó a athrú.

69

Go háirithe, tá an toimhde sa chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 go hiomlán comhsheasmhach leis an loighic is bun le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 75 dá Thuairim, fiú sular glacadh Airteagal 9a, ba é cuspóir Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL dliteanas i leith CBL a aistriú i ndáil le soláthairtí seirbhísí ina nglacann duine inchánach páirt ina ainm féin ach thar ceann duine eile.

70

Dá réir sin, ní athraítear leis an toimhde a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 cineál na toimhdean a leagtar síos in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, ach tá sí teoranta, trína comhtháthú go hiomlán, dá sonrú i gcomhthéacs sonrach na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach, amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár.

71

Ar an tríú dul síos, trí “mura rud é go n‑aithníonn an duine inchánach sin go sainráite gurb é an soláthróir sin an soláthraí agus gur léir sin ó na socruithe conarthacha idir na páirtithe” a chur isteach, ceadaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 an toimhde sin a fhrisnéis, agus réaltacht chonarthach an chaidrimh idir na páirtithe a bhfuil baint acu le slabhra na n‑idirbheart eacnamaíoch á cur san áireamh.

72

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go léiríonn na comhaontuithe conarthacha, i bprionsabal, réaltacht eacnamaíoch agus tráchtála na n‑idirbheart, ar critéar bunúsach é a chur san áireamh chun an comhchóras CBL a chur i bhfeidhm, ionas gur gné atá le cur san áireamh iad na coinníollacha conarthacha ábhartha nuair a bhaineann sé leis an soláthraí agus an tairbhí a shainaithint in idirbheart “soláthair seirbhíse” de réir bhrí fhorálacha na Treorach maidir le CBL (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meitheamh 2013, Newey, C‑653/11, EU:C:2013:409, míreanna 42 agus 43, agus an 24 Feabhra 2022, Suzlon Wind Energy Portugal, C‑605/20, EU:C:2022:116, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt cheana féin go gcaithfear an coinníoll a bhaineann leis an bhfíric nach mór don duine inchánach gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile, a léirítear in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, a fhíorú, go háirithe, ar bhonn an chaidrimh chonarthaigh idir na páirtithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2011, Henfling agus páirtithe eile, C‑464/10, EU:C:2011:489, mír 42).

74

Dá bhrí sin, trí fhoráil a dhéanamh, sa chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, go bhféadfar an toimhde go ngníomhóidh an duine inchánach dá dtagraítear san fhoráil sin ina ainm féin ach thar ceann sholáthróir na seirbhísí i dtrácht a fhrisnéis más léir ó na comhaontuithe conarthacha idir na páirtithe go n‑aithnítear go sainráite gurb páirtithe an soláthróir soláthraí na seirbhísí, rinne an Chomhairle í féin a theorannú don inneachar reachtach arna bhunú le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL a shonrú, arna léirmhíniú ag an gCúirt, chun cur chun feidhme an Airteagail sin a áirithiú faoi choinníollacha aonfhoirmeacha san Aontas Eorpach.

75

Ina dhiaidh sin, maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór, de réir na forála sin, dhá choinníoll a chomhlíonadh “chun a mheas go bhfuil soláthróir na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach ainmnithe go sainráite mar sholáthraí na seirbhísí sin ag an duine inchánach”. Ar dtús, ní mór na seirbhísí sin agus a soláthraí a shonrú sa sonrasc a eisíonn nó a chuireann gach duine inchánach atá bainteach le soláthar seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach. Anuas air sin, ní mór na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach agus soláthraí na seirbhísí sin a shonrú sa sonrasc nó san admháil a eisítear don chustaiméir nó a chuirtear ar fáil dó.

76

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 76 dá Thuairim, tá dlúthchaidreamh ag an bhforáil sin leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 agus leanann sí an loighic chéanna leis an bhfomhír sin, trí léiriú níos mionsonraithe a thabhairt ar na coinníollacha a bhaineann le sonrascadh, ar ar a bhonn a aithníonn an duine inchánach go sainráite soláthróir na seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach mar sholáthraí na seirbhísí sin.

