Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

8 Nollaig 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar riaracháin i réimse an chánachais – Uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann – Treoir 2011/16/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/822 – Airteagal 8ab(5) – Bailíocht – Rúndacht ghairmiúil an dlíodóra – Tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe ar mhaithe leis an dlíodóir atá faoi réir rúndacht ghairmiúil – Oibleagáid ar an dlíodóir idirghabhálaí seo fógra a thabhairt d’aon idirghabhálaí eile nach é a chliant é faoi na hoibleagáidí tuairiscithe atá air – Airteagail 7 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

I gCás C‑694/20,

Iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Grondwettelijk Hof (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg), trí bhreith an 17 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

Orde van Vlaamse Balies,

IG,

Belgian Association of Tax Lawyers,

CD,

JU

agus

Vlaamse Regering

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, P. G. Xuereb, L. S. Rossi agus D. Gratsias, Uachtaráin Dlísheomra, F. Biltgen, N. Piçarra, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer (Rapoirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 25 Eanáir 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Orde van Vlaamse Balies agus IG, ag S. Eskenazi agus P. Wouters, advocaten,

–        Belgian Association of Tax Lawyers, CD agus JU, ag P. Malherbe, avocat, agus P. Verhaeghe, advocaat,

–        Rialtas na Beilge, ag S. Baeyens, J.‑C. Halleux agus C. Pochet, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó M. Delanote, advocaat,

–        Rialtas na Seice, ag J. Očková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ag R. Bénard, A.‑L. Desjonquères, E. de Moustier agus É. Toutain, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Laitvia, ag J. Davidoviča, I. Hūna agus K. Pommere, i gcáil Gníomhairí,

–        Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag E. Chatziioakeimidou, I. Gurov agus S. Van Overmeire, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag W. Roels agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Aibreán 2022

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le bailíocht Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO 2011 L 64, lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 (IO 2018 L 139, lch. 1) (“Treoir 2011/16, arna leasú”), i bhfianaise Airteagail 7 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2        Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir an Orde van Vlaamse Balies (Comhlachas Barra Fhlóndras, an Bheilg), Belgian Association of Tax Lawyers, comhlacht gairmiúil dlíodóirí, agus IG, CD agus JU, triúr dlíodóirí, ar thaobh amháin, agus Vlaamse Regering (an Rialtas Pléimeannach, an Bheilg), ar an taobh eile, maidir le bailíocht forálacha áirithe de na rialacháin Phléimeannacha maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2011/16

3        Le Treoir 2011/16 tionscnaíodh córas comhair idir údaráis chánach náisiúnta na mBallstát agus bunaíodh na rialacha agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm agus faisnéis á malartú chun críocha cánach.

4        Leasaíodh Treoir 2011/16 arís agus arís eile agus, go háirithe, le Treoir 2018/822. Leis an Treoir sin tugadh isteach oibleagáid tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir le socruithe cánach trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach. I ndáil leis sin, leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 2, 4, 6, 8, 9 agus 18 de Threoir 2018/822:

“(2) Tá sé ag éirí níos deacra do na Ballstáit a mbonn cánach náisiúnta a chosaint ar chreimeadh mar tá struchtúir pleanála cánach ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí agus is minic a bhaineann siad leas as soghluaisteacht mhéadaithe an chaipitil agus na ndaoine araon laistigh den mhargadh inmheánach. [...] Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfaigheadh údaráis chánach na mBallstát faisnéis chuimsitheach agus ábhartha maidir le socruithe cánach a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach. Chuirfeadh faisnéis den sórt sin ar chumas na n‑údarás sin freagairt go tapa do chleachtais chánach dhíobhálacha agus bearnaí a líonadh trí bhíthin reachtaíochta nó trí anailísí riosca leordhóthanacha agus rialuithe cánach a dhéanamh. [...]

[…]

(4) Á aithint di go bhféadfadh creat trédhearcach d’fhorbairt gníomhaíochta eacnamaíche cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na calaoise cánach sa mhargadh inmheánach, tá tionscnamh faoi stiúir ag an gCoimisiún (Eorpach) a bhaineann le cumarsáid éigeantach faisnéise maidir le socruithe cánach a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach, a leanann Plean Gníomhaíochta 12 de thionscadal na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Plean Gníomhaíochta um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Sa chomhthéacs sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa bearta níos déine i gcoinne idirghabhálaithe a ghlacann páirt i socruithe a bhféadfadh seachaint agus imghabháil cánach a bheith mar thoradh orthu. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur iarradh ar ECFE, i ráiteas ó G7 in Bari an 13 Bealtaine 2017 maidir leis an gcomhrac i gcoinne coireanna cánach agus sreafaí aindleathacha airgeadais, tús a chur le machnamh ar bhealaí a d’fhéadfaí a úsáid chun cur i gcoinne socruithe atá ceaptha chun dul timpeall ar oibleagáidí tuairiscithe faoin [gComhchaighdeán Tuairiscithe (CRS)] nó chun struchtúir theimhneacha a sholáthar d’úinéirí tairbhiúla, agus freisin scrúdú a dhéanamh ar rialacha nochta éigeantaigh bunaithe ar an gcur chuige maidir le scéimeanna seachanta cánach a glacadh sa tuarascáil maidir le Gníomh 12 de Thionscadal BEPS.

[...]

(6) Féadfaidh tuairisciú na faisnéise faoi shocruithe pleanála cánach trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach rannchuidiú go héifeachtach leis na hiarrachtaí chun timpeallacht cánachais chóir a chruthú sa mhargadh inmheánach. Maidir leis sin, ba chéim sa treo ceart é ceangal a chur ar idirghabhálaithe na húdaráis chánach [...] a chur ar an eolas.. [...]

[...]

(8) Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun bearnaí sa chreat rialála atá beartaithe a chosc, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a chur ar na gníomhaithe uile a mbíonn baint acu de ghnáth le dearadh, margaíocht, eagrú nó bainistiú cur chun feidhme idirbhirt infhógartha trasteorann nó sraith idirbheart den sórt sin, chomh maith leo siúd a thugann cúnamh nó comhairle. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcásanna áirithe, nach mbeadh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le hidirghabhálaithe de bharr rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dlí nó i gcás nach bhfuil idirghabhálaí ann toisc, mar shampla, go ndearann agus go gcuireann an cáiníocóir scéim chun feidhme go hinmheánach. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, sna himthosca sin, nach mbainfear deis na n‑údarás cánach chun faisnéis a fháil faoi shocruithe cánach a d’fhéadfadh baint a bheith acu le pleanáil ionsaitheach cánach. Bheadh sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag an gcáiníocóir a bhaineann tairbhe as an socrú i gcásanna den sórt sin.


(9) Tá forbairt tagtha ar shocruithe pleanála ionsaithí cánach thar na blianta chun go mbeidh siad ag éirí níos casta agus bíonn siad i gcónaí faoi réir leasuithe agus coigeartuithe leanúnacha mar fhreagairt ar fhrithbhearta cosantacha ag na húdaráis chánach. I bhfianaise an méid thuas, bheadh sé níos éifeachtaí féachaint le socruithe pleanála cánach a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach ann a aithint trí liosta a thiomsú de ghnéithe agus d’eilimintí na n‑idirbheart a thugann léiriú láidir ar sheachaint cánach nó ar chleachtais mhí-úsáide chánach seachas coincheap na pleanála ionsaithí cánach a shainiú. Tugtar “sainmharcanna” ar na tásca sin.

