BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Samhain 2022 ( *1 )

(Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2019/1754 – Aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha – Airteagal 3(1) CFAE – Inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh – Airteagal 207 CFAE – Comhbheartas tráchtála – Gnéithe tráchtála de mhaoin intleachtúil – Airteagal 218(6) CFAE – Ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh – Leasú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an togra ón gCoimisiún – Airteagal 293(1) CFAE – Infheidhmeacht – Airteagal 4(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 17(2) CAE – Airteagal 2(1) CFAE – Prionsabail na tabhartha cumhachtaí, na cothromaíochta institiúidí agus an chomhair dhílis)

I gCás C‑24/20,

CAINGEAN le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, arna tabhairt an 17 Eanáir 2020, idir

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú i dtosach ag F. Castillo de la Torre, I. Naglis agus J. Norris, ina dhiaidh sin ag F. Castillo de la Torre, M. Konstantinidis agus J. Norris, i gcáil Gníomhairí,

Iarratasóir,

agus

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag A. Antoniadis, M. Balta agus A.-L. Meyer, i gcáil Gníomhairí,

Cosantóir,

arna dtacú ag:

Ríocht na Beilge, arna hionadú ag M. Jacobs, C. Pochet, agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Seice, arna hionadú ag K. Najmanová, H. Pešková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

An Phoblacht Heilléanach, arna hionadú ag K. Boskovits agus M. Tassopoulou, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fraince, arna hionadú ag G. Bain, J.‑L. Carré, A.‑L. Desjonquères agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Cróite, arna hionadú ag G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire,

Poblacht na hIodáile, arna hionadú ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, avvocato dello Stato,

An Ungáir, arna hionadú ag M. Z. Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na hOstaire, arna hionadú ag A. Posch, E. Samoilova, J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí, agus ag H. Tichy,

Poblacht na Portaingéile, arna hionadú ar dtús ag P. Barros da Costa, L. Inez Fernandes, J. P. Palha agus R. Solnado Cruz, i gcáil Gníomhairí, agus ansin ag P. Barros da Costa, J. P. Palha agus R. Solnado Cruz, i gcáil Gníomhairí,

Idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, M. Safjan, P. G. Xuereb, L. S. Rossi (Rapóirtéir), D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, F. Biltgen, N. Piçarra, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: M. Longar, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 1 Feabhra 2022,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 19 Bealtaine 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Trína iarratas, iarrann an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO 2019 L 271, lch. 12, “an cinneadh atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní go páirteach.

I. An dlí lena mbaineann

A. Dlí idirnáisiúnta

1.   Coinbhinsiún Pháras

2

Síníodh Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint an 20 Márta 1883 i bPáras, athbhreithníodh é go deireanach i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus leasaíodh é an 28 Meán Fómhair 1979 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 828, Uimh. 11851, lch. 305, “Coinbhinsiún Pháras”). Tá Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ina bpáirtithe sa choinbhinsiún seo.

3

Foráiltear le hAirteagal 1 de Choinbhinsiún Pháras go háirithe go bhfuil na Stáit lena mbaineann comhdhéanta mar Aontas chun maoin thionsclaíoch a chosaint, lena n‑áirítear paitinní, samhlacha, dearaí, trádmharcanna, trádainmneacha agus léirithe bunáitíochta nó ainmniúcháin tionscnaimh, agus cosc a chur ar iomaíocht éagórach.

4

Faoi Airteagal 19 den choinbhinsiún sin, forchoimeádann na Stáit is páirtithe sa choinbhinsiún an ceart chun comhshocraíochtaí speisialta ar leithligh a dhéanamh eatarthu féin chun maoin tionscail a chosaint.

2.   Comhaontú Liospóin

5

Is conradh é Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta a síníodh an 31 Deireadh Fómhair 1958, a athbhreithníodh i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus a leasaíodh an 28 Meán Fómhair 1979 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 828, Uimh. 13172, lch. 205, “Comhaontú Liospóin”). Is éard atá ann ná comhaontú speisialta de réir bhrí Airteagal 19 de Choinbhinsiún Pháras, ar féidir le gach Stát atá ina pháirtí don choinbhinsiún sin aontú dó.

6

Is páirtithe i gComhaontú Liospóin iad seacht mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, eadhon Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Poblacht na Portaingéile agus Poblacht na Slóvaice. Os a choinne sin, níl an tAontas ina pháirtí sa chomhaontú sin, ar comhaontú é nach féidir ach le Stáit amháin aontú dó.

7

De réir Airteagal 1 de Chomhaontú Liospóin, beidh na Stáit a bhfuil feidhm ag an gComhaontú sin maidir leo ina n‑aontas speisialta (“an tAontas Speisialta”) faoi chuimsiú an Aontais um Maoin Tionscail a Chosaint, a bunaíodh faoi Choinbhinsiún Pháras, agus geallann siad go gcosnóidh siad, ar a gcríocha agus i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe seo, ainmniúcháin tionscnaimh tháirgí Stáit eile an Aontais Speisialta, a aithnítear agus a chosnaítear sa cháil sin sa tír thionscnaimh agus atá cláraithe le biúró idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).

3.   Ionstraim na Ginéive

8

Foráiltear le hAirteagal 21 d’Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO 2019 L 271, lch. 15, “Ionstraim na Ginéive”), dar teideal “Ballraíocht d’Aontas Liospóin”:

“Is baill den Aontas Speisialta céanna iad na páirtithe conarthacha agus na Stáit is páirtithe i gComhaontú Liospóin[, ina leagan bunaidh den 31 Deireadh Fómhair 1958] nó i [gComhaontú Liospóin, arna athbhreithniú i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979], cibé acu atá nó nach bhfuil siad ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin[, ina leagan bunaidh den 31 Deireadh Fómhair 1958] nó i [gComhaontú Liospóin, arna athbhreithniú i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979].”

9

Foráiltear in Airteagal 22 d’Ionstraim na Ginéive, dar teideal “Tionól an Aontais Speisialta”, i mír 4 de:

“ [Cinntí a dhéanamh laistigh den Tionól]

a)

Féachfaidh an Tionól lena chinntí a ghlacadh de chomhthoil.

b)

I gcás nach féidir teacht ar chinneadh trí chomhthoil, déanfar an t‑ábhar atá i gceist a chinneadh trí vótáil. Sa chás seo,

(i.)

beidh vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach ar Stát é agus ní vótálfaidh sé ach ina ainm féin; agus

(ii.)

féadfaidh gach Páirtí Conarthach ar eagraíocht idir-rialtasach é páirt a ghlacadh sa vóta in ionad a Bhallstát leis an líon céanna vótaí agus mar atá ag a Bhallstáit atá ina bpáirtithe san Ionstraim seo. Ní ghlacfaidh aon eagraíochtaí idir-rialtasacha páirt sa vótáil má fheidhmíonn ceann dá Bhallstáit a cheart vótála, agus a mhalairt.

[...]”

10

Leagtar amach in Airteagal 28 d’Ionstraim na Ginéive, dar teideal “Coinníollacha agus rialacha mionsonraithe chun bheith ina pháirtí san Ionstraim seo”, i mír 1 de:

[Coinníollacha le comhlíonadh] Faoi réir Airteagal 29 agus mhíreanna (2) agus (3) den Airteagal seo,

(i.)

féadfaidh aon Stát is páirtí i gCoinbhinsiún Pháras an Ionstraim seo a shíniú agus a bheith ina pháirtí ann;

(ii)

[...]

(iii.)

féadfaidh aon eagraíocht idir-rialtasach an Ionstraim seo a shíniú agus a bheith ina páirtí ann má tá ceann amháin ar a laghad dá Ballstáit ina pháirtí i gCoinbhinsiún Pháras agus má dhearbhaíonn an eagraíocht idir-rialtasach go bhfuil sí údaraithe go cuí, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha, chun bheith ina páirtí san Ionstraim seo agus, faoin gconradh ag bunú na heagraíochta idir-rialtasaí, go mbeidh feidhm ag reachtaíocht ar dá réir is féidir teidil réigiúnacha cosanta a fháil i leith tásca geografacha.”