77

Mar sin féin, an fhaisnéis nach mór di, de bhun Airteagal 226(5) agus (6) den Treoir maidir le CBL, a bheith ar an sonrasc – doiciméad nach mór do gach duine inchánach a chinntiú, i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Treoir sin, gur eisíodh go cuí é maidir le haon seirbhís a sholáthraíonn sé, go háirithe, do dhuine inchánach eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, Evita-K, C‑78/12, EU:C:2013:486, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear) – is cuid í den fhianaise a bhaineann le caidreamh tráchtála agus conarthach idir na páirtithe éagsúla agus atá ceaptha chun réaltacht eacnamaíoch agus tráchtála na n‑idirbheart atá i gceist a léiriú. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí, leis an bhfaisnéis sin, measúnú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir na hoibreoirí éagsúla a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach.

78

Dá réir sin, ní leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 ach na fachtóirí lena gcumasaítear measúnú sonrach a dhéanamh, ag féachaint don ghá atá le réaltacht eacnamaíoch agus tráchtála na n‑idirbheart a chur san áireamh, maidir leis na cásanna agus na coinníollacha inar féidir an toimhde, a eascraíonn as an gcéad fhomhír den fhoráil sin i gcomhréir leis an toimhde in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, a fhrisnéis.

79

Dá bhrí sin, maidir leis an bhfianaise lena gcumasaítear an toimhde dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 a fhrisnéis, ar faoi údaráis chánach agus cúirteanna na mBallstát an measúnú sonrach uirthi, ní féidir an dara fomhír d’Airteagal 9a(1) a mheas, dá réir sin agus i bhfianaise na gcinntí i míreanna 71 go 74 den bhreithiúnas seo, mar fhorlíonadh ná mar leasú ar an gcreat reachtach a bhunaítear le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL.

80

Ar deireadh, maidir leis an tríú mír d’Airteagal 9a de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, ba chóir a mheabhrú, dá réir, “[c]hun críocha na míre seo, maidir le duine inchánach a údaraíonn sonrascadh an chustaiméara nó soláthar na seirbhísí, i ndáil le soláthar seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, nó a leagann síos na coinníollacha ginearálta don soláthar, ní ainmneoidh sé duine eile go sainráite mar sholáthraí na seirbhísí sin”.

81

Leanann sé mar sin ón tríú mír sin, nuair a bheidh an duine inchánach i gceann de na trí chás dá dtagraítear sa mhír sin, nach féidir an toimhde a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 a fhrisnéis agus, dá bhrí sin, go n‑éiríonn sé dobhréagnaithe. Is é sin le rá, i gcás ina soláthraítear seirbhísí go leictreonach trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár, glactar leis i gcónaí maidir leis an duine inchánach a ghlacann páirt sa soláthar sin go gníomhaíonn sé ina ainm féin ach thar ceann sholáthróir na seirbhísí sin agus, dá bhrí sin, meastar gurb é féin soláthraí na seirbhísí sin, i gcás ina n‑údaraíonn sé sonrascadh don chustaiméir nó soláthar na seirbhísí sin nó ina leagann sé síos na coinníollacha ginearálta don soláthar sin.

82

Ní mór a mheas, contrártha leis an méid a choimeádann Fenix, gur chuir an Chomhairle san áireamh, agus an tríú fomhír d’Airteagal 9a(1) den rialachán cur chun feidhme sin á ghlacadh aici, réaltacht eacnamaíoch agus tráchtála na n‑idirbheart, i gcomhthéacs sonrach an tsoláthair seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach trí líonra teileachumarsáide, trí chomhéadan nó trí thairseach amhail ardán íoslódála le haghaidh feidhmchlár, de réir mar is gá, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i mír 73 den bhreithiúnas seo, faoi Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL.

83

I gcás ina bhfuil sé de chumhacht ag duine inchánach, a ghlacann páirt i soláthar seirbhíse trí mheán leictreonach, trí, mar shampla, ardán meán sóisialta ar líne a oibriú, soláthar na seirbhíse sin, nó sonrascadh na seirbhíse sin, a údarú, nó na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a leagan síos le haghaidh soláthar den sórt sin, tá an deis ag an duine inchánach sin na heilimintí riachtanacha a bhaineann leis an soláthar a shainiú, go haontaobhach, eadhon a fheidhmíocht agus an t‑am a dhéanfar í, nó na coinníollacha faoina mbeidh an chomaoin iníoctha, nó na rialacha lena mbunaítear an creat ginearálta don soláthar sin. Sna himthosca sin, agus ag féachaint don réaltacht eacnamaíoch agus tráchtála a léiríonn siad, ní mór an duine inchánach a mheas mar sholáthraí seirbhísí faoi Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL.