[…]

(18) Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt [...].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2011/16, arna leasú, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1) ciallaíonn “údarás inniúil” Ballstáit an t‑údarás arna ainmniú mar údarás den sórt sin ag an mBallstát sin. Agus iad ag gníomhú de bhun na Treorach seo, measfar an lároifig idirchaidrimh, roinn idirchaidrimh nó oifigeach inniúil a bheith ina n‑údaráis inniúla freisin trí tharmligean de réir Airteagal 4;

[...]

18)       Ciallaíonn “socrú trasteorann” socrú a bhaineann le roinnt Ballstát nó Ballstát agus tríú tír má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

a)      nach bhfuil gach rannpháirtí sa socrú ina chónaí chun críoch cánach sa dlínse chéanna;

b)      go bhfuil cónaí chun críoch cánach ar cheann amháin nó níos mó de na rannpháirtithe sa socrú ag an am céanna i níos mó ná dlínse amháin;

c)      go seolann duine amháin nó níos mó de na rannpháirtithe sa socrú gnó i ndlínse eile trí bhuanbhunaíocht atá suite sa dlínse sin agus gur cuid de ghnó na buanbhunaíochta sin nó gnó iomlán na buanbhunaíochta sin an socrú;

d)      go seolann rannpháirtí amháin nó níos mó de na rannpháirtithe sa socrú gníomhaíocht i ndlínse eile gan a bheith cónaitheach chun críoch cánach ná gan buanbhunaíocht a chruthú sa dlínse sin;

e)      d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag socrú den sórt sin ar uathmhalartú faisnéise nó ar úinéireacht thairbhiúil a shainaithint.

[...]

19)       Ciallaíonn “socrú infhógartha trasteorann” aon socrú trasteorann ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na sainmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

20)       Ciallaíonn “sainmharc” saintréith nó sainiúlacht de chuid socraithe trasteorann lena léirítear riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le seachaint cánach, mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV.

21)       Ciallaíonn “idirghabhálaí” aon duine a dhearann, a mhargaíonn nó a eagraíonn socrú infhógartha trasteorann nó a chuireann é ar fáil lena chur chun feidhme nó a bhainistíonn a chur chun feidhme.

Ciallaíonn sé freisin aon duine, ag féachaint do na fíorais agus do na himthosca ábhartha agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus ar an saineolas ábhartha agus ar an tuiscint is gá chun na seirbhísí sin a sholáthar, arb eol dó nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh a fhios aige gur gheall sé go ndéanfadh sé, go díreach nó trí bhíthin daoine eile, cabhair, cúnamh nó comhairle a sholáthar i ndáil le dearadh, margaíocht nó eagraíocht de chuid socraithe infhógartha trasteorann nó maidir lena chur ar fáil chun é a chur chun feidhme nó a chur chun feidhme a bhainistiú. Tá sé de cheart ag aon duine fianaise a sholáthar nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go mbeadh a fhios aige go raibh baint aige le socrú infhógartha trasteorann. Chun na críche sin, féadfaidh an duine sin tagairt a dhéanamh do na fíricí agus do na himthosca ábhartha uile agus don fhaisnéis atá ar fáil agus an saineolas agus an tuiscint ábhartha atá aige.

Chun a bheith ina idirghabhálaí, comhlíonfaidh duine ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha breise seo a leanas:

a)      a bheith cónaitheach chun críocha cánach i mBallstát;

b)      buanbhunaíocht a bheith aige i mBallstát trína soláthraítear na seirbhísí i ndáil leis an socrú;

c)      a bheith corpraithe i mBallstát nó faoi rialú ag dlí Ballstáit;

d)      a bheith cláraithe le comhlachas gairmiúil a bhaineann le seirbhísí dlí, cánachais nó comhairliúcháin i mBallstát.

22)      Ciallaíonn “cáiníocóir lena mbaineann” aon duine a gcuirtear socrú infhógartha trasteorann ar fáil dó lena chur chun feidhme, nó atá toilteanach socrú infhógartha trasteorann a chur chun feidhme, nó a rinne an chéad chéim de shocrú den sórt sin a chur chun feidhme.

[...]

24)      Ciallaíonn “socrú inmhargaidh” socrú trasteorann a dheartar, a mhargaítear, atá réidh le cur chun feidhme nó a chuirtear ar fáil lena chur chun feidhme gan gá le hoiriúnú suntasach;

25)      Ciallaíonn “socrú saincheaptha” aon socrú trasteorann nach socrú inmhargaidh é.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Cuireadh isteach Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, dar teideal “Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach maidir le socruithe infhógartha trasteorann” le hAirteagal 1(2) de Threoir 2018/822 agus luaitear an méid seo a leanas ann:

“1.      Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar idirghabhálaithe faisnéis atá ar a gcuid eolais, ina seilbh nó faoina rialú maidir le socruithe infhógartha trasteorann a thabhairt do na húdaráis inniúla laistigh de 30 lá, dar tús:

a)      an lá tar éis an socrú infhógartha trasteorann a chur ar fáil lena chur chun feidhme; nó

b)      an lá tar éis a bhfuil an socrú infhógartha trasteorann réidh lena chur chun feidhme; nó

c)      nuair a bheidh an chéad chéim déanta i gcur chun feidhme an tsocraithe infhógartha trasteorann,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ceanglófar ar idirghabhálaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 3(21) faisnéis a tharchur freisin laistigh de thríocha lá dar tús an lá tar éis dóibh cabhair, cúnamh nó comhairle a sholáthar go díreach nó trí dhaoine eile.

2.      I gcás socruithe indíolta, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gceanglófar ar idirghabhálaithe tuarascáil a tharraingt suas gach trí mhí ina soláthrófar nuashonrú ina mbeidh an fhaisnéis intuairiscithe nua dá dtagraítear i mír 14(a), (d), (g) agus (h) atá ar fáil ó cuireadh an tuarascáil dheireanach isteach.

[...]

5.      Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a dhéanamh chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh ón oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann i gcás ina mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag teacht salach ar an rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann faoina oibleagáidí tuairiscithe de bhua mhír 6.

Ní fhéadfaidh idirghabhálaithe a bheith i dteideal tarscaoileadh de bhua na chéad fhomhíre ach amháin a mhéid a ghníomhaíonn siad laistigh de theorainneacha an dlí náisiúnta ábhartha lena rialaítear a ngairmeacha.

6.      Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás nach bhfuil idirghabhálaí ann nó ina dtugann an t‑idirghabhálaí fógra don cháiníocóir lena mbaineann nó d’idirghabhálaí eile faoi chur i bhfeidhm tarscaoileadh de bhua mhír 5, go mbeidh an oibleagáid faisnéis a thabhairt maidir le socrú infhógartha trasteorann mar fhreagracht an idirghabhálaí eile ar tugadh fógra dó nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann.