B. Dlí an Aontais Eorpaigh

1.   An cinneadh atá faoi chonspóid

11

De réir aithris 6 den chinneadh atá faoi chonspóid:

“Chun go mbeidh an tAontas in ann a inniúlacht eisiach a fheidhmiú i gceart maidir leis na réimsí a chumhdaítear le hIonstraim na Ginéive agus a fheidhmeanna i gcomhthéacs a chórais chuimsitheacha cosanta le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair táirgí talmhaíochta, ní mór don Aontas aontú d’Ionstraim na Ginéive agus a bheith ina pháirtí conarthach ann.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Luaitear an méid seo a leanas sa chéad mhír d’Airteagal 1 den chinneadh sin:

“Formheastar leis seo aontachas an Aontais [d’Ionstraim na Ginéive] in ainm an Aontais.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 3 den chinneadh sin:

“Údarófar do na Ballstáit ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, de réir mar a bheidh, in éineacht leis an Aontas, sin a dhéanamh chun leasa an Aontais agus le lánurraim dá inniúlacht eisiach.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 4 den chinneadh sin:

“1.   Beidh an Coimisiún ina ionadaí san Aontas Speisialta don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit a dhaingneoidh nó a aontóidh d’Ionstraim na Ginéive i gcomhréir le hAirteagal 3 den chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE. Is faoin Aontas a bheidh sé a áirithiú go ndéanfar na cearta de chuid an Aontais agus a mBallstát a dhaingneoidh Ionstraim na Ginéive agus de chuid Ballstáit a aontóidh di i gcomhréir le hAirteagal 3 den chinneadh seo a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

[...]

2.   Vótálfaidh an tAontas ag Tionól an Aontais Speisialta agus ní fheidhmeoidh na Ballstáit a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh dó a gceart vótála.”

2.   Rialachán (AE) 2019/1753

15

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO 2019 L 271, lch. 1), dar teideal “Forálacha idirthréimhseacha d’ainmniúcháin tionscnaimh ar de thionscnamh Ballstát iad agus atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin”:

“I ndáil le gach ainmniúchán tionscnaimh ar de thionscnamh Ballstáit ar páirtí é i gComhaontú Liospóin é, le haghaidh táirge atá cosanta faoi cheann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, roghnóidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó ó eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 5(2) d’Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d’Airteagal 1 d’Ionstraim na Ginéive, nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh ceann de na nithe seo a leanas a iarraidh:

a)

clárú idirnáisiúnta an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Ionstraim na Ginéive, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát lena mbaineann Ionstraim na Ginéive nó gur aontaigh sé di de bhun an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 3 [den chinneadh atá faoi chonspóid], nó

b)

cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

[...]”

II. Cúlra na díospóide

16

I mí Mheán Fómhair 2008, bhunaigh Tionól an Aontais Speisialta grúpa oibre chun athbhreithniú ar Chomhaontú Liospóin a ullmhú d’fhonn é a fheabhsú agus é a dhéanamh níos tarraingtí, agus a phrionsabail agus a chuspóirí á gcaomhnú ag an am céanna.

17

Iarradh ar thoscaireachtaí na 28 Stát ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin, chomh maith le dhá thoscaireacht “speisialta”, lena n‑áirítear toscaireacht an Aontais, agus roinnt toscaireachtaí “breathnóra”, mar a thugtar orthu, páirt a ghlacadh i gcomhdháil taidhleoireachta a tionóladh sa Ghinéiv ón 11 go dtí an 21 Bealtaine 2015 d’fhonn an dréacht-chomhaontú Liospóin athbhreithnithe a d’ullmhaigh an grúpa oibre sin a scrúdú agus a ghlacadh.

18

I bhfianaise rannpháirtíocht an Aontais sa chomhdháil taidhleoireachta seo, ghlac an Coimisiún, an 30 Márta 2015, moladh le haghaidh cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag údarú oscailt na caibidlíochta ar Chomhaontú Liospóin athbhreithnithe i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha. Sa mholadh sin, d’iarr an Coimisiún ar an gComhairle, go háirithe, a cinneadh a bhunú ar Airteagal 207 CFAE agus ar Airteagal 218(3) agus (4) CFAE, i bhfianaise na hinniúlachta eisiaiche a thugtar don Aontas in Airteagal 3(1) CFAE i réimse an chomhbheartais tráchtála.

19

An 7 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle le Cinneadh 8512/15 lena n‑údaraítear dul i mbun caibidlíochta maidir le Comhaontú Liospóin athbhreithnithe i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, a mhéid a bhaineann sé le saincheisteanna a thagann faoi inniúlacht an Aontais. Murab ionann agus an méid arna mholadh ag an gCoimisiún, bunaíodh an Cinneadh sin ar Airteagal 114 CFAE agus ar Airteagal 218(3) agus (4) CFAE.

20

An 20 Bealtaine 2015, ghlac an chomhdháil taidhleoireachta a luaitear i mír 17 den bhreithiúnas seo le hIonstraim na Ginéive, a osclaíodh lena shíniú an lá dár gcionn. Faoi Airteagal 28(1)(iii) den Ionstraim sin, féadfaidh aon eagraíocht idir-rialtasach an Ionstraim sin a shíniú agus a bheith ina páirtí ann.

21

Trína bhreithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle(Comhaontú Liospóin Athbhreithnithe) (C‑389/15, EU:C:2017:798) rialaigh an Chúirt go dtagann caibidlíocht d’Ionstraim na Ginéive faoin inniúlacht eisiach a thugtar don Aontas Eorpach le hAirteagal 3(1) CFAE i réimse an chomhbheartais tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 207(1) CFAE. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Cinneadh 8512/15 a neamhniú, agus a éifeachtaí á gcoimeád ar bun aici go dtí go dtiocfaidh cinneadh nua ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagail 207 agus 218 CFAE i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais sin.

22

An 5 Márta 2018, chomhlíon an Chomhairle an breithiúnas sin trí Chinneadh (AE) 2018/416 a ghlacadh, ar bhonn Airteagal 207 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) CFAE, lena n‑údaraíodh tús a chur le caibidlíocht le haghaidh Comhaontú Liospóin athbhreithnithe i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO 2018 L 75, lch. 23).

23

An 27 Iúil 2018, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha [COM(2018) 350 final], ar bhonn Airteagal 207 agus Airteagal 218(6)(a) CFAE. I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais maidir le caibidliú na hionstraime sin, rinne an togra sin foráil gurb é an tAontas amháin a aontódh leis.

24

An 15 Márta 2019, chuir an Chomhairle dréachtchinneadh ón gComhairle ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, lena n‑údaraíodh na Ballstáit go léir ar mhian leo aontú don Ionstraim seo in éineacht leis an Aontas. An 16 Aibreán 2019, d’fhormheas an Pharlaimint an dréachtchinneadh.

25

Ós rud é nár thacaigh an Coimisiún leis an dréacht sin, ghlac an Chomhairle, an 7 Deireadh Fómhair 2019, an cinneadh atá faoi chonspóid d’aon toil, i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE.

26

I ndearbhú a cuireadh isteach i miontuairiscí na Comhairle a bhain leis an gcinneadh sin a ghlacadh, chuir an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, i gcoinne na féidearthachta údarú a thabhairt do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di i gcomhthráth leis an Aontas Eorpach agus, ar an dara dul síos, chuir sé in iúl go raibh sé sásta glacadh leis go raibh na seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe le fada i gComhaontú Liospóin agus a raibh roinnt cearta maoine intleachtúla cláraithe acu cheana féin faoin gcomhaontú sin údaraithe chun aontú d’Ionstraim na Ginéive ar mhaithe leis an Aontas.