84

Dá bhrí sin, is léir go bhfuil sé comhsheasmhach le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL, sna himthosca a liostaítear sa tríú fomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, nach féidir leis an duine inchánach sin éalú ón toimhde a leagtar síos in Airteagal 28 trí dhuine inchánach eile a ainmniú go conarthach mar sholáthraí na seirbhísí lena mbaineann. Ní cheadaítear leis an bhforáil dheireanach sin forálacha conarthacha nach léiríonn réaltacht eacnamaíoch agus tráchtála.

85

Cé nach luaitear na himthosca dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 in Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL, ní chaitheann sin amhras ar an anailís seo.

86

I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 50 agus i míreanna 82 go 84 den bhreithiúnas seo, is leor a thabhairt faoi deara, trí na himthosca sin a liostú go sainráite, nach n‑athraíonn an tríú fomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 an t-inneachar reachtach a bunaíodh le hAirteagal 28 den Treoir maidir le CBL ach, a mhalairt ar fad, nach ndéanann sé ach éifeacht shonrach a thabhairt do chur i bhfeidhm na forála sin sa chás ar leith de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 9a(1) den rialachán cur chun feidhme sin.

87

Ar chúiseanna comhchosúla, ní féidir glacadh leis an argóint a chuir Fenix chun cinn go mbeadh sé contrártha d’Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL a chóireáil leis an duine inchánach dá dtagraítear san Airteagal sin mar sholáthraí na seirbhísí cé go bhfuil a fhios ag an gcustaiméir deiridh gurb ann don sainordú idir an príomhaí agus an gníomhaire, agus céannacht an phríomhaí sin freisin.

88

I ndáil leis sin, is fíor, chun go mbeidh Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL infheidhme, nach mór gníomhaireacht a bheith ann faoina ndéanann an gníomhaire idirghabháil agus í á cur chun feidhme aige, thar ceann an phríomhaí, i soláthar seirbhísí (breithiúnas an 12 Samhain 2020, ITH Comercial Timişoara, C‑734/19, EU:C:2020:919, mír 51). Mar sin féin, fiú ag glacadh leis, d’ainneoin chastacht na slabhraí idirbheart a d’fhéadfadh a bheith ina shaintréith de sholáthar seirbhísí trí mheán leictreonach, go bhfuil an custaiméir deiridh, i gcásanna áirithe, in ann fios a bheith aige gurb ann don ghníomhaireacht agus cé hé an príomhaí, ní leor na himthosca sin iontu féin chun a eisiamh go bhfuil an duine inchánach, ag glacadh páirt i soláthar seirbhísí, ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile, de réir bhrí Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2011, Henfling agus páirtithe eile, (C‑464/10, EU:C:2011:489, mír 43). Thar aon ní eile, is iad na cumhachtaí atá ar fáil don duine inchánach sin i gcomhthéacs an tsoláthair a nglacann sé páirt ann atá ábhartha.

89

Sna himthosca sin, amhail an chéad dá fhomhír d’Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, ní féidir a mheas go bhforlíonann nó go leasaíonn an tríú fomhír den fhoráil sin Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL.

90

Dá bhrí sin, trí Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011 a ghlacadh, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagal 28 den Treoir maidir le CBL i ndáil leis na seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhoráil sin a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh, níor sháraigh an Chomhairle na cumhachtaí cur chun feidhme a tugadh di le hAirteagal 397 den Treoir sin, de bhun Airteagal 291(2) CFAE.

91

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tarchuireadh ná nár nochtadh le breithniú na ceiste sin aon toisc de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 282/2011, i bhfianaise Airteagail 28 agus 397 den Treoir maidir le CBL agus Airteagal 291(2) CFAE.

Costais

92

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Níor nochtadh le breithniú ar an gceist a tarchuireadh aon toisc de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1042/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013, i bhfianaise Airteagail 28 agus 397 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017, agus Airteagal 291(2) CFAE.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.