BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra),

15 Samhain 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora – Colscaradh – Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 – Airteagal 2(4) agus Airteagal 21 – An coincheap “breithiúnas” – Scaoileadh pósta arna chinneadh i gcomhaontú idir na céilí agus arna fhógairt ag oifigeach stádais shibhialta i mBallstát a aithint i mBallstát eile – Critéar lena gceadaítear láithreacht “breithiúnais” a mheas)

I gCás C-646/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin), trí bhreith an 28 Deireadh Fómhair 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 1 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht,

v

TB,

tríú páirtithe:

Standesamt Mitte von Berlin,

RD,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan, M. Safjan (Rapóirtéir) agus M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, S. Rodin, I. Jarukaitis, A. Kumin, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 8 Feabhra 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, M. Hellmann agus U. Kühne, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hEastóine, ag N. Grünberg, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Fraince, ag A. Daniel agus A.-L. Desjonquères, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Natale, avvocato dello Stato,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag H. Leupold, M. Wilderspin agus W. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Bealtaine 2022,

an breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 i dtaca le dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO 2003 L 338, lch. 1“Rialachán IIa na Bruiséile”).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht (an Aireacht um Ghnóthaí Inmheánacha agus Spóirt, Beirlín, údarás mhaoirseacht an stádais shibhialta, an Ghearmáin) (“údarás mhaoirseacht an stádais shibhialta”) agus TB maidir le diúltú an údaráis sin chun colscaradh TB agus RD a iontráil ar chlár na bpóstaí sa Ghearmáin, colscaradh a rinneadh lasmuigh de na cúirteanna san Iodáil, in éagmais aitheantas roimh ré den cholscaradh sin ón údarás breithiúnach Gearmánach inniúil.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Coinbhinsiún na Bruiséile

3

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 25 de Choinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO 1972 L 299, lch. 32), arna leasú le coinbhinsiúin leanúnacha maidir le haontachas na mBallstát nua leis an gCoinbhinsiún sin, (“Coinbhinsiún na Bruiséile”):

“Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn ‘breithiúnas’ aon bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Stáit chonarthaigh, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear foraithne, breith, ordú nó eascaire fhorghníomhaithe, mar aon le cinneadh ar chostais nó ar chaiteachais ag oifigeach den chúirt.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán IIa na Brúiséile

4

Leagadh an méid seo a leanas amach in aithrisí 1, 2, 8, 21 agus 22 de Rialachán IIa na Bruiséile:

“(1)

Tá sé d’aidhm ag an gComhphobal Eorpach limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine. Chuige sin, glacfaidh an Comhphobal, inter alia, na bearta is gá i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go cuí.

(2)

D’fhormheas Comhairle Eorpach Tampere prionsabal aitheantas frithpháirteach na gcinntí breithiúnacha mar bhunchloch d’fhíor-limistéar breithiúnach a chruthú [...].

[...]

(8)

I leith breithiúnais maidir le colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach i leith scaoileadh an chaidrimh pósta agus níor chóir dó baint a bheith aige le cúrsaí amhail cúiseanna le colscaradh, iarmhairtí mhaoin an phósta nó bearta coimhdeacha eile a d’fhéadfadh a bheith ann.

[...]

(21)

Ba cheart d’aithint agus d’fhorghníomhú breithiúnas arna dtabhairt i mBallstát a bheith bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí agus ba cheart na forais le haithint a dhiúltú a laghdú go dtí an t-íosmhéid atá ag teastáil.

(22)

Ní mór na hionstraimí barántúla agus na comhaontuithe idir páirtithe atá in-fhorfheidhmithe i mBallstát a bheith comhshamhlaithe le ‘breithiúnais’ ar mhaithe le cur i bhfeidhm na rialacha aitheanta agus forghníomhaithe.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 1 den Rialachán sin:

“1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, cibé cineál de chúirt nó binse atá i gceist, in ábhair shibhialta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

a)

colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta céilí;

b)

bronnadh, feidhmiú, tarmligean, baint iomlán nó páirteach na freagrachta tuismitheora.

[...]

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

[...]

e)

oibleagáidí cothabhála;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Forálailtear in Airteagal 2 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn ‘cúirt nó binse’ údaráis inniúla uile na mBallstát sna hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 1;

[...]

3)

ciallaíonn ‘Ballstát’ na Ballstáit go léir seachas an Danmhairg;

4)

ciallaíonn ‘breithiúnas’ aon bhreithiúnas maidir le colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta, chomh maith le haon bhreithiúnas maidir leis an bhfreagracht tuismitheora arna thabhairt ag cúirt nó binse de Bhallstát, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear na téarmaí ‘foraithne,’‘breith’ nó ‘ordú’;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Faoin teideal “Aithint agus forghníomhú” de Chaibidil III de Rialachán IIa na Bruiséile tá Roinn 1 dar teideal “Aithint” ina bhfuil Airteagail 21 go 27 den Rialachán sin.

8

Leagtar síos an méid seo a leanas in Airteagal 21 den Rialachán sin:

“1.   Déanfar na breithiúnais arna dtabhairt i mBallstát a aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.   Go háirithe, agus gan dochar do mhír 3, ní bheidh gá le haon nós imeachta le haghaidh nuashonrú gníomhartha stádais shibhialta de Bhallstát ar bhonn breithiúnais arna thabhairt i mBallstát eile maidir le colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta, nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne a thuilleadh de réir dhlí an Bhallstáit sin.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

De réir théarmaí Airteagal 22 den Rialachán céanna, dar teideal “Forais le haithint a dhiúltú do bhreithiúnais maidir le colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta”:

“Ní aithneofar breithiúnas arna thabhairt maidir le colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta:

a)

má tá an aithint sin contrártha go follasach don bheartas poiblí sa Bhallstát ina lorgaítear an aithint;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráladh le hAirteagal 25 de Rialachán IIa na Bruiséile:

“Ní fhéadfar aithint breithiúnais a dhiúltú ar an bhforas nach gceadaítear colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta ar bhonn fíoras comhionann le dlí an Bhallstáit ina lorgaítear an aithint.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Faoi Roinn 3, dar teideal “Forálacha atá coiteann do Ranna 1 agus 2” de Chaibidil III den Rialachán sin tá, inter alia, Airteagal 39 lena bhforáiltear:

“Eiseoidh cúirt, binse nó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh, arna iarraidh sin ag aon pháirtí leasmhar, deimhniú agus teimpléad na foirme atá in Iarscríbhinn I (breithiúnais i gcúrsaí pósta) nó in Iarscríbhinn II (breithiúnais i gcúrsaí freagrachta tuismitheora) á úsáid.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Níl i Roinn 5 de Chaibidil III, dar teideal “Ionstraimí barántúla agus comhaontuithe” ach Airteagal 46 den Rialachán sin amháin, agus an fhoclaíocht seo a leanas air:

“Déanfar na hionstraimí barántúla a fhaightear agus atá in-fhorfheidhmithe i mBallstát agus na comhaontuithe idir páirtithe atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát tionscnaimh a aithint agus a dhearbhú go bhfuil siad in-fhorfheidhmithe sna coinníollacha céanna agus atá ann do na breithiúnais.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán IIb na Brúiséile

13

I gcomhréir lena Airteagal 104(1), le Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (IO 2019 L 178, lch. 1, agus ceartúchán IO 2020 L 347, lch. 52, “Rialachán IIb na Brúiséile”), lenar athmhúnlaíodh Rialachán IIa na Brúiséile, rinneadh an Rialachán deireanach sin a aisghairm. De bhun Airteagal 100(2) de Rialachán IIb na Brúiséile, áfach, leanfaidh Rialachán IIa na Brúiséile ar aghaidh de bheith infheidhme i leith breithiúnais arna dtabhairt i ndiaidh imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, i leith ionstraimí barántúla a tarraingíodh suas nó a cláraíodh agus i leith comhaontuithe atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát inar cuireadh i gcrích iad roimh an 1 Lúnasa 2022. Ag féachaint do dháta na bhfíoras a bhaineann leis an díospóid sna príomhimeachtaí, is faoi réir Rialachán IIb na Brúiséile atá na himeachtaí sin.

14

Leagtar amach an méid seo a leanas in aithris 14 de Rialachán na Bruiséile IIb:

“De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnas, ní mór an téarma ‘cúirt nó binse’ a léiriú ar bhealadh leathan ionas go gcumhdófar leis na húdaráis riaracháin nó údaráis eile freisin, amhail nótairí, atá inniúil maidir le cúrsaí áirithe pósta nó freagracht tuismitheora. Ba cheart gach comhaontú arna fhormheas ag an gcúirt nó binse ag deireadh scrúdú ar an tsubstaint arna dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta náisiúnta a aithint nó a fhorghníomhú mar ‘b[h]reithiúnas.’ Ba cheart comhaontuithe eile a fhaigheann éifeacht bhreithiúnach cheangailteach sa Bhallstát tionscnaimh i ndiaidh idirghabháil fhoirmiúil ó údarás poiblí nó ó údarás eile arna chur in iúl don Choimisiún ag Ballstát a fhorghníomhú sna Ballstáit eile i gcomhréir le forálacha sonracha an Rialacháin seo a bhaineann le hionstraimí barántúla agus comhaontuithe. Níor chóir go gceadaítear leis an Rialachán seo saorghluaiseacht comhaontuithe príobháideacha loma. Ba cheart go mbeidh comhaontuithe nach breithiúnas ná ionstraim barántúil iad, áfach, ach a cláraigh údarás poiblí atá údaraithe chuige sin, in ann saorghluaiseacht a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh i measc na n-údarás poiblí sin na nótairí a chláraíonn na comhaontuithe, fiú más i mbun gairm liobrálach atá siad.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Foráiltear le hAirteagal 30 den Rialachán sin:

“1.   Déanfar na breithiúnais arna dtabhairt i mBallstát a aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.   Go háirithe, agus gan dochar do mhír 3, ní bheidh gá le haon nós imeachta speisialta le haghaidh nuashonrú clárúchán stádais shibhialta de Bhallstát ar bhonn breithiúnais arna thabhairt i mBallstát eile maidir le colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó neamhniú pósta, nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne a thuilleadh de réir dhlí an Bhallstáit sin.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16

Foráiltear in Airteagal 65 den Rialachán sin:

“1.   Déanfar na hionstraimí barántúla agus na comhaontuithe a bhaineann le hidirscaradh breithiúnach agus le colscaradh atá éifeacht cheangailteach dhlíthiúil acu sa Bhallstát tionscnaimh a aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chuige sin. Beidh feidhm, dá bhrí sin, ag Roinn 1 den Chaibidil seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Roinn seo.

2.   Déanfar na hionstraimí barántúla agus na comhaontuithe a bhaineann le freagracht tuismitheora atá éifeacht cheangailteach dhlíthiúil acu agus atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát tionscnaimh a aithint sna Ballstáit eile agus déanfar iad a fhorghníomhú gan gá a bheith le haon dearbhú lena n-aithnítear a bhfórsa in-fhorfheidhmithe. Beidh feidhm, dá bhrí sin, ag Ranna 1 agus 3 den Chaibidil seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Roinn seo.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

17

Foráiltear mar seo a leanas sa dara habairt d’Airteagal 97(1) den Gesetz über das Verfahren in Familiensachen und in den Angelegenheiten der freiwilligen Gerichtsbarkeit (Dlí maidir leis an nós imeachta i gcúrsaí teaghlaigh agus in imeachtaí neamhsháraíochta) an 17 Nollaig 2008 (BGBl. 2008 I, lch. 2586), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (“FamFG”) “[n]íl aon tionchar ar na forálacha atá i ngníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh” ag forálacha FamFG.