[...]

9.      Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun, i gcás ina bhfuil níos mó ná idirghabhálaí amháin ann, an oibleagáid faisnéis a thabhairt maidir le socrú infhógartha trasteorann a cheangal ar na hidirghabhálaithe uile atá rannpháirteach sa socrú infhógartha trasteorann.

Ní tharscaoilfear idirghabhálaí ón oibleagáid faisnéis a thabhairt ach amháin a mhéid atá cruthúnas aige, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhfuil an fhaisnéis chéanna dá dtagraítear i mír 14 tugtha cheana ag idirghabhálaí eile.

[...]

13.      Cuirfidh údarás inniúil Ballstáit inar tarchuireadh an fhaisnéis i gcomhréir le míreanna 1 go 12 [...] an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 14 [...] in iúl [...] d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir [...].

14.      Áireofar an méid seo a leanas, más infheidhme, san fhaisnéis a nach mór don údarás inniúil Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir le mír 13:

a)      sainaithint idirghabhálaithe agus cáiníocóirí lena mbaineann, lena n‑áirítear a n‑ainm, a ndáta breithe agus a n‑áit bhreithe (i gcás daoine nádúrtha), a n‑áit chónaithe chun críocha cánach, a TIN agus, más infheidhme, na daoine ar fiontair chomhlachaithe iad don cháiníocóir lena mbaineann;

b)      faisnéis mhionsonraithe na sainmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a fhágann go bhfuil an socrú trasteorann infhógartha;

c)      achoimre ar ábhar an tsocraithe infhógartha trasteorann, lena n‑áirítear tagairt don ainm a dtugtar orthu go coitianta, más infheidhme, agus tuairisc theibí ar na gníomhaíochtaí tráchtála nó na socruithe lena mbaineann, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí;

d)      an dáta a raibh nó a bheidh an chéad chéim déanta i gcur chun feidhme an tsocraithe infhógartha trasteorann;

e)      faisnéis mhionsonraithe ar na forálacha náisiúnta ar a bhfuil an socrú infhógartha trasteorann bunaithe;

f)      luach an tsocraithe infhógartha trasteorann;

g)      sainaithint Bhallstát an cháiníocóra nó na gcáiníocóirí lena mbaineann agus aon Bhallstát eile ar dócha go mbainfidh an socrú infhógartha trasteorann leo;

h)      sainaithint aon duine eile i mBallstát ar dócha go ndéanfaidh an socrú infhógartha trasteorann difear dó, lena léirítear cé hiad na Ballstáit lena bhfuil an duine sin nasctha.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Beilge

7        Déanann an decreet betreffende de administratieve samenwerking op het gebied van belastingen (Foraithne maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais) an 21 Meitheamh 2013 (Belgisch Staatsblad, 26 Meitheamh 2013, lch. 40587) (“Foraithne an 21 Meitheamh 2013”) Treoir 2011/16 a thrasuí i Réigiún Fhlóndras (an Bheilg).

8        Leasaíodh an Fhoraithne sin leis an decreet tot wijziging van het decreet van 21 juni 2013, wat betreft de verplichte automatische uitwisseling van inlichtingen op belastinggebied met betrekking tot meldingsplichtige grensoverschrijdende constructies (Foraithne lena leasaítear Foraithne an 21 Meitheamh 2013, maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann) an 26 Meitheamh 2020 (Belgisch Staatsblad, 3 Iúil 2020, lch. 49170) (“Foraithne an 26 Meitheamh 2020”), lena trasuitear Treoir 2018/822.

9        Rialaítear le foroinn 2 de Roinn 2 de Chaibidil 2 d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013 tarchur éigeantach faisnéise, ag na hidirghabhálaithe nó ag na cáiníocóirí lena mbaineann, a bhaineann le socruithe cánach infhógartha trasteorann.

10      In Airteagal 11/6 den fhoroinn sin, mar a cuireadh isteach i bhForaithne an 21 Meitheamh 2013 le hAirteagal 14 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, sainítear an gaol idir an oibleagáid tuairiscithe agus an rúndacht ghairmiúil a bhfuil idirghabhálaithe áirithe faoina ceangal. Trasuítear leis Airteagal 8ab(5) agus (6) de Threoir 2011/16, arna leasú. Foráladh mar seo a leanas i mír 1 den Airteagal sin 11/6:

“I gcás ina mbeidh idirghabhálaí faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

1)      cuirfidh sé an t‑idirghabhálaí nó na hidirghabhálaithe eile ar an eolas, i scríbhinn agus ar mhodh réasúnaithe, nach féidir leis an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, agus go n‑aistrítear an oibleagáid tuairiscithe sin go huathoibríoch chuig an idirghabhálaí nó na hidirghabhálaithe eile;

2)      in éagmais idirghabhálaí eile, cuirfidh sé an cáiníocóir nó na cáiníocóirí lena mbaineann ar an eolas, i scríbhinn agus ar mhodh réasúnaithe, faoina oibleagáid nó a n‑oibleagáid tuairiscithe.

Ní bheidh éifeacht ag an tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe ach amháin nuair a bheidh an oibleagáid dá dtagraítear [i bhfomhír 1] comhlíonta ag idirghabhálaí.”

11      Leagtar amach in Airteagal 11/7 d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013, arna chur isteach le hAirteagal 15 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, an méid seo a leanas:

“[...] má chuireann an t‑idirghabhálaí an cáiníocóir lena mbaineann nó idirghabhálaí eile ar an eolas faoi tarscaoileadh arna chur i bhfeidhm de bhua [na chéad mhíre] d’Airteagal 11/6, beidh an oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann ag an idirghabhálaí eile ar cuireadh sin in iúl dó nó, in éagmais sin, ag an gcáiníocóir lena mbaineann.”

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

12      Le hiarratais an 31 Lúnasa agus an 1 Deireadh Fómhair 2020, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean os comhair Grondwettelijk Hof (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg), arb í an chúirt a rinne an tarchur, inar iarradh go gcuirfí Foraithne an 26 Meitheamh 2020 ar fionraí agus go gcuirfear í ar neamhní go hiomlán nó go páirteach.

13      Is léir ón ordú tagartha go bhfuil na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ag díospóid, inter alia, an oibleagáid, a leagtar síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 11/6 (1), (1) d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013, arna chur isteach le hAirteagal 14 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, lena bhforchuirtear ar dhlíodóir atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, i gcás ina bhfuil sé faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, na hidirghabhálaithe eile lena mbaineann a chur ar an eolas i scríbhinn agus ar mhodh réasúnaithe nach féidir leis a oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh. De réir na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí, ní féidir an oibleagáid faisnéis a sholáthar sin a chomhlíonadh gan an rúndacht ghairmiúil a bhfuil dlíodóirí faoina cheangal a shárú. Ina theannta sin, ní gá an oibleagáid sin faisnéis a sholáthar chun a áirithiú go bhfógrófar socruithe trasteorann, ós rud é go bhféadfaidh an cliant, bíodh cúnamh aige ón dlíodóir nó ná bíodh, na hidirghabhálaithe eile a chur ar an eolas agus a iarraidh orthu a n‑oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh.