27

An 26 Samhain 2019, d’aontaigh an tAontas d’Ionstraim na Ginéive.

III. Éilimh na bpáirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

28

Áitíonn an Coimisiún gur cheart don Chúirt:

Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear do na Ballstáit ann nó, mar mhalairt rogha, Airteagal 4 a chur ar neamhní ina iomláine más rud é go bhfuil na tagairtí do na Ballstáit dodhealaithe ón gcuid eile den Airteagal;

éifeachtaí na gcodanna den chinneadh atá faoi chonspóid a chuirfí ar neamhní a choimeád ar bun, go háirithe aon úsáid a bhaintear as an údarú arna dheonú faoi Airteagal 3 roimh dháta an bhreithiúnais ag na Ballstáit atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin faoi láthair, go dtí go dtiocfaidh cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnta nach faide ná sé mhí ón dáta a thabharfar an breithiúnas, agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

29

Trí dhoiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 15 Aibreán 2020, rinne an Chomhairle pléadáil maidir le do-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagal 151(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

30

Thíolaic an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an bpléadáil sin an 18 Bealtaine 2020.

31

Le cinneadh na Cúirte an 6 Deireadh Fómhair 2020, ceanglaíodh scrúdú na heisceachta sin leis na tuillteanais.

32

Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt:

an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha ina hiomláine;

mar mhalairt air sin, an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús ina hiomláine; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

33

Le cinntí Uachtarán na Cúirte an 17 Nollaig 2020, tugadh cead idiragartha do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na Seice, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Cróite, do Phoblacht na hIodáile, don Ungáir, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Phoblacht na Portaingéile chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle.

IV. An chaingean

A. Inghlacthacht

1.   Argóintí na bpáirtithe

34

Mar thaca lena pléadáil maidir le do-ghlacthacht, lena dtacaíonn, go bunúsach, na Ballstáit idiragartha, meabhraíonn an Chomhairle nach féidir gníomh an Aontais a neamhniú i bpáirt ach amháin a mhéid is féidir na heilimintí a bhfuil a neamhniú á lorg a ghearradh den chuid eile den ghníomh.

35

Maidir leis an iarratas ar neamhniú Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid, sa chéad áit, tíolacann an Chomhairle nach féidir an tAirteagal sin a bhaint den chuid eile den chinneadh sin gan a shubstaint a athrú. Ar an gcéad dul síos, tá sé beartaithe le hAirteagal 3, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1 den chinneadh sin, lena bhformheastar aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive, a áirithiú gur féidir leis an Aontas a inniúlacht sheachtrach eisiach a fheidhmiú go cuí sna réimsí a chumhdaítear leis an Ionstraim sin, trína chur ar a chumas cearta vótála a bheith aige i dTionól an Aontais Speisialta. Ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 22(4)(b)(ii) d’Ionstraim na Ginéive, nach mbeidh ag aon eagraíocht idir-rialtasach ar páirtí í in Ionstraim na Ginéive ach líon vótaí atá cothrom le líon na mBallstát atá ina bpáirtithe san Ionstraim sin, bhainfeadh neamhniú Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid den Aontas Eorpach an ceart vótála sa Tionól sin agus, dá bhrí sin, aon fhéidearthacht a bheith aige a inniúlacht eisiach a fheidhmiú go cuí sna réimsí a chumhdaítear le hIonstraim na Ginéive, rud a d’fhágfadh go mbeadh inneachar iarmharach an chinnidh sin ar neamhréir leis an aidhm agus leis an gcuspóir a sonraíodh ina leith.

36

Ar an dara dul síos, a mhéid a cheadaítear le hAirteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid do sheacht mBallstát den Aontas Eorpach atá ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú Liospóin a bheith ina bpáirtithe conarthacha in Ionstraim na Ginéive, ráthaítear leis an Airteagal sin sinsearacht agus leanúnachas cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe cheana féin sna Ballstáit sin faoi Chomhaontú Liospóin.

37

Ina theannta sin, measann an Chomhairle go léiríonn an iarraidh ón gCoimisiún go gcoimeádfaí éifeachtaí na gcodanna den chinneadh sin a chuirfí ar neamhní ar bun a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit sin nach féidir Airteagal 3 den chinneadh sin a scaradh ón gcuid eile den chinneadh sin.

38

Sa dara háit, maidir leis an iarratas ar neamhniú eilimintí Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a thagraíonn do na Ballstáit, measann an Chomhairle nach féidir na heilimintí sin a scaradh ó Airteagal 3 den chinneadh sin agus, dá bhrí sin, nach bhfuil an t‑iarratas sin inghlactha, ar na cúiseanna céanna leis na cúiseanna a leagtar amach i ndáil leis an iarratas ar neamhniú Airteagal 3.

39

Chun tacú leis an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht ón gComhairle, cuireann Poblacht na hIodáile in iúl, murab ionann agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach bhfuil an chaingean dírithe i gcoinne na Parlaiminte agus na Comhairle, ach i gcoinne na Comhairle amháin, cé gur fhormheas an Pharlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 218(6)(a)(iii) CFAE, an cinneadh atá faoi chonspóid, mar is léir óna bhrollach. Is éard atá i gceist leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218(6) CFAE fíor-chomhchinnteoireacht idir an Chomhairle agus an Pharlaimint, ós rud é, gan toiliú na Parlaiminte, nach féidir leis an gComhairle cinneadh a phlé ná a ghlacadh.

40

Déanann an Coimisiún na hargóintí sin a chonspóid agus tíolacann sé go bhfuil a chaingean inghlactha.

2.   Measúnú na Cúirte

41

Chun rialú a thabhairt ar an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht ón gComhairle, is gá scrúdú a dhéanamh ag an tús ar an argóint a chuir Poblacht na hIodáile ar aghaidh á rá nach bhfuil caingean an Choimisiúin inghlactha ar an bhforas gur i gcoinne na Comhairle amháin a dhírítear í.

42

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú nach mór caingean le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE a thionscnamh i gcoinne na hinstitiúide a ghlac an ionstraim atá faoi chonspóid agus go mbeadh an chaingean sin do-ghlactha a mhéid a dhírítear í i gcoinne institiúid eile (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2003, an Ostair v an Chomhairle, C‑445/00, EU:C:2003:445, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Sa chás seo, is léir ó theideal an chinnidh atá faoi chonspóid gur ghlac an Chomhairle é agus, ina theannta sin, is comhthuiscint é gur glacadh an cinneadh sin, a mhéid a thugtar comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis, ar bhonn Airteagal 218(6) CFAE.

44

Faoin bhforáil sin, ní thugtar de chumhacht ach don Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena dtugtar comhaontú idirnáisiúnta i gcrích. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 48 dá Thuairim, cé go bhforáiltear le mír (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) CFAE go ndéanfaidh an Chomhairle, i gcásanna áirithe, cinneadh den sórt sin a ghlacadh tar éis don Pharlaimint é a fhormheas, ní hionann é sin agus an ráiteas sin a thabhairt faoi cheist, ós rud é nach féidir an formheas sin a mheascadh leis an ngníomh tabhairt i gcrích féin, ar gníomh é sin a ghlacann an Chomhairle amháin faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 218(6) CFAE.

45

Sna himthosca sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 297(2) CFAE – faoina bhfuil gníomhartha neamhreachtacha nach sonraítear iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe le síniú ag Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad – is é Uachtarán na Comhairle amháin a shínigh an cinneadh atá faoi chonspóid, agus ar an gcaoi sin sainaithnítear údar an chinnidh sin.

46

Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóint Phoblacht na hIodáile.