18

Leagtar síos, in Airteagal 107(1) de FamFG, dar teideal “Aithint breithiúnas eachtrannach i gcúrsaí pósta”:

“Ní aithneofar na breithiúnais lena gcuirtear pósadh ar ceal, lena neamhbhailítear nó lena scaoiltear é, cibé má chaomhnaítear nó nach gcaomhnaítear an caidreamh pósta thar lear nó lena n-aithnítear gurb ann nó nach bhfuil ann do phósadh idir na páirtithe ach má aithníonn údarás breithiúnach inniúil an chúige chónaidhmigh go gcomhlíontar na coinníollacha aitheanta. Nuair is cúirt nó binse nó údarás de stát a bhfuil a náisiúntacht ag an dá chéile tráth an bhreithiúnais a thugann an breithiúnas, ní bhraithfidh an aithint ar bhreithniú de chuid údarás breithiúnach inniúil an chúige chónaidhmigh.”

19

Is é teideal Airteagal 3 den Personenstandsgesetz (Dlí ar stádas daoine) an 19 Feabhra 2007 (BGBl. 2007 I, lch. 122), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (“PStG”) ná “Clár stádas na ndaoine”. Is mar a leanas foclaíocht mhír 1 den Airteagal sin:

“Ina réimse inniúlachta, coinneoidh an tseirbhís stádais shibhialta:

1)

clár na bpostaí (Airteagal 15),

[...]”

20

Foráiltear in Airteagal 5(1) de PStG, dar teideal “Nuashonrú chlár stádas sibhialta na ndaoine”:

“Ní mór d’iontrálacha ar an gclár a bheith curtha i gcrích agus ceartaithe i gcomhréir le forálacha an Dlí seo (nuashonrú).”

21

Leagtar síos in Airteagal 16(1) de PStG, dar teideal “Nuashonrú”:

“Ní mór a lua san iontráil maidir leis an bpósadh gníomhartha níos déanaí maidir le

[...]

3)

neamhniú an phósta nó colscaradh,

[...]”

Dlí na hIodáile

22

Foráiltear sa chéad dá aithris d’Airteagal 12 de decreto-legge no 132 – Misure urgenti di degiurisdizionalizzazione ed altri interventi per la definizione dell’arretrato in materia di processo civile (Dlí Foraithne Uimh. 132 lena leagtar síos bearta práinneacha um athstiúradh agus idirghabhálacha eile chun an mhoill maidir le himeachtaí sibhialta a laghdú) an 12 Meán Fómhair (GURI Uimh. 212, an 12 Meán Fómhair 2014), arna thiontú sa dlí, le leasuithe, le Dlí Uimh. 162 an 10 Samhain 2014 (GURI Uimh. 261, an 10 Samhain 2014) (“Dlí Foraithne Uimh. 132/2014”), dar teideal “Scaradh trí chomhthoiliú, iarraidh ar scaoileadh nó chun deireadh a chur le héifeachtaí sibhialta an phósta agus coinníollacha an scartha nó an cholscartha a athrú os comhair an oifigigh stádais shibhialta”, go bhféadfaidh na céilí, go háirithe, comhaontú scaoilte nó chun deireadh a chur le héifeachtaí sibhialta an phósta a chur a gcrích, le cúnamh ó dhlíodóir, os comhair an oifigigh stádais shibhialta inniúil, ar chuntar nach bhfuil leanaí mionaoiseacha acu, nó leanaí lán-aoise le heaspa inniúlacht iomláin, faoi mhíchumas trom nó nach bhfuil neamhspleách go heacnamaíoch.

23

Foráiltear, thairis sin, le hAirteagal 12(3) de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014 go bhfaigheann an t-oifigeach stádais shibhialta, go pearsanta, ó gach ceann de na páirtithe, an dearbhú ar dá réir go bhfuil siad ag iarraidh an pósadh a scaoileadh nó deireadh a chur lena éifeachtaí sibhialta, de réir na gcoinníollacha a d’aontaigh siad orthu, nach féidir leis an gcomhaontú baint a bheith aige le haistriú maoine, go bhfuil an gníomh ina bhfuil an comhaontú curtha i gcrích agus sínithe ón tráth go bhfaightear dearbhuithe na gcéilí, go dtagann an comhaontú sin in áit na mbreithiúnas dlíthiúil a bhaineann, go háirithe, leis na modhanna scaoilte agus chun deireadh a chur le héifeachtaí sibhialta an phósta agus, nuair a fhaigheann sé dearbhuithe na gcéilí, go n-iarann an t-oifigeach stádais shibhialta orthu teacht os a chomhair, ar a luaithe 30 lá ó fhaightear na dearbhuithe sin d’fhonn a chinntiú go bhfuil comhaontú ann, agus glactar leis nach bhfuil comhaontú ann mura dtagann siad os a chomhair.

24

Le ciorclán ón Ministero della Giustizia (an Aireacht Dlí agus Cirt, an Iodáil) an 22 Bealtaine 2018 maidir le Foraithne Dlí Uimh. 132/2014, ainmnítear an t-oifigeach stádais shibhialta mar an údarás inniúil, san Iodáil, chun an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 39 de Rialachán IIa na Bruiséile a eisiúint.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

25

Phós TB, a bhí dénáisiúntacht aici ón nGearmáin agus ón Iodáil, RD, náisiúnach Iodálach, an 20 Meán Fómhair 2013 os comhair Standesamt Mitte von Berlin (Seirbhís stádais shibhialta, Berlin-Mitte, an Ghearmáin). Iontráladh an pósadh sin ar chlár póstaí Bheirlín.