14      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhfuil an fhaisnéis nach mór do dhlíodóirí a thabhairt don údarás inniúil maidir lena gcliaint faoi chosaint ag rúndacht ghairmiúil má bhaineann an fhaisnéis sin le gníomhaíochtaí a thagann faoina gcúraimí sonracha cosanta nó ionadaíochta dlíthiúla agus comhairle dlí. Tugann sí faoi deara go bhfuil an fíoras dul ar iontaoibh dlíodóra clúdaithe ag rúndacht ghairmiúil agus go mbaineann an rud céanna, a fortiori, le céannacht cliaint dlíodóra. Dhéanfaí faisnéis arna cosaint ag rúndacht ghairmiúil i leith údaráis phoiblí a chosaint freisin i leith gníomhaithe eile, amhail idirghabhálaithe eile.

15      Tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios, de réir na hoibre ullmhúcháin ar Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, go bhfuil an oibleagáid ar idirghabhálaí a chur in iúl do na hidirghabhálaithe eile ar mhodh réasúnaithe go bhfuil sé faoi réir rúndacht ghairmiúil agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíonfaidh sé an oibleagáid maidir le tuairisciú chun ceanglais Threoir 2018/822 a chomhlíonadh agus chun a áirithiú nach gcuirfidh an rúndacht ghairmiúil cosc ar na dearbhuithe is gá.

16      Tugann an chúirt sin dá haire go n‑ardaíonn na caingne sna príomhimeachtaí an cheist maidir le bailíocht Threoir 2018/822, a mhéid a tugadh isteach oibleagáid den sórt sin léi. Dá bhrí sin, sular féidir breithiúnas críochnaitheach a thabhairt maidir leis na caingne sin, is gá an cheist sin a réiteach roimh ré.

17      Sna himthosca sin, d’ordaigh Grondwettelijk Hof (an Chúirt Bhunreachtúil), ar an gcéad dul síos, go ndéanfar , go háirithe, an chéad fhomhír d’Airteagal 11/6(1) d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013, arna chur isteach le hAirteagal 14 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, sa mhéid go bhforchuirtear ar dhlíodóir agus é ag gníomhú mar idirghabhálaí oibleagáid faisnéis a sholáthar d’idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant dó, a chur ar fionraí go dtí dáta foilsithe an bhreithiúnais ar na caingne sin. Ar an dara dul síos, chinn an chúirt bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“An ndéanfar, le hAirteagal 1(2) de [Threoir 2018/822], an ceart chun triail chóir a fháil atá ráthaithe le hAirteagal 47 den [Chairt] agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach a ráthaítear le hAirteagal 7 den [Chairt] a shárú, sa mhéid a fhoráiltear le hAirteagal 8ab(5) nua, arna chur isteach i [dTreoir 2011/16], má ghlacann Ballstát na bearta is gá chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh ón oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann i gcás ina mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag teacht salach ar an rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát sin a cheangal ar na hidirghabhálaithe sin fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann faoina oibleagáidí tuairiscithe, sa mhéid is go bhfuil sé d’éifeacht ag an oibleagáid sin go bhfuil ar dhlíodóir atá ag gníomhú mar idirghabhálaí aon fhaisnéis a thagann chuige le linn fheidhmiú phríomhghníomhaíochtaí a ghairme, eadhon, an cliant a chosaint nó feidhmiú a dhéanamh ar a shon sa chúirt nó comhairle dlí a thabhairt, fiú lasmuigh d’aon imeachtaí dlí, a roinnt le hidirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant aige?”

 An cheist arna tarchur chun réamhrialú

18      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, má thagraíonn an cheist arna tarchur don oibleagáid um thuairisciú a leagtar síos in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, maidir le hidirghabhálaithe agus, in éagmais idirghabhálaí, don cháiníocóir lena mbaineann araon, go leanann sé mar sin féin ó léamh ar an iarraidh ar réamhrialú ina iomláine go bhfuil amhras amháin ar an gcúirt a rinne an tarchur, i ndáiríre, maidir le bailíocht na hoibleagáide sin a mhéid is gá do dhlíodóir atá ag gníomhú mar idirghabhálaí an tuairisciú sin a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 3(21) den Treoir sin (“an dlíodóir idirghabhálaí”), d’idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant aige.

19      I gcás ina dtugann an dlíodóir idirghabhálaí an fógra a leagtar síos in Airteagal 8ab (5) de Threoir 2011/16, arna leasú, dá chliant, bíodh sé ina idirghabhálaí eile nó an cáiníocóir lena mbaineann, níl an fógra sin in ann amhras a chaitheamh ar chomhlíonadh na gceart agus na saoirsí a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt ar an gcéad dul síos, toisc nach bhfuil aon oibleagáid rúndachta gairmiúla ar thaobh an dlíodóra idirghabhálaí vis-à-vis a chliant agus, ar an dara dul síos, ós rud é, agus an cliant ag cur a oibleagáidí dearbhuithe chun feidhme faoin Treoir seo, go gcuireann rúndacht an chaidrimh idir an dlíodóir idirghabhálaí agus an cliant sin cosc ar cheangal a chur ar an gcliant sin go dtuairisceodh sé do thríú páirtithe agus, go háirithe, do na húdaráis chánach, go ndeachaigh sé i gcomhairle le dlíodóir.

20      Dá bhrí sin, is léir ón ordú, de réir a ceiste, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh ar an gCúirt, go bunúsach, bailíocht Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, i bhfianaise Airteagail 7 agus 47 den Chairt, a scrúdú, a mhéid atá sé d’éifeacht ag a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit go ndéanfar oibleagáid a fhorchur ar dhlíodóir atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, de réir bhrí Airteagal 3(21) den Treoir sin, i gcás ina tarscaoiltear an dlíodóir ón oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) den Treoir sin, mar gheall ar an rúndacht ghairmiúla faoina bhfuil sé de cheangal, fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant aige faoi na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear air faoi Airteagal 8ab(6).

21      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16, arna leasú, go ndéanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar idirghabhálaithe faisnéis atá ar a gcuid eolais, ina seilbh nó faoina rialú maidir le socruithe infhógartha trasteorann a thabhairt do na húdaráis inniúla laistigh de 30 lá. Cuirtear an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos san fhoráil sin i bhfeidhm maidir le gach socrú infhógartha trasteorann agus, dá bhrí sin, maidir le socruithe saincheaptha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(25) de Threoir 2011/16, arna leasú, agus maidir le socruithe indíolta, mar a shainmhínítear in Airteagal 24(3).

22      Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh dlíodóirí, ag gníomhú dóibh i gcúrsa a gcuid trádála, a bheith ina “n‑idirghabhálaithe” de réir bhrí Airteagal 3(21) de Threoir 2011/16, arna leasú, toisc go bhféadfaidh siad féin gabháil do gníomhaíochtaí a bhaineann le socruithe infhógartha trasteorann a dhearadh, a mhargú, a eagrú, a chur ar fáil lena gcur chun feidhme nó a gcur chun feidhme a bhainistiú nó, ina éagmais sin, de bhua go bhféadfaidh siad cúnamh, cabhair nó comhairle a chur ar fáil i leith gníomhaíochtaí den sórt sin. Dá bhrí sin, tá dlíodóirí a dhéanann gníomhaíochtaí den sórt sin, i bprionsabal, faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) den Treoir.