47

Maidir le hargóint na Comhairle, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, nach féidir gníomh de chuid an Aontais a neamhniú go páirteach ach amháin a mhéid is féidir na heilimintí a bhfuil a neamhniú á lorg a ghearradh den chuid eile den ghníomh. Ní chomhlíontar an ceanglas sin i gcás ina n‑athrófaí a shubstaint dá ndéanfaí gníomh a neamhniú i bpáirt. Maidir le hinscarthacht na bhforálacha atá faoi chonspóid a fhíorú, ní mór scrúdú a dhéanamh ar raon feidhme na bhforálacha sin, chun go mbeifear in ann a mheas an n‑athrófaí leo spiorad agus substaint an ghnímh atá faoi chonspóid (breithiúnais an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v an Chomhairle, C‑425/13, EU:C:2015:483, mír 94 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 9 Samhain 2017, SolarWorld v an Chomhairle, C‑205/16 P, EU:C:2017:840, míreanna 38 agus 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Shonraigh an Chúirt freisin gur critéar oibiachtúil é an cheist i dtaobh an n‑athródh neamhniú páirteach shubstaint an ghnímh atá faoi chonspóid agus nach critéar suibiachtúil é atá nasctha le toil pholaitiúil na hinstitiúide a ghlac an gníomh sin (breithiúnas an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 39 dá Thuairim, is éard atá i substaint an chinnidh atá faoi chonspóid aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive, arna fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 1 den chinneadh sin.

50

Luaitear in aithris 6 den chinneadh sin mar a leanas: “Chun go mbeidh an tAontas in ann a inniúlacht eisiach a fheidhmiú i gceart maidir leis na réimsí a chumhdaítear le hIonstraim na Ginéive agus a fheidhmeanna i gcomhthéacs a chórais chuimsitheacha cosanta le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair táirgí talmhaíochta, ní mór don Aontas aontú d’Ionstraim na Ginéive agus a bheith ina pháirtí conarthach ann.”

51

Leagtar síos in Airteagail 2 agus 5 den chinneadh sin na socruithe praiticiúla maidir leis an aontachas sin.

52

Mar a aithníonn an Chomhairle féin, is chun deacrachtaí áirithe a réiteach a d’fhéadfadh, dar léi, teacht as an aontachas sin go n‑údaraítear le hAirteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid do na Ballstáit ar mian leo sin Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di. Soiléirítear in Airteagal 4 den chinneadh sin ionadaíocht an Aontais agus na mBallstát a dhaingníonn an Ionstraim sin san Aontas Speisialta nó a aontaíonn di, chomh maith le freagrachtaí an Aontais Eorpaigh maidir le feidhmiú chearta an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát sin a eascraíonn as an ionstraim sin.

53

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe le hAirteagail 3 agus 4 go gcuirfear ar chumas na mBallstát ar mian leo sin Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di in éineacht leis an Aontas. Eascraíonn sé as cineál roghnach na n‑aontachas nó na ndaingnithe sin go bhféadfadh Airteagal 1 den chinneadh atá faoi chonspóid éifeacht a bheith aige i gcás nach bhfeidhmíonn aon Bhallstát an rogha dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 4.

54

Fiú más rud é, de réir mar a thíolacann an Chomhairle, go mbeadh iarmhairtí ag staid den sórt sin maidir leis an deis a bheith ag an Aontas páirt a ghlacadh sa vótáil i dTionól an Aontais Speisialta agus maidir le sinsearacht agus leanúnachas na cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe sna Ballstáit faoi Chomhaontú Liospóin a ráthú, ní dhéanfadh sé difear do raon feidhme dlíthiúil Airteagal 1 den chinneadh atá faoi chonspóid agus ní tharraingeodh sé amhras ar aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive, arb ionann í, mar a luadh i mír 49 den bhreithiúnas seo, agus substaint an chinnidh sin.

55

Dá bhrí sin, is féidir forálacha an chinnidh a bhfuil an Coimisiún ag iarraidh a chur ar neamhní a ghearradh ón gcuid eile den chinneadh sin.

56

Murab ionann agus aighneacht na Comhairle, ní féidir an chonclúid sin a thabhairt faoi cheist toisc gur iarr an Coimisiún go gcoimeádfaí éifeachtaí na gcodanna sin den chinneadh atá faoi chonspóid a bhfuil sé ag iarraidh a chur ar neamhní ar bun maidir leis na Ballstáit is páirtithe i gComhaontú Liospóin. Níl aon bhaint aige sin le cineál inscartha fhorálacha an chinnidh sin a bhfuil a neamhniú á lorg agus, dá bhrí sin, le hinghlacthacht na caingne.

57

I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór diúltú don phléadáil maidir le do-ghlacthacht a tharraing an Chomhairle anuas.

B. Substaint an cháis

58

Mar thaca lena chaingean, chuir an Coimisiún dhá shaincheist dlí ar aghaidh.

1.   An chéad saincheist dlí

59

Leis an gcéad saincheist dlí, líomhnaítear sárú ar Airteagal 218(6) agus Airteagal 293(1) CFAE, ar phrionsabal na tabhartha cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE, ar phrionsabal na cothromaíochta institiúidí agus ar cheart tionscnaimh an Choimisiúin.

(a)   Argóintí na bpáirtithe

60

Cuireann an Coimisiún in iúl, sa chéad áit, nár mhol nó nár aontaigh sé i gcás ar bith a údarú do na Ballstáit Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, agus nár mhol sé ach aontachas an Aontais léi. Fiú más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE, go bhféadfaidh an Chomhairle togra ón gCoimisiún a leasú ag gníomhú di d’aon toil, sa chás seo ní bheadh aon togra ann lena n‑údaraítear do na Ballstáit Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, agus níorbh fhéidir é a leasú dá bhrí sin. Chun a mhalairt a mhaíomh, chiallódh sé go bhféadfadh an Chomhairle, trí ghníomhú d’aon toil, cur le togra ón gCoimisiún ar shlí ar bith, beag beann ar a chuspóir. Ceanglaítear leis an gcásdlí go ndéanfar anailís ar aon leasú ar thogra ón gCoimisiún i bhfianaise “ábhar” agus “c[h]uspóir” an togra sin. Go deimhin, trí údarú ginearálta d’aontachas na mBallstát a chur le haontachas an Aontais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle, sa ghníomh “foirmiúil” céanna, an dara cinneadh ar leith nach n‑áirítear sa togra ón gCoimisiún.

61

Sa dara háit, déanann an Coimisiún agóid, ina fhreagra, maidir leis na cúiseanna a chuir an Chomhairle ar aghaidh chun údar cuí a thabhairt leis an leasú ar an togra ón gCoimisiún, eadhon an gá lena áirithiú go bhfuil cearta vótála ag an Aontas Eorpach i dTionól an Aontais Speisialta agus sinsearacht agus leanúnachas chosaint ainmniúcháin tionscnaimh arna gclárú faoi Chomhaontú Liospóin sna seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe cheana féin sa chomhaontú sin a chaomhnú.

62

Ar thaobh amháin, dá n‑údarófaí do na Ballstáit Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, ní ráthófaí go bhfeidhmeofar an rogha sin nó, dá bhrí sin, go mbeidh cearta vótála ag an Aontas i dTionól an Aontais Speisialta. In aon chás, níor cheart rómheastachán a dhéanamh ar thábhacht na gceart vótála sin. Ní rialódh Tionól an Aontais Speisialta ach amháin maidir le cúrsaí riaracháin agus, i bhformhór na gcásanna, trí chomhthoil.

63

Ar an taobh eile, maidir le sinsearacht agus leanúnachas na cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh a chláraítear faoi Chomhaontú Liospóin, d’fhéadfaí na rialacha is infheidhme a léirmhíniú ar bhealach ina bhféadfaí na hainmniúcháin tionscnaimh sin a chur san áireamh. In aon chás, a mhéid a bhaineann le ceist nach mbaineann ach leis na seacht mBallstát ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin, is leor nach n‑aontóidh siad d’Ionstraim na Ginéive ionas go leanfaidh Comhaontú Liospóin de bheith i bhfeidhm orthu agus go ráthófar an tsinsearacht agus an leanúnachas sin.