26

An 30 Márta 2017, tháinig TB agus RD, den chéad uair, os comhair oifigeach stádais shibhialta Parma (an Iodáil) d’fhonn nós imeachta colscartha a thionscnamh lasmuigh de na cúirteanna ar bhonn Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014. Tháinig siad os comhair an oifigigh sin den dara huair, an 11 Bealtaine 2017, chun a ndearbhú a chinntiú. Ag deireadh an tríú huair go ndeachaigh siad os a chomhair, an 15 Feabhra 2018, dhearbhaigh TB agus RD, trí thagairt a dhéanamh dá ndearbhú an 30 Márta 2017, go raibh siad ag iarraidh a bpósadh a scaoileadh, agus shonraigh siad nach raibh aon nós imeachta ar feitheamh chuige sin. Cinntíodh na dearbhuithe sin arís an 26 Aibreán 2018 os comhair an oifigigh sin, agus d’eisigh sé, an 2 Iúil 2018, do TB, an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán IIa na Bruiséile, ina n-aithnítear a colscaradh le RD le héifeacht an 15 Feabhra 2018.

27

D’iarr TB ar sheirbhís stádais shibhialta Berlin-Mitte an colscaradh sin a iontráil ar chlár póstaí Bheirlín, i gcomhréir le forálacha PStG. Toisc go raibh amhras ar an tseirbhís sin an raibh aithint roimh ré ag teastáil don iontráil sin de bhun Airteagal 107 de FamFG, chuaigh an tseirbhís sin, trí údarás mhaoirseacht an stádais shibhialta, i muinín an Amtsgericht (Cúirt Dúiche, an Ghearmáin) a bhí inniúil i leith na ceiste sin.

28

Le hordú an 1 Iúil 2019, chinn an chúirt sin nach bhféadfaí colscaradh lasmuigh de na cúirteanna TB agus RD a iontráil ar chlár na bpóstaí go dtí, de bhun na chéad abairte d’Airteagal 107(1) de FamFG, go n-aithneoidh údarás breithiúnach inniúil an chúige chónaidhmigh é, sa chás seo, an Senatsverwaltung für Justiz, Verbraucherschutz und Antidiskriminierung (an Aireacht Dlí agus Cirt, um Chosaint Tomhaltóirí agus um Chomhrac in aghaidh Idirdhealú, Beirlín, an Ghearmáin) (“Aireacht Dlí agus Cirt Bheirlín”).

29

Dhiúltaigh Aireacht Dlí agus Cirt Bheirlín don iarraidh ar aithint a chuir TB faoina bráid, áfach, ar an bhforas nach breithiúnas é a raibh aithint ag teastáil ina leith. Tá an chaingean a thionscain TB in aghaidh dhiúltú na hiarrata sin ar feitheamh go fóill os comhair Kammergericht Berlin (Ard-Chúirt Réigiúnach Bheirlín, an Ghearmáin).

30

Thionscain TB, thairis sin, caingean in aghaidh ordú an 1 Iúil 2019, lenar ghlac Kammergericht Berlin (Ard-Chúirt Réigiúnach Bheirlín, an Ghearmáin). Chuir an chúirt sin cosc ar sheirbhís stádais shibhialta Berlin-Mitte iontráil cholscaradh TB agus RD a tharla san Iodáil ar chlár na bpóstaí a chur faoi réir aithint roimh ré ó Aireacht Dlí agus Cirt Bheirlín.

31

Thionscain údarás mhaoirseacht an stádais shibhialta achomharc os comhair an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne an chinnidh sin, d’fhonn ordú an 1 Iúil 2019 a athbhunú.

32

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, maidir leis an gcoincheap “breithiúnas” dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán IIa na Bruiséile, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe 4 den Rialachán sin, an bhfuil feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear leis an Rialachán sin maidir le haithint breithiúnas colscartha i gcás gcolscaradh a leanann as comhaontú arna chur i gcrích ag na céilí agus arna fhógairt ag oifigeach stádais shibhialta de Bhallstát i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin. Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin, ag cur san áireamh nach bhfuil tionchar ag rialacha reachtaíocht na Gearmáine ar na rialacha sin, de bhun an dara habairt d’Airteagal 97(1) de FamFG, ní bheadh gá le haon nós imeachta aitheanta sa Ghearmáin. Bheadh gá mar sin a chinneadh, an bhfuil léiriú le déanamh ar an gcoincheap “breithiúnas”, de réir bhrí fhorálacha Rialachán IIa na Bruiséile sin, sa chaoi nach ndírítear leis ach ar na gníomhartha a thagann ó chúirt nó binse nó ó údarás a fheidhmíonn cumhachtaí poiblí agus atá éifeacht cosúil le cearta acu nó an gcumhdaítear leis freisin gníomhartha dlíthiúla príobháideacha a thagann faoi thoil neamhspleách na bpáirtithe, arna nglacadh gan rannpháirtíocht den sórt sin atá éifeacht cosúil le húdarás stáit acu, mar atá sa nós imeachta dá bhforáiltear san Iodáil in Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014.

33

Measann an chúirt a rinne an tarchur nach gceadaítear le foclaíocht na bhforálacha sin, ná leis an méid a d’eascair as breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Sahyouni (C-372/16, EU:C:2017:988), rialú a dhéanamh go follasach ar an gceist sin, cé go bhfuil léiriú leathan ann i gcuid de dhlí na Gearmáine ar an bhfoclaíocht sin lena bhféadfaí a mheas go bhfuil feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear le Rialachán IIa na Brúiséile maidir le haithint breithiúnas colscartha i leith colscarthaí a tharla ag deireadh nós imeachta lasmuigh de na cúirteanna, amhail an colscaradh dá bhforáiltear le reachtaíocht na hIodáile atá i gceist sna príomhimeachtaí.