23      Mar sin féin, maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a dhéanamh chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe, agus go háirithe dlíodóirí idirghabhálaithe, tarscaoileadh ón oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann i gcás ina mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag teacht salach ar an rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann faoina oibleagáidí tuairiscithe de bhua mhír 6 den Airteagal sin. Foráiltear leis an mír sin, i gcás den sórt sin, gurb é an t‑idirghabhálaí eile ar tugadh fógra dó nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, an cáiníocóir lena mbaineann atá freagrach as an oibleagáid tuairiscithe.

24      Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt chun suntais, áfach, nach féidir le hidirghabhálaithe, de réir an dara fomhír d’Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, leas a bhaint as tarscaoileadh faoin gcéad fhomhír de mhír 5 ach amháin a mhéid a ghníomhaíonn siad laistigh de theorainneacha na reachtaíochta náisiúnta ábhartha lena sainítear a ngairm, ar faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé a fhíorú, i gcás inarb iomchuí, agus an reachtaíocht sin á cur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní bhaineann sé ach le dlíodóirí idirghabhálaithe a ghníomhaíonn go hiarbhír laistigh de theorainneacha den sórt sin nach mór bailíocht Airteagal 8ab(5) a scrúdú i bhfianaise Airteagail 7 agus 47 den Chairt.

25      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfreagraíonn Airteagal 7 den Chairt, lena n‑aithnítear an ceart atá ag gach duine go dtabharfaí urraim dá saol príobháideach agus teaghlaigh, dá n‑áit chónaithe agus dá gcomhfhreagras, d’Airteagal 8(1) den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“ECHR"), agus go bhfhreagraíonn Airteagal 47, lena ráthaítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, d’Airteagal 6(1) de ECHR.

26      I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, arb é is aidhm dó an chomhsheasmhacht is gá a áirithiú idir na cearta atá sa Chairt agus na cearta comhfhreagracha a ráthaítear le ECHR, gan an bonn a bhaint de neamhspleáchas dhlí an Aontais, ní mór don Chúirt, dá bhrí sin, agus í ag léiriú na gceart a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt, na cearta comhfhreagracha a ráthaítear le hAirteagal 8(1) agus le hAirteagal 6(1) de ECHR, mar atá léirmhínithe ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (“ECtHR”), a chur san áireamh mar íostairseach cosanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Feabhra 2021, Consob, C‑481/19, EU:C:2021:84, míreanna 36 agus 37).

27      Maidir le bailíocht Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, is léir ó chásdlí ECtHR go ndéantar le hAirteagal 8(1) de ECHR rúndacht gach comhfhreagras idir daoine aonair a chosaint agus go dtugtar leis cosaint fheabhsaithe do mhalartuithe idir dlíodóirí agus a gcliaint (féach, chuige sin, ECtHR, breithiúnas an 6 Nollaig 2012, Michaud v. France, CE:ECHR:2012:1206JUD001232311, míreanna 117 agus 118) Amhail an fhoráil sin, lena n‑áirítear ní hamháin gníomhaíocht chosanta ach comhairle dhlíthiúil freisin, is gá go ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt rúndacht na comhairle dlí sin, ó thaobh ábhair de agus go bhfuil ann dó freisin. Go deimhin, mar a thug ECtHR faoi deara, féadfaidh daoine a théann i gcomhairle le dlíodóir a bheith ag súil le réasún go bhfanfaidh a gcumarsáidí príobháideach agus faoi rún [ECtHR, breithiúnas an 9 Aibreán 2019, Altay v. an Tuirc (Uimh. 2) CE:ECHR:2019:0409JUD001123609, mír 49]. Dá bhrí sin, cé is moite de chásanna eisceachtúla, ní mór go mbeadh muinín ag daoine go dlisteanach nach nochtfaidh a ndlíodóir, gan a dtoiliú, d’aon duine go bhfuil siad ag dul i gcomhairle leis.

28      Tá údar maith leis an gcosaint shonrach a thugann Airteagal 7 den Chairt agus Airteagal 8(1) de ECHR do rúndacht ghairmiúil dlíodóirí, a léirítear go príomha ina n‑oibleagáidí, toisc go gcuirtear misean bunúsach de chúram dlíodóirí i sochaí daonlathach, daoine aonair a chosaint (ECtHR, breithiúnas an 6 Nollaig 2012, Michaud v. an Fhrainc, CE:ECHR:2012:1206JUD0012311, míreanna 118 agus 119). Áirítear leis an gcúram sin, ar thaobh amháin, an ceanglas, a n‑aithnítear a thábhachtaí atá sé sna Ballstáit go léir, nach mór do gach duine a bheith in ann rochtain iomlán saor a bheith aige ar a dhlíodóir, a n-áirítear leis, de bharr a nádúir féin, an dualgas comhairle dlí neamhspleách a thabhairt dóibh siúd go léir a bhfuil sé de dhíth orthu, agus, ar an taobh eile, dualgas comhfhreagrach dílseachta an dlíodóra dá chliant (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Bealtaine 1982, AM & S Europe v an Coimisiún, 155/79, EU:C:1982:157, mír 18).

29      Maidir leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, do dhlíodóir idirghabhálaí i gcás ina dtarscaoiltear é ón oibleagáid tuairiscithe gan mhoill faoi Airteagal 8ab(1), de bharr na rúndachta gairmiúla a bhfuil sé faoi cheangal ag an dlí náisiúnta, d’idirghabhálaithe eile nach iad a gcliaint iad faoi na hoibleagáidí tuairiscithe atá orthu faoi Airteagal 8ab(6) den Treoir sin, is gá go mbeadh na hidirghabhálaithe eile sin ar an eolas faoi chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí a thugann fógra, faoina mheasúnú go bhfuil an socrú i dtrácht faoi réir tuairiscithe agus go bhfuiltear i gcomhairle leis ina leith.

30      Sna himthosca sin, agus a mhéid nach gá go mbeadh na hidirghabhálaithe eile sin ar an eolas faoi chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí ná faoin bhfíric go ndeachthas i gcomhairle leis faoin socrú infhógartha trasteorann, cuireann an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, isteach ar an gceart maidir le hurraim do chumarsáid idir dlíodóirí agus a gcliaint, arna ráthú le hAirteagal 7 den Chairt.

31      Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go spreagann an oibleagáid tuairiscithe seo go hindíreach cur isteach eile ar an gceart céanna sin, mar thoradh ar an nochtadh de chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus an comhairliúchán leis, ag na tríú páirtithe idirghabhálaí ar tugadh fógra dóibh amhlaidh, do na húdaráis chánach.