64

Áitíonn Poblacht na hIodáile ag an tús go bhfuil an chéad phléadáil gan bhunús, ar an bhforas nach bhfuil Airteagal 293(1) CFAE infheidhme maidir leis an nós imeachta atá faoi rialú Airteagal 218 CFAE. Is léir ón Airteagal sin go bhfuil an nós imeachta a leagtar síos ann bunaithe ar chinneadh ón gComhairle, arna ghlacadh ar bhonn “moladh” ón gCoimisiún, ar gníomh neamhcheangailteach é, i gcomhréir le hAirteagal 288 CFAE. Bheadh cumhacht fhorleathan ag an gComhairle, dá bhrí sin, glacadh le moladh ón gCoimisiún maidir le comhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích ina dhiaidh sin, nó diúltú dó nó é a leasú. Go háirithe, rialaítear cinneadh lena dtugtar comhaontú i gcrích le hAirteagal 218(6) CFAE, faoina nglacfaidh an Chomhairle an cinneadh sin “ar thogra ón idirbheartaí”. Níl baint ag an gCoimisiún leis an nós imeachta um thabhairt i gcrích sin ann féin, ach mar idirbheartaí an chomhaontaithe amháin. Dá bhrí sin, níl togra ón gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta sin, atá iomchuí do chineál áirithe comhaontuithe idirnáisiúnta, inchomparáide leis an togra dá bhforáiltear in Airteagal 293(1) CFAE.

65

De réir na Comhairle, sa chéad áit, d’aithin an Chúirt, ina cásdlí, go bhfuil coinníoll foirmiúil agus coinníoll substainteach ann nach mór don Chomhairle a chomhlíonadh agus togra ón gCoimisiún á leasú aici, de réir bhrí Airteagal 293(1) CFAE.

66

Maidir leis an gceanglas foirmiúil, i gcás nach nglacann an Coimisiún le leasú arna dhéanamh ag an gComhairle, ní mór don Chomhairle gníomhú d’aon toil. Sa chás seo, chomhlíon an Chomhairle an ceanglas foirmiúil sin trí thogra an Choimisiúin a leasú d’aon toil.

67

Maidir leis an gcoinníoll substainteach, níor cheart don Chomhairle bac a chur ar ghnóthú na gcuspóirí arna saothrú leis an togra ón gCoimisiún. Ba cheart, go háirithe, go bhfanfadh leasuithe ar thogra laistigh dá raon feidhme, mar atá sainithe ag an gCoimisiún. B’amhlaidh a bheadh i gcás ina n‑urramaíonn an Chomhairle a bhfuil ar intinn ag an gCoimisiún agus nach n‑athraíonn sí aidhm agus cuspóir an togra.

68

Tugann an Chomhairle faoi deara, sa chás seo, sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann lena thogra, dá dtagraítear i mír 23 den bhreithiúnas seo, “[gur] ionas gur féidir leis a inniúlacht eisiach a fheidhmiú i gceart maidir le hIonstraim na Ginéive […] agus a feidhmeanna i gcomhthéacs a chóras cuimsitheach cosanta do thásca geografacha talmhaíochta, ba cheart go ndéanfaí páirtí conarthach den Aontas Eorpach”. Tugann sé dá aire freisin go sonraítear in aithris 6 den chinneadh atá faoi chonspóid mar a leanas: “Chun go mbeidh an tAontas in ann a inniúlacht eisiach a fheidhmiú i gceart maidir leis na réimsí a chumhdaítear le hIonstraim na Ginéive agus a fheidhmeanna i gcomhthéacs a chóras cuimsitheach cosanta le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair táirgí talmhaíochta, ní mór don Aontas aontú d’Ionstraim na Ginéive agus a bheith ina pháirtí conarthach ann”.

69

Dá bhrí sin, d’fhan an Chomhairle laistigh de theorainneacha chuspóir sonraithe an togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, de réir na Comhairle, mura ndéanfaí an togra sin a leasú, ní bheadh an cuspóir sin bainte amach aici ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, ní bheadh cearta vótála ag an Aontas Eorpach i dTionól an Aontais Speisialta agus, ar an dara dul síos, d’imeodh sinsearacht na dtásc geografach a chláraigh na seacht mBallstát is páirtí sa chomhaontú sin faoi Chomhaontú Liospóin tar éis don Aontas Eorpach tásca geografacha a chlárú ex novo, mar pháirtí conarthach nua san Aontas Speisialta, faoi Ionstraim na Ginéive.

70

Sa dara háit, tíolacann an Chomhairle go bhfágfadh glacadh le hargóint an Choimisiúin a leagtar amach i mír 60 den bhreithiúnas seo, agus é sin gurb ionann cinneadh ón gComhairle lena leasaítear an togra ón gCoimisiún a ghlacadh agus mainneachtain togra a dhéanamh, go mbainfí an tsubstaint den cheart chun leasú a dhéanamh a thugtar don Chomhairle le hAirteagal 293(1) CFAE, trí gach éifeacht phraiticiúil a bhaint den fhoráil sin.

71

Sa tríú háit, tugann an Chomhairle faoi deara, contrártha lena bhfuil á mhaíomh ag an gCoimisiún, nár ghlac sí dhá chinneadh trí bhíthin an “ghnímh fhoirmiúil” chéanna, a bhfuil ceann amháin acu bunaithe ar an togra ón gCoimisiún ach nach bhfuil an ceann eile. Ní hé cuspóir don leasú ón gComhairle ar Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid na Ballstáit a údarú chun aontú d’Ionstraim na Ginéive ionas gur féidir leo a n‑inniúlachtaí a fheidhmiú, ach lánéifeacht a thabhairt d’aidhm agus do chuspóir an togra sin, ionas gur féidir leis an Aontas gníomhú go héifeachtach laistigh de Thionól an Aontais Speisialta agus leasanna na mBallstát a chosaint. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an Chomhairle go ndeonaítear an t-údarú a thugtar do na Ballstáit faoi réir “urramú iomlán d’inniúlacht eisiach an [Aontais]”. Thairis sin, d’fhonn aontacht ionadaíocht idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú, chuir an Chomhairle de chúram ar an gCoimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh agus thar ceann aon Bhallstáit ar mian leis leas a bhaint as an údarú sin.

72

I ndáil leis sin, tugann Poblacht na hOstaire faoi deara nach bhfuil ciall le húdarú a thabhairt do na Ballstáit aontú d’Ionstraim na Ginéive i ndlúthchomhlíonadh inniúlacht eisiach an Aontais gan an tAontas a aontú di. Faoi Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid, is faoin Aontas atá sé a áirithiú go bhfeidhmeofar cearta an Aontais agus go gcomhlíonfar oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát a dhaingneoidh Ionstraim na Ginéive nó a aontaíonn di, agus is faoin Aontas amháin atá sé vótáil i dTionól an Aontais Speisialta, ós rud é nach bhfeidhmíonn na Ballstáit a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh di a gceart vótála.

73

Sa cheathrú háit, measann an Chomhairle go raibh an ráiteas ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 26 den bhreithiúnas seo, go raibh sé sásta glacadh leis go raibh sé tábhachtach ar thrí bhealach ar a laghad do na seacht mBallstát ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin a chláraigh an iliomad ceart maoine intleachtúla faoin gcomhaontú sin aontú d’Ionstraim na Ginéive ar mhaithe leis an Aontas Eorpach. Ar an gcéad dul síos, tríd an dearbhú sin, aithníonn an Coimisiún gur chun leas an Aontais Eorpaigh é an t‑údarú a thug an Chomhairle do na Ballstáit, nó do chuid acu ar a laghad. Ar an dara dul síos, glacann an Coimisiún go hintuigthe leis go bhféadfaidh an Chomhairle éifeacht a thabhairt don údarú sin trí thogra an Choimisiúin a leasú. Ar an tríú dul síos, glacann an Coimisiún leis gur féidir údarú den sórt sin a fháil i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

74

Déanann Poblacht na Seice agus Poblacht na Portaingéile agóid i gcoinne dhearbhú an Choimisiúin go leanfadh Comhaontú Liospóin d’fheidhm a bheith aige maidir leis na seacht mBallstát ar páirtithe conarthacha iad mura n‑aontódh siad d’Ionstraim na Ginéive, agus ar an gcaoi sin áiritheofar leanúnachas i gcosaint na dtásc geografach atá cláraithe cheana. Foráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1753, a mhéid a bhaineann le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh na mBallstát atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin, maidir le clárú idirnáisiúnta na n‑ainmniúchán tionscnaimh sin faoi Ionstraim na Ginéive, ar choinníoll go ndearna an Ballstát lena mbaineann Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di de bhua an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid.