34

Cé go dtacaítear leis an gcuid sin den dlí go bhfuil údar le léiriú den sórt sin i bhfianaise chuspóir Rialachán IIa na Bruiséile, atá chun aithint éasca maidir le cúrsaí pósta san Aontas a áirithiú, tá an chúirt a rinne an tarchur ag claonadh i dtreo léiriú contrártha. De réir na cúirte sin, braitheann Rialachán IIa na Brúiséile ar bhonn ar dá réir nach féidir cosaint an chéile “is laige” in aghaidh na míbhuntáistí a bhaineann le colscaradh a áirithiú ach le breithiúnas colscartha arna thabhairt ag údarás poiblí agus lena bhfuil éifeacht cosúil le cearta, toisc go bhfuil an t-údarás sin in ann bac a chur leis an gcolscaradh trína inniúlacht rialaithe a fheidhmiú. Ní sin mar a bheadh i gcás go mbeadh bunús dlíthiúil scaoileadh an phósta le fáil i dtoil neamhspleách na gcéilí arna cur in iúl i ngníomh dlíthiúil príobháideach agus nach mbeadh an t-údarás poiblí páirteach ach amháin i bhfeidhmeanna foláirimh, soiléirithe, fianaise nó comhairliúcháin agus é gan bheith in ann rialú a dhéanamh ar an tsubstaint.

35

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur leis sin go dtacaítear le cur chuige den sórt sin, ar thaobh amháin, leis an bhfíoras, agus Rialachán IIa na Bruiséile á ghlacadh, nach raibh ann d’aon nós imeachta colscartha lasmuigh de na cúirteanna i ndlí na mBallstát den tráth sin, sa chaoi nach raibh ar reachtóir an Aontais an cás sin a chur san áireamh. Ar an taobh eile, leanann sé ó fhorálacha Rialachán IIb na Brúiséile, lenar aisghaireadh Rialachán IIa na Brúiséile agus a cuireadh ina áit ón 1 Lúnasa 2022, go ndearna reachtóir an Aontais foráil, idir an dá linn, do rialacha lena gcumhdaítear colscarthaí amhail an colscaradh dá bhforáiltear le reachtaíocht na hIodáile atá i gceist sna príomhimeachtaí, rud nach raibh ann faoi Rialachán IIa na Brúiséile.

36

Má mheasann an Chúirt nach leor “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán IIa na Bruiséile, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(4) den Rialachán sin, i gcás colscarthaí amhail an colscaradh dá bhforáiltear le reachtaíocht na hIodáile atá i gceist sna príomhimeachtaí, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach an féidir colscaradh den sórt sin a aithint, in ainneoin sin, ar bhonn Airteagal 46 den Rialachán sin. Tá an chúirt a rinne an tarchur ag claonadh i dtreo féidearthacht den sórt sin a eisiamh toisc go luaitear san fhoráil sin, i gcodarsnacht leis an bhforáil chomhfhreagrach dá bhforáiltear i Rialachán IIb na Bruiséile, ionstraimí barántúla agus comhaontuithe idir páirtithe atá “in-fhorfheidhmithe” amháin, nach bhfuil baint acu le colscaradh, ach le freagracht tuismitheora amháin.

37

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, áfach, de réir cuid de dhlí na Gearmáine, go bhfuil feidhm ag Airteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile i gcás colscarthaí amhail an colscaradh dá bhforáiltear le reachtaíocht na hIodáile sna príomhimeachtaí.

38

Sna himthosca sin, chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnas na Cónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

An ionann scaoileadh pósta ar bhonn Airteagal 12 de [Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014] agus breithiúnas colscartha de réir bhrí Rialachán IIa na Bruiséile?

2)

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist: ar chóir deileáil le scaoileadh pósta ar bhonn Airteagal 12 de [Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014] tríd an bhforáil a leagtar síos le haghaidh ionstraimí barántúla agus comhaontuithe in Airteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile a chur i bhfeidhm mutatis mutandis?”

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

39

Lena céad cheist, iarrann an chúirt an rinne an tarchur, go bunúsach, an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, go háirithe ar mhaithe le cur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den Rialachán sin, sa chaoi gurb ionann gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta de Bhallstát, ina bhfuil comhaontú colscartha arna chur i gcrích ag na céilí agus arna chinntiú acu os comhair an oifigigh sin i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2(4).

40

Ba cheart a thabhairt chun cuimhne, de réir chásdlí socair na Cúirte, go leanann sé as ceanglais i leith cur i bhfeidhm aonfhoirmeach de dhlí an Aontais agus as prionsabal an chomhionannais nach mór léiriú neamhspleách agus aonfhoirmeach a dhéanamh, san Aontas ina iomláine, ar théarmaí fhoráil de dhlí an Aontais nach bhfuil aon tagairt sainráite inti do dhlí na mBallstát chun a ciall agus a raon feidhme a chinneadh agus ní hamháin téarmaí na forála sin á gcur san áireamh ach freisin a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh [breithiúnas an 31 Márta 2022, Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl agus páirtithe eile(Iarratasóir ar thearmann a chur in ospidéal síciatrach), C-231/21, EU:C:2022:237, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear].

41

Ag cur san áireamh nach bhfuil tagairt shainráite in aon fhoráil i Rialachán IIa na Bruiséile, inter alia in Airteagal 2(4) den Rialachán sin, do dhlí na mBallstát chun ciall agus raon feidhme an téarma “breithiúnas” dá dtagraítear go háirithe san fhoráil sin agus in Airteagal 21 den Rialachán sin a chinneadh chomh maith, ba cheart a mheas nach mór léiriú neamhspleách agus aonfhoirmeach i ndlí an Aontais a dhéanamh ar an téarma sin, i gcomhréir leis an modh a leagtar amach sa mhír roimhe.