32      Is léir ó Airteagal 8ab(1), (9), (13) agus (14) de Threoir 2011/16, arna leasú, go bhfuil sainaithint idirghabhálaithe i measc na faisnéise atá le soláthar chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, agus go bhfuil an tsainaithint sin ina hábhar do mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát. Dá bhrí sin, i gcás fógra faoi Airteagal 8ab(5) den Treoir sin, beidh ar idirghabhálaithe tríú páirtí ar tugadh fógra dóibh, agus ar an gcaoi sin atá ar an eolas faoi chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus faoina chomhairliúchán maidir leis an socrú infhógartha trasteorann gan iad féin a bheith faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin a chur ar an eolas ní hamháin gurb ann don socrú sin agus faoi chéannacht an cháiníocóra nó na gcáiníocóirí lena mbaineann, ach faoi chéannacht agus faoi chomhairliúchán an dlíodóra idirghabhálaí freisin.

33      Dá réir sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir údar cuí a thabhairt leis an gcur isteach sin ar an gceart maidir le cumarsáidí idir dlíodóirí agus a gcliaint a urramú, a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt.

34      Sa chomhthéacs seo, ní mór a mheabhrú nach cosúil gur cearta iomlána na cearta a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, ach ní mór iad a chur san áireamh ag brath ar an bhfeidhm atá acu sa tsochaí. Go deimhin, mar is léir ó Airteagal 52(1) den Chairt, ceadaítear leis an bhforáil sin teorainneacha a chur le feidhmiú na gceart sin, ar choinníoll go bhforáiltear do na teorainneacha sin le dlí, go n‑urramaítear bunábhar na gceart sin leo agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go gcomhlíontar cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach a bheag nó a mhór leo nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International, C‑623/17, EU:C:2020:790, míreanna 63 agus 64).

35      Sa chéad áit, maidir leis an gceanglas nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach, ciallaíonn sé sin nach mór don ghníomh lena gceadaítear cur isteach ar na cearta sin raon feidhme an teorannaithe ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann a shainiú é féin, agus, é sin ráite, ar an gcéad dul síos, nach gcuirtear cosc leis an gceanglas sin ar an teorannú atá i gceist a fhoirmliú i dtéarmaí atá oscailte go leor chun go mbeidh sé in ann oiriúnú do chásanna éagsúla agus d’athruithe sna staideanna. Ar an dara dul síos, féadfaidh an Chúirt, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme sonrach an teorannaithe a shonrú, trí bhíthin léirmhínithe, i bhfianaise fhoclaíocht reachtaíocht an Aontais atá i gceist agus i bhfianaise a scéime ginearálta agus na gcuspóirí a shaothraítear léi, mar a léirítear iad i bhfianaise na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt (breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C‑817/19, EU:C:2020:491, mír 114 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go bhforáiltear go sainráite le hAirteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, d’oibleagáid dlíodóir idirghabhálaí atá tarscaoilte ón oibleagáid tuairiscithe de bharr rúndacht ghairmiúil a bhfuil sé de cheangal air fógra a thabhairt do na hidirghabhálaithe eile faoina n‑oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 8ab(6). Ar an taobh eile, mar atá le fáil i míreanna 29 agus 30 sa bhreithiúnas seo, is é an cur isteach ar an gceart chun chumarsáidí idir dlíodóirí agus a gcliaint a urramú, a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an iarmhairt dhíreach a bhí ag an bhfógra den sórt sin ag an dlíodóir ar idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant dó, go háirithe i gcás nach raibh aon eolas ag an idirghabhálaí eile sin, go dtí tráth an fhógra sin, ar chéannacht an dlíodóra sin ná ar a chomhairliúchán maidir leis an socrú infhógartha trasteorann.

37      Thairis sin, maidir leis an gcur isteach a eascraíonn go hindíreach as an oibleagáid sin fógra a thabhairt mar thoradh ar an nochtadh de chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus den comhairliúcháin leis do na húdaráis chánach ag na hidirghabhálaithe tríú páirtí ar tugadh fógra dóibh, tá sé sin dlite, mar atá le fáil i míreanna 31 agus 32 sa bhreithiúnas seo, a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 8ab(1), (9), (13) agus (14) de Threoir 2011/16, arna leasú.

38      Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil prionsabal na dlíthiúlachta comhlíonta.

39      Sa dara háit, maidir le bunábhar na gceart chun chumarsáidí idir dlíodóirí agus a gcliaint a urramú, a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an oibleagáid fógartha, a bunaíodh le hAirteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, ach go pointe teoranta le tarscaoileadh, i ndáil le hidirghabhálaí tríú páirtí agus na húdaráis chánach, rúndacht na cumarsáide idir an dlíodóir idirghabhálaí agus a chliant. Go háirithe, ní leagtar síos leis an bhforáil sin oibleagáid, ná údarú fiú, don dlíodóir idirghabhálaí faisnéis a chomhroinnt, gan toiliú a chliaint, maidir le hinneachar na gcumarsáidí sin le hidirghabhálaithe eile agus dá bhrí sin ní bheidh na hidirghabhálaithe sin in ann an fhaisnéis sin a thabhairt chuig an riarachán cánach.

40      Sna himthosca sin, ní féidir a mheas go sáraítear leis an oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, bunábhar an chirt chun chumarsáidí idir dlíodóirí agus a gcliaint a urramú, a leagtar amach in Airteagal 7 den Chairt.

41      Sa tríú háit, maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú, ceanglaítear leis an bprionsabal sin nach rachaidh an teorannú is féidir a thabhairt isteach le gníomhartha dhlí an Aontais ar na cearta agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt thar na teorainneacha i dtaobh a bhfuil iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú nó chun an gá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint a bhaint amach, ar an tuiscint, i gcás ina gcaithfear roghnú idir roinnt mhaith bearta iomchuí, gur cheart dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t‑ualach is éadroime. Thairis sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan a chur san áireamh nach mór é a thabhairt i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a mbaineann an beart leo, trí chothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, an cuspóir leasa ghinearálta agus, ar an taobh eile, na cearta atá i gceist. Mar sin, ní mór an fhéidearthacht bonn cirt a thabhairt do theorannú ar na cearta a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt a mheasúnú trí thromchúis an chur isteach a bhaineann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú go bhfuil tábhacht an chuspóra leasa ghinearálta atá á shaothrú leis an teorannú sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (breithiúnais an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 65, agus an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers agus Sovim, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 64).

42      Dá réir sin, ba cheart a fhíorú, ar dtús, an gcomhlíonann an oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas. Más amhlaidh atá, is gá a áirithiú ansin, ar an gcéad dul síos, gur iomchuí an cuspóir sin a bhaint amach; ar an dara dul síos, go bhfuil an cur isteach ar an gceart bunúsach chun cumarsáidí idir dlíodóirí agus a gcliaint a urramú, a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an oibleagáid fógra a thabhairt, teoranta don mhéid a bhfuil fíor-riachtanach, sa mhéid nach bhféadfaí an cuspóir a bhaint amach ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna ar bhealaí eile nach ndéanann an méid céanna dochair don cheart sin; agus, ar an tríú dul síos, nach bhfuil an cur isteach sin díréireach leis an gcuspóir sin, rud a thugann le tuiscint, inter alia, ualú thábhacht an chuspóra sin agus tromchúis an chur isteach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers agus Sovim, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 66).