(b)   Measúnú na Cúirte

75

Lena chéad saincheist dlí, cuireann an Coimisiún in iúl, go bunúsach, go ndearna an Chomhairle, trí leasú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún trí fhoráil a thabhairt isteach lena n‑údaraítear do na Ballstáit ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, gníomhú gan aon tionscnamh ón gCoimisiún, agus ar an gcaoi sin Airteagal 218(6) agus Airteagal 293(1) CFAE a shárú agus an bonn a bhaint den chothromaíocht institiúideach a eascraíonn as Airteagal 13(2) CAE.

(1) Infheidhmeacht Airteagal 293(1) CFAE

76

Mar réamhphointe, is gá scrúdú a dhéanamh ar an argóint a chuir Poblacht na hIodáile chun cinn, ar dá réir nach bhfuil Airteagal 293(1) CFAE infheidhme maidir le cinneadh, amhail an cinneadh atá faoi chonspóid, a glacadh ar bhonn Airteagal 218(6) CFAE, toisc nach bhfuil feidhm ag Airteagal 293(1) CFAE ach amháin maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhthéacs ghníomhaíocht inmheánach an Aontais.

77

Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 293(1) CFAE, i gcás ina ngníomhaíonn an Chomhairle, faoi na Conarthaí, ar thogra ón gCoimisiún, nach bhféadfaidh sí an togra a leasú ach amháin trí ghníomhú d’aon toil, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bhforálacha áirithe de Chonradh FAE dá dtagraítear in Airteagal 293(1) CFAE.

78

Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, níl Airteagal 218 CFAE ar cheann de na forálacha sin.

79

Ar an dara dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 61 dá Thuairim, tá Airteagal 293(1) CFAE ceaptha feidhm a bheith aige maidir le gníomhartha dlíthiúla uile an Aontais a ngníomhaíonn an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún lena nglacadh, is cuma cé acu faoi raon feidhme ghníomhaíocht inmheánach an Aontais nó faoina ghníomhaíocht sheachtrach a thagann na gníomhartha sin. Go háirithe, ní choisceann aon ní i bhfoclaíocht na forála sin a infheidhmeacht maidir leis an nós imeachta chun cinneadh a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 218(6) CFAE, ar choinníoll, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh den sórt sin, go ngníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún.

80

Is fíor, i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, go nglacfaidh an Chomhairle an cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích ar thogra ón idirbheartaí.

81

Ós rud é, áfach, faoi Airteagal 218(3) CFAE, gur ainmnigh an Chomhairle an Coimisiún mar idirbheartaí, ní mór di gníomhú ansin ar thogra ón gCoimisiún chun an cinneadh sin a ghlacadh.

82

Dá bhrí sin, tá feidhm ag Airteagal 293(1) CFAE i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh bunaithe ar Airteagal 218(6) CFAE. Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóint Phoblacht na hIodáile.

(2) Sárú líomhnaithe ar Airteagal 293(1) CFAE

83

D’fhonn a mheas ar sháraigh an Chomhairle, sa chás seo, Airteagal 293(1) CFAE, ba cheart a mheabhrú nach mór an fhoráil sin a léamh i bhfianaise Airteagal 13(2) CAE, ar dá réir a ghníomhóidh gach institiúid de chuid an Aontais laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar di sna Conarthaí, agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na cuspóirí a leagtar amach iontu. Léiríonn an fhoráil sin prionsabal na cothromaíochta institiúidí, ar saintréith é de struchtúr institiúideach an Aontais, rud a chiallaíonn nach mór do gach ceann de na hinstitiúidí a chumhachtaí a fheidhmiú agus aird chuí á tabhairt ar chumhachtaí na n‑institiúidí eile (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, EPSU v an Coimisiún, C‑928/19 P, EU:C:2021:656, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

84

Foráiltear le hAirteagal 13(2) CAE, ina theannta sin, go gcleachtfaidh institiúidí an Aontais comhar dílis eatarthu féin.

85

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoin dara habairt d’Airteagal 17(2) CAE, go bhfuil gníomhartha de chuid an Aontais seachas reachtaíocht le glacadh ar thogra ón gCoimisiún i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna Conarthaí.

86

Mar a luadh i míreanna 80 agus 81 den bhreithiúnas seo, leanann sé ó Airteagal 218(3) agus (6) CFAE go nglactar ar thogra ón gCoimisiún mar idirbheartaí ainmnithe an cinneadh lena dtugtar an comhaontú idirnáisiúnta i dtrácht i gcrích.

87

Shoiléirigh an Chúirt cheana féin nach togra amháin atá sa chumhacht tionscnaimh a thugtar don Choimisiún leis an dara habairt d’Airteagal 17(2) CAE. Faoin gcumhacht sin, is faoin gCoimisiún, i bprionsabal, a chuireann leas ginearálta an Aontais chun cinn, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE, agus a dhéanann tionscnaimh iomchuí chuige sin, cinneadh a dhéanamh maidir le togra a thíolacadh nó gan é a thíolacadh agus, i gcás inarb iomchuí, a ábhar, a aidhm agus a inneachar a chinneadh agus, fad nach bhfuil gníomh déanta ag an gComhairle, a thogra a leasú nó, más gá, é a tharraingt siar (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Aibreán 2015, an Chomhairle v an Coimisiún, C‑409/13, EU:C:2015:217, míreanna 70 agus 74).

88

Dá bhrí sin, tá dlúthbhaint idir feidhmiú a chumhachta tionscnaimh ag an gCoimisiún agus an fheidhm a bhaineann leis an leas ginearálta a thugtar dó le hAirteagal 17(1) CAE a chur chun cinn.

89

Le hAirteagal 293 CFAE cuirtear ráthaíocht dhúbailte leis an gcumhacht tionscnaimh sin.

90

Ar an gcéad dul síos, mar atá luaite i mír 77 den bhreithiúnas seo, foráiltear le hAirteagal 293(1) CFAE nach bhféadfaidh an Chomhairle, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bhforálacha Chonradh FAE dá dtagraítear ann, nuair a ghníomhaíonn sí, de bhun na gConarthaí, ar thogra ón gCoimisiún, an togra a leasú ach amháin ag gníomhú di d’aon toil.

91

Ar an dara dul síos, sonraítear in Airteagal 293(2) CFAE, fad nach bhfuil gníomh déanta ag an gComhairle, go bhféadfaidh an Coimisiún a thogra a athrú tráth ar bith le linn na nósanna imeachta as a dtiocfaidh glacadh gnímh de chuid an Aontais.

92

Dá bhrí sin, áirithítear le hAirteagal 293 CFAE go n‑urramófar prionsabal na cothromaíochta institiúidí trí chothromaíocht a bhaint amach, go háirithe, idir cumhachtaí an Choimisiúin, faoi Airteagal 17(2) CAE, agus cumhachtaí na Comhairle, dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) CAE, lena dtugtar le tuiscint, mar atá luaite i mír 83 den bhreithiúnas seo, go bhfeidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí a cumhachtaí agus iad ag urramú chumhachtaí na n‑institiúidí eile.