42

Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne go leanann sé as forálacha Airteagal 67(1) agus (4) i gcomhar le hAirteagal 81(1) agus (2) CFAE, chomh maith le forálacha, roimhe sin, Airteagail 61(c) agus 65(a) CE freisin, d’fhonn limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú, go bhforbraíonn an tAontas comhar breithiúnach in ábhair shibhialta le tionchar trasteorann, trína áirithiú, i measc rudaí eile, go háirithe nuair atá sé sin riachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaigh inmheánaigh, go bhfuil aithint fhrithpháirteach ar chinntí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha ann idir na Ballstáit.

43

Sa chomhthéacs sin, tá rí-thábhacht ag baint, san Aontas, le prionsabal na muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit chomh maith le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí , a bhfuil an prionsabal sin bunaithe ar an muinín fhrithpháirteach atá ann idir na Ballstáit, ag glacadh leis go gceadaítear leo cruthú agus caomhnú limistéar gan teorainneacha inmheánacha (breithiúnas 9 Márta 2017, Pula Parking, C‑551/15, EU:C:2017:193, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44

Is sa chomhthéacs sin go ndírítear le Rialachán IIa na Brúiséile, mar a eascraíonn sé as a aithrisí 1, 2 agus 21, ar, i measc rudaí eile, ar bhonn phrionsabal na muiníne frithpháirtí atá ina bhunchloch do chruthú fíor-limistéar breithiúnach, aithint breithiúnas arna dtabhairt sna Ballstáit maidir le colscaradh a éascú, trí na forais le haithint a dhiúltú a laghdú go dtí an t-íosmhéid atá ag teastáil (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2019, Liberato, C-386/17, EU:C:2019:24, míreanna 41 agus 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45

Mar sin, foráiltear go háirithe le hAirteagal 21(1) agus (2) de Rialachán IIa na Bruiséile, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(1)(a), agus Airteagal 25 den Rialachán sin, mura suitear ceann de na forais le haithint a dhiúltú arna lua go huileghabhálach in Airteagal 22 den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 21 den Rialachán sin, nach mór na breithiúnais arna dtabhairt i mBallstáit i gcúrsaí colscartha a aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta chuige sin, agus é sonraithe, ar thaobh amháin, d’fhonn gníomhartha stádais shibhialta a nuashonrú sa Bhallstát ina lorgaítear an aithint, nár chóir a bheith in ann caingean a thionscnamh i gcoinne an bhreithiúnais sin a thuilleadh de réir dhlí an Bhallstáit tionscnaimh agus, ar an taobh eile, nach féidir diúltú, go háirithe, breithiúnas a aithint ar an bhforas nach gceadaítear colscaradh ar bhonn fíoras comhionann le dlí an Bhallstáit ina lorgaítear an aithint.

46

Maidir leis an gcoincheap “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, ba cheart a chur in iúl, i gcúrsaí colscartha, go gcumhdaítear le “[h]aon bhreithiúnas maidir le colscaradh [...] arna thabhairt ag cúirt nó binse de Bhallstát, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear na téarmaí ‘foraithne,’‘breith’ nó ‘ordú’”. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Sainmhínítear an coincheap “cúirt nó binse”, i bpointe 1 den Airteagal sin, mar “údaráis inniúla uile na mBallstát sna hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 1.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] Ba cheart a shonrú, thairis sin, de bhun Airteagal 2(3) de Rialachán IIa na Bruiséile, go gcumhdaítear leis an bhfrása “Ballstát”, Ballstáit uile an Aontais, seachas Ríocht na Danmhairge.

47

Mar sin, leanann sé as Airteagal 1(1)(a) a léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1), (3) agus (4) de Rialachán IIa na Bruiséile, go gcumhdaítear leis an gcoincheap de bhreithiúnas i gcúrsaí colscartha aon bhreithiúnas colscartha, cibé ainm a thugtar air, arna thabhairt ag údarás inniúil de Bhallstát, seachas údaráis Ríocht na Danmhairge.

48

Leanann sé as an sainmhíniú sin a leagtar amach i Rialachán IIa na Brúiséile é féin, agus mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl go bunúsach i míreanna 34 agus 36 dá thuairim, go bhféadfaí a chumhdach leis an Rialachán sin breithiúnais cholscartha a tharla ag deireadh nós imeachta breithiúnach nó seachbhreithiúnach, chomh fada is a bhronntar le dlí na mBallstát inniúlacht i gcúrsaí colscartha ar na húdaráis sheachbhreithiúnacha freisin.

49

Leanann sé as sin nach mór gach breithiúnas a thugann údaráis sheachbhreithiúnacha inniúla den sórt sin i gcúrsaí colscartha i mBallstát, seachas Ríocht na Danmhairge, de bhun Airteagal 21 de Rialachán IIa na Bruiséile, a aithint go huathoibríoch sna Ballstáit eile, seachas Ríocht na Danmhairge, gan dochar, ar thaobh amháin, do chur i bhfeidhm Airteagal 22 den Rialachán sin maidir le forais le haithint a dhiúltú agus, ar an taobh eile, d’fhonn gníomhartha stádais shibhialta sa Bhallstát ina lorgaítear an aithint a nuashonrú, níor chóir go mbeifí in ann caingean a thionscnamh i gcoinne an bhreithiúnais sin a thuilleadh.

50

Ba cheart a shonrú nach bhféadfaí an léiriú sin ar an gcoincheap “breithiúnas” a shéanadh leis an bhfíoras nach raibh aon Bhallstát tar éis foráil a dhéanamh ina reachtaíocht, agus Rialachán IIa na Bruiséile á dhréachtú agus á ghlacadh, don fhéidearthacht, do na céilí, chun colscaradh lasmuigh de na cúirteanna. Eascraíonn an léiriú sin go díreach ó na léirithe leathana agus oscailte ar na coincheapa “cúirt nó binse” agus “breithiúnas” dá dtagraítear, faoi seach, i bpointí 1 agus 4 d’Airteagal 2 den Rialachán sin.