43      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 88 dá Thuairim, is cuid den chomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach é an leasú a rinneadh ar Threoir 2011/16 le Treoir 2018/822, atá le feiceáil i bhfoirm malartú faisnéise idir na Ballstáit. Maidir leis sin, is léir go háirithe ó aithrisí 2, 4, 8 agus 9 de Threoir 2018/822 gurb é is cuspóir do na hoibleagáidí tuairiscithe agus fógartha, a bunaíodh le hAirteagal 8ab de Threoir 2011/16, arna leasú, rannchuidiú le cosc a chur ar riosca imghabhála cánach agus calaoise cánach.

44      Is cuspóirí leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt iad an chomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach agus an cosc ar riosca imghabhála cánach agus calaoise cánach, lena bhféadfaí a bheith in ann teorainn a fhorchur ar fheidhmiú na gceart a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt [féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, État luxembourgeois (Ceart chun caingean a thabhairt i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis i gcúrsaí cánach) C‑245/19 agus C‑246/19, EU:C:2020:795, mír 87].

45      Maidir leis an gceist an bhfuil an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, áitíonn Rialtas na Fraince agus Rialtas na Laitvia, go bunúsach, go bhféadfadh an fógra sin feasacht a mhúscailt i measc idirghabhálaithe eile maidir leis an dualgas atá orthu a n‑oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh agus, ar an gcaoi sin, cosc a chur ar na hidirghabhálaithe eile sin a chur ar an eolas go n‑aistrítear an oibleagáid tuairiscithe chucu maidir leis an socrú trasteorann de bhun Airteagal 8ab(6) de Threoir 2011/16, arna leasú. Dá bhrí sin, de réir na rialtas sin, in éagmais oibleagáid fógra a thabhairt don dlíodóir idirghabhálaí, tá baol ann nach ndéanfaí an socrú trasteorann a thuairisciú ar bhealach ar bith, agus é sin ina shárú ar na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin.

46      Fiú dá mbeadh an oibleagáid fógartha, a tugadh isteach le hAirteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, in ann rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach agus cosc a chur ar riosca imghabhála cánach agus calaoise cánach, ní mór a lua nach féidir a mheas, áfach, go bhfuil fíorghá léi chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus, go háirithe, chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le socruithe infhógartha trasteorann a tharchuir chuig na húdaráis inniúla.

47      Ar an gcéad dul síos, tá na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe leagtha amach go soiléir i dTreoir 2011/16, arna leasú, go háirithe Airteagal 8ab(1). Faoin bhforáil sin, tá ar gach idirghabhálaí, i bprionsabal, an fhaisnéis atá ar a chuid eolais, ina seilbh nó faoina rialú maidir le socruithe infhógartha trasteorann a thabhairt do na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 8ab(9) den Treoir sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun, i gcás ina bhfuil níos mó ná idirghabhálaí amháin ann, an oibleagáid faisnéis a thabhairt maidir le socrú infhógartha trasteorann a cheangal ar na hidirghabhálaithe uile atá rannpháirteach sa socrú infhógartha trasteorann. Dá bhrí sin, ní féidir le haon idirghabhálaí a mhaíomh go réasúnta nach raibh sé ar an eolas faoi na hoibleagáidí tuairiscithe a bhfuil sé faoina réir go díreach agus go leithleach, mar gheall ar a stádas mar idirghabhálaí amháin.

48      Ar an dara dul síos, maidir le hargóint Rialtas na Laitvia go laghdaíonn an oibleagáid fógartha an riosca go mbeidh na hidirghabhálaithe eile ag brath ar an bhfíric go ndearbhóidh an dlíodóir idirghabhálaí an fhaisnéis is gá do na húdaráis inniúla agus go staonfaidh siad ar an gcúis sin ó dhearbhú a dhéanamh iad féin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, a mhéid go bhfuil comhairliúchán dlíodóra faoi réir rúndacht ghairmiúil, nach mbeidh eolas ar na hidirghabhálaithe eile, mar a luadh i mír 30 den bhreithiúnas seo, ar chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus ar an gcomhairliúchán leis maidir leis an socrú infhógartha trasteorann, rud a fhágann, i gcás den sórt sin, nach mbeidh riosca den sórt sin annón tús.

49      Anuas air sin, fiú má tá an t‑eolas sin ag na hidirghabhálaithe eile, ní cúis imní ann go mbeidh siad ag brath, gan fíorú, ar an dlíodóir idirghabhálaí chun an dearbhú riachtanach a dhéanamh, ós rud é go luaitear sa dara fomhír d’Airteagal 8ab(9) de Threoir 2011/16, arna leasú, nach tarscaoiltear idirghabhálaí ón oibleagáid faisnéis a thabhairt ach amháin a mhéid atá cruthúnas aige go bhfuil an fhaisnéis chéanna tugtha cheana ag idirghabhálaí eile. Ina theannta sin, trí fhoráil a dhéanamh go sainráite, in Airteagal 8ab(5), go bhféadfadh tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe a bheith ann de bharr rúndacht ghairmiúil, fágann Treoir 2011/16, arna leasú, gur duine é an dlíodóir idirghabhálaí nach féidir le hidirghabhálaithe eile, a priori, a bheith ag súil le haon tionscnamh uaidh de chineál a tharscaoilfí iad óna n‑oibleagáidí tuairiscithe féin.

50      Ar an tríú dul síos, ba cheart a mheabhrú go bhfuil gach idirghabhálaí atá, de bharr rúndacht ghairmiúil a bhfuil sé faoina ceangal de bhua dlí náisiúnta, tarscaoilte ón oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16, arna leasú, fós faoi oibleagáid fógra a thabhairt dá chliant gan mhoill faoi na hoibleagáidí tuairiscithe atá air de bhua mhír 6 den Airteagal sin.

51      Ar an gceathrú dul síos, maidir le céannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus an comhairliúchán leis a nochtadh, ag idirghabhálaithe tríú páirtithe ar tugadh fógra dóibh amhlaidh, do na húdaráis chánach, dealraíonn sé nach bhfuil fíorghá leis chun cuspóirí Threoir 2011/16, arna leasú, a bhaint amach, maidir leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach agus cosc a chur ar riosca imghabhála cánach agus calaoise cánach.

52      Ar dtús, leis an oibleagáid tuairiscithe a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe eile nach bhfuil faoi réir rúndacht ghairmiúil agus, in éagmais idirghabhálaithe den sórt sin, atá de dhualgas ar an gcáiníocóir lena mbaineann, ráthaítear, i bprionsabal, go gcuirfear na húdaráis chánach ar an eolas faoi na socruithe infhógartha trasteorann. Ina theannta sin, féadfaidh an t‑údarás cánach, tar éis faisnéis den sórt sin a fháil, faisnéis bhreise a iarraidh, a bhaineann leis an socrú atá i gceist go díreach ón gcáiníocóir lena mbaineann, agus féadfaidh an t‑údarás teagmháil a dhéanamh ansin lena dhlíodóir chun cabhrú leis nó grinnscrúdú a dhéanamh ar staid chánach an cháiníocóra sin.