93

Leanann sé, go háirithe, nach féidir le cumhacht leasaithe na Comhairle dul chomh fada agus ligean di an togra ón gCoimisiún a shaobhadh ar bhealach a chuirfeadh bac ar bhaint amach na gcuspóirí atá á saothrú ag an gCoimisiún agus, dá bhrí sin, a bhainfidh a raison d’être di (féach, maidir le togra le haghaidh gníomh reachtach a tharraingt siar, breithiúnas an 14 Aibreán 2015, an Chomhairle v an Coimisiún, C‑409/13, EU:C:2015:217, mír 83).

94

Chinn an Chúirt nach amhlaidh atá i gcás nach dtagann leasuithe arna ndéanamh ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún lasmuigh de raon feidhme an togra sin ná nach n‑athraíonn siad a chuspóir (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Bealtaine 1989, an Coimisiún v an Chomhairle, C‑355/87, EU:C:1989:220, mír 44, agus an 11 Samhain 1997, Eurotunnel agus páirtithe eile, C‑408/95, EU:C:1997:532, mír 39).

95

Is gá, dá bhrí sin, a fháil amach an ndearna an leasú a rinne an Chomhairle d’aon toil ar an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 23 den bhreithiúnas seo, lena dtugtar isteach foráil lena n‑údaraítear na Ballstáit ar mian leo sin Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, saobhadh ar ábhar nó ar chuspóir an togra sin ar bhealach a chuirfeadh bac ar bhaint amach na gcuspóirí arna saothrú leis an togra.

96

Chuige sin, ní mór a mheabhrú gurbh é ábhar an togra sin aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive amháin agus gurbh é cuspóir an togra sin, mar is léir ón ráiteas ar chúiseanna leis an togra sin, dá dtagraítear i mír 68 den bhreithiúnas seo, a chur ar chumas an Aontais a inniúlacht eisiach a fheidhmiú i gceart sna réimsí a chumhdaítear leis an ngníomh sin.

97

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go dtugtar le hAirteagal 3(1)(e) CFAE inniúlacht eisiach don Aontas i réimse an chomhbheartais tráchtála. I gcomhréir le hAirteagal 207(1) CFAE, tá an beartas sin le bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha, go háirithe maidir le gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, agus cuirfear i gcrích é faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

98

Bhí deis ag an gCúirt cheana féin a shonrú, go bunúsach, go bhfuil Ionstraim na Ginéive, ar an gcéad dul síos, ceaptha chun trádáil idir an tAontas Eorpach agus tríú Stáit a éascú agus a rialú agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé in ann éifeachtaí díreacha agus láithreacha a bheith aici ar an trádáil sin, agus é mar thoradh air sin go dtagann an chaibidlíocht faoin inniúlacht eisiach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle(Comhaontú Liospóin Athbhreithnithe), C‑389/15, EU:C:2017:798, mír 74).

99

Ar an dara dul síos, faoi Airteagal 2(1) CFAE, nuair a thugtar inniúlacht eisiach don Aontas leis na Conarthaí i réimse ar leith, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh.

100

Mar sin féin, cuirtear isteach leis an bhforáil sin nach bhféadfaidh na Ballstáit, go háirithe, reachtaíocht a rith ná gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh i réimse den sórt sin ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh é sin a dhéanamh.

101

I ndáil leis sin, leanann sé as cásdlí na Cúirte gurb ionann prionsabal tabhartha na gcumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1) agus (2) CAE, agus an creat institiúideach a shainítear in Airteagail 13 go 19 CAE chun cur ar chumas an Aontais na hinniúlachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí a fheidhmiú agus saintréithe an Aontais agus a dhlí a bhaineann le struchtúr bunreachtúil an Aontais (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 165).

102

Déanann an cinneadh cumhachtú den sórt sin a dheonú do na Ballstáit difear do na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú inniúlachtaí a thugtar go heisiach don Aontas leis na Conarthaí, a mhéid a cheadaítear leis sin do na Ballstáit inniúlacht a fheidhmiú, ar inniúlacht í atá tugtha go heisiach ag na Conarthaí don Aontas agus ar cheart don Aontas, i bprionsabal, feidhmiú é féin.

103

Dá bhrí sin, le cinneadh den sórt sin, léirítear rogha beartais bheacht mhalartach idir, ar thaobh amháin, inniúlacht eisiach arna tabhairt dó leis na Conarthaí a fheidhmiú ag an Aontas amháin i réimse ar leith agus, ar an taobh eile, na Ballstáit a chumhachtú ag an Aontas chun an inniúlacht sin a fheidhmiú.

104

Tagann rogha den sórt sin faoi raon feidhme mheasúnú an Choimisiúin ar leas ginearálta an Aontais d’fhonn na tionscnaimh is iomchuí a shainiú chun é a chur chun cinn, measúnú a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gcumhacht tionscnaimh a thugtar don institiúid sin le hAirteagal 17(2) CAE, mar atá luaite i mír 88 den bhreithiúnas seo.

105

Dá bhrí sin, dá ndéanfadh an Chomhairle leasú chun cumhacht a thabhairt do na Ballstáit inniúlacht eisiach de chuid an Aontais a fheidhmiú, dhéanfaí an cuspóir atá le togra ón gCoimisiún ina gcuirtear in iúl an rogha gurb é an tAontas amháin a fheidhmíonn an inniúlacht sin a shaobhadh.

106

Sa chás seo, bhí sé i gceist go sonrach leis an togra ón gCoimisiún go gcuirfí ar chumas an Aontais aontú d’Ionstraim na Ginéive, rud a d’fhág, go bunúsach, go bhféadfadh an tAontas Eorpach a bheith ina chomhalta den Aontas Speisialta, cé nár ceadaíodh le Comhaontú Liospóin ach aontachas na Stát, agus ar an gcaoi sin a inniúlacht eisiach a fheidhmiú amháin sna réimsí a chumhdaítear le hIonstraim na Ginéive. Ní hamháin nár foráladh sa togra sin maidir le húdarú a thabhairt do na Ballstáit ar mhian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, ach, le linn na caibidlíochta, chuir an Coimisiún in iúl go soiléir go raibh sé i gcoinne údarú ginearálta den sórt sin, cé, mar is léir ón dearbhú dá dtagraítear i mír 26 den bhreithiúnas seo, nár chuir sé i gcoinne aontachas seacht mBallstát.

107

Mar sin féin, glacadh Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid mar thoradh ar an leasú ón gComhairle, lena n‑údaraítear na Ballstáit sin ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di.

108

Dá bhrí sin, ní mór a bhaint de thátal as go ndéanann an leasú sin ábhar agus cuspóir an togra ón gCoimisiún a shaobhadh.

109

Murab ionann agus an méid a áitíonn an Chomhairle, ní féidir amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin toisc go ndeonaítear an t‑údarú dá bhforáiltear in Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid faoi réir “lánurraim [d’]inniúlacht eisiach [an Aontais]” agus, i gcomhréir le hAirteagal 4 den chinneadh sin, d’fhonn aontacht ionadaíocht idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú, gur chuir an Chomhairle de chúram ar an gCoimisiún ionadaíocht an Aontais agus ionadaíocht aon Bhallstáit ar mian leis úsáid a bhaint as an údarú sin.

110

D’ainneoin an chreata atá ann, faoin gcinneadh atá faoi chonspóid, maidir leis na Ballstáit a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, chun na cearta atá ag na Ballstáit sin mar gheall ar an ngníomh sin a fheidhmiú, is amhlaidh fós, tríd an údarú sin a úsáid, go ndéanfaidh na Ballstáit sin, mar ábhair neamhspleácha an dlí idirnáisiúnta i dteannta an Aontais Eorpaigh, inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú agus go gcuirfear cosc ar an Aontas an inniúlacht sin a fheidhmiú ina aonar.