51

Thairis sin, tacaítear leis an léiriú céanna leis an gcuspóir a shaothraítear le Rialachán IIa na Brúiséile, atá sé d’aidhm aige, i measc aidhmeanna eile, mar a leanann sé as míreanna 42 go 44 den bhreithiúnas seo, a éascú, ar bhonn phrionsabal na muiníne frithpháirtí atá mar bhunús d’fhíor-limistéar breithiúnach a chruthú ar leibhéal an Aontais, aithint breithiúnas arna dtabhairt sna Ballstáit i gcúrsaí colscartha, go háirithe.

52

Mar a leanann sé as na heilimintí arna gcur in iúl ag an gcúirt a rinne an tarchur ina hiarraidh ar réamhrialú agus arna dtabhairt chun cuimhne i míreanna 32 go 34 den bhreithiúnas seo, tá amhras ar an gcúirt sin go fóill maidir le leibhéal an rialaithe atá le feidhmiú ag an údarás inniúil i gcúrsaí colscartha chun go bhféadfaí an gníomh colscartha a dhéanann sé, go háirithe i gcomhthéacs colscartha trí chomhthoiliú, a cháiliú mar “b[h]reithiúnas” de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, ar mhaithe le cur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den Rialachán sin.

53

Chuige sin, leanann sé as cásdlí na Cúirte nach gcumhdaítear le Rialachán IIa na Brúiséile ach na colscarthaí arna bhfógairt ag cúirt nó binse stáit, nó ag údarás poiblí nó faoina smacht, agus eisiatar mar sin colscarthaí príobháideacha loma, amhail an colscaradh a leanann as dearbhú aontaobhach de chéile amháin os comhair cúirt reiligiúnach (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Sahyouni, C-372/16, EU:C:2017:988, míreanna 39 go 43, 48 agus 49).

54

Féadtar a thuiscint ón gcásdlí sin nach mór do gach údarás poiblí atá air “breithiúnas” a ghlacadh, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, smacht a choinneáil ar fhógairt an cholscartha, rud a thugann le tuiscint, i gcomhthéacs colscarthaí trí chomhthoiliú, go bhfuil air scrúdú a dhéanamh ar choinníollacha an cholscartha i bhfianaise an dlí náisiúnta agus réaltacht agus bailíocht thoil na gcéilí atá ag colscaradh.

55

Féadtar an ceanglas chun scrúdú a dhéanamh, de réir bhrí na míre roimhe seo, atá mar eilimint atá ina saintréith den choincheap de bhreithiúnas, a thuiscint freisin ó bhreithiúnas an 2 Meitheamh 1994, Solo Kleinmotoren (C-414/92, EU:C:1994:221). I míreanna 15 go 17 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt, maidir le hAirteagal 25 de Choinbhinsiún na Bruiséile, atá dréachtaithe i dtéarmaí atá nach mór comhionann le téarmaí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, seachas an fíoras go ndírítear ar chinntí breithiúnacha amháin leis an bhforáil sin den Choinbhinsiún sin, go dtugtar le tuiscint leis an gcoincheap “breithiúnas” go rialaíonn an chúirt nó binse “ar a [n-]údarás féin ar na saincheisteanna idir na páirtithe.”

56

Is fíor, mar a thug rialtas na Polainne chun cuimhne ag an éisteacht, gur chinn an Chúirt, sa bhreithiúnas sin, nach féidir le hidirbheart a tharlaíonn os comhair cúirt nó binse de Bhallstát lena gcuirtear deireadh le díospóid a bheith ina “b[h]reithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 25 de Choinbhinsiún na Bruiséile. Ní fhéadfaí a thuiscint de réir analaí, áfach, gur chóir cáiliú mar “b[h]reithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, a eisiamh go córasach i gcás go bhfuil údarás seachbhreithiúnach údaraithe chun colscaradh a fhógairt ar bhonn comhaontú arna chur i gcrích ag na céilí, ag deireadh scrúdaithe ar na coinníollacha arna leagan síos leis na forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

57

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl go bunúsach i mír 50 dá thuairim, bhunaigh an Chúirt a cinneadh, i mbreithiúnas an 2 Meitheamh 1994, Solo Kleinmotoren (C-414/92, EU:C:1994:221), ar an bhfíoras go raibh carachtar a bhí conarthach go bunúsach ag na hidirbhearta a bhí i gceist, agus go raibh an chúirt nó an binse a bhí i gceist in ann an t-idirbheart a thabhairt faoi deara gan scrúdú a dhéanamh ar ábhar an idirbhirt sin i bhfianaise na bhforálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm.

58

Thairis sin, leagtar síos i Rialachán IIb na Brúiséile, lena ndearnadh athmhúnlú ar Rialachán IIa na Brúiséile, ina aithris 14, “[b]a cheart gach comhaontú arna fhormheas ag an gcúirt nó binse ag deireadh scrúdaithe ar an tsubstaint arna dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta náisiúnta a aithint nó a fhorghníomhú mar ‘b[h]reithiúnas.’” [Aistriúchán neamhoifigiúil] Anuas air sin, deir sé “[b]a cheart comhaontuithe eile a fhaigheann éifeacht bhreithiúnach cheangailteach sa Bhallstát tionscnaimh i ndiaidh idirghabháil fhoirmiúil ó údarás poiblí nó ó údarás eile arna chur in iúl don Choimisiún ag Ballstát a fhorghníomhú sna Ballstáit eile i gcomhréir le forálacha sonracha an Rialacháin seo a bhaineann le hionstraimí barántúla agus comhaontuithe. Níor chóir go gceadaítear leis an Rialachán seo saorghluaiseacht comhaontuithe príobháideacha loma. Ba cheart go mbeadh comhaontuithe nach breithiúnas ná ionstraim barántúil iad, áfach, ach a cláraigh údarás poiblí atá údaraithe chuige sin, in ann saorghluaiseacht a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh i measc na n-údarás poiblí sin na nótairí a chláraíonn na comhaontuithe, fiú más i mbun gairm liobrálach atá siad.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