53      Anuas air sin, agus an tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, á chur san áireamh, ní chuirfear, in aon chás, agus ainm an dlíodóra idirghabhálaí agus an comhairliúchán leis á nochtadh don údarás cánach, ar chumas an údaráis sin faisnéis a éileamh uaidh gan toiliú a chliaint.

54      Ag an éisteacht os comhair na Cúirte, áfach, d’áitigh an Coimisiún, go bunúsach, go mbeadh gá le céannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus an comhairliúchán leis a nochtadh chun a chur ar chumas an údaráis chánach a fhíorú go bhfuil sé ag brath ar rúndacht ghairmiúil ar bhealach a bhfuil údar leis.

55      Ní féidir glacadh leis an argóint sin.

56      Is fíor, mar a léirítear i mír 24 thuas den bhreithiúnas seo, sa dara fomhír d’Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, sonraítear nach bhféadfaidh dlíodóirí idirghabhálaí a bheith i dteideal tarscaoileadh de bhua na chéad fhomhíre ach amháin a mhéid a ghníomhaíonn siad laistigh de theorainneacha an dlí náisiúnta ábhartha lena rialaítear a ngairm. Mar sin féin, ní hé cuspóir na n‑oibleagáidí tuairiscithe agus fógartha a leagtar síos in Airteagal 8ab den Treoir sin athbhreithniú a dhéanamh go gníomhaíonn dlíodóirí idirghabhálaithe laistigh de na teorainneacha sin, ach an comhrac i gcoinne cleachtais maidir le socruithe cánach a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach agus cosc a chur ar riosca imghabhála cánach agus calaoise cánach, trína áirithiú go ndéantar faisnéis maidir le socruithe infhógartha trasteorannn a tharchur chuig na húdaráis inniúla.

57      Mar sin féin, mar is léir ó mhíreanna 47 go 53 den bhreithiúnas seo, áirithítear leis an Treoir sin go ndéanfar an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis chánach, gan gá céannacht an dlíodóra idirghabhálaí agus an comhairliúchán leis a nochtadh chun na críche sin.

58      Sna himthosca sin, cé go bhféadfadh dlíodóirí idirghabhálaí rúndacht ghairmiúil a agairt go héagórach chun a n‑oibleagáid tuairiscithe a sheachaint, ní féidir a mheas go bhfuil fíorghá leis an oibleagáid fógartha a leagtar síos in Airteagal 8ab (5) den Treoir sin, agus le céannacht an dlíodóra idirghabhalaí agus an comhairliúchán leis a nochtadh do na húdaráis chánach atá mar thoradh air sin.

59      De bhrí na mbreithnithe thuas, sáraíonn Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, an ceart chun chumarsáidí idir dlíodóir agus a chliant a urramú, arna ráthú in Airteagal 7 den Chairt, a mhéid a fhoráiltear leis, go bunúsach, go gceanglaítear ar dhlíodóir idirghabhálaí, atá faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, fógra a thabhairt d’aon idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant dó maidir lena oibleagáidí tuairiscithe.

60      Maidir le bailíocht Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, ba cheart a mheabhrú go bhfuil gnéithe éagsúla ag baint leis an gceart chun triail chóir a fháil, a ráthaítear leis an bhforáil sin. Áirítear ann, go háirithe, na cearta chun cosaint a fháil, prionsabal chomhionannas na n‑arm, an ceart chun rochtain a fháil ar na cúirteanna agus an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir, in ábhair shibhialta agus choiriúla araon. Ní bheadh an dlíodóir in ann a ról comhairleach, a ról cosanta ná a ról chun feidhmiú ar son a chliant a áirithiú ar bhealach leordhóthanach, agus bhainfí, dá bhrí sin, den chliant na cearta a thugtar dó le hAirteagal 47 den Chairt dá mbeadh oibleagáid ar an dlíodóir, in imeachtaí dlíthiúla nó ina n‑ullmhúcháin, comhoibriú leis na húdaráis phoiblí trí fhaisnéis a fuarthas le linn comhairliúcháin dlí a bhaineann le himeachtaí den sórt sin a thabhairt dóibh (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 2007, Ordre des barreaux francophones et germanophones agus páirtithe eile, C‑305/05, EU:C:2007:383, míreanna 31 agus 32).

61      Is léir ó na breithnithe sin go dtugann na ceanglais a eascraíonn as an gceart chun triail chóir a fháil, de réir sainmhínithe, nasc le himeachtaí dlíthiúla le tuiscint (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 2007, Ordre des barreaux francophones et germanophone agus páirtithe eile, C‑305/05, EU:C:2007:383, mír 35).

62      Ní mór a lua nár bunaíodh nasc den sórt sin sa chás seo.

63      Leanann sé ó Airteagal 8ab(1) agus (5) de Threoir 2011/16, arna leasú, agus, go háirithe, ó na teorainneacha ama a leagtar síos sna forálacha sin go dtagann an oibleagáid fógartha chun cinn ag céim luath, ar a dhéanaí nuair atá an socrú infhógartha trasteorann tar éis a bheith curtha i gcrích agus réidh le cur chun feidhme agus, dá bhrí sin, lasmuigh de, i bprionsabal, aon imeachtaí dlíthiúla nó a n‑ullmhúcháin.

64      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 41 dá Thuairim, ag an gcéim luath seo, ní ghníomhaíonn an dlíodóir idirghabhálaí mar chosantóir dá chliant i ndíospóid, agus cé go bhféadfadh díospóid a bheith ann tráth níos déanaí maidir le comhairle an dlíodóra nó an socrú trasteorann a bhí mar ábhar sa chomhairliúchán sin, ní chiallaíonn sé sin gur thug an dlíodóir faoin idirghníomhaíocht i gcomhthéacs an chirt chun cosaint a fháil atá ag a chliant ná chun na críche sin.

65      Sna himthosca sin, ba cheart a mheas nach bhfuil aon chur isteach ar an gceart chun triail chóir a fháil, atá ráthaithe le hAirteagal 47 den Chairt, i gceist leis an oibleagáid fógartha mar mhalairt, i gcás dlíodóir idirghabhálaí atá faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, ar an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16, arna leasú.

66      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tarchuireadh ná go bhfuil Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16, arna leasú, neamhbhailí i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, a mhéid atá sé d’éifeacht ag a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit go gceanglófar ar dhlíodóir a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí, de réir bhrí Airteagal 3(21) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) den Treoir sin aige, de bharr rúndacht ghairmiúil a bhfuil sé faoi cheangal, fógra a thabhairt gan mhoill do gach aon idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant dó faoi na hoibleagáidí tuairiscithe atá air de bhua Airteagal 8ab(6).

 Costais

67      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

Tá Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018, neamhbhailí i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a mhéid atá sé d’éifeacht ag a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit go gceanglófar ar dhlíodóir a gníomhaíonn mar idirghabhálaí, de réir bhrí Airteagal 3(21) den Treoir sin, arna leasú, i gcás ag a bhfuil tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) den Treoir sin aige, de bharr rúndacht ghairmiúil a bhfuil sé faoi cheangal, fógra a thabhairt gan mhoill do gach aon idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant dó faoi na hoibleagáidí tuairiscithe atá air de bhua Airteagal 8ab(6).

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ollainnis.