111

Ní féidir ach oiread bonn cirt a thabhairt do leasuithe na Comhairle le hargóintí na Comhairle, a leagtar amach i míreanna 61 go 63 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis an ngá atá ann a áirithiú go bhfuil cearta vótála ag an Aontas Eorpach i dTionól an Aontais Speisialta agus chun sinsearacht agus leanúnachas na cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh arna gclárú faoi Chomhaontú Liospóin sna seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe sa chomhaontú sin cheana féin a chaomhnú.

112

Aon deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas, ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus a inniúlachtaí eisiacha á bhfeidhmiú aige, nó aon iarmhairtí de bharr an chleachtaidh sin ar ghealltanais idirnáisiúnta na mBallstát, ní fhéadfaidh siad, iontu féin, a údarú don Chomhairle togra ón gCoimisiún a leasú a mhéid a dhéanfadh a ábhar nó a chuspóir a shaobhadh, agus ar an gcaoi sin an chothromaíocht institiúideach a bhféachtar le hAirteagal 293 CFAE lena áirithiú a shárú.

113

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór a mheas gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar Airteagal 293(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(2) CAE, agus é mar thoradh air sin nach mór seasamh leis an gcéad saincheist dlí.

2.   An dara saincheist dlí

114

Leis an dara saincheist dlí, líomhnaítear sárú ar Airteagal 2(1) CFAE agus ar Airteagal 207 CFAE agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

115

Ós rud é nár chuir an Coimisiún an saincheist dlí sin isteach ach mar rogha mhalartach agus nach mór seasamh leis an gcéad saincheist dlí, ní gá rialú ar an dara saincheist dlí.

116

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór seasamh leis an gcaingean agus an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú go páirteach, de réir fhoirm an ordaithe atá á lorg ag an gCoimisiún. Maidir le hAirteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid go háirithe, níor cheart an tAirteagal sin a neamhniú, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún go príomha, ach amháin sa mhéid go bhfuil tagairtí ann do na Ballstáit a mhéid is gur féidir na tagairtí sin a scaradh ón gcuid eile den Airteagal sin.

C. Iarratas ar éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choimeád ar bun

117

I gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 264 CFAE, má tá bunús leis an gcaingean, ní mór don Chúirt a dhearbhú go bhfuil an gníomh atá faoi chonspóid ar neamhní.

118

Faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, is faoin institiúid ar dearbhaíodh a gníomh a bheith ar neamhní na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.

119

Mar sin féin, mar a fhoráiltear sa dara mír d’Airteagal 264 CFAE, féadfaidh an Chúirt, má mheasann sí gur gá sin, a shonrú cé acu d’éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní a mheasfar a bheith cinntitheach.

120

Féadfar an chumhacht sin a úsáid, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, go háirithe i gcás ina bhféadfadh neamhniú de chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle, i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, amhras a tharraingt ar rannpháirtíocht an Aontais sa chomhaontú idirnáisiúnta lena mbaineann nó ar a chur chun feidhme, cé nach bhfuil aon amhras ann maidir le hinniúlacht an Aontais chuige sin (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú Liospóin Athbhreithnithe), C‑389/15, EU:C:2017:798, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).

121

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt an dara mír d’Airteagal 264 CFAE a chur i bhfeidhm chun éifeachtaí neamhniú páirteach an chinnidh atá faoi chonspóid a mhaolú. I ndáil leis sin, cuireann an Coimisiún in iúl go bhféadfadh sé glacadh go heisceachtúil le comhréiteach trína n‑aontóidh na seacht mBallstát ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin faoi láthair d’Ionstraim na Ginéive, chun fadhbanna a bhaineann le leanúnachas na gceart a sheachaint. Ina theannta sin, de réir an Choimisiúin, a mhéid a chumhdaítear le hAirteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid gnéithe eile nach gconspóidtear amhlaidh, agus atá riachtanach chun go gcuirfidh an tAontas Ionstraim na Ginéive chun feidhme go cuí, tá sé tábhachtach a éifeachtaí a choimeád ar bun go dtí go gcuirfear foráil nua ina ionad.

122

Dá bhrí sin, mar a léirítear i mír 28 den bhreithiúnas seo, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt éifeachtaí na gcodanna den chinneadh atá faoi chonspóid arna neamhniú a choimeád ar bun, go háirithe aon úsáid a bhain na Ballstáit atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin faoi láthair as an údarú a deonaíodh faoi Airteagal 3 roimh dháta an bhreithiúnais, go dtí go dtiocfaidh cinneadh ón gComhairle a chuirfear in ionad an chinnidh atá faoi chonspóid i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnach ama nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais.

123

Aontaíonn Rialtas na Fraince leis an iarraidh sin, atá bunaithe, dar leis, ar fhorais thábhachtacha deimhneachta dlíthiúla, ós rud é go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith ann do shealbhóirí ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe ag na Ballstáit ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin faoi Chomhaontú Liospóin mar gheall ar amhras a chaitheamh ar rannpháirtíocht na Stát sin in Ionstraim na Ginéive.

124

Measann an Chomhairle nach bhfuil an iarraidh sin inghlactha ar an bhforas go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh ní hamháin éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choimeád ar bun, ach an cinneadh sin a leasú.

125

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféachann an Coimisiún, trína iarraidh, le héifeachtaí na gcodanna den chinneadh atá faoi chonspóid a choimeád ar bun go sealadach.

126

Cé gur fíor gurb ionann deonú na hiarrata sin, sa chleachtas, agus raon feidhme éifeachtaí an chinnidh sin a athrú go sealadach, is gné dhílis d’fheidhmiú a hinniúlachta ag an gCúirt faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE an iarmhairt sin.

127

Dá bhrí sin, tá iarraidh go gcoimeádfaí éifeachtaí na gcodanna den ghníomh atá faoi chonspóid arna gcur ar neamhní ar bun inghlactha.

128

Maidir leis an tsubstaint, ní mór a admháil gur gá sinsearacht agus leanúnachas na cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe faoi Chomhaontú Liospóin sna seacht mBallstát ar páirtithe iad sa chomhaontú sin cheana a chaomhnú, go háirithe, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE, chun na cearta faighte a eascraíonn as na clárúcháin náisiúnta sin a chosaint.

129

Dá bhrí sin, ní mór éifeachtaí na gcodanna den chinneadh atá faoi chonspóid a cuireadh ar neamhní a choimeád ar bun, a mhéid a bhaineann siad le Ballstáit a bhain úsáid cheana féin, ar dháta fógartha an bhreithiúnais seo, as an údarú dá bhforáiltear in Airteagal 3 den chinneadh sin, chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, in éineacht leis an Aontas Eorpach, go dtí go dtiocfaidh, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ón dáta sin, cinneadh nua ón gComhairle i bhfeidhm.

Costais

130

Foráiltear le hAirteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta go n‑ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má tá iarraidh ina leith sin sna pléadálacha.

131

Sa chás seo, ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag an gCoimisiún go n‑íocfaidh an Chomhairle as na costais agus nár éirigh leis an gComhairle, ní mór a ordú don Chomhairle, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún a íoc.

132

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, íocfaidh na Ballstáit a rinne idiragairt sna himeachtaí as a gcostais féin.

133

Dá bhrí sin, íocfaidh Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Portaingéile as a gcostais féin.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Cuirtear Airteagal 3 agus, a mhéid a thagraíonn sé do na Ballstáit, Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ar neamhní.

 

2.

Coimeádtar éifeachtaí na gcodanna de Chinneadh 2019/1754 arna gcur ar neamhní ar bun, a mhéid a bhaineann siad le Ballstáit a bhain úsáid cheana féin, ar dháta fógartha an bhreithiúnais seo, as an údarú dá bhforáiltear in Airteagal 3 den chinneadh sin, chun Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha a dhaingniú nó aontú di, in éineacht leis an Aontas Eorpach, go dtí go dtiocfaidh, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ón dáta sin, cinneadh nua ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

 

3.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

 

4.

Íocfaidh Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Portaingéile as a gcostais féin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.