59

Shoiléirigh reachtóir an Aontais, mar sin, ó thaobh an leanúnachais de, gurb ionann comhaontuithe colscartha, arna bhformheas ag údarás breithiúnach nó seachbhreithiúnach ag deireadh scrúdaithe ar an tsubstaint arna dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta náisiúnta agus “breithiúnais”, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, agus forálacha Rialachán IIb na Bruiséile a tháinig in áit na forála sin, agus gurb é go sonrach an scrúdú sin ar an tsubstaint lena ndéantar idirdhealú idir na breithiúnais sin agus na hionstraimí barántúla agus na comhaontuithe, de réir bhrí na Rialachán sin.

60

Dá bhrí sin, nuair a fhormheasann údarás seachbhreithiúnach comhaontú colscartha, tar éis scrúdú ar an tsubstaint, aithnítear an comhaontú sin mar “b[h]reithiúnas”, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán IIa na Bruiséile agus Airteagal 30 de Rialachán IIb na Bruiséile, cé go n-aithnítear comhaontuithe colscartha eile atá éifeacht cheangailteach dhlíthiúil sa Bhallstát tionscnaimh acu, de réir an cháis, mar ionstraimí barántúla nó comhaontuithe, i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile agus Airteagal 65 de Rialachán IIb na Bruiséile.

61

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a chur in iúl, mar a léirigh an Coimisiún, le ceart, le linn na héisteachta, go leanann sé as bunús aithris 14 agus Airteagal 65 de Rialachán IIb na Bruiséile, agus an Rialachán sin á ghlacadh, gur dhírigh reachtóir an Aontais ní ar an nuálaíocht agus ar rialacha nua a leagan síos, ach amháin ar, ar thaobh amháin, ar raon feidhme na rialach a leagadh síos cheana féin in Airteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile a shoiléiriú agus, ar an taobh eile, an critéar lena gceadaítear idirdhealú a dhéanamh idir an coincheap “breithiúna[i]s” agus na coincheapa “ionstraim bharántúil” agus “comhaontú idir na páirtithe”, eadhon, an critéar maidir le scrúdú ar an tsubstaint.

62

Is i bhfianaise na mbreithnithe uile sin nach mór a chinneadh, sa chás seo, an ionann gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta de Bhallstát, ina bhfuil comhaontú colscartha arna chur i gcrích ag na céilí agus arna chinntiú acu os comhair an oifigigh sin i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin, agus “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, ar mhaithe le cur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den Rialachán sin.

63

Chuige sin, leanann sé as an gcomhad a bhfuil ag an gCúirt go bhfuil an t-oifigeach stádais shibhialta, san Iodáil, ina údarás arna bhunú le dlí, atá inniúil, de bhun dhlí an Bhallstáit sin, chun colscaradh a fhógairt ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí, trí chlárú, i bhfoirm scríofa, an comhaontaithe colscartha arna scríobh ag na céilí, tar éis scrúdú a dhéanamh de réir bhrí mhír 54 den bhreithiúnas seo.

64

De bhun Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014, ní mór don oifigeach stádais shibhialta glacadh le, go pearsanta agus faoi dhó, laistigh de thréimshe, ar a laghad, tríocha lá, dearbhú gach céile, lena dtugtar le tuiscint go n-áirithíonn sé carachtar bailí, saor agus feasach dá dtoiliú chun colscaradh.

65

Thairis sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanann an t-oifigeach sin scrúdú ar ábhar an chomhaontaithe colscartha ag féachaint do na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm, sa chaoi go gcinntíonn sé go mbaineann an comhaontú sin le scaoileadh an phósta nó le deireadh a chur le héifeachtaí sibhialta an phósta amháin, agus nach mbaineann sé le haistriú maoine, agus nach bhfuil leanaí mionaoiseacha nó leanaí lán-aoise le heaspa inniúlacht iomláin, faoi mhíchumas trom nó nach bhfuil neamhspleách go heacnamaíoch ag na céilí sa chaoi nach mbaineann an comhaontú le leanaí den sórt sin.

66

Leanann sé freisin as Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014 nach bhfuil an t-oifigeach stádais shibhialta údaraithe chun an colscaradh a fhógairt mura gcomhlíontar coinníoll amháin nó níos mó dá bhforáiltear san fhoráil sin, go háirithe má tá amhras ar an oifigeach sin maidir le carachtar saor agus feasach tola ceann de na céilí atá chun colscaradh, má bhaineann an comhaontú le haistriú maoine nó má tá leanaí ag na céilí nach leanaí lán-aoise neamhspleách go heacnamaíoch iad.

67

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, go háirithe ar mhaithe le cur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den Rialachán sin, sa chaoi gurb ionann gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta de Bhallstát, ina bhfuil comhaontú colscartha arna chur i gcrích ag na céilí agus arna chinntiú acu os comhair an oifigigh sin i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus “breithiúnas” de réir bhrí Airteagal 2(4).

An dara ceist

68

I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist, ní gá an dara ceist a fhreagairt a thuilleadh.

Costais

69

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 i dtaca le dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000,

 

ní mór léiriú a dhéanamh, go háirithe ar mhaithe le cur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den Rialachán sin, mar seo a leanas:

 

is ionann gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta den Bhallstát tionscnaimh, ina bhfuil comhaontú colscartha arna chur i gcrích ag na céilí agus arna chinntiú acu os comhair an oifigigh sin i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2(4).

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.